Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023XC0727(01)

    Fógra ón gCoimisiún Treoirlínte maidir le straitéisí agus pleananna oiriúnúcháin na mBallstát 2023/C 264/01

    C/2023/4802

    IO C 264, 27.7.2023, p. 1–31 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    27.7.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 264/1


    FÓGRA ÓN GCOIMISIÚN

    Treoirlínte maidir le straitéisí agus pleananna oiriúnúcháin na mBallstát

    (2023/C 264/01)

    Ábhar

    Réamhrá 2
    Príomhghnéithe an bheartais oiriúnúcháin 3
    Príomhchéimeanna maidir le straitéisí/pleananna oiriúnúcháin a fhorbairt nó a thabhairt cothrom le dáta 4

    Céim 1:

    An creat institiúideach a leagan amach agus tacaíocht ó pháirtithe leasmhara a áirithiú 4

    Céim 2:

    Measúnuithe a dhéanamh ar rioscaí an athraithe aeráide agus leochaileacht ina leith 9

    Céim 3:

    Roghanna oiriúnúcháin a shainaithint agus a chur in ord tosaíochta 15

    Céim 4:

    Plean gníomhaíochta a fhorbairt agus gníomhaíochtaí oiriúnúcháin a chur chun feidhme 17

    Céim 5:

    Faireachán agus meastóireacht 19

    Iarscríbhinn I –

    Sampla de theimpléad straitéise oiriúnúcháin 23

    Iarscríbhinn II –

    Réimsí nua den bheartas oiriúnúcháin 27
    Athléimneacht chóir 27
    Mí-oiriúnú 27
    Réitigh dhúlrabhunaithe 29
    Tástáil struis aeráide 30

    Réamhrá

    Is iomaí teagmhas adhaimsire le déanaí – dóiteáin foraoise, triomaigh, tuilte agus teas tubaisteach – ar fud na hEorpa agus an domhain araon, a léirigh go bhfuil iarmhairtí an athraithe aeráide ag dul i bhfeidhm ar ár sochaithe ar bhonn níos crua agus níos tapa ná mar a tuaradh san eolaíocht. Tá tionchar méadaithe ag an méadú ar theagmhais adhaimsire agus ar thubaistí nádúrtha ar shláinte choirp agus meabhairshláinte daoine, ar an gcuid eile den dúlra agus ar shócmhainní eacnamaíocha. Luadh sa Séú tuarascáil mheasúnachta ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) (1) go bhfuil ‘an t-oiriúnú domhanda mall, imeallach agus incriminteach den chuid is mó’ agus ‘fiú le laghduithe ar astaíochtaí atá leordhóthanach chun spriocanna Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, beidh gá le hoiriúnú claochlaitheach’ (2).

    Ar an drochuair, cuireadh in iúl leis na teagmhais sin freisin, mar a cuireadh in iúl sa tuarascáil ó IPCC, go raibh easpa ullmhachta agus díréir ann idir na bagairtí aeráide agus na sásraí agus na struchtúir freagartha atá i bhfeidhm. Cé go bhfuil éiginnteacht ann maidir leis an riosca aeráide amach anseo a mheas, an chuma a bheidh ar chúrsaí ó thaobh na teochta de faoi 2100 – bíodh sí maith nó olc – ní athraíonn sí na roghanna a bhíonn roimh lucht ceaptha beartas um an oiriúnú don aeráid inniu le fírinne. Chun ullmhacht na sochaí a mhéadú i leith thionchair an athraithe aeráide atá ag dul i ndéine, is léir nach mór don earnáil phoiblí ról níos mó fós a imirt chun an athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide agus na hinfheistíochtaí inbhuanaithe is gá a bhaint amach. Is gá freisin na dálaí rialála agus na cumais phleanála chearta a fhorbairt agus a bhunú tuilleadh chun gur féidir leis na gníomhaithe agus na margaí éagsúla leanúint go muiníneach agus go cinnte agus infheistíochtaí a chur i dtreo na hathléimneachta.

    Le straitéis an Aontais Eorpaigh um oiriúnú 2013 spreagadh Ballstáit uile an Aontais chun straitéisí oiriúnúcháin cuimsitheacha a ghlacadh. D’fhoilsigh an Coimisiún Treoirlínte freisin maidir le straitéisí oiriúnúcháin a fhorbairt chun cuidiú le Ballstáit an Aontais a straitéisí um oiriúnú a ullmhú. Idir 2013 agus 2018, tháinig méadú géar ar an líon Ballstát a raibh straitéisí oiriúnúcháin acu ó 15 go 25, agus faoi 2020 bhí a straitéisí ullmhaithe ag Ballstáit uile an Aontais. Mar sin féin, tá éagsúlacht mhór sna straitéisí sin maidir lena raon feidhme, seachadadh agus an modh trína gcuirfear chun feidhme iad.

    Le Rialachán 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide tugtar aghaidh ar an oiriúnú don athrú aeráide ar dhá bhealach. Ar an gcéad dul síos, leagtar síos na hoibleagáidí tuairiscithe atá i bhfeidhm faoi láthair le haghaidh Bhallstáit an Aontais maidir le hoiriúnú don athrú aeráide. Ar an dara dul síos, sonraítear nach mór do gach Ballstát cuspóirí agus spriocanna eile a leagan amach ina phlean comhtháite náisiúnta um fhuinneamh agus an aeráid, i gcás inarb ábhartha, lena n-áirítear spriocanna oiriúnúcháin, i measc gnéithe eile.

    Chun freagairt don chás atá ag athrú de shíor agus chun athrú struchtúrach a chothú, tugadh achoimre i straitéis nua an Aontais Eorpaigh um an oiriúnú don athrú aeráide (2021) ar uaillmhian mhéadaithe agus cuireadh síneadh lena raon feidhme chun réimsí agus tosaíochtaí nua a chumhdach chun rannchuidiú le turas an Aontais i dtreo athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide, agus éilíodh athbhreithniú ar Threoirlínte 2013 maidir le straitéisí oiriúnúcháin a fhorbairt.

    Ina theannta sin, i mí Iúil 2021, tháinig an Dlí Aeráide Eorpach i bhfeidhm. Maidir le hoibleagáidí an Rialacháin maidir le Rialachas, ar oibleagáidí iad a bhaineann le hoiriúnú, is amhlaidh roimhe sin gur bhain siad go mór le nósanna imeachta, ach leis an Dlí Aeráide bunaíodh ‘dualgas’ oiriúnú. Go sonrach, bunaíodh an ceanglas ann maidir le dul chun cinn leanúnach a áirithiú maidir le hacmhainneacht oiriúnaitheach a fheabhsú, an athléimneacht a neartú agus leochaileacht i leith an athraithe aeráide a laghdú i gcomhréir le hAirteagal 7 de Chomhaontú Pháras. Tá forálacha sa Dlí Aeráide maidir le straitéisí agus pleananna náisiúnta um oiriúnú (taobh le leibhéal an Aontais) agus cuirtear ionchais in iúl ann maidir le cáilíocht beartais oiriúnúcháin agus a thorthaí. Ceanglaítear leis ar an gCoimisiún measúnú tráthrialta a dhéanamh ar chomhsheasmhacht na mbeart náisiúnta ábhartha leis an dul chun cinn ar oiriúnú, agus moltaí a eisiúint i gcás ina gcinnfidh sé go mbeidh bearta Ballstáit den Aontas ar neamhréir le dul chun cinn a áirithiú maidir le hacmhainneacht oiriúnaitheach a fheabhsú, an athléimneacht a neartú agus leochaileacht i leith an athraithe aeráide a laghdú.

    I gcomhréir leis na forálacha sin, is iad seo a leanas cuspóirí na dtreoirlínte sin:

    Tacú le Ballstáit an Aontais a gcuid straitéisí oiriúnúcháin a athbhreithniú agus a bpleananna oiriúnúcháin a dhréachtú/athbhreithniú chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin maidir le hoiriúnú a bhíonn rompu, agus na difríochtaí ina struchtúir riaracháin agus sna conairí pleanála oiriúnúcháin atá i bhfeidhm acu cheana féin á gcur san áireamh.

    Na príomhghnéithe atá fíor-riachtanach chun beartas agus torthaí oiriúnúcháin ar ardchaighdeán a sheachadadh a chur i dtábhacht. Ós rud é go n-éilítear freagairt níos sistéamaí agus níos práinní le tionchair an athraithe aeráide, straitéisí agus pleananna oiriúnúcháin nach gcomhtháthaítear gach réimse beartais leo agus nach bhfuil leabaithe sa chinnteoireacht ar gach leibhéal, níl siad leordhóthanach a thuilleadh chun é sin a dhéanamh. Dá bhrí sin, tá feidhm ag na prionsabail maidir leis an gcreat náisiúnta foriomlán um an mbeartas oiriúnúcháin, ach le straitéisí agus pleananna oiriúnúcháin tacaítear le torthaí maithe oiriúnúcháin a sheachadadh.

    Sampla a sholáthar de theimpléad ina leagtar amach struchtúr don straitéis, a fhágfaidh go mbeidh sé níos éasca rochtain a fháil ar na straitéisí sin agus iad a chur i gcomparáid le chéile agus forbhreathnú inchomparáide a áirithiú ar staid na hullmhachta agus ar na gníomhaíochtaí atá beartaithe ar leibhéal an Aontais.

    Beartas oiriúnúcháin a fheabhsú le réimsí nua.

    I dteannta na dtreoirlínte sin, leis an Uirlis tacaíochta oiriúnúcháin (UTO) arna forbairt agus arna coinneáil ar bun ag an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (EEA) soláthraítear mionsonraí níos doimhne agus samplaí maithe de phrionsabail, próisis agus roghanna cur chun feidhme maidir le bogadh ar aghaidh ón méid a chumhdaítear sna treoirlínte.

    Tá conairí oiriúnúcháin coincréiteacha agus léirithe ar réitigh chlaochlaitheacha á bhforbairt freisin i gcomhar le húdaráis réigiúnacha ar fud na hEorpa trí Mhisean Fhís Eorpach maidir le hoiriúnú don athrú aeráide, a seoladh i mí Mheán Fómhair 2021.

    Príomhghnéithe an bheartais oiriúnúcháin

    Tá gá le straitéisí agus pleananna láidre um oiriúnú chun a áirithiú go rachaidh an ullmhacht shochaíoch, pholaitiúil agus eacnamaíoch ar aghaidh go seasta (i gcomhréir leis an Dlí Aeráide Eorpach) agus gurb é is aidhm di aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim aeráide (an t-údar praiticiúil deiridh). É sin ráite, braithfidh cur chun feidhme rathúil na straitéisí agus na bpleananna ar ghealltanas na bpáirtithe leasmhara agus ar na hacmhainní atá ar fáil dóibh. Tá na gnéithe seo a leanas fíor-riachtanach chun straitéisí agus pleananna láidre um oiriúnú a (ath)dhéanamh, agus creat dlíthiúil tacaíochta mar bhonn taca fúthu, agus chun beartas oiriúnúcháin ar ardchaighdeán a sheachadadh.

    Tá cuid de na gnéithe seo ina mbloic thógála shubstainteacha don bheartas oiriúnúcháin, agus baineann cuid eile díobh níos mó le próisis agus modhanna. I dteannta a chéile, is ionann iad agus tacar réamhchoinníollacha is gá chun toradh oiriúnúcháin ar ardchaighdeán a bhaint amach, agus freagairt níos leithne, níos tapa agus níos sistéamaí don athrú aeráide mar chuid de.

    Cad (bloic thógála shubstainteacha)

    1.

    Creataí dlíthiúla lena leagtar síos an ‘dualgas oiriúnú’ ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear spriocanna oiriúnúcháin (earnálacha) atá ceangailteach agus a thugtar cothrom le dáta go tráthrialta chun an dul chun cinn foriomlán maidir le hathléimneacht a fhorbairt i leith thionchair an athraithe aeráide a thomhas.

    2.

    Straitéisí agus pleananna oiriúnúcháin a thugtar cothrom le dáta go tráthrialta curtha i bhfeidhm, lena gcumtar an beartas oiriúnúcháin foriomlán agus a chur chun feidhme ar leibhéil straitéiseacha agus oibríochtúla (i gcomhréir leis na spriocanna oiriúnúcháin i bpointe 1 thuas).

    3.

    Tosaíochtaí an bheartais oiriúnúcháin lena sainaithnítear earnálacha nó réimsí a bheidh rannpháirteach agus a chumhdófar leis an bpleanáil oiriúnúcháin agus tionchair nó rioscaí nach mór aghaidh a thabhairt orthu sa phleanáil oiriúnúcháin. Ba cheart na tosaíochtaí a leagan amach in ord spriocanna agus cuspóirí, agus conairí oiriúnúcháin soiléire ina dhiaidh sin lena mbunófar an próiseas maidir le conas iad a bhaint amach trí sheicheamh roghanna agus gníomhaíochtaí (a léirítear sna straitéisí agus pleananna oiriúnúcháin i bpointe 2).

    4.

    Measúnuithe ar thionchar an athraithe aeráide agus ar leochaileacht ina leith a bheidh láidir agus a thabharfar cothrom le dáta go tráthrialta bunaithe ar an eolaíocht aeráide is déanaí chun na daonraí, an bonneagar fíor-riachtanach (sócmhainní) agus na hearnálacha (gníomhaíochtaí) atá leochaileach go háirithe maidir leis an athrú aeráide a shainaithint, rud a leagann amach an treo straitéiseach foriomlán don bheartas oiriúnúcháin agus a chuireann bonn eolais faoin gcinnteoireacht ar bhonn leanúnach (ag cur le pointí 1, 2 agus 3).

    5.

    Tástáil struis ar bhonneagar agus ar chórais (chriticiúla) mar phríomh-ionchur sna measúnuithe riosca ar an athrú aeráide (ag cur le pointe 4).

    Conas (próisis agus modhanna)

    6.

    Pearsanra eolasach agus acmhainní airgeadais leordhóthanacha ar fud na n-institiúidí gaolmhara agus na ranna riaracháin uile chun gníomhaíochtaí a chomhordú agus gníomhartha a chur chun feidhme ar gach leibhéal rialachais (náisiúnta, réigiúnach, áitiúil).

    7.

    Rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara ábhartha uile (an earnáil phríobháideach, eagraíochtaí neamhrialtasacha, pobail áirithe, etc.) atá neamhchosanta/leochaileach go háirithe agus/nó a bhfuil eolas/acmhainní/inniúlachtaí acu chun bonn eolais a chur faoi na gníomhaíochtaí oiriúnúcháin agus/nó iad a chur chun feidhme.

    8.

    Comhordú agus príomhshruthú il-leibhéil, idir chothrománach (e.g., trasna na n-aireachtaí) agus ingearach (e.g., i gcomhar le sraitheanna eile den riarachán poiblí), le linn gníomhaíochtaí oiriúnúcháin a phleanáil agus a chur chun feidhme.

    9.

    Faireachán agus meastóireacht leanúnach ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí oiriúnúcháin, lena gcumhdaítear próisis chomh maith le héifeachtaí agus torthaí, agus na hionstraimí is gá ag gabháil leo. Féadfaidh sineirgí tábhachtacha a bheith ag bonneagar lena ndéantar faireachán ar thorthaí oiriúnúcháin má bhíonn luathrabhadh i gceist.

    Príomhchéimeanna maidir le straitéisí/pleananna oiriúnúcháin a fhorbairt nó a thabhairt cothrom le dáta

    Fíor 1

    Forbhreathnú ar na réamhbhearta a bhaineann le straitéis/plean oiriúnúcháin a fhorbairt nó a thabhairt cothrom le dáta

    Image 1

    Foinse:

    An Coimisiún Eorpach

    Tugtar achoimre ar na príomhchéimeanna maidir le straitéisí agus pleananna oiriúnúcháin a fhorbairt nó a thabhairt cothrom le dáta i bhFíor 1 roimh na ranna níos mionsonraithe thíos.

    Céim 1:     An creat institiúideach a leagan amach agus tacaíocht ó pháirtithe leasmhara a áirithiú

    Le Céim 1 de na treoirlínte cuideofar chun na nithe seo a leanas a dhéanamh:

    an próiseas a ullmhú le haghaidh straitéisí um an oiriúnú don aeráid;

    creataí institiúideacha a fhorbairt lena dtabharfar rannpháirt do pháirtithe leasmhara ábhartha;

    rannpháirt a thabhairt do rialtais fhonáisiúnta;

    acmhainní a shlógadh le haghaidh an oiriúnaithe don aeráid;

    an gá atá le hoiriúnú a chur in iúl.

    beartas aeráide a chomhtháthú i mbeartais earnálacha (príomhshruthú).

    Tá sé fíor-riachtanach uaillmhian agus éifeachtacht na mbeartas, na straitéisí agus na bpleananna um oiriúnú don aeráid a neartú agus tionchair mhéadaithe an athraithe aeráide ar fud an Aontais Eorpaigh á gcur san áireamh.

    D’fhéadfadh sé gurb é an chéad chéim chun an uaillmhian a neartú creat dlíthiúil (‘dlí aeráide’) a ghlacadh le haghaidh an bheartais náisiúnta aeráide chun spriocanna oiriúnúcháin atá ceangailteach agus a thugtar cothrom le dáta go tráthrialta a bhunú chun an dul chun cinn foriomlán maidir le forbairt na hathléimneachta a thomhas. Le dlíthe náisiúnta aeráide is féidir tacaíocht bhreise a sholáthar freisin do chreataí um beartas oiriúnúcháin a leagtar amach i straitéisí agus pleananna oiriúnúcháin.

    Chun tacú le torthaí maithe oiriúnúcháin a sheachadadh, ní mór straitéisí agus pleananna a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta (3). Thairis sin, tá gá le béim níos fearr sna doiciméid sin ar oiriúnú don aeráid a chomhtháthú i mbeartais eile in earnálacha ábhartha, ar a dtugtar ‘príomhshruthú’ (4) freisin, agus an tráth céanna díriú ar thorthaí díreacha na n-iarrachtaí oiriúnúcháin ar bhonn níos soiléire.

    Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach go mbeadh gach leibhéal den rialtas agus den tsochaí shibhialta rannpháirteach agus straitéis agus/nó plean éifeachtach um oiriúnú don aeráid á fhorbairt. Tá foireann oilte, uirlisí teicniúla agus acmhainní airgeadais leordhóthanacha ar fud gach cuid de na hinstitiúidí gaolmhara agus na ranna riaracháin ar gach leibhéal rialachais (náisiúnta, réigiúnach, áitiúil) fíor-riachtanach chun straitéisí agus pleananna oiriúnúcháin a fhorbairt, a chomhordú agus a chur chun feidhme.

    Tá sé ríthábhachtach comhordú a áirithiú i measc Bhallstáit chomharsanachta den Aontas le haghaidh bearta oiriúnúcháin éifeachtacha i limistéir teorann, mar a bhfuil an nochtadh do rioscaí teoranta ní hamháin ar thaobh amháin den teorainn ach go ndéanann sé difear don dá Bhallstát comharsanachta den Aontas. Ar an gcúis sin, ní féidir le bearta oiriúnúcháin i réigiúin teorann a bheith éifeachtach ach amháin nuair a chuirtear ar bun i gcomhpháirt iad.

    Céim 1.a:   Tacaíocht ardleibhéil a fháil

    Is toisc nach beag í tacaíocht pholaitiúil ardleibhéil, i.e., ó oifig an phríomh-aire, ó oifig an uachtaráin, chun cuidiú chun gníomhaithe ón rialtas agus ón tsochaí shibhialta a shlógadh agus rannpháirt a thabhairt dóibh agus an t-oiriúnú don aeráid á phríomhshruthú. Áirithítear léi freisin gealltanas ardleibhéil agus fadtéarmach maidir le beartais, straitéisí agus pleananna oiriúnúcháin.

    Céim 1.b:   An próiseas a chur ar bun

    -   Tascfhórsa idir-rannach náisiúnta um oiriúnú a bhunú

    Is príomhuirlisí iad straitéisí oiriúnúcháin chun ullmhacht na sochaí a fheabhsú in aghaidh tionchair dhosheachanta an athraithe aeráide, chun na daonraí agus na hearnálacha is leochailí agus is mó a bhíonn thíos leis a chosaint. Ní mór bunús a sholáthar leis na straitéisí sin le haghaidh gníomhaíocht chomhordaithe ón rialtas. Chun an rannpháirtíocht is gá agus comhtháthú rathúil an oiriúnaithe don aeráid i mbeartais earnálacha éagsúla a áirithiú, moltar go gcruthófaí tascfhórsa nó coiste idir-rannach agus go ndéanfaí é a threorú faoi oifig an phríomh-aire (nó a coibhéis). Ba cheart don ghrúpa sin a bheith freagrach as formhaoirseacht a dhéanamh ar fhorbairt na straitéise agus/nó an phlean um oiriúnú don aeráid. Ba cheart sainordú soiléir a thabhairt dó freisin chun a chur chun feidhme a bhainistiú.

    Ba cheart aireachtaí agus/nó gníomhaireachtaí a bhaineann le hearnálacha ar a bhfuil riosca méadaithe ó thionchair an athraithe aeráide a shainaithint agus rannpháirt a thabhairt dóibh sa tascfhórsa sin. I measc na bpríomh-aireachtaí a bheidh rannpháirteach tá athrú aeráide, comhshaol/dúlra, sláinte phoiblí, cosaint shibhialta/gnóthaí baile, bonneagar, fuinneamh, gnóthaí eacnamaíocha/airgeadas, talmhaíocht, foraoiseacht, iascach, bainistíocht uisce agus fostaíocht agus gnóthaí sóisialta. Ba cheart rannpháirt a thabhairt do ghníomhaithe trasteorann freisin chun gníomhaíochtaí comhordaithe a áirithiú i measc Ballstáit chomharsanachta den Aontas i réigiúin teorann. Tá sé ina chleachtas molta do gach ceann de na riaracháin a shainaithnítear ‘oifigeach oiriúnúcháin’ a cheapadh chun a áirithiú go mbeidh na haireachtaí faoi seach rannpháirteach ar bhonn leanúnach sa phleanáil oiriúnúcháin.

    -   Rannpháirt a thabhairt do leibhéal réigiúnach agus áitiúil den rialachas

    Tá an frása ‘smaoinigh ar an domhan, gníomhaigh i do cheantar’ níos tábhachtaí ná riamh agus straitéisí agus pleananna um oiriúnú don aeráid á bplé. Is príomhthiománaithe don oiriúnú iad riaracháin áitiúla agus réigiúnacha ó tharla go ndéantar roinnt mhaith idirghabhálacha um oiriúnú aeráide ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach agus go mbraitheann siad ar choinníollacha a bhíonn sonrach don chomhthéacs dá bhrí sin. Tá príomhról ag rialtais áitiúla maidir le rannpháirtíocht phoiblí agus gníomhaíocht áitiúil a chothú trí dhaoine a chur ar an eolas faoi thairbhí an oiriúnaithe don aeráid dá réigiún. Thairis sin, bíonn neart faisnéise ríthábhachtaí ag rialtais áitiúla maidir le bearta logánaithe ionchasacha um an oiriúnú don aeráid atá inmharthana ina limistéar. Dá bhrí sin, ba cheart don tascfhórsa idir-rannach um oiriúnú malartuithe fiúntacha le húdaráis fhonáisiúnta a áirithiú chun a gcuid saineolais maidir le ceapadh beartais oiriúnúcháin a chuimsiú agus chun tacú le gníomhaíochtaí réigiúnacha/áitiúla i gcomhréir leis an mbeartas oiriúnúcháin náisiúnta. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar conas rannpháirt a thabhairt don leibhéal réigiúnach agus áitiúil den rialachas. Mar shampla, trí dhul i dteagmháil le comhlachais réigiúnacha, nó le líonraí rialtais áitiúla idir-réigiúnacha amhail Cúnant na Méaraí, mar a bhfuil breis agus 11 000 údarás áitiúil agus réigiúnach a dhéanann ionadaíocht do 341 milliún duine ag ullmhú a bpobal do conas maireachtáil le hiarmhairtí an athraithe aeráide.

    -   Páirtithe leasmhara a shainaithint agus rannpháirt a thabhairt dóibh

    Beidh éiginnteacht agus tionchair ann ar fud na sochaí ina hiomláine de bharr an athraithe aeráide, rud a chuireann béim ar a thábhachtaí atá sé don tascfhórsa idir-rannach gach grúpa páirtithe leasmhara ábhartha a shainaithint lena n-áirítear comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí sochaí sibhialta, a bhfuil gá lena gcuid rannpháirtíochta chun bearta láidre um an oiriúnú don aeráid a chruthú. Le rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara méadófar cáilíocht na cinnteoireachta maidir le hoiriúnú don athrú aeráide trí úinéireacht ar an bpróiseas a áirithiú do na páirtithe leasmhara. Dá réir sin, cuirfear feabhas ar cháilíocht fhoriomlán straitéise nó plean um oiriúnú don aeráid arna chruthú ag an tascfhórsa idir-rannach. Is féidir cabhrú leis an bpróiseas maidir le grúpaí páirtithe leasmhara a shainaithint trí idirdhealú a dhéanamh idir dhá ghrúpa páirtithe leasmhara – gníomhaithe don athrú agus iad siúd a d’fhéadfadh a bheith thíos leis an athrú aeráide:

    Grúpa amháin páirtithe leasmhara is ea gníomhaithe féideartha don athrú ar féidir leo cur le hiarrachtaí na riarachán náisiúnta agus/nó réigiúnach/áitiúil trí fhaisnéis, acmhainní nó inniúlachtaí breise a sholáthar. Is iad na páirtithe leasmhara a thiocfaidh faoin gcatagóir sin institiúidí taighde a sholáthraíonn nó a fheabhsaíonn boinn eolais maidir le hoiriúnú don aeráid, an earnáil phríobháideach a sholáthraíonn faisnéis luachmhar maidir le beartais oiriúnúcháin a choigeartú ar bhonn níos fearr nó trí chistiú a sholáthar, gníomhaithe trasteorann chun tuiscint níos fearr a sholáthar ar chríocha trasteorann agus réigiúin teorann agus eagraíochtaí neamhrialtasacha, go háirithe eagraíochtaí sochaí sibhialta áitiúla, a chuidíonn chun tuiscint níos fearr a sholáthar ar chríocha, a chuireann bearta oiriúnúcháin chun feidhme agus a chuireann in iúl an gá atá le hoiriúnú don aeráid chun athrú a éascú ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach.

    Grúpa eile páirtithe leasmhara nach mór a chur san áireamh sa phróiseas oiriúnúcháin don aeráid is ea iad siúd ar dóchúla iad a bheith thíos leis an athrú aeráide. Is pobail leochaileacha iad sin den chuid is mó (lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta do dhaoine atá thíos leis an mbochtaineacht nó an eisiamh sóisialta nó atá i mbaol bochtaineachta nó eisiata sóisialta, daoine faoi mhíchumas, daoine scothaosta agus daoine a bhfuil riochtaí sláinte orthu cheana, mná torracha, daoine easáitithe, daoine atá imeallaithe go sóisialta, oibrithe nochta, agus leanaí) nó lucht tacaíochta agus grúpaí sainleasa a dhéanann ionadaíocht do na pobail leochaileacha sin a bheadh eisiata ón bpróiseas rannpháirtíochta murach sin. De bharr nochtadh éagothrom agus leochaileacht na réigiún agus na ngrúpaí socheacnamaíocha éagsúla ar thionchair aeráide, is measa a bhíonn na neamhionannais agus na leochaileachtaí atá ann cheana. Dá bhrí sin, tá sé fíor-riachtanach aistriú cóir a áirithiú lena laghdófar ualach éagothrom an riosca aeráide agus lena n-áiritheofar cothromas le linn tairbhí an oiriúnaithe a dháileadh.

    Déantar an deighilt choincheapúil sin idir an dá ghrúpa páirtithe leasmhara sin chun cumhdach iomlán leormhaith a áirithiú i gcás na ngnéithe is gá, ach ba cheart an forluí eatarthu a aithint agus meas a bheith air. Is é sin le rá, iad siúd atá an-leochaileach ó thaobh an athraithe aeráide is féidir leo a bheith ina ngníomhaithe don athrú freisin, fiú amháin má bhíonn teorainn lena n-acmhainní ar bhealaí áirithe. D’fhéadfadh acmhainní a bheith acu, faisnéis, sa chás is soiléire, ar an gcaoi a dtarlaíonn leochaileachtaí i leith an athraithe aeráide agus faisnéis ar an dóchúlacht maidir le héifeachtacht na n-idirghabhálacha, arb acmhainní iad nach bhfuil chomh hinrochtana céanna dóibh siúd nach ionann cás dóibh fiú. Thairis sin, na difríochtaí inscne san iompar agus sna dearcthaí maidir leis an athrú aeráide (5), léiríonn siad an gá atá le rannpháirtíocht chothrom na bhfear agus na mban a áirithiú sa phróiseas a chuireann leis an gcinnteoireacht agus leis an gcur chun feidhme. Ní chuirtear leanaí san áireamh sa chinnteoireacht phoiblí de ghnáth ach is prionsabal dlíthiúil seanbhunaithe é an ceart atá acu páirt a ghlacadh sa chinnteoireacht i ngach ábhar a mbíonn tionchar aige ar a saol. Ós rud é gurb é a gheobhaidh gach glúin leanaí le hoidhreacht an damáiste a rinne na glúine a tháinig rompu don chomhshaol, tá argóint an-láidir ann maidir le páirt na n-aoisghrúpaí is óige a áirithiú (6) i gcinntí ar bheartas maidir leis an athrú aeráide.

    Moltar don tascfhórsa idir-rannach teacht ar chomhaontú maidir le ról na bpáirtithe leasmhara roimh ré, go háirithe i gcás páirtithe leasmhara a chomhoibríonn leis an riarachán náisiúnta chun bearta oiriúnúcháin sonracha a chur chun feidhme.

    Céim 1.c:   Acmhainní a shlógadh

    Sampla cáis 1: comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí le haghaidh ceantar nua díonach ar thuilte in Bilbao, an Spáinn

    Tá ceantar ‘Zorrotzaurre’ in Bilbao suite ar leithinis thionsclaíoch ina dtarlaíonn tuilte go minic. Agus an fhrasaíocht fhoircneach mhéadaithe ann a thuartar ar fud Thír na mBascach amach anseo mar gheall ar an athrú aeráide agus an gá le tithíocht nua chun lóistín a thabhairt do mhuintir Bilbao, tá mórthionscadal athghiniúna uirbí ar siúl faoi láthair chun ceantar Zorrotzaurre a athfhorbairt ina cheathrú cónaithe nua a bheidh díonach ar thuilte. Tá cúig phríomhbheart ann sa chosaint ar thuilte: (1) canáil Deusto a oscailt (oileán a dhéanamh den leithinis), (2) balla cosanta ar thuilte a sholáthar, (3) leibhéal na talún a ardú 1.5 méadar le haghaidh foirgnimh nua, (4) umair uisce stoirme a shuiteáil agus (5) spásanna poiblí glasa a sholáthar ar féidir leo uisce ó thuilte a ionsú freisin.

    Chun an tionscadal athghiniúna uirbí sin a bhaint amach, bunaíodh comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí chun an plean a mhaoiniú agus a bhainistiú. Is í an chomhpháirtíocht phríobháideach phoiblí a chumhdóidh costais na hoibre athfhorbartha, i.e. úinéirí na talún, de réir a sciar úinéireachta.

    Image 2

    Tá na costais a bhaineann le hoiriúnú don aeráid ag méadú agus cuirfear dlús leis an méadú sin sna deacáidí amach romhainn mar gheall ar an bpráinn mhéadaithe atá ann le haghaidh bearta oiriúnúcháin. Dá bhrí sin, ba cheart an maoiniú oiriúnúcháin a mhéadú dá réir. Ina theannta sin, d’fhéadfadh sé a bheith úsáideach na costais réamh-mheasta nó na costais a tabhaíodh cheana féin a bhaineann le neamhoiriúnú a shainaithint (i.e., an caillteanas airgeadais agus an damáiste a bhaineann leis an athrú aeráide) toisc go bhféadfadh sé údar a thabhairt do chistí atá ann cheana a ath-leithdháileadh ar oiriúnú. D’fhéadfadh dúshlán a bheith ag baint leis sin d’údaráis áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta, áfach, mar gheall ar éiginnteacht faoin méid cistí is gá i bhfianaise na rioscaí agus na dtionchar aeráide a bhíonn dothuartha go minic. Cé gur cheart foinsí traidisiúnta cistiúcháin phoiblí agus phríobháidigh a iniúchadh, moltar go lorgófaí ionstraimí nuálacha cistiúcháin trí chomhar leis an earnáil phríobháideach (7). Seo a leanas dhá shampla de dea-chleachtais d’ionstraimí nuálacha cistiúcháin:

    1.

    Ghnímh Tharmligthe maidir le Tacsanomaíocht Aeráidecomhpháirtíocht phríobháideach phoiblí (PPP) le haghaidh bearta oiriúnúcháin don aeráid in Malmo; agus

    2.

    PPP le haghaidh ceantar nua díonach ar thuillte in Bilbao, ar a dtugtar tuairisc achomair sa bhosca téacs a ghabhann le sampla cáis 1 thuas.

    Is follasach an bhearna mhaoinithe oiriúnúcháin go háirithe i gcás leibhéil níos ísle rialachais atá freagrach as formhór na mbeart oiriúnúcháin a chur chun feidhme. Anuas ar an bhfíoras gur deacair rochtain a fháil ar chistiú, d’fhéadfadh sé gur easpa inniúlachta agus saineolais inmheánaigh is cúis leis sin. Tá gá le cúnamh spriocdhírithe do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha is lú fiú chun an inniúlacht agus an saineolas leordhóthanach is gá don riarachán agus don chur chun feidhme chomh maith a áirithiú.

    Maoiníonn an tAontas an t-oiriúnú don athrú aeráide trí raon leathan ionstraimí. Áirítear orthu sin:

    is é an clár LIFE príomhionstraim chistiúcháin an Aontais Eorpaigh don chomhshaol agus do ghníomhú ar son na haeráide;

    Fís Eorpach, príomhchlár cistiúcháin an Aontais i dtaca leis an taighde agus an nuálaíocht;

    Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, go háirithe trí thionscadail INTERREG;

    an Ciste Comhtháthaithe, trí infheistíocht sa chomhshaol agus i Líonraí Iompair Tras-Eorpacha;

    an Ciste um Aistriú Cóir, chun na tionchair dhiúltacha a bhaineann leis an aistriú do na críocha is mó dá ndéantar difear leis an aistriú chuig aeráidneodracht agus athléimneacht a mhaolú.

    Agus tá roinnt mhaith samplaí eile ann d’ionstraimí cistiúcháin ón Aontas lena bhféadfaí cuidiú chun an t-oiriúnú a chistiú. Mar sin féin, cé gur féidir cuidiú chun bearta oiriúnúcháin a mhaoiniú go pointe áirithe le maoiniú ón Aontas, tá cistiú náisiúnta agus príobháideach ríthábhachtach chun an bhearna mhaoinithe oiriúnúcháin a dhúnadh.

    Ba cheart dlús a chur leis na sruthanna airgeadais sin, agus ba cheart do bhuiséid agus do ghníomhaíochtaí rannpháirtíocht na mban agus na bhfear araon i ngach leibhéal den phróiseas cinnteoireachta a spreagadh.

    Céim 1.d:   An gá atá le hoiriúnú agus feasacht a mhúscailt a chur in iúl go leanúnach

    Tá patrúin aimsire fhoircneacha agus luaineacha ag dul i bhfeidhm ar phobail ar fud an Aontais. Is í an bhearna chumarsáide i leith na haeráide idir acadóirí agus rialtais ar thaobh amháin, agus pobail ar an taobh eile, an toradh a d’fhéadfadh a bheith ann mar gheall ar ghníomhaíocht mhícheart maidir leis an oiriúnú don aeráid, nó neamhghníomhaíocht iomlán fiú. Ba cheart go músclófaí feasacht le cumarsáid níos sistéamaí i leith na haeráide i sainréim teanga atá sothuigthe. Leis sin cuidítear chun an bealach a réiteach do phobail chun beart a dhéanamh agus dul i ngleic le bearta oiriúnúcháin don aeráid. Éilítear teachtaireachtaí éagsúla i bhformáidí oiriúnacha le haghaidh spriocphobail éagsúla (i.e. an earnáil phoiblí, pobail) chun glao ar ghníomh a chruthú.

    -   An téarmaíocht a shoiléiriú

    Tá sé ríthábhachtach teanga choiteann a fhorbairt a bheidh inrochtana do na páirtithe leasmhara uile agus an t-oiriúnú don aeráid á chur in iúl d’fhonn comhthuiscint a chruthú. Is féidir an ghluais a fhorbairt ar bhonn sainmhínithe idirnáisiúnta arna gcomhaontú, mar atá le feiceáil i ngluais Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) nó i ngluais IPCC, agus é a choigeartú freisin do shaintréithe agus comhthéacsanna áitiúla.

    -   An t-athrú aeráide agus an gá atá le hoiriúnú a chur in iúl

    Is réamhchoinníoll fíor-riachtanach chun athléimneacht a fhorbairt é faisnéis a roinnt maidir le tionchair ionchasacha an athraithe aeráide agus dá bhrí sin maidir leis an ngá atá le hoiriúnú chomh maith le maolú. Ba cheart na teachtaireachtaí sin a bheachtú ar bhealach soláimhsithe agus iad a choigeartú ó thaobh stíle agus ábhair de araon le haghaidh spriocphobail éagsúla chun a róil sa bheartas oiriúnúcháin (e.g., an earnáil phríobháideach nó an pobal i gcoitinne), a gcúlra (e.g., timpeallacht uirbeach nó tuaithe, inscne) agus a leochaileacht agus a nochtadh do rioscaí a léiriú. Ba cheart breithniú a dhéanamh ar bhacainní a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le rochtain ar fhaisnéis agus ar oiliúint. Tá sé ríthábhachtach freisin na tairbhí a bhaineann le bearta oiriúnúcháin don aeráid a chur in iúl chun glacadh sóisialta a mhéadú agus athruithe iompraíochta a chothú. Chomh maith leis sin, tá comhthairbhí nach beag ag roinnt mhaith bearta oiriúnúcháin amhail, mar shampla, bearta oiriúnúcháin atá bunaithe ar an dúlra lena bhfeabhsaítear an bhithéagsúlacht agus lena laghdaítear truailliú, cruthú deiseanna fostaíochta áitiúla agus ardchaighdeáin, nó laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa. Deis mhór chumarsáide nach n-úsáidtear go minic is ea na tairbhí a bhaineann leis an oiriúnú don tsláinte agus don fholláine: le hardleibhéal feasachta ar na rioscaí sláinte atá ag dul i méid agus a dhéanann difear do gach duine, cuideofar chun an gá atá le gníomhaíocht a mhíniú agus a ghlacadh a mhéadú.

    D’fhéadfadh riarthóirí náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla a bheith rannpháirteach, mar shampla, trí cheardlanna agus turais allamuigh chun rannpháirtíocht bunaithe ar fhíorais a spreagadh sa ghníomhú ar son na haeráide. Ba cheart rannpháirt a thabhairt do phobail trí chomhairliúcháin phoiblí, comhroinnt faisnéise, agus ar bhealaí idirghníomhacha agus neamhfhoirmiúla amhail taispeántais, comórtais, cluichí ar líne, etc. Is comhpháirtithe tábhachtacha iad Eagraíochtaí Sochaí Sibhialta agus eagraíochtaí neamhrialtasacha freisin, a fheidhmíonn mar nasc idir páirtithe leasmhara agus an chumarsáid faoin aeráid, tríd an taithí atá acu cheana féin ar oiriúnú don aeráid ar an gcríoch agus leis na pobail lena mbaineann agus trí mhúscailt feasachta ar thionchair an athraithe aeráide agus ar an ngá atá le hoiriúnú don aeráid. Chun a áirithiú go sroicheann an chumarsáid sin na pobail ar bhonn éifeachtach, ní mór tacú léi leis na hacmhainní cearta, trí chistiú agus forbairt acmhainne.

    Is bealach den scoth iad tairseacha nó ardáin ghréasáin náisiúnta nó réigiúnacha ar a mbailítear faisnéis shaincheaptha maidir leis an athrú aeráide agus leis an oiriúnú don athrú aeráide chun faisnéis ábhartha a scaipeadh. Ba cheart na hardáin sin a nascadh le tairseacha atá ann cheana maidir le beartais earnálacha (e.g., laghdú ar rioscaí tubaiste, uisce, sláinte, bithéagsúlacht etc.) chun príomhshruthú aeráide a chur chun cinn. Tá ról lárnach ag suíomh gréasáin Climate-ADAPT an Aontais trí chuidiú le daoine rochtain a fháil ar shonraí agus faisnéis a bhaineann leis an athrú aeráide agus leis an oiriúnú don aeráid agus na sonraí agus an fhaisnéis sin a roinnt. Forbraíodh tairseacha gréasáin náisiúnta maidir leis an oiriúnú don aeráid i bhformhór na dtíortha Eorpacha freisin, agus leis na tairseacha sin cruthaítear deis chun foghlaim ó shamplaí dea-chleachtais ó thíortha nó réigiúin eile. D’fhéadfadh sé go gcuideofaí le gníomhaíocht a spreagadh maidir leis an oiriúnú don aeráid leis na tairseacha sin. Mar sin féin, ba cheart tairseacha agus ardáin ghréasáin a chomhlánú le gníomhaíochtaí cumarsáide eile chun leathnú na bearna digití idir Ballstáit agus réigiúin an Aontais a sheachaint agus chun rochtain ar fhaisnéis a áirithiú do chách.

    Chun tuilleadh faisnéise a fháil maidir leis an gcreat institiúideach a chur ar bun agus tacaíocht ó pháirtithe leasmhara a áirithiú, féach freisin an roinn maidir leis an Uirlis tacaíochta oiriúnúcháin ar An talamh a ullmhú le haghaidh oiriúnú.

    Céim 2:     Measúnuithe a dhéanamh ar rioscaí an athraithe aeráide agus leochaileacht ina leith

    Le Céim 2 de na treoirlínte cuideofar chun na nithe seo a leanas a dhéanamh:

    croí-eilimintí an mheasúnaithe ar rioscaí an athraithe aeráide agus leochaileacht ina leith a bhunú;

    measúnú a dhéanamh ar thionchair shóisialta an athraithe aeráide;

    measúnú a dhéanamh ar rioscaí trasteorann agus cascáideacha;

    cinneadh a dhéanamh maidir leis na critéir le haghaidh rioscaí ‘inghlactha’ agus riachtanais oiriúnúcháin a chur in ord tosaíochta.

    Tar éis an bealach a réiteach chun tacú le plean nó le straitéis um oiriúnú aeráide, is é an dara céim measúnú a dhéanamh ar thionchar an athraithe aeráide agus ar an leochaileacht ina leith. Is é is cuspóir don mheasúnú sin a shuíomh cé na tionchair ionchasacha a bheidh ag an athrú aeráide i limistéar áirithe, cé na rioscaí a bhaineann leis na tionchair sin i limistéar nó earnáil áirithe agus tosaíocht a thabhairt do na rioscaí lena n-éilítear freagraí níos láithrí.

    Chun éifeachtacht chuí na straitéisí nó na bpleananna um an oiriúnú don aeráid a áirithiú, meastar gur dea-chleachtas é an measúnú a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta – i gcomhthráth le gach nuashonrú ar an straitéis/plean ar a laghad. I measc na dtairbhí a bhaineann le déanamh amhlaidh, tá na nithe seo a leanas:

    athruithe ábhartha ar rioscaí agus leochaileachtaí atá ann cheana a rianú, lena n-áirítear na rioscaí fisiceacha a bhaineann le bonneagar agus tionchair shocheacnamaíocha agus sláinte ar phobail;

    rioscaí agus leochaileachtaí nua atá ag teacht chun cinn a shainaithint, ar rioscaí agus leochaileachtaí iad a bhféadfadh tionchair mhóra eacnamaíocha, sóisialta agus/nó chomhshaoil a bheith acu amach anseo;

    deiseanna nua a thagann chun cinn de bharr an athraithe aeráide a shainaithint.

    Go ginearálta, ba cheart an measúnú a bhunú ar an eolaíocht aeráide is déanaí chun daonraí, bonneagair fhíor-riachtanacha agus earnálacha atá leochaileach go háirithe maidir leis an athrú aeráide a shainaithint, an treo straitéiseach foriomlán a leagan amach don bheartas oiriúnúcháin agus bonn eolais a chur faoin gcinnteoireacht ar bhonn leanúnach.

    Céim 2.a.   Modheolaíocht chuimsitheach a fhorbairt chun measúnú a dhéanamh ar thionchar an athraithe aeráide

    Sampla cáis 2: oiriúnú do thionchair tonnta teasa in aeráid athraitheach in Botkyrka, an tSualainn

    Tá méadú tagtha ar thonnta teasa sa tSualainn le deacáidí anuas, rud a fhágann go bhfuil méadú ag teacht ar bhásmhaireacht. In 2010, bhí teochtaí arda ann ar feadh tamall fada i mbardas Botkyrka, agus dá thoradh sin bhí fadhbanna ann do dhaoine scothaosta in árais seanóirí agus i dtithe altranais. Rinneadh iarrachtaí fairsinge i mbardas Botkyrka, trí bhíthin tionscadail laistigh de chlár Climatools go páirteach, chun an riosca don tsláinte a bhaineann le tonnta teasa a laghdú. Cuireadh oiliúint ar bhaill foirne in árais seanóirí agus i dtithe altranais ar na rioscaí a bhaineann le tonnta teasa agus ar a bhfuil le déanamh i gcás rabhaidh maidir le tonnta teasa. Más gá, is féidir foireann bhreise a ghlaoch isteach chun tuilleadh tacaíochta a áirithiú lena áirithiú go bhfuil cúram cuí á sholáthar. Dá bhrí sin, le linn na toinne teasa in 2018, bhí an bardas ullmhaithe agus feistithe i bhfad níos fearr ná mar a bhí sna blianta roimhe sin. Táthar ag tacú le gníomhaíochtaí in Botkyrka freisin a bhfuil sé d’aidhm acu feabhas a chur ar chompord teirmeach faoi dhíon agus ‘spotaí fionnuara’ a chruthú i limistéir éagsúla den chathair.

    Image 3

    Tá modheolaíocht an mheasúnúcháin mar bhonn chun rioscaí agus leochaileachtaí a mheas i gceart. Áirithítear leis freisin gur féidir an measúnú a fhorghníomhú go réasúnta tapa arís amach anseo, gan modheolaíocht nua a fhorbairt gach uair. Moltar na heilimintí seo a leanas de mhodheolaíocht láidir chun measúnú inchreidte a sholáthar ar rioscaí agus leochaileachtaí aeráide:

    Ba cheart an measúnú a fhorbairt ar bhonn na heolaíochta agus an eolais is déanaí, chun beachtas agus ábharthacht a ráthú leis na réamh-mheastacháin atá ann faoi láthair ar thionchair an athraithe aeráide amach anseo. Faisnéis maidir le treochtaí na ndálaí aeráide atá ann faoi láthair agus na réamh-mheastacháin is déanaí ar chásanna aeráide amach anseo, lena n-áirítear feiniméin dar tús mall agus teagmhais adhaimsire, ba cheart iad a bheith mar chuid den mheasúnú. Is féidir faisnéis atá ar fáil maidir le bagairtí agus deiseanna do thíre amach anseo a bhailiú agus a anailísiú bunaithe ar raon leathan tuarascálacha agus measúnuithe leochaileachta arna ndéanamh ag an bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide, ag an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, ag an Airmheán Comhpháirteach Taighde nó trí chlár taighde 2020 Fhís Eorpach.

    Ba cheart an measúnú a bhunú ar thorthaí tástála struis, ag díriú go háirithe ar bhonneagair agus ar chórais lena soláthraítear seirbhísí criticiúla. Le tástálacha struis aeráide sainaithnítear rioscaí ionchasacha in earnáil nó i gcóras sainithe (amhail sláinte phoiblí, sábháilteacht agus slándáil uisce, nó sábháilteacht agus slándáil bia) de bharr guaiseacha a bhaineann leis an aeráid, amhail tuilte, teas, triomach, stoirmeacha, etc. Is é an chéad chéim de thástáil struis na guaiseacha ionchasacha a bhaineann leis an aeráid i limistéar áirithe a shainaithint. Baineann an dara céim le hiniúchadh a dhéanamh ar leochaileachtaí ginearálta maidir le guaiseacha aeráide in earnáil áirithe, agus is féidir an t-iniúchadh sin a chomhlánú le measúnú domhain ar leochaileacht. Ba cheart cuimhneamh ar thástálacha struis agus measúnuithe leochaileachta eile freisin a dhéantar maidir le sraith níos leithne de rioscaí tubaiste nach mbaineann leis an aeráid (8). Is féidir torthaí na tástála struis a úsáid le haghaidh na straitéise um an oiriúnú don aeráid. Is sampla de dhea-chleachtas agus na torthaí á n-aistriú é an úsáid a bhaintear as ‘idirphlé maidir le rioscaí’ san Ísiltír. Is féidir tuilleadh faisnéise maidir le tástáil struis agus idirphlé maidir le rioscaí a fháil in Iarscríbhinn II.

    Ba cheart an measúnú a dhéanamh ar leibhéal bonnlíne, ar cheart é a thabhairt cothrom le dáta le gach nuashonrú ar an measúnú. Tagraítear leis an leibhéal bonnlíne anseo do phointe tagartha a bhaineann le staid na haeráide agus an leochaileacht a bhaineann go sonrach le suíomh i limistéar. Tá bonnlínte atá deartha go cúramach fíor-riachtanach chun an méid a baineadh amach trí chur chun feidhme a thomhas ag céim níos déanaí agus cuirtear feabhas leo ar an bpróiseas faireacháin agus meastóireachta.

    Ba cheart, más féidir, faisnéis chainníochtúil a áireamh sa mheasúnú maidir le tionchar an athraithe aeráide (damáiste fisiceach, tionchar ar an tsláinte, tionchar eacnamaíoch agus fioscach).

    Ba cheart tráthchlár soiléir a áireamh sa mheasúnú chun an measúnú féin a fhorghníomhú, agus tráthchlár do na rioscaí aeráide lena bhfuil coinne amach anseo. Mar shampla, is féidir coinne a bheith le tionchair dhifreáilte sa ghearrthéarma (2030idí), sa mheántéarma (2050idí) agus san fhadtéarma (2100idí).

    Ba cheart aghaidh a thabhairt sa mheasúnú ar bhearnaí eolais agus éiginnteachtaí, agus is dúshlán ar leith atá i gceist leis sin le linn a bheith ag déileáil le rioscaí an athraithe aeráide agus leis an oiriúnú dó. Ní mór méid na bearna eolais a chur san áireamh sa mhodheolaíocht le haghaidh tástálacha struis agus dearadh straitéisí oiriúnúcháin ar bhonn níos leithne. Trí bhearnaí eolais a dhéanamh follasach agus aghaidh a thabhairt orthu sa straitéis um an oiriúnú don aeráid, féadfar comhroinnt dea-chleachtais, taighde agus foghlaim shóisialta a dhreasú freisin chun an easpa eolais a laghdú. Thairis sin, chun aghaidh a thabhairt ar éiginnteachtaí, tá sé ríthábhachtach beartas measúnúcháin agus oiriúnúcháin a fhorbairt nach nglacfar le haon chás todhchaí amháin ann, ach le roinnt cásanna todhchaí, mar a pléadh cheana.

    Céim 2.b.   Cuimhneamh ar thionchair shóisialta an athraithe aeráide

    Is féidir le tosca nach mbaineann leis an aeráid difear nach beag a dhéanamh do leochaileacht i leith iarmhairtí aeráide. Bíonn tionchar díréireach ag an athrú aeráide ar ghrúpaí sóisialta agus limistéir gheografacha áirithe mar gheall ar nochtadh éagothrom nó leochaileachtaí atá ann cheana maidir le tionchair an athraithe aeráide. Mar shampla, tá leochaileacht níos airde ann ó thaobh na bitheolaíochta de i gcás mná torracha, leanaí, daoine scothaosta agus daoine atá faoi mhíchumas áirithe i leith an iliomad iarmhairtí aeráide. Tá tosca riosca sóisialta chomh tábhachtach céanna. Mar shampla, d’fhéadfadh sé go mbeadh i gceist le rachmas airgeadais go bhfuil níos mó acmhainní le cur in oiriúint, agus tá sé suntasach go bhfuil an líon ban atá faoi bhochtaineacht fós níos airde san Aontas ná an líon fear atá faoi bhochtaineacht agus go bhfuil comhghaol láidir idir bochtaineacht na mban agus bochtaineacht leanaí. Dá bhrí sin, is féidir gur measa na neamhionannais atá ann cheana de bharr an athraithe aeráide, agus go gcruthófaí neamhionannais nua dá bharr. De réir Thuarascáil Sintéise 2023 ó IPCC, Achoimre do lucht ceaptha beartas, ‘géaraítear an leochaileacht de bharr éagothroime agus imeallú atá nasctha, mar shampla, le hinscne, eitneachas, ioncaim ísle, socraíochtaí neamhfhoirmiúla, míchumas, aois, agus patrúin stairiúla agus leanúnacha éagothroime amhail an coilíneachas, go háirithe do roinnt mhaith Pobail Dhúchasacha agus pobail áitiúla’.

    Dá bhrí sin, moltar ní hamháin tionchair fhisiceacha an athraithe aeráide a chur san áireamh sa mheasúnú, ach tosca sóisialta freisin, agus go gcuirfear san áireamh ní hamháin éifeachtaí ‘oibiachtúla’ an athraithe aeráide ar ghrúpaí sóisialta agus ar limistéir gheografacha éagsúla, ach difríochtaí inscne maidir le braistint riosca freisin, mar shampla. Neartaítear leis sin cruthú ‘athléimneachta córa’ sa straitéis measúnúcháin agus oiriúnúcháin, a mheastar a bheith ríthábhachtach chun an inniúlacht a fhorbairt d’fhonn na tairbhí a sholáthraítear le gníomhaíochtaí oiriúnúcháin le haghaidh pobail leochaileacha a oiriúnú agus leas a bhaint astu. Déantar tábhacht na hathléimneachta córa a fhorbairt tuilleadh in Iarscríbhinn II agus tugtar sampla de dhea-chleachtas sa bhosca téacs thuas.

    Gné shóisialta ar leith nach mór a chumhdach is ea an tionchar ar shaol na hoibre. Dá réir sin, ní mór na hathruithe lena bhfuil coinne ar mhodhanna oibre laistigh de ghairmeacha a chur i láthair sna measúnuithe, lena n-áirítear caighdeáin sábháilteachta agus sláinte gairme a dheartar i bhfianaise na n-athruithe ar an gcomhshaol fisiceach, athruithe ar chomhdhéanamh earnálach na fostaíochta, athsciliú agus athcháiliú oibrithe le haghaidh athléimneacht chóir agus chothrom, agus cruthú post i ngníomhaíochtaí, amhail an tógáil, lena rannchuidítear go díreach leis an oiriúnú. Ní mór rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta sa phleanáil do na forbairtí uile a luaitear thuas a áirithiú.

    Céim 2.c.   Cuimhneamh ar rioscaí trasteorann agus cascáideacha

    Is fírinne chomhroinnte é an riosca aeráide, ós rud é nach gá go mbíonn guais a bhaineann leis an aeráid teoranta do chríoch Ballstáit amháin den Aontas ach go bhféadfadh sé tarlú i gcríoch thrasteorann, rud a dhéanann difear do réigiúin teorann dhá Bhallstát chomharsanacha nó níos mó den Aontas dá bhrí sin. Fiú i gcás nach dtarlaíonn guais a bhaineann leis an aeráid ach i gcríoch Ballstáit amháin den Aontas, is féidir cuid mhór iarmhairtí a bheith ann mar thoradh air sin, ar iarmhairtí iad a dhéanann difear do shaolta agus gairmeacha beatha daoine ar an dá thaobh de theorainneacha náisiúnta. De bharr idirspleáchais chríochacha, eacnamaíocha, chomhshaoil agus shóisialta idir tíortha, moltar dá bhrí sin go ndéanfaí rioscaí trasteorann agus cascáideacha a chur san áireamh sa mheasúnú. Ó tharla gur freagracht chomhroinnte é an riosca aeráide, is amhlaidh nach mór an t-oiriúnú a bheith ina fhreagracht chomhroinnte freisin. Gníomhaíochtaí trasteorann lena dtugtar aghaidh ar an athrú aeráide agus lena bhforbraítear freagraí oiriúnúcháin i gcomhpháirt, tá siad ar siúl cheana féin i réigiúin den Eoraip, amhail i réigiún na nAlp, Sléibhte Cairp, iarthuaisceart na hEorpa, oirdheisceart na hEorpa, Muir Bhailt agus idir thíortha in Imchuach na Danóibe, agus tacaítear leis na gníomhaíochtaí sin uile trí mhaoiniú ón Aontas.

    Is féidir a éifeachtaí trasteorann féin a bheith ag an oiriúnú, lena neartaítear athléimneacht réigiún áirithe ach réigiúin eile a bheith thíos leis, agus lena n-athdháiltear leochaileacht seachas í a laghdú. Dá bhrí sin, ní ar an scála náisiúnta amháin a fhorbraítear athléimneacht chóir, ach ar an scála réigiúnach, trasteorann agus idirnáisiúnta freisin. I measc na nithe is féidir a chur san áireamh le sraith níos leithne tíortha seachas comharsana díreacha amháin, tá trádáil, imirce aeráide, éagobhsaíocht, etc. Is féidir measúnuithe riosca bunaithe ar na hábhair sin a bheith mar bhoinn eolais chun bearta oiriúnúcháin coincréiteacha a dhearadh atá dírithe ar athléimneacht a fhorbairt laistigh de theorainneacha náisiúnta nó tharstu. Ba cheart measúnuithe riosca ar raon níos leithne rioscaí tubaiste a chur san áireamh freisin sa chomhthéacs sin mar mheasúnuithe comhlántacha ar rioscaí trasteorann agus cascáideacha.

    Céim 2.d.   Measúnú a dhéanamh ar thionchair agus leochaileachtaí a sainaithníodh agus tosaíocht a thabhairt dóibh don straitéis oiriúnúcháin

    Bunaithe ar thorthaí an mheasúnaithe riosca ar an athrú aeráide agus leis na tionchair agus na leochaileachtaí a sainaithníodh, is féidir tosaíocht a thabhairt do phríomhghuaiseacha/príomhearnálacha (9) . Ba cheart ceann amháin de dhá chonair a leanúint le struchtúr na coda sin den mheasúnú: díriú ar na príomhghuaiseacha agus na príomhrioscaí ar fud earnálacha nó limistéir áirithe, nó ar na príomhearnálacha nó na príomhlimistéir a ndéantar difear dóibh leis an athrú aeráide sa ghearrthéarma (2030idí), sa mheántéarma (2050idí) nó san fhadtéarma (2100idí). Meastar gur dea-chleachtas é díriú ar na limistéir nó na hearnálacha seo a leanas:

    earnálacha agus/nó limistéir atá leochaileach go háirithe maidir leis an athrú aeráide;

    earnálacha agus/nó limistéir a bhfuil a ngníomhaíochtaí ríthábhachtach maidir le hathléimneacht earnálacha eile;

    earnálacha agus/nó limistéir a bhfuil tábhacht nach beag ag baint leo maidir leis an ngeilleagar náisiúnta nó an tsláinte phoiblí, fiú mura bagairt shuntasach é an t-athrú aeráide tráth an mheasúnúcháin.

    Na critéir maidir leis na rioscaí a mheastar a bheith ‘inghlactha’ agus na rioscaí nach bhfuil, braitheann siad go mór ar an gcomhthéacs, ach is sampla dea-chleachtais é cur chuige na hÍsiltíre in idirphléití maidir le rioscaí, mar a thugtar orthu, rud a phléitear in Iarscríbhinn II.

    Go ginearálta, áfach, na príomhábhair imní a n-éilítear freagra tosaíochta ina leith, d’fhéadfadh sé gur tionchair agus rioscaí iad:

    A tharlaíonn inniu nó a bhfuil coinne leis go dtiocfaidh méadú orthu de bharr an athraithe aeráide, forbairt shocheacnamaíoch, nó tiomántóirí eile nach tiomántóirí aeráide iad.

    A bhfuil coinne leis go ndéanfaidh siad difear do bhonneagar nó do chórais chriticiúla a bhfuil saolré fhada acu. Féadfar grinnscrúdú breise a dhéanamh ar na hábhair imní a bhaineann le rioscaí aeráide do bhonneagar nó córais chriticiúla trí úsáid a bhaint as tástálacha struis, rud a phléitear in Iarscríbhinn II.

    A bhfuil coinne leis go ndéanfaidh siad difear buan do chórais.

    Sampla 1 de chuspóirí SMART: na tionchair a bhíonn ag triomach talmhaíochta a chosc agus a laghdú

    Dírítear ar limistéar sonrach leis an gcuspóir: talmhaíocht nó talamh talmhaíochta.

    Tá sé intomhaiste i dtéarmaí próiseas agus torthaí araon. Soláthraítear leis na táscairí a luaitear sna míreanna a leanas roinnt samplaí den chaoi ar cheart dul i ngleic le próisis agus torthaí beartais a thomhas, agus ceadaítear cuir chuige agus táscairí malartacha leo.

    Is éard atá i gceist le táscairí próisis bearta riaracháin, eacnamaíocha, teicneolaíocha nó bearta atá bunaithe ar éiceachórais a cuireadh i bhfeidhm. Mar shampla, an céatadán de thalamh talmhaíochta faoi thacaíocht an Chomhbheartais Talmhaíochta1, an méid tacaíochta airgeadais a sholáthraítear d’fhonn bearta teicniúla a chur chun feidhme chun galú ithreach a laghdú nó chun úsáid éifeachtach uisce uisciúcháin a fheabhsú, etc.

    Is minic gur táscairí ilchodacha iad táscairí toraidh chun triomach talmhaíochta a thomhas, a fhorbraítear de ghnáth ar bhonn táscairí frasaíochta, imghalaithe agus taise ithreach. Sampla de tháscaire ilchodach den sórt sin is ea an Táscaire Triomaigh Comhcheangailte arna fhorbairt ag an bhFaireachlann Eorpach um Thriomach, a úsáidtear chun limistéir a ndéantar difear dóibh le triomach talmhaíochta nó atá i mbaol triomach talmhaíochta atá ar tí tarlú a bhrath agus faireachán a dhéanamh orthu. Cur chuige eile d’fhéadfadh a bheith ann is ea cuimhneamh ar an limistéar iomlán de thalamh talmhaíochta inar tháinig méadú ar inniúlacht an bhonneagair nádúrtha srian a chur le tionchair an athraithe aeráide.

    Tá an cuspóir indéanta i bhfianaise na gcleachtas bainistíochta agus na mbeart teicniúil atá ar fáil.

    Tá sé ábhartha maidir leis an sprioc deiridh a bhaineann le hathléimneacht a fhorbairt.

    Féadfaidh sé a bheith faoi cheangal ama i dtéarmaí thréimhse ama na straitéise nó an phlean gníomhaíochta ar a laghad. Ina theannta sin, moltar spriocanna cainníochtúla a leagan síos chun na tionchair a bhíonn ag triomach talmhaíochta a chosc agus a laghdú go ceann 5 go 10 mbliana. Ba cheart an mheastóireacht a dhéanamh gach 2 bhliain chun sonraí a bhailiú le haghaidh tuarascálacha débhliantúla ar dhul chun cinn an oiriúnaithe i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999.

    1

    Faoi Chomhbheartas Talmhaíochta 2023-2027, leis na caighdeáin maidir le dea-bhail talmhaíochta agus chomhshaoil (GAECanna) tá coinne leis go gcumhdófar gar do 90 % de thalamh talmhaíochta an Aontais (Comhbheartas Talmhaíochta le haghaidh 2023-2027. Sracfhéachaint ar 28 bplean straitéiseacha CBT, aisghabhadh an nasc an 10.2.23).

    Thairis sin, ba cheart grinnscrúdú a dhéanamh ar limistéir nó earnálacha sonracha dá ndéanfar difear le níos mó ná riosca amháin ós rud é go gcruthaítear éileamh níos airde ar oiriúnú iontu.

    Ba cheart torthaí an mheasúnúcháin a chur i láthair ar bhealach lenar féidir an treo straitéiseach a éascú leo i dtéarmaí na físe fadtéarmaí, na gcuspóirí nó na réimsí straitéiseacha meántéarmacha agus na gcuspóirí sonracha gearrthéarmacha. Más féidir, ba cheart na cuspóirí sin a bheith sonrach, intomhaiste, indéanta, ábhartha agus faoi cheangal ama (SMART). Maidir le measúnú a dhéantar ar cé acu atá nó nach bhfuil an cuspóir SMART, braitheann sé ar an gcomhthéacs i gcónaí, agus, i gcásanna áirithe, d’fhéadfadh sé nach féidir na critéir uile a chomhlíonadh. Mar shampla, braitheann tomhas an chuspóra ar mhodheolaíocht oiriúnach a bheith ann agus na sonraí a bheith ar fáil. Áirítear roinnt samplaí de chuspóirí SMART sna boscaí téacs thíos, áfach.

    Sampla 2 de chuspóirí SMART: rioscaí a bhaineann le teocht ard sa tírdhreach uirbeach a laghdú

    Dírítear ar limistéar sonrach leis an gcuspóir: tírdhreach uirbeach.

    Tá sé intomhaiste i dtéarmaí próiseas agus torthaí araon. Soláthraítear leis na táscairí a luaitear sna míreanna a leanas roinnt samplaí den chaoi ar cheart dul i ngleic le próisis agus torthaí beartais a thomhas, agus ceadaítear cuir chuige agus táscairí malartacha leo.

    Is éard atá i gceist le táscairí próisis bearta riaracháin, eacnamaíocha, teicneolaíocha nó bearta atá bunaithe ar éiceachórais a cuireadh i bhfeidhm. Mar shampla, coigeartuithe sonracha ar rialacháin maidir le pleanáil spásúil, an méid tacaíochta airgeadais a sholáthraítear chun limistéir uirbeacha a ghlasú, etc.

    Is féidir na nithe seo a leanas a thomhas le táscairí toraidh:

    Nochtadh foriomlán do theochtaí arda i limistéir uirbeacha. Mar shampla, diall na meánteochta míosúla ón ngnáth-theocht mhíosúil fhadtéarmach, an líon oícheanta trópaiceacha (nuair nach dtiteann an teocht faoi 20 °C), an líon laethanta ina mbíonn tonnta teasa, etc., rud a sholáthraíonn faisnéis úsáideach i gcomparáid leis na sonraí ó limistéir neamhuirbeacha.

    Acmhainneacht oiriúnaitheach do theochtaí arda i limistéir uirbeacha. Mar shampla, an céatadán de limistéir ghlasa sa tírdhreach uirbeach, an meánfhad go dtí an limistéar glas is gaire1, an sciar d’fhoirgnimh atá feistithe le fuarú gníomhach nó éighníomhach, an sciar d’fhoirgnimh a bhfuil insliú teirmeach suiteáilte iontu, etc.

    Íogaireacht do theocht ard i limistéir uirbeacha. Mar shampla, an céatadán de limistéir uirbeacha a aicmítear mar limistéir a bhfuil an-seans ann go dtarlóidh róthéamh iontu, etc. Maidir le sonraí a bhaineann le húsáid talún, léiríodh gur acmhainní úsáideacha iad seirbhísí um fhaire na cruinne amhail Copernicus nó Landsat.

    Grúpa tábhachtach táscairí chun rioscaí a bhaineann le teocht ard a thomhas ní hamháin sa tírdhreach uirbeach is ea táscairí a bhaineann leis an tsláinte. Mar shampla, leochaileacht maidir le nochtadh do theas nó nochtadh daonraí leochaileacha do thonnta teasa, an dá cheann a tugadh isteach sa tuarascáil dar teideal The 2022 Europe report of the Lancet Countdown on health and climate change [Tuarascáil 2022 don Eoraip ar Fhuireachas Lancet maidir leis an tsláinte agus leis an athrú aeráide]. Tá táscairí eile a bhaineann leis an tsláinte agus leis an aeráid atá ábhartha maidir leis an Eoraip ar fáil ag an bhFaireachlann Eorpach Aeráide agus Sláinte.

    Tá an cuspóir indéanta i bhfianaise na roghanna oiriúnúcháin atá ar fáil.

    Tá sé ábhartha maidir leis an sprioc deiridh a bhaineann le hathléimneacht a fhorbairt.

    Féadfaidh sé a bheith faoi cheangal ama i dtéarmaí thréimhse ama na straitéise nó an phlean gníomhaíochta ar a laghad. Ina theannta sin, moltar spriocanna cainníochtúla a leagan síos maidir le rioscaí a bhaineann le teocht ard sa tírdhreach uirbeach a laghdú go ceann 5 go 10 mbliana. Ba cheart an mheastóireacht a dhéanamh gach 2 bhliain chun sonraí a bhailiú le haghaidh tuarascálacha débhliantúla ar dhul chun cinn an oiriúnaithe i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999.

    1

    Mar shampla, tá riail 3-30-300 á cur chun cinn ag IUCN Urban Alliance: gur cheart go mbeadh gach duine in ann trí chrann ar a laghad (de mhéid réasúnta) a fheiceáil óna theach, gur cheart méid íosta 30 faoin gcéad ar a laghad de cheannbhrat na gcrann a bheith i ngach comharsanacht, agus gur cheart gurbh é 300 méadar ar a mhéad an t-achar go dtí an spás glas is gaire (1 heicteár ar a laghad). (Sláinte agus folláine a chur chun cinn trí fhoraoisí uirbeacha – Riail 3-30-300 a thabhairt isteach, aisghabhadh an nasc an 10.2.23).

    Sampla 3 de chuspóirí SMART: cosaint na seirbhísí criticiúla agus an bhonneagair chriticiúil a neartú

    Dírítear ar limistéar sonrach leis an gcuspóir: seirbhísí criticiúla agus bonneagar criticiúil, i.e. soláthar fuinnimh agus uisce, iompar, etc.

    Tá sé intomhaiste i dtéarmaí próiseas agus torthaí araon. Soláthraítear leis na táscairí a luaitear sna míreanna a leanas roinnt samplaí den chaoi ar cheart dul i ngleic le próisis agus torthaí beartais a thomhas, agus ceadaítear cuir chuige agus táscairí malartacha leo.

    Is éard atá i gceist le táscairí próisis na bearta riaracháin, eacnamaíocha, teicneolaíocha nó bearta atá bunaithe ar éiceachórais a cuireadh i bhfeidhm. Mar shampla, in earnáil an fhuinnimh, éagsúlú na slabhraí soláthair chun aghaidh a thabhairt ar chineálacha iomadúla suaití, athshocrú na saoráidí is leochailí, etc.

    Le táscairí toraidh, mar shampla, in earnáil an iompair, is féidir na nithe seo a leanas a thomhas:

    Nochtadh, lena n-áirítear an céatadán de na timpistí uile atá bainteach le tosca a bhaineann leis an aimsir, an céatadán de na caiteachais uile ar chothabháil bóithre a shanntar chun an damáiste don bhonneagar de thoradh na haimsire a théarnamh, an céatadán den ghréasán bóithre E atá lonnaithe i limistéir an bhfuil an-seans ann go dtarlóidh tuile Q20 iontu1, etc.

    Acmhainneacht oiriúnaitheach, lena n-áirítear méid an bhonneagair a chumhdaítear le córais faireacháin agus rabhaidh, an céatadán d’fheithiclí iompair phoiblí cathrach atá feistithe le haerchóiriú san urrann phaisinéirí, etc.

    Íogaireacht, lena n-áirítear méid an bhonneagair a bhfuil feidhm ag Treoraíocht theicniúil 2021-2027 maidir le himdhíonadh an bhonneagair ó thaobh aeráide de ina leith, an céatadán den iompar ar uiscebhealaí intíre san feidhmíocht fhoriomlán iompair, etc.

    Tá an cuspóir indéanta i bhfianaise na roghanna oiriúnúcháin atá ar fáil.

    Tá sé ábhartha maidir leis an sprioc deiridh a bhaineann le hathléimneacht a fhorbairt.

    Féadfaidh sé a bheith faoi cheangal ama i dtéarmaí thréimhse ama na straitéise nó an phlean gníomhaíochta ar a laghad. Ina theannta sin, moltar spriocanna cainníochtúla a leagan síos chun cosaint an bhonneagair chriticiúil a neartú go ceann 5 go 10 mbliana. Ba cheart an mheastóireacht a dhéanamh gach 2 bhliain chun sonraí a bhailiú le haghaidh tuarascálacha débhliantúla ar dhul chun cinn an oiriúnaithe i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999.

    1

    Tuilte arb é 20 bliain an tréimhse inar féidir leo teacht ar ais.

    Cuid lárnach de gach straitéis um an oiriúnú don aeráid is ea measúnuithe a dhéanamh ar rioscaí an athraithe aeráide agus leochaileacht ina leith. I dteannta breithnithe coitianta ar an modheolaíocht, amhail éiginnteachtaí agus tráthchláir, tá sé ríthábhachtach na hiarmhairtí sóisialta a bhaineann leis an athrú aeráide a chur san áireamh trí athléimneacht chóir a spreagadh agus cineál trasteorann agus cascáideach na rioscaí a bhaineann leis an athrú aeráide a chur san áireamh. Is ansin amháin a bheifear in ann measúnú ceart a dhéanamh agus tionchair agus leochaileachtaí a chur in ord tosaíochta chun straitéis chuimsitheach um an oiriúnú don aeráid a áirithiú.

    Chun tuilleadh faisnéise a fháil maidir leis an measúnú a dhéanamh ar rioscaí agus leochaileachtaí an athraithe aeráid, féach freisin an roinn maidir leis an Uirlis tacaíochta oiriúnúcháin ar Measúnú a dhéanamh ar rioscaí agus leochaileachtaí an athraithe aeráide.

    Céim 3:     Roghanna oiriúnúcháin a shainaithint agus a chur in ord tosaíochta

    Le Céim 3 de na treoirlínte cuidítear chun na nithe seo a leanas a dhéanamh:

    roghanna oiriúnúcháin a shainaithint;

    measúnú a dhéanamh ar roghanna oiriúnúcháin agus iad a chur in ord tosaíochta;

    mí-oiriúnú a chosc;

    déileáil leis an éiginnteacht a bhaineann le tionchair an athraithe aeráide.

    An chéim ina dhiaidh sin maidir le straitéis agus/nó plean um oiriúnú a fhorbairt is ea roghanna oiriúnúcháin ionchasacha a shainaithint, faisnéis ábhartha a bhailiú le haghaidh na roghanna sin agus iad a chur in ord tosaíochta bunaithe ar an ngnóthachan is fearr nó ar an gcosc ar an gcaillteanas is mó.

    Céim 3.a.   Roghanna oiriúnúcháin a shainaithint agus punann roghanna a chruthú

    Chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní a sainaithníodh roimhe seo maidir leis na tionchair dhiúltacha a bhaineann leis an athrú aeráide, is féidir roghanna oiriúnúcháin ábhartha a shainaithint agus iad a chur le chéile i bpunann. Is féidir cuimhneamh ar roghanna oiriúnúcháin ó fhoinsí éagsúla, amhail léirmheasanna litríochta (e.g., ardán CLIMATE-ADAPT, torthaí tionscadail, beartais atá ann cheana), comhairliúchán le saineolaithe eolaíocha agus/nó comhghleacaithe ó údaráis eile, agus trí rannpháirtíocht páirtithe leasmhara. Le linn straitéis um oiriúnú don aeráid a thabhairt cothrom le dáta, bearta oiriúnúcháin a cuireadh chun feidhme go rathúil, ba cheart a gcuspóir a athrú agus iad a chur in ord tosaíochta, agus ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar bhearta a cuireadh chun feidhme ach nár éirigh leo agus iad a choigeartú.

    Ní dhírítear ar nochtadh do rioscaí aeráide a sheachaint nó a laghdú amháin le roghanna oiriúnúcháin, lena n-áirítear trí chosaintí tuilte a thógáil. Féadfar a áireamh ar roghanna oiriúnúcháin glacadh le tionchair aeráide agus le caillteanais aeráide trí chúlú ó limistéar áirithe freisin. De rogha air sin, is féidir díriú le roghanna oiriúnúcháin ar leas a bhaint as deiseanna nua de thoradh an athraithe aeráide freisin, lena n-áirítear dálaí talmhaíochta difriúla (agus feabhsaithe fiú). Féadfaidh socruithe comhroinnte rioscaí a bheith i gceist leis an oiriúnú airgeadais , lena n-aistrítear rioscaí trí árachas tubaistí, lena gcoinnítear rioscaí de réir coinníollacha a shainítear go soiléir agus lena n-ionsúitear cuid den tionchar trí mhaoláin airgeadais phearsanta.

    Chun tuilleadh faisnéise a fháil maidir le roghanna oiriúnúcháin a shainaithint agus punann roghanna a chruthú, féach freisin an roinn maidir leis an Uirlis tacaíochta oiriúnúcháin ar Roghanna oiriúnúcháin a shainaithint.

    Céim 3.b.   Measúnú a dhéanamh ar roghanna oiriúnúcháin agus iad a chur in ord tosaíochta

    Sampla cáis 3: díonta glasa in Basel, an Eilvéis – bearta maolúcháin agus oiriúnúcháin á dtabhairt le chéile

    Agus 5.71 m2 ann in aghaidh an áitritheora in 2019, is i gcathair Basel san Eilvéis atá an t-achar díonta glasa is mó per capita ar domhan. Ba iad cláir caomhnaithe fuinnimh, agus ina dhiaidh sin caomhnú na bithéagsúlachta, a spreag tionscnaimh arbh é is aidhm dóibh díonta glasa a mhéadú in Basel. Cuireadh díonta glasa chun cinn in Basel trí infheistíocht i gcláir dhreasachta, lenar soláthraíodh fóirdheontais chun díonta glasa a shuiteáil. Cistíodh na cláir ón gCiste Caomhnaithe Fuinnimh, arbh ionann é agus 5 % de bhillí fuinnimh uile na gcustaiméirí i gcantún Basel. In 2002, ritheadh leasú ar Dhlí Tógála agus Foirgníochta Basel. Éilítear leis an dlí nach mór gach díon cothrom atá nua nó athchóirithe a ghlasú, anuas ar threoirlínte gaolmhara maidir le dearadh. Neartaíodh an ceanglas sin in 2010 trí rialachán dlí eile lenar sainordaíodh díonta glasa do gach díon cothrom, dá mba chuid d’iarfheistiú foirgnimh é, agus i ngach foirgneamh nua ar a bhfuil díonta cothroma. Tá coinne leis go mbeidh buntáistí oiriúnúcháin ann de bharr na straitéise um dhíonta glasa in Basel, mar atá teochtaí níos ísle agus sreabhadh laghdaithe de dhroim talún.

    Image 4

    Tar éis roghanna oiriúnúcháin a bheith leagtha amach, le critéir is féidir cuidiú chun measúnú a dhéanamh ar na roghanna sin agus iad a chur in ord tosaíochta bunaithe ar chomhthéacs áitiúil. Ba cheart roghanna lena gcuidítear ar an mbealach is éifeachtaí agus is éifeachtúla chun spriocanna agus cuspóirí oiriúnúcháin a bhaint amach a áireamh sa straitéis. Is féidir éifeachtacht rogha oiriúnúcháin a shuíomh, ag brath ar a chineál. Mar shampla, trí bhreathnú ar acmhainneacht na rogha chun riosca(í) ar leith a laghdú, lena n-áirítear an phráinn atá leis an nguais nó an riosca aeráide arb é is aidhm don rogha é a mhaolú. Is féidir éifeachtúlacht rogha oiriúnúcháin a shuíomh trí anailís costais is tairbhe, ar féidir í a dhéanamh i dtéarmaí neamhairgeadaíochta freisin.

    Is gá aird ar leith a thabhairt agus cuimhneamh á dhéanamh ar chuspóirí níos leithne sóisialta (comhionannas cosanta, tairbhí don tsláinte agus don fholláine), eacnamaíoch (ualach an oiriúnaithe) agus comhshaoil (iarmhairtí diúltacha chomh maith le comhthairbhí maidir le maolú aeráide agus spriocanna comhshaoil eile), agus gnéithe eile le linn measúnú a dhéanamh ar roghanna oiriúnúcháin, chun tarlúintí mí-oiriúnúcháin a laghdú. Tá plé níos mionsonraí air seo in Iarscríbhinn II. Ba cheart cuimhneamh ar roghanna oiriúnúcháin eile de chineál claochlaitheach freisin – amhail malairt áit chónaithe a chur ar fáil do ghrúpa daoine i limistéar íseal áirithe – bacainní agus féidearthacht fhoriomlán agus an glacadh sóisialta, iarmhairtí sóisialta agus srianta buiséid á gcur san áireamh.

    Is féidir comhthairbhí a bheith ann i réimsí eile de thoradh roghanna oiriúnúcháin, amhail an bhithéagsúlacht, maolú aeráide, an geilleagar ciorclach, nó sláinte agus folláine an duine: ba cheart na roghanna sin a chur in ord tosaíochta. Mar shampla de chomhthairbhí, soláthraítear deis le haghaidh oiriúnú aeráide ach aistriú go geilleagar ciorclach, tríd an ngá atá againn le hacmhainní a laghdú agus luach na dtáirgí agus na n-ábhar atá ann cheana a choinneáil, go háirithe d’ainneoin ganntanas agus luaineacht praghsanna. Le geilleagar ciorclach rannchuidítear chun an dúlra agus éicisheirbhísí a athghiniúint freisin.

    Is bonn iad torthaí an mheasúnúcháin chun roghanna oiriúnúcháin a chur in ord tosaíochta. Ba cheart an t-ord tosaíochta sin a bhunú ar anailísí ilchritéar más féidir.

    Tá éiginnteacht ann maidir le tionchair an athraithe aeráide amach anseo i limistéir nó in earnálacha áirithe. Mar sin féin, ní chiallaíonn sé sin gur cheart a bheith neamhghníomhach i leith an oiriúnaithe. Is féidir próisis chinnteoireachta a éascú má bhíonn éiginnteacht ann trí dhíriú ar roghanna oiriúnúcháin lena n-íoslaghdaítear na rioscaí a bhaineann le cur chun feidhme, fiú má bhíonn éiginnteachtaí gaolmhara ann maidir le rioscaí agus tairbhí na roghanna:

    ‘roghanna gan aiféala’ costéifeachtach faoi na dálaí aeráide atá ann faoi láthair agus is fiú iad gan beann ar mhéid an chomhthéacs a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo maidir leis an athrú aeráide, lena n-áirítear foirgníocht a sheachaint i limistéir ardriosca nó foirgnimh a dhearadh le bheith díonach ar theas le linn mhíonna an tsamhraidh.

    Baineann costais réasúnta íseal le ‘roghanna íseal-aiféala’ agus soláthraítear buntáistí réasúnta móra leo faoi aeráidí a thuartar don todhchaí, lena n-áirítear trí cheangal a chur uisce báistí a bhailiú agus uisce liath a athchúrsáil i bhforbairtí nua.

    Le ‘roghanna ina bhfuil buntáiste ag gach taobh’ rannchuidítear chun oiriúnú a dhéanamh do ghuais aeráide, agus an tráth céanna rannchuidítear chun spriocanna sóisialta, comhshaoil nó eacnamaíocha eile a bhaint amach, lena n-áirítear réitigh dhúlrabhunaithe amhail díonta glasa agus ballaí glasa a shuiteáil lena méadaítear an bhithéagsúlacht nó tuilleadh crann a phlandáil i spásanna oscailte. Is féidir teacht ar shampla dea-chleachtais sa bhosca téacs a ghabhann le sampla cáis 3.

    Is furasta ‘roghanna bainistíochta solúbtha nó oiriúnaitheacha’ a choigeartú, agus costais ísle ag baint leis sin, má thagann athrú ar chúinsí aeráide i gcomparáid leis na réamh-mheastacháin tosaigh.

    Le ‘roghanna lena mbaineann tairbhí iomadúla’ féadfar rannchuidiú le spriocanna iomadúla amhail maolú, laghdú ar rioscaí tubaiste, bainistíocht chomhshaoil, nó inbhuanaitheacht.

    Is minic a sholáthraítear roghanna éifeachtúla, costéifeachtacha agus oiriúnaitheacha le réitigh dhúlrabhunaithe, rud ar a bhfuil plé níos mionsonraí in Iarscríbhinn II.

    Chun tuilleadh faisnéise a fháil maidir le roghanna oiriúnúcháin a chur in ord tosaíochta, féach freisin an roinn maidir leis an Uirlis tacaíochta oiriúnúcháin ar Measúnú a dhéanamh ar roghanna oiriúnúcháin.

    Céim 4:     Plean gníomhaíochta a fhorbairt agus gníomhaíochtaí oiriúnúcháin a chur chun feidhme

    Le Céim 4 de na treoirlínte cuideofar chun na nithe seo a leanas a dhéanamh:

    roghanna oiriúnúcháin a chasadh ina ngníomhaíochtaí oiriúnúcháin;

    plean gníomhaíochta um oiriúnú a chruthú;

    an bealach a réiteach le haghaidh cur chun feidhme trí chonairí oiriúnúcháin.

    Le plean gníomhaíochta um oiriúnú aistrítear na roghanna oiriúnúcháin a mholtar ina ngníomhaíochtaí oiriúnúcháin sonracha is féidir a chur chun feidhme. Go ginearálta, mionsonraítear sa phlean an méid nach mór a dhéanamh (cé agus cathain), riachtanais, leithdháileadh agus infhaighteacht acmhainní. Dá bhrí sin, is cuid lárnach d’aon straitéis um oiriúnú iad pleananna gníomhaíochta um oiriúnú ós rud é go n-éascaítear cur chun feidhme gníomhaíochtaí oiriúnúcháin leo. Is gnách go gcumhdaítear tréimhse ama níos giorra sa phlean gníomhaíochta, murab ionann agus an straitéis um an oiriúnú don aeráid, agus déantar athbhreithniú níos tráthrialta air. Dá bhrí sin, féadfar cur chun feidhme straitéis amháin um an oiriúnú don aeráid a chumhdach le pleananna gníomhaíochta iomadúla.

    Céim 4.a.   Eilimintí fíor-riachtanacha de phlean gníomhaíochta um oiriúnú

    Sampla cáis 4: an t-oiriúnú a phríomhshruthú sa bhainistiú uisce le haghaidh cosaint ar thuilte in Isola Vicentina, an Iodáil

    In Isola Vicentina (an Iodáil) síníodh tionscnamh ‘Mayors Adapt’ an Aontais in 2014 agus ó shin i leith cuireadh tús leis an bpróiseas chun a Phlean bainistíochta uisce bhardasaigh (PBUB) a fhorbairt chun an t-oiriúnú don athrú aeráide a chomhtháthú ina chuid beartas bainistíochta uisce. Rinneadh anailís sa phlean ar gach dobharcheantar, abhann agus sruth a théann tríd an mbardas, agus rinneadh measúnú ar uasráta a sreafa uisce agus méid na dtonnta agus na dtuilte le tréimhsí éagsúla inar féidir leis na tuilte teacht ar ais (5, 10, 20, 30, 100 agus 300 bliain). Ba iad na saincheisteanna criticiúla a sainaithníodh an pointe tosaigh chun bearta coisctheacha agus ullmhachta a phleanáil, chomh maith le thart ar 50 beart cosanta poncúil, amhail: (i) creat rialacháin bainistíochta agus cothabhála a ghlacadh maidir le díoga beaga príobháideacha, (ii) tá ceann de na trí limistéar coinneála uisce a beartaíodh á thógáil faoi láthair, agus (iii) limistéar píolótach 10 heicteár a shainaithint chun ionsamhlú a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir feabhas a chur ar athléimneacht na críche bardasaí i leith tuilte agus sciorrthaí talún trí choillearnacha a chaomhnú.

    Image 5

    Céimeanna agus conairí cur chun feidhme, lena gcuirtear san áireamh an éiginnteacht maidir le tionchair an athraithe aeráide sa ghearrthéarma (2030idí), sa mheántéarma (2050idí), nó san fhadtéarma (2100idí). Féadfar plean gníomhaíochta um oiriúnú a struchtúrú i gconairí oiriúnúcháin, inarb éard atá sa scéim cur chun feidhme le haghaidh gach rogha oiriúnúcháin seicheamh beart i dtreo sprioc oiriúnúcháin dheiridh. Dá bhrí sin, tá conair oiriúnúcháin cosúil le crann cinntí agus, ós rud é gur féidir bearta a chur chun feidhme de réir a chéile, ceadaítear pleanáil sholúbtha beartais leo. Teagmhais adhaimsire a tharlaíonn de thoradh na haeráide nó athruithe ar an aeráid a réamh-mheastar don todhchaí, féadfaidh siad sásra athbhreithnithe a spreagadh lena fhéachaint an gcomhlíontar an cuspóir oiriúnúcháin le conair oiriúnúcháin fós.

    Fíor 2

    Sampla de chonair oiriúnúcháin le haghaidh bainistiú acmhainní uisce.

    Image 6

    Foinse:

    Kingsborough et al., 2016.

    Ionstraimí lena soláthraítear pointí iontrála le haghaidh cur chun feidhme agus príomhshruthú, i.e., oiriúnú a chomhtháthú i mbeartais agus in ionstraimí earnála eile. Níor cheart an t-oiriúnú a dhéanamh ar leithligh ó bheartais atá i bhfeidhm faoi láthair. Dá bhrí sin, ba cheart naisc a chruthú idir an t-oiriúnú agus ionstraimí atá ann cheana a chur chun cinn. Ba cheart tairbhe a bhaint as sineirgí le beartais agus uirlisí náisiúnta atá ann cheana. I measc na bpríomhionstraimí a úsáidfear mar phointí iontrála chun an t-oiriúnú a chomhtháthú, tá: reachtaíocht, straitéisí atá ann cheana, caighdeáin, uirlisí pleanála, creataí measúnaithe, cláir thaighde agus forbartha, líonraí agus meithleacha. Mar sin féin, níor cheart príomhshruthú an oiriúnaithe sin a theorannú do spriocanna, roghanna agus gníomhaíochtaí earnáilsonracha a shocrú sa straitéis um oiriúnú amháin. Meastar gur dea-chleachtas é athbhreithniú a dhéanamh ar chomhsheasmhacht na mbeart ábhartha uile le spriocanna agus cuspóirí oiriúnúcháin chomh maith leis an méid a rannchuidítear le gach beartas le réitigh oiriúnúcháin. Tá plé ar shampla dea-chleachtais sa bhosca téacs a ghabhann le sampla cáis 4.

    Is réimse beartais cothrománach tábhachtach í an ghné mhacraifhioscach den oiriúnú don aeráid. Tá ábharthacht mhacraifhioscach ag baint leis an athrú aeráide ó tharla go mbíonn tionchar aige ar chaiteachas agus ioncam poiblí araon. Mar sin féin, ní léirítear an t-athrú aeráide agus na rioscaí fioscacha a bhaineann leis ach go pointe an-teoranta i gcreataí fioscacha náisiúnta i mBallstáit an Aontais, le socruithe buiséadacha go príomha chun déileáil le costas tubaistí a bhaineann leis an aeráid. Chun feabhas a chur ar athléimneacht fhioscach/airgeadais i leith an athraithe aeráide, d’fhéadfaí rioscaí fioscacha agus caillteanais a bhaineann leis an aeráid a chur san áireamh ar bhealach níos fearr sa phleanáil bhuiséadach, sa rialachas agus i socruithe institiúideacha. Le hiarrachtaí beartais chun an bhearna um chosaint na haeráide a laghdú, i.e., an sciar de chaillteanais neamhárachaithe, thacófaí leis an sprioc sin freisin, toisc go bhféadfar srian a chur le costas fioscach an athraithe aeráide leo agus acmhainní a chaomhnú le haghaidh infheistíochtaí san oiriúnú dá réir.

    Réimse beartais suntasach eile a bhfuil tábhacht nach beag ag baint leis chun an t-oiriúnú a chur chun feidhme agus a phríomhshruthú is ea bainistíocht rioscaí tubaiste agus an ról atá ag an gcosaint shibhialta. Ní hamháin gurb iad na húdaráis chosanta sibhialta na chéad fhreagróirí ar na teagmhais tubaiste a bhaineann leis an aeráid, a bhfuil coinne leis go mbeidh na teagmhais sin ag géarú i gcónaí (tuilte, stoirmeacha, falscaithe, etc.), ach tá tírdhreach rioscaí tubaiste níos leithne laistigh dá sainchúram freisin, chun aghaidh a thabhairt ar thubaistí nádúrtha eile (e.g., creathanna talún, brúchtaí bolcánacha) chomh maith le rioscaí teicneolaíocha agus sochaíocha (e.g., cibearbhagairtí, bagairtí hibrideacha, timpistí tionsclaíocha). Tá sé tábhachtach go mbeadh sineirgí dlútha ann agus pleananna gníomhaíochta á bhforbairt agus á gcur chun feidhme, lena n-áirítear leithdháileadh na n-acmhainní le haghaidh bearta oiriúnúcháin agus coisctheacha agus breithnithe ar athléimneacht fhioscach. Na bearta um an oiriúnú don aeráid agus na bearta um thubaistí a chosc le haghaidh guaiseacha a bhaineann leis an aeráid, tá coinne leis gur mar a chéile a bheidh siad den chuid is mó. Tá sé tábhachtach, áfach, cuimhneamh ar ghnéithe eile a bhaineann le tubaistí a chosc chun a áirithiú go mbeidh sineirgí ann idir bearta a mhéad is féidir (e.g., foirgnimh a oiriúnú don athrú aeráide agus sábháilteacht sheismeach á cur san áireamh freisin, i gcás inarb ábhartha) agus go ndéanfar prionsabail na ‘neamhdhíobhála’ agus an mhí-oiriúnúcháin a chur san áireamh ó thaobh tubaistí agus na hathléimneachta sochaíche de ar scála níos leithne.

    Meastachán ar riachtanais infheistíochta don phlean nó don straitéis um oiriúnú. Moltar forbhreathnú a chur san áireamh ar an infheistíocht phoiblí agus phríobháideach is gá nó ar na costais a bheidh le hiompar (lena n-áirítear an fhoinse maoiniúcháin) chun na bearta a leagtar síos sa phlean gníomhaíochta nó straitéis um oiriúnú a chur chun feidhme, i ndiaidh an measúnú ar riosca agus ar leochaileacht i leith na haeráide a bheith déanta. Leis an meastachán ar riachtanais nó costais infheistíochta oiriúnúcháin chuirfí bonn eolais faoi na roghanna a dhéanfar sa phlean gníomhaíochta nó straitéis um oiriúnú agus ní mór é a bheith i gcomhréir le haon mheastachán agus aon fhaisnéis maidir leis an oiriúnú don aeráid arna soláthar faoi phleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide na mBallstát (10).

    Acmhainní a phleanáil atá de dhíth le haghaidh chur chun feidhme oiriúnúcháin, i dtaca le acmhainní daonna, airgeadais agus acmhainní a bhaineann le eolas. Moltar buiséad oiriúnúcháin ar leith a bheith ann, ar cheart é a bheith mar chuid de bhuiséad cuimsitheach náisiúnta don ghníomhú le haghaidh an athraithe aeráide. Ba cheart go gcumhdófaí leis an mbuiséad cuimsitheach oiriúnú chomh maith le maolú agus sineirgí idir an dá rud a fhiosrú.

    Róil agus freagrachtaí na ngníomhaithe cur chun feidhme ar gach leibhéal, lena n-áirítear cumarsáid, comhar agus comhordú idir páirtithe leasmhara a eagrú. Baineann oiriúnú don athrú aeráide leis an tsochaí ina hiomláine, agus dá bhrí sin tá gá le gníomhaíocht ar gach leibhéal rialachais agus ó gach earnáil den tsochaí. Ba cheart don leibhéal náisiúnta a bheartais oiriúnúcháin a ailíniú le leibhéal an Aontais agus leis an leibhéal trasnáisiúnta, nuair is iomchuí, agus tacú, ag an am céanna, le hathléimneacht i gcoinne an athraithe aeráide a fhorbairt ar an leibhéal fonáisiúnta. Dá réir sin, is féidir leis an leibhéal fonáisiúnta eolas a chur ar fáil don leibhéal náisiúnta a d’fhéadfadh cuidiú leis na príomhdhúshláin nó na príomhbhacainní oiriúnúcháin a shainaithint agus faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar na hiarrachtaí oiriúnúcháin. Thairis sin, ní mór aghaidh a thabhairt ar bhearnaí scileanna chun bearta oiriúnúcháin a chur chun feidhme trí oiliúint agus uas-sciliú a áirithiú ar gach leibhéal rialachais, go háirithe ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach.

    Bacainní, coinbhleachtaí agus sineirgí féideartha a bhaineann le cur chun feidhme. D’fhéadfadh bacainní a bheith bainteach leis an easpa glactha sóisialta leis an ngníomhaíocht atá beartaithe maidir le hoiriúnú don athrú aeráide nó leis an easpa cistiúcháin. D’fhéadfadh coimhlintí teacht chun cinn maidir le spriocanna eacnamaíocha nó sóisialta áirithe i réimse éigin, rud a éilíonn dianchomhairliúchán le páirtithe leasmhara. D’fhéadfaí sineirgí, mar a pléadh roimhe seo, a dhéanamh freisin le straitéisí maolúcháin nó le spriocanna sóisialta atá ann i gcomhar le chéile.

    Ba cheart aghaidh a thabhairt ar bhearnaí eolais agus ar éiginnteachtaí eolais mar shampla, tionchair fhéideartha ar an athrú aeráide sa ghearrthéarma agus san fhadtéarmach. Mar sin féin, níor cheart bearnaí eolais ná éiginnteachtaí a bheith ina gcúis le neamhghníomhaíocht.

    Tá pleananna gníomhaíochta oiriúnúcháin ríthábhachtach chun na spriocanna a ndéantar cur síos orthu i straitéis um an oiriúnú don athrú aeráide a bhaint amach. Tá sé ríthábhachtach go ndéanfar solúbthacht a ionchorprú sa phlean gníomhaíochta, chun rioscaí a bhaineann le héiginnteachtaí agus príomhshruthú a mhaolú, chun a áirithiú go nglacfar go cuí le hoiriúnú don athrú aeráide i ngach earnáil agus i ngach sraith den tsochaí. Is ansin amháin gur féidir le straitéis um an oiriúnú don athrú aeráide gníomhaíochtaí oiriúnúcháin a chur chun feidhme go cuimsitheach agus go cruinn.

    Chun tuilleadh faisnéise a fháil maidir le plean gníomhaíochta a fhorbairt, féach freisin an rannán ar an Uirlis Tacaíochta Oiriúnúcháin maidir le hoiriúnú a chur chun feidhme.

    Céim 5:   Faireachán agus meastóireacht

    Cuideoidh céim 5 de na treoirlínte le:

    sainmhíniú a thabhairt ar an aidhm agus an cuspóir a bhaineann le córas faireacháin agus meastóireachta;

    páirtithe leasmhara a áireamh sa phróiseas meastóireachta;

    táscairí an chórais faireacháin agus meastóireachta a shainiú.

    Is gá faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar iarrachtaí leanúnacha oiriúnúcháin chun cuntasacht a chothabháil agus chun feabhas a chur ar an mbeartas foriomlán maidir le hoiriúnú. Cé gurb ionann iad agus an chéim dheireanach sa timthriall pleanála oiriúnúcháin, ba cheart iad a phlé mar chuid de na céimeanna roimhe seo d’fhorbairt beartais. Trí spriocanna, cuspóirí, roghanna agus gníomhaíochtaí oiriúnúcháin a fhoirmliú go soiléir, ar féidir iad a thomhas, faireachán a dhéanamh orthu agus ar féidir dul chun cinn a mheasúnú ina leith agus a chur in iúl ina dhiaidh sin, is féidir córas faireacháin agus meastóireachta níos dírithe a bheith ann. Is é an deacracht a bhaineann le hoiriúnú i gcomparáid le beartais eile ná go gcuireann oiriúnú rathúil cosc ar thionchair dhiúltacha an athraithe aeráide. Dá bhrí sin, ní bhíonn na buntáistí iarbhír le feiceáil ná intomhaiste i gcónaí.

    Díríonn an cleachtas reatha ar fhaireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar phróisis atá socraithe ag beartais oiriúnúcháin, ag freagairt don cheist ‘cad é atáthar a dhéanamh?’. Mar sin féin, chun léargas iomlán a fháil ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht fhoriomlán an bheartais oiriúnúcháin, éiríonn sé níos tábhachtaí tuiscint a fháil ar éifeachtaí agus torthaí na bpróiseas sin agus na ngníomhaíochtaí oiriúnúcháin gaolmhara, ag freagairt don cheist ‘cén difríocht a dhéanann sé dár leochaileachtaí agus dár rioscaí?’. Is féidir cuidiú freisin trí dhíriú ar éifeachtaí agus ar thorthaí na mbeartas oiriúnúcháin lena chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil an straitéis/plean uaillmhianach go leor chun cur go mór leis an teacht aniar agus chun iniúchadh a dhéanamh ar shaincheisteanna atá ag teacht chun cinn agus ar gá aird níos mó a thabhairt orthu amach anseo.

    Murab ionann agus an cleachtas atá ann faoi láthair, ba cheart faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí agus ar thorthaí gníomhaíochtaí oiriúnúcháin, ní hamháin ar na héifeachtaí fisiceacha ach ar na héifeachtaí sóisialta freisin, lena n-áirítear dáileadh na ngníomhaíochtaí sin i ngrúpaí éagsúla den daonra. Tá sé sin tábhachtach chun a áirithiú go ndíreofar ar ghníomhaíochtaí oiriúnúcháin agus go dtacófar leo le pobail leochaileacha agus nach mbeidh éifeachtaí neamhbheartaithe acu ar dhul in olcas ná ar éagothromaíochtaí nua a chruthú.

    Céim 5.a.   Sainmhíniú a thabhairt ar an aidhm agus an cuspóir a bhaineann le faireacháin agus meastóireacht

    Sampla cáis 5:‘Mückenatlas’: Tionscadal eolaíochta saoránach le haghaidh faireachas mosquito sa Ghearmáin

    Tá oibreáin ghalair a tharchuirtear chuig ainmhithe agus daoine trí ghiotaí muiscíte buailte ag na ceannlínte ar fud an Aontais, de réir mar a taifeadadh cásanna den fiabhras deinge, chikungunya agus víreas na Níle Thiar (WNV), go háirithe i ndeisceart na hEorpa. Mar sin féin, tá taifead déanta freisin ar leathadh speiceas muiscíte ina n-iompraítear na pataiginí galair sin (amhail víris, baictéir agus seadáin a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le galair) i níos mó tíortha i dtuaisceart an Aontais, an Ghearmáin san áireamh. Aithníodh an t-athrú aeráide mar cheann de na tosca a chuireann leis an leathadh sin. Chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sláinte a d’fhéadfadh a bheith ann, ní mór bearta faireachais, coisctheacha agus laghdaithe a chomhcheangal. Is sampla é ‘Mückenatlas’ (‘atlas muiscíte’) na Gearmáine den chaoi ar féidir le tionscadal eolaíochta saoránach cur le taighde, ach ní hamháin sin ach na modhanna traidisiúnta faireacháin a fhorlíonadh chun feidhmiú mar chóras réamhrabhaidh freisin. Fostaíonn an tionscadal daoine a chuireann samplaí muiscíte isteach, a aithnítear ansin agus a úsáideann saineolaithe le haghaidh taighde. Dá bhrí sin, cuireann ‘Mückenatlas’ le heolas ar speicis dhúchasacha agus ionracha muiscítí agus ar ghalair ghaolmhara sa Ghearmáin agus féachann sé le bonn faisnéise a bhunú do lucht déanta beartas agus do thaighdeoirí chun measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a bheidh ann amach anseo.

    Image 7

    Is é an chéad chéim maidir le córas faireacháin agus meastóireachta a fhorbairt ná a aidhm agus a chuspóir a shainiú, ós rud é go bhfuil iarmhairtí ag an gcinneadh seo ar chomhordú agus eagrú na hoibre.

    Is féidir ilchuspóirí a bheith ag baint le faireachán agus meastóireacht, agus is iad na críocha is suntasaí ná dul chun cinn agus feidhmíocht an bheartais oiriúnúcháin a rianú chun bonn eolais a chur faoi cheapadh beartas agus é a fheabhsú. Is maith an rud é díriú ní hamháin ar an straitéis oiriúnúcháin nó ar an bplean féin ach ar bheartais ábhartha earnála freisin. I ndáil leis sin, is é an chéad chéim ná seiceáil a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil beartais earnálacha tar éis oiriúnú a chomhtháthú agus a mhéid a dhéantar an t-oiriúnú sin a chomhtháthú. Is é an dara céim ná faireachán rialta ar ghníomhaíochtaí a bhaineann le hoiriúnú atá curtha in iúl cheana féin i mbeartais earnála.

    D’fhéadfadh sé gurb é cuspóir tánaisteach an fhaireacháin agus na meastóireachta cuntasacht laistigh de riaracháin phoiblí a mhéadú, feabhas a chur ar an mbonn eolais, foghlaim chun próisis atá ar siúl nó atá ar na bacáin a choigeartú, nó feasacht a mhúscailt maidir leis an ngá atá le hoiriúnú a dhéanamh.

    Céim 5.b.   Cé is ceart a chur san áireamh sa phróiseas

    Chun faireachán, tuairisciú agus meastóireacht éifeachtach a dhéanamh, is den riachtanas é a chinneadh cé a ghlacann freagracht fhoriomlán as faireachán, tuairisciú agus meastóireacht, róil na ngníomhaithe éagsúla a shoiléiriú agus sásraí a bhunú chun comhordú ceartingearach agus cothrománach a dhéanamh le gníomhaithe éagsúla ar fud earnálacha agus leibhéil riaracháin.

    Is iondúil go mbíonn an fhreagracht fhoriomlán as faireachán, tuairisciú agus meastóireacht a dhéanamh ar an bhfreagracht as comhordú a dhéanamh ar an bpróiseas agus as torthaí a thuairisciú. D’fhéadfadh sé gurb ionann an comhlacht atá freagrach as faireachán, tuairisciú agus meastóireacht agus an comhlacht a chomhordaíonn beartas náisiúnta oiriúnúcháin nó gníomhaí atá neamhspleách orthu siúd atá freagrach as beartais oiriúnúcháin a phleanáil agus a chur chun feidhme. Tá buntáistí ag an dá chur chuige sin. Ar thaobh amháin, is féidir le dlúthnasc idir faireachán, tuairisciú agus meastóireacht agus forbairt beartais, mar shampla, foghlaim agus glacadh torthaí faireacháin agus meastóireachta a éascú i bhforbairt agus in athbhreithniú beartais. Ar an taobh eile, d’fhéadfadh neamhspleáchas a bheith inmhianaithe go háirithe le haghaidh gníomhaíochtaí meastóireachta.

    Ní hamháin go bhfuil rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara, go háirithe iad siúd a shainaithnítear faoi Chéim 1, agus an leibhéal riaracháin réigiúnach agus áitiúil ríthábhachtach chun faireachán, tuairisciú agus meastóireacht a dhéanamh chun faisnéis ábhartha chainníochtúil agus cháilíochtúil, sonraí agus faisnéis ábhartha a fháil, ach freisin chun teachtaireachtaí ábhartha ó na sonraí atá ar fáil a léirmhíniú agus a fháil, agus ceisteanna maidir le ‘conas’ agus ‘cén fáth’ a fhreagairt.

    Céim 5.c.   Táscairí agus modhanna cur chuige an mhodha mheasctha a shainiú

    Nuair a bhíonn faireachán agus meastóireacht á déanamh ar oiriúnú, moltar modhanna cainníochtúla agus cáilíochtúla a chomhcheangal, ós rud é gur dócha go mbeidh an cur chuige sin níos solúbtha, rud a fhágann gur féidir foinsí éagsúla sonraí agus faisnéise a sheiceáil in aghaidh a chéile chun a áirithiú go mbeidh insint fhoriomlán an dul chun cinn agus na feidhmíochta maidir le hoiriúnú stóinsithe, comhsheasmhach agus comhthéacsaithe. Is féidir leis an gcur chuige sin cuidiú le roinnt de na teorainneacha a bhaineann le sonraí cainníochtúla nó cáilíochtúla a úsáidtear ina n-aonar a shárú, chomh maith le faisnéis agus fianaise ó fhoinsí éagsúla a chur ar fáil.

    Soláthraíonn táscairí cainníochtúla agus tacair táscairí fianaise ar dhul chun cinn agus ar fheidhmíocht inchainníochtaithe, agus is cosúil nach bhfuil débhrí ag baint leo. Agus táscairí iomchuí á sainaithint, chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an bpróiseas agus ar na torthaí, moltar an méid seo a leanas a dhéanamh:

    Úsáid a bhaint as táscairí atá ann cheana, má fhreagraíonn siad d’aidhm fhoriomlán an chórais faireacháin agus meastóireachta.

    A chinntiú go dtugann tacar táscairí léargas comhleanúnach agus láidir ar dhul chun cinn agus ar fheidhmíocht an oiriúnaithe.

    Gach toimhde, teorainn agus neamhchinnteacht cúlra a thugtar le cineál na dtáscairí a léiriú agus a chur in iúl go sainráite.

    Úsáid a bhaint as meascán de tháscairí próisis, aschuir agus toraidh chun ionadaíochas a áirithiú agus chun dul chun cinn a thomhas maidir leis na gníomhaíochtaí tábhachtacha nó cinntitheacha, seachas saincheisteanna tánaisteacha.

    Na hacmhainní atá ar fáil a mheas, chomh maith le rochtain ar shonraí, a n-infhaighteacht rialta agus a gcomhleanúnachas.

    Cé nach mór leordhóthanacht gach táscaire aonair a mheas laistigh den chreat socraithe táscairí, ba cheart do gach táscaire na critéir seo a leanas a chomhlíonadh:

    Bailí: an ndéanann an táscaire an toradh a thomhas?

    Beacht: an aontaíonn na páirtithe leasmhara go díreach le céard iad na bearta táscaire?

    Praiticiúil, inacmhainne, simplí: an bhfuil faisnéis ar fáil ar chostas réasúnta? An mbeidh sé éasca a bhailiú agus anailís a dhéanamh air?

    Iontaofa: an beart comhsheasmhach é le himeacht ama?

    Íogair: nuair a athraíonn an toradh, an mbeidh an táscaire íogair do na hathruithe sin?

    Glan: an bhfuil muid cinnte má tá méadú maith nó olc?

    Úsáideach: an mbeidh an fhaisnéis úsáideach don chinnteoireacht, don chuntasacht, agus don fhoghlaim?

    Faoi úinéireacht: an aontaíonn páirtithe leasmhara go bhfuil ciall leis an táscaire seo a úsáid?

    Céim 5.d.   Na torthaí a chur in iúl chun beartas agus cleachtas a chur ar an eolas faoi

    Chun an leas is fearr is féidir a bhaint as torthaí monatóireachta agus meastóireachta maidir le feabhas a chur ar an mbeartas oiriúnúcháin foriomlán, ní mór torthaí a chur in iúl do raon leathan cinnteoirí, ag an am ceart, agus ar bhealach cuí. Tá cur síos i gcás sampla 5 den bhosca téacs ar shampla dea-chleachtais chun páirtithe leasmhara a chur ar an eolas faoi na torthaí agus chun lucht déanta cinntí a chur ar an eolas faoi na torthaí freisin.

    Chun an úsáid a bhaintear as torthaí faireacháin agus meastóireachta i gceapadh beartas a neartú, tá sé inmholta an méid seo a leanas a dhéanamh:

    Teacht ar chomhaontú maidir leis an gcaoi a n-úsáidfear na torthaí sula bhforbrófar an córas faireacháin agus meastóireachta.

    Dul i dteagmháil le páirtithe leasmhara le linn fhorbairt nó athbhreithniú na straitéise agus an phlean gníomhaíochta agus na réamhthorthaí a phlé leo chun smaointe a mhalartú maidir leis an gcaoi a bhféadfaí iad sin a léirmhíniú agus a chur in iúl.

    Feabhas a chur ar chumarsáid maidir le faireachán, tuairisciú agus meastóireacht trí mhodhanna éagsúla a úsáid agus trí dhíriú ar spriocghrúpaí agus ar chomhthéacsanna ar leith.

    Díriú ar scaipeadh, ar ardú feasachta agus ar fhothú acmhainní.

    Úsáid a bhaint as torthaí faireacháin agus meastóireachta chun a áirithiú gur tosaíocht é an t-oiriúnú ar chlár oibre polaitiúil gach leibhéal rialachais.

    Tá sé ríthábhachtach faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht na mbeart um an oiriúnú don athrú aeráide arna gcur chun feidhme chun a áirithiú go ndéanfar athbhreithniú ar éifeachtaí fisiceacha agus sóisialta an bhirt um an oiriúnú don athrú aeráide chun an gá don straitéis um oiriúnú don athrú aeráide a thabhairt cothrom le dáta a mheas.

    Chun tuilleadh faisnéise a fháil maidir le faireachán agus meastóireacht, féach freisin an roinn maidir le hUirlis Tacaíochta don Oiriúnú ar Faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar oiriúnú.


    (1)  Rannchuidiú Mheitheal II Athrú Aeráide 2022: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht.

    (2)  De réir Thuarascáil Sintéise AR6 (2023) ó IPCC, Achoimre don lucht ceaptha beartas, tacaítear leis an athrú claochlaitheach le ‘gníomhaíochtaí oiriúnúcháin agus maolúcháin, lena dtugtar tosaíocht do chothromas, ceartas sóisialta, ceartas aeráide, cuir chuige bunaithe ar chearta, agus cuimsitheacht’. Maidir leis na gníomhaíochtaí sin, meastar freisin ‘go mbíonn torthaí níos inbhuanaithe ann mar thoradh orthu, go laghdaítear comhbhabhtálacha leo… agus go ndéantar forbairt atá athléimneach ó thaobh na haeráide de a chur chun cinn leo’.

    (3)  Airteagal 5(4) den Dlí Aeráide Eorpach: Tabharfaidh na Ballstáit na straitéisí cothrom le dáta go tráthrialta agus áireoidh siad an fhaisnéis ghaolmhar nuashonraithe sna tuarascálacha atá le cur isteach faoi Airteagal 19(1) de Rialachán (AE) 2018/1999.

    (4)  Ní mór an príomhshruthú a cheapadh mar phróiseas dhá threo: ba cheart cuimhneamh leis freisin ar an méid a rannchuidítear le beartais earnála eile le gníomhaíocht oiriúnúcháin.

    (5)  Mar shampla, tugann an litríocht le fios go mbíonn níos lú imní ar fhir ná mná faoin athrú aeráide nuair atá tíortha níos saibhre. Féach e.g., Bush and Clayton (2023).

    (6)  Tá roinnt dea-chleachtas agus treoirlínte le fáil i Rannpháirtíocht leanaí sa chinnteoireacht phoiblí — Cén fáth ar cheart dom páirt a thabhairt do leanaí?

    (7)  Roghanna breise ag teacht chun cinn le gníomhaíochtaí an Ghnímh Tharmligthe maidir le Tacsanomaíocht Aeráide faoin oiriúnú don aeráid.

    (8)  Maidir le measúnuithe riosca, cásanna riosca agus spriocanna athléimneachta ó thubaistí arna bhforbairt de réir an tSásra Aontais um Chosaint Shibhialta.

    (9)  Is féidir dul níos faide fós sa mheasúnú riosca, áfach, trí bhearta oiriúnúcháin is gá a leagan amach agus tosaíocht a thabhairt dóibh.

    (10)  Fógra ón gCoimisiún maidir le treoir do Bhallstáit na pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide 2021-2030 a thabhairt cothrom le dáta, roinn 3.6., ina bhfuil treoir maidir le meastachán ar riachtanais infheistíochta, lena n-áirítear bearta oiriúnúcháin. D’fhéadfadh an treoir céanna a úsáid le haghaidh pleananna gníomhaíochta oiriúnúcháin agus straitéisí, lena n-áirítear comhsheasmhacht a áirithiú leis na PNFAanna.


    IARSCRÍBHINN I

    Sampla de theimpléad straitéise oiriúnúcháin

    Is sampla é an teimpléad seo den struchtúr a bheadh ar straitéis chuimsitheach oiriúnúcháin. D’fhéadfadh feidhm a bheith aige go méid áirithe freisin maidir leis an bplean oiriúnúcháin (féach IV. An chuid maidir le cur chun feidhme d’Iarscríbhinn I). Ní faisnéis uileghabhálach í an fhaisnéis maidir le substaint gach coda.

    I.   Réamhrá (thart ar 10 % den fhad iomlán)

    a.   Faisnéis bhunúsach maidir leis an straitéis

    Teideal iomlán na straitéise, an fócas/raon feidhme atá aici, tráthchlár, scéim na nuashonruithe tráthrialta, etc.

    b.   Comhthéacs na straitéise/an phlean

    Cé a rinne an cinneadh an straitéis a fhorbairt, cathain, agus cén fáth.

    An léargas a thugtar sa straitéis ar Straitéis an Aontais Eorpaigh um an oiriúnú don athrú aeráide.

    Cé na doiciméid agus reachtaíocht straitéiseach eile den Aontas a bhaineann leis an straitéis agus cén chaoi.

    Cé na doiciméid straitéiseacha náisiúnta eile a bhaineann leis an straitéis agus cén chaoi.

    Staid an bheartais oiriúnúcháin don athrú aeráide sula bhforbraítear an straitéis.

    c.   Comhlachtaí atá freagrach

    Cé a chuirfidh an straitéis chun feidhme.

    Cé a thacóidh le forbairt/cur chun feidhme/faireachán agus meastóireacht na straitéise trí chomhairliúchán, cumarsáid, soláthar sonraí, etc.

    d.   Spriocghrúpaí

    Cé dó a dhéanfaidh an cur chun feidhme difear nó cé dó a bhféadfadh sé difear a dhéanamh.

    Cé a chaithfidh an straitéis a chomhlíonadh ina gcuid oibre/oibríochta ó lá go lá.

    e.   Téarmaíocht

    Míniú ar na príomh-choincheapa a úsáidtear sa straitéis.

    II.   Cuid anailíseach (thart ar 15 % den fhad iomlán)

    a.    An t-athrú aeráide agus measúnú leochaileachta bunaithe ar an eolaíocht is déanaí

    Faisnéis faoi thionchair agus rioscaí don aeráid roimhe seo agus faoi láthair.

    Réamh-mheastacháin maidir le treochtaí athróg aeráide agus guaiseacha aeráide éagsúla sa todhchaí bunaithe ar raon cásanna difriúla aeráide.

    Torthaí na tástála struis faoi chásanna difriúla aeráide.

    Réamh-mheastacháin maidir le forbairt shocheacnamaíoch agus tosca agus meigithreochtaí neamhaeráide sa todhchaí a bhféadfadh tionchar suntasach a bheith acu ar an leochaileacht i leith an athraithe aeráide.

    b.   Measúnú ar dhul chun cinn

    Faisnéis maidir leis an gcur chuige maidir le hoiriúnú don athrú aeráide suas go dtí seo agus a idirnascachtaí leis an maolú ar an athrú aeráide.

    Meastóireacht ar an straitéis/bplean oiriúnúcháin roimhe seo i dtéarmaí na bpróiseas agus an dul chun cinn maidir leis an leochaileacht a laghdú agus athléimneacht a neartú, bunaithe ar thacar cuimsitheach táscairí más féidir é.

    c.   Cás gnó mar is gnách a fhorbairt

    Faisnéis maidir le forbairt sa todhchaí mura gcuirfear an straitéis chun feidhme.

    d.   Achoimre ar phríomh-anailísí

    Tá an achoimre ar phríomh-anailísí eile tábhachtach chun tuiscint a fháil ar an bhfadhb agus ar fhorbairt na faidhbe nó mar bhonn cirt don ghníomhaíocht a roghnaíodh chun aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb.

    III.   Cuid straitéiseach (thart ar 45 % den fhad iomlán)

    a.   An fhís agus an príomhthreo straitéiseach (thart ar 15 % den roinn seo)

    Loighic na hidirghabhála agus ordlathas na gcuspóirí/spriocanna

    An méid is gá a bhaint amach a shainaithint agus conas é sin a dhéanamh tríd an treo straitéiseach a leagan síos.

    Míniú ar ordlathas na gcuspóirí straitéiseacha agus sonracha.

    Fís agus réimsí/earnálacha straitéiseacha

    Faisnéis maidir le fís na straitéise.

    Faisnéis maidir le réimsí/earnálacha straitéiseacha: an bhaint atá acu leis an bhfadhb; na príomh-idirnaisc atá eatarthu; na comhbhabhtálacha nó na coinbhleachtaí a d’fhéadfaí a chuimsiú leis na hidirnaisc sin.

    Cuspóirí straitéiseacha

    Tuairisc ar na cuspóirí straitéiseacha agus an bhaint atá acu le fís/cuspóir domhanda na straitéise.

    Tionchair, sochair, agus spriocluachanna a bhaineann le cuspóirí straitéiseacha.

    b.   Tuairisc ar chuspóirí/spriocanna laistigh de gach réimse/earnáil straitéiseach (thart ar 30 % den roinn seo)

    Tuairisc ar chuspóirí sonracha agus na tionchair lena bhfuil coinne uathu

    Forbhreathnú ar chuspóirí sonracha agus an bhaint atá acu leis na cuspóirí sonracha, agus le cuspóirí eile.

    Tionchair, sochair, agus spriocluachanna a bhaineann le cuspóirí straitéiseacha.

    Forbhreathnú ar na roghanna oiriúnúcháin

    Tuairisc ar na roghanna oiriúnúcháin chun cuspóirí sonracha a bhaint amach, ag brath ar an eolas is déanaí agus réitigh dhúlrabhunaithe agus éiceachóras-bhunaithe a bheith mar chéadrogha.

    Costais, sochair, agus tionchair chur chun feidhme gach birt.

    Torthaí an chur chun feidhme, táscairí

    Na torthaí a bhfuil coinne leo maidir le gach beart chun rannchuidiú le cuspóirí na straitéise.

    Na táscairí chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar na bearta.

    Fíor 3

    Sampla d’ordlathas na gcuspóirí sonracha agus na roghanna oiriúnúcháin faoi chuspóir straitéiseach áirithe

    Image 8

    IV.   An chuid maidir le cur chun feidhme – plean gníomhaíochta (thart ar 25 % den fhad iomlán)

    a.   Bainistíocht cur chun feidhme

    Faisnéis maidir le cé atá freagrach as cur chun feidhme.

    Faisnéis maidir leis an gcóras agus struchtúr an chur chun feidhme stiúrtha (róil, freagrachtaí, agus sainorduithe na ndaoine ar leith).

    Sainmhíniú a thabhairt ar phointí spreagtha ina gcuimseofaí athruithe ar chur chun feidhme, lena n-áirítear conas a dhéanfaí na hathruithe sin a fhorghníomhú.

    b.   Plean cur chun feidhme

    Tosaíocht na sruthanna oibre.

    c.   Amlíne cur chun feidhme

    Amlíne cur chun feidhme beart áirithe, lena n-áirítear freagrachtaí, leanúnachas an chur chun feidhme, garspriocanna, etc.

    d.   Buiséad agus acmhainní airgeadais

    Meastachán maidir le riachtanais infheistíochta don phlean gníomhaíochta roghnaithe, lena n-áirítear na cinn a thagann faoi bhuiséid phoiblí agus na cinn a thagann faoi mhaoiniú príobháideach a chuirtear in úsáid.

    Faisnéis maidir leis an mbuiséad chun an straitéis a chur chun feidhme agus na hacmhainní airgid atá ar fáil.

    e.   Córas faireacháin agus meastóireachta

    Faisnéis maidir leis an duine atá freagrach as faireachán agus meastóireacht a dhéanamh.

    Faisnéis maidir leis an gcóras ina ndéantar faireachán agus meastóireacht leanúnach ar an bpróiseas cur chun feidhme agus ar dhul chun cinn maidir leis na cuspóirí a bhaint amach.

    Plean faireacháin agus meastóireachta na straitéise, agus oibleagáidí tuairiscithe atá ann faoi láthair á gcur san áireamh.

    V.   Achoimre feidhmiúcháin (thart ar 5 % den fhad iomlán)

    Achoimre ghairid ar na príomhghníomhaíochtaí, na céimeanna, agus na garspriocanna a leagtar amach i gcur chun feidhme na straitéise.

    VI.   Iarscríbhinn

    Áirítear in iarscríbhinn na straitéise de ghnáth doiciméid chúlra a ullmhaíodh le linn chéim fhorbartha na straitéise. Is féidir a áireamh leis sin, e.g., doiciméid anailíseacha (amhail anailísí SWOT (1) nó anailísí costas agus tairbhe) nó doiciméid ina soláthraítear breis sonraí ar chur chun feidhme na straitéise (amhail amlíne níos mionsonraithe nó tacar cuimsitheach táscairí).


    (1)  Anailísí chun láidreachtaí, laigí, deiseanna, agus bagairtí a shainaithint.


    IARSCRÍBHINN II

    Réimsí nua den bheartas oiriúnúcháin

    Athléimneacht chóir

    Is iad na grúpaí is leochailí sa tsochaí is mó a ndéanann an t-athrú aeráide difear dóibh go minic, níor cheart dá bhrí sin do mheasúnuithe ar thionchar agus ar leochaileacht an athraithe aeráide faillí a dhéanamh ar na hiarmhairtí díréireacha a bhíonn aige ar ghrúpaí daoine agus ar limistéir gheografacha faoi mhíbhuntáiste. Chun an athléimneacht chóir a bhaint amach, tá sé fíor-riachtanach ualaí míchothroma a chosc agus gan aon duine a fhágáil ar lár.

    Ualaí míchothroma: déanann an t-athrú aeráide difear ar bhealach díréireach do ghrúpaí sóisialta agus do limistéir gheografacha áirithe mar gheall ar nochtadh míchothrom nó leochaileachtaí atá ann cheana maidir le tionchair an athraithe aeráide, cumais eacnamaíocha agus pholaitiúla difriúla nó rochtain dhifriúil ar sheirbhísí poiblí agus ar bhonneagar poiblí. Chuige sin, is féidir leis na neamhionannais atá ann cheana éirí níos measa de bharr an athraithe aeráide, chomh maith le neamhionannais nua a chruthú.

    Mar shampla, bíonn grúpaí ar ioncam íseal níos nochta agus níos leochailí go minic don teas toisc go bhféadfadh cónaí a bheith orthu i dtithe nach bhfuil inslithe go maith agus toisc nach mbíonn an t-airgead acu le cosaint bhreise a fháil ón teas, e.g. sciatha gréine. Thairis sin, d’fhéadfadh cónaí a bheith orthu i gcomharsanachtaí ina bhfuil dlús daonra gan mórán spásanna glasa poiblí. Mar an gcéanna, grúpaí a chónaíonn i limistéir ina bhfuil an talamh íseal agus atá gar do leapacha abhann, d’fhéadfaidís fulaingt níos mó de bharr tuilte agus d’fhéadfadh sé nach mbeidís in ann athlonnú i ngeall nach fiú mórán airgid a gcuid tithe.

    Thairis sin, déanann tionchair na haeráide difear níos mó do shlite beatha agus d’oibrithe áirithe i ngeall ar a neamhchosaint (i.e. strus teasa) nó an t-ualach fisiceach, mar shampla daoine a oibríonn i dtalmhaíocht, i bhforaoiseacht, agus in earnáil na tógála.

    Gan aon duine a fhágáil ar lár: ba cheart costais agus sochair na roghanna oiriúnúcháin a chomhroinnt go cóir.

    D’fhéadfadh sé go gcuimseofaí le sampla de chur chuige ‘éagórach’ maidir leis an oiriúnú, toisc gur féidir le bearta cosanta tuilte a bheith an-daor, bearta bainistíochta tuilte a mbaineann daoine saibhre níos mó leasa astu, daoine a bhfuil maoin acu i limistéir atá tugtha do thuilte ar chostas na bpobal sin nach bhfuil guth chomh láidir acu sa saol polaitiúil agus a bhfuil luachanna eacnamaíocha níos ísle acu i mbaol.

    Tá sé tábhachtach áfach comaoineacha maidir leis an athléimneacht chóir a chur san áireamh i ngach céim den phleanáil chun dul in oiriúint don aeráid, e.g., nuair a bhíonn páirtithe leasmhara ábhartha á sainaithint, páirtithe leasmhara a bheidh le cur san áireamh sa phróiseas, agus nuair a bheidh measúnú riosca agus leochaileachta i leith an athraithe aeráide á ndéanamh, nuair a bheidh roghanna oiriúnúcháin á meas, agus faireachán agus meastóireacht á ndéanamh ar iarrachtaí oiriúnúcháin, etc.

    Maidir leis na hualaí míchothroma a bhaineann leis an athrú aeráide sa bheartas oiriúnúcháin, tá deis ann dul níos faide ná iad a bhreithniú agus aghaidh a thabhairt orthu. Mar shampla, baineann príomhshruthú inscne le gné na hinscne a chomhtháthú in ullmhú, dearadh, cur chun feidhme, beartas, beart rialála agus clár caiteachais agus san fhaireachán agus sa mheastóireacht a dhéantar orthu, d’fhonn comhionannas idir fir agus mná a chur chun cinn, agus an t-idirdhealú a chomhrac.

    Chun tuilleadh faisnéise a fháil ar athléimneacht chóir féach freisin an leathanach Climate-ADAPT Beartas maidir le hAthléimneacht Chóir.

    Mí-oiriúnú

    Tarlaíonn gach iarracht ar oiriúnú faoi chuimsiú coinníollacha a bhíonn ag athrú de shíor agus atá bainteach le ráta ard éiginnteachta. Is próiseas leanúnach dá bhrí sin é an t-oiriúnú, agus is deacair torthaí an phróisis a thuar. I roinnt cásanna, leanann iarmhairtí diúltacha neamhbheartaithe, gan choinne as iarrachtaí ar oiriúnú, agus tugtar ‘mí-oiriúnú’ orthu sin.

    Sainmhíníonn an IPCC mí-oiriúnú mar ‘ghníomhaíochtaí as a bhféadfadh riosca méadaithe de thorthaí tromchúiseacha a bhaineann leis an aeráid leanúint, lena n-áirítear trí astaíochtaí gás ceaptha teasa méadaithe, leochaileacht mhéadaithe nó athraithe i leith an athraithe aeráide, tuilleadh torthaí éagothroma, nó leas laghdaithe, anois nó sa todhchaí’.

    Bíonn an méid rathúlachta a bhíonn ar an oiriúnú ag brath go mór ar an gcomhthéacs agus d’fhéadfadh éagsúlacht a bheith leis ó chlaochlú go conairí athléimneacha aeráide ar lámh amháin go dtí an spriocghrúpa a dhéanamh níos leochailí fiú i leith an athraithe aeráide ar an taobh eile.

    Fíor 4

    Speictream freagairtí idir oiriúnú agus mí-oiriúnú

    Image 9

    Foinse:

    Schipper, 2020

    D’ainneoin na héiginnteachta agus na tábhachta a bhaineann leis an gcomhthéacs, sainaithníodh roinnt cineálacha ginearálta den mhí-oiriúnú atá in ann cuidiú chun cásanna ionchasacha den mhí-oiriúnú a bhrath.

    Schipper (2020) ina n-aithnítear trí chatagóir leathana den mhí-oiriúnú: mí-oiriúnú bonneagair, institiúide, agus iompraíochta. Cuirtear i dtábhacht go háirithe sa dá chatagóir dheiridh sin an tábhacht atá le ní hamháin iarmhairtí fisiceacha na roghanna oiriúnúcháin a chur san áireamh ach na hiarmhairtí sóisialta freisin.

    Barnett and O’Neill (2010) ina n-aithnítear cúig chineál mí-oiriúnú:

    1.

    Astaíochtaí gás ceaptha teasa a mhéadú.

    Sampla aitheanta den chineál seo mí-oiriúnúcháin is ea an úsáid a bhaintear as aerchóiriú nó teicneolaíochtaí eile atá dian ar fhuinneamh.

    2.

    Ualach neamhréireach á chur ar na daoine is leochailí.

    Mar shampla, nuair a bhíonn uisce níos daoire bíonn tionchar díréireach ag na praghsanna níos airde ar theaghlaigh ar ioncam íseal a íocann sciar níos airde dá n-ioncam ar uisce agus nach mbíonn an oiread céanna deiseanna acu an méid uisce a ídíonn siad a laghdú.

    3.

    Costais arda deiseanna (i.e., costais eacnamaíocha, sóisialta, nó chomhshaoil a bheith ard i gcoibhneas le roghanna malartacha).

    Mar shampla, bíonn costais arda eacnamaíocha, sóisialta, agus comhshaoil ag baint le damba a thógáil i dtéarmaí na gcostas tógála agus cothabhála, athlonnú an daonra, agus na hathruithe ar éiceachóras na habhann.

    4.

    Dreasacht laghdaithe chun oiriúnú (e.g., trí spleáchas gan ghá ar dhaoine eile a spreagadh, iompraíocht lorgtha cíosa a spreagadh, nó luach saothair a thabhairt de bharr a bheith réchúiseach).

    Mar shampla, ba cheart árachas nó fóirdheontais a dhearadh chun dreasachtaí a thabhairt le hoiriúnú. I gcás na talmhaíochta, d’fhéadfadh cúiteamh as árachas barr agus/nó fóirdheontais barr stop a chur le bearta oiriúnúcháin ar shlí eile má fhásann feirmeoirí barra in ionad cuir chuige malartacha a lorg ionas nach dteipfidh ar an mbarr agus iad a bheith ag brath ar an árachas agus ar na fóirdheontais gan na rioscaí a bhaineann le barra difriúla a chur, a chur sa mheá.

    5.

    Spleáchas conairí (rogha na roghanna oiriúnúcháin a bheidh ar fáil sa todhchaí a laghdú).

    Mar shampla, tá gléasraí díshalannaithe agus forbairtí móra bonneagair eile ag gealladh caipitil agus institiúidí do chonairí atá deacair a athrú sa todhchaí, rud a laghdóidh dá bhrí sin an tsolúbthacht freagairt d’athruithe gan choinne ar dhálaí comhshaoil, eacnamaíocha, agus sóisialta, agus a laghdóidh an phunann de roghanna oiriúnúcháin.

    Chun mí-oiriúnú a sheachaint a mhéid agus is féidir, is gá do lucht ceaptha beartas comhthéacs an cháis a bhfuil siad ag tabhairt aghaidh air a thuiscint go hiomlán. Ciallaíonn sé sin tuiscint a fháil ar chúiseanna (ní ar chomharthaí) na leochaileachta agus ar na príomh-ghníomhaithe agus páirtithe leasmhara ar cheart éisteacht leo. Ba cheart dóibh féachaint níos faide ná an beartas nó amlíne an tionscadail agus idirnascacht na gcosán forbartha a chur san áireamh agus mar a bhíonn na grúpaí éagsúla ag brath ar struchtúir bhonneagair nó ar struchtúir institiúide.

    Réitigh dhúlrabhunaithe

    Éilíonn an Comhaontú Glas don Eoraip go ginearálta, agus beartais oiriúnúcháin agus bhithéagsúlachta an Aontais ar bhonn níos sonraithe, go ndéanfaí iarrachtaí níos mó chun réitigh dhúlrabhunaithe a rolladh amach ar bhonn níos tapa agus ar scála níos mó ná mar atáthar a dhéanamh faoi láthair.

    Sainmhíníonn na Náisiúin Aontaithe réitigh dhúlrabhunaithe ‘mar ghníomhaíochtaí chun éiceachórais talún, fionnuisce, chósta agus mhuirí nádúrtha nó mhodhnaithe a chosaint, a chaomhnú, a athchóiriú, a úsáid go hinbhuanaithe agus a bhainistiú lena dtugtar aghaidh ar dhúshláin shóisialta, eacnamaíocha agus chomhshaoil go héifeachtach oiriúnaitheach agus lena soláthraítear, an tráth céanna, tairbhí maidir le dea-bhail an duine, seirbhísí éiceachórais, athléimneacht agus bithéagsúlacht’ (1).

    Cuirtear i dtábhacht sa séú tuarascáil mheasúnaithe ón IPCC (2) gur gá sciar nach beag d’éiceachórais an Domhain a chaomhnú, a chosaint, a chur ar ais, agus a bhainistiú chun a leochaileacht a laghdú agus chun athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide a choinneáil ar bun. Cuirtear i dtábhacht ann freisin an acmhainneacht mhór a bhaineann le réitigh dhúlrabhunaithe chun rioscaí aeráide a laghdú go héifeachtach agus feabhas a chur ar fholláine an duine ag an am céanna, go háirithe do ghrúpaí leochaileacha ar an imeall. Tá éiceachórais ar fud na cruinne ríthábhachtach chun pobail agus an dúlra a chosaint ar thionchair na haeráide, amhail tuilte agus fairsingiú fásaigh.

    Go ginearálta, tugann réitigh dhúlrabhunaithe níos mó gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, i dtírdhreacha, agus i muirdhreacha. Téann siad chun leasa na bithéagsúlachta, tacaíonn siad chun raon éicisheirbhísí a sholáthar, agus is féidir leo cuidiú chun spriocanna athchóirithe agus cosanta éiceachórais a chomhlíonadh.

    Is féidir réitigh dhúlrabhunaithe a chur chun feidhme go neamhspleách nó iad a chomhtháthú i mbearta oiriúnúcháin eile, in éineacht le réitigh atá bunaithe níos mó ar an teicneolaíocht nó ar bhonneagar.

    Soláthraíonn siad na torthaí is fearr nuair a chuirtear san áireamh go cuí lena gcur chun feidhme chomh casta agus atá éiceachórais agus éifeachtaí réamh-mheasta an athraithe aeráide orthu, ach freisin an comhthéacs sonrach áitiúil agus na leasanna agus na luachanna éagsúla atá nasctha leo. Tá sé tábhachtach dá bhrí sin go mbeadh páirtithe leasmhara agus pobail rannpháirteach ag gach uile chéim chun tacaíocht agus comhúinéireacht a áirithiú. Féadtar é sin a dhéanamh i bhfad níos éasca le creat rialála fabhrach, caighdeáin theicniúla, rialachas comhoibritheach, aistriú eolais, fothú acmhainneachta, agus cistiú leordhóthanach.

    De réir EEA (2021), na réitigh dhúlrabhunaithe lena laghdaítear an nochtadh agus an leochaileacht do ghuaiseacha aeráide agus lena bhfeabhsaítear acmhainneacht oiriúnaitheachta chun aghaidh a thabhairt ar ghuaiseacha den sórt sin, bíonn leibhéil éagsúla idirghabhála i gceist leo:

    1.

    Caomhnú agus athchóiriú (lena n-áirítear athbhunú éiceolaíoch) na n-éiceachóras nádúrtha i suíomhanna ina soláthraíonn siad éicisheirbhísí atá criticiúil don oiriúnú agus do bhainistíocht an riosca dramhaíola (e.g. bogaigh a chosaint agus a athchóiriú chun lonnaíochtaí daonna a chosaint ar adhaimsir).

    2.

    Bainistíocht inbhuanaithe agus díonadh ó thaobh na haeráide de ar éiceachórais bhainistithe chun éicisheirbhísí iolracha a sholáthar (e.g. tírdhreacha talmhaíochta agus foraoisí a éagsúlú).

    3.

    Éiceachórais nua, a ndearnadh innealtóireacht orthu, a chruthú le haghaidh riachtanais oiriúnúcháin áirithe (e.g. díonta glasa nó réitigh hibrideacha le haghaidh bainistiú cósta).

    Mar a luann Eggermont et al. (2015) áfach, níl na teorainneacha idir na trí chineál sin chomh soiléir sin toisc gur ann do réitigh hibrideacha ar fud an ghrádáin sin ó thaobh spáis agus ama araon. Mar shampla, ar scála tírdhreacha, d’fhéadfadh gá a bheith ann limistéir chosanta agus bhainistithe a mheascadh chun spriocanna ilfheidhmiúlachta agus inbhuanaitheachta a chomhlíonadh; is féidir bogach tógtha a fhorbairt mar éiceachóras nua ach, nuair a bhunaítear i gceart é, féadfar leasú agus suirbhéireacht a dhéanamh air ina dhiaidh sin mar éiceachóras nádúrtha.

    Tástáil struis aeráide

    Mar fhreagra ar an tubaiste ag stáisiún cumhachta Fukushima sa tSeapáin, d’fhógair an Chomhairle Eorpach an 24 agus 25 Márta 2011 ‘gur cheart sábháilteacht gach stáisiúin cumhachta san Aontas a athbhreithniú, ar bhonn measúnú riosca cuimsitheach agus trédhearcach – ar a dtugtar na ‘tástálacha struis’. Bhí dhá eilimint ag baint leis na tástálacha struis sin: (i) meastóireacht ar stóinseacht stáisiúin cumhachta le linn dó sraith cásanna foircneacha (cuir i gcás) a bheith le sárú aige (3) agus (ii) fíorú na mbeart coisctheach agus maolaitheach a roghnaíodh lena n-áirítear na corrlaigh a bhí ar fáil (4). 10 mbliana ar aghaidh, is féidir modheolaíocht na dtástálacha struis sin a chur le chéile i sraith tástálacha struis aeráide de chuid na hEorpa chun rioscaí agus laigí i limistéar a shainaithint, ar rioscaí agus laigí iad a bhaineann le tionchair an athraithe aeráide. Ach an oiread leis na tástálacha struis núicléacha arb é is aidhm dóibh díriú ar bhearta a d’fhéadfaí a dhéanamh chun nach dteipfeadh ar imoibreán núicléach tar éis tubaiste nádúrtha chomh maith le bearta maolaitheacha, ba cheart tástálacha struis a dhíriú freisin ar bhearta a d’fhéadfaí a dhéanamh roimh teagmhais adhaimsire a tharlaíonn de dheasca na haeráide a laghdódh an riosca tionchair. Beidh na céimeanna seo a leanas ina dtreoir i dtreo tástála struis a bheidh saincheaptha don aeráid.

    Céim 1:   Guaiseacha a shainiú i dtástáil struis aeráide a bhaineann le comhthéacs sonrach

    Sainaithnítear go bunúsach i dtástáil struis aeráide na rioscaí a d’fhéadfadh tarlú i limistéar ainmnithe i ngeall ar ghuaiseacha a bhaineann leis an aeráid, lena n-áirítear tuilte, teas, triomach, stoirmeacha, etc. Déantar é sin trí fhaisnéis a bhailiú agus a chruthú maidir le héifeachtaí an athraithe aeráide (an strus), agus maidir le leochaileacht na gcóras agus na n-ábhar in aghaidh na héifeachtaí sin. Tugtar aird ar leith ar phríomhrioscaí aeráide - an rud is tábhachtaí bonneagar (lárnach), ach slándáil uisce freisin, slándáil bia, sláinte phoiblí, bithéagsúlacht agus éiceachórais, etc. Meastar gur dea-chleachtas é tástáil struis a dhéanamh ar bhonneagar criticiúil i limistéar ainmnithe atá an-tábhachtach do chórais chriticiúla eile amhail bia, uisce agus sláinte. Tá na rioscaí agus na guaiseacha aeráide an-scaipthe ó thaobh spáis de, agus difríocht eatarthu ní hamháin ar scála náisiúnta nó fo-náisiúnta, ach freisin ó shráidbhaile go sráidbhaile, ó shráid go sráid, nó fiú ó theach go teach. Ba cheart scála spásúil tástála struis aeráide a shainaithint dá bhrí sin, agus na guaiseacha a ghabhann leis, mar chéad chéim.

    Céim 2:   Leochaileachtaí ginearálta a iniúchadh

    Leis an dara céim, dhéanfaí iniúchadh ar na leochaileachtaí a bhaineann leis na guaiseacha aeráide a cinneadh roimhe sin le heolas atá ar fáil go poiblí, cosúil le léarscáileanna náisiúnta nó áitiúla. Leis an ‘scanadh tapa’ sin bheifí in ann faisnéis bhunúsach a bhailiú go tapa, rud a thabharfadh an chéad léargas ar thionchair agus ar leochaileachtaí aeráide i limistéar áirithe. Tá na torthaí oiriúnach chun feasacht a ardú agus chun faisnéis a sholáthar do pháirtithe leasmhara ábhartha nach bhfuil ag gabháil a ndóthain go fóill don oiriúnú aeráide.

    Céim 2.a:   Grinnmheasúnú leochaileachta

    Níl an fhaisnéis a bhailítear i gCéim 2 sách sonrach i gcuid mhaith cásanna chun leochaileachtaí a shainaithint ar scála áitiúil. Sa chás sin, bheadh sé áisiúil faisnéis shaincheaptha a ghiniúint le sonraí breise agus ríomhanna samhla maidir le limistéar sonrach.

    Céim 3:   Ón tástáil struis go dtí straitéis um an oiriúnú don aeráid

    Nuair a bhíonn tástáil struis déanta, an chéad chéim eile is ea straitéis um an oiriúnú don aeráid don earnáil nó don limistéar sin a dhéanamh den fhaisnéis. Sula ndéanfar na féidearthachtaí maidir le straitéis a dhéanamh de na torthaí sin, tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara cad a dhéantar i dtástáil struis, agus go deimhin cad nach ndéantar:

    Ní féidir leat pas nó teip a fháil i dtástáil struis. Tá an tástáil ceaptha chun leochaileachtaí agus rioscaí a d’fhéadfadh a bheith i limistéar a shainaithint, ar rudaí iad atá in ann ionchur a sholáthar le haghaidh pleananna nó straitéisí um an oiriúnú don aeráid.

    Ní thugtar seicliostaí ‘treorach’ le tástáil struis chaighdeánaithe. In ionad sin, is é is aidhm di tacaíocht a thabhairt do straitéisí nó pleananna saincheaptha um an oiriúnú don aeráid.

    Ní thugtar sainordú i dtástáil struis maidir le noirm oiriúnúcháin ach soláthraítear ionchur le haghaidh pléití maidir leis na leibhéil rioscaí atá inghlactha agus na cinn nach bhfuil.

    Ní áirítear leis an tástáil struis na costais a bhaineann le bearta oiriúnúcháin áirithe, ba cheart an cleachtadh buiséid sin a dhéanamh ag céim níos déanaí nuair a fhéadfar bearta oiriúnúcháin a chur i gcomparáid le chéile.

    Ní thugtar breithiúnas sa tástáil struis ná ní fhorchuirtear bearta ann – déantar é sin i gcomhar le páirtithe leasmhara, mar atá le feiceáil sa sampla praiticiúil seo a leanas.

    Sampla praiticiúil: cleachtas de chuid na hÍsiltíre maidir le tástálacha struis aeráide a ionchorprú i plean oiriúnúcháin aeráide trí idirphlé ar na rioscaí

    San Ísiltír oibríonn gach bardas, bord uisce réigiúnach, cúige, agus an rialtas láir le chéile ar an gclár Deilte, clár oiriúnúcháin don aeráid. Mar chuid den phleanáil spásúil i bplean Deilte, agus é mar sprioc an Ísiltír a bheith díonach ar an aeráid agus athléimneach ó thaobh uisce de faoi 2050, chomhaontaigh na páirtithe uile tástáil struis aeráide a dhéanamh i gcomhar le páirtithe leasmhara éagsúla. Díríodh sa tástáil struis ar thriomach, teas, leathbháthadh agus ar thuilte uirbeach/báistiúla. Mar chéad chéim eile, gheall siad idirphléití riosca a eagrú agus toradh na dtástálacha struis agus na n-idirphléití riosca a ionchorprú i bhforbairt na gclár oibre cur chun feidhme. Faoi 2021, bhí tástáil struis curtha i gcrích ag gach réigiún oibre. Ina theannta sin, bhí beagnach gach réigiún oibre tar éis tabhairt faoi idirphlé riosca, agus tá clár cur chun feidhme oiriúnaithe aeráide leagtha síos ag líon níos mó bardas agus réigiún oibre.

    Is próiseas athfhillteach é an t-idirphlé riosca ina gcuimsítear comhráití iolracha faoi rioscaí a bhaineann leis an aeráid. Tarlaíonn idirphlé riosca go hinmheánach idir státseirbhísigh ar leibhéal (fo-)náisiúnta ach bíonn idirphlé riosca seachtrach ar siúl idir rialtais náisiúnta agus páirtithe eile, amhail áitritheoirí agus gnólachtaí. Tá dhá chuspóir ag baint le hidirphlé riosca:

    1.

    Feasacht a ardú maidir le leochaileacht limistéir áirithe i leith an athraithe aeráide. Is féidir le rannpháirtithe idirphlé a dhéanamh ar thorthaí na tástála struis aeráide le linn an idirphlé riosca, agus machnamh a dhéanamh ar na rioscaí is dóigh leosan atá inghlactha agus na cinn nach dóigh leo a bheith inghlactha.

    2.

    Cothaítear idirphlé lena linn freisin ar conas leochaileachtaí a laghdú le gníomhaíochtaí coincréiteacha.

    Mhúnlaigh rialtas na hÍsiltíre treochlár chun idirphlé riosca a chruthú a thugann faisnéis as sin do straitéisí agus pleananna oiriúnaithe aeráide.

    Tábla 1

    Forbhreathnú ar an bpróiseas idirphlé riosca

    An t-ullmhúchán

    Idirphlé a choinneáil ar bun

    Bailchríochnú

    Cén fáth? Cé? Cén chaoi, Cén cruth? Cad iad na príomhrioscaí aeráide? Cé na hábhair ar cheart plé a dhéanamh orthu? Conas an t-idirphlé a eagrú? Conas páirtithe leasmhara a chur ar an eolas? Cathain? Cé leis an próiseas?

    Téamaí a nascadh? Cé dó a ndéanann na tionchair difear? Cad iad na réitigh? Deiseanna? Rioscaí nua? Conas an leibhéal céanna a shroicheadh? Cé a dhéanann modhnú ar an bpróiseas? Conas gach duine a choimeád sa phróiseas?

    Cad iad comhaontuithe comhchoiteann? Cad a bhíonn ann de thoradh an idirphlé ar rioscaí? Cé a dhéanann rudaí difriúla agus cén fáth? An dtabharfaimid faoin idirphlé arís? Cén chaoi a roinnfimid na torthaí? Cé na modhanna cumarsáide a úsáidfear?

    Níl aon treochlár cinnte ann le haghaidh idirphlé riosca, toisc go mbíonn sé ag brath ar chuid mhaith tosca, amhail scála, am, agus acmhainneacht. Bhí roinnt idirphléití riosca ann go dtí seo bunaithe ar thástálacha struis san Ísiltír, a tiomsaíodh i bhforbhreathnú agus i léarscáil. Soláthraíonn rialtas na hÍsiltíre liosta eagraíochtaí do bhardais, réigiúin agus do chomhlachtaí riaracháin eile ar féidir leo cuidiú chun idirphléití riosca a éascú, agus soláthraíonn siad samplaí d’idirphléití riosca a bhí ar siúl cheana féin.


    (1)  Sainmhíniú ar réiteach dúlrabhunaithe (NBS) arna chomhaontú go hiltaobhach, arna ghlacadh ag Cúigiú Comhthionól Comhshaoil na Náisiún Aontaithe de Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe an 2 Márta 2022 (UNEP/EA.5/Res.5), aisghabhadh an nasc an 13.4.23.

    (2)  Rannchuidiú Mheitheal II Athrú Aeráide 2022: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht, aisghabhadh an nasc an 13.4.23.

    (3)  Bhí teagmhais a thosaíonn go nádúrtha, lena n-áirítear crith talún, súnámaí agus adhaimsir, córais sábháilteachta a chailltear agus bainistíocht timpistí tromchúiseacha ar an príomh-thopaicí a ndearnadh athbhreithniú orthu.

    (4)  Féach freisin Sonraíochtaí tástálacha struis an Aontais, aisghabhadh an nasc an 13.4.23.


    Top