Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023AE3693

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Straitéis Eorpach nua a fhorbairt i dtaca leis an margadh inmheánach: cuidiú lenár bhfiontair aghaidh a thabhairt ar dhúshláin theicneolaíocha, shóisialta, chomhshaoil agus iomaíochta (tústuairim)

EESC 2023/03693

IO C, C/2024/2096, 26.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2096/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2096/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/2096

26.3.2024

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Straitéis Eorpach nua a fhorbairt i dtaca leis an margadh inmheánach: cuidiú lenár bhfiontair aghaidh a thabhairt ar dhúshláin theicneolaíocha, shóisialta, chomhshaoil agus iomaíochta

(tústuairim)

(C/2024/2096)

Rapóirtéir:

Sandra PARTHIE

Comhrapóirtéir:

Alain COHEUR

Comhairliúchán

Uachtaránacht na Beilge ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, 10.7.2023

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

An rannóg atá freagrach

An Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas

Dáta a glactha sa rannóg

20.12.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

17.1.2024

Seisiún iomlánach Uimh.

584

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

228/0/3

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1

Ba cheart díriú ar roinnt gnéithe i straitéis i dtaca le todhchaí an mhargaidh inmheánaigh, cuir i gcás: beartas tionsclaíoch Eorpach, creat fabhrach le haghaidh gnólachtaí agus FBManna, fiontair an gheilleagair shóisialta, tacaíocht an phobail don tionscadal Eorpach, seirbhísí éifeachtacha leasa ghinearálta a bhainistítear mar is ceart, agus céimeanna chun ár múnla sóisialta a chaomhnú agus a fhorbairt.

Beifear ag súil leis an méid a leanas ón straitéis nua thionsclaíoch:

go bhforbrófar geilleagar láidir tionsclaíoch atá glas, digiteach, inbhuanaithe agus cothrom; go gcuirfear srian ar spleáchais iomarcacha; go ráthófar rochtain ar fhoinsí sábháilte agus inbhuanaithe amhábhar criticiúil; go ndéanfar an múnla sóisialta Eorpach a chomhdhlúthú, agus; go ráthófar cearta bunúsacha an duine;

go ndéanfar forbairt bonneagair dhigitigh Eorpaigh nua-aimseartha, idir-inoibrithigh agus straitéisigh a chur chun cinn, óir tá bonneagar den sórt sin riachtanach i gcomhair tionscal cliste, iomaíoch, glas agus athléimneach, lena n-áirítear an intleacht shaorga (IS);

go gcuirfear i gcoinne an athraithe aeráide tríd an neodracht carbóin a bhaint amach, mar shampla trí úsáid éifeachtach a bhaint as fuinneamh (in-athnuaite) nó trí dhul i muinín geilleagar ciorclach/táirgí fadtéarmacha etc.;

go bhforbrófar beartas cobhsaí eacnamaíoch a ngabhfaidh rialacha soiléire leis, beartas lena gcinnteofar go mbeidh deimhneacht dhlíthiúil ann agus lena bhforálfar do mhaoiniú poiblí leordhóthanach chun nuáil a dhéanamh;

go gcinnteofar go mbeidh rochtain shlán ar fhuinneamh dícharbónaithe ar phraghsanna cobhsaí iomaíocha chun tacú leis na tionscail atá dian ar fhuinneamh, tionscail arb iad crann taca thionscal na hEorpa iad;

go neartófar cumais agus scileanna oiriúnaithe an lucht saothair agus go bhfeabhsófar na dálaí oibre san earnáil thionsclaíoch ionas go bhféadfar aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhéimeagrafacha.

1.2

Tá Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) ag iarraidh go n-ullmhófaí creat anailíseach nua chun cinntí polaitiúla a stiúradh sa domhan nua seo a bhfuil dúshláin gheopholaitiúla nua roimhe. I gcás na spriocanna atá ann, tá roinnt acu ag dul in aghaidh a chéile, mar shampla líon na n-iarratas ar fhóirdheontais i gcomórtas leis na héilimh go gcuirfí srian le méid na státchabhrach, ceanglais an táirgthe áitiúil i gcomórtas le margaí oscailte, rochtain ar amhábhair ríthábhachtacha i gcomórtas leis na coinníollacha soláthair. Tá gá le córas nua comhair chun teacht ar na réitigh is fearr agus tá sé thar a bheith tábhachtach go gcothófar meon nua comhair i measc na mBallstát d’fhonn braistint fíorfhéiniúlachta Eorpaí a chruthú. Dá dtabharfaí seirbhís uile-Eorpach shibhialta agus shóisialta isteach le haghaidh gach duine óig san Eoraip, d’fhéadfadh sé go dtiocfadh feabhas ar thuiscint na ndaoine sin ar na riachtanais atá ag pobail, tíortha agus cultúir eile.

1.3

Agus an margadh inmheánach á neartú, creideann CESE gur cheart tús áite a thabhairt do na beartais sin lena leagtar síos creat le haghaidh nuálaíochtaí ag cuideachtaí príobháideacha agus lena gcothaítear an nuálaíocht trí rochtain a thabhairt ar chaipiteal fiontair, go háirithe d’fhiontraithe nua, agus naisc a chruthú idir an earnáil tionsclaíochta agus earnáil na n-eolaíochta, go háirithe ollscoileanna.

1.4

Caithfidh an margadh inmheánach a bheith amhlaidh agus go mbeidh ar chumas FBManna agus ar chumas a bhfostaithe dul chun cinn a dhéanamh. Is é buntáiste an mhargaidh inmheánaigh do FBManna na caighdeáin choiteanna a chruthaítear ann i dtaca lena gcuid seirbhísí agus táirgí, caighdeáin a chuireann ar a gcumas feidhmiú thar theorainneacha, agus sin uile i dteannta spriocanna eile an mhargaidh, amhail an maorlathas a laghdú, na nósanna imeachta a chuíchóiriú agus gach uile fhoirm den éilliú a chomhrac.

1.5

Coinníoll fíor-riachtanach amháin is ea go mbeidh comhsheasmhacht ann idir reachtaíocht an Aontais agus an chaoi a ndéanann na Ballstáit an reachtaíocht sin a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú. Tiocfaidh sé chun léire, agus an straitéis nua thionsclaíoch á cur chun feidhme, gur gá béim níos mó a leagan ar chur chuige a gcuirfí gnéithe amhail dreasachtaí, tástálacha nó meastóireachtaí san áireamh ann, seachas ar chur chuige riailbhunaithe amháin.

1.6

Tá CESE ag iarraidh go bhfiosrófar léirscaoileadh na seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta (SGEInna) d’fhonn na himpleachtaí a bheidh aige sin don chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a mheas. Tá sé ag iarraidh freisin go ndéanfar a scrúdú an gá ionstraimí Eorpacha um idirghabháil phoiblí a chruthú in earnálacha na SGEInna agus/nó an gá seirbhísí feidhmiúla poiblí Eorpacha a chruthú, sin agus go seolfar clár uaillmhianach nuachóirithe agus creatdálaí in earnálacha straitéiseacha na SGEInna, amhail: an fuinneamh agus príomh-amhábhair; an tsoghluaisteacht agus an córas iompair phoiblí; an t-uisce, an tsláintíocht agus acmhainní uisce; an teileachumarsáid agus an ríomh-inrochtaineacht, agus tuilleadh nach iad.

1.7

Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún teachtaireacht léirmhínitheach a chur le chéile maidir le hAirteagal 54 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus maidir leis na hAirteagail eile de a bhaineann le dlí na hiomaíochta, d’fhonn coincheap an neamhbhrabúis i ndlí an Aontais a shoiléiriú. Creideann CESE gur cheart prótacal maidir lena éagsúla atá na cineálacha fiontair atá ann a cheangal le CFAE, dála Phrótacal Uimh. 26 maidir le seirbhísí leasa ghinearálta (SGInna), agus iarrann sé ar na Ballstáit an t-athbhreithniú sin a chur le clár oibre na n-athchóirithe atá le teacht.

1.8

Níor bheag an ról a bhí ag caighdeáin na hEorpa agus an margadh aonair á dhearadh an chéad lá. Ní hé an t-aon chuspóir amháin atá ag na caighdeáin sin an rochtain atá ag fiontair ar an margadh aonair a shimpliú. Go deimhin, tá ról tábhachtach acu i dtaca leis na tomhaltóirí chomh maith, is é sin le rá sláinte agus slándáil thomhaltóirí na hEorpa a chosaint, lena n-áirítear a leasanna eacnamaíocha agus a leasanna dlíthiúla, bídís áit ar bith san Aontas, mar shampla ina n-áit chónaithe, ag taisteal nó in áit ar bith chun earraí a cheannach. A bhuí le bunú na gcaighdeán sin, rinneadh na caighdeáin náisiúnta, a raibh tuairim agus 150 000 díobh ann in 1985, a chomhchuibhiú le teacht ar thart ar 13 000 caighdeán Eorpach in 2007. Sin an cineál fuinnimh atá de dhíth le forbairt an mhargaidh inmheánaigh a thiomáint chun cinn.

2.   Barúlacha ginearálta

2.1

Tá an tAontas tagtha chun léire mar Aontas cumasach athléimneach, agus margadh inmheánach gníomhach tógtha aige a bhfuil 450 milliún duine ann, sin agus institiúidí a thaispeáin gur féidir leo freagairt d’imeachtaí gan choinne, mar shampla ceannach comhpháirteach vacsaíní, gníomhaíochtaí comhpháirteacha na gcomhpháirtithe sóisialta maidir le hobair pháirtaimseartha, comhiasachtaí, pleananna téarnaimh agus dlúthpháirtíochta leis an Úcráin, agus sochaí shibhialta ghníomhach. Tá lear mór fiontair thábhachtacha chomhlántacha ina gcnámh droma ag an Aontas freisin, a bhfuil fiontair a sholáthraíonn caipiteal, fiontair atá faoi úinéireacht stáit agus fiontair an gheilleagair shóisialta ina measc.

2.2

Tá an tAontas spleách ar an soláthar ó thíortha eile i roinnt réimsí, e.g. breoslaí iontaise agus amhábhair. Níl comhbheartas tionsclaíoch ag an Aontas chun aghaidh a thabhairt ar iomaitheoirí ón iasacht agus is teoranta an t-aontas fioscach agus airgeadaíochta atá ann. Tá an méid sin ag bagairt ar fheidhmiú agus inbhuanaitheacht an mhargaidh inmheánaigh. Ina fhianaise sin, tá sé fíor-riachtanach an margadh inmheánach a nuachóiriú.

2.3

I gcomhréir leis na moltaí a rinne CESE le déanaí i roinnt tuairimí (1), tá sé ag iarraidh go mbunófaí straitéis Eorpach nua agus ghníomhach maidir le bonn tionsclaíoch na hEorpa a dhaingniú, straitéis a spreagfadh ní hamháin tionscnaimh ghnó, go háirithe tionscnaimh FBManna, ach a réiteodh an bealach le haghaidh beartais phoiblí lena bhforálfaí do dhreasachtaí le haghaidh gnó agus nuálaíochta. Níor mhór foráil a dhéanamh sa straitéis sin freisin do sheirbhísí leasa ghinearálta dea-fheidhmiúla ardchaighdeáin a d’fhreagródh i ndáiríre do riachtanais an duine aonair agus do riachtanais an phobail agus a chinnteodh go mbeadh rochtain uilíoch ag cách, sin agus go mbeadh cearta bunúsacha agus sóisialta ag cách, go gcuirfí foirmeacha difriúla den gheilleagar dlúthpháirtíochta sóisialta agus den tsochaí shibhialta i bhfeidhm agus go gcuirfí poist chobhsaí, chuimsitheacha agus inbhuanaithe chun cinn, mar aon le rannpháirtíocht dhaonlathach na ngeallsealbhóirí go léir.

2.4

Tá sé bunriachtanach go mbeadh na geallsealbhóirí ar fad (na tomhaltóirí, na gnólachtaí, oibrithe, na húdaráis phoiblí agus an tsochaí shibhialta) eagraithe agus go dtarraingeoidís le chéile sa treo céanna i dtaca leis an gclaochlú. Is den ríthábhacht é freisin forbairt agus bainistiú na nuálaíochta eolaíche, teicneolaíochta, bainistíochta agus sóisialta a chothú, ós í an nuálaíocht an chuid is tábhachtaí d’iomaíochas an Aontais.

2.5

Tá an claochlú ag tarlú go tapa agus ní mór do na fiontair agus do na húdaráis phoiblí a bheith chomh tapa céanna agus iad ag freagairt agus ag oiriúnú dó. Ag an gcéim áirithe seo den athrú struchtúrach, tá sé ríthábhachtach idirphlé buan maidir leis na dúshláin agus na bacainní a chur ar bun le gníomhaithe an chlaochlaithe d’fhonn a chinntiú go mbeidh an beartas tionsclaíoch rathúil i bhfad na haimsire. Má bhíonn idirphlé leanúnach ann, d’fhéadfaí breathnú ar an gclaochlú amhail is gur próiseas leanúnach taighde agus nuálaíochta é, próiseas nach fios cén toradh a bheadh air ná conas a d’éireodh leis.

3.   Barúlacha sonracha

3.1    Margadh inmheánach an Aontais a neartú

3.1.1

Níl lán a acmhainneacht bainte amach ag an margadh inmheánach go fóill agus tá tuilleadh le déanamh ann chun go gcomhlíonfaidh sé ina iomláine an ról atá aige feabhas a chur ar athléimneacht gheilleagair an Aontais. Tá an margadh á iompú mó sa mhó ina mhargadh digiteach. Ina fhianaise sin, ba cheart a thuiscint gur céim sa treo ceart iad na hathchóirithe ar fad atáthar a dhéanamh le gur cothroime an t-iomaíochas sa mhargadh aonair digiteach.

3.1.2

Tá tabhairt chun críche mhargadh caipitil an Aontais an-tábhachtach go deo i gcomhair dhoimhniú an mhargaidh aonair. Ba cheart an margadh caipitil a dhíriú ar mhaoiniú le haghaidh táirgeadh, ceannach agus sreabhadh earraí agus seirbhísí, trí thacú go háirithe le taighde, forbairt agus nuálaíocht na bhfiontar agus leis na seirbhísí leasa ghinearálta agus tríd an bhfiontraíocht a chur chun cinn.

3.1.3

Agus an margadh inmheánach á neartú, creideann CESE gur cheart tús áite a thabhairt do na beartais sin lena leagtar síos creat le haghaidh nuálaíochtaí ag cuideachtaí príobháideacha agus lena gcothaítear dálaí atá fabhrach don nuálaíocht trí rochtain a thabhairt ar chaipiteal fiontair, go háirithe d’fhiontraithe nua, agus naisc a chruthú idir an earnáil tionsclaíochta agus earnáil na n-eolaíochta, go háirithe ollscoileanna).

3.1.4

Is gné ríthábhachtach é leibhéal na táirgiúlachta ar a mbíonn leibhéal an iomaíochais ag brath. Nuair is ard don táirgiúlacht, a bhuí le teicneolaíocht nua, mar shampla, ardaíonn an soláthar, laghdaíonn na praghsanna agus méadaíonn an fíorphá. Ionas go dtiocfaidh fás ar an ngeilleagar, mar sin, tá tábhacht thar na bearta leis na hinfheistíochtaí chun an táirgiúlacht a mhéadú.

3.1.5

Ní mór an smacht reachta a urramú. Tá an tAontas Eorpach bunaithe ar shraith chuimsitheach rialacha (an acquis communautaire) agus ní fhéadfadh an tAontas feidhmiú mura ndéanfaí na rialacha sin a thrasuí agus a fhorfheidhmiú ar an gcaoi chéanna i ngach Ballstát. Faoi mar atá an scéal i ndáiríre, áfach, tá cuid mhaith de na rialacha sin ann agus iad gan bheith trasuite ar an leibhéal náisiúnta nó tá siad á gcur chun feidhme ar bhealaí atá an-difriúil le chéile. I gcásanna áirithe, tá siad á gcur i bhfeidhm ar leibhéil an-éagsúil. Is bac ollmhór an-tromchúiseach é sin ar dhea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus ar mhuinín na saoránach as. Dá bhrí sin, ba cheart tús áite a thabhairt do chur i bhfeidhm an acquis d’fhonn an margadh aonair a neartú agus muinín a chothú as.

3.1.6

Tá sé tábhachtach go seasfaidh an tAontas glan i gcoinne treochtaí cosantacha agus cleachtais éagóracha trádála, i gcomhar leis na comhpháirtithe atá ar aon intinn leis laistigh d’eagraíochtaí idirnáisiúnta. Ní mór don Choimisiún Eorpach úsáid a bhaint go tapa agus go héifeachtach as ionstraimí cosanta trádála chun measúnú a dhéanamh ar an státchabhair a dheonaíonn na húdaráis i dtíortha neamh-AE do na fiontair agus, i gcás inar gá, chun a áirithiú nach dtabharfar cóir fhabhrach éagórach do na fiontair sin agus dá dtáirgí chun dul isteach i margadh inmheánach an Aontais.

3.1.7

D’fhéadfadh caighdeáin chomhchoiteanna na hEorpa deiseanna gnó a chruthú agus comhar eacnamaíoch a éascú le comhpháirtithe agus le custaiméirí san Aontas agus sa domhan mór. Mar sin féin, is údar imní do CESE na treochtaí atá ann an pholaitíocht a bhrú isteach sa chaighdeánú agus na hiarrachtaí atá á ndéanamh chun go gcumhdófar forálacha teicniúla trí bhíthin gníomhartha tarmligthe. Na noirm agus na caighdeáin mhórthábhachta a dtagtar orthu ar an gcaoi sin, is minic go mbíonn moill orthu agus nach ndéanann siad aon difear do shaol an ghnó. Cruthaíonn sé sin éiginnteacht dhlíthiúil. Ní mór aghaidh a thabhairt ar an moill a eascraíonn as sin mar ábhar práinne agus tacú le rannpháirtíocht na bhfiontar i bhforbairt na norm agus na gcaighdeán sin.

3.2    Straitéis Eorpach nua maidir le tionsclaíocht

3.2.1

Teastaíonn beartas tionsclaíoch ón Aontas, beartas ina dtabharfar aghaidh ar thosca eacnamaíocha ó thaobh an tsoláthair de (e.g. bonneagar, an smacht reachta, an córas oideachais) agus ar an acmhainneacht chun athruithe a bhainistiú é féin. Leis sin, ní mór na dálaí a chruthú faoin mbeartas tionsclaíoch le hathrú struchtúrach a dhéanamh ar na margaí iomaíocha, agus an t-iomaíochas á áirithiú san am céanna trí bhreisluach a chruthú. Má táthar chun é sin a dhéanamh, ba ghá béim ní ba mhó a leagan ar chur chuige a gcuirfí gnéithe amhail dreasachtaí, tástálacha nó meastóireachtaí san áireamh ann, seachas ar fhorálacha dlíthiúla nó bearta riaracháin agus maorlathacha.

3.2.2

I gcomhthéacs an chlaochlaithe ghlais agus an chlaochlaithe dhigitigh, ní mór dálaí a chothú i margadh inmheánach agus beartas tionsclaíoch an Aontais atá fabhrach d’iomaíochas cuimsitheach agus inbhuanaithe, iomaíochas faoina gcosnófar ardleibhéal cosanta sóisialta agus comhshaoil, poist ardcháilíochta agus dálaí cothroime agus dlúthpháirtíochta lena gcinntítear go leanfar de shamhail geilleagair shóisialta margaidh atá an-iomaíoch.

3.2.3

Is gá teacht i dtír ar an nuálaíocht agus ar infheistíochtaí lena chur ar chumas na ngeallsealbhóirí oiriúnú don athrú; murach sin, ní bheifear in ann an t-athrú a chur i gcrích. Ní haon dóithín é an ról atá ag an tionsclaíocht maidir leis an táirgiúlacht a thiomáint chun cinn: iompaíonn earnáil na tionsclaíochta sciar is mó ná an meán de na costais taighde agus forbartha agus, a bhuí le comhacmhainneachtaí taighde agus forbartha, tá ardacmhainneacht nuálaíochta aici mar aon le tionchar nach beag ar an earnáil seirbhísí.

3.2.4

Tá sé á chur i bhfáth ag CESE gur gá idirdhealú a dhéanamh idir spleáchas eacnamaíoch an duine aonair agus an spleáchas eacnamaíoch Eorpach agus náisiúnta. Déanann na fiontair a gcuid slabhraí soláthair a eagrú agus ceannaíonn siad amhábhair agus táirgí idirmheánacha tar éis dóibh na costais agus na rioscaí a chur sa mheá ó thaobh na heacnamaíochta de. Bíonn iontaofacht an tsoláthair ag brath ar na coinníollacha conarthacha a d’fhéadfadh fiontar a fháil, sin ag brath ar staid an mhargaidh agus ar chumhacht chaibidlíochta an fhiontair féin. San am céanna, oibríonn gníomhaithe polaitiúla agus eacnamaíocha Eorpacha i gcomhar le chéile san Aontas d’fhonn slándáil na n-amhábhar criticiúil a áirithiú. Tacaíonn CESE leis na hiarrachtaí atá déanta ag an Aontas agus ag na Ballstáit le ról níos gníomhaí a ghlacadh d’fhonn soláthar amhábhar atá inbhuanaithe agus fadtéarmach a áirithiú, mar shampla, an geilleagar ciorclach a leathnú, an athchúrsáil a chur chun cinn, amhábhair chriticiúla a mhalartú, amhábhair a stóráil agus eastóscadh straitéiseach amhábhar a chur chun cinn.

3.2.5

Thairis sin, ba cheart do na húdaráis phoiblí an geilleagar a mheas le féachaint an bhfuil dóthain dreasachtaí agus deiseanna ann chun na spleáchais chriticiúla atá ann ó thaobh an bheartais eacnamaíoch de a laghdú go leibhéal ar féidir glacadh leis. I gcás nach bhfuil dóthain dreasachtaí agus deiseanna ann, níor mhór ionstraimí poiblí breise a aimsiú leis an gcuspóir sin a bhaint amach.

3.2.6

De réir sonraí ón Aontas, tá 2 950 braisle thionsclaíoch réigiúnach ann. Cuirtear tuairim agus aon cheathrú de na poist san Eoraip ar fáil sna braislí sin (61,8 milliún, 23,4 % den mhéid iomlán san Eoraip) (2). Is príomhghné den fhíorgheilleagar é sin agus, ina fhianaise sin, ní mór gníomhaíocht agus dálaí na mbraislí sin agus a n-oibrithe a bharrfheabhsú i straitéis Eorpach nua maidir le tionsclaíocht.

3.2.7

Le go mbeidh fáil ar an gcaipiteal atá ag teastáil le nuáil a dhéanamh, tá sé thar a bheith tábhachtach an t-aontas baincéireachta agus aontas na margaí caipitil a thabhairt chun críche d’fhonn caipiteal a chur ar fáil do FBManna, infheistíochtaí trasteorann a dhéanamh agus córas airgeadais níos athléimní a thógáil. Anuas air sin, ní foláir a áirithiú gur réadúil, intuigthe agus comhsheasmhach na caighdeáin maidir le hinfheistíochtaí inbhuanaithe a aicmiú. Chomh maith leis sin, ní mór a áirithiú go dtabharfar maoiniú tosaíochta don fhíorgheilleagar agus nach bhfágfar aon earnáil ar lár.

3.2.8

Nuair is láidir don mhargadh inmheánach, déantar na bacainní leanúnacha a bhaint, bítear ag tacú go gníomhach leis an nuálaíocht agus an taighde agus déantar na hinfheistíochtaí a spriocdhíriú agus a stiúradh. Baintear an méid sin amach trí leasuithe atá i gcomhréir leis na cuspóirí sin a dhéanamh ar na rialacha Eorpacha maidir le státchabhair. Ina fhianaise sin, ba thábhachtach féachaint an bhfuil dlí reatha na hiomaíochta fós oiriúnach don fheidhm atá leis agus ar cheart tuilleadh airde a thabhairt ar spriocanna bheartas poiblí an Aontais agus na mBallstáit. Níor mhór an margadh láidir inmheánach a bheith bunaithe ar chur chuige críochach ina dtugtar ról do na réigiúin agus do na húdaráis áitiúla go léir; níor mhór é a bheith de chineál a chabhraíonn le cur i bhfeidhm Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta; níor mhór forbairt an chaipitil dhaonna a bheith ina cuid de; agus níor mhór poist ardcháilíochta a chur chun cinn ann, poist a ngabhann luach saothair ceart leo ionas nach bhfágfar na fostaithe ar gcúl san aistriú glas agus digiteach nach mór a dhéanamh.

3.2.9

Is é is cuspóir do na tionscadail thábhachtacha ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne (IPCEInna) an claochlú glas agus an claochlú digiteach a éascú san Aontas. Teastaíonn infheistíochtaí móra chun na tionscadail chasta sin a sheoladh, infheistíochtaí nach bhfuil sé d’acmhainn ag gach Ballstát iad a mhaoiniú. Ar mhaithe lena áirithiú go mbeidh tionchar dearfach ag na hinfheistíochtaí sin ar fud an mhargaidh inmheánaigh, ní mór bearta a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh comhordú éifeachtach idir na Ballstáit, go scaipfear na torthaí ar bhealach níos fearr, go dtabharfar ról do FBManna agus go leithdháilfear acmhainní breise airgeadais.

3.2.10

Ba cheart forbairt na hintleachta saorga (IS) a bheith ar cheann de na tosaíochtaí faoin mbeartas tionsclaíoch agus de na hiarrachtaí chun an margadh inmheánach a neartú. Is gá prionsabail agus critéir a leagan síos a d’fhágfadh go bhféadfaí IS a chur in oiriúint lena úsáid ag na fiontair ábhartha, rud a bheadh ag teacht le luachanna an Aontais. Is tábhachtaí fós an méid sin, ar thaobh amháin, i gcás na bhfiontar a fhorbraíonn IS, i.e. fiontair a fhorbraíonn bogearraí agus córais réamhaisnéise a úsáideann an-chuid sonraí ar cheart iad a bhailiú agus a bhainistiú de réir critéir ionadaíochta, critéir iontaofachta, critéir um chosaint sonraí agus critéir thrédhearcachta agus, ar an taobh eile, i gcás na bhfiontar a úsáideann IS ina gcuid próiseas. Leis sin, chinnteofaí úsáid cheart IS agus chinnteofaí nach sárófaí cearta an úsáideora, cearta an chustaiméara ná cearta an oibrí.

3.2.11

A bhuí le IS, tá an deis ann nuálaíochtaí teicneolaíochta a fhorbairt a mbeadh tionchar mór acu ar phróisis táirgthe, margaithe agus dáilte earraí agus seirbhísí, agus ar eagrú inmheánach na bhfiontar chomh maith. Má táthar chun barr acmhainneacht IS a bhaint amach, is gá súil chun cinn a thabhairt ar na himpleachtaí a mbeidh aige ar an tsochaí trí chéile, ar shaol na hoibre go háirithe, agus na scileanna riachtanacha a fhorbairt.

3.3    Tionscnaimh ghnó agus tionscnaimh FBManna a fhorbairt

3.3.1

Tá príomhról ag FBManna a mhéid a bhaineann leis an nuálaíocht agus le teacht ar réitigh a d’oirfeadh do gach aon chás agus gach aon riachtanas, dá éagsúla iad. Chuige sin, tá sé riachtanach a áirithiú go gcuirfí na hacmhainní atá ag teastáil ó FBManna ar fáil dóibh trí bhíthin an chórais airgeadais le go bhféadfaidís infheistíochtaí inbhuanaithe a dhéanamh.

3.3.2

Is é an ról atá ag margadh aonair na hEorpa a áirithiú go mbeidh rochtain ag FBManna ar na margaí agus ar na slabhraí soláthair a thiocfaidh chun cinn sa todhchaí. Tá sé ag éirí níos deacra do FBManna leanúint dá bpríomhghníomhaíochtaí mar thoradh ar an maorlathas iomarcach atá ann, mar shampla na ceanglais maidir le fógra a thabhairt, na ceanglais doiciméadachta agus na ceanglais fianaise. Sa chomhthéacs sin, ní mór filleadh ar an bprionsabal ‘tús áite d’fhiontair bheaga’.

3.3.3

Tá rochtain ar shonraí de dhíth ar gach earnáil agus tá rochtain ar shonraí ríthábhachtach le haghaidh samhlacha gnó, mar shampla le haghaidh mótarfheithiclí, innealra talmhaíochta nó bonneagar tógála, tithe cliste, agus ionas gur féidir leo leas a bhaint as ardáin i gcoitinne. Measann CESE go dteastaíonn creat dlíthiúil chuige sin ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach lena áirithiú go gcuirfear sonraí ar fáil do na fiontair ar bhealach atá cothrom, sábháilte agus inrochtana ón taobh teicniúil de.

3.3.4

Tá tábhacht le rialacha soiléire agus nósanna imeachta pragmatacha i dtaca le FBManna, go háirithe nuair a bhíonn siad i mbun gnó ar an gcoigríoch. Ina fhianaise sin, le go mbeadh an nós imeachta um fhógra a thabhairt simplí agus i gcomhréir leis na rialacha maidir le hoibrithe a phostú, níor mhór diúltú d’aon chuid de na hoibleagáidí tuairiscithe agus fíoraithe nach bhfuil riachtanach ar mhaithe le simplíocht, trédhearcacht agus intuigtheacht. D’fhéadfaí tairseach um thuairisciú caighdeánach digiteach, amhail tuairisciú leictreonach, a chur ar bun le freagairt do riachtanais maidir le postú ar bhealach ní ba thapúla nach mbeadh an méid céanna maorlathais i gceist leis.

3.3.5

A mhéid a bhaineann sé le gníomhaíochtaí gnó trasteorann, chabhródh sé le fiontair agus lena bhfostaithe laghdú a dhéanamh ar na hoibleagáidí doiciméadachta agus fianaise atá orthu a chomhlíonadh dá bhforbrófaí pas Eorpach slándála sóisialta digiteach móide ceanglas go gcaithfí é a bheith leat i gcónaí. San fhadtéarma, ba cheart cur le feidhmeanna na céannachta digití (‘eID’) agus Thiachóg na Céannachta Digití ón Aontas, faoinar féidir faisnéis agus doiciméid a thabhairt le chéile go leictreonach agus idirghníomhaíochtaí idir piaraí a éascú. Tá sé á áitiú ag CESE gur gá do na húdaráis náisiúnta agus réigiúnacha oibriú le chéile ar bhealach níos fearr, go háirithe trí bhíthin nósanna imeachta riaracháin digiteacha agus idir-inoibritheacha.

3.4    Seirbhísí leasa ghinearálta

3.4.1

Sa bhreis ar na tionscnaimh ghnó agus na beartais phoiblí atá á bhforbairt, is ann freisin do SGInna a bhfuil sé d’aidhm acu ceart gach áitritheora ar earraí agus seirbhísí riachtanacha a áirithiú, dlúthpháirtíochtaí a bhunú agus an comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a áirithiú, agus aird á tabhairt ar leasanna na nglúnta atá le teacht (3). Tá gá le SGInna sa mhargadh inmheánach fud fad na hEorpa. Is iad atá taobh thiar de 25 % d’olltáirgeacht intíre (OTI) an Aontais agus cuireann siad 20 % de phoist an Aontais ar fáil. Ina theannta sin, cuireann siad bonneagar ar fáil don chóras iompair, chomh maith le bonneagar fuinnimh, bonneagar cumarsáide nó bonneagar chun uisce/sláintíocht a rochtain. Tá siad ag teastáil i dtaca le córas oideachais bunaithe ar thaighde, i dtaca le córas sláinte a bhfuil an cosc agus rochtain uilíoch ar chúram mar bhonn aige agus i dtaca le timpeallacht ina ráthaítear an tslándáil agus an ceartas, mar aon le dálaí cuibhiúla maireachtála, tithíochta agus cothaithe.

3.4.2

Aithnítear an ról atá ag SGInna i réimsí amhail an t-oideachas, an cultúr, an tithíocht agus cúnamh do dhaoine gan dídean, an cúram fadtéarmach, cuimsiú daoine faoi mhíchumas agus an tsláinte. Is ar údaráis na mBallstát a bhfuil an fhreagracht ghinearálta na seirbhísí sin a shainiú, a sholáthar, a chur i bhfeidhm agus a eagrú. Tá an tsaoirse acu an modh bainistíochta a roghnú agus cinneadh a dhéanamh iad a bhainistiú go hinmheánach nó na cúraimí sin a tharmligean. Tá an tsaoirse acu freisin na cineálacha fiontair a dhéanann na cúraimí seirbhíse poiblí a chinneadh.

3.4.3

I bhfhianaise an róil ríthábhachtaigh atá ag earnáil na n-ospidéal ó lá go lá agus i rith tréimhsí a bhíonn mórfhadhbanna sláinte poiblí ann (e.g. COVID-19), tá sé an-tábhachtach go ndéantar an beartas iomaíochta agus na rialacha maidir le státchabhair a chur i bhfeidhm agus aird chuí á tabhairt ar shainphribhléidí na mBallstát maidir lena gcuspóirí náisiúnta a shainiú i dtaca leis an tsláinte phoiblí agus ar iomlán na samhlacha socheacnamaíocha faoina rialaítear earnáil na n-ospidéal chomh maith, gan bac a chur ar dhea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Agus rialacha iomaíochta an Aontais (go háirithe iad siúd maidir le státchabhair) á gcur i bhfeidhm i seirbhísí sláinte, ní mór a chur san áireamh gur seirbhís atá chun leasa na sochaí i gcoitinne iad agus aird chuí a thabhairt ar phrionsabal an chomhtháthaithe agus ar phrionsabal na dlúthpháirtíochta, óir tá príomhról ag na seirbhísí sin i dtaca leis an dá phrionsabal sin.

3.4.4

Cúig bliana déag tar éis theacht i bhfeidhm an Chonartha nua, níl aon tionscnamh reachtach curtha chun cinn ag an gCoimisiún ar bhonn Airteagal 14 CFAE. Fágann sin go bhfuil sé in am dúinn athbhreithniú a dhéanamh ar ghníomhaíocht an Aontais i réimse SG(E)Inna le gur féidir leas ceart a bhaint as Airteagal 14 agus Prótacal Uimh. 26 CFAE.

3.4.5

Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach measúnú críochnúil a dhéanamh ar an gcaoi a bhfeidhmíonn SG(E)Inna agus ar an tionchar atá acu leis an méid seo a mheas:

cad iad na himpleachtaí a bheadh ag léirscaoileadh SGEInna don chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a mhéid a bhaineann le cáilíocht, inrochtaineacht, inoiriúnaitheacht agus praghas/seirbhís?;

an gá ionstraimí Eorpacha um idirghabháil phoiblí a chruthú in earnálacha SGEInna agus/nó an gá seirbhísí feidhmiúla poiblí Eorpacha a chruthú? (4) agus;

ar cheart catagóir ar leith de sheirbhísí sóisialta chun leasa cách (SSGInna) a shainaithint a mbeadh a raon feidhme ní ba leithne ná an ceann a cheadaítear faoin dlí substainteach ó thaobh na dlúthpháirtíochta agus an cheartais shóisialta de?

3.4.6

Agus iarrachtaí á ndeanamh le go mbainfear uathriail straitéiseach oscailte amach, is gá clár uaillmhianach nuachóirithe agus creatdálaí a sheoladh in earnálacha straitéiseacha na SGEInna, amhail an fuinneamh agus príomh-amhábhair, an tsoghluaisteacht agus an córas iompair phoiblí, an t-uisce, an tsláintíocht agus acmhainní uisce, an teileachumarsáid, an ríomh-inrochtaineacht agus tuilleadh nach iad.

3.4.7

Moltaí sonracha le haghaidh SGEInna:

Tá CESE ag iarraidh go ndéanfar an méid seo:

go seolfar plean Eorpach don tréimhse 2024-2029 le haghaidh earnálacha straitéiseacha na SGEInna mar chuid den iarracht le huathriail straitéiseach oscailte an Aontais a bhaint amach;

go gceapfar, i rith an chéad téarma eile de Choláiste na gCoimisinéirí, coimisinéir a bheidh freagrach as an bplean straitéiseach do 2024-2029 ar mhaithe le SGEInna sábháilte, ardcháilíochta agus inbhuanaithe, agus go gcuirfear de chúram ar ghníomhaireacht Eorpach faireachán a dhéanamh ar fhorbairt na n-oibleagáidí seirbhíse poiblí agus ar sheirbhís uilíoch na SGEInna;

go gcuirfear oibreoir Eorpach i mbun gréasán tarchurtha leictreachais bhreis-ardvoltais agus idirnaisc trasteorann;

go scrúdófar cur ar bun oibreoirí Eorpacha le haghaidh na ngréasán tras-Eorpach d’iompar ardluais ar iarnród;

go leagfar amach misin agus oibleagáidí seirbhíse poiblí Galileo go soiléir;

go dtabharfar rochtain do gach geallsealbhóir ar thorthaí taighde a mhaoinítear go poiblí.

3.5    An geilleagar dlúthpháirtíochta sóisialta agus geilleagar na sochaí sibhialta

3.5.1

Níl aon chreat dlíthiúil ann don gheilleagar sóisialta ná do sheirbhísí sóisialta chun leasa cách (SSGInna). Bíodh sin mar atá, is gné ar leith inti féin den straitéis Eorpach nua maidir le tionsclaíocht iad SGEInna. Tá siad chomh tábhachtach céanna le tionscnaimh ghnó, idirghabhálacha poiblí agus seirbhísí leasa ghinearálta, agus comhlánaíonn siad iad sin. Tarlaíonn sé go minic nach n-éiríonn lena gcur chun feidhme nuair nach ann do thacaíocht ón tsochaí shibhialta ná d’obair dheonach, ná tacaíocht ón uile shórt fiontair den gheilleagar sóisialta (i.e. comharchumainn, cumainn fhrithpháirteacha, fiontair shóisialta agus comhlachais). Thar ní ar bith eile, is é is cuspóir do na seirbhísí sin freagairt do riachtanais shóisialta agus shochaíocha gach áitritheora, gach gníomhaí, gach pobail agus gach críche.

3.5.2

Faoi Airteagal 54 CFAE, aithnítear dhá chineál eintiteas faoi dhlí an Aontais: tá na heintitis neamhbhrabúsacha lena n-áirítear na heagraíochtaí sin a mbíonn gníomhaíochtaí atá altrúíoch ó thaobh airgeadais de ar bun acu; agus ansin tá na fiontair, ar fiontair thráchtála iad a bhformhór. Mar sin féin, ní hé cuspóir fhiontair an gheilleagair shóisialta brabúis nó toradh ar chaipiteal a uasmhéadú; go deimhin, is cuspóir sóisialta atá acu (5). Tá sé curtha in iúl ag CESE roinnt uaireanta um an dtaca seo gur gá a chur san áireamh mar is ceart i reachtaíocht an Aontais a éagsúla agus atá na cineálacha fiontair atá ann.

3.5.3

Ní foláir creat dlíthiúil Eorpach a mhúnlú le haghaidh SSGInna, creat ina n-urramaítear cumhacht lánroghnach na mBallstát maidir leis na seirbhísí sin a eagrú agus a mhaoiniú. Ina theannta sin, ní foláir creat dlíthiúil sonrach a ghlacadh ina n-aithnítear an ról atá ag fiontair an gheilleagair shóisialta mar sholáthraithe seirbhíse.

3.5.4

Cé gur fíor go bhfuil SSGInna an-tábhachtach chun muinín na ndaoine a chothú as cumas a rialtais dul i mbun gnímh, tá sé ríthábhachtach freisin braistint fíorfhéiniúlachta Eorpaí a chothú chun go dtabharfar tuilleadh tacaíochta don chomhtháthú Eorpach ar an iomlán. Dá dtabharfaí seirbhís uile-Eorpach shibhialta agus shóisialta isteach le haghaidh gach duine óig san Eoraip, d’fhéadfadh sé go dtiocfadh feabhas ar thuiscint na ndaoine sin ar na riachtanais atá ag pobail, tíortha agus cultúir eile.

3.6    Tionchar mhéadú an Aontais ar an margadh aonair

3.6.1

Is ródhócha go mbeidh todhchaí an mhargaidh aonair nasctha le méadú an Aontais. Caithfear an próiseas sin a bhainistiú go maith, gan ualach rómhór a chur ar acmhainneachtaí na dtíortha is iarrthóirí agus iad i mbun lánpháirtíochta nó ag glacadh an acquis communautaire. Molann CESE cur chuige céimnitheach a ghlacadh ar bhonn tír ar thír, mar shampla trí dhíriú ar an gcomhtháthú eacnamaíoch agus ar luachanna coiteanna an Aontais, rud a chuirfeadh ar chumas an Aontais an margadh aonair a oscailt do Bhallstáit ionchasacha.

3.6.2

Ní mór ionchais gach páirtí lena mbaineann a bhainistiú, trína chur in iúl dóibh go héifeachtach cad iad na hoibleagáidí atá ar gach tír agus ar an Aontas féin agus cé na cearta atá acu. D’fhéadfadh na tíortha, mar shampla, féachaint le rannchuidiú leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (rochtain ar an margadh), lena spás sibhialta (saoránacht Eorpach) nó lena spás sochaíoch (cearta oibrithe, cosaint tomhaltóirí) agus sochar a bhaint astu freisin.

An Bhruiséil, an 17 Eanáir 2024.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


(1)  Go háirithe an tuairim ó CESE An tIomaíochas agus an Tionsclaíocht, IO C, C/2024/875, 6.2.2024, http://data.europa.eu/eli/C/2024/875/oj; IO C 349, 29.9.2023, lch. 179; IO C 105, 4.3.2022, lch. 63; IO C 56, 16.2.2021, lch. 10; IO C 282, 20.8.2019, lch. 1.

(2)  An Coimisiún Eorpach, 2020, European Panorama of Clusters and Industrial Change.

(3)  Tá flúirse tuairimí agus ábhar foilsithe ag CESE maidir leis sin. Féach go háirithe Seirbhísí leasa ghinearálta a chomhchruthú mar rannchuidiú le daonlathas níos rannpháirtí san Aontas Eorpach, IO C 486, 21.12.2022, lch. 76.

(4)  Cosúil le gníomhaireacht Eorpach soláthair a chuirfeadh táirgí áirithe sláintíochta, fuinnimh nó earraí eile ar fáil.

(5)   IO C 282, 20.8.2019, lch. 1.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2096/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top