This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52023IP0133
European Parliament resolution of 9 May 2023 on the role of cohesion policy in addressing multidimensional environmental challenges in the Mediterranean basin (2022/2059(INI))
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Bealtaine 2023 maidir le ról an bheartais comhtháthaithe chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin ilghnéitheacha chomhshaoil in imchuach na Meánmhara (2022/2059(INI))
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Bealtaine 2023 maidir le ról an bheartais comhtháthaithe chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin ilghnéitheacha chomhshaoil in imchuach na Meánmhara (2022/2059(INI))
IO C, C/2023/1061, 15.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1061/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2023/1061 |
15.12.2023 |
P9_TA(2023)0133
Ról an bheartais chomhtháthaithe maidir le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin iltoiseacha comhshaoil in Imchuach na Meánmhara
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Bealtaine 2023 maidir le ról an bheartais comhtháthaithe chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin ilghnéitheacha chomhshaoil in imchuach na Meánmhara (2022/2059(INI))
(C/2023/1061)
Tá Parlaimint na hEorpa,
— |
ag féachaint d’Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus d’Airteagail 174 go 178 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), |
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais do Bhainistiú Teorann agus don Bheartas Víosaí (1) (Rialachán na bhForálacha Coiteanna), |
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus maidir leis an gCiste Comhtháthaithe (2), |
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir (3), |
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1059 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le forálacha sonracha le haghaidh sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ó ionstraimí maoinithe sheachtraigh (4), |
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) (5), |
— |
ag féachaint do Threoir (AE) 2014/89 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 lena mbunaítear creat do phleanáil spásúil mhuirí (6), |
— |
ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 19 Aibreán 2021 maidir le Comhpháirtíocht athnuaite le Comharsanacht an Deiscirt – Clár oibre nua don Mheánmhuir, |
— |
ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 4 Feabhra 2022 dar teideal ‘An 8ú Tuarascáil faoin gComhtháthú: Comhtháthú san Eoraip i dtreo 2050’ (COM(2022)0034), |
— |
ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Feabhra 2021 dar teideal ‘Comhpháirtíocht athnuaite le Comharsanacht an Deiscirt’ (SWD(2021)0023), |
— |
ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (COM(2019)0640), |
— |
ag féachaint don chomhaontú a glacadh ag an 21ú Comhdháil de chuid na bPáirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (COP21) i bPáras an 12 Nollaig 2015 (Comhaontú Pháras) (7), |
— |
ag féachaint do thuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún (CnaR) an 29 Deireadh Fómhair 2021 dar teideal ‘Comhpháirtíocht athnuaite le Comharsanacht an Deiscirt – Clár Oibre nua don Mheánmhuir’ (8), |
— |
ag féachaint do thuairim ó CnaR an 14 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal Towards sustainable use of Natural Resources within the Mediterranean insular context [I dtreo úsáid inbhuanaithe acmhainní nádúrtha laistigh de chomhthéacs oileánach na Meánmhara] (9), |
— |
ag féachaint do thuairim ó CnaR an 11 Deireadh Fómhair 2022 dar teideal Towards a macro-regional strategy in the Mediterranean [I dtreo straitéis mhacrairéigiúnach sa Mheánmhuir], |
— |
ag féachaint do rún uaithi an 15 Meán Fómhair 2022 maidir le Comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach san Aontas: an 8ú Tuarascáil faoin gComhtháthú (10), |
— |
ag féachaint do rún uaithi an 15 Meán Fómhair 2022 maidir le réigiúin teorann an Aontais: Saotharlanna beo na lánpháirtíochta Eorpaí (11), |
— |
ag féachaint do rún uaithi an 7 Meitheamh 2022 maidir le hOileáin an Aontais agus an beartas comhtháthaithe (12), |
— |
ag féachaint do rún uaithi an 8 Márta 2022 ar ról an bheartais comhtháthaithe i ndáil le claochlú nuálach agus cliste agus nascacht TFC réigiúnach a chur chun cinn (13), |
— |
ag féachaint do rún uaithi an 9 Meitheamh 2021 maidir le gné na hinscne sa bheartas comhtháthaithe (14), |
— |
ag féachaint do rún uaithi an 20 Bealtaine 2021 maidir le treochtaí déimeagrafacha a aisiompú i réigiúin an Aontais ag baint úsáid as ionstraimí an bheartais comhtháthaithe (15), |
— |
ag féachaint do rún uaithi an 25 Márta 2021 maidir leis an mbeartas comhtháthaithe agus straitéisí comhshaoil réigiúnacha sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide (16), |
— |
ag féachaint do rún uaithi an 28 Samhain 2019 maidir leis an éigeandáil aeráide agus chomhshaoil (17), |
— |
ag féachaint do rún uaithi an 15 Eanáir 2020 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (18), |
— |
ag féachaint do rún uaithi an 13 Márta 2018 maidir le réigiúin atá tite ar gcúl san Aontas (19), |
— |
ag féachaint do rún uaithi an 13 Meitheamh 2018 maidir leis an mbeartas comhtháthaithe agus an geilleagar ciorclach (20), |
— |
ag féachaint do rún uaithi an 3 Iúil 2012 dar teideal Evolution of EU macro-regional strategies: present practice and future prospects, especially in the Mediterranean [Forás straitéisí macrairéigiúnacha an Aontais: an cleachtas atá ann faoi láthair agus na hionchais don todhchaí, sa Mheánmhuir go háirithe] (21), |
— |
ag féachaint don staidéar a rinneadh dá Choiste um Fhorbairt Réigiúnach dar teideal Islands of the European Union: State of play and future challenges [Oileáin an Aontais Eorpaigh: Staid na himeartha agus na dúshláin a bheidh ann amach anseo], a foilsíodh i mí an Mhárta 2021, |
— |
ag féachaint do staidéar ó Sheirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa dar teideal Working towards a macro-regional strategy for the Mediterranean [Ag obair i dtreo straitéis mhacrairéigiúnach don Mheánmhuir], a foilsíodh i mí Dheireadh Fómhair 2021, |
— |
ag féachaint don Chéad Tuarascáil Mheasúnachta ón Meánmhuir maidir leis an Athrú Aeráide agus Comhshaoil sa Mheánmhuir, a d’eisigh Saineolaithe na Meánmhara maidir leis an Athrú Aeráide agus Comhshaoil (MedECC) in 2020, |
— |
ag féachaint do Thuarascáil 2021 ar Dhul Chun Cinn Réigiúnach maidir le Comhionannas Inscne – Idirphlé Réigiúnach maidir le Cumhachtú na mBan sa Réigiún Eora-Mheánmhara, faoi scáth an Aontais don Réigiún Meánmhuirí (22), |
— |
ag féachaint do Thuarascáil 2022 ó na Náisiúin Aontaithe dar teideal Dimensions and examples of the gender-differentiated impacts of climate change, the role of women as agents of change and opportunities for women, |
— |
ag féachaint don Choinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht agus Réigiún Cósta na Meánmhara (Coinbhinsiún Barcelona), a glacadh an 16 Feabhra 1976 ag Comhdháil Lánchumhachtaigh Stáit Chósta Réigiún na Meánmhara chun an Mheánmhuir a Chosaint, |
— |
ag féachaint don tuarascáil mhisin ón gCoimisiún um Achainíocha tar éis na cuairte aimsithe fíoras ar Mar Menor (Murcia), an 23-25 Feabhra 2022, i ndáil le meath comhshaoil Mar Menor, |
— |
ag féachaint do Thuarascáil Speisialta Uimh. 09/2022 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa dar teideal ‘An caiteachas aeráide i mbuiséad AE, 2014-2020 – Níl sé chomh hard agus a thuairiscítear’, |
— |
ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta, |
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iascach, |
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach (A9-0094/2023), |
A. |
de bhrí go bhfuil cónaí ar 250 milliún áitritheoir i dtíortha imchuach na Meánmhara, lena n-áirítear Ballstáit de chuid an Aontais, tíortha is iarrthóirí agus tríú tíortha, agus a leath ina gcónaí san Aontas Eorpach agus aon trian díobh ina gcónaí i limistéir chósta; de bhrí gur den ríthábhacht é an comhar a neartú laistigh de theorainneacha an Aontais agus lasmuigh díobh chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin choiteanna amhail díghrádú comhshaoil, truailliú agus an t-athrú aeráide, teochtaí uisce atá ag ardú, iomadú teagmhas adhaimsire, ganntanais uisce, cailliúint na bithéagsúlachta agus neamhshlándáil an tsoláthair bia; |
B. |
de bhrí gur limistéar comhtháite geografach é imchuach na Meánmhara a bhfuil oidhreacht choiteann stairiúil, chultúrtha agus chomhshaoil ag na háitritheoirí ann; |
C. |
de bhrí go gceanglaítear ar Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa 30 % dá chistí a leithdháileadh ar bhearta comhshaoil agus aeráide sa chlárthréimhse reatha, 2021-2027, agus an cuspóir uileghabhálach ann tacú leis an aistriú chuig geilleagar aeráidneodrach; |
D. |
de bhrí gur muir leathiata í an Mheánmhuir agus gan ach malartú an-mhall á dhéanamh ar a cuid uiscí, bithéagsúlacht shaibhir inti agus cion mór speiceas eindéimeach; |
E. |
de bhrí go bhfuil an Mheánmhuir ar cheann de na himchuacha is mó a ndéantar ró-iascaireacht uirthi ar domhan agus go bhfuil imní shuntasach ann fós maidir le hiascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN); de bhrí go bhfuil truailliú méadaithe ó ghníomhaíochtaí daonna, díghrádú gnáthóg, tabhairt isteach speiceas neamhdhúchasach, agus tionchar na n-athruithe atá faoi thionchar na haeráide ar an muirthimpeallacht agus ar éiceachórais ag cur isteach ar inbhuaine an iascaigh sa Mheánmhuir; |
F. |
de bhrí, sa bhreis ar fhás leanúnach na bpobal atá ina gcónaí i limistéir chósta, go bhfuil 31 % den turasóireacht dhomhanda ar siúl sa Mheánmhuir freisin ar níos lú ná 6 % de limistéar talún an domhain; |
G. |
de bhrí go bhfuil na hacmhainní uisce sa Mheánmhuir ag dul i dteirce, rud is cúis le coinbhleachtaí idir earnálacha éagsúla úsáide uisce (talmhaíocht, turasóireacht, tionscal agus daoine atá ina gcónaí sa réigiún, chomh maith le caomhnú na bithéagsúlachta); |
H. |
de bhrí gur mhéadaigh cainníocht na dramhaíola níos mó ná dhá oiread le 30 bliain anuas in ainneoin roinnt clár arna gcistiú ag an Aontas, amhail Tionscnamh Fís 2020 le haghaidh Meánmhuir Níos Glaine, chomh maith le gníomhaíochtaí faoi choimirce an Aontais don Réigiún Meánmhuirí (UfM); de bhrí gurb í an Mheánmhuir an limistéar ina bhfuil an séú carnadh bruscair mhuirí is mó ar domhan de dheasca bainistiú agus cóireáil mhíchuí dramhaíola ó aibhneacha agus ó limistéir uirbeacha; de bhrí go n-éilítear bearta uaillmhianacha de bharr tionchar díobhálach 730 tona measta de dhramhaíl phlaisteach, go háirithe, a dhumpáiltear gach lá in imchuach na Meánmhara agus de dheasca tionchar díobhálach giniúint dramhaíola soladaí cathrach atá ag méadú ar fud an réigiúin uile ó 2014 i leith; |
I. |
de bhrí go ngineann iompar muirí sa Mheánmhuir, a iompraíonn 20 % de thrádáil an domhain i limistéar nach bhfuil ann ach 1 % d’aigéan an domhain, idir 100 000 agus 200 000 tona in aghaidh na bliana de sceití hidreacarbóin amhail doirteadh ola, rud a éilíonn aistriú chuig inbhuaine sa bhreis; de bhrí go bhféadfadh sé go mbeadh rith chun srutha in aibhneacha agus éilliú screamhuisce mar thoradh ar ghníomhaíochtaí tionsclaíocha agus ar dhianfheirmeoireacht, agus go gcuireann siad, mar a chuireann scaglanna ola agus gáis amach ón gcósta, leis an truailliú farraige atá ag dul in olcas san imchuach iomlán; |
J. |
de bhrí go bhfuil laghdú 41 % tagtha ar líon na mamach muirí sa Mheánmhuir le 50 bliain anuas agus go bhfuil thart ar 80 % de na stoic éisc ag fulaingt ón ró-iascaireacht; de bhrí gur féidir cuspóir na hiascaireachta inbhuanaithe a bhaint amach, ach an toil pholaitiúil chuige a bheith ag na Ballstáit; |
K. |
de bhrí go bhfuil imchuach na Meánmhara ag téamh faoi 20 % níos tapúla ná an meán domhanda; de bhrí go mbeidh iarmhairtí tromchúiseacha ag an téamh domhanda nach mór a bheith ag dréim leo, go háirithe ó thaobh na frasaíochta agus an timthrialla hidreolaíoch de, ach go mbeidh téamh agus foircinn teasa (sa timpeallacht talún agus mhuirí araon), ardú ar leibhéal na farraige agus aigéadú uisce mara i gceist leis freisin, mar a thuairiscítear i dtuarascáil MedECC, 2020; de bhrí go bhféadfadh ardú suas le 25 cm teacht ar leibhéil na farraige faoi 2040–2050; de bhrí, má táthar chun teorainn téimh Chomhaontú Pháras, is é sin 1,5 oC, a chomhlíonadh nach mór éileamh fuinnimh an Aontais a laghdú faoina leath faoi 2050 i gcomparáid le leibhéil 2015, rud a chiallaíonn nach mór tús áite a thabhairt do réitigh éifeachtúlachta fuinnimh agus comhar méadaithe maidir le tionscadail fuinnimh inbhuanaithe le tíortha eile timpeall chósta na Meánmhara trí úsáid a bhaint as acmhainn neamhshaothraithe an réigiúin chun cabhrú leis an Aontas a spriocanna fuinnimh agus aeráide araon a chomhlíonadh; |
L. |
de bhrí go bhfuil gealltanas tugtha ag an Aontas 20 % ar a laghad de CAI 2014-2020 a chaitheamh ar an ngníomhú ar son na haeráide; de bhrí go n-áirítear i mbuiséad an Aontais, 2021-2027 sprioc mhéadaithe 30 % maidir leis an ngníomhú ar son na haeráide; de bhrí go bhfuil an Mheánmhuir níos neamhchosanta ar an athrú aeráide ná farraigí réigiúnacha eile, agus go bhfuil rioscaí tubaiste níos airde os comhair a criosanna cósta, lena n-áirítear tuilte agus creimeadh, agus salandú deilteanna abhann agus uiscíoch, a chuireann slándáil an tsoláthair bia agus slite beatha i mbaol; |
M. |
de bhrí gur forbraíodh roinnt creataí agus tionscnaimh comhair trasnáisiúnta agus chríochacha i gcaitheamh na mblianta sa Mheánmhuir, amhail UfM, Tionól Réigiúnach agus Áitiúil Eora-Mheánmhara Choiste Eorpach na Réigiún (ARLEM), Straitéis AE don Réigiún Aidriadach agus Iónach (EUSAIR), Tionscnamh an Aontais Eorpaigh don Mheánmhuir Thiar (WestMED), cláir Interreg agus IEC-CTT (e.g. MED, EURO-MED, ENICBC Med, NEXT MED, ADRION, MARITTIMO), an Chomhghuaillíocht um Chomhar sa Mheánmhuir (MedCoopAlliance), líonraí na réigiún agus na riarachán áitiúil (CPMR agus a Choimisiún Idir-Mheánmhara, MedCities, Latin Arc), agus Eora-réigiúin (Aidriadach-Iónach, Piréin-Mheánmhara); |
N. |
de bhrí go bhfuil ról lárnach ag macrairéigiúin maidir le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais Eorpaigh agus a dhlúthchomharsanachta a neartú trí limistéir thrasteorann a chumhachtú chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shonracha, chomhroinnte i dteannta a chéile, trí mhalartuithe agus trí chomhar agus trí chur chun feidhme comhpháirteach, ag rannchuidiú le héifeachtacht bhreise beartais agus tionchar breise beartais; |
O. |
de bhrí gur gá go mbeadh ionstraim oibríochtúil ag críocha na Meánmhara ar deireadh thiar, amhail straitéis mhacrairéigiúnach lena gcuirfear ar a gcumas plean gníomhaíochta nithiúil agus tionscadail chomhpháirteacha a fhorbairt agus a chur chun feidhme mar fhreagairt ar thosaíochtaí comhchoiteanna arna sonrú i gcreataí atá ann cheana amhail UfM nó ARLEM; |
P. |
de bhrí go bhfuil sé d’acmhainn ag straitéis geilleagair ghoirm atá comhtháite agus a bhainistítear go hinbhuanaithe aghaidh a thabhairt ar na dúshláin ilghnéitheacha chomhshaoil atá os comhair imchuach na Meánmhara, agus lena chois sin poist chuibhiúla a chur ar fáil, slite beatha na bpobal áitiúil a chaomhnú, rannchuidiú le slándáil an tsoláthair bia agus a bheith ina chrann taca ag aistriú glas limistéar na Meánmhara trí chéile; |
Q. |
de bhrí gur cheart do na Ballstáit cur chuige éiceachóras-bhunaithe a chur i bhfeidhm maidir le pleanáil spásúil mhuirí, lena n-áirítear measúnú straitéiseach láidir comhshaoil ina gcuirtear san áireamh tionchair charnacha na ngníomhaíochtaí muirí uile, an t-athrú aeráide, prionsabal an réamhchúraim, mapáil íogaireachta, agus rannpháirtíocht ghníomhach na ngeallsealbhóirí ar bhealach atá comhsheasmhach le spriocanna aeráide agus bithéagsúlachta Chomhaontú Glas an Aontais; |
R. |
de bhrí, mar a léiríodh i roinnt tuarascálacha, gur minic a mhothaíonn mná drochéifeachtaí an athraithe aeráide ar shlí níos géire ná mar a mhothaíonn fir de thoradh idirdhealú sistéamach inscne agus ionchais na sochaí i ndáil le róil inscne; |
S. |
de bhrí gur den ríthábhacht é sochair slándála sóisialta a sholáthar d’iascairí, go háirithe dóibh siúd atá ag obair in iascach ar mhionscála, chun athléimneacht na hearnála agus an t-aistriú i dtreo iascach níos inbhuanaithe a áirithiú; |
An Mheánmhuir: dúshlán don Eoraip
1. |
á mheabhrú go gcumhdaíonn críoch an Aontais leath d’imchuach na Meánmhara agus nach féidir leis an Aontas Eorpach fanacht éighníomhach i bhfianaise na ndúshlán polaitiúil, sóisialta, eacnamaíoch, déimeagrafach agus comhshaoil atá os comhair imchuach na Meánmhara; á chur i bhfáth gur den tábhacht é comhar díreach agus éagsúlaithe a bheith ann ar mhaithe leis an tsíocháin réigiúnach, go háirithe sa Mheánmhuir Thoir; |
2. |
á chur in iúl gur saoth léi díghrádú leanúnach an chomhshaoil in imchuach na Meánmhara, cailliúint na bithéagsúlachta agus an méadú atá ag teacht ar thruailliú aeir agus muirí; |
3. |
á chur i bhfáth go bhfuil acmhainn bhreise ghníomhaíochta fós ag an mbeartas comhtháthaithe chun freagairtí iomchuí a sholáthar ar na dúshláin atá os comhair 110 milliún Eorpach; á chreidiúint nach mór na bearta dá bhforáiltear faoin mbeartas comhtháthaithe a chomhordú agus a chomhlánú le bearta faoin gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh, faoin bPlean Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta agus faoi bheartais náisiúnta eile; |
4. |
á chur in iúl gur cúis bhuartha di an méadú atá ag teacht ar thruailliú plaistigh agus dramhaíola tí agus á iarraidh go ndéanfar iarracht stairiúil iad a theorannú agus a bhainistiú tríd an ngeilleagar ciorclach a chur chun cinn, go háirithe i limistéir atá an-uirbithe agus ar chríocha oileánacha, mar a bhfuil teorainn leis an spás agus leis na hacmhainní chun dramhaíl a stóráil agus a phróiseáil; á iarraidh ar na Ballstáit, ar na réigiúin agus ar na húdaráis bhainistíochta ábhartha na cistí comhtháthaithe a phleanáil agus a úsáid chun infheistíocht a dhéanamh i dteicneolaíochtaí agus i mbonneagar atá dírithe go sonrach ar ábhair a aisghabháil ó dhramhaíl iarmharach chun críocha an gheilleagair chiorclaigh; á iarraidh go gcruthófaí scéim phíolótach i ndáil le truailliú nialasach muirí sa Mheánmhuir, agus ar an gcaoi sin tástáil a dhéanamh ar chroíphrionsabail straitéise macrairéigiúnaí don Mheánmhuir, bunaithe ar chuspóir nithiúil; |
5. |
á chur i bhfios go bhfuil an tslándáil uisce ar cheann de na príomhthosca i dtaca le dea-bhail na Meánmhara; á iarraidh go ndéanfaí bearta inbhuanaithe slándála uisce agus go nglacfaí cur chuige níos inbhuanaithe chun talmhaíocht na Meánmhara a chur in oiriúint don ghanntanas uisce, agus a thionchar ar an éiceachóras uisce á chur san áireamh; |
6. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil cóstaí Eorpacha na Meánmhara thíos le díghrádú comhshaoil níos mó ná mar atá cóstaí Thuaisceart na hEorpa (go háirithe i gcathracha calafoirt nach mbaineann tairbhe as an gcosaint a ghabhann le limistéir rialaithe astaíochtaí chun astaíochtaí aeir a laghdú); |
7. |
á mheas go bhfuil fadhbanna comhshaoil trasearnálach agus casta, ionas nach féidir le gach eintiteas, réigiún nó stát atá ag gníomhú ina n-aonar ach réitigh pháirteacha a sholáthar, agus gur gá cur chuige leathan, comhtháite agus comhchoiteann, ina gcuimsítear limistéar iomlán na Meánmhara, a áirithiú; |
8. |
á mheas go bhféadfadh tionchar iarmhartach ar an imchuach iomlán a bheith ag dinimic chomhair atá curtha ar bun ag an Aontas agus ag a Bhallstáit agus ag réigiúin; á mheabhrú gur deis mhór iad na cláir bainistíochta dírí agus comhroinnte, amhail na cláir Eorpacha um chomhar críochach, chun ailíniú cuspóirí, cistí agus tionscadal a éascú; |
9. |
á mheas gur den ríthábhacht é córas faisnéise atá cothrom le dáta a bhunú maidir le hinfheistíochtaí arna ndéanamh i limistéar na Meánmhara chun faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht comhshaoil an chistithe lena mbaineann; á iarraidh go mbainfí úsáid níos éifeachtaí agus níos comhordaithe as na hionstraimí cistiúcháin atá ann cheana chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a thagann chun cinn in imchuach na Meánmhara, amhail bearta chun bithéagsúlacht mhuirí a fheabhsú agus chun gnáthóga agus speicis mhuirí a athbhunú agus a chosaint; ag tabhairt dá haire go bhfuil méadú EUR 280 milliún tagtha ar an gcaiteachas ar chomharsanachtaí theas agus thoir an Aontais i mbuiséad 2023 agus á iarraidh go n-úsáidfí an leithdháileadh airgeadais sin, inter alia, chun tacú le bearta uaillmhianacha comhshaoil sa Mheánmhuir; ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, in ollstruchtúr reatha CFP agus leis na deiseanna cistiúcháin atá ar fáil don iascach trí CEMID, atá an cistiú díchúpláilte den chuid is mó ón mbeartas comhtháthaithe, cé gur féidir roinnt idirnasc a fhorbairt ar bhonn ad hoc; á chur i bhfios gur féidir méid mór cistiúcháin a shlógadh trí bhuiséad an Aontais chun tacú le tionscadail Mheánmhara chomh maith, tríd an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta, tríd an gComhar Críochach Eorpach, trí chlár Fís Eorpach, trí chlár LIFE agus trí chlár Erasmus, a bhfuil fáil orthu freisin ag tíortha nach Ballstáit den Aontas iad; |
An Mheánmhuir: poitéinseal agus fadhbanna
10. |
ag tabhairt chun suntais go bhfuil poitéinseal ag réigiúin uile na Meánmhara foinsí inathnuaite fuinnimh ar tír agus amach ón gcósta a fhorbairt agus aistriú éiceolaíoch atá cóir agus cuimsitheach a thabhairt i gcrích, rannchuidiú leis an gclaochlú bunúsach i dtreo an gheilleagair is aeráidneodraí is féidir sna blianta amach romhainn, go háirithe trí chineálacha inathnuaite fuinnimh a fhorbairt agus a leathnú agus trí idirnascadh na margaí fuinnimh a mhéadú, agus trí chomhar a dhéanamh maidir le táirgeadh agus iompar hidrigine inathnuaite; á mheas go bhfuil an-éiginnteacht ann i dtaobh an féidir éileamh níos airde ar fhuinneamh glas a sholáthar laistigh den Aontas mura ndéantar tuilleadh infheistíochtaí chun na soláthairtí sin a áirithiú sa réigiún, agus mura gcuirtear dlús le nósanna imeachta le haghaidh tionscadail fuinnimh inathnuaite agus iad a shimpliú; |
11. |
á chur i bhfios go láidir gur féidir le fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) rannchuidiú le réitigh nuálacha a aimsiú, ní hamháin chun fuinnimh inathnuaite agus an geilleagar ciorclach agus gorm a chur chun feidhme; á mheas gur cheart simpliú breise a chur chun cinn chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag FBManna ar fud réigiúin uile na hEorpa ar chistí comhtháthaithe; |
12. |
á mheabhrú go bhfuil an ró-iascaireacht agus cleachtais iascaireachta dhíobhálacha fós ina mbagairt ar mharthanas a lán speiceas; á chur in iúl gur cúis bhuartha di trálaeireacht ghrinnill neamhdhleathach laistigh de limistéir mhuirí faoi chosaint sa Mheánmhuir; á chur in iúl go bhfuil sí lánchinnte go gcuideoidh an t-aistriú chuig geilleagar gorm inbhuanaithe i réigiún na Meánmhara le dul i ngleic le dúshláin chomhshaoil, agus ar an gcaoi sin sláinte an imchuach aigéanaigh a chaomhnú agus rathúnas eacnamaíoch a choimeád, agus lena chois sin ag tacú le forbairt inbhuanaithe ionchuimsitheach agus le poist ardcháilíochta lena ngabhann rannpháirtíocht dhíreach oibreoirí san earnáil iascaigh agus rannpháirtíocht dhíreach ionadaithe na bpobal cósta; á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar shonraí maidir le stoic agus measúnuithe tionchair a chur i gcrích chun cinntí a dhéanamh i dtaobh cuótaí iascaireachta; á iarraidh ar an gCoimisiún an claochlú digiteach agus úsáid teicneolaíochtaí nua a chur chun cinn i réimsí an fhaireacháin, an tuairiscithe agus an mheasúnaithe ar an gcomhshaol, agus le haghaidh saincheisteanna rialachais; |
13. |
á chur in iúl gur cúis bhuartha di ionradh na Meánmhara ag speicis andúchasacha, a bhféadfadh iarmhairtí tromchúiseacha a bheith acu d’éiceachórais uisce i gcomhthéacs an athraithe aeráide, leibhéil na farraige a bheith ag ardú, suaití tonnta teasa agus méadú ar theocht an tsáile; |
14. |
ag tarraingt aird ar dhlús méadaitheach an tráchta mhuirí agus ar an mbaol a bhaineann le doirteadh ola agus ar na rioscaí a bhaineann leis na gníomhaíochtaí sin d’éiceachórais mhuirí agus do mhamaigh mhara go háirithe; |
15. |
á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil formhór Bhallstáit an Aontais thart timpeall na Meánmhara tar éis pleananna spásúla muirí a ghlacadh; á iarraidh ar an gCoimisiún obair leantach a dhéanamh leis na Ballstáit sin chun a áirithiú go nglacfar na pleananna sin go pras; |
16. |
ag tarraingt aird ar na tionchair chomhshaoil agus shóisialta araon arb í an turasóireacht is cúis leo mar gheall ar a séasúracht agus ar a forbairt neamhrialaithe (amhail cúrsáil, creimeadh cósta atá ag dul in olcas, gníomhaíochtaí fóillíochta truaillitheacha nua, obair shéasúrach fhorbhásach agus praghsanna tithíochta atá ag ardú; á mheas go bhfuil gá le cothromaíocht chúramach idir na cuspóirí comhshaoil agus caomhnú an iomaíochais eacnamaíoch agus á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé cur chuige freagrach i leith na turasóireachta a chur chun cinn; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar na Réigiúin pleananna gníomhaíochta turasóireachta inbhuanaithe a cheapadh i gcomhairle leis na geallsealbhóirí agus leis an tsochaí shibhialta agus i gcomhréir le treochlár Eorpach don turasóireacht inbhuanaithe a bheidh ann amach anseo, agus leas iomlán a bhaint as cistí Next Generation EU agus as Cistí Struchtúracha chun pleananna gníomhaíochta um aistriú na turasóireachta in imchuach na Meánmhara a mhaoiniú; |
17. |
á chur i bhfios go bhfuil ar chríocha oileánacha dul i ngleic le míchothromaíochtaí eacnamaíocha a ghabhann leis na míbhuntáistí a bhaineann lena leithlisiú coibhneasta, ar míchothromaíochtaí iad nach mór aghaidh a thabhairt orthu trí bhearta nithiúla, mar a cheanglaítear le hAirteagal 174 CFAE, san earnáil eacnamaíoch, san earnáil riaracháin, san earnáil cultúir agus san earnáil shóisialta; |
18. |
á chur i bhfáth go bhfuil rannpháirtíocht eacnamaíoch na mban fós ina dúshlán suntasach don chomhionannas inscne in imchuach na Meánmhara, agus rátaí míchothroma fostaíochta mar aon le leibhéil mhíchothroma ionchuimsitheachta i bpróisis chinnteoireachta i measc thíortha an réigiúin; á mheabhrú go bhféadfaí cuspóirí an mhaolaithe agus an oiriúnaithe don athrú aeráide a bhaint amach mar thoradh ar mhná a chumhachtú agus ar réamhchoinníollacha a chruthú le haghaidh rannpháirtíocht ionchuimsitheach in eintitis eacnamaíocha agus shóisialta phoiblí agus phríobháideacha; |
19. |
á mheas, mar gheall ar shuíomh geografach na Meánmhara idir an Eoraip agus an Afraic agus mar gheall ar a ról, gur gá cur chuige comhoibritheach uile-imchuach a fhorbairt chun bainistiú níos fearr agus níos sábháilte ar an imirce a chothú, chun aghaidh a thabhairt ar na cúiseanna atá leis an imirce neamhrialta agus leis an easáitiú éigeantach, agus chun cuidiú le deireadh a chur leis na tubaistí daonnúla atá ag tarlú sa Mheánmhuir; |
An Mheánmhuir: spás coiteann atá le struchtúrú
20. |
á mheas gur limistéar comhtháite geografach í an Mheánmhuir a bhfuil oidhreacht stairiúil agus chultúrtha i bpáirt ann mar aon le haeráid Mheánmhuirí agus a bhfuil saintréithe comhshaoil comhchosúla mar thoradh orthu, agus go bhfuil rioscaí comhchosúla ann ó thaobh tubaistí nádúrtha amhail dóiteáin, tuilte, creathanna talún, triomach agus ganntanas méadaitheach acmhainní uisce; ag tabhairt dá haire go bhfuil imchuach na Meánmhara buailte ag méadú seasta ar líon na dteagmhas adhaimsire agus na dtubaistí nádúrtha le blianta beaga anuas; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, staidéar a dhéanamh ar an bhféidearthacht sásra an Aontais um chosaint shibhialta a chur in oiriúint níos fearr d’imchuach na Meánmhara agus togra a chur ar aghaidh le haghaidh Ciste Dlúthpháirtíochta neartaithe; á iarraidh ar na Ballstáit bearta a ghlacadh chun éifeachtaí tonnta teasa agus triomach a mhaolú i limistéir chósta, a mheastar a bheidh ann níos minice i gcomhthéacs an athraithe aeráide agus a chuireann beatha an duine agus an bhithéagsúlacht i mbaol, agus cistí beartais chomhtháthaithe a thiomnú chun tubaistí éiceolaíocha a tharla sa Mheánmhuir, amhail an ceann a tharla in El Mar Menor, a leigheas; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar limistéir atá i mbaol tubaiste éiceolaíoch agus an tionchar a mhaolú trí bhíthin cistí comhtháthaithe; |
21. |
á chur in iúl gur geal léi straitéis imchuach farraige WestMed sa Mheánmhuir Thiar agus cláir Interreg amhail Interreg na Meánmhara, ADRION, MED NEXT agus MARITTIMO, mar shamplaí maithe den chomhar díreach agus éagsúlaithe, lena n-áirítear ar an leibhéal réigiúnach, lena ngabhann cuspóirí comhroinnte; |
22. |
á iarraidh ar an gCoimisiún dul i ngleic le héagothromaíochtaí i leibhéil forbartha, lena n-áirítear easnaimh in acmhainneachtaí institiúideacha agus riaracháin, in idirnaisc bhonneagair agus i gcaidreamh trádála; |
23. |
á iarraidh ar an gCoimisiún tacaíocht a thabhairt, go háirithe trí bhíthin cláir Interreg, do líonraí de limistéir mhuirí faoi chosaint sa Mheánmhuir ar aon dul leis na líonraí sin a ghabhann le líonra limistéir na Meánmhara atá faoi Chosaint Speisialta (MedPAN), agus oibriú ar an tionscadal chun líonra domhanda de limistéir mhuirí faoi chosaint (‘Crios Gorm’) a chruthú, atá nasctha leis na réigiúin is forimeallaí agus leis na tíortha agus na críocha thar lear; |
24. |
á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn atá déanta ag an straitéis mhacrairéigiúnach Aidriadach-Iónach (EUSAIR), atá tar éis na Ballstáit agus a réigiúin, tríú tíortha agus a n-údaráis áitiúla a shlógadh; á mheas gur sampla rathúil é EUSAIR inar éirigh leis an Aontas a bheith ina cheann feadhna agus ina veicteoir oscailteachta, ag baint tairbhe as clár trasnáisiúnta ADRION, lena ndearnadh ailíniú ar chuspóirí lena dtacaítear le comhlíonadh threochlár na straitéise; á áitiú nach mór na prionsabail chéanna sin agus cur chuige comhchoiteann comhchosúil a chur i bhfeidhm i limistéir eile na Meánmhara; á mheas gur féidir leis an straitéis mhacrairéigiúnach sin na beartais is gá a mhéadú agus dlús a chur leo chun na hacmhainní atá ar fáil a fhorbairt agus a chaomhnú trí chomhar na ngníomhaithe uile lena mbaineann; |
25. |
á iarraidh ar an gCoimisiún tacaíocht a chur ar fáil do straitéis mhacrairéigiúnach sa Mheánmhuir agus an ‘clár oibre nua don Mheánmhuir’ á chur san áireamh, go háirithe pointe a cúig maidir leis an ‘aistriú éiceolaíoch, athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide, fuinneamh agus an comhshaol’; á mheas go bhfuil gá freisin, mar gheall ar ilchineálacht agus méid na críche lena mbaineann, trí straitéis ar leith ach comhordaithe a chur chun feidhme, eadhon straitéis don Mheánmhuir Thiar, straitéis do Mhuir Aidriad agus don Mhuir Iónach, agus straitéis don Mheánmhuir Thoir; á iarraidh go mbeadh tacaíocht le fáil ó na tíortha agus na húdaráis lena mbaineann agus go mbeadh ról lárnach ag réigiúin agus údaráis áitiúla i ndáil lena rialachas; |
26. |
á mheas go bhfuil poitéinseal suntasach ag straitéis mhacrairéigiúnach don Mheánmhuir, lena ngabhfadh rannpháirtíocht shubstaintiúil agus ghníomhach na n-údarás réigiúnach agus áitiúil lena mbaineann, chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin ilghnéitheacha chomhshaoil an imchuach ina iomláine; á chreidiúint nach mór don straitéis mhacrairéigiúnach sin a bheith bunaithe ar scéim rialachais il-leibhéil láidir agus ionadaíoch ina mbeidh údaráis réigiúnacha agus áitiúla rannpháirteach agus ina mbeidh gníomhaithe de chuid na sochaí sibhialta rannpháirteach; á chreidiúint go bhféadfaí straitéis den sórt sin a úsáid ar bhealach níos sonraí chun tionscadail de chuid an gheilleagair chiorclaigh a spreagadh, truailliú plaisteach a chomhrac, an bhithéagsúlacht a chosaint, caidreamh le tríú tíortha a neartú chun iascaireacht NNN a rialú agus chun comhlíonadh bheartais UNCLOS a áirithiú, rannchuidiú le coinbhleachtaí úsáide a réiteach trí phleanáil chuí spásúil mhuirí, rannchuidiú socheacnamaíoch an iascaigh le dea-bhail na bpobal cósta a chaomhnú, go háirithe ar na hoileáin, tacú le héagsúlú ghníomhaíochtaí na n-iascairí, lena n-áirítear athoiliúint agus tiontú, bearta bainistithe stoc a chur chun cinn ar fud imchuach na Meánmhara, agus tríú tíortha a spreagadh chun limistéir mhuirí faoi chosaint (MPAnna) a chur chun feidhme ina n-uiscí críochacha; |
27. |
á chreidiúint go bhfuil cineálacha ad hoc cúnaimh agus tacaíochta airgeadais de dhíth ar iascairí ar mhionscála agus orthu siúd sna cásanna is leochailí, chun cabhrú le hiascairí dul isteach i gcodanna nua den mhargadh, an bhearna eacnamaíoch agus shóisialta idir thuaidh agus theas a theorannú agus ionas nach mbainfear an bonn de ghníomhaíochtaí iascaireachta agus den fhostaíocht san earnáil; |
28. |
á iarraidh ar na Ballstáit leas iomlán a bhaint as GÁGInna chun straitéisí forbartha áitiúla a dhearadh agus a chur chun feidhme lena rachfar i ngleic le riachtanais eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil; á iarraidh ar na Ballstáit a ráthú go mbeidh na geallsealbhóirí uile rannpháirteach in GÁGInna agus go gcaithfear cistiú an Aontais de réir critéir oibiachtúla, ar bhealach lena n-áirithítear forbairt inbhuanaithe na bpobal áitiúil; |
29. |
á mheabhrú go gcuireann gach eispéireas rathúil comhair le cuspóirí na síochána agus na slándála, an rathúnais, na forbartha daonna agus an dea-rialachais, arb iad bunchuspóirí eile an chláir oibre don Mheánmhuir iad; |
30. |
á iarraidh ar an gComhairle Eorpach straitéis mhionsonraithe mhacrairéigiúnach don Mheánmhuir a chur faoi bhráid an Choimisiúin d’fhonn í a fhormheas faoi Uachtaránacht na Spáinne ar an Aontas sa dara leath de 2023; |
o
o o
31. |
á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste na Réigiún agus chuig parlaimintí náisiúnta agus réigiúnacha na mBallstát. |
(1) IO L 231, 30.6.2021, lch. 159.
(2) IO L 231, 30.6.2021, lch. 60.
(3) IO L 231, 30.6.2021, lch. 1.
(4) IO L 231, 30.6.2021, lch. 94.
(5) IO L 231, 30.6.2021, lch. 21.
(6) IO L 257, 28.8.2014, lch. 135.
(7) IO L 282, 19.10.2016, lch. 4
(8) IO C 440, 29.10.2021, lch. 19.
(9) IO C 440, 18.12.2020, lch. 114.
(10) IO C 125, 5.4.2023, lch. 100.
(11) IO C 125, 5.4.2023, lch. 114.
(12) IO C 493, 27.12.2022, lch. 48.
(13) IO C 347, 9.9.2022, lch. 37.
(14) IO C 67, 8.2.2022, lch. 16.
(15) IO C 15, 12.1.2022, lch. 125.
(16) IO C 494, 8.12.2021, lch. 26.
(17) IO C 232, 16.6.2021, lch. 28.
(18) IO C 270, 7.7.2021, lch. 2.
(19) IO C 162, 10.5.2019, lch. 24.
(20) IO C 28, 27.1.2020, lch. 40
(21) IO C 349 E, 29.11.2013, lch. 1
(22) An tAontas don Réigiún Meánmhuirí, 2021 Regional Progress Report on Gender Equality[Tuarascáil 2021 ar Dhul Chun Cinn Réigiúnach maidir le Comhionannas Inscne], Barcelona, 2022.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1061/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)