EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023M11107

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11107 – EDF / SEKG / NEBRAS / QUWATT / SCE-QUVVAT) Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) 2023/C 180/07

PUB/2023/634

OJ C 180, 23.5.2023, p. 17–18 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

23.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 180/17


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.11107 – EDF / SEKG / NEBRAS / QUWATT / SCE-QUVVAT)

Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 180/07)

1.   

An 11 Bealtaine 2023, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Electricité de France SA (“EDF”, an Fhrainc)

Siemens Energy Global GmbH & Co. KG (“SEKG”, an Ghearmáin)

Nebras Power Q.P.S.C. (“Nebras”, Catar),

QuWatt B.V (“QuWatt”, an Ísiltír)

SCE-Quvvat LLC (an “SCE-Quvvat”, an Úisbéiceastáin)

Gheobhaidh EDF, SEKG, Nebras agus QuWatt rialú comhpháirteach, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) agus Airteagal 3(4) den Rialachán um Chumaisc, ar SCE-Quvvat.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Tá EDF Group gníomhach go príomha i margaí leictreachais, amhail giniúint agus soláthar mórdhíola leictreachais, trádáil, tarchur, dáileadh agus soláthar miondíola;

Tá SEKG, cuideachta faoi rialú grúpa Siemens Energy, gníomhach i soláthar réiteach agus seirbhísí le haghaidh tarchur cumhachta, giniúint cumhachta traidisiúnta lárnaí agus dáilte, feidhmeanna tionsclaíocha don tionscal ola agus gáis, feidhmeanna próisis thionsclaíoch agus in earnáil an fhuinnimh in-athnuaite;

Tá Nebras gníomhach i dtionscadail sna hearnálacha cumhachta agus uisce;

Is cuideachta sealbhaíochta a fhorbraíonn tionscadail fuinnimh san Úisbéiceastáin é QuWatt.

3.   

Is iad gníomhaíochtaí gnó SCE-Quvvat gléasra cumhachta gástuirbín comh-thimthrialla gásadhainte atá lonnaithe i Réigiún Surkhandarya san Úisbéiceastáin a fhorbairt agus a oibriú.

4.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

5.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.11107 – EDF / SEKG / NEBRAS / QUWATT / SCE-QUVVAT

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


Top