Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024M11742

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11742 – SENNDER / EST) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

PUB/2024/1142

IO C, C/2024/7051, 20.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/7051/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/7051/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/7051

20.11.2024

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.11742 – SENNDER / EST)

Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(C/2024/7051)

1.   

An 11 Samhain 2024, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1) agus tar éis tarchur de bhun Airteagal 4(5) den Rialachán sin.

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

sennder Technologies GmbH (‘sennder’, an Ghearmáin),

EST Europe Holdings B.V. (‘EST’, an Ísiltír), faoi rialú C.H. Robinson Europe B.V. (‘CHR,’ an Ísiltír).

Gheobhaidh Sennder rialú aonair, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc, ar EST ina iomláine.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Soláthraíonn Sennder seirbhísí seolta lasta ualach trucaile iomlán, seirbhísí atá coimhdeach le seoladh lasta, agus tairiscintí íocaíochta in aghaidh na húsáide le haghaidh trucailí leictreacha. Tá Sennder gníomhach go príomha san Eoraip,

Soláthraíonn EST seirbhísí seolta lasta ualach trucaile iomlán agus níos lú ná ualach trucaile iomlán, seirbhísí atá coimhdeach le seoladh lasta, agus seoladh lasta iarnróid. Tá EST gníomhach go príomha san Eoraip.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le cóireáil shimplithe le haghaidh comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.11742 – SENNDER / EST

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

Ríomhphost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)   IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).

(2)   IO C 160, 5.5.2023, lch. 1.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/7051/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top