Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023M11374

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11374 – BUCKLAND / HY24 INVESTOR / ICE) — Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

PUB/2023/1782

IO C, C/2023/1550, 15.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1550/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1550/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2023/1550

15.12.2023

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.11374 – BUCKLAND / HY24 INVESTOR / ICE)

Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(C/2023/1550)

1.   

An 5 Nollaig 2023, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Buckland Investment Pte. Ltd., (‘Buckland’, Singeapór),

Clean H2 Infra Fund S.L.P., (‘Hy24 Investor’, an Fhrainc),

InterContinental Energy Holdings Group Limited (‘ICE’, Oileáin Bhriotanacha na Maighdean).

Gheobhaidh Buckland agus Hy24 Investor rialú comhpháirteach, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc, ar ICE.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Tá Buckland faoi bhainistiú GIC Special Investments Pte Ltd (‘GICSI’), agus is i Singeapór atá a cheanncheathrú. Bainistíonn GICSI punann domhanda éagsúlaithe infheistíochtaí i gcothromas príobháideach, caipiteal fiontair agus bonneagar, chomh maith le hinfheistíochtaí díreacha i gcuideachtaí príobháideacha,

Is ciste infheistíochta malartach de chuid na Fraince é Hy24 Investor, agus is i bhfoirm comhpháirtíocht theoranta speisialta atá sé ionchorpraithe. Díríonn sé ar theicneolaíochtaí hidrigine cruthaithe a mhéadú le haghaidh sócmhainní bonneagair aibí,

Is cuideachta forbartha teicneolaíochta agus tionscadal é ICE, cuideachta a bhfuil a cheanncheathrú in Oileáin Bhriotanacha na Maighdean, agus díríonn sé ar thionscadail fuinnimh in-athnuaite idir-ilchríochacha, tarchur, cáblaí, soithí, agus táirge iartheachtach hidrigine agus ceimiceán atá bunaithe ar hidrigin agus tá punann tionscadal ar fud na hAstráile agus an Mheánoirthir aige.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le cóireáil shimplithe le haghaidh comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.11374 – BUCKLAND / HY24 INVESTOR / ICE

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

Ríomhphost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)   IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).

(2)   IO C 160, 5.5.2023, lch. 1.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1550/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top