Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024M11612

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11612 — ABN AMRO / HAL) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

PUB/2024/792

IO C, C/2024/5165, 19.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5165/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5165/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/5165

19.8.2024

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.11612 — ABN AMRO / HAL)

Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(C/2024/5165)

1.   

An 7 Lúnasa 2024, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Is leis na gnóthais seo a leanas a bhaineann an fógra sin:

ABN AMRO Bank N.V. (‘ABN AMRO’, an Ísiltír),

Hauck Aufhäuser Lampe Privatbank AG (‘HAL’, an Ghearmáin), faoi rialú deiridh Fosun International Limited (an tSín).

Gheobhaidh ABN AMRO rialú aonair, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc, ar HAL.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is institiúid airgeadais idirnáisiúnta é ABN AMRO atá gníomhach i mbaincéireacht mhiondíola (lena n-áirítear baincéireacht phríobháideach), i mbaincéireacht chorparáideach, i mbaincéireacht infheistíochta agus tairgeann sé seirbhísí bróicéireachta, imréitigh agus cumhdaigh,

Is banc príobháideach é HAL atá gníomhach i mbaincéireacht phríobháideach agus chorparáideach, i mbaincéireacht infheistíochta agus i mbainistiú sócmhainní le haghaidh sócmhainní leachtacha agus neamhleachtacha, chomh maith le seirbhísiú sócmhainní.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le cóireáil shimplithe le haghaidh comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta a fhoilsithe seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.11612 — ABN AMRO / HAL

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:

Seoladh Ríomhphoist: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)   IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).

(2)   IO C 160, 5.5.2023, lch. 1.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5165/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top