This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52023M10841
Prior notification of a concentration (Case M.10841 – FIRMENICH INTERNATIONAL / KONINKLIJKE DSM) (Text with EEA relevance) 2023/C 30/11
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10841 — FIRMENICH INTERNATIONAL / KONINKLIJKE DSM) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) 2023/C 30/11
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10841 — FIRMENICH INTERNATIONAL / KONINKLIJKE DSM) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) 2023/C 30/11
PUB/2023/101
IO C 30, 27.1.2023, p. 23–24
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
27.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 30/23 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.10841 — FIRMENICH INTERNATIONAL / KONINKLIJKE DSM)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2023/C 30/11)
1.
An 18 Eanáir 2023, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:
— |
Firmenich International SA (“Firmenich”, an Eilvéis), |
— |
Koninklijke DSM N.V. (“DSM”, an Ísiltír). |
Déanfaidh Firmenich cumasc iomlán, de réir bhrí Airteagal 3(1)(a) den Rialachán um Chumaisc, le DSM.
Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:
— |
Déanann Firmenich speisialtóireacht i dtáirgeadh agus tráchtálú cumhrán, blasanna, ceimiceán dea-bholaidh, roisín péine, tuirpintín péine agus teirpéine péine, |
— |
Tá DSM gníomhach go príomha i dtáirgeadh ceimiceán dea-bholaidh, blasanna, comhábhar neamh-mhilis, einsímí, caraitéanóideach, vitimíní agus saothrán. |
3.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.
4.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.10841 — FIRMENICH INTERNATIONAL / KONINKLIJKE DSM
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:
R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Facs +32 22964301
Seoladh poist:
European Commission |
Directorate-General for Competition |
Merger Registry |
1049 Bruxelles/Brussel |
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).