EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023PC0004

Togra le haghaidh CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/170/AE, lena mbunaítear liosta tríú tíortha neamh-chomhoibríocha sa chomhrac in aghaidh iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte, a mhéid a bhaineann le Camarún

COM/2023/4 final

An Bhruiséil,5.1.2023

COM(2023) 4 final

2023/0003(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/170/AE, lena mbunaítear liosta tríú tíortha neamh‑chomhoibríocha sa chomhrac in aghaidh iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte, a mhéid a bhaineann le Camarún


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Foras agus cuspóirí an togra

Baineann an togra seo le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (iascaireacht NNN) a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena leasaítear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1936/2001 agus (CE) Uimh. 601/2004 agus lena naisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1093/94 agus (CE) Uimh. 1447/1999 1 (an Rialachán maidir le hIascaireacht NNN).

Comhthéacs ginearálta

Déantar an togra seo i gcomhthéacs chur chun feidhme an Rialacháin maidir le hIascaireacht NNN agus is toradh é ar na nósanna imeachta anailíse agus idirphlé a rinneadh i gcomhréir leis na ceanglais shubstainteacha agus nós imeachta a leagtar amach sa Rialachán maidir le hIascaireacht NNN lena bhforáiltear inter alia gur cheart do gach tír na dualgais atá uirthi faoin dlí idirnáisiúnta mar Stát brataí, Stát calafoirt, Stát cósta nó Stát margaidh a chomhlíonadh chun iascaireacht NNN a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú.

Forálacha atá ann cheana i réimse an togra

Cinneadh ón gCoimisiún an 17 Feabhra 2021 (IO C 59, 19.2.2021, lch. 1) maidir le fógra a thabhairt do Phoblacht Chamarún go bhféadfaí í a shainaithint mar thríú tír neamh‑chomhoibríoch sa chomhrac in aghaidh iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú.

Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún an 5 Eanáir 2023 2 lena sainaithnítear Camarún mar thríú tír neamhchomhoibríoch sa chomhrac in aghaidh na hiascaireachta neamhdhleathaí, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte.

Comhsheasmhacht le beartais agus cuspóirí eile an Aontais

Neamhbhainteach.

2.TORTHAÍ AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Comhairliúchán le páirtithe leasmhara

Bhí an deis ag páirtithe leasmhara a mbaineann an t‑imeacht leo a leasanna a chosaint le linn na nósanna imeachta anailíse agus idirphlé, i gcomhréir le forálacha an Rialacháin maidir le hIascaireacht NNN.

Bailiú agus úsáid saineolais

Ní raibh aon ghá le saineolas seachtrach.

Measúnú tionchair

Is toradh é an togra seo ar chur chun feidhme an Rialacháin maidir le hIascaireacht NNN.

Níl forálacha sa Rialachán maidir le hIascaireacht NNN maidir le measúnú tionchair ginearálta ach tá liosta uileghabhálach coinníollacha ann ar gá measúnú a dhéanamh orthu.

3.EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

Achoimre ar an ngníomhaíocht atá beartaithe

An 17 Feabhra 2021, thug an Coimisiún fógra do Chamarún, le Cinneadh ón gCoimisiún, go measann an Coimisiún go bhféadfaí í a shainaithint mar thír neamh‑chomhoibríoch de bhun an Rialacháin maidir le hIascaireacht NNN.

Chuir an Coimisiún tús le démarches i leith Chamarún. Is éard a bhí sna démarches sin inter alia gníomhaíochtaí lena soláthraítear cúiseanna lena ghníomhaíochtaí, an deis don tír freagairt a thabhairt agus an maíomh a bhréagnú, an ceart faisnéis bhreise a iarraidh agus a chur ar fáil, plean gníomhaíochtaí a bheartaítear chun an cás a leigheas chomh maith le dóthain ama chun freagairt a thabhairt agus am réasúnta chun an cás a leigheas.

An 5 Eanáir 2023, le Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún, shainaithin an Coimisiún Camarún mar thríú tír a measann an Coimisiún gur tríú tír neamh‑chomhoibríoch í de bhun an Rialacháin maidir le hIascaireacht NNN.

Tá an togra le haghaidh Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle atá i gceangal leis seo bunaithe ar na torthaí a dheimhnigh nár chomhlíon Camarún na dualgais atá air faoin dlí idirnáisiúnta mar Stát brataí, Stát calafoirt, Stát cósta nó Stát margaidh.

Tá sé beartaithe, dá bhrí sin, go nglacfaidh an Chomhairle an togra le haghaidh Cinnidh atá i gceangal leis seo.

Bunús dlí

Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht NNN a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú.

Prionsabal na coimhdeachta

Tagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta.

Prionsabal na comhréireachta

Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta ar na cúiseanna seo a leanas:

Tugtar tuairisc ar an gcineál gníomhaíochta sa Rialachán maidir le hIascaireacht NNN agus níl aon scóip ann le haghaidh cinneadh náisiúnta.

Maidir le léiriú ar an mbealach a n‑íoslaghdaítear an t‑ualach airgeadais agus riaracháin atá ar an Aontas, ar rialtais náisiúnta, ar údaráis réigiúnacha agus áitiúla, ar oibreoirí eacnamaíocha agus ar shaoránaigh agus ar an mbealach a bhfuil sé ar comhréir le cuspóir an togra, níl an léiriú sin infheidhme.

An rogha ionstraimí

Na hionstraimí atá beartaithe: cinneadh.

Ní bheadh modhanna eile leordhóthanach ar an gcúis seo a leanas:

Ní bheadh modhanna eile leordhóthanach toisc nach ndéantar foráil sa Rialachán maidir le hIascaireacht NNN maidir le roghanna malartacha.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon impleacht ag an togra ar bhuiséad an Aontais.

2023/0003 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/170/AE, lena mbunaítear liosta tríú tíortha neamh‑chomhoibríocha sa chomhrac in aghaidh iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte, a mhéid a bhaineann le Camarún

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena leasaítear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1936/2001 agus (CE) Uimh. 601/2004 agus lena naisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1093/94 agus (CE) Uimh. 1447/1999 3 (an Rialachán maidir le hIascaireacht NNN), agus go háirithe Airteagal 33 de,

Ag féachaint don togra a chuir an Coimisiún Eorpach isteach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

RÉAMHRÁ

(1)Leis an Rialachán maidir le hIascaireacht NNN, bunaítear córas de chuid an Aontais chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN) a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú.

(2)Le Caibidil VI den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN leagtar síos an nós imeachta um thríú tíortha neamhchomhoibríocha a shainaithint, um na démarches i leith na dtíortha sin, um liosta de na tíortha sin a bhunú, um thíortha a bhaint den liosta sin, um an liosta sin a fhoilsiú agus um aon bheart éigeandála.

(3)An 24 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/170/AE 4 lena mbunaítear liosta tríú tíortha neamhchomhoibríocha sa chomhrac in aghaidh iascaireacht NNN de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú.

(4)I gcomhréir le hAirteagal 32 den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN, le Cinneadh ón gCoimisiún an 17 Feabhra 2021 (‘Cinneadh an 17 Feabhra 2021’) 5 , thug an Coimisiún fógra do Phoblacht Chamarún (dá ngairtear Camarún anseo feasta) go bhféadfaí í a shainaithint mar thír a measann an Coimisiún gur tríú tír neamhchomhoibríoch í.

(5)I gCinneadh ón gCoimisiún an 17 Feabhra 2021, tá faisnéis faoi na fíricí agus na breithnithe fíor-riachtanacha is bonn leis an tsainaithint fhéideartha sin.

(6)Tugadh fógra do Chamarún faoin gCinneadh in éineacht le litir ina niarrtar ar Chamarún plean gníomhaíochta a chur chun feidhme i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún chun na heasnaimh a sainaithníodh a cheartú.

(7)Leis an gCinneadh uaidh an 17 Feabhra 2021, chuir an Coimisiún tús le próiseas idirphlé le Camarún.

(8)D’iarr an Coimisiún ar Chamarún na nithe seo a leanas a dhéanamh go háirithe: (i) na bearta uile is gá a dhéanamh chun na gníomhaíochtaí atá sa phlean gníomhaíochta a mhol an Coimisiún a chur chun feidhme agus (ii) measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí atá sa phlean gníomhaíochta a mhol an Coimisiún.

(9)Tugadh an deis do Chamarún freagairt a thabhairt ar Chinneadh an 17 Feabhra 2021 agus ar fhaisnéis ábhartha eile a chuir an gCoimisiún in iúl, agus ar an mbealach sin bhí an deis aige fianaise a chur isteach lena mbréagnaítear nó lena gcomhlánaítear na fíricí a luaitear i gCinneadh an 17 Feabhra 2021. Deimhníodh do Chamarún go raibh sé de cheart aige faisnéis bhreise a iarraidh nó a sholáthar.

(10)Lean an Coimisiún den fhaisnéis ábhartha uile a lorg agus a fhíorú. Breithníodh na barúlacha ó bhéal agus i scríbhinn a chuir Camarún isteach tar éis Chinneadh an 17 Feabhra 2021 agus cuireadh san áireamh iad. Coinníodh Camarún ar an eolas, ó bhéal nó i scríbhinn, faoi bhreithnithe an Choimisiúin.

(11)Ar bhonn na faisnéise a bailíodh, ba é tuairim an Choimisiúin nár thug Camarún aghaidh go leordhóthanach ar na réimsí imní ná ar na heasnaimh a dtugtar tuairisc orthu i gCinneadh an 17 Feabhra 2021. Thairis sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nár cuireadh na bearta a moladh sa phlean gníomhaíochta chun feidhme ina niomláine.

(12)De thoradh air sin, ghlac an Coimisiún Cinneadh Cur Chun Feidhme an 5 Eanáir 2023, lena sainaithnítear Camarún mar thríú tír neamhchomhoibríoch sa chomhrac in aghaidh iascaireacht NNN.

(13)Ar bhonn an phróisis imscrúdaithe agus idirphlé a rinne an Coimisiún, lena náirítear an comhfhreagras a malartaíodh agus na cruinnithe a tionóladh, agus ar bhonn na gcúiseanna le Cinneadh an 17 Feabhra 2021 agus le Cinneadh Cur Chun Feidhme an 5 Eanáir 2023, lena sainaithnítear Camarún mar thríú tír neamhchomhoibríoch sa chomhrac in aghaidh iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte, is iomchuí Camarún a chur ar liosta na dtríú tíortha neamhchomhoibríocha sa chomhrac in aghaidh iascaireacht NNN.

1.NÓS IMEACHTA I dTACA LE CAMARÚN

(14)An 17 Feabhra 2021, thug an Coimisiún fógra do Chamarún de bhun Airteagal 32 den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN gur mheas sé go bhféadfaí Camarún a shainaithint mar thríú tír neamhchomhoibríoch agus d’iarr sé ar Chamarún plean gníomhaíochta a chur chun feidhme i ndlúthchomhar lena sheirbhísí chun na heasnaimh a sainaithníodh i gCinneadh an 17 Feabhra 2021 a cheartú. Ó rinneadh an Cinneadh sin, rinne Camarún aighneachtaí i scríbhinn inar cuireadh a thuairimí in iúl agus tháinig sé le chéile go fíorúil leis an gCoimisiún chun pointí ábhartha a phlé. Sholáthair an Coimisiún faisnéis ábhartha do Chamarún i scríbhinn. Lean an Coimisiún den fhaisnéis uile a mheas sé a bheith riachtanach a lorg agus a fhíorú. Breithníodh na barúlacha ó bhéal agus i scríbhinn a chuir Camarún isteach tar éis Chinneadh an 17 Feabhra 2021 agus cuireadh san áireamh iad, agus an tráth céanna coinníodh Camarún ar an eolas ó bhéal nó i scríbhinn faoi phléití an Choimisiúin. Ba é tuairim an Choimisiúin i gCinneadh Cur Chun Feidhme an 5 Eanáir 2023 lena sainaithnítear Camarún mar thríú tír neamhchomhoibríoch sa chomhrac in aghaidh iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte, nár thug Camarún aghaidh go leordhóthanach ar na réimsí imní agus ar na heasnaimh a dtugtar tuairisc orthu i gCinneadh an 17 Feabhra 2021. Thairis sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nár cuireadh na bearta a moladh i bplean gníomhaíochta chun feidhme ina niomláine.

2.CAMARÚN A SHAINAITHINT MAR THRÍÚ TÍR NEAMHCHOMHOIBRÍOCH

(15)I gCinneadh an 17 Feabhra 2021, rinne an Coimisiún anailís ar dhualgais Chamarún agus rinne sé meastóireacht ar chomhlíonadh a oibleagáidí idirnáisiúnta mar Stát brataí, Stát calafoirt, Stát cósta nó Stát margaidh. Chun críoch an athbhreithnithe sin, chuir an Coimisiún san áireamh na critéir a liostaítear in Airteagal 31(4) go (7) den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN.

(16)D’athbhreithnigh an Coimisiún comhlíonadh Chamarún i gcomhréir le torthaí Chinneadh an 17 Feabhra 2021, agus ag féachaint don fhaisnéis ábhartha a sholáthair Camarún ina leith, d’athbhreithnigh sé an phlean gníomhaíochta a moladh, agus na bearta a rinneadh chun an cás a cheartú.

(17)Bhain na príomheasnaimh a shainaithin an Coimisiún le mainneachtain, roinnt uaireanta, oibleagáidí an dlí idirnáisiúnta a chur chun feidhme, rud a bhain go háirithe le creat dlíthiúil leordhóthanach agus cothrom le dáta a ghlacadh, le heaspa nósanna imeachta soiléire trédhearcacha maidir le clárú agus ceadúnú agus le heaspa faireacháin éifeachtúil leordhóthanaigh ar shoithí iascaireachta. Ar bhonn níos ginearálta, baineann na heasnaimh a sainaithníodh leis na coinníollacha a leagadh síos maidir le soithí iascaireachta a chlárú agus lena rialú de réir an dlí idirnáisiúnta. Sainaithníodh freisin easpa ailínithe le moltaí agus rúin ó chomhlachtaí ábhartha amhail Plean Gníomhaíochta Idirnáisiúnta Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe in aghaidh Iascaireacht Neamhdhleathach, Neamhthuairiscithe agus Neamhrialáilte (PGI-INNN) 6 agus Treoirlínte Deonacha Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe maidir le Feidhmíocht Stát Brataí 7 . Mar sin féin, is mar fhianaise thacaíochta amháin a measadh an easpa comhsheasmhachta le moltaí agus rúin neamhcheangailteacha agus níor measadh í mar bhonn leis an sainaithint.

(18)Dá bhrí sin, i gCinneadh Cur Chun Feidhme an 5 Eanáir 2023, shainaithin an Coimisiún Camarún mar thríú tír neamhchomhoibríoch de bhun an Rialacháin maidir le hIascaireacht NNN.

(19)I dtaca leis na srianta a d’fhéadfadh a bheith ar Chamarún mar thír atá i mbéal forbartha, tugtar faoi deara nach gcuireann a leibhéal ginearálta forbartha isteach ar stádas forbartha sonrach ná ar fheidhmíocht fhoriomlán Chamarún maidir le hiascaigh.

(20)Ag féachaint do Chinneadh an 17 Feabhra 2021 a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme an 5 Eanáir 2023, agus don phróiseas idirphlé le Camarún a tionóladh leis an gCoimisiún agus an toradh a bhí air, is féidir a chinneadh nach leor na gníomhaíochtaí a rinne Camarún i bhfianaise a dhualgas mar Stát brataí chun Airteagail 91, 92, 94, 117 agus 118 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige a chomhlíonadh.

(21)Dá bhrí sin, níor chomhlíon Camarún a dhualgais faoin dlí idirnáisiúnta mar Stát brataí gníomhú chun iascaireacht NNN a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú.

3.LIOSTA TRÍÚ TÍORTHA NEAMHCHOMHOIBRÍOCHA A BHUNÚ

(22)I bhfianaise na gconclúidí ar thángthas orthu maidir le Camarún, i gcomhréir le hAirteagal 33 den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN, ba cheart an tír sin a chur le liosta na dtríú tíortha neamhchomhoibríocha a bunaíodh le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/170/AE. Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/170/AE a leasú dá réir.

(23)Is éard a bheidh i gceist le Camarún a chur ar liosta na dtíortha neamhchomhoibríocha sa chomhrac in aghaidh iascaireacht NNN na bearta a leagtar síos in Airteagal 38 den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN a chur i bhfeidhm. Déantar foráil in Airteagal 38(1) den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN maidir le toirmeasc a chur ar allmhairiú táirgí iascaigh arna ngabháil ag soithí a bhfuil bratach tíortha neamhchomhoibríocha ar foluain acu. I gcás Chamarún, ba cheart gach stoc agus speiceas, a shainmhínítear in Airteagal 2(8) den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN, a chumhdach leis an toirmeasc sin ós rud é nach bhfuil an easpa beart iomchuí arna nglacadh i ndáil le hiascaireacht NNN as ar eascair sainaithint Chamarún mar thríú tír neamhchomhoibríoch teoranta do stoc nó speiceas ar leith.

(24)Tugtar faoi deara go ndéanann iascaireacht NNN, inter alia, stoic éisc a ídiú, gnáthóga muirí a scriosadh, an bonn a bhaint de chaomhnú agus d’úsáid inbhuanaithe acmhainní muirí, iomaíocht a chur as a riocht, slándáil bia a chur i mbaol, iascairí comhlíontacha a chur faoi mhíbhuntáiste éagórach agus pobail chósta a lagú. I bhfianaise mhéid na bhfadhbanna a bhaineann le hiascaireacht NNN, meastar gur gá don Aontas na gníomhaíochtaí i ndáil le Camarún mar thír neamhchomhoibríoch a chur chun feidhme go gasta. Dá bhrí sin, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(25)Má léiríonn Camarún gur ceartaíodh an cás ba chúis lena liostú, tá an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún, le Camarún a bhaint de liosta na dtríú tíortha neamhchomhoibríocha i gcomhréir le hAirteagal 34(1) den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN. Agus aon chinneadh á dhéanamh Camarún a bhaint den liosta, ba cheart a chur san áireamh cé acu atá nó nach bhfuil bearta nithiúla déanta ag Camarún a d’fhéadfadh feabhas marthanach a chur ar an gcás,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirfear Camarún isteach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/170/AE.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    IO C 59, 19.2.2021, lch. 1.
(2)    Le foilsiú in IO go luath in 2023.
(3)    IO L 286, 29.10.2008, lch. 1.
(4)    Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 24 Márta 2014 lena mbunaítear liosta tríú tíortha neamhchomhoibríocha sa chomhrac in aghaidh iascaireacht NNN de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú (IO L 91, 27.3.2014, lch. 43).
(5)    Cinneadh ón gCoimisiún an 17 Feabhra 2021 maidir le fógra a thabhairt do Phoblacht Chamarún go bhféadfaí í a shainaithint mar thríú tír neamhchomhoibríoch sa chomhrac in aghaidh iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (IO CI 59, 19.2.2021, lch. 1).
(6)    Plean Gníomhaíochta Idirnáisiúnta chun Iascaireacht Neamhdhleathach, Neamhthuairiscithe agus Neamhrialáilte a Chosc, a Dhíspreagadh agus a Dhíothú, Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe, 2001.
(7)    Treoirlínte Deonacha maidir le Feidhmíocht Stát Brataí, Márta 2014, a fuarthas ó: http://www.fao.org/3/a-i4577t.pdf
Top