AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,22.11.2023
COM(2023) 722 final
2023/0408(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an tríú seisiún de Chruinniú na bPáirtithe sa Phrótacal ar mhaithe le Trádáil Aindleathach i dTáirgí Tobac a dhíothú
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.ÁBHAR AN TOGRA
Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena mbunaítear na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais ag an tríú seisiún de Chruinniú na bPáirtithe sa Phrótacal ar mhaithe le Trádáil Aindleathach i dTáirgí Tobac a dhíothú, seisiún a bheidh ar siúl i gCathair Phanama ón 27 Samhain go dtí an 30 Samhain 2023.
2.COMHTHÉACS AN TOGRA
2.1.Prótacal ar mhaithe le Trádáil Aindleathach i dTáirgí Tobac a dhíothú
An Prótacal ar mhaithe le Trádáil Aindleathach i dTáirgí Tobac a dhíothú (‘an Prótacal’), is Prótacal é i gCreat‑Choinbhinsiún na hEagraíochta Domhanda Sláinte maidir le Rialú Tobac (‘an Coinbhinsiún’). Is é is aidhm don Phrótacal trádáil aindleathach de gach cineál i dtáirgí tobac a dhíothú trí phacáiste beart a ghlacfaidh tíortha atá ag gníomhú i gcomhar lena chéile: is réiteach domhanda é ar fhadhb dhomhanda. Forbraíodh an Prótacal mar fhreagairt ar an trádáil aindleathach mhéadaitheach i dtáirgí tobac, a tharlaíonn thar theorainneacha go minic, arb í is cúis le caillteanais shubstaintiúla in ioncaim an rialtais, agus a rannchuidíonn le cistiú gníomhaíochtaí coiriúla idirnáisiúnta an tráth céanna. Tháinig sé i bhfeidhm an 25 Meán Fómhair 2018.
Is Páirtithe sa Choinbhinsiún iad an tAontas agus 18 mBallstát.
2.2.Cruinniú na bPáirtithe
Is comhlacht é Cruinniú na bPáirtithe (‘MOP’), a bunaíodh leis an bPrótacal, a bhfuil sé de chúram air athbhreithniú rialta a dhéanamh ar chur chun feidhme an Phrótacail agus na cinntí is gá a dhéanamh chun cur chun feidhme éifeachtach an Phrótacail a chur chun cinn. Féadfaidh MOP leasuithe ar an bPrótacal a ghlacadh. Chuige sin, cuireann MOP, i measc comhlachtaí eile, malartú faisnéise agus cúnamh chun cinn le feabhas a chur ar chomhar idirnáisiúnta chun aghaidh a thabhairt ar thrádáil aindleathach i dtáirgí tobac. Glacann MOP tuarascálacha rialta freisin maidir le cur chun feidhme an Phrótacail.
Tionóltar seisiúin rialta MOP gach 2 bhliain. De réir Rialacha Nós Imeachta MOP, tacaíonn Rúnaíocht an Choinbhinsiúin (an ‘Rúnaíocht’ freisin) le hobair an Choinbhinsiúin agus an Phrótacail araon. Ba cheart di an clár oibre sealadach mar aon le doiciméid tacaíochta eile (a mbíonn dréachtchinntí iontu go minic) a chur faoi bhráid na bPáirtithe le haghaidh gach míre ar an gclár oibre 60 lá ar a laghad roimh thús MOP. Ag MOP, is de chomhthoil a dhéantar cinntí maidir le cúrsaí buiséadacha agus airgeadais. Maidir le gach cinneadh eile, ba cheart gach iarracht a dhéanamh teacht ar chomhaontú trí chomhthoil. Mar rogha dheireanach, déantar cinntí maidir le hábhair shubstainteacha le vóta tromlaigh trí cheathrú de na Páirtithe atá i láthair agus a chaitheann vóta, agus ba cheart cinntí maidir le hábhair nós imeachta a dhéanamh le vóta tromlaigh na bPáirtithe atá i láthair agus a chaitheann vóta.
2.3.
Gníomhartha atá beartaithe ag an tríú seisiún de Chruinniú na bPáirtithe
I mí na Samhna 2023, ag an tríú seisiún de MOP (‘MOP3’), meastar go bpléifidh agus go nglacfaidh sé cinntí maidir leis na leasuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar Rialacha Nósanna Imeachta MOP agus maidir leis an bpróiseas chun Ceann na Rúnaíochta a cheapadh.
3.NA SEASAIMH ATÁ LE GLACADH THAR CEANN AN AONTAIS
Meastar go ndéanfaidh MOP cinntí áirithe a cháilíonn mar ‘chinntí a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ de réir bhrí Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).
Maidir leis an bplé a mheastar a dhéanfar maidir le leasuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar Rialacha Nós Imeachta MOP, ba cheart don Aontas tacú le leasuithe chun an obair ag MOP a shimpliú, chun socruithe a dhéanamh le haghaidh sheisiúin fhíorúla MOP, agus chun rannpháirtíocht Bhiúró MOP i gceapachán Cheann Rúnaíocht an Choinbhinsiúin a shainiú ar bhealach níos soiléire, chomh maith leis an leasú lena bhforáiltear maidir leis an bhféidearthacht Ceann Rúnaíochta gníomhach a ainmniú, nuair is gá. Ina theannta sin, ba cheart don Aontas a mholadh go méadófaí an tréimhse ama a bhíonn ag an Rúnaíocht chun doiciméid oifigiúla na comhdhála a dháileadh go 120 lá, nó ar a laghad 90 lá le haghaidh doiciméid chriticiúla, roimh thús MOP, in ionad na 60 lá atá ann faoi láthair. Leis sin tacófar le hullmhúchán cuí le haghaidh sheasaimh an Aontais amach anseo.
Maidir le ceapachán Cheann na Rúnaíochta, ba cheart don Aontas tacú le feabhas a chur ar an bpróiseas chun Ceann na Rúnaíochta a roghnú agus a cheapadh, go háirithe chun an próiseas maidir le hathnuachan aonair an téarma a shimpliú, agus na critéir feidhmíochta oibiachtúla á n‑urramú an tráth céanna. Sa chomhthéacs sin, ba cheart don Aontas tacú le feabhas a chur ar na critéir maidir le hiarrthóirí don phost mar Cheann na Rúnaíochta a roghnú freisin, agus ba cheart na gnéithe a bhaineann leis an bPrótacal a áireamh ann chomh maith.
D’fhéadfadh sé gur ghá na seasaimh sin a choigeartú a thuilleadh le linn an chomhordaithe ar an láthair ag an tríú seisiún de MOP i bhfianaise sheasaimh na bPáirtithe eile agus forbairtí gaolmhara ag an MOP sin, chomh maith le cinntí arna ndéanamh ag Comhdháil na bPáirtithe (‘COP’) sa Choinbhinsiún atá ar siúl ón 20 Samhain go dtí an 25 Samhain 2023.
4.BUNÚS DLÍ
4.1.Bunús dlí don nós imeachta
4.1.1.Na prionsabail
In Airteagal 218(9) CFAE déantar foráil maidir le cinntí a ghlacadh lena mbunaítear ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’
Áirítear i gcoincheap ‘na ngníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Áirítear freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach ‘a fhéadfaidh tionchar cinntitheach a bheith acu ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh’.
4.1.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo
Is comhlacht é MOP a bunaíodh le comhaontú, is é sin an Prótacal ar mhaithe le Trádáil Aindleathach i dTáirgí Tobac a dhíothú.
Gníomhartha áirithe a mheastar a ghlacfar ag an tríú seisiún de MOP, is gníomhartha iad a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo ós rud é go bhfuil siad ceangailteach nó go bhféadfaidh tionchar cinntitheach a bheith acu ar ábhar reachtaíocht an Aontais.
An cinneadh atá beartaithe maidir le leasuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar Rialacha Nós Imeachta MOP, is gníomh é a bhfuil éifeacht dhlíthiúil leis mar gheall ar chineál ceangailteach na Rialacha Nós Imeachta, agus toisc gur comhlacht é MOP a bhfuil cumhachtaí cinnteoireachta aige faoin bPrótacal. Bheadh modhnuithe ar Rialacha Nós Imeachta MOP ina gceangal ar na Páirtithe sa Phrótacal (agus, dá bhrí sin, ar an Aontas freisin) ar bhealach atá coibhéiseach leis an bPríomh-chomhaontú.
An cinneadh atá beartaithe a bhaineann leis an leasú ar an nós imeachta maidir le Ceann na Rúnaíochta a cheapadh, is cinneadh é a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis freisin. Ar an gcéad dul síos, tá raon feidhmeanna Cheann na Rúnaíochta níos leithne ná feidhmeanna riaracháin amháin agus áirítear leo tionchar ar bheartas agus obair shubstainteach an Phrótacail. Dá thoradh sin, is cinneadh é ceapachán Cheann na Rúnaíochta a mbeadh éifeachtaí dlíthiúla leis de réir bhrí Airteagal 218(9) CFAE. Sa chonclúid sin cumhdaítear cinntí MOP freisin lena leasaítear an nós imeachta um cheapachán Cheann na Rúnaíochta, ar cinntí iad de chineál eagraíochtúil a mbíonn tionchar acu ar phróiseas cinnteoireachta cinntí a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo (i.e. maidir le ceapachán Cheann na Rúnaíochta).
Na gníomhartha atá beartaithe, ní gníomhartha iad lena ndéantar creat institiúideach an Chomhaontaithe a fhorlíonadh ná a leasú.
Ós rud é go meastar go mbeidh éifeachtaí dlíthiúla leis an dá chinneadh sin a mheastar a ghlacfar ag an tríú seisiún de MOP, is é Airteagal 218(9) CFAE bunús dlí nós imeachta iomchuí an chinnidh ón gComhairle atá beartaithe lena mbunaítear seasaimh an Aontais ag an tríú seisiún de MOP don dá mhír sin ar an gclár oibre.
4.2.Bunús dlí substainteach
4.2.1.Na prionsabail
An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ar ábhar an ghnímh atá beartaithe a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó príomh-chomhpháirt agus an ceann eile mar aidhm nó mar chomhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh-chomhpháirte. Más gníomh de chineál eagraíochtúil é an gníomh atá beartaithe, ba cheart, i bprionsabal, gurb ionann bunús dlí substainteach an chinnidh lena mbunaítear seasaimh an Aontais agus bunús dlí an chinnidh ón gComhairle lena dtugtar i gcrích an comhaontú lenar bunaíodh an comhlacht.
4.2.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo
Príomhchuspóirí agus ábhar an Phrótacail ar mhaithe le Trádáil Aindleathach i dTáirgí Tobac a dhíothú, baineann siad le réimsí comhlántacha éagsúla, mar atá an margadh inmheánach, go háirithe saorghluaiseacht earraí máil, trádáil sheachtrach agus comhbheartas tráchtála, chomh maith le comhar custaim. Ós rud é gur gníomh de chineál eagraíochtúil é an gníomh atá beartaithe, is iad Airteagail 33, 113, 114 agus 207 CFAE bunús dlí substainteach an chinnidh atá beartaithe, arb ionann iad agus bunús dlí substainteach Chinneadh (AE) 2016/1749 ón gComhairle an 17 Meitheamh 2016 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Phrótacail ar mhaithe le Trádáil Aindleathach i dTáirgí Tobac a dhíothú ag Creat‑Choinbhinsiún na hEagraíochta Domhanda Sláinte maidir le Rialú Tobac, cé is moite dá fhorálacha a thagann faoi raon feidhme Theideal V de Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
4.3.Conclúid
Ba cheart Airteagail 33, 113, 114 agus 207 CFAE i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE a bheith ina mbunús dlí don chinneadh atá beartaithe.
2023/0408 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an tríú seisiún de Chruinniú na bPáirtithe sa Phrótacal ar mhaithe le Trádáil Aindleathach i dTáirgí Tobac a dhíothú
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe
Airteagail 33, 113, 114 agus 207, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)An Prótacal ar mhaithe le Trádáil Aindleathach i dTáirgí Tobac a dhíothú (‘Prótacal’), thug an t‑Aontas i gcrích é de bhun Chinneadh 2016/1749 ón gComhairle, agus tháinig sé i bhfeidhm an 25 Meán Fómhair 2018.
(2)De bhun Airteagal 33(5) den Phrótacal, féadfaidh Cruinniú na bPáirtithe (‘MOP’) na cinntí is gá a dhéanamh chun cur chun feidhme éifeachtach an Phrótacail a chur chun cinn.
(3)Ag an tríú seisiún de MOP ón 27 Samhain go dtí an 30 Samhain 2023, meastar go nglacfaidh sé gníomhartha áirithe a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo. Dá bhrí sin, is iomchuí na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais ag an tríú seisiún de MOP a bhunú de bhun Airteagal 218(9) CFAE.
(4)Chun gur féidir ullmhúcháin agus ionadaíocht iomchuí a dhéanamh maidir le seasaimh an Aontais, ba cheart don Aontas leasú ar Rialacha Nós Imeachta MOP a mholadh chun a cheangal ar an Rúnaíocht doiciméid oifigiúla an chruinnithe a dháileadh suas le 120 lá roimh gach MOP.
(5)Chun an obair a dhéantar ag MOP a shimpliú agus seisiúin fhíorúla MOP a eagrú, agus chun foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht Ceann Rúnaíochta gníomhach a ainmniú, ba cheart don Aontas tacú freisin leis na leasuithe atá beartaithe ar Rialacha Nós Imeachta MOP a ngabhann na haidhmeanna sin leo.
(6)Ba cheart don Aontas tacú le feabhas a chur ar an bpróiseas chun Ceann Rúnaíocht an Choinbhinsiúin a roghnú agus a cheapadh, go háirithe chun athnuachan aonair ar an téarma oifige a shimpliú, agus na critéir feidhmíochta oibiachtúla á n‑urramú ag an am céanna,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais ag an tríú seisiún de Chruinniú na bPáirtithe sa Phrótacal ar mhaithe le Trádáil Aindleathach i dTáirgí Tobac a dhíothú, beidh siad i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Féadfaidh ionadaithe an Aontais teacht ar chomhaontú maidir le mionchoigeartú a dhéanamh ar na seasaimh dá dtagraítear in Airteagal 1, i bhfianaise na bhforbairtí ag an tríú seisiún de Chruinniú na bPáirtithe sa Phrótacal ar mhaithe le Trádáil Aindleathach i dTáirgí Tobac a dhíothú, agus ag an deichiú seisiún de Chomhdháil na bPáirtithe i gCreat‑Choinbhinsiún na hEagraíochta Domhanda Sláinte maidir le Rialú Tobac, i gcomhairle leis na Ballstáit le linn cruinnithe maidir le comhordú ar an láthair, gan cinneadh breise ón gComhairle.
Airteagal 3
Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán