This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52023AE3275
Opinion of the European Economic and Social Committee on the proposal for a Directive of the European Parliament and of the Council on Soil Monitoring and Resilience (Soil Monitoring Law) (COM(2023) 416 final — 2023/0232 (COD))
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faireachán ithreach agus athléimneacht ithreach (an Dlí maidir le Faireachán Ithreach) (COM(2023) 416 final – 2023/0232 (COD))
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faireachán ithreach agus athléimneacht ithreach (an Dlí maidir le Faireachán Ithreach) (COM(2023) 416 final – 2023/0232 (COD))
EESC 2023/03275
IO C, C/2024/887, 6.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/887/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2024/887 |
6.2.2024 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faireachán ithreach agus athléimneacht ithreach (an Dlí maidir le Faireachán Ithreach)
(COM(2023) 416 final – 2023/0232 (COD))
(C/2024/887)
Rapóirtéir: |
Arnold PUECH d'ALISSAC |
Comhairliúchán |
An Chomhairle, 21.9.2023 An Pharlaimint, 16.10.2023 |
Bunús dlí |
Airteagal 192(1) agus Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
An rannóg atá freagrach |
Talmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol |
Dáta a glactha sa rannóg |
2.10.2023 |
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
25.10.2023 |
Seisiún iomlánach Uimh. |
582 |
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
171/2/11 |
1. Conclúidí agus moltaí
1.1 |
Tá Coiste Eacnamaíochta agus Sóisialta na hEorpa (CESE) ar aon fhocal leis an gCoimisiún gur gá faireachán níos fearr a dhéanamh ar an riocht ina bhfuil ithreacha na hEorpa chun gur féidir bearta a dhéanamh lena ráthófaí go mbeidh na hithreacha sin i riocht sláintiúil, rud atá bunriachtanach do shláinte na n-éiceachóras talún agus do ghníomhaíochtaí áirithe, go mór mór gníomhaíochtaí talmhaíochta agus foraoiseachta. I dtaca leis sin de, is díol sásaimh do CESE cuspóir foriomlán an togra le haghaidh Treorach, is é sin creat láidir comhleanúnach a cheapadh maidir le faireachán ithreach san Aontas, creat lena dtabharfar aghaidh ar na bearnaí atá sa réimse seo. Tugann CESE dá aire gur den riachtanas bonn cuimsitheach eolais a bhunú maidir le sláinte ithreacha na hEorpa. Ní leor ann féin é sin, áfach, chun an sprioc go mbeadh 100 % d’ithreacha na hEorpa i riocht sláintiúil faoi 2050 a bhaint amach. Chun na críche sin, cuireann sé i bhfáth nach mór acmhainní airgeadais leordhóthanacha a bheith ag gabháil leis an Treoir, acmhainní a thógfar ó chistí atá dírithe ar chúrsaí comhshaoil. |
1.2 |
Mar sin féin, leagann CESE amach sa tuairim seo roinnt barúlacha agus ábhair imní i ndáil leis an modheolaíocht agus na critéir a úsáidtear chun a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil ithir i riocht sláintiúil. De réir shainmhíniú an Choimisiúin, is éard is ‘ithreacha sláintiúla ann’ ithreacha a bhíonn ‘riocht maith ceimiceach, bitheolaíoch agus fisiceach’ orthu ‘ionas gur féidir leo éicisheirbhísí atá ríthábhachtach don duine agus don chomhshaol a sholáthar, amhail bia sábháilte, cothaitheach agus leordhóthanach, bithmhais, uisce glan, timthriall cothaitheach, stóráil carbóin agus gnáthóg le haghaidh na bithéagsúlachta.’ Is i dtrí chatagóir a roinntear na critéir arna roghnú chun sláinte na hithreach a chinneadh: critéir arna gcinneadh ar leibhéal an Aontais, critéir arna gcinneadh ag na Ballstáit agus tuairiscí neamhchainníochtúla ar an ithir. Tá an baol ann go saobhfar an iomaíocht i ngeall ar na critéir atá fágtha faoi rogha na mBallstát. |
1.3 |
Ó thaobh gnéithe airgeadais de, cuireann an Coimisiún in iúl gur féidir le bearta chun sláinte ithreach a chur chun cinn glansochar a ghiniúint d’ainneoin na gcostas a bhaineann lena gcur chun feidhme, cé gurb é an phríomh-mhír chaiteachais cleachtais um bainistiú inbhuanaithe ithreach a chúiteamh. Tugann CESE dá aire nach ndéantar foráil maidir le foinsí nua cistiúcháin agus go bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún gníomhaíochtaí a mhaoiniú trí na pleananna straitéiseacha náisiúnta arna dtarraingt suas ag na Ballstáit faoin gComhbheartas Talmhaíochta (CBT). Is é barúil CESE nach féidir glacadh leis sin. |
1.4 |
Bíodh is gur gá faireachán a dhéanamh ar shláinte na hithreach agus í a chaomhnú. Tá cleachtais um bhainistiú inbhuanaithe ithreach ag teastáil, rud ar mian leis an gCoimisiún a chur i bhfeidhm. Chuige sin, ba cheart bunrialacha comhchoiteanna a leagan síos chun freastal ar shaintréithe na n-ithreacha éagsúla agus a áirithiú, a mhéid is féidir, go mbeidh teorainn leis an tsolúbthacht atá ag na Ballstáit i dtaca leis sin. Ar an dóigh sin, d’áiritheofaí comhsheasmhacht sna sonraí maidir le sláinte na hithreach, laghdófaí an saobhadh iomaíochta maidir le húsáid ithreach, bíodh ithir talmhaíochta, nádúrtha nó ithir a úsáidfear le haghaidh claochlú uirbeach i gceist, agus sheachnófaí an dumpáil chomhshaoil i bhfabhar na mBallstát sin nach bhfuil rialacháin chomh dian céanna acu sa réimse seo. Ina fhianaise sin, leagann CESE béim ar a thábhachtaí atá sé sláinte an duine agus sláinte na n-éiceachóras a áirithiú, chomh maith le táirgeadh bia shábháilte, iontaofa agus inbhuanaithe ar thalamh talmhaíochta Eorpach, i gcomhthéacs géarchéimeanna idirnáisiúnta a dhéanann difear do mhargadh bia an domhain agus thionchar an athraithe aeráide, ar nithe iad sin a chuireann an bhithéagsúlacht agus slándáil an tsoláthair bia i mbaol. Ina cheann sin, is é barúil CESE gurb é caomhnú shláinte na hithreach an infheistíocht is luachmhaire dá bhfuil le déanamh ar leibhéal an Aontais chun a áirithiú go mbeimid in ann oiriúnú don athrú aeráide agus chun slándáil an tsoláthair bia a áirithiú do shaoránaigh na hEorpa atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo. |
1.5 |
Is díol sásaimh do CESE an tráthchlár atá beartaithe ag an gCoimisiún ina bhforáiltear do phróiseas cur chun feidhme a bhfuil dhá chéim i gceist leis. An chéad chéim is ea faireachán agus anailís a dhéanamh ar shláinte na hithreach agus an dara céim is ea bearta um bainistiú inbhuanaithe ithreach a leathnú chuig na limistéir sin ina meastar nach bhfuil an ithir i riocht sláintiúil. Meabhraíonn sé, áfach, gur gá tacaíocht airgeadais agus theicniúil a thabhairt do na feirmeoirí a bhfuil ról tábhachtach acu cheana féin maidir le sláinte na hithreach a chothú trí chleachtais éagsúla ar nós uainíocht barr, an mótú agus cleachtais churaíochta áirithe lena seachnaítear díghrádú na hithreach, an creimeadh agus cailliúint torthúlachta i limistéir áirithe. |
1.6 |
A mhéid a bhaineann leis an gcuspóir an tógáil talún a laghdú, measann CESE gur údar díomá an méid atá sa togra le haghaidh Treorach. Déantar foráil in Airteagal 11 maidir le prionsabail chun éifeachtaí na tógála a mhaolú. Is prionsabail ghinearálta iad sin, áfach (mar shampla, féachaint chuige nach gcaillfear acmhainneacht na hithreach chun éicisheirbhísí éagsúla, an táirgeadh bia san áireamh, a sholáthar nó go laghdófar an chailliúint sin agus go ndéanfar í a fhritháireamh a mhéid is féidir). Tá CESE ag iarraidh go neartófaí an sprioc maidir le glantógáil nialasach talún a bhaint amach faoi 2050 trí thús áite a thabhairt d’athúsáid agus athchúrsáil talún, tríd an bhforbairtí uirbeach ar thalamh arúil a íoslaghdú agus trí chúiteamh a thabhairt ina leith sin tríd an ithir a athchóiriú i limistéir choibhéiseacha. |
1.7 |
Ar mhaithe le teorainn a chur leis an saobhadh iomaíochta a d’fhéadfadh a bheith ann, molann CESE gur cheart comhchuibhiú a dhéanamh ar tháscairí maidir le sláinte na hithreach a bhaineann le cothaithigh iomarcacha san ithreach, le truailliú miotal trom agus truailleáin orgánacha agus le hacmhainneacht laghdaithe na hithreach chun uisce a choinneáil (a liostaítear i gCuid B d’Iarscríbhinn I), seachas iad a fhágáil faoi chúram na mBallstát, mar atá faoi láthair. |
1.8 |
Tá CESE i bhfabhar na sprice go mbeadh 100 % d’ithreacha i riocht sláintiúil faoi 2050. Measann sé, áfach, gur róshriantach an sainmhíniú atá molta ag an gCoimisiún Eorpach ar shláinte na hithreach. Liostaíonn an Coimisiún i gCodanna A agus B d’Iarscríbhinn I, sraith critéar a bhfuil faireachán le déanamh orthu chun anailís a dhéanamh ar shláinte na hithreach. Ar na critéir sin, tá: salannú, creimeadh, cailliúint carbóin orgánaigh, balcadh, cothaithigh iomarcacha (an fosfar), truailliú (miotail throma) agus acmhainneacht na hithreach chun uisce a choinneáil. Dar leis an gCoimisiún go measfar go bhfuil ithir i riocht míshláintiúil fiú mura gcomhlíontar ach ceann de na critéir sin. Ar an ábhar sin, molann CESE nár cheart a mheas go bhfuil ithir i riocht míshláintiúil ach amháin más rud é nach gcomhlíonann sí na critéir uile a liostaítear i gCodanna A agus B d’Iarscríbhinn I. Moladh amháin ab ea córas rátála ilchritéar a thabhairt isteach trína bhféadfaí measúnú níos cruinne a dhéanamh ar shláinte na hithreach agus an dul chun cinn arna dhéanamh tar éis chur chun feidhme na modhanna um bainistiú inbhuanaithe ithreach a thomhas. |
2. Cúlra
2.1 |
Tá an togra reachtach seo arna chur le chéile ag an gCoimisiún Eorpach ag teacht sna sála ar thogra eile a tíolacadh in 2006 maidir leis an ithir. Níor tugadh an togra sin chun críche riamh. Mar thoradh air sin, níl reachtaíocht chomhchuibhithe ag an Aontas maidir leis an ithir go fóill. Mar sin féin, de réir an Choimisiúin, tá 60-70 % de na hithreacha san Aontas i riocht míshláintiúil (1), deir sé gur ann do reachtaíocht chomhchosúil maidir leis an aer agus leis an uisce (2) agus go ndearnadh an Teachtaireacht maidir le Conair chuig Pláinéad Sláintiúil do Chách a chur le chéile in 2021 (3). Go nuige seo, tá gníomhaíochtaí náisiúnta faireacháin um shláinte na hithreach ar bun ag Ballstáit áirithe cheana féin agus tá sé de chumas acu bearta bainistíochta a chur i bhfeidhm (go háirithe trí na pleananna straitéiseacha náisiúnta arna mbunú faoin gComhbheartas Talmhaíochta). Níl na modhanna faireacháin agus na bearta bainistíochta sin ag réiteach le chéile, áfach, agus ní leor iad chun an sprioc maidir le 100 % d’ithreacha a bheith i riocht sláintiúil faoi 2050 a bhaint amach. |
2.2 |
De réir mheastacháin an Choimisiúin, má tá ithreacha na hEorpa i riocht míshláintiúil go ginearálta, cruthaítear costais do na Ballstáit agus rioscaí don chomhshaol agus do shláinte an duine. Soláthraíonn an ithir éicisheirbhísí tábhachtacha más i riocht sláintiúil atá sí. Dá bhrí sin, is féidir le sláinte na hithreach tionchar a imirt ar ghníomhaíochtaí áirithe ginte ioncaim, agus sa talmhaíocht go háirithe. |
2.3 |
Aithníonn an Coimisiún freisin na rioscaí a bhaineann leis an truailliú ithreach. Mar shampla, is féidir leis an truailliú sin difear a dhéanamh do shlándáil sláinte na n-earraí bia agus, dá réir sin, don tslándáil bia. Is ríthábhachtaí fós é sin sa chomhthéacs domhanda reatha, tráth atá na margaí thíos le géarchéimeanna idirnáisiúnta agus le hiarmhairtí an athraithe aeráide, murab ionann is riamh. Is amhlaidh is tromchúisí rialta teagmhais foircneacha amhail triomach, dóiteáin foraoise, tuilte agus stoirmeacha, teagmhais a fhágann gur gá aghaidh a thabhairt orthu. Is saincheist gheostraitéiseach anois sláinte agus torthúlacht na hithreach. |
2.4 |
Tá an togra reachtach seo ag teacht ar an bhfód tráth atá méadú ag teacht ar an mbrú atá ar ithir an Aontais, go háirithe i ngeall ar thógáil talún talmhaíochta agus foraoiseachta le haghaidh gníomhaíochtaí eacnamaíocha agus trí bhonneagar. Mar shampla, measann an Coimisiún gur gabhadh 4,2 % de thalún/chríoch an Aontais go dtí seo le haghaidh cleachtais den saghas sin, rud a chruthaíonn rioscaí ó thaobh bainistiú acmhainní uisce agus a laghdaíonn an méid talún talmhaíochta atá ar fáil. |
2.5 |
Faoi mar a luaigh CESE i dtuairimí eile a d’eisigh sé roimhe seo (4), is ábhar imní é díghrádú na hithreach, rud atá ag dul i méid agus atá nasctha leis an damáiste atá á dhéanamh de bharr teagmhais foircneacha, chailliúint na bithéagsúlachta talún, suaitheadh i dtimthriallta bithcheimiceacha (rud a mbíonn éifeachtaí aige ar astaíochtaí gás ceaptha teasa), an truaillithe aeir agus uisce agus rioscaí gaolmhara do shláinte an duine agus do shláinte ainmhithe. Ar na gníomhaíochtaí a ndéanfaidh an Treoir seo difear dóibh den chuid is mó tá an talmhaíocht agus an fhoraoiseacht, ar gníomhaíochtaí iad a bhfuil an úsáid talún fíorthábhachtach dóibh. Measann an Coimisiún Eorpach go bhféadfadh caillteanas bliantúil arbh fhiú EUR 1,25 billiún a bheith i gceist ó thaobh táirgiúlacht talmhaíocht san Aontas mar gheall ar an gcreimeadh ithreach. |
2.6 |
Tá roinnt mhaith beart agus cistí ar fáil do na Ballstáit cheana féin chun sláinte na hithreach a ráthú agus a chaomhnú. Tá ocht gclár liostaithe ag an gCoimisiún trínar féidir an téacs atá beartaithe a fhorbairt. Ina measc tá, ‘an Comhaontú um Ithir don Eoraip’ faoi chuimsiú an chláir Fís Eorpach arb é is aidhm dó sláinte na hithreach a chosaint agus a athbhunú faoi 2030; an trí chéad cholún den chlár Fís Eorpach arb é is aidhm dóibh an comhar idir na Ballstáit a éascú i réimse an taighde agus na nuálaíochta; an Comhbheartas Talmhaíochta, go háirithe tríd an gcoinníollacht, trí éiciscéimeanna agus trí thacaíocht faoin dara colún; cistí an bheartais chomhtháthaithe; an clár don chomhshaol agus do ghníomhú ar son na haeráide (LIFE); an ionstraim um thacaíocht theicniúil; an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta; agus an clár InvestEU. Dá bhrí sin, tá an togra le haghaidh Treorach ag brath ar na cleachtais atá i bhfeidhm cheana agus tá creat faireacháin comhchuibhithe á mholadh d’fhonn tionchar na gcleachtas sin a mheas. |
2.7 |
Is é is príomhchuspóir don togra reachtach córas faireacháin comhchuibhithe a bhunú do gach cineál ithreach sna Ballstáit, óir tá sé aitheanta ag an gCoimisiún nach ann do na sonraí ná do na táscairí is gá chun faireachán a dhéanamh ar shláinte agus ar cháilíocht na hithreach ar leibhéal an Aontais. Sonraítear in Airteagal 1 go hAirteagal 9 creat an chórais faireacháin sin agus na táscairí arna gcur san áireamh ar mhaithe le sláinte na hithreach a bhunú. De réir shainmhíniú an Choimisiúin, is éard is ‘ithreacha sláintiúla ann’ ithreacha a bhíonn ‘riocht maith ceimiceach, bitheolaíoch agus fisiceach’ orthu ‘ionas gur féidir leo éicisheirbhísí atá ríthábhachtach don duine agus don chomhshaol a sholáthar, amhail bia sábháilte, cothaitheach agus leordhóthanach, bithmhais, uisce glan, timthriall cothaitheach, stóráil carbóin agus gnáthóg le haghaidh na bithéagsúlachta.’ Leagtar amach in Iarscríbhinn I roinnt critéar a bheidh faoi réir faireacháin ag na Ballstáit. Bunaítear ceithre cinn de na critéir sin ar leibhéal an Aontais, níl ceithre cinn eile díobh cainníochtaithe agus, i gcás na dtrí cinn dheireanacha, molann an Coimisiún raon feidhme do na Ballstáit agus is fúthu féin atá sé tairseach náisiúnta a chinneadh dá réir sin. |
2.8 |
Maidir leis an dara cuspóir sláinte na hithreach a fheabhsú go leanúnach san Aontas d’fhonn ithreacha sláintiúla a bhaint amach faoi 2050, tá prionsabail maidir le bainistiú inbhuanaithe ithreach leagtha amach ag an gCoimisiún. Ní mór do na Ballstáit, ar an ábhar sin, cleachtais um bainistiú inbhuanaithe ithreach a shainiú ar bhonn na bprionsabal sin, cleachtais nach bhfuil éigeantach ag an gcéim seo. Mar sin féin, ní mór do na Ballstáit iad a spreagadh, go háirithe trí chistiú CBT a shlógadh. Ar a mhuin sin, bronnfar deimhniú maidir le sláinte na hithreach ar ithir a aithnítear a bheith sláintiúil de thairbhe na gcleachtas sin. Ar an dóigh sin, ba cheart go méadódh luach na talún agus go gcumasófaí táirgeadh bia ar cháilíocht ní b’fhearr, a bhfaighfear luach saothair sa mhargadh ina leith, dar leis an gCoimisiún. |
2.9 |
Mar chuid den dara cuspóir, tá an Coimisiún ag iarraidh go ndéanfaí láithreáin a d’fhéadfadh a bheith éillithe a shainaithint agus go ndéanfaí measúnú orthu d’fhonn bearta bainistíochta a chur i bhfeidhm ar mhaithe le laghdú a dhéanamh ar na rioscaí do shláinte an duine agus don chomhshaol, rioscaí nach féidir glacadh leo. Ina fhianaise sin, foráiltear in Airteagail 12-16, go ndéanfaidh na Ballstáit, laistigh de 4 bliana ó theacht i bhfeidhm an téacs, cur chuige rioscabhunaithe a bhunú chun láithreáin a d’fhéadfadh a bheith éillithe a shainaithint agus a imscrúdú agus láithreáin thruaillithe a bhainistiú. Sa chomhthéacs sin, ní mór do na Ballstáit a shonrú céard atá i gceist le riosca do shláinte an duine agus don chomhshaol nach féidir glacadh leis agus an méid seo a leanas á chur san áireamh acu: t-eolas eolaíoch atá ann cheana, prionsabal an réamhchúraim, sainiúlachtaí áitiúla agus an dóigh a n-úsáidtear talamh faoi láthair agus an dóigh a n-úsáidfear é amach anseo. Beidh seacht mbliana ag na Ballstáit tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach chun gach láithreán a d’fhéadfadh a bheith éillithe a shainaithint agus iad a chlárú sa chlár poiblí dá bhforáiltear in Airteagal 16. |
2.10 |
Ar deireadh, leagtar amach sa togra le haghaidh Treorach forálacha maidir le teorainn a chur leis an méid talún a dhéantar a thógáil d’fhonn bonneagar a chur i bhfearas. Bunaítear in Airteagal 11 prionsabail chun teorainn a chur leis an tógáil talún. Dá bhrí sin, moltar go seachnófaí nó go maolófaí, a mhéid ab fhéidir ón taobh teicniúil agus eacnamaíoch de, an togáil talún a fhágann go mbíonn laghdú ar acmhainneacht na hithreach éicisheirbhísí éagsúla a sholáthar, an táirgeadh bia san áireamh, agus go ndéanfaí é a chúiteamh a mhéid ab fhéidir. |
2.11 |
Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún Eorpach meastóireacht a dhéanamh ar an Treoir sé bliana tar éis di teacht i bhfeidhm d’fhonn measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta maidir le cuspóirí na Treorach a bhaint amach. Ar an dóigh sin, b’fhéidir go bhféadfadh sé togra nua a chur le chéile ina leagfaí amach ceanglais cheangailteacha chun athghiniúint na hithreach a áirithiú agus an sprioc go mbeadh 100 % d’ithreacha i riocht sláintiúil faoi 2050 a bhaint amach. |
3. Barúlacha ginearálta
3.1 |
Tá trí tháscaire maidir le sláinte na hithreach faoi chúram na mBallstát agus is fúthu atá sé iad a chur in oiriúint do shainiúlachtaí áitiúla: cothaithigh iomarcacha san ithreach (an fosfar), truailliú ithreach (tiúchan miotal trom agus roghnú truailleán orgánach) agus acmhainneacht laghdaithe na hithreach chun uisce a choinneáil. D’fhéadfadh sé go saobhfadh an méid sin an iomaíocht, rud a d’fhéadfadh teacht chun cinn agus luach talún (go háirithe talamh talmhaíochta) á chinneadh toisc go mbíonn critéir éagsúla á n-úsáid ag na Ballstáit chun sláinte na hithreach a mheas. |
3.2 |
Tá baol ann freisin go saobhfadh cleachtais um bainistiú inbhuanaithe ithreach an iomaíocht óir tá solúbthacht ag na Ballstáit maidir leis na cleachtais sin a shainmhíniú agus a chúiteamh. |
3.3 |
A mhéid a bhaineann le láithreáin éillithe, leagann CESE béim air gur gá súil a choinneáil ar na bearta a fhorchuirtear chun na láithreáin sin a dhí-éilliú agus ar an gcaoi a gcumhdaítear na costais lena mbaineann. Is féidir leis an truailliú ithreach difear a dhéanamh do phobal ina iomláine nó don duine aonair agus d’úinéirí talún nach bhfuil freagrach as an éilliú. Is amhlaidh atá go háirithe i gcás feirmeoirí a ghlacann seilbh ar fheirm. Ní bheadh sé ar a gcumas gach foinse éillithe a bhí ann cheana, sular ghlac siad seilbh ar an bhfeirm, a bhrath. Is tábhachtach, ar an gcúis sin, soiléiriú a dhéanamh ar na freagrachtaí atá ar na gníomhaithe éagsúla agus ar cé a íocfaidh as na costais a bheidh ann. Ba cheart é sin a dhéanamh, a mhéid is féidir, i gcomhréir leis an bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as, ionas nach mbeidh ar an údarás poiblí ná ar an úinéir nua cúiteamh a dhéanamh as gníomhaíochtaí a rinne gníomhaí eile rompu, agus na coinníollacha agus an creat reachtach faoina ndearnadh na gníomhaíochtaí sin á gcur san áireamh san am céanna, go háirithe in earnáil na talmhaíochta. |
3.4 |
Maidir leis an gceart ar chomhshaol sláintiúil (5), is mian le CESE béim a leagan ar an ithir agus ar an ról ábhartha atá aici ina leith sin ó thaobh na bithéagsúlachta de agus a mhéid a bhaineann le hoiriúnú don athrú aeráide, leis an athrú aeráide a mhaolú agus, go háirithe, uisce a choinneáil, rud a thug air iarraidh a dhéanamh go mbeadh Comhaontú Gorm (6) don Aontas ann. |
4. Barúlacha sonracha
4.1 |
An chéad chritéar atá beartaithe ag an gCoimisiún in Airteagal 13 chun láithreáin a d’fhéadfadh a bheith éillithe a shainaithint is ea oibriú gníomhaíochta gníomhaí nó neamhghníomhaí a d’fhéadfadh riosca éillithe a ghabháil léi. De ghrá an critéar sin a shainiú, beidh ar na Ballstáit liosta a tharraingt suas de ghníomhaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le héilliú. Tugann CESE foláireamh faoin riosca a bhaineann le gníomhaíochtaí talmhaíochta áirithe a chur ar an liosta sin. Ní mór breithniú a dhéanamh ar dheiseanna malartacha nach bhfuil baint acu leis an mbia mar réiteach. |
4.2 |
A mhéid a bhaineann le cleachtais um bainistiú inbhuanaithe ithreach, is den tábhacht é go mbeadh rochtain ag gach feirmeoir orthu, mar aon le deimhnithe maidir le sláinte na hithreach, má táthar chun saobhadh iomaíochta a sheachaint. Dá bhrí sin, ba cheart súil a choinneáil ar fhorbairt na gcritéar a mbeidh na Ballstáit freagrach astu. |
4.3 |
Níl spriocanna ceangailteacha á moladh ag an gCoimisiún i leith na tógála talún. Fágann sé sin nach laghdófar í cé gurb í is cúis le cé gurb í is cúis leis an laghdú ar an méid talún talmhaíochta agus foraoise ar fud na hEorpa. Ní mór an cuspóir maidir le glantógáil nialasach talún a bhaint amach faoi 2050 a neartú, ar cuspóir é a leagadh síos in 2013 faoin 7ú Clár Gníomhaíochta Eorpach. |
4.4 |
Táthar á mheas go mbeidh an costas a bhaineann le hithir éillithe a shainaithint (EUR 29 mbilliún thar 15 bliana) níos airde ná an costas a bhaineann le feabhsú agus srianadh na n-ithreacha (EUR 24,9 billiún thar 25 bliana). I bhfianaise a shuntasaí atá na costais sin agus an éiginnteacht a bhaineann le meastachán a dhéanamh ina leith de réir mheasúnú tionchair an Choimisiúin, creideann CESE gur gá an méid sin a fhiosrú tuilleadh sa mheasúnú sin. Is tábhachtach, ar an ábhar sin, foinsí leordhóthanacha maoinithe a chur ar fáil lena áirithiú nach mbeidh costas ar úinéirí talún ná ar fheirmeoirí nach féidir leo a sheasamh agus ar mhaithe le haitheantas a thabhairt dóibh. Chuige sin, ní foláir iad siúd atá freagrach as an éilliú ithreach a shainaithint agus na costais lena mbaineann a dháileadh go cothrom. |
4.5 |
A mhéid a bhaineann le táscairí maidir le sláinte na hithreach, ní mór faireachán a dhéanamh ar chritéir thuairisciúla. D’fhéadfadh sé go saobhfadh na critéir sin an iomaíocht idir na Ballstáit, go háirithe na cinn sin a bhaineann le cailliúint bhithéagsúlacht na hithreach, ó tharla go bhféadfadh na Ballstáit critéir éagsúla a roghnú amhail meiteabharrachódú baictéar, fungas, prótaisteach agus ainmhithe, flúirse agus éagsúlacht néimeatóidí, bithmhais mhiocróbach, flúirse agus éagsúlacht péisteanna talún (ar thalamh curaíochta) nó speicis choimhthíocha ionracha agus lotnaidí plandaí. |
4.6 |
Tá CESE i bhfách le cur chuige an Choimisiúin arb é is aidhm dó deimhniú maidir le sláinte na hithreach a chur chun feidhme chun cur le luach na talún a bhfuil an deimhniú sin aici agus, ar an gcaoi sin, le cleachtais um bainistiú inbhuanaithe a chuirfear i bhfeidhm sna réimsí sin, ar choinníoll go ndéanfar é sin ar bhonn deonach i gcónaí. Tá amhras air, áfach, go mbeidh buntáistí ann ó thaobh luach na talún féin nó an phraghais a ghearrtar as an mbia a tháirgtear uirthi. Ar an gcúis sin, molann CESE gur cheart creat níos soiléire maidir le cur chun cinn shláinte na hithreach a leagan amach sa togra le haghaidh Treorach. |
4.7 |
Is fadhb é go n-úsáidtear na téarmaí ‘talamh nádúrtha’ agus ‘talamh bhreacnádúrtha’, seachas ‘talamh shaorga’, chun an téarma ‘tógáil talún’ a shainmhíniú. Dá bhrí sin, molann CESE na sainmhínithe a thugtar ar ‘talamh nádúrtha’ agus ‘talamh bhreacnádúrtha’ a scriosadh, agus próiseas an ‘tógáil talún’ a shainmhíniú mar phróiseas ina ndéantar talamh a thiontú ina talamh saorga ar mhaithe le foirgnimh, bonneagar, cairéil, etc., a fhorbairt. Ar a mhuin sin, b’úsáideach an ní é liosta samplaí a bheith ann ina saineofaí na cineálacha éagsúla cumhdach talún atá ann, ionas go bhféadfadh na Ballstáit uile na critéir chéanna a leanúint agus faireachán á dhéanamh ar an gcumhdach talún sna cásanna sin ina bhféadfadh amhras a bheith ann faoi aicmiú talún shaorga. |
An Bhruiséil, an 25 Deireadh Fómhair 2023.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Oliver RÖPKE
(1) Caring for soil is caring for Life [Is ionann aire a thabhairt don ithir agus aire a thabhairt don bheatha], an Coimisiún Eorpach.
(2) Treoir 2008/50/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2008 maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh agus aer níos glaine don Eoraip (IO L 152, 11.6.2008, lch. 1) agus Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).
(3) COM/2021/400 final.
(4) IO C 105, 4.3.2022, lch. 143, agus Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa Straitéis Ithreach nua an Aontais Eorpaigh do 2030 maidir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Reaping the benefits of healthy soils for people, food, nature and climate [Leas a bhaint as ithreacha sláintiúla do dhaoine, do bhia, don dúlra agus don aeráid] (COM(2021) 699 final) (IO C 290, 29.7.2022, lch. 131).
(5) Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Bainistiú inbhuanaithe uisce agus éigeandáil aeráide: réitigh chiorclacha agus réitigh eile do chóras agraibhia an Aontais i ‘gComhaontú Gorm’ a bheidh ann amach anseo (tuairimí féintionscnaimh,(IO C 349, 29.9.2023, lch. 80).
(6) Tuarascáil faisnéise ó CESE Cosaint an chomhshaoil mar réamhriachtanas chun na cearta bunúsacha a urramú.
IARSCRÍBHINN
I rith na díospóireachta, diúltaíodh don leasú seo a leanas a raibh an ceathrú cuid ar a laghad de na vótaí arna gcaitheamh ar a shon (Riail 74(3) de na Rialacha Nós Imeachta):
LEASÚ 1
Pointe 3
Leasaigh mar a leanas:
Tuairim ón rannóg |
Leasú |
Ó thaobh gnéithe airgeadais de, cuireann an Coimisiún in iúl gur féidir le bearta chun sláinte ithreach a chur chun cinn glansochar a ghiniúint d’ainneoin na gcostas a bhaineann lena gcur chun feidhme, cé gurb é an phríomh-mhír chaiteachais cleachtais um bainistiú inbhuanaithe ithreach a chúiteamh. Tugann CESE dá aire nach ndéantar foráil maidir le foinsí nua cistiúcháin agus go bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún gníomhaíochtaí a mhaoiniú trí na pleananna straitéiseacha náisiúnta arna dtarraingt suas ag na Ballstáit faoin gComhbheartas Talmhaíochta (CBT). Is é barúil CESE nach féidir glacadh leis sin. |
Ó thaobh gnéithe airgeadais de, cuireann an Coimisiún in iúl gur féidir le bearta chun sláinte ithreach a chur chun cinn glansochar a ghiniúint d’ainneoin na gcostas a bhaineann lena gcur chun feidhme, cé gurb é an phríomh-mhír chaiteachais cleachtais um bainistiú inbhuanaithe ithreach a chúiteamh. Tugann CESE dá aire nach ndéantar foráil maidir le foinsí nua cistiúcháin agus go bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún gníomhaíochtaí a mhaoiniú trí na pleananna straitéiseacha náisiúnta arna dtarraingt suas ag na Ballstáit faoin gComhbheartas Talmhaíochta (CBT). Is é barúil CESE nach féidir glacadh leis sin. Molann CESE don Choimisiún a iarraidh ar na Ballstáit cleachtais um bhainistiú inbhuanaithe ithreach a chur i bhfeidhm, cé nach bhfuil na cleachtais sin éigeantach ag an gcéim seo ba cheart do na Ballstáit iad a spreagadh, trí chistí sonrachaseachas tríd an gcomhbheartas talmhaíochta. |
Toradh na vótála:
Ar son: |
72 |
In aghaidh: |
89 |
Staonadh: |
16 |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/887/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)