AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,31.10.2023
COM(2023) 682 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
de bhun Airteagal 5(5) agus Airteagal 6(10) de Rialachán (AE) 2019/942 maidir le rannpháirtíocht Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh i gcur chun feidhme cóid gréasáin leictreachais agus treoirlínte arna nglacadh mar ghníomhartha tarmligthe

De bhun Airteagal 5(5) de Rialachán (AE) 2019/942, faoin 31 Deireadh Fómhair 2023, agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le rannpháirtíocht Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) i bhforbairt agus i nglacadh téarmaí agus coinníollacha nó modheolaíochtaí chun cóid ghréasáin agus treoirlínte a chur chun feidhme arna nglacadh mar ghníomhartha tarmligthe tar éis an 4 Iúil 2019. I gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil chun na cumhachtaí is gá a tharchur chuig ACER nó a mhodhnú.
De bhun Airteagal 6(10) de Rialachán (AE) 2019/942, faoin 31 Deireadh Fómhair 2023, agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin ngá féideartha cur le rannpháirtíocht ACER maidir le cásanna easaontais a réiteach idir údaráis rialála a bhaineann le cinntí comhpháirteacha ar ábhair ar tugadh inniúlacht ina leith do na húdaráis rialála sin trí ghníomh tarmligthe tar éis an 4 Iúil 2019. I gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil chun na cumhachtaí sin a mhodhnú nó na cumhachtaí is gá a aistriú chuig ACER.
Go dtí seo, níor glacadh aon chód gréasáin ná treoirlíne mar ghníomh tarmligthe. Dá bhrí sin, níl aon eispéireas ann faoi láthair a d’fhéadfadh an Coimisiún a thuairisciú ná a mbainfeadh sé tátal as.