This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52023XG00701
Notice for the attention of the persons, groups, undertakings and entities subject to restrictive measures provided for in Council Decision (CFSP) 2016/1693, as amended by Council Decision (CFSP) 2023/2231, and Council Regulation (EU) 2016/1686 imposing additional restrictive measures directed against ISIL (Da'esh) and Al-Qaeda and natural and legal persons, entities or bodies associated with them
Fógra atá le tabhairt ar aird na ndaoine, na ngrúpaí, na ngnóthas agus na n-eintiteas atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2016/1693 ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2023/2231 ón gComhairle, agus Rialachán (AE) 2016/1686 ón gComhairle, lena bhforchuirtear bearta sriantacha breise i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda, agus daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil baint acu leo

IO C, C/2023/701, 31.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/701/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2023/701 |
31.10.2023 |
Fógra atá le tabhairt ar aird na ndaoine, na ngrúpaí, na ngnóthas agus na n-eintiteas atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2016/1693 ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2023/2231 ón gComhairle, agus Rialachán (AE) 2016/1686 ón gComhairle, lena bhforchuirtear bearta sriantacha breise i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda, agus daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil baint acu leo
(C/2023/701)
Tugtar an fhaisnéis seo a leanas ar aird na ndaoine, na ngrúpaí, na ngnóthas agus na n-eintiteas atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2016/1693 ón gComhairle (1), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2023/2231 ón gComhairle (2), agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/1686 ón gComhairle (3) lena bhforchuirtear bearta sriantacha breise i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda agus daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil baint acu leo.
Tar éis do Chomhairle an Aontais Eorpaigh athbhreithniú a dhéanamh ar liosta na ndaoine, na ngrúpaí, na ngnóthas agus na n-eintiteas a ainmníodh sna hIarscríbhinní thuasluaite, chinn sí gur cheart na bearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2016/1693 agus i Rialachán (AE) 2016/1686 leanúint d’fheidhm a bheith acu maidir leis na daoine, na grúpaí, na gnóthais agus na heintitis sin.
Cuirtear in iúl do na daoine, do na grúpaí, do na gnóthais agus do na heintitis lena mbaineann gur féidir iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ábhartha nó na mBallstát ábhartha mar a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/1686, chun údarú a fháil le cistí reoite a úsáid chun freastal ar riachtanais riachtanacha nó chun íocaíochtaí sonracha a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 5 den Rialachán sin.
Féadfaidh na daoine, na grúpaí, na gnóthais agus na heintitis lena mbaineann iarraidh a chur isteach go bhfaighidís ón gComhairle an ráiteas ar chúiseanna atá lena n-áireamh ar an liosta thuasluaite. Ba cheart aon iarraidh den chineál sin a sheoladh chuig an seoladh seo a leanas:
Comhairle an Aontais Eorpaigh |
An Ardrúnaíocht |
RELEX.1 |
Rue de la Loi/Wetstraat 175 |
1048 Bruxelles/Brussel |
BELGIQUE/BELGIË |
R-phost: sanctions@consilium.europa.eu
Féadfaidh na daoine, na grúpaí, na gnóthais agus na heintitis lena mbaineann, tráth ar bith, iarraidh ar athbhreithniú an chinnidh iad a áireamh ar an liosta, mar aon le haon doiciméadacht tacaíochta, a chur faoi bhráid na Comhairle, ag an seoladh thuasluaite. I ndáil leis sin, dírítear aird na ndaoine, na ngrúpaí, na ngnóthas agus na n-eintiteas lena mbaineann ar an athbhreithniú rialta a dhéanfaidh an Chomhairle ar an liosta de réir Airteagal 6(2) de Chinneadh (CBES) 2016/1693 agus Airteagal 4(4) de Rialachán (AE) 2016/1686. Chun gur féidir iarrataí a mheas faoin gcéad athbhreithniú eile, ní mór iad a thíolacadh faoin 15 Iúil 2024.
Ina theannta sin, cuirtear in iúl do na daoine, do na grúpaí, do na gnóthas agus do na heintitis lena mbaineann gur féidir an cinneadh ón gComhairle a chonspóid os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa dara mír d’Airteagal 275, agus sa cheathrú agus sa séú mír d’Airteagal 263, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
(1) IO L 255, 21.9.2016, lch. 25.
(2) IO L, 2023/2231, 24.910.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/ dec/2023/2231/oj
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/701/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)