This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52022XC0304(04)
Publication of a communication of approval of a standard amendment to a product specification for a name in the wine sector referred to in Article 17(2) and (3) of Commission Delegated Regulation (EU) 2019/33 2022/C 104/11
Foilsiú teachtaireachta maidir le formheas ar leasú caighdeánach ar shonraíocht táirge ainm in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún 2022/C 104/11
Foilsiú teachtaireachta maidir le formheas ar leasú caighdeánach ar shonraíocht táirge ainm in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún 2022/C 104/11
PUB/2021/1019
IO C 104, 4.3.2022, pp. 20–27
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
4.3.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 104/20 |
Foilsiú teachtaireachta maidir le formheas ar leasú caighdeánach ar shonraíocht táirge ainm in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún
(2022/C 104/11)
Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).
TEACHTAIREACHT MAIDIR LE LEASÚ CAIGHDEÁNACH LENA LEASAÍTEAR AN DOICIMÉAD AONAIR
“Côtes de Thau”
PGI-FR-A1229-AM01
Dáta na teachtaireachta: 6 Nollaig 2021
TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS NA CÚISEANNA ATÁ LEIS
1. Tuairisc orgánaileipteach ar na fíonta
Cuireadh le pointe 3.3 “Tuairisc orgánaileipteach ar na táirgí” de Chaibidil I den tsonraíocht chun dath agus saintréithe orgánaileipteacha na bhfíonta a shoiléiriú.
Rinneadh na leasuithe sin freisin ar an bpointe dar teideal “Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta” den doiciméad aonair anseo.
2. Limistéar geografach
I gCaibidil I, pointe 4 den tsonraíocht, leathnaíodh an limistéar geografach chun naoi mbardas in aice láimhe atá laistigh de roinn Hérault á áireamh ann. Áirítear sé bhardas de chuid roinn Hérault sa limistéar geografach reatha: Agde, Castelnau de Guers, Florensac, Marseillan, Pinet agus Pomerols. Leathnaíodh é chun naoi mbardas a áireamh ann, ar bardais iad atá suite in oirthuaisceart na roinne agus atá taobh leis an limistéar reatha. Bhí na bardais sin áirithe sa limistéar i ndlúthghaireacht: Balaruc les Bains, Balaruc le Vieux, Bouzigues, Frontignan, Loupian, Mèze, Poussan, Sète agus Villeveyrac.
Ba é ba chuspóir don leasú limistéar an TGFC thart timpeall Mhurlach Thau a thabhairt i gcomhréir le leagan amach geografach na Scéime maidir le Forbairt agus Bainistíocht Uiscí Abhantrach Thau (SAGE). Is dobharcheantar é a bhfuil aeráid mheasartha na Meánmhara i réim ann. Le leathnú TGFC “Côtes de Thau”, neartaíodh an nasc leis an limistéar geografach. Neartaíodh freisin féiniúlacht gheografach an TGFC. Is aonad geografach é atá níos ciallmhaire agus níos aontaithe ó thaobh na haeráide de (aeráid mheasartha na Meánmhara), ó thaobh shaintréithe na fo-ithreach de, agus ó thaobh an phobail de.
Rinneadh an leasú sin sa doiciméad aonair freisin, ar an bpointe dar teideal “Limistéar geografach críochaithe”.
3. Limistéar i ndlúthghaireacht
I gCaibidil I, pointe 4 den tsonraíocht, cuireadh feabhas ar shainmhíniú an limistéir i ndlúthghaireacht agus rinneadh é a athdhíriú ar na bardais atá taobh leis an limistéar geografach, bardais ina ndéantar na cleachtais iarbhír.
Rinneadh an leasú sin sa doiciméad aonair freisin, ar an bpointe dar teideal “Coinníollacha eile - Maolú maidir leis an táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe”.
4. Cineálacha fíniúna
I gCaibidil I, pointe 5 den tsonraíocht, tugadh liosta na gcineálacha fíniúna a úsáidtear chun TGFC “Côtes de Thau” a tháirgeadh cothrom le dáta. Is mian leis an gcomhlacht um chaomhnú agus um bainistiú 15 chineál fíniúna a bhaint den tsonraíocht, ar cineálacha iad nach n-úsáidtear chun na fíonta a tháirgeadh ná nach saothraítear laistigh den limistéar geografach. Baineadh na cineálacha fíniúna seo a leanas: Chasselas B, Chasselas Rose Rs, Chambourcin N, Couderc Noir N, Danlas B, Jurançon Blanc B, Landal N, Lival N, Maréchal Foch N, Mondeuse N, Müller-Thurgau B, Ravat Blanc b, Rayon d’Or B, Rubilande Rs, Valérien B.
Rinneadh an leasú sin sa doiciméad aonair freisin, ar an bpointe dar teideal “Príomhchineálacha fíonchaor”.
5. Nasc leis an limistéar geografach
I gCaibidil I, pointe 7 den tsonraíocht, cuireadh tuilleadh sonraí leis an gcuid “7.1 - Saintréithe an limistéir gheografaigh” chun a mhíniú go n-áirítear 15 bhardas de chuid roinn Hérault i limistéar geografach an TGFC, ar bardais iad atá suite ar an taobh thoir thuaidh agus atá leagtha amach i leathchiorcal thart timpeall Mhurlach Thau.
Cuireadh leis an bpointe dar teideal “7.3 - Nasc cúisíoch” freisin chun léiriú an naisc chúisíoch a neartú, ar nasc é atá bunaithe ar an gcaidreamh idir saintréithe an limistéir gheografaigh agus saintréithe an táirge. Is tír thraidisiúnta ársa í Côtes de Thau agus le fada an lá, tá sé ar cheann de shaintréithe fhíonghoirt na háite go bhfuil siad dírithe ar fhíonta geala a tháirgeadh. Agus iad suite thart timpeall Mhurlach Thau, baineann siad leas as suíomh agus as aeráid na Meánmhara atá iontach buntáisteach chun fíniúnacha a shaothrú. Is meascán de ghaineamh, dúrabhán, cré agus aolchloch iad na hithreacha, agus is minic a bhíonn siad tréscaoilteach. Leis sin, is féidir leis na fíniúnacha fréamhacha doimhne a chur síos agus an tráth céanna dea-bholadh torthaí agus úire a thabhairt do na fíonta.
Rinneadh na leasuithe sin sa doiciméad aonair freisin, ar an bpointe dar teideal “Nasc leis an limistéar geografach”.
6. Coinníollacha maidir le cur i láthair agus lipéadú
Ag pointe 8 den tsonraíocht, dar teideal “8 - Coinníollacha maidir le cur i láthair agus lipéadú”, cuireadh riail lipéadaithe isteach i gcomhréir le rialacha na hEorpa chun teorannacha a chur le húsáid téarmaí áirithe i ndáil le úsáid shonrúchán “Côtes de Thau”. Is iad na téarmaí sin an cineál fíniúna agus an sonrúchán geografach breise “Cap d’Agle”, a ndéantar foráil maidir leis sa tsonraíocht. Leis an gcoinníoll lipéadaithe sin, is féidir féiniúlacht ainm an TGFC a neartú agus a chaomhnú.
7. An túdarás cigireachta
Cuireadh sonraí teagmhála na hInstitiúide Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta (INAO), mar atá an t-údarás atá freagrach as an gcigireacht, le Caibidil III de shonraíocht thásc geografach faoi chosaint “Côtes de Thau”. Is é an comhlacht cigireachta CERTIPAQ a dhéanann an chigireacht thar cheann INAO.
Cuireadh an fhaisnéis sin leis an doiciméad aonair freisin, is é sin leis an bpointe dar teideal “Faisnéis mhionsonraithe faoin údarás cigireachta”.
DOICIMÉAD AONAIR
1. Ainm nó ainmneacha
Côtes de Thau
2. Cineál an táisc gheografaigh
TGFC - Tásc geografach faoi chosaint
3. Catagóirí na dtáirgí fíniúna
|
1. |
Fíon |
|
5. |
Fíon súilíneach ar ardchaighdeán |
4. Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta
1. Tuairisc anailíseach
TUAIRISC THÉACSÚIL ACHOMAIR
Ní féidir an tásc geografach faoi chosaint “Côtes de Thau” a úsáid ach amháin i gcás fíonta socra agus i gcás fíonta súilíneacha ar ardchaighdeán, iad dearg, rosé nó geal.
I gcás na bhfíonta socra, is i reachtaíocht an Aontais a leagtar síos na leibhéil íosta agus uasta maidir le neart alcóil iomlán de réir toirte, aigéadacht iomlán, aigéadacht luaineach agus iomlán dé-ocsaíde sulfair.
I gcás na bhfíonta súilíneacha ar ardchaighdeán, is i reachtaíocht an Aontais a leagtar síos na leibhéil íosta agus uasta maidir le neart alcóil iarbhír de réir toirte, neart alcóil iomlán de réir toirte, aigéadacht iomlán, aigéadacht luaineach, iomlán dé-ocsaíde sulfair agus dé-ocsaíd charbóin.
De mhaolú air sin, na fíonta a bhfuil cion siúcraí coiptheacha (fruchtós agus glúcós) iontu arb ionann é agus 45 ghram in aghaidh an lítir nó ar mó é ná sin, is in ordú comhpháirteach ón Aire Gnóthaí Tomhaltóirí agus ón Aire Talmhaíochta a leagtar síos a gcion aigéadachta luainí.
|
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
|
Neart alcóil iomlán uasta (% de réir toirte) |
|
|
Neart alcóil iarbhír íosta (% de réir toirte) |
9 |
|
Aigéadacht iomlán íosta |
|
|
Aigéadacht luaineach uasta (ina milleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
|
|
Iomlán uasta dé-ocsaíde sulfair (ina mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
|
2. Tuairisc orgánaileipteach
TUAIRISC THÉACSÚIL ACHOMAIR
Thar aon ní eile, is iad saintréithe na bhfíonta dea-bholadh láidir agus cothromaíocht blasanna a bhfuil an úire ina bonn taca léi.
Bíonn snua gealbhuí gléineach mar atá dath geal-órga ar na fíonta geala de ghnáth. Dea-bholadh citris is mó a fhaightear ag an gcéadbhlas, mar aon le húire nach beag. An t-iarbhlas a thagann chun cinn, bíonn dea-bholadh líomóide agus/nó andúchasach nó aimileach air. Iarbhlas fada is ea é a mbíonn imir mianraí ann uaireanta.
Bíonn cuma ghléghlan ar na fíonta rosé agus bíonn siad idir dath éadrom na péitseoige agus dath le himir chorcairghorm ann. Bíonn dea-bholadh fíneálta mín torthaí dearga orthu. Sa bhéal, bíonn céadbhlas láidir spleodrach orthu a mbaineann dea-bholadh caora dearga leis, ach bíonn iarbhlas milseán bruite orthu uaireanta. Is iondúil go maireann siad i bhfad sa bhéal, agus is taitneamhach an úire iontu.
Bíonn dath dorcha ar na fíonta dearga agus imireacha láidre ar fáil iontu. Bíonn dea-bholadh láidir orthu a mheabhraíonn torthaí dearga agus scrobarnaigh na háite. Leis an gcéadbhlas, léirítear gur fíon bog úr é go príomha atá bunaithe ar thorthaí aibí.
Sna fíonta súilíneacha ar ardchaighdeán, faightear bolgáin mhíne ghalánta, úire thaitneamhach agus dea-bholadh a mheabhraíonn bláthanna nó torthaí, ag brath ar na cineálacha fíniúna atá sa mheascán.
|
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
|
Neart alcóil iomlán uasta (% de réir toirte) |
|
|
Neart alcóil iarbhír íosta (% de réir toirte) |
|
|
Aigéadacht iomlán íosta |
|
|
Aigéadacht luaineach uasta (ina milleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
|
|
Iomlán uasta dé-ocsaíde sulfair (ina mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
|
5. Cleachtais fíonóireachta
5.1. Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha
1. Cleachtas fíoneolaíoch sonrach
Ní mór do na cleachtais fíonóireachta cloí le hoibleagáidí an Aontais agus leis na hoibleagáidí sa Chód um Ghnóthaí Tuaithe agus um an Iascaireacht Mhuirí.
5.2. Táirgeacht uasta
1. Fíonta rosé agus geala
120 heictilítear in aghaidh an heicteáir
2. Fíonta dearga
110 heictilítear in aghaidh an heicteáir
6. Limistéar geografach críochaithe
Maidir leis na fíonta a bhaineann leas as an tásc geografach faoi chosaint “Côtes de Thau”, is ar chríoch na mbardas seo a leanas de chuid roinn Hérault a dhéantar na fíonchaora a bhuain, an fhíonóireacht agus táirgeadh na bhfíonta:
Agde, Balaruc-les-Bains, Balaruc-le-Vieux, Bouzigues, Castelnau-de-Guers, Florensac, Frontignan, Loupian, Marseillan, Mèze, Pinet, Pomerols, Poussan, Sète, Villeveyrac.
7. Príomhchineál nó príomhchineálacha fíonchaor
|
|
Alicante Henri Bouschet N |
|
|
Alphonse Lavallée N |
|
|
Altesse B |
|
|
Aramon N |
|
|
Aramon Blanc B |
|
|
Aramon Gris G |
|
|
Aranel B |
|
|
Arinarnoa N |
|
|
Auxerrois B |
|
|
Baco Blanc B |
|
|
Cabernet Franc N |
|
|
Cabernet Sauvignon N |
|
|
Caladoc N |
|
|
Cardinal Rg |
|
|
Carignan N |
|
|
Carignan Blanc B |
|
|
Carmenère N |
|
|
Chardonnay B |
|
|
Chasan B |
|
|
Chenanson N |
|
|
Chenin B |
|
|
Clairette B |
|
|
Clairette Rose Rs |
|
|
Clarin B |
|
|
Colombard B |
|
|
Counoise N |
|
|
Egiodola N |
|
|
Gamay N |
|
|
Gamay de Chaudenay N |
|
|
Gewurztraminer Rs |
|
|
Grenache N |
|
|
Grenache Blanc B |
|
|
Grenache Gris G |
|
|
Gros Manseng B |
|
|
Lledoner Pelut N |
|
|
Marsanne B |
|
|
Marselan N |
|
|
Mauzac B |
|
|
Merlot N |
|
|
Meunier N |
|
|
Muscadelle B |
|
|
Muscardin N |
|
|
Négrette N |
|
|
Parrellada B |
|
|
Petit Manseng B |
|
|
Petit Verdot N |
|
|
Pinot Gris G |
|
|
Pinot Noir N |
|
|
Piquepoul Blanc B |
|
|
Piquepoul Gris G |
|
|
Piquepoul Noir N |
|
|
Portan N |
|
|
Riesling B |
|
|
Roussanne B |
|
|
Savagnin Rose Rs |
|
|
Sciaccarello N |
|
|
Semillon B |
|
|
Servant B |
|
|
Seyval B |
|
|
Sylvaner B |
|
|
Tannat N |
|
|
Tempranillo N |
|
|
Terret Blanc B |
|
|
Terret Gris G |
|
|
Terret Noir N |
|
|
Ugni Blanc B |
|
|
Verdelho B |
|
|
Villard Blanc B |
|
|
Villard Noir N |
|
|
Viognier B |
8. Tuairisc ar an nasc nó ar na naisc
Áirítear 15 bhardas de chuid roinn Hérault i limistéar geografach thásc gheografach faoi chosaint “Côtes de Thau”, ar bardais iad atá leagtha amach i leathchiorcal thart timpeall Mhurlach Thau.
Mar gheall ar an Meánmhuir, na murlaigh, na tránna agus an scrobarnach, tá timpeallacht nádúrtha faoi leith anseo atá ina mbunús le geilleagar agus le modh maireachtála. Imríonn an Murlach Thau tionchar rialaithe ar an tírdhreach agus ar an aeráid. Caomhnaítear ón Meánmhuir é le barra ar a dtugtar lido agus ar a saothraítear fíniúnacha. Is ar raon idir dúrabhán gainmheach agus cré ghainmheach atá na hithreacha. Bíonn siad measartha domhain, mín go hiondúil, gan mórán cloch iontu agus is idir dearg agus béas an dath a bhíonn orthu. Sainghné na haeráide is ea an bháisteach measartha trom san fhómhar agus sa gheimhreadh. Ansin, ní bhíonn mórán báistí i rith an tsamhraidh, ach bíonn stoirmeacha ann anois is arís. Cuireann an ghaoth ón bhfarraige cúiteamh ar fáil, áfach, tríd an ngalú a laghdú agus trí theorainn a chur leis an strus maidir le huisce. Titeann thart faoi 600 mm de bháisteach in aghaidh na bliana. Is ríthábhachtach an tionchar a bhíonn ag Murlach Thau, ar muir intíre í go bunúsach, atá 20 ciliméadar ar fad.
Leis an timpeallacht uisceach sin, maolaítear aeráid dhian na Meánmhara. Fágtar teocht séimh atá iontach oiriúnach chun cineálacha fíniúna geala a aosú.
Tá dlúthbhaint ag an oidhreacht nádúrtha sin le cúrsaí eacnamaíocha na háite, leis an turasóireacht go háirithe (atá dírithe, mar shampla, ar an snámh san fharraige, ar áiseanna spá nó ar an dúlra) leis an bhfíonsaothrú, leis an bhfeirmeoireacht sliogéisc nó leis an iascaireacht.
Tá spéis an tomhaltóra ag forbairt i dtreo fíonta geala úra a bhfuil dea-bholadh torthaí orthu, agus is amhlaidh go bhfuil terroir fhíonta “Côtes de Thau” iontach oiriúnach chun an cineál fíona sin a tháirgeadh. Tá dálaí aeráide agus ithreach ar fáil sa limistéar geografach sin lenar féidir cineálacha fíniúna geala a aosú go mall.
Tá na fíonta socra a tháirgtear ar chríoch an táisc gheografaigh faoi chosaint “Côtes de Thau” ar fáil i dtrí dhath: geal, rosé agus dearg. Tá traidisiún déanta fíonta geala tirime ar fáil go tréan sa réigiún sin, agus tá tásc geografach faoi chosaint “Côtes de Thau” ar an mbeagán a tháirgeann níos mó fíonta geala ná dearga.
Fiú más é Terret B an cineál fíniúna is mó ó thús ama, faightear cineálacha fíniúna ó réigiúin éagsúla na Fraince freisin, lenar féidir feabhas mór a chur ar dhea-bholadh agus ar cháilíocht na bhfíonta.
Is tír thraidisiúnta ársa í Côtes de Thau agus le fada an lá, tá sé ar cheann de shaintréithe fhíonghoirt na háite go bhfuil siad dírithe ar fhíonta geala a tháirgeadh. Agus iad suite thart timpeall Mhurlach Thau, baineann siad leas as suíomh agus as aeráid na Meánmhara atá iontach buntáisteach chun fíniúnacha a shaothrú. Is meascán de ghaineamh, dúrabhán, cré agus aolchloch iad na hithreacha, agus is minic a bhíonn siad tréscaoilteach. Leis sin, is féidir leis na fíniúnacha fréamhacha doimhne a chur síos agus an tráth céanna dea-bholadh torthaí agus úire a thabhairt do na fíonta.
Stiúir na fíonsaothraithe an táirgeadh sin i dtreo fíonta úra cumhra, agus leas á bhaint as an teicneolaíocht nua-aimseartha go léir i réimsí na bainte boige agus an rialaithe teochta.
Is léiriú í an úire ar leith a bhaineann le fíonta TGFC “Côtes de Thau” ar an aeráid faoi leith a fhaightear thart timpeall Mhurlach Thau. Téann siad go hiontach maith, dá bhrí sin, le bia mara na háite.
Ina dhiaidh sin, d’éirigh leis na fíonsaothraithe iad féin a chur in oiriúint don éileamh ó lasmuigh d’abhantrach Thau, trí cuid mhaith fíonta dearga agus rosé a tháirgeadh freisin.
Tá siad tiomanta freisin do bhithéagsúlacht an-ard a réigiúin a chaomhnú trí theicnící iomchuí a chleachtadh. Glacann siad páirt i Scéim Abhantrach Thau a bhunaigh na húdaráis náisiúnta agus áitiúla le tacaíocht ón gCoimisiún Eorpach.
Is timpeallacht chasta agus tharraingteach í Murlach Thau. Mar sin, is bunús den scoth é chun oideachas ceart a fháil i gcúrsaí comhshaoil. Cuireann na fíonsaothraithe iad féin in oiriúint do na ceisteanna sin trí chleachtais a fhorbairt lena léirítear meas ar an mbithéagsúlacht thart timpeall orthu.
Meallann an murlach a lán turasóirí. I measc na gcúiseanna leis sin agus le cáil fhíonta “Côtes de Thau” tá: an snámh, spóirt uisce, an iascaireacht, siúlóidí téamacha, cuairteanna ar fheirmeacha sliogéisc agus Cap d’Agde, ceantar a mheallann na céadta míle turasóirí gach bliain.
Tá dlúthbhaint ag na ceisteanna sin le todhchaí an fhíonsaothraithe. Is ann do na fíonsaothraithe mar gheall ar an nasc fíorláidir atá acu le habhantrach Thau agus is bonn taca í cosaint na timpeallachta nádúrtha sin lenar féidir an tásc geografach faoi chosaint a fhorbairt agus a cháil a bhunú sa timpeallacht shaibhir chasta sin.
9. Coinníollacha fíor-riachtanacha eile (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)
Creat dlíthiúil:
Reachtaíocht náisiúnta
Cineál an choinníll eile:
Maolú maidir leis an táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe
Tuairisc ar an gcoinníoll:
An limistéar i ndlúthghaireacht, ina bhféadfar, de mhaolú, an fhíonóireacht agus na fíonta a tháirgeadh, ar fíonta iad a bhaineann leas as an tásc geografach faoi chosaint “Côtes de Thau”, áirítear ann na bardais seo a leanas atá taobh leis an limistéar geografach: Montagnac, Saint Pons de Mauchiens, Saint Pargoire, Plaissan, Cournonterral, Montbazin, Gigean, Vic la Gardiole, Saint Thibery, Pézenas, Nézignan l’Evèque, Bessan, Vias, Aumes, Cazouls d’Hérault.
Creat dlíthiúil:
Reachtaíocht náisiúnta
Cineál an choinníll eile:
Forálacha breise a bhaineann leis an lipéadú
Tuairisc ar an gcoinníoll:
Féadfar na téarmaí primeur [luath] nó nouveau [nua] a chur leis an tásc geografach faoi chosaint “Côtes de Thau”.
Nuair a chuirtear an téarma traidisiúnta Vin de pays in ionad an téarma indication géographique protégée [tásc geografach faoi chosaint], ní mór lógó TGFC an Aontais Eorpaigh a bheith ar an lipéad.
Féadfar ainm cineáil fíniúna amháin nó níos mó a chur leis an tásc geografach faoi chosaint “Côtes de Thau”.
Ní fhéadfar an t-ainm cineáil fíniúna amháin nó níos mó a chur ach amháin go díreach faoi bhun ainm an táisc gheografaigh faoi chosaint “Côtes de Thau” agus ní bheidh toisí litreacha an ainm sin nó na n-ainmneacha sin níos mó ná leath de mhéid na litreacha ainm an TGFC, ó thaobh airde ná leithid de.
Féadfar aonad geografach níos lú mar atá “Cap d’Agde” a chur leis an tásc geografach faoi chosaint “Côtes de Thau”.
Ní bheidh toisí litreacha ainm an aonaid gheografaigh níos lú mar atá “Cap d’Agde” níos mó ná méid na litreacha ina scríobhtar ainm an táisc gheografaigh faoi chosaint “Côtes de Thau”, ó thaobh airde ná leithid de.
Nasc chuig an tsonraíocht táirge
https://info.agriculture.gouv.fr/gedei/site/bo-agri/document_administratif-2cf1f3e1-6ab1-45ea-9fbb-0371f556cb1f