This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52022XC0224(05)
Publication of a communication of approval of a standard amendment to the product specification for a name in the wine sector referred to in Article 17(2) and (3) of Commission Delegated Regulation (EU) 2019/33 2022/C 88/08
Foilsiú teachtaireachta maidir le formheas ar leasú caighdeánach ar shonraíocht táirge ainm in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún 2022/C 88/08
Foilsiú teachtaireachta maidir le formheas ar leasú caighdeánach ar shonraíocht táirge ainm in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún 2022/C 88/08
PUB/2021/972
IO C 88, 24.2.2022, p. 65–69
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
24.2.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 88/65 |
Foilsiú teachtaireachta maidir le formheas ar leasú caighdeánach ar shonraíocht táirge ainm in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún
(2022/C 88/08)
Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).
TEACHTAIREACHT MAIDIR LE LEASÚ CAIGHDEÁNACH LENA LEASAÍTEAR AN DOICIMÉAD AONAIR
“Saint-Estèphe”
PDO-FR-A0178-AM01
Dáta na teachtaireachta: 26 Samhain 2021
TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS NA CÚISEANNA ATÁ LEIS
1. Cód Geografach Oifigiúil
Cuireadh bardais an limistéir gheografaigh agus an limistéir i ndlúthghaireacht i gcomhréir leis an gCód Geografach Oifigiúil.
Ní dhearnadh aon athrú ar theorainneacha an limistéir.
Leasaíodh pointí 6 agus 9 den doiciméad aonair.
2. Limistéar dáileachta críochaithe
Cuireadh an 3 Meitheamh 2021 le liosta dhátaí chruinnithe an choiste náisiúnta ábhartha a d’fhormheas an teorannú críochaithe dáileachta.
Ba é ba chuspóir don leasú sin an dáta a chur isteach a d’fhormheas an t-údarás náisiúnta ábhartha leasú ar an limistéar críochaithe dáileachta laistigh den limistéar geografach táirgthe. Leis an teorannú dáileachta, sainaithnítear na dáileachtaí atá oiriúnach chun an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint ábhartha a tháirgeadh, ar dáileachtaí iad atá laistigh den limistéar geografach táirgthe.
Ní dhearna na leasuithe sin difear don doiciméad aonair.
3. Cúrsaíocht idir stórthóirí údaraithe
Scriosadh pointe IX(5)(b) de Chaibidil 1 maidir le dáta theacht i gcúrsaíocht na bhfíonta idir stórthóirí údaraithe.
Leis an leasú sin, níor ceanglaíodh leasú a dhéanamh ar an doiciméad aonair.
4. Bearta idirthréimhseacha
Ós rud é go raibh na bearta idirthréimhseacha dulta in éag, baineadh ón tsonraíocht iad.
Leis an leasú sin, níor ceanglaíodh leasú a dhéanamh ar an doiciméad aonair.
5. Tagairt don struchtúr cigireachta
Rinneadh athbhreithniú ar fhoclaíocht na tagartha don struchtúr cigireachta chun an fhoclaíocht a chomhchuibhiú le foclaíocht na sonraíochtaí sonrúcháin eile. Ba leasú eagarthóireachta amháin é. Leis an leasú sin, níor ceanglaíodh leasú a dhéanamh ar an doiciméad aonair.
DOICIMÉAD AONAIR
1. Ainm nó ainmneacha
Saint-Estèphe
2. Cineál an táisc gheografaigh:
STFC - Sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint
3. Catagóirí na dtáirgí fíniúna
1. |
Fíon |
4. Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta
TUAIRISC THÉACSÚIL ACHOMAIR
Is fíonta dearga socra iad.
Bíonn neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte de 11 % sna fíonta, agus tar éis an tsaibhrithe, ní sháraíonn an neart alcóil iomlán de réir toirte 13.5 %.
Baineann na tréithe seo a leanas le gach baisc fíona a dhíoltar:
— |
cion aigéid mhalaigh arb ionann é agus 0.30 g/l nó ar lú é ná sin; |
— |
cion siúcraí coiptheacha (glúcós agus fruchtós) arb ionann é agus 2 g/l nó ar lú é ná sin; |
— |
nuair a dhíoltar ar an mórchóir é, cion aigéadachta luainí arb ionann é agus 13.26 milleachoibhéis in aghaidh an lítir nó ar lú é ná sin, mar atá 0.79 g/l arna shloinneadh mar aigéad aicéiteach (0.65 g/l arna shloinneadh mar H2SO4) go dtí an 31 Iúil den bhliain tar éis bhliain a bhuainte, nó arb ionann é agus 16.33 milleachoibhéis in aghaidh an lítir nó ar lú é ná sin, mar atá 0.98 g/l arna shloinneadh mar aigéad aicéiteach (0.80 g/l arna shloinneadh mar H2SO4) tar éis na dáta sin. |
Is i reachtaíocht an Aontais a leagtar síos an aigéadacht iomlán agus an dé-ocsaíd sulfair iomlán. Bíonn dath dearg gléineach ar na fíonta. Is meascáin iad de ghnáth a bhfuil Cabernet Sauvignon N an cineál fíniúna is mó iontu. Mar gheall ar an gcineál fíniúna sin, bíonn struchtúr láidir ag na fíonta agus faightear tainniní go flúirseach iontu. Is minic a chuireann an cineál fíniúna Merlot N dea-bholadh torthaí dearga leis an dea-bholadh spíosraí atá ann cheana. Neartaíonn na cineálacha fíniúna Cabernet N nó Petit Verdot N an struchtúr agus an chastacht, agus d’fhéadfadh an dara ceann díobh sin úire a thabhairt don fhíon agus é dulta go mór in aibíocht. Ní mór na fíonta tathagacha cumhachtacha sin a aosú ar feadh roinnt blianta, rud a thugann maothlachas, blas torthaí agus míne dóibh.
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
Neart alcóil iomlán uasta (% de réir toirte) |
|
Neart alcóil iarbhír íosta (% de réir toirte) |
|
Aigéadacht iomlán íosta |
|
Aigéadacht luaineach uasta (ina milleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
|
Iomlán uasta dé-ocsaíde sulfair (ina mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
|
5. Cleachtais fíonóireachta
5.1. Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha
1.
Ceadaítear teicnící laghdúcháin chun fíon a shaibhriú suas le ráta tiúcháin de 15 %.
Tar éis shaibhriú na bhfíonta, ní sháróidh an neart alcóil iomlán de réir toirte 13.5 %.
Ní mór do na cleachtais fíonóireachta cloí leis na forálacha thuas, le hoibleagáidí an Aontais agus leis na hoibleagáidí sa Chód um Ghnóthaí Tuaithe agus um an Iascaireacht Mhuirí.
2.
a) Dlús plandaithe.
— |
Is é 7 000 planda in aghaidh an heicteáir an dlús plandála finiúnacha íosta. |
— |
Ní sháróidh an t-achar idir sraitheanna na bhfíniúnacha 1.50 méadar agus ní bheidh an t-achar idir plandaí sa tsraith chéanna níos lú ná 0.80 méadar. |
b) Rialacha prúnála.
— |
Déantar an phrúnáil ag céim na nduilleog oscailte (Céim 9 de réir Lorenz) ar a dhéanaí. |
— |
Déantar na fíniúnacha a phrúnáil de réir na dteicnící seo a leanas, lena mbíonn 12 bhachlóg scartha an planda ar a mhéad:
|
c) An t-uisciú.
Ceadaítear an t-uisciú le linn thréimhse fásta na bhfíniúnacha i gcomhréir le forálacha an Chóid um Ghnóthaí Tuaithe agus um an Iascaireacht Mhuirí.
5.2. Táirgeacht uasta
1. |
63 heictilítear in aghaidh an heicteáir |
6. Limistéar geografach críochaithe
Déantar na fíonchaora a bhuain, an fhíonóireacht agus na fíonta a tháirgeadh agus a aosú ar chríoch bhardas Saint-Estèphe i roinn Gironde, bunaithe ar Chód Geografach Oifigiúil an 1 Eanáir 2021.
7. Príomhchineál nó príomhchineálacha fíonchaor
|
Cabernet Franc N |
|
Cabernet Sauvignon N |
|
Carmenère N |
|
Cot N – Malbec |
|
Merlot N |
|
Petit Verdot N |
8. Tuairisc ar an nasc nó ar na naisc
8.1. Tuairisc ar na tosca nádúrtha a bhfuil baint acu leis an nasc
Tá limistéar geografach an tsonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint “Saint-Estèphe” suite ar bhruach clé inbhear Gironde ar leithinis Médoc, leath bealaigh idir Bordeaux agus Pointe de Grave.
Tá sé ina chuid den limistéar fíonóireachta ar leithinis Médoc a bhfuil geolaíocht ar leith aici arb éard atá inti leathnú léibheann gairbhéalach atá comhthreomhar le hinbhear Gironde, ar léibhinn iad atá idir 4 agus 40 méadar ar airde.
Téann na léibhinn sin siar go dtí an Tréimhse Cheathartha, tá siad thart ar 10 méadar ar tiús ar an meán agus luíonn siad ar mharla agus ar aolchloch an tsealaid Eoicéinigh agus an tsealaid Olagaicéinigh, ar cineálacha cloiche iad a fhaightear go háirithe sa chuid thiar de bhardas Saint-Estèphe. Clúdaíonn gaineamh aeólach na Tréimhse Ceathartha, ar a dtugtar “Sable des Landes”, na foirmíochtaí sin uile siar go himeall na foraoise. Cuireadh sil-leaganacha gláracha (a dtugtar palus sa cheantar orthu) ar bhruach an inbhir le déanaí, ar sil-leaganacha iad a chuireann le héagsúlacht na bhfoirmíochtaí.
Tá sruthanna ar a dtugtar jalles agus esteys lena dtaosctar an limistéar i dtreo inbhear Gironde. Leis an líonra sruthanna sin, gearrtar an limistéar ar bhealach a sheasann na mullaigh ghairbhéalacha amach agus lena leagtar amach teorainneacha roinnt bardas. Mar sin, comhfhreagraíonn limistéar geografach an tsonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint “Saint-Estèphe” do críoch bhardas Saint-Estèphe. Tá críoch an bhardais sin scartha ó bhardas Saint-Seurin-de-Cadourne ag riasc ó thuaidh a thaosctar le “Estey de la Calupeyre” agus ag riasc Lafite ó dheas a thaosctar le “Jalle du Breuil”.
Ithreacha atá idir gaineamh agus gairbhéal nó idir clé agus gairbhéal is mó a fhaightear ar na mullaigh ghairbhéalacha. San iarthar, clúdaítear an bhuncharraig aolchloiche chrua go héagothrom le hithreacha atá idir gaineamh agus gairbhéal agus le hithreacha éadoimhne reinsíne. Tá an saibhreas áitiúil na ndríodar ina chúis amháin leis an éagsúlacht tírdhreacha agus leis an éagsúlacht i ndathanna na n-ithreacha. Tagraíonn an logainmníocht áitiúil do thopografaíocht na mullach agus do chineál na n-ithreacha gairbhéalacha araon le logainmneacha ar nós “Cos” nó “Pez”.
Tá an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Saint-Estèphe” ar an gceann is faide ó thuaidh de na sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint a bhaineann le bardas ar leith i réigiún Médoc agus an dara ceann is mó ó thaobh méide de.
Faightear fíonghoirt ar fhormhór na mullach sa bhardas, rud a théann i bhfeidhm ar thírdhreach an cheantair. Tá líonra mionbhóithre anonn is anall ar fud ann a fhreastalaíonn ar roinnt sráidbhailte. Tá na sráidbhailte sin, ar nós Marbuzet, Blanquet, Pez, Leyssac agus Saint-Corbian, suite thart timpeall ar châteaux fíonóireachta.
Aithnítear na crus is fearr le château galánta a sheasann leis féin i lár an fhíonghoirt.
Ar an taobh thuaidh agus ar an taobh theas den bhardas, faightear gleannta taise ar riasca iad atá ingearach leis an inbhear agus ina bhfuil roinnt féarach agus coillte anseo is ansiúd.
Ar deireadh, san oirthear, tá na mullaigh ghairbhéalacha fíonóireachta, ar saintréith den sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Saint-Estèphe” iad, atá an-ghar don inbhear, rud a fhágann nach bhfuil sna limistéir palus ach stráice atá 200 go 300 méadar ar leithead.
8.2. Tuairisc ar na tosca daonna a bhfuil baint acu leis an nasc
Sa 13ú haois, ba é Gui Martin de Saint-Estèphe, ceann Ardsagartacht Lesparre, Tiarna Calon. Ba ansin a bhí tús le cáil Saint-Estèphe as a “fhíniúnacha maithe”, a bhí ní ba bhrabúsaí ná gránaigh cheana féin. Ar an gcríoch as a d’eascródh bardas Saint-Estèphe ina dhiaidh sin, tháinig bunús stairiúil na sráidbhailte as tiarnais eile, ar nós Tiarnas Blanquet nó Tiarnas Vasáilleach Lassalle de Pez.
Sa 17ú haois agus sa 18ú haois, ba é deachú “Saint-Estèphe” an deachú is airde ar fud réigiún Médoc. Mar sin féin, de réir stair na háite, bhí dlúthbhaint ag cáil fhíonta “Saint-Estèphe” le gníomhaíocht na gceannaithe Bordeaux a d’aosaíodh agus a dhíoladh na fíonta sin.
Is le linn rath an 19ú haois a bunaíodh eastáit mhóra an lae inniu. Is léiriú ar a rath, a gcumhacht agus a dinimiceas iad na châteaux móra galánta a théann siar go dtí an ré sin.
Amhail na sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint eile maidir le fíon ar leithinis Médoc, tá aitheantas á thabhairt do na crus ó bhardas Saint-Estèphe sna haicmithe eastát éagsúla atá á ndéanamh ón 17ú haois agus ón 18ú haois. Mar sin, aithníodh 5 cru de chuid bhardas Saint-Estèphe in “Aicmiú 1855 Fhíonta Bordeaux”, agus bronnadh aitheantas ar thart ar 40 cru in “Aicmiú 1932 crus Bourgeois”.
Sa lá atá inniu ann, díoltar beagnach leath d’fhíonta Saint-Estèphe lasmuigh den chríoch náisiúnta: leis an mBeilg, an Ríocht Aontaithe, an Ghearmáin agus an Ísiltír; nó onnmhairítear iad chuig na Stáit Aontaithe, chuig an Eilvéis agus chuig an Áise.
Aithníodh sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Saint-Estèphe” le Foraithne an 11 Meán Fómhair 1936. Táirgtear 65 000 heictilítear d’fhíonta dearga socra sa limistéar fíonóireachta ar an meán.
Bíonn dath dearg gléineach ar na fíonta. Is meascáin iad de ghnáth a bhfuil Cabernet Sauvignon N an cineál fíniúna is mó iontu. Mar gheall ar an gcineál fíniúna sin, bíonn struchtúr láidir ag na fíonta agus faightear tainniní go flúirseach iontu. Is minic a chuireann an cineál fíniúna Merlot N dea-bholadh torthaí dearga leis an dea-bholadh spíosraí atá ann cheana. Neartaíonn na cineálacha fíniúna Cabernet N nó Petit Verdot N an struchtúr agus an chastacht, agus d’fhéadfadh an dara ceann díobh sin úire a thabhairt don fhíon agus é dulta go mór in aibíocht. Ní mór na fíonta tathagacha cumhachtacha sin a aosú ar feadh roinnt blianta, rud a thugann maothlachas, blas torthaí agus míne dóibh. Bíonn dhá rud ina mbunús le cáilíocht agus úrnuacht fhíonta shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Saint-Estèphe”: sárchomhlántacht na n-ithreacha agus suíomh topagrafach na ndáileachtaí in aice leis an inbhear a chosnaíonn na fíonghoirt ar adhaimsir.
I gcomhréir leis na cleachtais atá leagtha síos cheana féin san fhoraithne lena sainítear sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Saint-Estèphe”, sainítear go beacht na dáileachtaí a bheartaítear chun fíonchaora a bhuain.
Mar sin, áirítear sa limistéar dáileachta críochaithe na dáileachtaí in oirthear an bhardais a bhfuil ithreacha acu atá gairbhéalach agus tirim ó nádúr. Tá na hithreacha sin an-oiriúnach don chineál fíniúna Cabernet Sauvignon N. Eisiatar ón limistéar dáileachta sin gaineamh agus dáileachtaí a bhfuil ithreacha acu a forbraíodh ar shil-leaganacha gláracha nua mar aon le dáileachtaí a bhfuil ithreacha acu a forbraíodh ar fho-ithir neamhscagach.
Áirítear sa limistéar dáileachta críochaithe na dáileachtaí a bhfuil ithreacha acu atá tirim ó nádúr agus atá suite in iarthar an bhardais ar bhuncharraig aolchloiche atá geall le carst. Tá an cineál fíniúna Merlot N iontach oiriúnach do shuímh den sórt sin. Eisiatar logáin a mbaineann aislíonadh gainmheach agus hidreamhoirfeolaíocht athraitheach leo, ceantair a mbaineann cré agus hidreamhoirfeolaíocht dhomhain leo, mar aon le riasca agus tailte portaigh.
Déantar fíonghoirt a bhainistiú ar bhealach lenar féidir fíonchaora an-aibí agus sláintiúla a fháil a bhfuil a dtáirgeacht rialaithe. Leis sin, féadfaidh an tréimhse mhaothaithe a bheith an-fhada chun an struchtúr is gá a fháil le haghaidh aosú na bhfíonta. Dá bharr sin, tá aosú 6 mhí ar a laghad fíor-riachtanach chun cabhrú le forbairt na gcuingreacha tainniní-antóiciaininí is gá le haghaidh chobhsú an datha agus le haghaidh bhratú na dtainniní, rud a fhágann níos boige iad.
In ainneoin an róil thábhachtaigh a bhí ag an trádáil in Bordeaux le haghaidh cháil agus iomrá an tsonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint sin, chuir na heastáit mhóra, ar áiríodh roinnt acu in “Aicmiú 1855 Fhíonta Bordeaux”, go mór lena cháil, agus ba mhór an cuidiú iad chun a íomhá a scaipeadh. Anuas ar na châteaux sin mór le rá, chabhraigh na heastáit bheaga agus mheánmhéide, gnólachtaí teaghlaigh agus comharchumainn go mór le haitheantas a bhaint amach le haghaidh shainiúlacht an tsonrúcháin sin laistigh de Médoc trí úsáid a bhaint as téarmaí sonracha ar nós crus paysans [fíon ó lámh an fheirmeora] agus crus artisans [fíon ó lámh an cheardaí].
9. Coinníollacha fíor-riachtanacha eile (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)
Creat dlíthiúil:
Reachtaíocht aon Aontais
Cineál an choinníll eile:
Maolú maidir leis an táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe
Tuairisc ar an gcoinníoll:
An limistéar i ndlúthghaireacht, ina bhféadfar, de mhaolú, an fhíonóireacht, an táirgeadh agus an t-aosú a dhéanamh, áirítear ann críoch na mbardas seo a leanas de chuid roinn Gironde, bunaithe ar Chód Geografach Oifigiúil an 1 Eanáir 2021: Cissac-Médoc, Pauillac, Saint-Sauveur, Saint-Seurin-de-Cadourne agus Vertheuil.
Creat dlíthiúil:
Reachtaíocht náisiúnta
Cineál an choinníll eile:
Forálacha breise a bhaineann leis an lipéadú
Tuairisc ar an gcoinníoll:
Féadfar an t-aonad geografach níos leithne mar atá “Vin de Bordeaux – Médoc” nó “Grand Vin de Bordeaux – Médoc” a shonrú ar na lipéid. Ní bheidh toisí litreacha an ainm sin níos mó ná dhá thrian de mhéid na litreacha ina scríobhtar ainm an tsonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint, ó thaobh airde ná leithid de.
Nasc chuig an tsonraíocht táirge
http://info.agriculture.gouv.fr/gedei/site/bo-agri/document_administratif-93ceee01-eb46-4a2b-a4e3-3f5a1eaf13be