EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023AB0028

Tuairim ón gcomhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh, an 27 Meán Fómhair 2023 ar mholadh ón gComhairle maidir le comhalta de Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Ceannais Eorpaigh a cheapadh (CON/2023/28)

CON/2023/28

OJ C, C/2023/99, 02.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/99/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/99/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2023/99

2.10.2023

TUAIRIM ÓN gCOMHAIRLE RIALAITHE AN BHAINC CEANNAIS EORPAIGH,

an 27 Meán Fómhair 2023

ar mholadh ón gComhairle maidir le comhalta de Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Ceannais Eorpaigh a cheapadh

(CON/2023/28)

(C/2023/99)

Réamhrá agus bunús dlí

An 25 Meán Fómhair 2023, fuair an Banc Ceannais Eorpach (BCE) iarraidh ó Uachtarán na Comhairle Eorpaí ar thuairim maidir le Moladh ón gComhairle an 19 Meán Fómhair 2023 maidir le comhalta de Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Ceannais Eorpaigh a cheapadh (1).

Tá inniúlacht Chomhairle Rialaithe BCE tuairim a thabhairt bunaithe ar Airteagal 283(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Barúlacha ginearálta

1.

Moltar sa mholadh ón gComhairle, a cuireadh faoi bhráid na Comhairle Eorpaí agus a bhfuiltear ag dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus le Comhairle Rialaithe BCE ina leith, go gceapfaí Piero CIPOLLONE mar chomhalta de Bhord Feidhmiúcháin BCE ar feadh téarma oifige ocht mbliana le héifeacht ón 1 Samhain 2023.

2.

Tá Comhairle Rialaithe BCE den tuairim gur duine é an t-iarrthóir molta a bhfuil gradam agus taithí ghairmiúil aitheanta aige i gcúrsaí airgeadaíochta nó baincéireachta mar a cheanglaítear le hAirteagal 283(2) den Chonradh.

3.

Níl aon agóid ag Comhairle Rialaithe BCE i gcoinne mholadh na Comhairle Piero CIPOLLONE a cheapadh mar chomhalta de Bhord Feidhmiúcháin BCE.

Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, 27 Meán Fómhair 2023.

Uachtarán BCE

Christine LAGARDE


(1)   OJ C 334, 22.9.2023, lch. 1.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/99/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top