Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023IP0131

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Bealtaine 2023 maidir le teicneolaíochtaí criticiúla don tslándáil agus don chosaint: staid na himeartha agus na dúshláin a bheidh ann amach anseo (2022/2079(INI))

IO C, C/2023/1059, 15.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1059/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1059/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2023/1059

15.12.2023

P9_TA(2023)0131

Teicneolaíochtaí criticiúla don tslándáil agus don chosaint

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Bealtaine 2023 maidir le teicneolaíochtaí criticiúla don tslándáil agus don chosaint: staid na himeartha agus na dúshláin a bheidh ann amach anseo (2022/2079(INI))

(C/2023/1059)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don Chiste Eorpach Cosanta 2021-2027, a bhfuil buiséad tiomnaithe aige le haghaidh teicneolaíochtaí suaiteacha atá ag teacht chun cinn,

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 15 Feabhra 2022 dar teideal ‘Treochlár maidir le teicneolaíochtaí criticiúla don tslándáil agus don chosaint’ (COM(2022)0061),

ag féachaint do dhoiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin an 10 Samhain 2022 dar teideal ‘First progress report on the implementation of the Action Plan on synergies between civil, defence and space industries’ [An chéad tuarascáil ar dhul chun cinn maidir le cur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta maidir le sineirgí idir tionscail shibhialta, chosanta agus spáis] (SWD(2022)0362),

ag féachaint do rún uaithi an 7 Meitheamh 2022 maidir le Treochlár SEGS um Athrú Aeráide agus um Chosaint (1),

ag féachaint do thuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha,

ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (A9-0120/2023),

A.

de bhrí go bhfuil tionscal cosanta atá láidir, inbhuanaithe, ardfhorbartha ó thaobh na teicneolaíochta de agus iomaíoch ríthábhachtach do chumais slándála agus cosanta na hEorpa agus, dá bhrí sin, do rathúnas na hEorpa agus chun tacú lena chomhghuaillithe agus lena cairde;

B.

de bhrí gur léirigh cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine gur gá don Eoraip infheistíocht a dhéanamh go práinneach ina teicneolaíochtaí cosanta agus slándála, lena n-áirítear táirgeadh armlóin, ar scála lena léirítear riachtanais an chatha nua-aimseartha, le comhordú, soláthar agus infheistíocht chomhpháirteach i dtaighde agus i bhforbairt, lena n-áirítear cibearshlándáil, agus ar bhealach éifeachtúil agus comhoibríoch; de bhrí gur shocraigh na Ballstáit sprioc 35 % d’infheistíochtaí cosanta comhoibríocha, ach gur beag an toil pholaitiúil atá léirithe acu, agus fiú go bhfuil sí ag laghdú, chun an sprioc sin a bhaint amach, gan ach 11 % a bheith bainte amach in 2020 agus 8 % in 2021, an ráta is ísle riamh; de bhrí go raibh roinnt Ballstát i bhfad níos rannpháirtí maidir le tacaíocht a thabhairt don Úcráin ná a chéile, i dtéarmaí airgeadais agus míleata araon;

C.

de bhrí go bhfuil géarghá le fíormhargadh Eorpach um threalamh cosanta a bhunú, inter alia, trí acmhainneachtaí tionsclaíocha a chomhdhlúthú, dúbailt agus ilroinnt a laghdú agus bonn tionsclaíoch an mhargaidh, go háirithe a shlabhraí soláthair agus a lucht saothair oilte, a oiriúnú ag an am céanna don timpeallacht slándála nua san Eoraip, ina n-éilítear méadú tapa ar acmhainneachtaí táirgeachta;

D.

de bhrí go bhfuil soláthar seasta, inbhuanaithe agus cobhsaí amhábhar, teicneolaíochtaí agus comhpháirteanna criticiúla ríthábhachtach d’earnáil cosanta na hEorpa;

E.

de bhrí go bhfuil teicneolaíochtaí ceannródaíocha agus caipiteal daonna comhfhreagrach, go háirithe teicneolaíochtaí agus scileanna digiteacha atá ag athrú go tapa, ag éirí níos tábhachtaí chun tionscail slándála agus cosanta na hEorpa a chothú agus a neartú;

F.

de bhrí go bhfuil struchtúrú déanta an earnáil cosanta ar bhealach éagsúil i ngach Ballstát;

G.

de bhrí go bhfuil úsáid neamhéifeachtúil acmhainní eacnamaíocha agus cumais chosanta laghdaithe mar thoradh ar ilroinnt earnáil cosanta na hEorpa agus iarrachtaí dúblála i margadh cosanta na hEorpa agus gur cheart iad a sheachaint; de bhrí gurb ionann é sin agus caillteanais chomhchoiteanna idir EUR 25 agus 100 billiún, de réir an Choimisiúin;

H.

de bhrí gur san earnáil shibhialta a thionscnaíonn roinnt teicneolaíochtaí criticiúla a d’fhéadfadh a bheith ar fáil lena n-úsáid in earnáil na cosanta agus go bhféadfaidís a bheith cáilithe le haghaidh dé-úsáide dá mbainfí bacainní;

I.

de bhrí go bhfuil sé d’acmhainneacht ag taighde agus nuálaíocht oscailte a bhaineann leis an saol acadúil, leis an bhfiontar príobháideach agus leis an earnáil phoiblí dlús a chur le forbairt theicneolaíochtaí ceannródaíocha na hEorpa, lena bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar ilroinnt an mhargaidh, ar choinníoll go n-áirithítear idir-inoibritheacht;

J.

de bhrí go gcuireann rannpháirtíocht mhéadaithe na bhfiontar beag agus meánmhéide (FBManna) feabhas ar iomaíochas na hearnála slándála agus cosanta;

K.

de bhrí gur cheart go gcuirfí i gcuntas sa ghá atá le tacaíocht struchtúrtha don nuálaíocht agus don dul chun cinn teicneolaíoch go mbaineann an nuálaíocht go bunúsach leis an iomaíocht agus le spiorad an taighde, ní trí phleanáil mhaorlathach;

L.

de bhrí, ó 2017 go 2020, gur thiomnaigh na Ballstáit atá rannpháirteach sa Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint (GEC) níos mó ná EUR 25 bhilliún ar thaighde agus forbairt T &D a bhaineann leis an gcosaint, nach ndearnadh ach sciar beag de a chaitheamh i gcomhar le chéile;

M.

de bhrí nár cheart rochtain ar mhaoiniú do na tionscail slándála agus cosanta a shrianadh trí rialacháin AE;

N.

de bhrí go bhfuil comhroinnt sonraí ríthábhachtach chun anailís a dhéanamh ar bhearnaí straitéiseacha agus chun acmhainneacht an dul chun cinn teicneolaíochta a bhaint amach, ach nach mór cosaint maoine intleachtúla agus sonraí íogaire gnó a ráthú;

O.

de bhrí go bhfuil comhar le comhpháirtithe straitéiseacha lasmuigh den Aontas, go háirithe comhghuaillithe ECAT, ach freisin comhpháirtithe domhanda comhlachaithe agus atá ar aon intinn, ríthábhachtach chun an nuálaíocht agus an dul chun cinn teicneolaíoch a fheabhsú

1.

á chur in iúl gur geal léi treochlár an Choimisiúin do theicneolaíochtaí atá criticiúl don tslándáil agus don chosaint; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le rannpháirtíocht níos mó ag AE maidir le comhordú agus éascú a dhéanamh ar fhorbairt na teicneolaíochta a bhaineann leis an tslándáil agus leis an gcosaint, ar cheart di a bheith, a mhéid is féidir, i gcomhréir le spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, gan éifeachtacht oibríochtúil a laghdú; á chur i bhfios go láidir go bhfuil iomaíochas teicneolaíochta domhanda an Aontais ag brath go mór ar T&F, ar an nuálaíocht agus ar an gcumas teicneolaíochtaí nua a aistriú agus a imscaradh agus daoine a oiliúint go tapa;

2.

á aithint go bhfuil géarghá, a léirítear sa treochlár, le teicneolaíochtaí atá ríthábhachtach do shlándáil agus do chosaint an Aontais a shainaithint, agus an tsolúbthacht is gá á coinneáil teicneolaíochtaí ceannródaíocha agus suaiteacha a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm; á chur i bhfáth gurb é an togra le haghaidh cur chuige straitéiseach comhordaithe uile-Aontais maidir le teicneolaíochtaí criticiúla don tslándáil agus don chosaint atá le glacadh ón tús an bealach ceart chun cinn;

3.

á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún chun an deighilt atá ann faoi láthair idir taighde sibhialta, cosanta agus slándála, forbairt agus nuálaíocht a shárú á iarraidh ar an gCoimisiún cláir agus ionstraimí sibhialta, cosanta agus slándála AE a nascadh níos fearr leis na geallsealbhóirí ábhartha, go háirithe i réimse na nuálaíochta; á iarraidh go ndéanfaí infheistíocht níos spriocdhírithe in T&F coitianta; á chur i bhfios go láidir nár cheart go mbeadh tionscadail shibhialtacha thíos leis an méadú ar thaighde agus ar nuálaíocht i réimse na cosanta agus na slándála;

4.

á chur in iúl gur oth léi nach raibh i gcaiteachas comhcheangailte taighde agus teicneolaíochta cosanta na mBallstát in 2020 ach 1,2 % dá gcaiteachas iomlán ar chosaint, atá i bhfad faoi bhun an tagarmhairc 2 % a comhaontaíodh faoi chreat GEC;

5.

á chur i bhfios go láidir, mar gheall ar an staid slándála san Eoraip a bheith ag dul in olcas, go háirithe i dtíortha a bhfuil teorainneacha seachtracha acu, tar éis cogadh neamhdhleathach, gan chúis agus gan údar na Rúise i gcoinne na hÚcráine, go n-éilítear iarracht níos láidre agus níos comhordaithe ó AE agus a Bhallstáit infheistíocht a dhéanamh i dteicneolaíochtaí criticiúla slándála agus cosanta agus, a mhéid is mó is féidir, iad a fháil, lena n-áirítear táirgeadh armlóin, agus margadh na hEorpa um threalamh cosanta a bhunú; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhféadfadh tionchar diúltach a bheith ag an éileamh méadaitheach domhanda ar chórais gnátharm i gcomhthéacs an chogaidh san Úcráin ar infheistíochtaí i bhforbairt teicneolaíochtaí nua;

6.

á chur in iúl gur geal léi gur bhunaigh an Coimisiún faireachlann ar theicneolaíochtaí criticiúla; á iarraidh ar an gCoimisiún torthaí na faireachlainne a chomhtháthú go hiomlán ina thuarascáil rúnaicmithe chuig na Ballstáit maidir le teicneolaíochtaí criticiúla agus rioscaí a bhaineann le spleáchais straitéiseacha a dhéanann difear don tslándáil, don spás agus don chosaint; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór cosaint maoine intleachtúla agus sonraí íogaire gnó a ráthú; á chur i bhfáth gur gá don Choimisiún, i gcomhar le GEC, comhar agus comhthiomsú acmhainní i measc na mBallstát a chomhordú, a chur chun cinn agus a éascú tuilleadh chun aghaidh a thabhairt ar na bearnaí atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo sa teicneolaíocht, chun dúbailt tionscadal a laghdú agus chun éifeachtacht agus éifeachtúlacht an chaiteachais a mhéadú; á iarraidh ar an gCoimisiún Parlaimint na hEorpa a choinneáil ar an eolas go cuí maidir le príomh-aschur na faireachlainne sin;

7.

á iarraidh ar an gCoimisiún na Ballstáit a spreagadh chun athbhreithniú a dhéanamh ar na cláir chosanta agus ar na huirlisí beartais uile, agus cur chuige an Athbhreithnithe Chomhordaithe Bhliantúil ar Chosaint (CARD) á leanúint acu, agus béim ar leith á leagan ar theicneolaíochtaí criticiúla, chun a sheiceáil an bhfuil siad fós oiriúnach dá bhfeidhm agus achoimre a dhéanamh ar a dtorthaí agus iad a roinnt leis na Ballstáit eile go léir i gcás inar féidir agus inarb ábhartha; á iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú críochnúil ar thionscnaimh chosanta ábhartha, amhail an plean forbartha cumas, chun iad a thabhairt cothrom le dáta i bhfianaise na bhforálacha a áirítear sa Chompás Straitéiseach um Shlándáil agus Cosaint agus na hanailíse ar bhearnaí a d’fhorbair GEC; á mholadh go bhfuil GEC in ann ailíniú gníomhaíochtaí nuálaíochta i measc gníomhaithe Eorpacha in earnáil na cosanta a áirithiú; á iarraidh, i ndáil leis sin, go neartófaí a ról maidir le tacaíocht a sholáthar, moltaí a chomhordú, lena n-áirítear measúnú straitéiseach ar na torthaí, agus réitigh a chur i láthair chun tacú le tionscadail chomhpháirteacha T&F agus soláthair;

8.

á iarraidh ar GEC coincheap na dteicneolaíochtaí criticiúla a áireamh ina nós imeachta bliantúil CARD;

9.

á thabhairt dá haire gur baolach go mbeidh spleáchas ann maidir le soláthar ábhar criticiúil agus slabhraí soláthair a bhfuil barraíocht brú orthu a d’fhéadfadh cur isteach ar chumas AE fanacht iomaíoch i réimse na dteicneolaíochtaí criticiúla don tslándáil agus don chosaint; á iarraidh ar an gCoimisiún ciorclaíocht a chur chun cinn agus measúnú a dhéanamh ar conas taighde a mhéadú maidir le hábhair nua le haghaidh teicneolaíochtaí criticiúla i ngníomhú na n-amhábhar criticiúil, chun spleáchas AE ar thíortha nach bhfuil san Aontas a íoslaghdú;

10.

ag cur sonrú sa bhaol a bhaineann le róspleáchas ar amhábhair neamh-AE agus á mholadh go neartófaí na hiarrachtaí chun é sin a sheachaint;

11.

á chur in iúl gur geal léi gur cruthaíodh scéim nuálaíochta cosanta de chuid an Aontais agus an obair leanúnach le huirlisí éagsúla a bhaineann le cosaint agus le teicneolaíochtaí nua agus dé-úsáide chun cabhrú le gnólachtaí nuathionscanta nuálacha agus FBManna constaicí móra teicneolaíochta, riaracháin, airgeadais, rialála agus iontrála sa mhargadh a shárú; á iarraidh ar an gCoimisiún na Ballstáit a spreagadh, mar úsáideoirí deiridh, chun líonraí nuálaíochta trasteorann a chomhtháthú ina slabhraí soláthair teicneolaíochta cosanta; á chur i bhfios go láidir nach mór é a bheith mar aidhm ag na tionscnaimh sin feabhas a chur ar chumais mhíleata agus iarracht a dhéanamh ardleibhéal neamhspleáchais teicneolaíochta a bhaint amach san Aontas; á iarraidh ar an gCoimisiún aird chuí a thabhairt ar íogaireachtaí sonracha na slándála agus na cosanta agus tionscnaimh á mbunú faoi scéim nuálaíochta cosanta AE; á iarraidh ar an gCoimisiún oibriú i ndlúthchomhar le Mol um Nuálaíocht Cosanta AE a bunaíodh laistigh de GEC

12.

á iarraidh ar an gCoimisiún scrúdú a dhéanamh ar threoracha soláthair AE maidir le bacainní ar ghnólachtaí nuathionscanta agus ar ghnólachtaí beaga, go háirithe i réimse na nuálaíochta, ina bhfuil baol níos airde ann go dteipfeadh ar thionscadail, agus na Ballstáit a spreagadh chun bacainní den sórt sin a sheachaint agus iad á gcur chun feidhme;

13.

á chur i bhfáth go bhfuil géarghá le dlúthchomhar le comhpháirtithe comhlachaithe agus comhpháirtithe atá ar aon intinn leo, amhail na Stáit Aontaithe agus ECAT; á chur in iúl gur geal léi an gealltanas ón gCoimisiún agus ó Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (VP/HR) féachaint ar chomhar AE-SAM i gcomhthéacs na Comhairle Trádála agus Teicneolaíochta idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe; á chur in iúl gur geal léi gealltanas an Choimisiúin agus VP/HR féachaint ar idirghníomhaíochtaí arna gcomhaontú go frithpháirteach a rachadh chun tairbhe don dá thaobh idir tionscnaimh AE agus ECAT agus iad dírithe ar theicneolaíochtaí nua; á chur i bhfáth, áfach, gur gá do AE neamhspleáchas straitéiseach oscailte a thógáil le béim ar leith ar infheistíocht i dteicneolaíochtaí Eorpacha;

14.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di an easpa infheistíochta i dteicneolaíochtaí nua suaiteacha i dtionscail na cosanta agus na slándála in ainneoin an Rialacháin maidir leis an gCiste Eorpach Cosanta (2) (EDF) a bheith ann; á iarraidh ar an gCoimisiún treoirlínte agus rialacháin straitéiseacha a shoiléiriú chun infheistíocht sa tionscal cosanta a chothú agus chun na huirlisí agus na bearta comhoibritheacha is gá a bhunú chun na tionscail chosanta agus slándála a spreagadh chun níos mó infheistíochta a dhéanamh i nuálaíocht theicneolaíoch i dteicneolaíochtaí criticiúla don tslándáil agus don chosaint, chomh maith le córais arm atá ann cheana a tháirgeadh, i gcomhréir iomlán le forbairt an dlí idirnáisiúnta agus chreat reachtach AE agus a bhforbairtí faoi seach á gcur san áireamh;

15.

á chur i bhfáth go bhfuil ról tábhachtach ag FBManna agus ag gnólachtaí nuathionscanta sa nuálaíocht agus san fhorbairt agus á iarraidh go n-áireofaí iad i gcláir agus in ionstraimí sonracha mar chuid de chur chun feidhme an treochláir maidir le teicneolaíochtaí criticiúla don tslándáil agus don chosaint amach anseo;

16.

á chur i bhfáth go bhfuil gá le comhar níos dlúithe idir na Ballstáit maidir le forbairt cumais chun borradh a chur faoin nuálaíocht i dteicneolaíochtaí criticiúla don tslándáil agus don chosaint; á iarraidh ar chomhlachtaí ábhartha AE tosaíocht a thabhairt do thionscadail chomhpháirteacha le haghaidh nuálaíocht arna maoiniú agus arna cómhaoiniú ag an Aontas i dteicneolaíochtaí criticiúla le haghaidh slándála agus cosanta agus gníomhú mar chatalaígh agus luasairí chun na Ballstáit a spreagadh go láidir chun a gcláir forbartha cumais a chomhordú go héifeachtach; á iarraidh, thairis sin, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar shásra AE a bhunú chun acmhainní náisiúnta a chomhthiomsú do T&F i réimse na cosanta agus na slándála, le rannpháirtíocht fhónta na Parlaiminte, i gcás inarb iomchuí, ina chur chun feidhme;

17.

ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart, de thairbhe nuálaíocht agus forbairt arna maoiniú agus arna gcómhaoiniú ag AE i dteicneolaíochtaí cosanta criticiúla agus suaiteacha, go mbeadh leibhéal níos airde idir-inoibritheachta agus soláthar comhchoiteann trealaimh cosanta ag na Ballstáit a luaithe a bheidh leibhéal iomchuí ullmhachta teicneolaíochta bainte amach ag na teicneolaíochtaí arna bhforbairt; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé dúbailt tionscadal ar leibhéal AE a chosc agus á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé forluí agus dúbailtí atá ann cheana a íoslaghdú; á iarraidh go ndéanfaidh an Coimisiún an leibhéal ullmhachta teicneolaíochta iomchuí a shainiú i gcomhar leis na Ballstáit i gcomhréir leis an timpeallacht slándála nua-aimseartha agus le héilimh nua-aimseartha ar láithreacha catha; á thabhairt chun suntais gur gá cláir éagsúla taighde agus nuálaíochta an Aontais a ailíniú ar bhealach níos dlúithe chun forbairt teicneolaíochtaí criticiúla san Eoraip a chothú, agus aird á tabhairt ar an bhféidearthacht dé-úsáid na dteicneolaíochtaí atá ann cheana a dhéanamh;

18.

ag cur sonrú in iarrachtaí an Choimisiúin tacú le soláthar comhpháirteach teicneolaíochtaí slándála agus cosanta ag na Ballstáit, amhail an togra le haghaidh rialachán lena mbunaítear atreisiú thionscal cosanta na hEorpa trí sholáthar comhoibríoch;

19.

á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le dlúthchomhar idir na geallsealbhóirí éagsúla amhail lucht an tsaoil acadúil agus lucht na n-earnálacha poiblí agus príobháideach chun leas a bhaint as dea-chleachtais i dteicneolaíochtaí slándála agus cosanta; á iarraidh ar an gCoimisiún scrúdú a dhéanamh ar an bhféidearthacht a bhaineann le samhlacha ‘ilhéilics’ a úsáid don nuálaíocht;

20.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di an leibhéal neamhleor maoinithe le haghaidh cosanta agus slándála ó chistí AE agus á chur in iúl gur saoth léi ráta comhair íseal na mBallstát maidir le soláthar cosanta; á chur in iúl gur oth léi gur laghdaíodh buiséad CEF thart ar 40 % i gcoibhneas leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh an chreata airgeadais ilbhliantúil (CAI) 2021-2027, agus gur laghdaíodh buiséad an chláir um shoghluaisteacht mhíleata faoi 75 %; á chur i bhfáth nach mbeidh an CAI reatha in ann acmhainní airgeadais leordhóthanacha a chur ar fáil chun borradh a chur faoi chomhar cosanta AE go leibhéal iomchuí, ós rud é go n-éilíonn an staid slándála reatha léim chandamach; ag tathant ar na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar chodanna suntasacha dá mbuiséid náisiúnta cosanta atá ag dul i méid a chomhthiomsú ar leibhéal an Aontais chun stoic armlóin ídithe a athshlánú go comhpháirteach agus chun córais arm a cheannach go comhpháirteach, lena n-áirítear na cinn is casta agus is costasaí, amhail scairdeitleáin trodaíochta, longa cogaidh agus príomhthancanna catha; á iarraidh ar an gCoimisiún tuilleadh forbartha a dhéanamh ar na scéimeanna cistiúcháin agus ar na roghanna malartacha atá ann cheana chun cistiú a mhéadú go suntasach do theicneolaíochtaí criticiúla don tslándáil agus don chosaint faoin CAI reatha, agus fíor-riachtanais ó thaobh infheistíocht thionsclaíoch de á gcur i gcuntas;

21.

ag cur béim ar an bhfíoras nach mór do rialachán AE, a bhféadfadh tionchar a bheith aige ar rochtain thionscail slándála agus chosanta na hEorpa ar mhaoiniú, a bheith comhsheasmhach le hiarrachtaí AE chun rochtain leordhóthanach thionscal cosanta na hEorpa ar mhaoiniú agus infheistíocht phoiblí agus phríobháideach a éascú;

22.

ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le dé-úsáid níos fearr a bhaint as na teicneolaíochtaí sibhialta atá ann cheana agus le crostoirchiú i measc nuálaíochta sibhialta, míleata agus dé-úsáide i réimse na dteicneolaíochtaí criticiúla don tslándáil agus don chosaint agus ag cur béim ar an acmhainneacht chomhfhreagrach a bhaineann le comhar a chur chun cinn i measc chláir AE; a chur i bhfáth go bhfuil gá le líonraí comhroinnte eolais níos fearr do theicneolaíochtaí atá ann cheana agus do theicneolaíochtaí nua chun a chur ar chumas úsáideoirí deiridh ionchasacha agus infheisteoirí úsáid níos fearr a bhaint as teicneolaíochtaí atá ar an margadh cheana nó chun infheistíocht a dhéanamh i dteicneolaíochtaí ardacmhainneachta atá ag teacht chun cinn;

23.

á mholadh go ndéanfaí nuálaíocht bunaithe ar éifeachtúlacht mhéadaithe acmhainní, forbairt ábhar nua, amhábhair thánaisteacha a chur chun cinn agus soláthar poiblí comhpháirteach níos inbhuanaithe, agus ar úsáid réiteach teicneolaíochta atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de; á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint, i gcomhar le GEC, ar an mbealach chun cinn maidir le teicneolaíochtaí slándála agus cosanta inbhuanaithe agus conas a d’fhéadfadh athléimneacht an Aontais agus a thionscail slándála agus cosanta tairbhe a bhaint as i gcomhréir le treochlár an Aontais maidir leis an athrú aeráide agus cosaint agus le rún an 7 Meitheamh 2022 uaidh maidir leis an ábhar céanna, go háirithe trí spleáchas thionscail slándála agus cosanta an Aontais ar bhreoslaí iontaise a laghdú, agus trí mheasúnú a dhéanamh ar a leochaileacht i leith an athraithe aeráide agus ar an ngá comhfhreagrach atá le hoiriúnú dó;

24.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá atá le hinfheistíochtaí sa chosaint ‘glas’ a mhéadú trí sciar níos airde de T&F arna mhaoiniú ag an Aontas a thiomnú do bhreoslaí atá neodrach ó thaobh carbóin de agus do chórais tiomána d’fheithiclí míleata, go háirithe do mhórchórais arm a fhorbrófar faoi chreataí ábhartha an Aontais amach anseo; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar loirg fuinnimh, carbóin agus chomhshaoil ag tosú ag céim an deartha agus cistí ábhartha AE á n-infheistiú acu; á mheabhrú gur féidir le gníomhaíochtaí T&F faoi CEF éifeachtúlacht a fheabhsú, lorg carbóin a laghdú agus dea-chleachtais inbhuanaithe a bhaint amach; á iarraidh go mbeadh sásra ann chun T&F a dhreasú le haghaidh teicneolaíochtaí inbhuanaithe i réimse na cosanta agus na slándála; á chur in iúl gur geal léi an buiséad atá tiomnaithe don athléimneacht fuinnimh agus don aistriú comhshaoil sa chéad chlár oibre bliantúil, ach ag tabhairt dá haire nach ionann sin ach 11 % de bhuiséad foriomlán bliantúil CEF;

25.

á thabhairt chun suntais go bhfuil sé léirithe arís agus arís eile le linn chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine a éifeachtaí atá teicneolaíochtaí suaiteacha, ar minic costas réasúnta íseal ag baint leo, ach tionchar cumhachtach acu ar láthair an chatha i gcoinne córais agus foirmíochtaí móra arm; á iarraidh ar an gCoimisiún staidéar a dhéanamh, i gcomhar le Rialtas na hÚcráine agus le comhpháirtithe ECAT, ar na ceachtanna a sainaithníodh ón gcogadh san Úcráin maidir le teicneolaíochtaí criticiúla don tslándáil agus don chosaint; á chur i bhfáth go bhfuil gá le cur chuige oscailte agus an measúnú teicneolaíoch á dhéanamh agus á thabhairt chun suntais go bhfuil géarghá leis na conclúidí cearta a bhaint as an gcogadh is mó san Eoraip ó bhí an Dara Cogadh Domhanda ann;

26.

á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

(1)   IO C 493, 27.12.2022, lch. 19.

(2)  Rialachán (AE) 2021/697 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Ciste Eorpach Cosanta agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2018/1092 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 149).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1059/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top