This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52023AB0029
Opinion of the European Central Bank of 28 September 2023 on a proposal for a regulation of the European Parliament and of the Council amending Regulation (EC) No 223/2009 on European statistics (CON/2023/29)
Tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach an 28 Meán Fómhair 2023 maidir le togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 maidir le staidreamh Eorpach (CON/2023/29)
Tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach an 28 Meán Fómhair 2023 maidir le togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 maidir le staidreamh Eorpach (CON/2023/29)
CON/2023/29
IO C, C/2023/1032, 20.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1032/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2023/1032 |
20.11.2023 |
TUAIRIM ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH
an 28 Meán Fómhair 2023
maidir le togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 maidir le staidreamh Eorpach
(CON/2023/29)
(C/2023/1032)
Réamhrá agus bunús dlí
An 20 Iúil 2023, fuair an Banc Ceannais Eorpach (BCE) iarraidh ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh ar thuairim maidir le togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 maidir le staidreamh Eorpach (1) (dá ngairtear an ‘rialachán atá beartaithe’ anseo feasta).
Tá inniúlacht BCE tuairim a thabhairt bunaithe ar Airteagal 127(4) agus ar Airteagal 282(5) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) ós rud é go bhfuil forálacha sa rialachán atá beartaithe lena ndéantar difear do chúraimí BCE maidir le faisnéis staidrimh a bhailiú de bhun Airteagal 5 de Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh (dá ngairtear ‘Reacht CEBC’ anseo feasta). I gcomhréir leis an gcéad abairt d’Airteagal 17.5 de Rialacha Nós Imeachta an Bhainc Cheannais Eorpaigh, ghlac an Chomhairle Rialaithe an tuairim sin.
1. Tuairimí ginearálta
1.1. |
I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus le Rialachán (CE) Uimh. 2533/98 ón gComhairle (3), déanann an Córas Staidrimh Eorpach (CSE) agus an Córas Eorpach Banc Ceannais (CEBC) araon staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh. Feidhmíonn CSE agus CEBC faoi dhá chreat dlí ar leithligh lena léirítear a struchtúir rialachais faoi seach agus a thábhachtaí atá sé dlúthchomhar agus comhordú iomchuí a áirithiú i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna staidrimh. |
1.2. |
Is é is aidhm don rialachán atá beartaithe an creat dlíthiúil chun staidreamh Eorpach agus CSE a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh a dhéanamh ‘oiriúnach don todhchaí’. Tá sé d’aidhm ag an rialachán atá beartaithe é sin a bhaint amach trí CSE a chumasú chun freagairt níos tapúla agus níos éifeachtaí do riachtanais phráinneacha staidrimh i gcásanna géarchéime; rochtain ar shonraí atá i seilbh phríobháideach a éascú; agus CSE a chumasú chun ionchais úsáideoirí a chomhlíonadh i dtaobh faisnéis níos mionsonraithe, a tháirgtear níos tapúla, ar mhinicíocht níos airde agus lena ngabhann léargais níos doimhne. Is féidir faisnéis níos mionsonraithe a tháirgeadh ar an gcaoi sin de bharr forbairtí teicneolaíocha, amhail teacht chun cinn sonraí digiteacha agus sonraí a ghintear ar an idirlíon. Tacaíonn BCE go hiomlán le CSE agus tá cuspóirí céanna sin aige agus atá ag CSE agus measann sé go bhfuil siad chomh hábhartha céanna maidir le forbairt, táirgeadh agus scaipeadh staidrimh Eorpaigh ag CEBC laistigh dá réimse inniúlachta féin. |
1.3. |
Thairis sin, cuireann BCE i bhfios go láidir gur cheart don rialachán atá beartaithe agus rialachas an staidrimh Eorpaigh in CSE agus in CEBC a bheith ag teacht leis an mórstraitéis sonraí Eorpach (4). Is é is aidhm don straitéis sonraí an tAontas a bheith ina cheannaire i sochaí sonraíbhunaithe trí mhargadh aonair a chruthú le haghaidh sonraí ina gceadaítear sreabhadh sonraí gan bhac laistigh den Aontas agus ó earnáil go hearnáil ar mhaithe le gnólachtaí, taighdeoirí agus riaracháin phoiblí. Aithnítear sa straitéis sonraí go mbeidh ar an Aontas, chun tairbhe a bhaint as na buntáistí a bhaineann le húsáid níos fearr a bhaint as sonraí, feabhas a chur ar a struchtúir rialachais chun sonraí a láimhseáil agus méadú a chur ar a chomhthiomsuithe de shonraí ardcháilíochta atá ar fáil lena n-úsáid agus lena n-athúsáid (5). Ba cheart go leanfadh na cuspóirí tábhachtacha uileghabhálacha sin de mhúnlú a dhéanamh ar athchóiriú na gcreataí dlíthiúla lena rialaítear an staidreamh Eorpach. |
1.4. |
I bhfianaise na gcuspóirí sin atá i bpáirt acu, measann BCE gur den ríthábhacht é go leanfadh CSE agus comhaltaí CEBC den chomhoibriú dlúth eatarthu chun an t-ualach tuairiscithe a íoslaghdú agus chun deimhin a dhéanamh de gur ann don chomhleanúnachas is gá chun staidreamh Eorpach a tháirgeadh (6). Is amhlaidh atá go háirithe i réimsí an táirgthe staidrimh ina bhfuil freagracht chomhpháirteach ar CSE agus ar CEBC, amhail táirgeadh cuntas airgeadais agus táirgeadh staidrimh maidir le comhardú na n-íocaíochtaí. Ach freastalaítear ar na cuspóirí sin freisin trí dhlúthchomhar i gcás ina bhfuil príomhfhreagracht ar BCE as staidreamh a tháirgeadh, eadhon trína áirithiú go bhféadfaidh comhaltaí CEBC úsáid a bhaint, go díreach nó go hindíreach, as sonraí arna n-úsáid agus arna dtáirgeadh ag CSE, fad a bheidh údar cuí leis an ngá atá leis sin. |
1.5. |
Tá dlúthchomhar ríthábhachtach freisin chun feabhas a chur ar an gcaoi a gcuirtear sonraí ar fáil agus a n-úsáidtear iad chun dul i ngleic le dúshláin shochaíocha, aeráide agus chomhshaoil (7). I réimse an staidrimh, éilítear leis sin comhroinnt shlán thráthúil sonraí idir institiúidí poiblí agus ó earnáil go hearnáil chun a áirithiú go mbeidh níos mó sonraí comhtháite agus níos fearr ar fáil lena n-úsáid, agus coimircí comhfhreagracha na sonraí á gcoinneáil i bhfeidhm ag an am céanna. Mura mbaintear leas as an deis a thugtar leis an athbhreithniú ar Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 feabhas a chur ar in-chomhroinnteacht na sonraí i measc tháirgeoirí iontaofa éagsúla an staidrimh oifigiúil, d’fhéadfadh impleachtaí soiléire a bheith aige sin ó thaobh spriocanna beartais ábhartha a bhaint amach ar leibhéal an Aontais. |
1.6. |
I bhfianaise an mhéid sin, agus i bhfianaise ról CEBC mar cheann de na colúin, in éineacht le CSE, chun staidreamh Eorpach a tháirgeadh, measann BCE gur cheart do CSE agus do CEBC dul i ngleic go comhpháirteach leis na dúshláin nua a bhfuil sé d’aidhm ag an rialachán atá beartaithe aghaidh a thabhairt orthu. Ba chóir é sin a dhéanamh i dtrí réimse. |
1.7. |
Ar an gcéad dul síos, is gá na nuashonruithe ar na creataí dlíthiúla faoi seach, is é sin Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 2533/98, a chomhordú, go háirithe, chun feabhas a chur ar an gcóras comhroinnte sonraí atá ann faoi láthair chun críocha staidrimh idir an dá chóras staidrimh chun iad a chur in oiriúint do na dúshláin nua atá os comhair an staidrimh Eorpaigh (8), chun an t-ualach atá ar na táirgeoirí a laghdú agus chun an t-ualach a bhaineann le staidreamh maicreacnamaíoch oifigiúil ardcháilíochta a thiomsú, agus chun forthorthaí staidrimh níos fearr a bhaint amach (9). |
1.8. |
Ar an dara dul síos, tugann BCE dá aire go dtabharfaí isteach leis an rialachán atá beartaithe sraith nua rialacha chun bailiú sonraí a éascú chun freastal ar éilimh phráinneacha staidrimh le linn tréimhsí géarchéime, chun rochtain a thabhairt ar fhoinsí nua sonraí, lena n-áirítear go háirithe rochtain ar shonraí atá i seilbh phríobháideach, agus chun comhroinnt sonraí in CSE a fheabhsú (10). Ag an am céanna, ní in CSE amháin ba cheart feabhas a chur ar an gcóras reatha maidir le comhroinnt foinsí nua sonraí chun críocha staidrimh; ba cheart amhlaidh a dhéanamh freisin – agus i gcomhréir le dualgas an dlúthchomhair – idir CSE agus CEBC. Tá gach córas comhdhéanta d’institiúidí agus d’údaráis iontaofa a bhfuil córais agus nósanna imeachta diana agus iontaofa curtha i bhfeidhm acu chun rúndacht sonraí a chosaint. |
1.9. |
Ar deireadh, ba cheart cur chuige comhordaithe a ghlacadh sa dá chreat dlí chun a áirithiú go n-úsáidtear, sa tuairisciú staidrimh, cumarsáid dhéthreoch idir údaráis ábhartha agus gníomhairí tuairiscithe, d’fhonn an t-ualach tuairiscithe a íoslaghdú, tuairisciú dúbailte a sheachaint agus cáilíocht na sonraí arna mbailiú a fheabhsú. Is é is bunús leis an gcumarsáid sin contrapháirtithe corparáideacha ábhartha a shainaithint agus a aicmiú ar bhonn uathúil (i.e. gan teaghlaigh a bheith san áireamh). Dá réir sin, ba cheart creat ginearálta Eorpach a shainiú i gcomhthéacs Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 2533/98 chun comhroinnt sonraí a éascú i ndáil le tacar teoranta tréithe sonraí agus le croí-athróga um shainaithint agus um aicmiú, ar cleachtas é atá seanbhunaithe cheana féin i roinnt dlínsí de chuid an Aontais. |
1.10. |
Tá sé thar a bheith tábhachtach do BCE cumarsáid dhéthreoch éifeachtach a bhunú idir údaráis ábhartha agus gníomhairí tuairiscithe toisc go gceadaítear leis an gcreat dlíthiúil a bhfuil feidhm aige maidir lena chúraimí staidrimh go ndéanfaí tarchur ar fhaisnéis lena sainaithnítear contrapháirtithe ábhartha agus a bailíodh faoi Airteagal 5 de Reacht CEBC laistigh de CEBC ‘a mhéid agus ar leibhéal na sonraí is gá chun cúraimí CEBC dá dtagraítear sa Chonradh a chomhlíonadh nó cúraimí i réimse na maoirseachta stuamachta a thugtar do chomhaltaí CEBC a chomhlíonadh’ (11). Os a choinne sin, i gcás inar bhailigh comhalta de CSE sonraí rúnda den sórt sin, ní fhéadfar iad a tharchur chuig comhalta de CEBC ach amháin ar choinníoll ‘go bhfuil gá leis an tarchur sin chun Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh go héifeachtúil nó chun cáilíocht an Staidrimh Eorpaigh a mhéadú, laistigh de réimsí inniúlachta CSE agus CEBC faoi seach, agus gur tugadh údar cuí leis an ngá sin’ (12). Níor cheart iad a úsáid chun críocha nach críocha staidrimh amháin iad (13). Dá ndéanfaí tréithe áirithe sonraí a eisiamh go soiléir ó na srianta sin is infheidhme maidir le sonraí rúnda, i gcás ina bhfuil siad ar fáil cheana féin i bhformhór na gcásanna go poiblí agus/nó ar phraghas nó ar tháille, chuirfí feabhas suntasach ar inúsáidteacht na sonraí sin agus ar cháilíocht agus ar tháirgeadh éifeachtúil staidrimh. Bheadh sé ina réamhchoinníoll freisin chun an t-ualach tuairiscithe a íoslaghdú. |
1.11. |
Tríd is tríd, dá dtabharfaí aitheantas níos soiléire sa rialachán atá beartaithe don tábhacht a bhaineann le faisnéis den sórt sin a úsáid chun cúraimí CEBC dá dtagraítear sa Chonradh a chomhlíonadh, agus le cúraimí institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais atá ag iarraidh, níos minice i gcaitheamh an ama, rochtain ar fhaisnéis arna bailiú ag CEBC, bheadh de thoradh air sin go dtacófaí leis na cuspóirí atá i bpáirt ag CEBC agus ag CSE, eadhon staidreamh ardcháilíochta a tháirgeadh (a mbeadh cumarsáid dhéthreoch le gníomhairí tuairiscithe ag teastáil lena aghaidh) agus comhlíonadh ionchais na n-úsáideoirí i dtaobh faisnéis níos mionsonraithe, rud a thabharfadh léargais níos doimhne chun tacú le beartais fhianaisebhunaithe de chuid an Aontais. |
2. Barúlacha sonracha
2.1. |
Inniúlachtaí BCE a ionchorprú sna haithrisí a ghabhann leis an rialachán atá beartaithe
Measann BCE, i bhfianaise dhualgas an dlúthchomhair idir CSE agus CEBC, gur cheart go luafaí agus go n-admhófaí sna haithrisí a ghabhann leis an rialachán atá beartaithe go ndéanann CEBC freisin staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh faoina chreat bailithe staidrimh féin. Ba cheart a shoiléiriú sna haithrisí a ghabhann leis an rialachán atá beartaithe go bhfuil feidhm ag a chuid forálacha gan dochar d’inniúlachtaí BCE faoi Rialachán (CE) Uimh. 2533/98. Míníodh é sin i gceann de na haithrisí a ghabhann leis an Rialachán bunaidh, is é sin Rialachán (CE) Uimh. 223/2009; mar sin féin, de ghrá na soiléireachta agus na comhsheasmhachta, ba cheart é a áireamh freisin sna haithrisí a ghabhann leis an rialachán atá beartaithe. |
2.2. |
Sonraí atá i seilbh phríobháideach a tharchur chuig CEBC ó CSE gan toiliú roimh ré ón sealbhóir sonraí chun staidreamh Eorpach a thiomsú |
2.2.1. |
Tugann BCE dá aire go n-áirítear sa rialachán atá beartaithe (14) sásra sonrach lena gceadófaí do chomhaltaí CSE a iarraidh ar shealbhóir príobháideach sonraí sonraí agus na meiteashonraí ábhartha a chur ar fáil chun staidreamh Eorpach a fhorbairt agus a tháirgeadh i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a shonraítear faoin rialachán atá beartaithe. Tá an sásra sin gan dochar d’oibleagáidí tuairiscithe atá leagtha síos i reachtaíocht staidrimh earnálach an Aontais, agus don oibleagáid atá ar shealbhóirí sonraí sonraí a chur ar fáil, bunaithe ar riachtanas eisceachtúil i gcomhréir le Gníomh Sonraí an Aontais Eorpaigh (15). |
2.2.2. |
Tá BCE tar éis a áitiú go bhfuil tairbhí suntasacha le baint as cead a thabhairt dó sonraí atá i seilbh phríobháideach a rochtain agus a úsáid nuair a bhíonn a chúraimí reachtúla á ndéanamh aige (16), toisc go mbaineann an tEurochóras úsáid fhorleathan ní hamháin as staidreamh oifigiúil arna tháirgeadh ag BCE, ag comhaltaí CEBC agus ag CSE, ach as foinsí sonraí neamhthraidisiúnta freisin, amhail táscairí soghluaisteachta daonra ardmhinicíochta a bhíonn bunaithe ar shonraí oibreoirí líonraí móibíleacha, staidreamh maidir le tomhaltas teaghlach nó cuntais náisiúnta arna dtacú le sonraí idirbheart airgeadais amhail orduithe ceannaigh, sonraisc, athruithe cártaí agus iontrálacha leabhair cúnta. |
2.2.3 |
Ina theannta sin, le blianta beaga anuas, de bharr digitiú agus bainistiú géarchéime, tá méadú as cuimse tagtha ar an ngá atá ann go mbeadh rochtain ag CEBC ar fhaisnéis níos mionsonraithe, a tháirgtear níos tapúla agus níos minice, ó fhoinsí neamhthraidisiúnta. Chuirfeadh sé sin ar chumas CEBC freagairt níos tapa a thabhairt i leith cásanna éigeandála agus géarchéime agus léargais níos doimhne a thabhairt ina anailís nuair a bhíonn cúraimí CEBC á gcur i gcrích aige. Tá rochtain ar shonraí atá i seilbh phríobháideach ábhartha freisin chun críocha staidrimh, mar shampla, chun feabhas a chur ar cháilíocht an staidrimh Eorpaigh a tháirgtear faoi chuimsiú inniúlacht CEBC. |
2.2.4. |
Ar na cúiseanna sin, measann BCE gur fiú an rialachán atá beartaithe a leasú (17) chun ceangal a chur ar CSE na sonraí a d’fhéadfadh sealbhóir príobháideach sonraí a chur ar fáil do chomhaltaí CSE a tharchur chuig comhaltaí de CEBC, gan comhaontú roimh ré ón sealbhóir sonraí. Ní tharlódh tarchur ach amháin nuair ba ghá chun go ndéanfadh CEBC staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh nó chun feabhas a chur ar cháilíocht an staidrimh sin. Bheadh de thoradh air sin go n-áiritheofaí go mbeadh an córas éifeachtach ó thaobh na sonraí sin a chur ar fáil le haghaidh tiomsú staidrimh Eorpaigh ag CSE agus ag CEBC agus go méadófaí an trédhearcacht maidir le comhroinnt don sealbhóir príobháideach sonraí. Ag an am céanna, ba cheart go gceanglófaí ar chomhaltaí CEBC bearta a dhéanamh atá coibhéiseach leis na bearta arna ndéanamh ag na hinstitiúidí staidrimh náisiúnta (ISNanna) agus ag an gCoimisiún (Eurostat) chun cosaint a thabhairt d’aon sonraí a gheobhaidh sé ar mhaithe le sealbhóirí príobháideacha sonraí. |
2.3. |
Feabhas a chur ar an gcóras comhroinnte sonraí idir CSE agus CEBC
Leis an rialachán atá beartaithe (18) bunaítear córas nua chun comhroinnt sonraí a éascú, lena n-áirítear sonraí rúnda agus na haschuir ó ghníomhaíochtaí sealadacha staidrimh (19), idir na ISNanna féin agus idir ISNanna agus an Coimisiún (Eurostat). Ag an am céanna, ní thugtar aghaidh leis ar an ngá atá ann an chomhroinnt sonraí idir CSE agus CEBC a fheabhsú. I gcomhréir le dualgas an dlúthchomhair idir CSE agus CEBC (20), ba cheart an córas nua atá beartaithe a leathnú chun an comhar reatha maidir le comhroinnt sonraí le CEBC mar tháirgeoir staidrimh Eorpaigh a thabhairt san áireamh agus a fheabhsú ar bhealach siméadrach. Ba cheart go gceanglófaí leis na forálacha go gcomhroinnfí sonraí idir CEBC agus CSE i réimsí freagrachta comhroinnte nó leasa choitinn, ar choinníoll go bhfuil bearta coibhéiseacha chun na sonraí a chosaint i bhfeidhm in CEBC agus in CSE araon. |
2.4. |
Tarchur sonraí rúnda |
2.4.1. |
Leis an rialachán atá beartaithe, ní leasaítear an fhoráil ábhartha de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 (21) maidir le tarchur sonraí rúnda laistigh de CSE agus idir CSE agus CEBC. Dá bhrí sin, nuair a tharchuireann CSE sonraí rúnda chuig CEBC de bhun na forála ábhartha de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 (22), ní fhéadfaidh CEBC na sonraí a úsáid ‘ach amháin chun críocha staidrimh’ agus níl na sonraí ‘inrochtana ach ag baill foirne atá ag obair i ngníomhaíochtaí staidrimh laistigh dá réimse sonrach oibre’. |
2.4.2. |
Maidir leis na hathruithe teoranta a mholann BCE a dhéanamh ar na forálacha lena rialaítear tarchur sonraí rúnda, measann BCE go mbeadh na hathruithe sin ag teacht le cuspóir ginearálta an rialacháin atá beartaithe, is é sin an creat dlíthiúil lena rialaítear staidreamh Eorpach a chur i riocht oiriúnach don todhchaí agus feabhas suntasach a chur ar fhreagrúlacht CSE do riachtanais sonraí. Ar an gcéad dul síos, mar aitheantas ar a thábhachtaí atá malartú sonraí rúnda ionas go mbeidh an fhaisnéis is gá ag CSE agus CEBC chun a gcúraimí a chomhlíonadh, agus ar an méadú easpónantúil ar infhaighteacht na sonraí sin, ba cheart go gceanglófaí ar CSE agus ar CEBC feabhas a chur ar an gcomhar eatarthu sa réimse seo trí shonraí rúnda a tharchur i gcás ina bhfuil údar cuí leis an ngá sin. Thairis sin, sheachnófaí tuairisciú dúbailte, a mbeadh de thoradh air faoi dheireadh go laghdófaí an t-ualach tuairiscithe. |
2.4.3. |
Ar an dara dul síos, bheadh de thoradh ar na hathruithe go gceadófaí úsáid níos leithne a bhaint as sonraí tagartha roghnaithe, go háirithe, eochairthréithe i dtaobh cuideachtaí aonair, atá ar fáil go poiblí i bhformhór na gcásanna agus/nó atá ar fáil ar phraghas nó ar tháille. |
2.4.4. |
Tá sé mar aidhm ag BCE féin a áirithiú go bhfuil an creat dlíthiúil lena rialaítear a bhailiúcháin staidrimh ‘oiriúnach don todhchaí’. Go háirithe, is tionscnaimh thábhachtacha a bhfuil baint ag CEBC leo iad nuachóiriú an tuairiscithe staidrimh atá beartaithe faoi thionscadal Chreat Tuairiscithe Comhtháite CEBC (IReF) (23); staidéar féidearthachta níos leithne ÚBE faoi Airteagal 430c den Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil (CRR) (24); agus straitéis an Aontais maidir le sonraí maoirseachta i seirbhísí airgeadais an Aontais. |
2.4.5. |
Leis na tionscnaimh sin éilítear cumarsáid dhéthreoch idir na húdaráis ábhartha agus gníomhairí tuairiscithe maidir leis na croíshonraí tagartha atá le húsáid chun a gceanglais tuairiscithe a chomhlíonadh. Is réamhchoinníoll teicniúil é sin chun córas comhchoiteann tuairiscithe a thabhairt i gcrích le haghaidh na mbanc chun críocha staidrimh, stuamachta agus réitigh. |
2.4.6. |
Is é bunús na cumarsáide sin an cumas tagairt a dhéanamh d’fhaisnéis uathúil maidir leis an gcontrapháirtí i bhfoirm tacar eochairthréithe i dtaobh cuideachtaí aonair amhail: ainm na cuideachta, an Ballstát ina bhfuil an chuideachta cláraithe, seoladh na hoifige cláraithe agus an fhoirm dhlíthiúil. Le Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (dá ngairtear ‘an Treoir maidir le Sonraí Oscailte’ anseo feasta) (25) agus lena rialachán cur chun feidhme (26), ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar tacair sonraí ardluacha, lena n-áirítear eochairthréithe maidir le cuideachtaí aonair, amhail an méid thuas, a chur ar fáil go poiblí. Chuirfeadh BCE eochairthréithe, amhail aitheantóirí eintitis, an phríomhghníomhaíocht eacnamaíoch, agus aicmithe earnála CCE, san áireamh freisin agus é ag dul lasmuigh de na cinn a chumhdaítear leis an Treoir maidir le Sonraí Oscailte. Ina theannta sin, ba cheart faisnéis faoi shuíomh na n-aonad áitiúil atá ábhartha do luacháil ar rioscaí an athraithe aeráide agus do tháirgeadh agus anailís táscairí riosca don athrú aeráide a chur san áireamh sa chatagóir seo. |
2.4.7. |
Ina theannta sin, i roinnt dlínsí de chuid an Aontais, tá cleachtais tagartha maidir le comhroinnt sonraí (lena gcumhdaítear an tacar eochairthréithe thuasluaite agus na croí-athróga um shainaithint agus um aicmiú, lena n-áirítear iad siúd arna mbailiú ag ISNanna agus ag bainc cheannais náisiúnta) i gcomhthéacs an tuairiscithe staidrimh, ag feidhmiú go maith cheana féin i bhfoinsí éagsúla. Léiríonn na heispéiris sin buntáistí tábhachtacha i dtéarmaí laghdú ar an ualach tuairiscithe, éifeachtúlacht an tuairiscithe, agus feabhsuithe ar cháilíocht fhoriomlán na sonraí. |
2.4.8. |
I bhfianaise na gcúinsí thuas, measann BCE nár cheart sonraí tagartha roghnaithe a bheith faoi réir na srianta is infheidhme maidir le ‘sonraí rúnda’ chun críocha an rialacháin atá beartaithe, ionas gur féidir iad a chomhroinnt idir CSE agus CEBC, na gníomhairí tuairiscithe agus údaráis agus úsáideoirí ábhartha eile (27) (28). |
2.4.9. |
Dá bhrí sin, molann BCE go bhforálfaí leis an airteagal ábhartha de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 (29) nach measfar gur ‘sonraí rúnda’ iad eochairthréithe áirithe maidir le cuideachtaí aonair agus maidir le croí-athróga um shainaithint agus um aicmiú chun críocha an rialacháin atá beartaithe (30). Ina ionad sin, ba cheart a mheas gur eisceachtaí iad ar an gcóras rúndachta idir CSE agus CEBC. Thairis sin, agus iad ar fáil go poiblí, ba cheart go mbeadh CEBC i dteideal na sonraí tagartha roghnaithe sin a úsáid chun críocha eile seachas chun críocha staidrimh amháin, is é sin le rá ní hamháin chun ‘Staidreamh Eorpach’ a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh (31) ach freisin chun cúraimí CEBC de bhun Airteagal 127(2) agus (5) CFAE a chomhlíonadh agus cúraimí BCE maidir le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa de bhun Airteagal 127(6) CFAE agus Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle (32) a chomhlíonadh. |
2.5. |
Sonraí atá ar fáil go poiblí a athúsáid |
2.5.1. |
Is geal le BCE an togra chun foclaíocht Rialachán (CE) 223/2009 (33) a leasú chun foráil a dhéanamh nár cheart a mheas gur sonraí rúnda iad sonraí atá ar fáil go dleathach don phobal nuair a úsáidtear chun críocha staidrimh iad. Tá sé sin comhsheasmhach le cuspóir na straitéise Eorpaí maidir le sonraí, is é sin a áirithiú gur féidir le sonraí gluaiseacht gan bhac laistigh den Aontas agus ó earnáil go hearnáil ar mhaithe le cách. Leis an leasú seo atá beartaithe, ceadaítear úsáid níos éifeachtúla a bhaint as sonraí atá ar fáil go poiblí, ós rud é nach bhfuil feidhm ag foclaíocht reatha Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ach amháin maidir le sonraí atá fós ar fáil don phobal i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta agus nach n-áirítear san fhoclaíocht sin go sainráite sonraí atá ar fáil, ar bhonn níos fairsinge i gcaitheamh an ama, don phobal faoi reachtaíocht an Aontais. |
2.5.2. |
Ag an am céanna, faoin togra, ní mheasfar sonraí atá ar fáil go poiblí a bheith rúnda sa chás amháin go n-úsáidtear iad chun críocha staidrimh. Leasaítear an sainmhíniú ar ‘úsáid chun críocha staidrimh’ chun go gciallaíonn sé ‘úsáid eisiach chun torthaí agus anailísí staidrimh a fhorbairt agus a tháirgeadh, lena n-áirítear le haghaidh taighde gaolmhar agus gníomhaíochtaí eolaíocha nó chun frámaí samplála a bhunú’. Ba cheart feidhm a bheith ag an sainmhíniú freisin maidir le scaipeadh staidrimh a fhaightear ó na sonraí sin, a cheadaítear faoin bhforáil reatha. Chuideodh sé sin lena áirithiú nach mbeadh sonraí atá ar fáil go poiblí agus a scaipeann staitisteoirí faoi réir srianta neamhriachtanacha i gcás ina ndéantar na sonraí sin a athúsáid, lena n-áirítear chun críocha nach críocha staidrimh iad, i gcomhréir le straitéis an Aontais chun infhaighteacht sonraí a mhéadú. Thairis sin, chuideodh sé sin lena áirithiú gur féidir le CEBC úsáid gan bhac a bhaint as sonraí atá ar fáil go poiblí agus lena sainaithnítear daoine dlítheanacha ní hamháin chun a chúraimí staidrimh a chomhlíonadh ach freisin chun a chúraimí dílse agus a chúraimí maoirseachta stuamachta a chomhlíonadh.
I gcás ina molann BCE go ndéanfaí an rialachán atá beartaithe a leasú, leagtar amach tograí sonracha maidir le dréachtú i ndoiciméad oibre teicniúil ar leithligh a bhfuil téacs míniúcháin chuige sin ag gabháil leis. Tá an doiciméad oibre teicniúil ar fáil i mBéarla ar EUR-Lex. |
Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, 28 Meán Fómhair 2023.
Uachtarán BCE
Christine LAGARDE
(1) COM(2023) 402 final.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndacht staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 2533/98 ón gComhairle an 23 Samhain 1998 maidir le bailiú faisnéise staidrimh ag an mBanc Ceannais Eorpach (IO L 318, 27.11.1998, lch. 8).
(4) Féach ‘An Straitéis Eorpach maidir le Sonraí: Eiseamláir a dhéanamh den Aontas sa tsochaí a chumhachtófar le sonraí’ atá le fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin ag www.commission.europa.eu.
(5) Féach Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions, A European strategy for data (Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Straitéis Eorpach maidir le sonraí) (COM/2020/66 final).
(6) Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 agus Airteagal 2a de Rialachán (CE) Uimh. 2533/98.
(7) Maidir le faisnéis staidrimh a tháirgeadh le haghaidh anailís riosca aeráide, is céim thábhachtach é sa phlean gníomhaíochta maidir leis an athrú aeráide arna chinneadh ag Comhairle Rialaithe BCE in 2021 tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar straitéis airgeadaíochta BCE. Féach ECB presents action plan to include climate change considerations in its monetary policy strategy (Cuireann BCE plean gníomhaíochta i láthair chun breithnithe maidir leis an athrú aeráide a chur san áireamh ina straitéis beartais airgeadaíochta), 8 Iúil 2021, atá le fáil ar shuíomh gréasáin BCE ag www.ecb.europa.eu.
(8) Mar a leagtar amach sa rialachán atá beartaithe agus i mír 1.2 thuas.
(9) Féach CMFB opinion on the Exchange of confidential statistical information (ECI) on European Statistics for statistical purposes between the ESS and the ESCB (Tuairim ón gCoiste um Staidreamh Airgeadaíochta, Airgeadais agus Chomhardú na nÍocaíochtaí maidir le Malartú faisnéise staidrimh rúnda (ECI) ar Staidreamh Eorpach chun críocha staidrimh idir CSE agus CEBC), an Coiste um Staidreamh Airgeadaíochta, Airgeadais agus Chomhardú na n-íocaíochtaí, 12 Iúil 2023.
(10) Féach Airteagal 1, pointí (2) agus (7), den rialachán atá beartaithe, lena gcuirtear isteach Airteagail 16a agus 17b go 17f nua i Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.
(11) Airteagal 8(4), pointe a, de Rialachán (CE) Uimh. 2533/98.
(12) Airteagal 21(2) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.
(13) Airteagal 8a(3) de Rialachán (CE) Uimh. 2533/98.
(14) Féach Airteagal 1, pointe (7), den rialachán atá beartaithe, lena gcuirtear isteach Airteagail 17b go 17f nua i Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.
(15) Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchuibhithe i ndáil le rochtain chothrom ar shonraí agus úsáid chothrom sonraí (an Gníomh Sonraí), (COM/2022/68 final).
(16) Féach mír 2.3 de Thuairim ón mBanc Ceannais Eorpach an 5 Meán Fómhair 2022 maidir le togra le haghaidh rialachán maidir le rialacha comhchuibhithe i ndáil le rochtain chothrom ar shonraí agus úsáid chothrom sonraí (an Gníomh Sonraí) (CON/2022/30) (IO C 402, 19.10.2022, lch. 5).
(17) Féach Airteagal 1, pointe (7), den rialachán atá beartaithe, lena gcuirtear isteach Airteagal 17e nua i Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.
(18) Féach Airteagal 1, pointe (7), den rialachán atá beartaithe, lena gcuirtear isteach Airteagal 17f nua i Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.
(19) Féach Airteagal 1, pointe (2), den rialachán atá beartaithe, lena gcuirtear isteach Airteagal 16a nua i Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.
(20) Féach Airteagal 2a de Rialachán (CE) Uimh. 2533/98 agus Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.
(21) Féach Airteagal 21 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.
(22) Féach Airteagal 21(5) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.
(23) Is é aidhm Chreat Tuairiscithe Comhtháite (IReF) CEBC le haghaidh thuairisciú staidrimh na mbanc ná roinnt bailiúcháin sonraí staidrimh a chomhdhlúthú. Is é an tionscadal straitéiseach sin de chuid CEBC an chéad chéim i dtreo comhthuairisciú ag na bainc chun críocha staidrimh, stuamachta agus réitigh, agus tá sé bunaithe freisin ar an gcumas an tacar céanna croíshonraí tagartha a idirmhalartú agus dul ar iontaoibh an chéanna. Bheadh de thoradh ar bheart straitéiseach den sórt sin go laghdófaí an t-ualach tuairiscithe go mór agus, ag an am céanna, go n-uasmhéadófaí úsáideacht na sonraí ag na húsáideoirí.
(24) Chun dul i dtreo caighdeánú, comhtháthú agus idir-inoibritheacht chomhchoiteann a bhaint amach le haghaidh thuairisciú sonraí na mbanc, féach go háirithe an tuarascáil deiridh ó ÚBE dar teideal Report on a feasibility study of an integrated reporting system under Article 430c CRR (Tuarascáil ar staidéar féidearthachta ar chóras comhtháite tuairiscithe faoi Airteagal 430c CRR) (EBA/REP/2021/38) agus straitéis fhadtéarmach CEBC le haghaidh thuairisciú sonraí na mbanc.
(25) Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 172, 26.6.2019, lch. 56).
(26) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/138 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2022 lena leagtar síos liosta de thacair sonraí shonracha ardluacha agus na socruithe maidir lena bhfoilsiú agus lena n-athúsáid (IO L 19, 20.1.2023, lch. 43). Sonraítear na tacair sonraí ábhartha i Roinn 5.1 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme.
(27) Faoi réir na gcosaintí sonraí pearsanta is infheidhme.
(28) Féach Minutes of the CMFB Workshop on Collaboration & exchange of business register data for statistical (and non-statistical) purposes between NSIs and NCBs (Miontuairiscí Cheardlann CMFB maidir le Comhoibriú agus malartú sonraí ón gclár gnó chun críocha staidrimh (agus neamhstaidrimh) idir ISNanna agus BCNanna), 29 Meitheamh 2022 (pointe 26 agus focal scoir).
(29) Airteagal 21 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.
(30) Ná, go deimhin, chun críocha Rialachán (CE) Uimh. 2533/98, atá le nuashonrú anois.
(31) Mar a shainmhínítear in Airteagal 1(1a) de Rialachán (CE) Uimh. 2533/98 ón gComhairle.
(32) Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (IO L 287, 29.10.2013, lch. 63).
(33) Féach Airteagal 1, pointe (10), den rialachán atá beartaithe, a chuirtear in ionad Airteagal 25 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1032/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)