Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023AR4646

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiúin – An Cárta Míchumais Eorpach agus an Cárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas Rapóirtéir

COR 2023/04646

IO C, C/2024/1981, 18.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1981/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1981/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/1981

18.3.2024

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiúin – An Cárta Míchumais Eorpach agus an Cárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas Rapóirtéir

(C/2024/1981)

Rapportéir:

Marko VEŠLIGAJ, Méara, cathair Pregrada

Doiciméid tagartha:

Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Cárta Míchumais Eorpach agus an Cárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas

COM(2023) 512 final

Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leathnaítear Treoir [XXXX] chuig náisiúnaigh tríú tír atá ina gcónaí go dleathach i mBallstát

COM(2023) 698 final

I.   MOLTAÍ LE hAGHAIDH LEASUITHE

Leasú 1

Airteagal 2(2) (mír nua le cur isteach)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú CnaR

 

Tá feidhm ag an Treoir seo maidir le sochair agus cúnamh sóisialta mar a leagtar amach in Airteagal 2(2), pointe (b) agus pointe (c), faoi na coinníollacha seo a leanas:

más sealbhóirí Cárta Míchumais Eorpaigh atá i gceist agus iad ag aistriú go Ballstát eile ar chúiseanna fostaíochta nó oideachais go dtí go ndéanfar athmheasúnú ar stádas na ndaoine sin mar dhaoine faoi mhíchumas agus go dtí go dtabharfaidh na húdaráis inniúla sa Stát óstach aitheantas foirmiúil dóibh, agus

más sealbhóirí Cárta Míchumais Eorpaigh atá i gceist a bhfuil páirt á glacadh acu i gclár soghluaisteachta de chuid an Aontais, ar feadh thréimhse an chláir sin. I gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha sin, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag daoine a bhfuil Cárta Míchumais Eorpach acu ar shochair agus cúnamh sóisialta mar a leagtar amach in Airteagal 2(2), pointe (b) agus pointe (c).

Cúis

Tá an leasú seo á mholadh d’fhonn foráil do chur i bhfeidhm teoranta maidir le grúpaí sainithe. Leis sin, dhéanfaí eisceacht maidir le hAirteagal 2(2), pointe (b) agus pointe (c), do mhic léinn, d’fhostaithe agus do dhaoine faoi mhíchumas a bhfuil páirt á glacadh acu i gclár soghluaisteachta de chuid an Aontais; ní dhéanfaí an eisceacht sin áfach, maidir leis na sochair shóisialta in Airteagal 2(2), pointe (a), faoina gcumhdófaí, is dócha, formhór na sochar sóisialta le haghaidh daoine faoi mhíchumas. Ar an gcaoi seo, bhainfí cothromaíocht amach, eadhon trí phríomhaidhm na treorach a chosaint, ar thaobh amháin, agus, ar an taobh eile, trí aghaidh a thabhairt ar ábhair imní maidir le rochtain ar shochair slándála sóisialta agus na deacrachtaí a d’fhéadfadh eascairt as sin do chórais slándála sóisialta agus, ar deireadh, do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha. Ag an am céanna, féachtar le haghaidh a thabhairt ar impí eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus iad ag iarraidh go dtabharfaí rochtain shealadach ar na sochair dá bhforáiltear faoin gCárta Míchumais Eorpach agus an Cárta Páirceála Eorpach.

Leasú 2

Airteagal 5(1)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú CnaR

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá lena áirithiú go dtabharfar rochtain do shealbhóirí Cárta Míchumais Eorpaigh, agus iad ag taisteal chuig Ballstát nó ag tabhairt cuairt ar Bhallstát seachas an Ballstát ina bhfuil cónaí orthu, ar théarmaí agus coinníollacha atá comhionann leis na téarmaí agus na coinníollacha a sholáthraítear do dhaoine faoi mhíchumas ar sealbhóirí deimhnithe míchumais, cárta míchumais nó ar aon doiciméad foirmiúil eile iad, lena n-aithnítear a stádas míchumais sa Bhallstát sin, ar aon choinníoll speisialta nó ar aon chóir fhabhrach a thairgtear i ndáil leis na seirbhísí, na gníomhaíochtaí agus na saoráidí dá dtagraítear in Airteagal 2(1).

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá lena áirithiú go dtabharfar rochtain do shealbhóirí Cárta Míchumais Eorpaigh, agus iad ag taisteal chuig Ballstát nó ag tabhairt cuairt ar Bhallstát seachas an Ballstát ina bhfuil cónaí orthu, ar théarmaí agus coinníollacha atá comhionann leis na téarmaí agus na coinníollacha a sholáthraítear do dhaoine faoi mhíchumas ar sealbhóirí deimhnithe míchumais, cárta míchumais nó ar aon doiciméad foirmiúil eile iad, lena n-aithnítear a stádas míchumais sa Bhallstát sin, ar aon choinníoll speisialta nó ar aon chóir fhabhrach a thairgtear i ndáil leis na seirbhísí, na gníomhaíochtaí agus na saoráidí dá dtagraítear in Airteagal 2(1) nó sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 2(3) .

Cúis

Bainteach le Leasú 1 ar Airteagal 2.

Leasú 3

Airteagal 6(4)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú CnaR

Déanfaidh an Ballstát cónaithe an Cárta Míchumais Eorpach a eisiúint nó a athnuachan go díreach nó ar iarratas ón duine faoi mhíchumas. Déanfar é a eisiúint agus a athnuachan laistigh den tréimhse chéanna a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta is infheidhme chun deimhnithe míchumais, cártaí míchumais nó aon doiciméad foirmiúil eile lena n-aithnítear stádas míchumais duine faoi mhíchumas a eisiúint.

Déanfaidh an Ballstát cónaithe an Cárta Míchumais Eorpach a eisiúint nó a athnuachan go díreach nó ar iarratas ón duine faoi mhíchumas. Déanfar é a eisiúint agus a athnuachan don tairbhí saor in aisce laistigh de thréimhse réasúnta nach mó ná 60 lá tar éis dháta an iarratais, ach stádas an mhíchumais atá ar an tairbhí a bheith deimhnithe go hoifigiúil i dtosach faoin dlí náisiúnta.

Cúis

Na feabhsuithe atá beartaithe leis an gCárta Míchumais Eorpach agus an Cárta Páirceála Eorpach, má táthar chun iad sin a chur chun feidhme, caithfear a áirithiú go bhfaighfear agus go n-athnuafar an dá chárta laistigh de thréimhse réasúnta ama. Lena chois sin, ní cóir costais bhreise a ghearradh ar shealbhóirí na gcártaí. Mar sin féin, i dtaca leis an 60 lá arb é an sprioc é le haghaidh eisiúint agus athnuachan an dá chárta, caithfear a chur san áireamh gur gné bhuntábhachtach é an measúnú ar an míchumas de réir na rialacha náisiúnta, agus déanfar eisceachtaí a mheas i dtaca le tréimhse an mheasúnaithe.

Leasú 4

Airteagal 6(4) (mír nua le cur isteach)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú CnaR

 

Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh daoine faoi mhíchumas, nó ionadaithe ainmnithe ag gníomhú thar a gceann agus lena gcead, achomharc a dhéanamh in aghaidh cinneadh ó na húdaráis inniúla maidir le heisiúint, athnuachan nó tarraingt siar Cárta Míchumais Eorpaigh.

Cúis

Tagairt bhreise d’fhonn féinchinntiúchán na ndaoine faoi mhíchumas a dhéanamh níos feiceálaí agus lena chur i dtreis go bhfuil rochtain acu ar na hionstraimí dlí céanna ar a bhfuil rochtain ag na daoine nach bhfuil faoi mhíchumas.

Leasú 5

Airteagal 9

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú CnaR

1.

Cuirfidh na Ballstáit na coinníollacha agus na rialacha, na cleachtais agus na nósanna imeachta chun Cárta Míchumais Eorpach agus Cárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas a eisiúint, a athnuachan nó a tharraingt siar ar fáil go poiblí i bhformáidí inrochtana, lena n-áirítear i bhformáidí digiteacha, agus arna iarraidh sin i bhformáidí cúnta arna n-iarraidh sin do dhaoine faoi mhíchumas.

1.

Déanfaidh na Ballstáit agus, i gcás inarb ábhartha, na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha na coinníollacha agus na rialacha, na cleachtais agus na nósanna imeachta chun Cárta Míchumais Eorpach agus Cárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas a eisiúint, a athnuachan nó a tharraingt siar a chur ar fáil go poiblí i bhformáidí inrochtana, lena n-áirítear i bhformáidí digiteacha, agus i bhformáidí cúnta do dhaoine faoi mhíchumas agus aird ar leith á tabhairt ar dhaoine faoi mhíchumas éisteachta, míchumas radhairc nó míchumas cognaíoch trí, cuir i gcás, faisnéis inrochtana a bheith ar fáil i dteangacha comharthaíochta náisiúnta agus i bhformáidí soléite .

2.

Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun feasacht a mhúscailt i measc an phobail agus chun daoine faoi mhíchumas a chur ar an eolas, lena n-áirítear ar bhealaí inrochtana, go bhfuil an Cárta Míchumais Eorpach agus an Cárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas ann agus faoi na coinníollacha maidir leis na cártaí sin a fháil, a úsáid nó a athnuachan.

2.

Déanfaidh na Ballstáit agus, i gcás inarb ábhartha, na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha bearta iomchuí chun feasacht a mhúscailt i measc an phobail agus chun daoine faoi mhíchumas a chur ar an eolas, lena n-áirítear ar bhealaí inrochtana, go bhfuil an Cárta Míchumais Eorpach agus an Cárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas ann agus faoi na coinníollacha maidir leis na cártaí sin a fháil, a úsáid nó a athnuachan.

3.

Déanfaidh na Ballstáit gach beart is gá chun an riosca brionnaithe nó calaoise a sheachaint agus déanfaidh siad úsáid chalaoiseach agus brionnú an Chárta Míchumais Eorpaigh agus an Chárta Páirceála Eorpaigh do dhaoine faoi mhíchumas a chomhrac go gníomhach.

3.

Déanfaidh na Ballstáit agus, i gcás inarb ábhartha, na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha bearta iomchuí chun feasacht a mhúscailt i measc an phobail agus chun daoine faoi mhíchumas a chur ar an eolas, lena n-áirítear ar bhealaí inrochtana, i dtaca leis na coinníollacha speisialta arb ann dóibh nó an chóir fhabhrach atá ar fáil ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, é sin trí na bealaí cumarsáide go léir, na bealaí cumarsáide ar an leibhéal bardasach san áireamh.

4 .

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá lena áirithiú go dtabharfaidh sealbhóirí Cárta Míchumais Eorpaigh nó Cárta Páirceála Eorpaigh do dhaoine faoi mhíchumas a gcártaí ar ais don údarás inniúil a luaithe nach gcomhlíonfar na coinníollacha faoinar eisíodh iad a thuilleadh.

4 .

Déanfaidh na Ballstáit agus, i gcás inarb ábhartha, na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha gach beart is gá chun an riosca brionnaithe nó calaoise a sheachaint agus déanfaidh siad úsáid chalaoiseach agus brionnú an Chárta Míchumais Eorpaigh agus an Chárta Páirceála Eorpaigh do dhaoine faoi mhíchumas a chomhrac go gníomhach.

5 .

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú, i gcás ina dtagann siad ar chásanna dhroch-úsáid úsáide nó mhí-úsáide na gcártaí arna n-eisiúint ag Ballstát eile ar a gcríoch, go gcuirfear na húdaráis inniúla sa Bhallstát a d’eisigh an Cárta Míchumais Eorpach nó an Cárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas ar an eolas. Áiritheoidh an Ballstát eisiúna go ndéanfar obair leantach iomchuí i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó leis an gcleachtas náisiúnta.

5 .

Déanfaidh na Ballstáit agus, i gcás inarb ábhartha, na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha na bearta is gá lena áirithiú go dtabharfaidh sealbhóirí Cárta Míchumais Eorpaigh nó Cárta Páirceála Eorpaigh do dhaoine faoi mhíchumas a gcártaí ar ais don údarás inniúil a luaithe nach gcomhlíonfar na coinníollacha faoinar eisíodh iad a thuilleadh.

6 .

Déanfaidh na Ballstáit seiceálacha ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí a thagann ón gCárta Míchumais Eorpach nó ón gCárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas agus ar chomhlíonadh chearta comhfhreagracha na ndaoine faoi mhíchumas ag a bhfuil na cártaí sin agus an duine nó na ndaoine a ghabhann leo nó a chuidíonn leo, lena n-áirítear a gcúntóir nó a gcúntóirí pearsanta.

6 .

Déanfaidh na Ballstáit agus, i gcás inarb ábhartha, na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha na bearta is gá chun a áirithiú, i gcás ina dtagann siad ar chásanna dhroch-úsáid úsáide nó mhí-úsáide na gcártaí arna n-eisiúint ag Ballstát eile ar a gcríoch, go gcuirfear na húdaráis inniúla sa Bhallstát a d’eisigh an Cárta Míchumais Eorpach nó an Cárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas ar an eolas. Áiritheoidh an Ballstát eisiúna go ndéanfar obair leantach iomchuí i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó leis an gcleachtas náisiúnta.

7 .

Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus 2 den Airteagal seo a chur ar fáil saor in aisce ar bhealach soiléir, cuimsitheach, soláimhsithe agus ar bhealach atá inrochtana go héasca, lena n-áirítear trí shuíomh gréasáin oifigiúil na n-oibreoirí príobháideacha nó na n-údarás poiblí i gcás ina mbeidh sé ar fáil, nó ar bhealaí oiriúnacha eile, i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta ábhartha le haghaidh seirbhísí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2019/882.

7 .

Déanfaidh na Ballstáit agus, i gcás inarb ábhartha, na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha seiceálacha ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí a thagann ón gCárta Míchumais Eorpach nó ón gCárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas agus ar chomhlíonadh chearta comhfhreagracha na ndaoine faoi mhíchumas ag a bhfuil na cártaí sin agus an duine nó na ndaoine a ghabhann leo nó a chuidíonn leo, lena n-áirítear a gcúntóir nó a gcúntóirí pearsanta.

 

8 .

Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus 2 den Airteagal seo a chur ar fáil saor in aisce ar bhealach soiléir, cuimsitheach, soláimhsithe agus ar bhealach atá inrochtana go héasca, lena n-áirítear trí shuíomh gréasáin oifigiúil na n-oibreoirí príobháideacha nó na n-údarás poiblí i gcás ina mbeidh sé ar fáil, nó ar bhealaí oiriúnacha eile, i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta ábhartha le haghaidh seirbhísí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2019/882.

9.

Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear cistiúchán iomchuí ar fáil do na Ballstáit agus dá gcuid údarás áitiúil agus réigiúnach chun costas na nósanna imeachta riaracháin, eisiúint fhisiciúil an Chárta, sholáthar na faisnéise, agus an fheachtais múscailte feasachta a íoc, mar aon le costais ghaolmhara eile.

Cúis

Ba cheart a chur in iúl go soiléir, ó thús deireadh an leasaithe seo, go bhfuil ról lárnach ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha i gcur chun feidhme an Chárta Míchumais Eorpaigh agus an Chárta Páirceála Eorpaigh agus, dá réir sin, gur cheart dul i gcomhairle leo ar bhonn ní ba mhó. De bhreis air sin, tá ról acu i dtaca lena spriocghrúpaí faoi seach a chur ar an eolas ar bhonn inrochtana faoin gCárta Míchumais Eorpach agus faoin gCárta Páirceála Eorpach, agus iad ag plé go laethúil le daoine faoi mhíchumas. Ar deireadh, is pointe tábhachtach chuige sin nach cóir na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a bheith thíos le dúshláin bhreise airgeadais, ach gur ceart tacaíocht a thabhairt dóibh san obair seo ar an leibhéal Eorpach.

Leasú 6

Airteagal 11(4)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú CnaR

Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr , le daoine faoi mhíchumas agus a gcuid eagraíochtaí ionadaíocha mar aon le húdaráis riaracháin a dhéanann an cur chun feidhme ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach .

Cúis

Is é an aidhm atá leis an leasú seo rannpháirtíocht agus faireachán a áirithiú ó thaobh na ndaoine atá ceaptha tairbhe a bhaint as cur chun feidhme na treorach lena mbaineann. Má tá rannpháirtíocht dhíreach acu sa phróiseas, beidh daoine faoi mhíchumas in ann a gcuid saineolais agus a dtaithí a roinnt, rud a mbeidh reachtaíocht níos cuimsithí ina toradh air. Lena chois sin, is suntasach an taithí atá ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, ós rud é gur ar an leibhéal polaitiúil sin a théitear i ngleic leis an mórchuid de na saincheisteanna a bhaineann le saol na ndaoine faoi mhíchumas.

Leasú 7

Airteagal 12(1)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú CnaR

Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún agus tabharfaidh an Coimisiún páirt fhónta ann d’eagraíochtaí ionadaíocha de chuid na ndaoine faoi mhíchumas . Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Cúis

Léiriú atá sa leasú seo ar éileamh atá déanta ag roinnt geallsealbhóirí a dhéanann ionadaíocht thar ceann daoine faoi mhíchumas.

Leasú 8

Airteagal 15

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú CnaR

1.

Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh oibreoirí príobháideacha nó údaráis phoiblí faisnéis faoi aon choinníoll speisialta nó aon chóir fhabhrach de bhun Airteagal 5 ar fáil don phobal i bhformáidí inrochtana.

1.

Áiritheoidh na Ballstáit agus, i gcás inarb ábhartha, na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha go gcuirfidh oibreoirí príobháideacha nó údaráis phoiblí faisnéis faoi aon choinníoll speisialta nó aon chóir fhabhrach de bhun Airteagal 5 ar fáil don phobal i bhformáidí inrochtana , lena n-áirítear trí fhaisnéis inrochtana a chur ar fáil trí mheán an chlosamhairc nó na teanga simplí . Chuige sin, ba cheart cistiúchán an Aontais a chur ar fáil mar a luaitear in Airteagal 9.

2.

Spreagfaidh na Ballstáit oibreoirí príobháideacha nó údaráis phoiblí chun coinníollacha speisialta nó cóir fhabhrach a sholáthar go deonach do dhaoine faoi mhíchumas.

2.

Spreagfaidh na Ballstáit agus, i gcás inarb ábhartha, na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha oibreoirí príobháideacha nó údaráis phoiblí chun coinníollacha speisialta nó cóir fhabhrach a sholáthar go deonach do dhaoine faoi mhíchumas.

[…]

[…]

Leasú 9

Airteagal 16(4)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú CnaR

Cuirfear san áireamh sa tuarascáil ón gCoimisiún dearcthaí daoine faoi mhíchumas, páirtithe leasmhara eacnamaíocha agus eagraíochtaí neamhrialtasacha ábhartha, lena n-áirítear eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht do dhaoine faoi mhíchumas.

Cuirfear san áireamh sa tuarascáil ón gCoimisiún dearcthaí daoine faoi mhíchumas, údarás áitiúil agus réigiúnach a dhéanann an cur chun feidhme, páirtithe leasmhara eacnamaíocha agus eagraíochtaí neamhrialtasacha ábhartha, lena n-áirítear eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht do dhaoine faoi mhíchumas.

II.   MOLTAÍ I LEITH NA mBEARTAS

SEO SEASAMH CHOISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR)

1.

Is díol sásaimh do CnaR an tionscnamh ón gCoimisiún Eorpach chun samhail chaighdeánaithe choiteann a bhunú le haghaidh an Chárta Míchumais Eorpaigh (CME) agus an Chárta Páirceála Eorpaigh do dhaoine faoi mhíchumas (CPE), d’fhonn beart éifeachtach a dhéanamh chun an tsaoirse gluaiseachta a bhfuil an neamhspleáchas is mó is féidir ag gabháil léi a áirithiú do na daoine faoi mhíchumas mar aon leis an gceart cóir chomhionann agus deiseanna comhionanna a bheith acu i dtaca leis an rochtain ar earraí agus seirbhísí a bhfuil teacht ag an bpobal orthu.

2.

Measann CnaR nach féidir cuspóirí an tionscnaimh sin a bhaint amach i gceart ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal sin amháin, ós rud é gur cártaí de chuid an Aontais Eorpaigh a bhunaítear leis, a chuireann ar chumas na ndaoine faoi mhíchumas a gcuid ceart a dhearbhú i dtaca le coinníollacha páirceála agus spásanna forchoimeádta nó cóir fhabhrach eile agus seirbhísí á n-úsáid, gníomhaíochtaí ar bun nó ábhar á úsáid i mBallstát nach é stát cónaithe an duine lena mbaineann é. I bhfianaise scála agus éifeachtaí an bhirt, is ar leibhéal an Aontais is fearr is féidir na cuspóirí a bhaint amach. Dá bhrí sin, tá an tionscnamh ag teacht le prionsabal na coimhdeachta.

3.

Tarraingíonn sé aird ar an tuairim a d’eisigh sé roimhe seo dar teideal ‘Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas’ (1). Tá sé tábhachtach an Treoir nua a ailíniú leis na prionsabail chuimsitheacha a leagadh síos sa tuairim sin. Cuireann sé i bhfáth freisin an gá atá le cur chuige iomlánaíoch, chun a áirithiú, ní hamháin gur tionscnamh praiticiúil é an tionscnamh nua, ach go gcuirfear san áireamh go smior ann saincheisteanna móra na hinrochtaineachta, an neamhspleáchais, agus an chomhionannais deiseanna do na daoine faoi mhíchumas.

4.

Is díol sásaimh dó freisin an togra eile ón gCoimisiún, COM/2023/698 final, lena leathnaítear an Treoir chuig náisiúnaigh tríú tír atá ina gcónaí go dleathach i mBallstát. Is leathnú riachtanach ar an Treoir é sin, ní hamháin chun an t-idirdhealú idir saoránaigh an Aontais agus náisiúnaigh tríú tír atá ina gcónaí san Aontas Eorpach a chosc, ach freisin chun a áirithiú go mbeidh rochtain chomhionann ar an gCárta Míchumais Eorpach agus ar an gCárta Páirceála Eorpach ag gach duine a bhfuil gá acu leo.

5.

Cuireann CnaR i bhfáth nach bhféachann an Treoir leis na critéir incháilitheachta dhifriúla, na coinníollacha difriúla nó na nósanna imeachta measúnaithe difriúla chun stádas an duine faoi mhíchumas a fháil a thabhairt le chéile ach fágtar an inniúlacht sin ag na Ballstáit, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta.

6.

Is geal le CnaR go n-áirithítear leis an tsamhail a chuirtear chun cinn an rochtain chomhionann ar choinníollacha sonracha nó ar an gcóir chomhionann do gach duine faoi mhíchumas a bhfuil CME nó CPE aige agus go n-áirithítear go ndéanfar an fhaisnéis a chur ar fáil i bhformáidí inrochtana i gcomhréir le ceanglais ábhartha Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).

7.

Tá CnaR den tuairim nach dtéann na samhlacha caighdeánaithe coiteanna le haghaidh CME agus CPE thar an méid a bhfuil gá leis agus atá comhréireach d’fhonn cearta na ndaoine faoi mhíchumas a dhearbhú i dtaca leis an tsaoirse gluaiseachta agus an ceart atá acu cóir chomhionann agus deiseanna comhionanna a bheith acu i gcás rochtain a fháil ar sheirbhísí agus ar ghníomhaíochtaí san Aontas.

8.

Cuireann CnaR i dtreis gur gá raon feidhme na Treorach a shainiú go beacht mar gheall ar na nósanna imeachta difriúla agus socruithe difriúla arb ann dóibh sna Ballstáit i dtaca leis an gcóir fhabhrach a dhearbhú, agus gur gá na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí a shainiú go soiléir a chumhdaítear leis an Treoir ar ceart iad a idirdhealú ó sheirbhísí agus gníomhaíochtaí i réimse na slándála sóisialta, na cosanta sóisialta nó an chúnaimh shóisialta nach gcumhdaítear leis an Treoir.

9.

Molann CnaR CME a leathnú chun seirbhisí slándála sóisialta a chuimsiú le linn idirthréimhsí i gcásanna a bhaineann le daoine faoi mhíchumas a dhéanann staidéar i mBallstát eile nó a earcaítear i mBallstát eile. Moltar an leathnú sin ní hamháin le haghaidh na tréimhse sula mbunófar an teidlíocht iomlán atá i gceist sa Bhallstát nua ach le haghaidh tréimhsí gearrfhanachta freisin, amhail malartuithe ógra, malartuithe mac léinn, intéirneachtaí, oiliúint ghairmiúil, agus mar sin de. Tá an-tábhacht ag baint leis sin, ós minic a bhíonn ar dhaoine faoi mhíchumas a aistríonn go tír nua dul i ngleic le bearnaí ó thaobh na dteidlíochtaí slándála sóisialta de. A bhuí lena leithéid de leathnú, chuirfí deireadh leis an leithcheal sin a dhéantar ar dhaoine faoi mhíchumas, chuirfí le cothrom na Féinne ina bhfabhar agus chuirfí ar a gcumas ceart na saoirse gluaiseachta a dhearbhú, rud ar ceann de na ceithre shaoirse bhunúsacha ar ar bunaíodh an tAontas é, agus chuirfí prionsabal na córa comhionainne chun cinn dá thoradh sin.

10.

Leagann CnaR béim ar ábharthacht na n-údarás áitiúil agus réigiúnach ó thaobh chur chun feidhme éifeachtach na Treorach de, agus, go háirithe, ar ábharthacht na n-údarás poiblí sna cinn scríbe turasóireachta, i gcomhréir lena n-inniúlachtaí, ar ar féidir a áireamh, cuir i gcás, spásanna páirceála leormhaithe a áirithiú, rochtain shealbhóirí na gcártaí ar sheirbhísí, gníomhaíochtaí agus saoráidí a rialú, seiceálacha rialta a áirithiú chun an mhí-úsáid a chosc, agus mar sin de.

11.

Leagann sé béim ar ról na n-údarás áitiúil agus réigiúnach i dtaca le cláir oiliúna a chur ar fáil do na saoránaigh, go háirithe do na daoine faoi mhíchumas, maidir leis na cearta agus na deiseanna atá acu agus iad ina sealbhóirí cárta, agus do na hoifigigh, na baill foirne agus do na heintitis phríobháideacha freisin. Tá sé sin ábhartha go háirithe i gcás cinn scríbe turasóireachta a thairgeann táirgí agus seirbhísí a bhaineann leis an turasóireacht (cuir i gcás soláthróirí poiblí, gairmithe sláinte, oibrithe cosanta sibhialta, treoraithe turasóireachta, oibreoirí turas, oibreoirí iompair, agus mar sin de).

12.

Cuireann CnaR i dtreis, go háirithe, gur gá oiliúint a chur ar na baill foirne a rialaíonn cruinneas na ndeimhnithe páirceála ar fheithiclí, mar aon leis na bearta uile is gá a dhéanamh chun cur i gcoinne na mí-úsáide arna baint as CPE ag tiománaithe nach daoine faoi mhíchumas iad. Is díol sásaimh dó an togra ó thaobh chosc na coireachta de, ós rud é go bhfuil fadhbanna móra ag an Aontas le mí-úsáid, gadaíocht agus falsú na gcártaí sin agus le nithe nach iad. An córas is gá a chur ar bun chun faisnéis a mhalartú idir na Ballstáit, is córas é a d’fhéadfadh cur ina aghaidh sin.

13.

Cuireann CnaR i bhfáth go bhfuil gá le comhar láidir leanúnach idir na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha leis na soláthraithe seirbhíse agus gur gá cuimhneamh ar ról suntasach na n-údarás áitiúil agus réigiúnach i dtaca le haiseolas a bhailiú, feabhas a chur ar éifeachtacht agus úsáideacht na gcártaí agus an dea-chleachtas a roinnt ó thaobh chur chun feidhme na gcártaí.

14.

Cuireann CnaR i dtreis gur cheart do CME cur leis an bhfianaise ar an míchumas a eisítear ar an leibhéal náisiúnta agus a eisítear aisti féin, gur cheart an cárta a eisiúint, idir an fhoirm fhisiciúil agus leictreonach, saor in aisce do gach úsáideoir ar a iarraidh, agus gur cheart aghaidh a thabhairt leis an gcreat sin ar cheist na fianaise ar an stádas míchumais sna Ballstáit uile.

15.

Tá CnaR i bhfabhar an cheanglais aird iomlán a thabhairt ar cheart an phríobháideachais agus ar an gceart sonraí príobháideachta a bheith cosanta mar aon le bearta coimirce a chur i bhfeidhm i dtaca le sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) (3), agus béim á leagan ar rúndacht na faisnéise a bhaineann leis an gcineál míchumais.

16.

Leagan CnaR béim ar an ngá atá le cur chun feidhme tapa na Treorach agus le dlúthchomhar leis na geallsealbhóirí uile lena mbaineann, mar aon leis na córais agus na cláir uile atá ar fáil a chomhtháthú ar leibhéal an Bhallstáit. An aidhm atá leis sin ná áisiúlacht an dá chárta a chothú sna cásanna ina mbíonn ceangal idir an míchumas agus cearta ar leith, agus an t-ualach riaracháin atá ar na húdaráis phoiblí a laghdú dá réir, lena n-áirítear na comhlachtaí áitiúla agus réigiúnacha, cuir i gcás éiginnteacht dhlíthiúil a bhaineann le neamhaithint an stádais míchumais, a mhéid a bhaineann leis an gcóir chomhionann agus na deiseanna comhionanna i gcás rochtain a fháil ar earraí agus seirbhísí agus taisteal ar bun.

17.

Cuireann CnaR i bhfáth gur gá samhail choiteann CPE nua a thabhairt isteach go tapa mar baineann líon mór daoine faoi mhíchumas leas as feithiclí príobháideacha chun críocha iompair, ós rud é gurb é sin an modh is mó buntáiste nó, scaití, an t-aon mhó atá acu gluaiseacht neamhspleách a dhéanamh.

18.

Cuireann CnaR i dtreis gur gá tacaíocht airgeadais Eorpach a thabhairt do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha d’fhonn uirlisí digiteacha a chur ar fáil le haghaidh chur chun feidhme CME ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach, á chur san áireamh nach bhfuil clár digiteach de na daoine faoi mhíchumas bunaithe ag gach údarás áitiúil agus réigiúnach san Aontas agus nach bhfuil uirlisí digiteacha acu go léir ach oiread.

19.

Molann CnaR do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha cistí Eorpacha agus náisiúnta a lorg ar bhonn gníomhach chun tacú leis an infheistiú suntasach i bhfeabhsú an bhonneagair agus in athchóiriú an bhonneagair, amhail rampaí agus ardaitheoirí inrochtana, chun tograí a dheimhniú agus a fhorbairt a thuilleadh a chuirfidh leis an inrochtaineacht do faoi mhíchumas. Cuirfidh an méid sin go díreach le húsáideacht agus ábharthacht an chárta trí infheictheacht agus inrochtaineacht ar fhoirgnimh phoiblí agus ar sheirbhísí poiblí a chothú ó thaobh na ndaoine faoi mhíchumas de.

20.

Leagann CnaR béim ar an ngá atá le híoschaighdeáin inrochtaineachta a leagan síos ar mhaithe leis na daoine faoi mhíchumas ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta agus réigiúnach. Tá sé tábhachtach freisin go mbeadh na cártaí ina gcuid fheiceálach den saol laethúil, rud a gcuireann na gníomhaíochtaí éagsúla ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach leis. Is éard is aidhm leis cur le cáilíocht saoil na ndaoine faoi mhíchumas trí na cártaí a ghlacadh le haghaidh seirbhísí poiblí amhail an t-iompar agus imeachtaí cultúrtha agus trí oiliúint a chur ar na hoifigigh áitiúla faoin tábhacht a bhaineann leis na cártaí agus faoin úsáid a bhaintear astu, agus mar sin de.

21.

Tá CnaR den tuairim go bhfuil ról lárnach ag na húdaráis áitiúla i dtaca le hinfheictheacht na gcártaí a chur chun cinn agus a mhéadú, rud is féidir a dhéanamh trí réimse leathan feachtais múscailte feasachta faoi na cártaí agus gach a mbaineann leo. Ba cheart na feachtais sin a dhíriú ar an bpobal i gcoitinne, ar dhaoine a d’fhéadfadh na cártaí a úsáid agus ar sholáthraithe seirbhíse. An fhaisnéis iomchuí, faoi na cártaí a bheith ar fáil agus faoi na coinníollacha a bhaineann lena bhfáil, lena n-úsáid agus lena n-athnuachan, ba cheart an fhaisnéis sin a roinnt i dteangacha uile an Aontais agus i bhformáidí simplí don léitheoireacht agus do na teangacha comharthaíochta, agus an leibhéal is airde de chuid na dTreoirlínte maidir le hinrochtaineacht ábhair ar an nGréasán (AAA) á chomhlíonadh.

An Bhruiséil, 31 Eanáir 2024.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Vasco ALVES CORDEIRO


(1)   IO C 300, 27.7.2021, lch. 24.

(2)  Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70).

(3)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1981/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top