AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,13.1.2023
COM(2023) 23 final
2023/0006(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le fad a chur le teidlíocht comhléiriúchán mar a fhoráiltear in Airteagal 5 den Phrótacal maidir le Comhar Cultúrtha a ghabhann leis an gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
An 1 Deireadh Fómhair 2015 ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2015/2169 maidir le cur i gcrích an Chomhaontaithe Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile.
Leis an bPrótacal maidir le Comhar Cultúrtha atá i gceangal leis an gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile (‘an Prótacal’), bunaítear in Airteagal 1 an creat ina gcomhoibríonn na Páirtithe chun malartuithe a éascú maidir le gníomhaíochtaí cultúrtha, earraí agus seirbhísí, lena n‑áirítear malartuithe san earnáil closamhairc.
Bunaíodh an teidlíocht seo le haghaidh tréimhse 3 bliana (ón 1 Iúil 2011 go dtí an 30 Meitheamh 2014). De bhun Airteagal 5(8)(b) den Phrótacal, ‘déanfar an teidlíocht thuasluaite a athnuachan go ceann fad 3 bliana agus, dá éis sin, déanfar an teidlíocht sin a athnuachan go huathoibríoch go ceann tréimhsí leantacha eile den fhad céanna, ach amháin má chuireann Páirtí deireadh leis an teidlíocht trí fhógra i scríbhinn a thabhairt 3 mhí ar a laghad sula rachaidh an tréimhse tosaigh nó aon tréimhse dá héis sin in éag.’
I gcomhréir leis an bhforáil sin, rinneadh an teidlíocht a athnuachan trí huaire le haghaidh tréimhsí 3 bliana. Mhair an chéad tréimhse go dtí an 30 Meitheamh 2017, mhair an dara tréimhse go dtí an 30 Meitheamh 2020, agus leanfaidh an tríú tréimhse go dtí an 30 Meitheamh 2023, ós rud é nár chuir aon Pháirtí deireadh leis an teidlíocht go dtí seo.
Tá sé beartaithe anois go gcomhaontóidh an Chomhairle leis an teidlíocht a leanúint go ceann trí bliana eile. Maidir le comhléiriúcháin idir an tAontas agus Poblacht na Cóiré, d’fhéadfadh tairbhe eacnamaíoch agus cultúrtha a bheith i gceist ar an dá thaobh. Is féidir leis an teidlíocht closamhairc deiseanna breise a chruthú do na Ballstáit uile, lena n‑áirítear na Ballstáit nach raibh in ann comhléiriúcháin a fhorbairt ar bhonn déthaobhach go dtí seo.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
I bhfo-chlár MEDIA Eoraip na Cruthaitheacha tugtar tacaíocht do na tíortha Eorpacha rannpháirteacha saothair chlosamhairc Eorpacha a fhorbairt agus a dháileadh. Féadfaidh tairbhithe ó thríú tíortha a bheith rannpháirteach i scéimeanna ar leith má chomhlíontar coinníollacha áirithe.
Le scéimeanna áirithe cuidítear le timpeallacht a chothú atá fabhrach do chomhléiriúcháin, go háirithe scéimeanna Rochtana ar an Margadh agus Oiliúna lena maoinítear margaí, cruinnithe líonraithe agus ceardlanna, lena n‑áirítear leis an gCóiré. Ina theannta sin, is cuidiú iad an scéim comhfhorbartha agus an scéim clársceidealaithe teilifíse le comhpháirtithe comhléiriúcháin Eorpacha agus idirnáisiúnta, lena n‑áirítear ón gCóiré, maidir le hoibriú i gcomhar lena chéile.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Thug an tAontas Eorpach agus an Chóiré an Prótacal maidir le Comhar Cultúrtha i gcrích in 2015 mar chuid den Chomhaontú Saorthrádála. Go sonrach, measadh gur ionstraim é lena gcuirfí chun cinn Coinbhinsiún na bliana 2005 de chuid Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe (UNESCO) maidir le hÉagsúlacht Léirithe Cultúir a Chosaint agus a Chur Chun Cinn.
Leis an teidlíocht atá ann faoi láthair foráiltear maidir le comhléiriúcháin lena dtabharfar tacaíocht do chomhléiriúcháin chlosamhairc as grúpálacha scéimeanna agus cistí náisiúnta. Mar gheall ar an teidlíocht, féadfar na saothair chomhléiriúcháin a cháiliú freisin mar shaothair Eorpacha faoi shainmhíniú na saothar Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 1(n)(iii) den Treoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc (AVMSD).
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Le breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 1 Márta 2022 i gCás C-275/20 – An Coimisiún v an Chomhairle (Accord avec la République de Corée), soiléiríodh maidir le hAirteagal 3(1) de Chinneadh (AE) 2015/2169 ón gComhairle arna leasú le Cinneadh (AE) 2022/2335 ón gComhairle, lena bhforáiltear maidir le cinneadh trí thromlach cáilithe, gur cheart é a bheith ina bhunús dlí maidir leis an gcinneadh atá beartaithe.
•Coimhdeacht
Tríd an teidlíocht a athnuachan, beidh deis ann do thionscal closamhairc na hEorpa a láithreacht i margadh na Cóiré a choinneáil, láithreacht atá ag fás go tapa, agus scaireanna breise, taithí agus eolas maidir leis an margadh sin a ghnóthú a thuilleadh.
Cé gur éirigh le roinnt Ballstát tabhairt faoi chomhléiriúcháin chlosamhairc ar bhonn déthaobhach, níor éirigh le go leor Ballstát eile go fóill agus dá bhrí sin, leis an teidlíocht ar leibhéal an Aontais, d’fhéadfaí deis a thabhairt do líon níos mó tíortha a bheith rannpháirteach.
Tá inniúlachtaí teoranta ag an gCoimisiún Eorpach maidir le léiriú scannán ós rud é gurb é sin ról na gcistí scannánaíochta náisiúnta, lena n‑áirítear a mhéid a bhaineann le comhléiriúcháin idirnáisiúnta. Dá bhrí sin, is gá úsáid a bhaint cistí scannánaíochta náisiúnta a thuilleadh chun an Prótacal seo a chur chun feidhme go praiticiúil.
•Comhréireacht
Léiríodh sna staidéir agus sna sonraí ón bhFaireachlann Eorpach Chlosamhairc gur mó an lucht féachana a bhíonn ann de thoradh comhléiriúchán. 23 % de na scannáin a bhí ar taispeáint sa Chóiré in 2021 ba scannáin Eorpacha iad ach ní dheachaigh ach 5 % de lucht freastail na bpictiúrlann ag amharc orthu. Sa bhearna idir na scannáin nua agus lucht freastail na bpictiúrlann go bhfuil acmhainneacht mhór neamhshaothraithe ann agus dá mbeifí ag obair níos fearr i gcomhar le chéile, d’fhéadfaí leas a bhaint as an acmhainneacht sin. Mar gheall ar an teidlíocht comhléiriúcháin, d’fhéadfaí níos mó deiseanna a chruthú do thionscal closamhairc na hEorpa i dtéarmaí onnmhairithe agus cur chun cinn sa Chóiré agus i dtéarmaí bealach isteach ar mhargadh na hÁise. Dá bhrí sin, dá gcuirfí teidlíocht comhléiriúcháin chun feidhme, bheadh sin ina chuidiú leis an sciar den mhargadh a thógáil i gceann de na 10 margadh is fearr trí oifig na dticéad (USD 500 milliún, lucht freastail de 61 mhilliún). Mar sin féin, tá líon na scannán Cóiréach san Aontas teoranta go leor. Idir 2017 agus 2021, 0.6 % de na scannáin a bhí ar taispeáint agus 0.5 % den lucht freastail san Aontas ba scannáin Chóiréacha iad.
Is cosúil gur easpa leanúnach faisnéise nithiúla faoi na dreasachtaí atá ar fáil do chomhléiriúcháin i mBallstáit an Aontais agus i bPoblacht na Cóiré go háirithe is cúis leis an easpa comhléiriúchán idir an tAontas agus Poblacht na Cóiré faoin teidlíocht closamhairc ó comhaontaíodh den chéad uair é. Is amhlaidh is measa a bhí an scéal de dheasca éifeachtaí phaindéim COVID-19. Dá bhrí sin, ba cheart bearta spriocdhírithe a dhéanamh anois (lena gcumhdaítear rochtain ar an maoiniú, oiliúint agus tógáil líonraí), ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon. Leis an réadú roimhe seo ar chomhléiriúcháin idir na Ballstáit agus Poblacht na Cóiré lasmuigh den teidlíocht closamhairc, ar comhléiriúcháin iad ar chuir paindéim COVID-19 isteach orthu, léirítear go bhfuil an inniúlacht agus an acmhainneacht ann tuilleadh a dhéanamh.
•An rogha ionstraime
I gcomhréir le hAirteagal 3(1) de Chinneadh (AE) 2015/2169 ón gComhairle, is cinneadh ón gComhairle an ionstraim iomchuí chun fad leis an teidlíocht a chomhaontú.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Ní bhaineann le hábhar
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Tá foráil sa Phrótacal go mbunóidh gach Páirtí Grúpa Comhairleach Baile (GCB), agus is éard a bheidh ann a n‑ionadaithe cultúrtha agus closamhairc féin atá gníomhach sna réimsí a chumhdaítear leis an bPrótacal seo. Ar thaobh an Aontais, bhí cruinniú ag an nGrúpa Comhairleach Baile i mí na Nollag 2022 chun meastóireacht a dhéanamh ar na torthaí ar chur chun feidhme na teidlíochta ó thaobh fheabhsú na héagsúlachta cultúrtha agus an chomhair chomhthairbhigh maidir le saothair chomhléirithe de.
Rinneadh malartuithe úsáideacha maidir le roinnt saincheisteanna. D’aithin na páirtithe leasmhara an easpa comhléiriúchán closamhairc idir an tAontas Eorpach agus an Chóiré faoi na coinníollacha a luaitear sa Phrótacal agus bhí roinnt glaonna ann chun meastóireacht a dhéanamh ar na cúiseanna nár éirigh leis an teidlíocht go dtí seo. Díríodh aird sa phlé ar an gcaoi a d’fhéadfadh paindéim COVID-19, an easpa feasachta agus na diancheanglais a bheith i measc na dtosca a rannchuidigh leis sin. Tá roinnt páirtithe leasmhara idir dhá chomhairle go fóill maidir leis an mbonn institiúideach faoin teidlíocht, ós rud é nár cheart cúrsaí closamhairc a bheith mar chuid de chomhaontuithe trádála.
Thairis sin, díríodh aird sa phlé ar an gcaoi ina bhfuil ag éirí leis an bPrótacal cultúrtha foriomlán le caidreamh cultúrtha a fhorbairt i gcomhréir le Coinbhinsiún UNESCO 2005 agus ar a thábhachtaí atá sé an caidreamh cultúrtha idir an tAontas agus Poblacht na Cóiré a neartú a thuilleadh. Cuireadh ábhar imní in iúl i dtaca leis an easpa cómhalartachta a d’fhéadfadh a bheith i bPoblacht na Cóiré maidir leis na cuótaí le haghaidh léiriúcháin náisiúnta ar sheirbhísí físeán ar éileamh ar líne. Mar sin féin, i bhfianaise an easpa comhléiriúchán idir an tAontas agus an Chóiré go dtí seo, is íseal iad na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann. Maidir le hathnuachan na teidlíocht, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhféadfaí deis a chur ar fáil an teidlíocht a oiriúnú chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní agus chun cur chun feidhme an Phrótacail a éascú.
•Bailiú agus úsáid saineolais
Léiríodh sna staidéir agus sna sonraí ón bhFaireachlann Eorpach Chlosamhairc go gur mó an lucht féachana a bhíonn ann de thoradh comhléiriúchán. 23 % de na scannáin a bhí ar taispeáint sa Chóiré in 2021 ba scannáin Eorpacha iad ach ní dheachaigh ach 5 % de lucht freastail na bpictiúrlann ag amharc orthu. Leis an mbearna idir na scannáin nua agus lucht freastail na bpictiúrlann léirítear go bhfuil acmhainneacht mhór neamhshaothraithe ann agus dá mbeifí ag obair níos fearr i gcomhar le chéile, d’fhéadfaí leas a bhaint aisti. Rinne an Coiste um Chomhar Cultúrtha a bunaíodh leis an bPrótacal athbhreithniú ar thosca a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chur chun feidhme na teidlíochta closamhairc, lena n‑áirítear paindéim COVID-19, an easpa feasachta maidir le deiseanna agus ceanglais le haghaidh comhléiriúchán.
•Measúnú tionchair
Ní bhaineann le hábhar.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Ní bhaineann le hábhar.
•Cearta bunúsacha
Ní bhaineann le hábhar.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Impleacht ar bith.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Déanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach ar chur chun feidhme na teidlíochta comhléiriúcháin closamhairc, ag tarraingt ar shonraí ón bhFaireachlann Eorpach Chlosamhairc agus ón tionscal, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an earnáil bheochana.
Tiocfaidh an Coiste um Chomhar Cultúrtha a bunaíodh leis an bPrótacal le chéile uair sa bhliain chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta agus chun dúshláin agus deiseanna a phlé.
•Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Le hAirteagal 1 athnuaitear fad na teidlíochta closamhairc ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2026 agus le linn na tréimhse sin ceadaítear do chomhléirithe idir an tAontas agus an Chóiré tairbhe a bhaint as scéimeanna na bpáirtithe faoi seach.
Foráiltear le hAirteagal 2 go dtiocfaidh an Cinneadh i bhfeidhm an dáta a ghlacfar é. Tá gá leis sin de dheasca srianta ama a bhaineann leis an oibleagáid ar an Aontas maidir le fógra a thabhairt do Phoblacht na Cóiré 3 mhí roimh ré más rud é go bhfuil sé ar intinn ag an Aontas gan an teidlíocht a athnuachan.
2023/0006 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le fad a chur le teidlíocht comhléiriúchán mar a fhoráiltear in Airteagal 5 den Phrótacal maidir le Comhar Cultúrtha a ghabhann leis an gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2015/2169 ón gComhairle an 1 Deireadh Fómhair 2015 maidir le cur i gcrích an Chomhaontaithe Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile, arna leasú le Cinneadh (AE) 2022/2335 ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 3(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) An 1 Deireadh Fómhair 2015, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2015/2169 maidir le cur i gcrích an Chomhaontaithe Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile.
(2) Leis an bPrótacal maidir le Comhar Cultúrtha, atá i gceangal leis an gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile (‘an Prótacal’), bunaítear in Airteagal 1 an creat ina bhfuil na Páirtithe le comhoibriú chun malartuithe a éascú maidir le gníomhaíochtaí cultúrtha, earraí agus seirbhísí, lena n‑áirítear malartuithe san earnáil closamhairc.
(3) Áirítear sa Phrótacal forálacha maidir leis an teidlíocht comhléiriúchán closamhairc tairbhe a bhaint as na scéimeanna faoi seach.
(4) De bhun Airteagal 5(8), pointe (b), den Phrótacal, tar éis thréimhse tosaigh 3 bliana déanfar an teidlíocht a athnuachan go ceann tréimhsí leantacha eile den fhad céanna, mura gcuireann Páirtí deireadh leis an teidlíocht trí fhógra i scríbhinn a thabhairt 3 mhí ar a laghad sula rachaidh an tréimhse tosaigh nó aon tréimhse dá héis sin in éag. I gcomhréir leis an bhforáil sin, cuireadh fad leis an teidlíocht go deireanach go dtí an 30 Meitheamh 2023, ós rud é nár chuir aon Pháirtí deireadh léi.
(5) I gcomhréir le hAirteagal 3(1) de Chinneadh (AE) 2015/2169, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Phoblacht na Cóiré má bhíonn sé i gceist ag an Aontas gan fad a chur le tréimhse na teidlíochta comhléiriúchán de bhun Airteagal 5 den Phrótacal de réir an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 5(8) den Phrótacal sin, ach amháin má aontaíonn an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, 4 mhí roimh dheireadh thréimhse na teidlíochta sin, leanúint ar aghaidh leis an teidlíocht. Má aontaíonn an Chomhairle leanúint ar aghaidh leis an teidlíocht sin, beidh an nós imeachta sin infheidhme arís ag deireadh thréimhse athnuaite na teidlíochta.
(6) Chuathas i gcomhairle leis an nGrúpa Comhairleach Baile dá bhforáiltear in Airteagal 3(5) den Phrótacal maidir le fad a chur le tréimhse na teidlíochta mar a fhoráiltear dó le hAirteagal 5(8) den Phrótacal.
(7) An 7 Nollaig rinne an Coiste um Chomhar Cultúrtha measúnú ar na torthaí ar chur chun feidhme na teidlíochta ó thaobh fheabhsú na héagsúlachta cultúrtha agus an chomhair chomhthairbhigh maidir le saothair chomhléirithe dá bhforáiltear in Airteagal 5(8), pointe (a) den Phrótacal.
(8) Comhaontaíonn an Chomhairle leanúint ar aghaidh leis an teidlíocht ó tharla go bhféadfadh tairbhe eacnamaíoch agus cultúrtha ar an dá thaobh a bheith i gceist le comhléiriúcháin idir an tAontas agus Poblacht na Cóiré. Is féidir leis an teidlíocht closamhairc deiseanna breise a chruthú do na Ballstáit uile, lena n‑áirítear na Ballstáit nach raibh in ann comhléiriúcháin a fhorbairt ar bhonn déthaobhach go dtí seo.
(9) Níor cheart an Cinneadh seo difear a dhéanamh d’inniúlachtaí an Aontais ná inniúlachtaí na mBallstát faoi seach.
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirfear fad le tréimhse na teidlíochta comhléiriúcháin chlosamhairc tairbhe a bhaint as scéimeanna na bPáirtithe faoi seach chun ábhar cultúrtha áitiúil/réigiúnach a chur chun cinn, de réir mar a fhoráiltear i míreanna 4 go 7 d’Airteagal 5 den Phrótacal, go ceann fad trí bliana, ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2026.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm dáta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán