EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022PC0707

Togra le haghaidh TREOIR ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais

COM/2022/707 final

An Bhruiséil,8.12.2022

COM(2022) 707 final

2022/0413(CNS)

Togra le haghaidh

TREOIR ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais

{SEC(2022) 438 final} - {SWD(2022) 400 final} - {SWD(2022) 401 final} - {SWD(2022) 402 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Tá an cánachas cothrom ar cheann de phríomhcholúin gheilleagar sóisialta margaidh na hEorpa. Tá sé i measc phríomhcholúin thiomantas an Choimisiúin maidir le ‘geilleagar a fhóireann do dhaoine’ 1 freisin. Ba cheart córas cánach cothrom a bheith bunaithe ar rialacha cánach lena n-áirithítear go n-íocann gach duine a chion cothrom, agus ag an am céanna é a dhéanamh éasca do cháiníocóirí cloí leis na rialacha, bíodh gnólachtaí nó daoine aonair i gceist.

Paindéim COVID-19 agus na hiarmhairtí a d’eascair as cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine, cuireann siad práinn leis an ngá atá ann an t-airgeadas poiblí a chosaint. Beidh ioncam cánach leordhóthanach de dhíth ar na Ballstáit chun a gcuid iarrachtaí suntasacha a mhaoiniú chun tionchar diúltach eacnamaíoch na ngéarcheimeanna a shrianadh, agus a áirithiú, an tráth céanna, go ndéantar na grúpaí is leochailí a chosaint. Sa chomhthéacs seo, tá sé níos tábhachtaí ná riamh an chothroime chánach a áirithiú trí chalaois chánach, imghabháil cánach agus seachaint cánach a chosc. Agus, chun an chalaois chánach, imghabháil cánach agus seachaint cánach a chosc ar bhealach níos fearr san Aontas, tá sé ríthábhachtach comhar riaracháin agus malartú faisnéise maidir le cúrsaí cánach a neartú.

Go sonrach, mar gheall ar theacht chun cinn modhanna malartacha íocaíochta agus infheistíochta, amhail criptea-shócmhainní agus ríomh-airgead, tá an baol ann go mbainfear an bonn den dul chun cinn atá déanta maidir le trédhearcacht cánach le blianta beaga anuas agus go mbeidh rioscaí suntasacha ann maidir le himghabháil cánach. Dá bhrí sin, gheall an Coimisiún sa Teachtaireacht maidir le Plean Gníomhaíochta le haghaidh cánachas cothrom agus simplí lena dtacaítear leis an straitéis téarnaimh 2 an treoir maidir le comhar riaracháin a thabhairt cothrom le dáta chun a raon feidhme a leathnú le bheith ina gheilleagar atá ag síorathrú agus chun an creat um chomhar riaracháin a neartú.

Chun tacú le hobair an Choimisiúin, ghlac an Chomhairle (Ecofin) conclúidí ón gComhairle maidir le cánachas cothrom éifeachtach i dtráth an téarnaimh, maidir le dúshláin chánach a bhaineann leis an digitiú agus maidir le dea-rialachas cánach san Aontas agus níos faide i gcéin 3 an 27 Samhain 2020.

I dtuarascáil Ecofin chuig an gComhairle Eorpach maidir le saincheisteanna cánach 4 , tuarascáil a d’fhormheas an Chomhairle Eorpach an 1 Nollaig 2021, deirtear ‘go meastar go ndéanfaidh an Coimisiún, in 2022, togra reachtach a chur síos maidir le hathbhreithniú breise a dhéanamh ar Threoir 2011/16/AE maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais, i ndáil le malartú faisnéise faoi chriptea-shócmhainní agus rialuithe cánach do dhaoine saibhre.’

Ghlac Parlaimint na hEorpa rún an 10 Márta 2022 le moltaí don Choimisiún maidir le cánachas cothrom agus simplí lena dtacaítear leis an straitéis téarnaimh 5 i gcás inar díol sásaimh di an Plean Gníomhaíochta agus ina dtacaíonn sí lena chur chun feidhme críochnúil agus ina n-iarrann sí go sonrach ar an gCoimisiún catagóirí breise ioncaim agus sócmhainní amhail criptea-shócmhainní a áireamh i raon feidhme an uathmhalartaithe faisnéise.

Ba cheart féachaint ar an togra seo freisin i gcomhthéacs na hoibre comhthreomhaire in ECFE chun teacht ar chomhaontú maidir le caighdeán don mhalartú faisnéise chun críocha cánach i ndáil le criptea-shócmhainní (CARF) agus maidir le leathnú raon feidhme an Chomhchaighdeáin Tuairiscithe (CRS) chun ríomh-airgead a chumhdach, rud as ar tháinig comhaontú i mí Lúnasa 2022 6 agus ar chuir G20 fáilte roimhe i nDearbhú Cheannairí Bali 7 i mí na Samhna 2022.

Le blianta beaga anuas, dhírigh an tAontas Eorpach a chuid iarrachtaí ar dhul i ngleic le calaois chánach, imghabháil cánach agus seachaint cánach agus ar an trédhearcacht a chur chun cinn. Rinneadh feabhsuithe móra go háirithe i réimse an mhalartaithe faisnéise trí roinnt leasuithe ar Threoir an Chomhair Riaracháin 8 . Mar sin féin, léiríodh sa tuarascáil ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa 9  agus sa rún ó Pharlaimint na hEorpa 10 roinnt neamhéifeachtúlachtaí agus an gá atá le feabhasú i réimsí éagsúla den Treoir, a bhaineann le gach cineál malartaithe faisnéise agus comhair riaracháin. Go háirithe, an easpa forálacha sonracha lena gcumhdaítear ríomh-airgead agus airgeadraí digiteacha bainc ceannais, rialuithe cánach trasteorann do dhaoine aonair a bhfuil glanfhiúchas ard acu agus an easpa soiléireachta maidir leis na bearta comhlíonta, tháinig na heaspaí sin chun cinn agus iad i measc na ngnéithe is mó sa chreat a raibh fadhbanna i gceist leo 11 .

Tugtar ar aird sa tuarascáil ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa go bhfuil ‘Criptea-airgeadraí eisiata ó raon feidhme an mhalartaithe faisnéise. Má shealbhaíonn cáiníocóir airgead i gcriptea-airgeadraí leictreonacha, níl sé d’oibleagáid ar an ardán ná ar an soláthraí leictreonach eile a sholáthraíonn seirbhísí punainne do na custaiméirí sin aon mhéid ná aon ghnóthachan den sórt sin a fhaightear a dhearbhú do na húdaráis chánach. Dá bhrí sin, ní ghearrtar cáin, den chuid is mó, ar airgead a shealbhaítear in ionstraimí leictreonacha den sórt sin.’

Dá bhrí sin, is léir go bhfuil gá leis an gcreat atá ann cheana a fheabhsú maidir le malartú faisnéise agus comhar riaracháin san Aontas Eorpach.

Chomh maith leis na rialacha atá ann cheana a dhéanamh níos déine, tá gá le comhar riaracháin a leathnú chuig réimsí nua san Aontas. Tá sé sin ann chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le húsáid chriptea-shócmhainní chun críocha infheistíochta, úsáid atá ag méadú i gcónaí. Cabhróidh sé sin le riaracháin chánach san Aontas cánacha a bhailiú ar bhealach níos fearr agus níos éifeachtúla agus cos a choinneáil le forbairtí nua, go háirithe i bhfianaise na ndifríochtaí sna córais chánachais le haghaidh criptea-shócmhainní ó Bhallstát go Ballstát. Mar gheall ar shaintréithe criptea-shócmhainní, is deacair do riaracháin chánach teagmhais inchánacha a rianú agus a bhrath. Treisítear an fhadhb go háirithe nuair a dhéantar trádáil trí úsáid a bhaint as soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní nó oibreoirí criptea-shócmhainní atá lonnaithe i dtír eile, nó nuair a dhéantar í go díreach idir daoine aonair nó eintitis atá bunaithe i ndlínse eile. Mar gheall ar an easpa tuairiscithe ar ioncam ó infheistíochtaí criptea-shócmhainní, tá easnamh ann in ioncam cánach na mBallstát. Tugann sé buntáiste d’úsáideoirí criptea-shócmhainní freisin dóibh siúd nach n-infheistíonn i gcriptea-shócmhainní. Mura dtugtar aghaidh ar an mbearna rialála sin, ní féidir an cuspóir maidir le cánachas cothrom a áirithiú. Chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní sin, chuir an Coimisiún an togra seo ar aghaidh atá bunaithe ar chreat tuairiscithe ECFE maidir le criptea-shócmhainní. Sonraítear sa dara ceann nósanna imeachta maidir le dícheall cuí, ceanglais tuairiscithe agus rialacha eile le haghaidh soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní tuairiscithe. Is í an phríomhdhifríocht idir an togra agus creat tuairiscithe ECFE maidir le criptea-shócmhainní go ndéantar oibreoirí seirbhísí criptea-shócmhainní atá gníomhach ar mhargadh an Aontais a rialáil le Rialachán XXX.

Tá gá le tuairisciú agus malartú faisnéise atá dea-fheidhmiúil agus comhordaithe chun feabhas a chur ar na dálaí chun an ghníomhaíocht is gá a dhéanamh chun smachtbhannaí in aghaidh na Rúise a fhorfheidhmiú. Méadaíonn sé sin an phráinn agus leagtar béim ar a thábhachtaí atá sé forálacha a thabhairt isteach chun a áirithiú go ndéanfar faisnéis a bhaineann le sealbhú criptea-shócmhainní agus idirbhearta criptea-shócmhainní araon a thuairisciú agus a mhalartú i measc na mBallstát.

Foráiltear leis an togra seo freisin go neartófar forálacha na Treorach atá ann cheana chun na forbairtí a tugadh faoi deara sa mhargadh inmheánach agus ar an leibhéal idirnáisiúnta a léiriú. Ba cheart tuairisciú agus malartú éifeachtach faisnéise a bheith mar thoradh air, lena n-áirítear trí léiriú a thabhairt ar na nithe is déanaí a cuireadh leis an gComhchaighdeán Tuairiscithe, lena n-áirítear comhtháthú na bhforálacha maidir le ríomh-airgead agus airgeadra digiteach na mbanc ceannais, trí chreat soiléir comhchuibhithe a sholáthar le haghaidh bearta comhlíonta, nó trí raon feidhme rialuithe trasteorann a leathnú chuig daoine aonair a bhfuil glanfhiúchas ard acu.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Leis an reachtaíocht atá beartaithe, tugtar aghaidh ar an tosaíocht leathan pholaitiúil maidir le trédhearcacht i gcúrsaí cánachais, rud atá ina réamhriachtanas chun calaois chánach, imghabháil cánach agus seachaint cánach a chomhrac ar bhealach éifeachtúil.

Rinneadh an Treoir maidir le comhar riaracháin lena soláthraítear an creat le haghaidh comhar riaracháin idir údaráis inniúla na mBallstát i réimse an chánachais a leasú roinnt uaireanta leis na tionscnaimh seo a leanas:

Treoir 2014/107/AE ón gComhairle an 9 Nollaig 2014 12 (DAC2) a mhéid a bhaineann le faisnéis faoi chuntais airgeadais a uathmhalartú idir na Ballstáit bunaithe ar Chomhchaighdeán Tuairiscithe (CRS) ECFE lena bhforordaítear uathmhalartú faisnéise maidir le cuntais airgeadais atá i seilbh neamhchónaitheoirí;

Treoir (AE) 2015/2376 ón gComhairle an 8 Nollaig 2015 13 (DAC3) a mhéid a bhaineann leis an uathmhalartú sainordaitheach faisnéise i dtaca le rialuithe cánach trasteorann;

Treoir (AE) 2016/881 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2016 14 (DAC4) a mhéid a bhaineann leis an uathmhalartú sainordaitheach faisnéise i dtaca le tuarascálacha de réir tíre (CbCR) i measc na n-údarás cánach;

Treoir (AE) 2016/2258 ón gComhairle an 6 Nollaig 2016 15 (DAC5) a mhéid a bhaineann le rochtain a bheith ag na húdaráis chánach ar fhaisnéis faoin gcomhrac i gcoinne sciúradh airgid;

Treoir (AE) 2018/822 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2018 16 (DAC6) a mhéid a bhaineann leis an uathmhalartú sainordaitheach faisnéise i réimse an chánachais maidir le socruithe intuairiscithe trasteorann; agus

Treoir (AE) 2021/514 ón gComhairle 17 an 22 Márta 2021 (DAC7) lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais a mhéid a bhaineann le díoltóirí ar ardáin dhigiteacha.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Idirghníomhaíonn forálacha reatha na Treorach maidir le Comhar Riaracháin leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí 18 (RGCS) i roinnt cásanna ina mbíonn sonraí pearsanta ábhartha. Ag an am céanna, áirítear sa Treoir forálacha sonracha agus coimircí sonracha maidir le cosaint sonraí. Leanfaidh na leasuithe atá beartaithe de na coimircí sin a leanúint agus urramóidh siad na coimircí sin. Áirithítear leis na bearta ábhartha TF agus na bearta ábhartha nós imeachta go gcosnaítear sonraí pearsanta i gcomhréir le RGCS. Rachaidh an malartú sonraí trí chóras leictreonach daingnithe a chriptíonn agus a dhíchriptíonn na sonraí agus, i ngach riarachán cánach, níor cheart rochtain a bheith ar an bhfaisnéis sin ach ag oifigigh náisiúnta údaraithe amháin. Mar chomhrialaitheoirí ar na sonraí, beidh ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar sonraí a stóráil de réir na mbeart slándála agus na dteorainneacha ama a cheanglaítear le RGCS.

Tá an Coimisiún gníomhach i roinnt réimsí beartais a bhaineann leis an margadh criptea-shócmhainní, lena n-áirítear soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní agus oibreoirí criptea-shócmhainní a chumhdaítear leis an tionscnamh atá beartaithe. Ní chuireann an tionscnamh atá beartaithe isteach ar thionscadail chomhuaineacha eile atá ar bun ag an gCoimisiún mar gheall go bhfuil sé dírithe go sonrach ar aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna áirithe a bhaineann le cáin. Cuireann an togra le forálacha an Rialachán maidir le Margaí Criptea-Shócmhainní (Rialachán XXX) agus leis an Rialachán maidir le hAistriú Cistí go háirithe i dtéarmaí na sainmhínithe a leagtar amach sna gníomhartha sin de chuid an Aontais a úsáid agus a bheith ag brath ar cheanglais údarúcháin na ngníomhartha sin sa Rialachán maidir le Margaí Criptea-Shócmhainní. Áirithítear leis an Rialachán maidir le hAistriú Cistí leibhéal áirithe díchill chuí arna dhéanamh ag eintitis atá faoi oibleagáid chun críocha frithsciúradh airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta ach ní dhéantar foráil ann maidir le tuairisciú agus uathmhalartú faisnéise sna mionsonraí is gá chun críocha cánach dírí.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é Airteagal 115 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) an bunús dlí le haghaidh tionscnaimh reachtacha i réimse an chánachais dhírigh. Cé nach ndearnadh aon tagairt shainráite don chánachas díreach ann, déantar tagairt in Airteagal 115 do threoracha maidir le comhfhogasú dlíthe náisiúnta a dhéanann siad difear do bhunú nó d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Chun an choinníoll seo a chomhlíonadh, is gá é a bheith d’aidhm ag reachtaíocht an Aontais Eorpaigh atá beartaithe i réimse an chánachais dhírigh na neamhréireachtaí atá ann cheana i bhfeidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a cheartú. Thairis sin, ós rud é gur féidir an fhaisnéis a mhalartaítear faoin Treoir maidir le Comhar Riarachán a úsáid i réimse CBL agus i réimse cánacha indíreacha eile freisin, luaitear Airteagal 113 de CFAE mar bhunús dlí chomh maith.

Ós rud é go leasaítear an Treoir leis an tionscnamh atá beartaithe, tá sé ina ghné dhílis de go bhfanfaidh an bunús dlí mar atá sé. Go deimhin, ní imíonn na rialacha atá beartaithe a bhfuil sé d’aidhm leo feabhas a chur ar an gcreat atá ann faoi láthair maidir le malartú faisnéise agus comhar riaracháin ó ábhar na Treorach. Go háirithe, leis na leasuithe atá beartaithe, cuirfear creat soiléir comhchuibhithe ar fáil le haghaidh beart comhlíonta, déanfar forálacha ríomh-airgid a chomhtháthú sa chreat atá ann cheana agus leathnófar raon feidhme na rialuithe trasteorann chuig daoine aonair a bhfuil glanfhiúchas ard acu. Ní féidir cur i bhfeidhm na bhforálacha sin a bhaint amach go comhsheasmhach ach amháin trí dhlíthe náisiúnta a chomhfhogasú.

Sa bhreis ar an gcreat atá ann cheana, cuirtear rialacha i láthair sa togra maidir le tuairisciú ag soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní tuairiscithe mar fhreagairt ar fhadhbanna i réimse an chánachais a eascraíonn as úsáid criptea-shócmhainní le haghaidh infheistíochta nó mar mhodh malartaithe. Ceadaíonn soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní tuairiscithe d’úsáideoirí criptea-shócmhainní úsáid a bhaint as a gcuid seirbhísí, agus ag an am céanna d’fhéadfadh sé nach dtuairiscíonn siad ioncam a thuilltear sa Bhallstát ina bhfuil cónaí orthu. Dá réir sin, bíonn na Ballstáit thíos le hioncam neamhthuairiscithe agus caillteanas ioncaim chánach. Eascraíonn dálaí a bhaineann le hiomaíocht éagórach cánach as staid den sórt sin, in aghaidh daoine aonair nó in aghaidh gnólachtaí a dhéanann infheistíocht i gcriptea-shócmhainní, rud a shaobhann feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Dá bhrí sin, ní féidir dul i ngleic le staid den sórt sin ach amháin trí chur chuige aonfhoirmeach, mar a leagtar síos in Airteagal 115 CFAE.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Leis an togra seo déantar prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 CFAE a chomhlíonadh ina iomláine. Dírítear ar chomhar riaracháin i réimse an chánachais. Áirítear leis sin athruithe áirithe sna rialacha chun feidhmiú forálacha atá ann cheana a bhaineann le comhar trasteorann idir na riaracháin chánach ar fud na mBallstát a fheabhsú. Baineann an togra freisin le raon feidhme an uathmhalartaithe faisnéise a leathnú chuig soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní agus chuig oibreoirí criptea-shócmhainní trí oibleagáid a chur orthu tuairisc a thabhairt ar an ioncam a thuilleann úsáideoirí criptea-shócmhainní.

Níl faisnéis ag údaráis chánach chun faireachán a dhéanamh ar na fáltais a fhaightear trí chriptea-shócmhainní agus ar na hiarmhairtí cánach a d’fhéadfadh a bheith ann. Is é sin le rá go bhfuil easpa faisnéise ar fáil do riaracháin chánach maidir le criptea-shócmhainní, cé go bhfuil tábhacht leis an margadh criptea-shócmhainní le blianta beaga anuas.

Tá reachtaíocht nó treoir riaracháin ar a laghad i bhfeidhm ag formhór na mBallstát chun cáin a ghearradh ar ioncam a fhaightear trí infheistíochtaí criptea-shócmhainní. Mar sin féin, is minic nach mbíonn an fhaisnéis riachtanach acu a chuirfeadh ar a gcumas é sin a dhéanamh.

Ní féidir soiléireacht ná deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú ach trí dhul i ngleic le neamhéifeachtúlachtaí náisiúnta trí shraith aonair rialacha atá infheidhme sna Ballstáit ar fad. Tá sásra láidir de dhíth ar an margadh inmheánach chun dul i ngleic leis na bealaí éalaithe sin ar bhealach aonfhoirmeach agus an saobhadh atá ann cheana a cheartú trína áirithiú go bhfaighidh na húdaráis chánach faisnéis iomchuí ar bhonn tráthúil. Is cosúil go bhfuil creat tuairiscithe comhchuibhithe ar fud an Aontais fíor-riachtanach i bhfianaise ghné fhorleathan trasteorann na seirbhísí arna soláthar ag soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní tuairiscithe. An oibleagáid tuairiscithe i ndáil le hioncam a thuilltear trí infheistiú i gcriptea-shócmhainní, ós rud é go bhfuil sé d’aidhm go príomha ag an oibleagáid sin na húdaráis chánach a chur ar an eolas faoi idirbhearta criptea-shócmhainní trasteorann, is gá tabhairt faoi aon tionscnamh den sórt sin trí ghníomhaíocht ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, chun cur chuige aonfhoirmeach a áirithiú maidir leis an bhfadhb a aithnítear.

Dá bhrí sin, is fearr atá an tAontas Eorpach ná na Ballstáit aonair in ann aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a aithnítear agus éifeachtacht agus iomláine an chórais malartaithe faisnéise agus comhar riaracháin a áirithiú. Ar an gcéad dul síos, áireofar leis an Treoir atá beartaithe go gcuirfear na rialacha i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach ar fud an Aontais. Ar an dara dul síos, beidh na soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní tuairiscithe sa raon feidhme faoi réir na gceanglas tuairiscithe céanna. Ar an tríú dul síos, beidh malartú faisnéise in éineacht leis an tuairisciú agus, mar sin, cuirfear ar chumas na riarachán cánach tacar cuimsitheach faisnéise a fháil maidir leis an ioncam a thuilltear trí ardán digiteach.

Comhréireacht

Baineann an togra le feabhas a chur ar fhorálacha reatha na Treorach maidir le Comhar Riaracháin agus leathnaítear leis raon feidhme na n-uathmhalartuithe faisnéise chuig faisnéis shonrach áirithe arna tuairisciú ag soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní tuairiscithe. Ní théann na feabhsuithe thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí a bhaineann le malartuithe faisnéise a bhaint amach agus comhar riaracháin níos leithne a bhaint amach. Ós rud é gurb iondúil go mbíonn na saofa a aithnítear i bhfeidhmiú an mhargaidh aonair lasmuigh de theorannacha aon Bhallstát amháin, tá comhrialacha an Aontais Eorpaigh ar an íosmhéid is gá chun dul i ngleic leis na fadhbanna ar bhealach éifeachtach.

Dá bhrí sin, rannchuidíonn na rialacha atá beartaithe chun an Treoir a chur i bhfeidhm ar bhealach níos soiléire, níos comhsheasmhaí agus níos éifeachtaí a fhágann go bhfuil bealaí níos fearr ann chun a gcuid cuspóirí a bhaint amach. Leis an oibleagáid beartaithe a bheidh ar sholáthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní tuairiscithe tuairisc a dhéanamh ar an ioncam a thuilleann a gcuid úsáideoirí, cuirtear comhréiteach inoibrithe ar fáil in aghaidh na himghabhála cánach trí úsáid a bhaint as sásraí chun faisnéis ar baineadh triail astu cheana le haghaidh DAC3 agus DAC6 a mhalartú. Sa chaoi sin, is féidir a mhaíomh go bhfuil freagairt chomhréireach sa togra atá beartaithe maidir leis na bealaí éalaithe a aithnítear sa Treoir agus go bhfuil d’aidhm aige freisin dul i ngleic le fadhb na himghabhála cánach.

An rogha ionstraime

Tá dhá bhunús dlí leis an togra sin: Airteagail 113 agus 115 CFAE lena leagtar síos go sainráite nach bhféadfar an reachtaíocht sa réimse sin a achtú ach i bhfoirm dhlíthiúil na Treorach. Ní cheadaítear, dá bhrí sin, aon chineál ghníomh dlí eile de chuid an Aontais a úsáid maidir le rialacha ceangailteacha i gcúrsaí cánachais a rith. De bhreis air sin, is é atá sa treoir atá beartaithe an seachtú leasú ar an Treoir; dá bhrí sin, leanann sé Treoracha 2014/107/AE, (AE) 2015/2376, (AE) 2016/881, (AE) 2016/2258, (AE) 2018/822 agus (AE) 2021/514 ón gComhairle.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

In 2021, scrúdaigh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa an chaoi a bhfuil faireachán á dhéanamh ag an gCoimisiún Eorpach ar chur chun feidhme agus ar fheidhmíocht an chórais malartaithe faisnéise cánach a leagtar síos i dTreoir 2011/16/AE, agus ar an gcaoi a bhfuil an fhaisnéis mhalartaithe á húsáid ag na Ballstáit.

Ina theannta sin, rinne Parlaimint na hEorpa 19 measúnú ar chur chun feidhme na n-oibleagáidí maidir le malartú faisnéise faoi Threoir 2011/16/AE agus na leasuithe a rinneadh uirthi ina dhiaidh sin, arb é is aidhm dóibh calaois chánach, imghabháil cánach agus seachaint cánach a chomhrac trí mhalartú faisnéise a bhaineann le cánachas a éascú.

Thángthas ar an gconclúid sa tuarascáil ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa go bhfuil an córas bunaithe go maith ar an iomlán, ach gur gá níos mó a dhéanamh ó thaobh faireachán a dhéanamh, cáilíocht sonraí a áirithiú agus úsáid a bhaint as an bhfaisnéis a fuarthas. Ina rún, maíonn Parlaimint na hEorpa go bhfuil an fhaisnéis a mhalartaítear ar chaighdeán teoranta agus nach ndéantar mórán faireacháin ar éifeachtacht an chórais. Tugadh faoi deara freisin nach bhfuil aon chomhchreat de chuid an Aontais ann faoi láthair chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht agus ar ghnóthachtálacha an chórais, agus nach ndéanann ach roinnt Ballstát seiceálacha cáilíochta go córasach ar na sonraí a mhalartaítear. Ar deireadh, mhol Parlaimint na hEorpa reachtaíocht nua chun an Treoir a neartú agus a fheabhsú tuilleadh 20 , agus, an tráth céanna, cur chun feidhme críochnúil na rialacha agus na gcaighdeán atá ann cheana a áirithiú, agus i réimse an fhrithsciúrtha airgid freisin. Ag cur leis an dá thuarascáil seo, cuirtear i láthair sa togra reachtach seo tacar sonrach tionscnamh chun feabhas a chur ar fheidhmiú an chomhair riaracháin.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

An 10 Márta 2021, sheol an Coimisiún comhairliúchán poiblí chun aiseolas a bhailiú faoin mbealach chun tosaigh le haghaidh ghníomhaíocht an Aontais Eorpaigh i dtaca leis an gcreat malartaithe faisnéise i réimse an chánachais a neartú. Cuireadh roinnt ceisteanna i láthair agus thug na geallsealbhóirí aiseolas tacúil in 33 freagra san iomlán.

Ina theannta sin, an 23 Márta 2021, rinne an Coimisiún comhairliúchán spriocdhírithe leis an earnáil ghnó trí chruinniú a thionól le hionadaithe éagsúla ó sholáthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní agus ríomh-airgid agus ó chomhlachais sócmhainní digiteacha. Bhí comhdhearcadh ann i measc ionadaithe maidir leis na buntáistí a bhaineann le creat dlí caighdeánaithe a bheith ann chun faisnéis a bhailiú ó sholáthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní tuairiscithe, i gcomparáid le roinnt rialacha tuairiscithe náisiúnta éagsúla. Ina theannta sin, mhol ionadaithe réiteach cosúil le DAC2, rud a d’fhágfadh nach bhféadfaí an fhaisnéis a thuairisciú ach amháin don riarachán cánach i mBallstát ina bhfuil an soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní tuairiscithe údaraithe/ina chónaí/cláraithe.

A mhéid a bhaineann leis na Ballstáit, chuathas i gcomhairle leo trí cheistneoir agus trí chruinnithe tiomnaithe. An 13 Samhain 2020 agus an 24 Márta 2021, d’eagraigh seirbhísí an Choimisiúin cruinniú de Mheitheal IV, áit a raibh an deis ag na Ballstáit togra a d’fhéadfadh a bheith ann chun leasú a dhéanamh ar an Treoir a phlé. Sa chruinniú, díríodh ar thuairisciú agus ar mhalartú faisnéise maidir leis an ioncam a thuilltear trí infheistíochtaí criptea-shócmhainní.

Ar an iomlán, rinneadh taifead de thacaíocht leathan le haghaidh tionscnamh de chuid an Aontais Eorpaigh a d’fhéadfadh a bheith ann chun faisnéis maidir leis an ioncam a thuilleann úsáideoirí criptea-shócmhainní trí sholáthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní tuairiscithe a mhalartú. Thacaigh formhór na mBallstát leis an raon feidhme a ailíniú leis an obair a rinneadh ar leibhéal ECFE.

Ar an iomlán, is cosúil go bhfuil na comhairliúcháin phoiblí agus spriocdhírithe den tuairim gur cheart é a bheith d’aidhm ag na rialacha nua a dhírítear ar sholáthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní tuairiscithe aghaidh a thabhairt ar na nithe seo a leanas: an easpa tuairiscithe ar shealúchais agus ar idirbhearta a bhaineann le criptea-shócmhainní; agus an gá atá le soiléiriú a dhéanamh ar tháirgí ríomh-airgid a áireamh i raon feidhme na n-oibleagáidí tuairiscithe agus an mhalartaithe faisnéise i measc na mBallstát.

Measúnú tionchair

Rinne an Coimisiún measúnú tionchair ar na roghanna beartais ábhartha. Fuair sé sin tuairim dhearfach ón mBord um Ghrinnscrúdú Rialála an 12 Samhain 2021 (SEC(2022)438). D’eisigh an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála tuairim dhearfach ina leith le hamhrais, agus roinnt moltaí á ndéanamh aige maidir le feabhsuithe atá curtha san áireamh sa tuarascáil deiridh maidir leis an measúnú tionchair (SWD(2022)401). Rinne an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála trácht ar na feabhsuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an tuairisc ar raon feidhme an tionscnaimh agus ar na roghanna beartais uile a bhí ar fáil agus indéanta, agus an tionchar ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide á chur san áireamh. Rinneadh an measúnú tionchair a athdhréachtú chun raon feidhme an tionscnaimh a shainiú níos fearr agus chun anailís bhreise a dhéanamh ar na roghanna beartais éagsúla agus aird á tabhairt ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní bunaithe ar a méid.

Rinneadh measúnú ar roghanna éagsúla beartais in aghaidh na gcritéir maidir le héifeachtacht, éifeachtúlacht agus comhleanúnachas i gcomparáid leis an gcás bonnlíne. Tá rogha le déanamh ag an leibhéal is airde den anailís idir an status quo nó cás bonnlíne agus cás ina ndéanfadh an Coimisiún gníomh rialaitheach nó neamhrialaitheach. Bheadh moladh a eisiúint i gceist le gníomhaíocht neamhrialála. I measc na roghanna rialála tá tionscnamh reachtach chun gnéithe sonracha den chreat comhair riaracháin atá ann cheana a leasú.

Bhain na roghanna beartais éagsúla le hidirghníomhú na gcineálacha éagsúla tuairiscithe (i.e. idirbheart ar idirbheart, comhiomlán nó hibrideach) agus leis an bhféidearthacht tairseach a shocrú bunaithe ar mhéid (láimhdeachas) gnólachtaí. Is í an rogha thosaíochta an rogha ina bhfuil tuairisciú hibrideach ann, ina dtuairiscíonn soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní tuairiscithe faisnéis chomhiomlán in aghaidh an chineáil criptea-shócmhainne agus in aghaidh an chineáil idirbhirt; ar an gcaoi sin, a áirithiú gur féidir leis na húdaráis chánach an méid faisnéise a fhaightear a bhainistiú chun na hanailísí riosca is gá a dhéanamh. Ní áirítear leis an rogha thosaíochta aon tairseach atá bunaithe ar mhéid na soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní tuairiscithe toisc go bhféadfadh sí bealaí éalaithe a chruthú.

Maidir leis na soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní tuairiscithe, tugtar le fios sa mheasúnú tionchair gurb é an rogha rialála ar leibhéal an Aontais an rogha is iomchuí chun an beart a sainaithníodh a chomhlíonadh. Léiríodh gurb é an status quo nó an cás bonnlíne an rogha is lú éifeacht, éifeachtúlacht agus comhleanúnachas. I gcodarsnacht leis an gcás bonnlíne, d’áiritheofaí le caighdeán coiteann éigeantach de chuid an Aontais Eorpaigh go mbeadh rochtain ag riaracháin chánach uile an Aontais ar na cineálacha céanna sonraí. Is é sin le rá go gcuirfí le gníomhaíocht rialála de chuid an Aontais na húdaráis chánach uile ar bhonn cothrom maidir le rochtain a fháil ar an bhfaisnéis a bhailítear chun na críche cánach atá aitheanta. Foráiltear leis sin freisin gur féidir faisnéis a uathmhalartú ar leibhéal an Aontais Eorpaigh bunaithe ar chaighdeáin choiteanna agus sonraíochtaí coiteanna. A luaithe a chuirtear chun feidhme é, is é an t-aon chás inar féidir leis na húdaráis chánach i mBallstát an úsáideora criptea-shócmhainní a fhíorú go ndearna an t-úsáideoir na gnóthachain chaipitiúla a tuilleadh trí infheistíochtaí criptea-shócmhainní a thuairisciú go cruinn, gan an gá a bheith ann le hiarrataí agus fiosrúcháin ad hoc, fadálacha. Thairis sin, d’áiritheofaí le comhchaighdeán tuairiscithe éigeantach de chuid an Aontais Eorpaigh nach mbeidh ar sholáthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní aghaidh a thabhairt ar réitigh náisiúnta ilroinnte maidir le hoibleagáidí tuairiscithe a bhaineann le cúrsaí cánach.

Tionchair eacnamaíocha

Tairbhí

An oibleagáid chun an t-ioncam a thuilltear trí infheistíochtaí criptea-shócmhainní a thuairisciú agus faisnéis den sórt sin a mhalartú, cuideoish siad sin leis na Ballstáit tacar iomlán faisnéise a fháil chun an t-ioncam cánach atá dlite a bhailiú. Bunaithe ar mheastacháin, d’fhéadfadh ioncam cánach breise a bheith cothrom le EUR 2.4 billiún. Cuideoidh rialacha tuairiscithe comhchoiteanna freisin le cothrom iomaíochta a chruthú idir soláthraithe criptea-shócmhainní. Chuirfeadh trédhearcacht maidir le hioncam a thuilleann infheisteoirí criptea-shócmhainní feabhas ar chothroime iomaíochta le sócmhainní atá níos traidisiúnta.

Ach ionstraim aonair éigeantach de chuid an Aontais a bheith ann, d’fhéadfadh sé go mbeadh tionchair shóisialta dhearfacha aici agus go gcuirfeadh sí le dearcadh dearfach maidir le cothroime chánach agus leis an ualach a roinnt go cothrom idir na cáiníocóirí. Glactar leis dá leithne raon feidhme na rialacha, gur mó an dearcadh atá ann gurb ann don chothroime chánach, ós rud é go bhfuil saincheisteanna tearcthuairiscithe i ngach cineál gníomhaíochta. Baineann an réasúnaíocht chéanna leis na buntáistí i dtéarmaí an ualach a roinnt go cothrom: Dá leithne raon feidhme an tionscnaimh, is ea is fearr is féidir leis na Ballstáit a áirithiú go mbailítear na cánacha atá dlite ar bhealach éifeachtach. Tá na tairbhí fioscacha a bhaineann le gníomhaíocht an Aontais i bhfad níos mó i gcás ina bhfuil raon feidhme leathan ag an oibleagáid tuairiscithe.

Costais

Meastar gur fiú thart ar EUR 300 milliún na costais aonuaire arna dtabhú le haghaidh tuairisciú cur chun feidhme agus uathoibríoch ar fud an Aontais le haghaidh iomlán na soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní tuairiscithe agus le haghaidh na riarachán cánach, agus costais athfhillteacha thart ar EUR 25 mhilliún in aghaidh na bliana ag gabháil leo. Is de bharr forbairt agus oibríochtaí na gcóras TF go príomha a bhíonn costais aon uaire agus costais athfhillteacha ann. Chomh maith leis sin, tabhóidh riaracháin chánach costais fhorfheidhmiúcháin. Ar mhaithe leis an gcost-éifeachtúlacht, moltar do na Ballstáit tuairisciú digiteach a chumasú agus idir-inoibritheacht córas a áirithiú, lena n-áirítear ar leibhéal sonraí, idir soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní agus riaracháin chánach, a mhéid is féidir.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Tá an togra deartha chun na hualaí rialála a laghdú sholáthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní tuairiscithe, do cháiníocóirí agus do riaracháin chánach. I gcomhréir leis an riail ‘ceann amháin isteach, ceann amháin amach’, soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní tuairiscithe, bainfidh siad tairbhe as ceanglais tuairiscithe aonchineálacha ar fud an Aontais, seachas caighdeáin iolracha a bheith acu ar fud gach Ballstáit. Tá an fhreagairt tosaíochta beartais ina freagra comhréireach ar an bhfadhb a aithníodh ós rud é nach dtéann sí thar a bhfuil riachtanach chun cuspóir na gConarthaí a bhaint amach le go bhfeidhmeoidh an margadh inmheánach ar bhealach níos fearr gan saobhadh. Go deimhin, beidh na rialacha coiteanna teoranta don chreat comhchoiteann íosta is gá a chruthú chun an t-ioncam a thuilltear trí infheistíochtaí criptea-shócmhainní a thuairisciú. Mar shampla: (i) áirítear leis na rialacha nach bhfuil aon tuairisciú dúbailte ann (i.e. pointe aonair tuairiscithe); (ii) go bhfuil an t-uathmhalartú teoranta do na Ballstáit ábhartha; agus (iii) go bhfanfaidh forchur na bpionós de dheasca neamhchomhlíonta faoi rialú ceannasach na mBallstát. Ina theannta sin, ní théann an comhchuibhiú níos faide ná chun a áirithiú go gcuirfear na húdaráis inniúla ar an eolas faoin ioncam a thuilltear. Ina dhiaidh sin, is faoi na Ballstáit cinneadh a dhéanamh faoin gcáin atá dlite o gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta.

Cearta bunúsacha

Leis an treoir seo atá beartaithe, urramaítear na cearta bunúsacha agus cloítear leis na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Go háirithe, déantar an tacar gnéithe sonraí atá le tarchur chuig riaracháin chánach a shainmhíniú sa chaoi agus go ngabhfar na sonraí íosta is gá chun tearcthuairisciú neamhchomhlíontach nó neamh-thuairisciú a bhrath i gcomhréir leis na hoibleagáidí a bhaineann le RGCS, go háirithe prionsabal an íoslaghdaithe sonraí.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Féach an ráiteas airgeadais reachtach.

5.MÍNIÚ MIONSONRAITHE AR FHORÁLACHA SONRACHA AN TOGRA

Leis an togra, cuirtear chun cinn athruithe ar na forálacha atá ann cheana maidir le malartuithe faisnéise agus comhar riaracháin. Ina theannta sin, leathnaítear raon feidhme na Treorach chuig an uathmhalartú faisnéise i ndáil le faisnéis arna tuairisciú ag soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní tuairiscithe. Tá na rialacha maidir le nósanna imeachta maidir le dícheall cuí, ceanglais tuairiscithe agus rialacha eile is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní tuairiscithe bunaithe ar chreat tuairiscithe criptea-shócmhainní ECFE.

(i) Uathmhalartú faisnéise

Catagóirí ioncaim agus caipitil

Leagtar síos in Airteagal 8(1) na catagóirí ioncaim atá faoi réir an uathmhalartaithe shainordaithigh faisnéise idir na Ballstáit. Cuirtear ioncam ó dhíbhinní neamhchoimeádta leis na catagóirí ioncaim agus caipitil atá faoi réir malartú faisnéise cheana féin. Le leasú, cuirfear d’oibleagáid ar na Ballstáit an fhaisnéis uile atá ar fáil maidir le gach catagóir ioncaim agus caipitil 21 i ndáil le tréimhsí inchánach dar tús Eanáir 2026 nó ina dhiaidh sin a mhalartú le Ballstáit eile i gcomhréir le hAirteagal 8(3).

Rialuithe cánach trasteorann do dhaoine aonair a bhfuil glanfhiúntas acu

Leagtar síos in Airteagal 8a rialacha maidir le malartú uathoibríoch rialuithe cánach trasteorann agus réamh-chomhaontuithe praghsála le haghaidh daoine seachas daoine nádúrtha. Leathnaítear an fhoráil seo chuig daoine aonair a bhfuil glanfhiúntas ard acu agus a bhfuil ar a laghad EUR 1 000 000 acu i rachmas nó i sócmhainní airgeadais nó i rachmas nó i sócmhainní in-infheistithe faoi bhainistíocht, cé is moite de phríomh-áit chónaithe phríobháideach an duine aonair sin. Leis an leasú, cuirfear d’oibleagáid ar na Ballstáit faisnéis a mhalartú le Ballstáit eile maidir le rialuithe cánach trasteorann le haghaidh daoine aonair a bhfuil glanfhiúntas acu arna n-eisiúint, arna leasú nó arna n-athnuachan idir an 1 Eanáir 2020 agus an 31 Nollaig 2025, déanfar an chumarsáid sin ar choinníoll go raibh siad fós bailí an 1 Eanáir 2026.

Faisnéis a thuairiscíonn soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní tuairiscithe

Leagtar síos le hAirteagal 8ad an raon feidhme agus na coinníollacha don uathmhalartú sainordaitheach faisnéise a dhéanfaidh soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní tuairiscithe a thuairisciú chuig an údarás inniúil. Na rialacha mionsonraithe maidir leis na hoibleagáidí atá le comhlíonadh trí sholáthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a thuairisciú, leagtar síos na rialacha sin in Iarscríbhinn VI a thugtar isteach le hIarscríbhinn III. Mar chéad chéim, foráiltear leis na rialacha d’oibleagáid ar an soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní a bhíonn i mbun tuairiscithe an fhaisnéis a bhailiú agus a fhíorú i gcomhréir leis na nósanna imeachta díchill chuí a leagtar síos leis an togra. Mar dhara céim, ní mór do na soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní tuairiscithe faisnéis faoi na húsáideoirí criptea-shócmhainní a thuairisciú don údarás inniúil ábhartha, i.e. iad siúd a úsáideann an soláthraí seirbhísí chun a gcriptea-shócmhainní a thrádáil agus a mhalartú. Baineann an tríú céim le cur in iúl na faisnéise tuairiscithe ag údarás inniúil an Bhallstáit a fuair an fhaisnéis ón soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní a bhíonn i mbun tuairiscithe chuig údarás inniúil an Bhallstáit ábhartha ina bhfuil cónaí ar an úsáideoir criptea-shócmhainní intuairiscithe.

Raon feidhme 

Foráiltear le hIarscríbhinn V, Roinn IV sainmhínithe lena gcinntear raon feidhme na rialacha le haghaidh tuairiscithe.

Cé ar a bhfuil sé d’ualach an tuairisciú a dhéanamh?

Áirítear leis na rialacha sainmhínithe ar a bhfuil i gceist le soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní, oibreoir criptea-shócmhainní agus soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní a bhíonn i mbun tuairiscithe.

Ciallaíonn soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní aon duine dlítheanach nó aon ghnóthas dlítheanach arb é a ghairm nó a ghnó seirbhís criptea-shócmhainní amháin nó níos mó a sholáthar do thríú páirtithe ar bhonn gairmiúil, agus atá údaraithe i mBallstát chun seirbhísí criptea-shócmhainní a sholáthar i gcomhréir le Rialachán XXX. Tá an téarma seo nasctha le Rialachán XXX chun sainmhíniú comhsheasmhach a choinneáil. Thairis sin, ceadaítear do sholáthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní gníomhaíocht a dhéanamh san Aontas trí nós imeachta an phas agus liostaítear iad i gclár a choimeádann ESMA.

Ciallaíonn oibreoir criptea-shócmhainní aon duine nádúrtha , aon duine dlítheanach nó aon ghnóthas arb é a ghairm nó a ghnó seirbhís criptea-shócmhainní amháin nó níos mó a sholáthar do thríú páirtithe ar bhonn gairmiúil ach nach bhfuil cumhdaithe faoi raon feidhme Rialachán XXX.

Is é is soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní a bhíonn i mbun tuairiscithe ann aon soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní agus aon oibreoir criptea-shócmhainní a bhíonn i mbun seirbhís criptea-shócmhainní amháin nó níos mó lena gceadaítear d’úsáideoirí intuairiscithe idirbheart malairte a chur i gcrích.

Cuimsíonn an sainmhíniú ar sholáthraí seirbhísí criptea-shócmhainní a bhíonn i mbun tuairiscithe soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní mar a shainmhínítear i Rialachán XXX agus oibreoirí criptea-shócmhainní nach dtagann faoi raon feidhme Rialachán XXX (e.g. oibreoir criptea-shócmhainní ag a bhfuil úsáideoirí criptea-shócmhainní ‘neamhiarrtha’, oibreoirí criptea-shócmhainní a dhéanann trádáil ar licíní neamh-idirmhalartacha, etc.) agus, dá bhrí sin, nach gcomhlíonann na coinníollacha atá le húdarú faoin Rialachán sin.

Faigheann soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní údarú faoi Rialachán XXX i mBallstát an eintitis dhlíthiúil agus dá bhrí sin tuairisceoidh siad sa Bhallstát sin. Ar an taobh eile den scéal, chun oibreoirí criptea-shócmhainní a chumhdach, leagtar síos leis an togra in Airteagal 8ad(7) oibleagáidí maidir le clárú aonair le Ballstát dá rogha féin. Déanfar an tuairisciú sa Bhallstát sin. Leagtar síos in Iarscríbhinn VI, Roinn V, mír F na sonraí a bhaineann leis an leis an bpróiseas clárúcháin. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme na rialacha atá beartaithe agus, chun a bheith níos cruinne, an soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní a bhíonn i mbun tuairiscithe a chlárú agus a shainaithint, tugtar le fomhír 3 d’Airteagal 8ad(11) cumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún foirm chaighdeánach a ghlacadh. Tá na cumhachtaí sin le feidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. 

Ní cheanglófaí ach ar oibreoirí criptea-shócmhainní nach dtagann faoi raon feidhme Rialachán XXX, clárú i mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 8ad(12). Bheadh soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní atá údaraithe cheana féin laistigh den Aontas, de bhun Rialachán XXX, díolmhaithe ón gceanglas clárúcháin aonair.

Ós rud é go bhféadfadh na hoibreoirí criptea-shócmhainní a bheith ina gcónaí lasmuigh den Aontas, foráiltear sa togra go ndéanfar an oibleagáid aonair clárúcháin agus tuairiscithe dá bhforáiltear sa Treoir seo a fhuascailt, oibleagáid atá ag brath ar shásraí tuairiscithe agus malartaithe comhfhreagraí a chinneadh i ndáil le Ballstáit agus dlínsí nach dlínsí de chuid an Aontais iad. Tá an sásra sin cosúil leis sin a áirítear i dTreoir 2021/514 (DAC7) agus tá an cuspóir céanna aige cothrom iomaíochta a áirithiú agus bac a chur le soláthraithe seirbhísí dul i mbun siopadóireacht dlínse.

Ceanglaítear leis an Treoir go ndéanfaidh oibreoirí criptea-shócmhainní de chuid an Aontais agus oibreoirí criptea-shócmhainní neamh-Aontais tuairisciú, sa mhéid go bhfuil úsáideoirí intuairiscithe a bhfuil cónaí orthu san Aontas ag oibreoirí neamh-Aontais den sórt sin. Tá sé sin bunriachtanach chun cothrom iomaíochta a áirithiú i measc na soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní go léir a bhíonn i mbun tuairiscithe agus chun an iomaíocht éagórach a chosc.

Féadfar an oibleagáid maidir le clárú aonair agus tuairisciú d’oibreoirí neamh-Aontais a shaoradh, i gcásanna ina bhfuil socruithe leordhóthanacha ann, chun a áirithiú go ndéanfar faisnéis chomhfhreagrach a mhalartú idir dlínse nach dlínse de chuid an Aontais í agus Ballstáit.

Cinnfidh an Coimisiún na socruithe leordhóthanacha sin i gcomhréir leis na critéir agus na próisis a shonraítear in Airteagal 8ad. I gcás ina gcinntear go bhfuil sí comhfhreagrach, scaoilfear an oibleagáid chlárúcháin agus tuairiscithe agus in éagmais cinnidh den sórt sin, beidh feidhm fós ag na hoibleagáidí clárúcháin agus tuairiscithe, dá bhforáiltear sa Treoir.

Cé na hidirbhearta intuairiscithe?

Is idirbhearta malartaithe agus aistrithe criptea-shócmhainní intuairiscithe iad idirbhearta intuairiscithe. Tá idirbhearta intíre agus trasteorann araon faoi raon feidhme an togra agus déantar iad a chomhiomlánú de réir an chineáil criptea-shócmhainní intuairiscithe.

Cé hiad siúd a bhfuil a gcuid idirbheart intuairiscithe?

Is éard is úsáideoir criptea-shócmhainní ann duine aonair nó eintiteas ar custaiméir de chuid soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní é chun idirbhearta intuairiscithe a dhéanamh. Ní chaitear le duine aonair nó eintiteas, seachas institiúid airgeadais nó soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní a bhíonn i mbun tuairiscithe agus a ghníomhaíonn mar úsáideoir criptea-shócmhainní ar mhaithe le duine aonair nó eintiteas eile mar ghníomhaire, coimeádaí, ainmnitheach, sínitheoir, comhairleoir infheistíochta, nó idirghabhálaí, mar úsáideoir criptea-shócmhainní, agus láimhseáiltear an duine aonair nó eintiteas eile sin mar an t-úsáideoir criptea-shócmhainní.

I gcás ina n-éascaíonn soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní a bhíonn i mbun tuairiscithe íocaíochtaí i gcriptea-shócmhainní le haghaidh ceannaí nó thar ceann ceannaí, ní mór caitheamh leis an gcustaiméir arb é contrapháirtí an cheannaí é mar úsáideoir criptea-shócmhainní. Sna cásanna sin ceanglaítear ar an soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní a bhíonn i mbun tuairiscithe céannacht an chustaiméara a fhíorú i gcomhréir leis na rialacha baile maidir le frithsciúradh airgid.

Is úsáideoir criptea-shócmhainne é úsáideoir intuairiscithe a bhfuil cónaí air i mBallstát ar duine intuairiscithe é. Is iad seo a leanas daoine eisiata: (a) eintiteas a dtrádáiltear a stoc go rialta ar mhargadh urrús bunaithe amháin nó níos mó; (b) aon eintiteas arb eintiteas gaolmhar é d’eintiteas a thuairiscítear i gclásal (a); (c) eintiteas rialtais; (d) eagraíocht idirnáisiúnta; (e) banc ceannais; nó (f) institiúid airgeadais seachas eintiteas infheistíochta a thuairiscítear i Roinn IV E(5)(b).

Is iad idirbhearta úsáideora intuairiscithe amháin na gníomhaíochtaí atá intuairiscithe.

Nósanna imeachta maidir le dícheall cuí

Déanfaidh soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní a bhíonn i mbun tuairiscithe nósanna imeachta maidir le dícheall cuí mar a leagtar síos in Iarscríbhinn VI, Roinn III chun úsáideoirí intuairiscithe a aithint. Tá feidhm ag nósanna imeachta an díchill chuí maidir le húsáideoirí aonair criptea-shócmhainní chomh maith le húsáideoirí criptea-shócmhainní eintitis atá le sainaithint mar úsáideoirí intuairiscithe. Déantar úsáideoirí intuairiscithe den sórt sin a shainaithint trí fhéindeimhniúchán lenar féidir leis an soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní a bhíonn i mbun tuairiscithe áit chónaithe nó áiteanna cónaithe úsáideoirí criptea-shócmhainní a chinneadh, mar shampla. Tríd an bpróiseas sin, féadfar doiciméadacht bhreise a bhailiú de bhun nósanna imeachta díchill chuí do chustaiméirí.

Leagtar síos i Roinn III, mír A an fhaisnéis shonrach maidir le húsáideoir criptea-shócmhainní aonair nach mór do sholáthraí seirbhísí criptea-shócmhainní a bhíonn i mbun tuairiscithe a bhailiú.

Leagtar síos i Roinn III, Mír B an fhaisnéis shonrach maidir le húsáideoir criptea-shócmhainní eintitis nach mór do sholáthraí seirbhísí criptea-shócmhainní a bhíonn i mbun tuairiscithe faisnéis maidir le húsáideoir criptea-shócmhainní eintitis a bhailiú. Tá feidhm ag na nósanna imeachta sin chun a chinneadh an úsáideoir intuairiscithe nó eintiteas é úsáideoir criptea-shócmhainní eintitis, seachas duine eisiata, ag a bhfuil duine rialaithe amháin nó níos mó ar duine intuairiscithe é.

Leagtar síos i Roinn III, Mír C na rialacha maidir le féindeimhniúchán d’úsáideoirí criptea-shócmhainní aonair agus d’úsáideoirí criptea-shócmhainní eintitis.

Leagtar síos i Roinn III, Mír D na ceanglais ghinearálta maidir le dícheall cuí.

Tuairisciú don údarás inniúil ag an soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní a bhíonn i mbun tuairiscithe

Tá an fhaisnéis, arna bailiú agus arna fíorú, le tuairisciú tráth nach déanaí ná 31 Eanáir na bliana tar éis na bliana féilire ábhartha nó tréimhse tuairiscithe iomchuí eile an idirbhirt intuairiscithe. Ní dhéanfar an tuairisciú ach in aon Bhallstát amháin (i.e. clárú aonair sa Bhallstát is rogha leis nó sa Bhallstát údaraithe). Tá soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní a bhíonn i mbun tuairiscithe le tuairisciú sa Bhallstát ina bhfuil sé údaraithe faoi Rialachán XXX. Tá soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní a bhíonn i mbun tuairiscithe nach bhfuil údaraithe faoi Rialachán XXX le tuairisciú a dhéanamh sa Bhallstát ina ndearna sé clárú i gcomhréir le hAirteagal 8ad(11).

I gcomhréir leis an Airteagal 25(3) leasaithe, ní mór don soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní a bhíonn i mbun tuairiscithe gach duine aonair lena mbaineann a chur ar an eolas go mbaileofar agus go dtuairisceofar faisnéis a bhaineann leis an duine aonair sin do na húdaráis inniúla mar a cheanglaítear faoin treoir bheartaithe seo. Ní mór don soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní a bhíonn i mbun tuairiscithe an fhaisnéis uile a cheanglaítear ar na rialaitheoirí sonraí a sholáthar faoin RGCS a sholáthar freisin. Ní mór don soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní a bhíonn i mbun tuairiscithe an fhaisnéis uile a sholáthar do gach duine aonair agus, ar a dhéanaí, sula dtuairiscítear an fhaisnéis. Tá sin gan dochar do chearta an ábhair sonraí dá bhforáiltear faoi RGCS.

Uathmhalartú faisnéise idir údaráis inniúla

Ní mór faisnéis arna tuairisciú ag soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní a bhíonn i mbun tuairiscithe a chur in iúl d’údaráis chánach inniúla na mBallstát ina bhfuil an soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní a bhíonn i mbun tuairiscithe ina chónaí chun críocha cánach nó ina bhfuil a údarú faighte aige, nó i gcás ina bhfuil sé cláraithe, laistigh de 2 mhí tar éis dheireadh na bliana féilire lena mbaineann na ceanglais tuairiscithe is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a thuairisciú. Leagtar síos i Mír 3 d’Airteagal 8ad an fhaisnéis atá le tuairisciú d’údaráis chánach inniúla na mBallstát sin.

Glactar leis go ndéanfaidh Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe an fhaisnéis a thuairisciú d’údarás inniúil Bhallstát a údaraithe, a chónaí chun críoch cánach nó a chláraithe tráth nach déanaí ná 31 Eanáir na bliana tar éis na bliana féilire ábhartha nó tréimhse tuairiscithe iomchuí eile an idirbhirt intuairiscithe.

Le malartuithe tráthúla den sórt sin, cuirfear tacar iomlán faisnéise ar fáil d’údaráis chánach, rud a chuirfidh ar a gcumas acu measúnuithe cánach bliantúla réamhchomlánaithe a ullmhú.

Déanfar an fhaisnéis a uathmhalartú go leictreonach trí líonra cumarsáide coiteann an Aontais Eorpaigh (CCN) trí scéimre XML a d’fhorbair an Coimisiún a úsáid. Is é seo an líonra cumarsáide coiteann a úsáidtear le haghaidh malartú faisnéise údarásach faoin Treoir seo.

Maidir leis an uathmhalartú faisnéise faoin togra seo, cuirfear an fhaisnéis in iúl don eolaire lárnach a d’fhorbair an Coimisiún agus a úsáidtear cheana féin chun faisnéis a mhalartú go huathoibríoch faoi rialuithe cánach trasteorann agus faoi shocruithe trasteorann.

Idirbhearta malairte a chur chun feidhme go héifeachtach agus a chosc

Mura soláthraíonn úsáideoir criptea-shócmhainní an fhaisnéis a cheanglaítear faoi Roinn III tar éis dhá mheabhrúchán tar éis na hiarrata tosaigh ón soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní a bhíonn i mbun tuairiscithe, ach ní roimh dheireadh 60 lá, ní mór do na soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní tuairiscithe cosc a chur ar an úsáideoir criptea-shócmhainní idirbhearta malairte a fheidhmiú. (féach Roinn V, mír A).

(ii) Comhar riaracháin

Pionóis agus bearta comhlíonta eile

Airteagal 25(a) Pionóis agus bearta comhlíonta eile

Pionóis éifeachtacha de dheasca neamhchomhlíonadh ar leibhéal náisiúnta

Leasaítear Airteagal 25a maidir le pionóis trína léiriú go sonrach nach mór do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh i gcomhréir leis an Treoir agus a bhaineann le hAirteagail 8(3a), 8aa, 8ab, 8ac agus 8ad. Tá na pionóis agus na bearta comhlíonta eile dá bhforáiltear sa Treoir le bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Beidh feidhm ag íosphionós airgeadais i gcásanna neamhthuairiscithe tar éis dhá mheabhrúchán riaracháin bhailí nó i gcás ina bhfuil sonraí neamhiomlána, míchearta nó bréagacha san fhaisnéis a sholáthraítear, arb ionann é agus níos mó ná 25 % den fhaisnéis ba cheart a thuairisciú.

(iii) Forálacha eile

An fhaisnéis a úsáid

Leasaítear Airteagal 16 le mír 7 nua lena gceanglaítear ar na Ballstáit sásra éifeachtach a chur i bhfeidhm chun a áirithiú go n-úsáidfear faisnéis a fhaightear tríd an tuairisciú agus tríd an uathmhalartú faisnéise faoi Airteagail 8 go 8ad. Leasaítear Airteagal 16(2) chun a áirithiú gur féidir faisnéis arna tuairisciú agus arna malartú faoin Treoir maidir le Comhar Riaracháin a úsáid chun críocha seachas cánachas díreach, i gcásanna ina bhfuil comhaontú ar leibhéal an Aontais chun an fhaisnéis sin a úsáid chun smachtbhannaí a chur chun feidhme i gcomhthéacs idirnáisiúnta. Is éard a bheadh sna cásanna sin go háirithe na cásanna ina ndearnadh cinntí de bhun Airteagal 215 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le bearta sriantacha. Go deimhin, d’fhéadfadh sé go mbeadh faisnéis a mhalartaítear faoi Threoir 2011/16/AE an-ábhartha chun sárú ar bhearta sriantacha a bhrath nó chun dul timpeall orthu. Ina theannta sin, beidh aon sárú féideartha ar na smachtbhannaí ábhartha chun críoch cánach ós rud é gur seachaint cánach i ndáil leis na sócmhainní sin a bheidh i gceist le seachaint bearta sriantacha i bhformhór na gcásanna. I bhfianaise na sineirgí dóchúla agus an dlúthnaisc idir an dá réimse, is iomchuí, dá bhrí sin, a údarú go mbainfear tuilleadh úsáide as na sonraí.

Tuairisciú

Cuirtear foráil in ionad Airteagal 27 (2) lena gcuirtear d’oibleagáid ar na Ballstáit faireachán agus measúnú a dhéanamh, dá ndlínse féin, ar éifeachtacht an chomhair riaracháin maidir le calaois chánach, imghabháil cánach agus seachaint cánach a chomhrac, i gcomhréir leis an Treoir. Chun críche na meastóireachta ar an Treoir, ní mór do na Ballstáit torthaí a measúnaithe a chur in iúl don Choimisiún gach bliain. Mar thoradh ar an leasú sin, cuirtear deireadh leis an meastóireacht dhébhliantúil ar na sainmharcanna le haghaidh socruithe trasteorann in Iarscríbhinn IV.

·Tuairisciú faisnéise ar uimhreacha aitheantais cánach

Cuirtear isteach Airteagal 27c chun foráil a chur isteach lena n-iarrtar ar na Ballstáit a áirithiú go n-áireofar uimhir aitheantais cánach na ndaoine aonair nó na n-eintiteas a tuairiscíodh. uimhir arna heisiúint ag an mBallstát cónaithe i gcumarsáid na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 8(1), Airteagal 8(3a), Airteagal 8a(6), Airteagal 8aa(3), Airteagal 8ab(14), Airteagal 8ac(2) agus Airteagal 8ad(3). Ní mór an uimhir aitheantais chánach a sholáthar cé nach gceanglaítear go sonrach leis na hAirteagail sin í.

·Athbhreithniú ar fhorálacha Threoir 2014/107/AE

Ós rud é go ndéantar Comhchaighdeán Tuairiscithe ECFE a chur chun feidhme laistigh den Aontas le Treoir 2014/107/AE ón gComhairle (DAC2), cuirtear san áireamh sa togra seo leasuithe ar an gComhchaighdeán Tuairiscithe a comhaontaíodh an 26 Lúnasa 2022 le linn phróiseas an athbhreithnithe ar Thuairisciú Coiteann. Leis na leasuithe sin, leathnaítear raon feidhme an Chomhchaighdeáin Tuairiscithe chun táirgí airgid leictreonaigh agus airgeadraí digiteacha bainc ceannais a chumhdach. Comhaontaíodh leasuithe breise chun na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí agus torthaí tuairiscithe a fheabhsú tuilleadh, d’fhonn inúsáidteacht fhaisnéis an Chomhchaighdeáin Tuairiscithe do riaracháin chánach a mhéadú agus ualaí ar institiúidí airgeadais a theorannú, i gcás inar féidir.

·Seirbhísí um shainaithint

Tugtar isteach seirbhísí aitheantais mar mhodh simplithe agus caighdeánaithe chun soláthraithe seirbhísí agus cáiníocóirí a shainaithint. Ligeann sé sin do na Ballstáit sin ar mian leo an fhormáid sin a úsáid chun sainaithint a dhéanamh gan difear a dhéanamh ar bhealach ar bith do shreabhadh agus do cháilíocht na faisnéise a mhalartaítear le Ballstáit eile nach n-úsáideann seirbhísí sainaitheantais.

·Malartuithe faisnéise a úsáid chun críocha eile

Go ginearálta, foráiltear leis an Treoir go bhféadfaí an fhaisnéis a mhalartaítear a úsáid chun críocha eile seachas chun críocha cánach díreacha agus indíreacha a úsáid a mhéid a luaigh an Ballstát seolta an cuspóir a cheadaítear chun an fhaisnéis sin a úsáid ar liosta. Leis an togra cuirtear deireadh leis an ngá atá le dul i gcomhairle leis an mBallstát seolta i gcásanna ina gcumhdaítear úsáid faisnéise i liosta arna dhréachtú ag an mBallstát seolta.

Ina theannta sin, soiléirítear go hiomchuí sa togra go bhféadfar faisnéis a chuirtear in iúl idir na Ballstáit a úsáid freisin chun dleachtanna custaim a mheasúnú, a riar agus a fhorfheidhmiú, agus chun frithsciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac.

·Dáta chur i bhfeidhm na Treorach

Beidh feidhm ag an Treoir maidir le comhar riaracháin ón 1 Eanáir 2026. Déantar foráil maidir le dhá eisceacht sa Treoir. Beidh feidhm ag na forálacha maidir leis an tseirbhís aitheantais ó mhí Eanáir 2025. Ní bheidh feidhm ag forálacha maidir leis an bhfíorú ar an uimhir aitheantais chánach go dtí mí Eanáir 2027.

 

2022/0413 (CNS)

Togra le haghaidh

TREOIR ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 113 agus 115 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa 22 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 23 ,

Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Is dúshláin mhóra don Aontas agus ar an leibhéal domhanda iad calaois chánach, imghabháil cánach agus seachaint cánach. Tá an malartú faisnéise ríthábhachtach sa chomhrac i gcoinne cleachtais den sórt sin.

(2)Leag Parlaimint na hEorpa béim ar an tábhacht pholaitiúil a bhaineann le cánachas cothrom agus le calaois chánach, imghabháil cánach agus seachaint cánach a chomhrac, lena n-áirítear trí chomhar riaracháin níos fearr agus trí mhalartú faisnéise idir na Ballstáit.

(3)An 1 Nollaig 2021, d’fhormheas an Chomhairle Eorpach tuarascáil ón gComhairle (Ecofin) ina n-iarrtar ar an gCoimisiún Eorpach togra reachtach a chur síos in 2022 ina mbeadh tuilleadh athbhreithnithe ar Threoir 2011/16/AE ón gComhairle 24 , maidir le malartú faisnéise faoi chriptea-shócmhainní agus rialuithe cánach le haghaidh daoine saibhre 25 .

(4)D’fhoilsigh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa tuarascáil ina scrúdaítear creat dlíthiúil agus cur chun feidhme na Treorach. Tagtar ar an gconclúid sa tuarascáil sin go bhfuil creat foriomlán Threoir 2011/16/AE láidir, ach gur gá roinnt forálacha a neartú chun a áirithiú go mbainfear leas iomlán as an malartú faisnéise agus go dtomhaisfear éifeachtacht an uathmhalartaithe faisnéise. Thairis sin, tagtar ar an gconclúid sa tuarascáil gur cheart raon feidhme na Treorach a mhéadú chun catagóirí breise sócmhainní agus ioncaim a chumhdach, amhail criptea-shócmhainní.

(5)Tá tábhacht níos mó ag baint leis an margadh criptea-shócmhainní agus méadaíodh a chaipitliú go mór agus go tapa le 10 mbliana anuas. Is léiriú digiteach ar luach nó ar cheart iad criptea-shócmhainní, ar féidir iad a aistriú agus a stóráil go leictreonach, trí theicneolaíocht mórleabhar dáilte nó teicneolaíocht chomhchosúil a úsáid.

(6)Tá rialacha agus treoir i bhfeidhm ag na Ballstáit, cé nach ionann iad ar fud na mBallstát, maidir le cáin a ghearradh ar ioncam a dhíorthaítear ó idirbhearta criptea-shócmhainní. Mar gheall ar chineál díláraithe criptea-shócmhainní, áfach, is deacair do riaracháin chánach na mBallstát comhlíonadh cánach a áirithiú.

(7)Le Rialachán XXX maidir le Margaí Criptea-Shócmhainní ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 26 (Rialachán XXX), leathnaíodh imlíne rialála an Aontais chuig saincheisteanna criptea-shócmhainní nach raibh á rialáil go dtí seo ag gníomhartha seirbhísí airgeadais an Aontais chomh maith le soláthraithe seirbhísí i ndáil leis na criptea-shócmhainní sin (‘soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní’). Leagtar amach i Rialachán XXX na sainmhínithe a úsáidtear le haghaidh chuspóirí na Treorach seo. Cuirtear san áireamh sa Treoir seo freisin an ceanglas údarúcháin le haghaidh soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní faoi Rialachán XXX chun an t-ualach riaracháin ar sholáthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a íoslaghdú. Mar gheall ar chineál bunúsach trasteorann na gcriptea-shócmhainní, tá gá le comhar riaracháin idirnáisiúnta láidir chun rialáil éifeachtach a áirithiú.

(8)Le creat an Aontais maidir le Frithsciúradh Airgid/Maoiniú na Sceimhlitheoireachta a Chomhrac (AML/CFT), leathnaítear raon feidhme na n-eintiteas faoi oibleagáid atá faoi réir rialacha AML/CFT, chuig soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a rialaítear le Rialachán XXX. Ina theannta sin, leathnaítear le Rialachán XXX 27 an oibleagáid atá ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta faisnéis faoin íocóir agus faoin íocaí a chur le haistrithe cistí chuig soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní chun inrianaitheacht aistrithe criptea-shócmhainní a áirithiú chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac.

(9)Ar an leibhéal idirnáisiúnta, is é is aidhm don Chreat Tuairiscithe Criptea-Shócmhainní de chuid na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) 28 trédhearcacht chánach níos fearr a thabhairt isteach maidir le criptea-shócmhainní agus maidir le tuairisciú ina leith. Ba cheart an creat a d’fhorbair ECFE a chur san áireamh i rialacha an Aontais chun éifeachtacht an mhalartaithe faisnéise a mhéadú agus chun an t-ualach riaracháin a laghdú.

(10)Le Treoir 2011/16/AE ón gComhairle 29 leagtar síos oibleagáidí ar idirghabhálaithe airgeadais faisnéis faoi chuntais airgeadais a thuairisciú do riaracháin chánach a gceanglaítear orthu ansin an fhaisnéis sin a mhalartú le Ballstáit ábhartha eile. Níl oibleagáid ann, áfach, maidir leis an gcuid is mó de chriptea-shócmhainní a thuairisciú faoin Treoir sin toisc nach airgead iad a choimeádtar i gcuntais taisclainne ná i sócmhainní airgeadais. Ina theannta sin, i bhformhór na gcásanna, ní chumhdaítear soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní ná oibreoirí criptea-shócmhainní leis an sainmhíniú atá ann cheana ar institiúidí airgeadais faoi Threoir 2011/16/AE.

(11)Chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin nua a eascraíonn as úsáid mhéadaitheach modhanna malartacha íocaíochta agus infheistíochta, a bhfuil rioscaí nua imghabhála cánach ag baint leo agus nach gcumhdaítear go fóill le Treoir 2011/16/AE, ba cheart criptea-shócmhainní agus a n-úsáideoirí a chumhdach leis na rialacha maidir le tuairisciú agus malartú faisnéise.

(12)Chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, ba cheart an tuairisciú a bheith éifeachtach, simplí agus sainithe go soiléir. Is deacair teagmhais inchánach a tharlaíonn agus infheistíocht á déanamh i gcriptea-shócmhainní a bhrath. Is iad soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní tuairiscithe is fearr atá in ann an fhaisnéis is gá faoina n-úsáideoirí a bhailiú agus a fhíorú. Ba cheart an t-ualach riaracháin a íoslaghdú don tionscal ionas go mbeidh sé in ann a lánacmhainneacht a fhorbairt laistigh den Aontas.

(13)Tá uathmhalartú faisnéise idir údaráis chánach ríthábhachtach chun go mbeidh an fhaisnéis is gá acu ionas go mbeidh siad in ann measúnú ceart a dhéanamh ar na méideanna cánach ioncaim atá dlite. Ba cheart go gcumhdódh an oibleagáid tuairiscithe gníomhaíochtaí trasteorann agus gníomhaíochtaí intíre araon, chun éifeachtúlacht na rialacha tuairiscithe, dea-fheidhmiú an Mhargaidh Inmheánaigh, cothrom iomaíochta agus urramú phrionsabal an neamh-idirdhealaithe a áirithiú.

(14)Tá feidhm ag an Treoir maidir le soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a rialaítear le Rialachán XXX agus a údaraítear faoi agus maidir le hoibreoirí criptea-shócmhainní nach rialaítear leis an Rialachán sin ná nach n-údaraítear faoi. Tagraítear don dá ghrúpa mar sholáthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní tuairscithe toisc go gceanglaítear orthu tuairisciú faoin Treoir seo. Tá an tuiscint ghinearálta ar a bhfuil i gceist le criptea-shócmhainní an-leathan agus áirítear inti na criptea-shócmhainní sin a eisítear ar bhealach díláraithe, chomh maith le cripteamhonaí cobhsaí, agus licíní neamh-idirmhalartacha (NFTanna) áirithe. Tá criptea-shócmhainní a úsáidtear chun críoch íocaíochta nó infheistíochta intuairiscithe faoin Treoir seo. Dá bhrí sin, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní tuairiscithe a mheas ar bhonn cás ar chás cé acu is féidir nó nach féidir criptea-shócmhainní a úsáid chun críoch íocaíochta agus infheistíochta, agus na díolúintí dá bhforáiltear i Rialachán XXX á gcur san áireamh, go háirithe maidir le líonra teoranta agus licíní fóntais áirithe.

(15)Chun é a chur ar a gcumas do riaracháin chánach anailís a dhéanamh ar an bhfaisnéis a fhaigheann siad agus í a úsáid i gcomhréir le forálacha náisiúnta, mar shampla, chun faisnéis a mheaitseáil agus luacháil a dhéanamh ar shócmhainní agus ar ghnóthachain chaipitiúla, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le tuairisciú agus malartú faisnéise atá foroinnte i ndáil le gach criptea-shócmhainn a ndearna an t-úsáideoir criptea-shócmhainní idirbhearta ina leith.

(16)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú chun forálacha maidir le huathmhalartú faisnéise idir údaráis inniúla a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun na socruithe praiticiúla is gá a ghlacadh chun uathmhalartú sainordaitheach faisnéise a thuairiscíonn soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní tuairiscithe a chur chun feidhme, lena n-áirítear foirm chaighdeánach le haghaidh malartú faisnéise. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 30 .

(17)Is féidir le soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a chumhdaítear le Rialachán XXX a ngníomhaíocht a dhéanamh san Aontas trí nós imeachta an phas nuair atá a n-údarú faighte acu i mBallstát. Chun na gcríoch sin, coinníonn ESMA clár le soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní údaraithe. Ina theannta sin, coinníonn ESMA dúliosta d’oibreoirí a fheidhmíonn seirbhísí criptea-shócmhainní ar gá údarú a fháil ina leith faoi Rialachán XXX.

(18)Maidir le hoibreoirí criptea-shócmhainní nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin sin ach a bhfuil oibleagáid orthu faisnéis a thuairisciú faoi na húsáideoirí criptea-shócmhainní a bhfuil cónaí orthu san Aontas de bhun na Treorach seo, ba cheart a chur de cheangal orthu clárú agus tuairisciú in aon Bhallstát amháin chun a n-oibleagáidí tuairiscithe a chomhlíonadh.

(19)Chun comhar riaracháin a chothú sa réimse seo le dlínsí nach dlínsí de chuid an Aontais iad, maidir le hoibreoirí criptea-shócmhainní atá lonnaithe i ndlínsí nach dlínsí de chuid an Aontais iad agus a sholáthraíonn seirbhísí d’úsáideoirí criptea-shócmhainní an Aontais, amhail soláthraithe seirbhísí NFTanna nó oibreoirí a sholáthraíonn seirbhísí ar bhonn sirtheoireacht droim ar ais, ba cheart cead a bheith acu faisnéis maidir le húsáideoirí criptea-shócmhainní a bhfuil cónaí orthu san Aontas a thuairisciú d’údaráis chánach dlínse nach dlínse de chuid an Aontais í amháin a mhéid a chomhfhreagraíonn an fhaisnéis a thuairiscítear don fhaisnéis a leagtar amach sa Treoir seo agus a mhéid atá malartú éifeachtach faisnéise ann idir an dlínse nach dlínse de chuid an Aontais í agus Ballstát. D’fhéadfaí soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a údaraítear faoi Rialachán XXX a dhíolmhú ón bhfaisnéis sin a thuairisciú sna Ballstáit ina bhfuil an t-údarú acu má dhéantar an tuairisciú comhfhreagrach i nDlínse nach Dlínse de chuid an Aontais í agus a mhéid atá comhaontú éifeachtach cáilitheach idir údaráis inniúla i bhfeidhm. Ina dhiaidh sin, chuirfeadh an dlínse cháilithe nach dlínse de chuid an Aontais í an fhaisnéis sin in iúl do riaracháin chánach na mBallstát sin ina bhfuil úsáideoirí criptea-shócmhainní ina gcónaí. I gcás inarb iomchuí, ba cheart an sásra seo a úsáid ionas nach ndéanfar faisnéis chomhfhreagrach a thuairisciú agus a tharchur níos mó ná aon uair amháin.

(20)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Treoir seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun a chinneadh, maidir le faisnéis is gá a mhalartú de bhun comhaontú idir údaráis inniúla Ballstáit agus dlínse nach dlínse de chuid an Aontais í, cé acu atá nó nach bhfuil an fhaisnéis sin comhfhreagrach leis an bhfaisnéis a shonraítear sa Treoir seo. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Ar bhonn níos sonraí, ba cheart don Choimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil an fhaisnéis is gá a mhalartú de bhun comhaontú idir údaráis inniúla Ballstáit agus dlínse nach dlínse de chuid an Aontais í comhfhreagrach leis an bhfaisnéis a shonraítear sa Treoir sin. Ós rud é go bhfuil sé fós faoi inniúlacht na mBallstát comhaontuithe a thabhairt i gcrích le dlínsí nach dlínsí de chuid an Aontais iad maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais dhírigh, d’fhéadfaí gníomhaíocht an Choimisiúin a chur i ngníomh freisin le hiarraidh ó Bhallstát. Chun na críche seo, féadfar cinneadh na comhfhreagartha a dhéanamh freisin, tar éis iarraidh a fháil ó Bhallstát sula mbeartaítear comhaontú den sórt sin a thabhairt i gcrích. I gcás ina mbeidh malartú faisnéise den sórt sin bunaithe ar chomhaontú iltaobhach údarás inniúil, ba cheart an cinneadh maidir le comhfhreagras a dhéanamh i ndáil leis an gcreat ábhartha ina iomláine a chumhdaítear leis an gcomhaontú údarás inniúil sin. Mar sin féin, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ann fós an cinneadh a dhéanamh maidir le comhfhreagras, i gcás inarb iomchuí, i ndáil le comhaontú déthaobhach údaráis inniúil.

(21)Sa mhéid gur íoschaighdeán nó a choibhéis é Creat Tuairiscithe Criptea-Shócmhainní ECFE, an caighdeán idirnáisiúnta maidir le tuairisciú agus uathmhalartú faisnéise faoi chriptea-shócmhainní, ar caighdeán é lena mbunaítear raon feidhme íosta agus inneachar maidir lena chur chun feidhme ag dlínsí, níor cheart a cheangal go ndéanfadh an Coimisiún cinneadh maidir le comhfhreagras idir an Treoir seo agus Creat Tuairiscithe Criptea-Shócmhainní ECFE, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, ar choinníoll go bhfuil Comhaontú Éifeachtach Cáilitheach idir Údaráis Inniúla i bhfeidhm idir na dlínsí nach dlínsí de chuid an Aontais iad agus na Ballstáit uile.

(22)Cé gur thacaigh G20 le Creat Tuairiscithe Criptea-Shócmhainní ECFE agus gur mhol sé go gcuirfí chun feidhme é, níl aon chinneadh déanta fós maidir le cé acu a mheasfaí nó nach measfaí é a bheith ina íoschaighdeán nó a choibhéis. Go dtí go ndéanfar an cinneadh sin, tá dhá chur chuige éagsúla sa togra chun comhfhreagras a chinneadh.

(23)Ní ghlacann an Treoir seo ionad aon oibleagáidí níos leithne a eascraíonn as Rialachán XXX.

(24)Chun cóineasú a chothú agus maoirseacht chomhsheasmhach a chur chun cinn maidir le Rialachán XXX, ba cheart d’údaráis inniúla náisiúnta oibriú i gcomhar le húdaráis inniúla náisiúnta eile agus faisnéis ábhartha a chomhroinnt.

(25)Maidir le faoiseamh a thabhairt ón oibleagáid chlárúcháin agus tuairiscithe dá bhforáiltear sa Treoir seo atá ag brath ar shásraí comhfhreagracha tuairiscithe agus malartaithe a chinneadh i ndáil le dlínsí nach dlínsí de chuid an Aontais iad agus i ndáil leis na Ballstáit, níor cheart a thuiscint go bhfuil sé infheidhme ach amháin i réimse an chánachais, go háirithe chun críoch na Treorach seo agus níor cheart é a mheas mar bhonn chun comhfhreagras a aithint i réimsí eile de dhlí an Aontais.

(26)Tá sé ríthábhachtach atreisiú a dhéanamh ar fhorálacha Threoir 2011/16/AE maidir leis an bhfaisnéis atá le tuairisciú nó le malartú chun dul in oiriúint d’fhorbairtí nua ar mhargaí éagsúla agus, dá bhrí sin, dul i ngleic go héifeachtach le hiompar sainaitheanta maidir le calaois chánach, seachaint cánach agus imghabháil cánach. Ba cheart na forbairtí a fheictear sa mhargadh inmheánach agus ar an leibhéal idirnáisiúnta a léiriú sna forálacha sin ionas go mbeidh tuairisciú éifeachtach agus malartú éifeachtach faisnéise ann. Dá bhrí sin, áirítear sa Treoir, i measc nithe eile, na breisithe is déanaí ar Chomhchaighdeán Tuairiscithe ECFE, comhtháthú na bhforálacha maidir le ríomh-airgead agus airgeadra digiteach na mbanc ceannais, creat soiléir comhchuibhithe le haghaidh bearta comhlíonta, agus leathnú raon feidhme na rialuithe trasteorann chuig daoine aonair a bhfuil glanfhiúchas ard acu.

(27)Úsáidtear táirgí ríomh-airgid, mar a shainmhínítear i dTreoir 2009/110/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 31 , go minic san Aontas agus tá méadú ag teacht ar líon na n-idirbheart agus a gcomhluach de réir a chéile. Ní chumhdaítear táirgí ríomh-airgid go sainráite le Treoir 2011/16/AE, áfach. Tá cineálacha éagsúla cur chuige ag na Ballstáit i leith ríomh-airgid. Mar thoradh air sin, ní chumhdaítear táirgí gaolmhara i gcónaí leis na catagóirí ioncaim agus caipitil atá ann cheana i dTreoir 2011/16/AE. Dá bhrí sin, ba cheart rialacha a thabhairt isteach lena n-áiritheofar go mbeidh feidhm ag oibleagáidí tuairiscithe maidir le ríomh-airgid agus licíní ríomh-airgid faoi Rialachán XXX.

(28)Chun deireadh a chur le bealaí éalaithe lena gcumasaítear imghabháil cánach, seachaint cánach agus calaois chánach, ba cheart a chur de cheangal ar na Ballstáit faisnéis a bhaineann le hioncam a dhíorthaítear ó dhíbhinní neamhchoimeádta a mhalartú. Ba cheart, dá bhrí sin, ioncam ó dhíbhinní neamhchoimeádta a áireamh sna catagóirí ioncaim atá faoi réir uathmhalartú sainordaitheach faisnéise.

(29)Tá an Uimhir Aitheantais Chánach (‘TIN’) fíor-riachtanach chun go mbeidh na Ballstáit in ann an fhaisnéis a fhaightear a mheaitseáil le sonraí atá i mbunachair sonraí náisiúnta. Cuireann sé le cumas na mBallstát na cáiníocóirí ábhartha a shainaithint agus measúnú ceart a dhéanamh ar na cánacha gaolmhara. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach go n-éileoidh na Ballstáit go gcuirfear TIN in iúl i gcomhthéacs malartuithe a bhaineann le cuntais airgeadais, rialuithe cánach trasteorann agus réamh-chomhaontuithe praghsála, tuarascálacha de réir tíre, socruithe intuairiscithe trasteorann, agus faisnéis faoi dhíoltóirí ar ardáin dhigiteacha.

(30)Ós rud é nach ndéantar rialuithe a mhalartú maidir le daoine aonair a bhfuil glanfhiúchas ard acu, d’fhéadfadh sé nach mbeadh riaracháin chánach ar an eolas faoi na rialuithe sin. Tá an baol ann go gcruthóidh an cás sin deiseanna le haghaidh calaois chánach, imghabháil cánach agus seachaint cánach. Dá bhrí sin, ba cheart go gcuimseodh malartú uathoibríoch rialuithe cánach trasteorann agus réamh-chomhaontuithe praghsála cásanna ina mbaineann rialú cánach trasteorann le gnóthaí cánach daoine aonair a bhfuil glanfhiúchas ard acu.

(31)Chun leas a bhaint as malartú uathoibríoch sainordaitheach rialuithe cánach trasteorann le haghaidh daoine aonair a bhfuil glanfhiúchas ard acu, ba cheart é a leathnú chuig rialuithe cánach trasteorann den sórt sin arna n-eisiúint, arna leasú nó arna n-athnuachan idir an 1 Eanáir 2020 agus an 31 Nollaig 2025 agus atá fós bailí an 1 Eanáir 2026.

(32)Tá coinne leis go dtabharfaidh roinnt Ballstát seirbhísí sainaitheantais isteach mar mhodh simplithe agus caighdeánaithe chun soláthraithe seirbhísí agus cáiníocóirí a shainaithint. Ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit ar mian leo úsáid a bhaint as an bhformáid sin maidir le sainaithint é sin a dhéanamh ar choinníoll nach ndéanfaidh sé difear do shreabhadh ná do cháilíocht na faisnéise atá ag Ballstáit eile nach n-úsáideann na seirbhísí sainaitheantais sin.

(33)Tá sé tábhachtach, ar bhonn prionsabail, go n-úsáidfear an fhaisnéis a chuirtear in iúl faoi Threoir 2011/16/AE chun cánacha a chumhdaítear faoi raon feidhme ábhartha na Treorach sin a mheasúnú, a riar agus a fhorfheidhmiú. Cé nár cuireadh bac ar an méid sin go dtí seo, tháinig éiginnteachtaí maidir le húsáid faisnéise chun cinn mar gheall ar chreat doiléir. I bhfianaise na n-idirnasc idir calaois chánach, imghabháil cánach agus seachaint cánach agus frithsciúradh airgid agus na sineirgí i dtéarmaí forfheidhmithe, is iomchuí a shoiléiriú go bhféadfar faisnéis a chuirtear in iúl idir na Ballstáit a úsáid freisin chun measúnú a dhéanamh ar dhleachtanna custaim agus frithsciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac.

(34)Foráiltear le Treoir 2011/16/AE go bhféadfar an fhaisnéis a mhalartaítear chun críocha eile seachas cánachas díreach agus indíreach a úsáid a mhéid a shonraigh an Ballstát seolta i liosta an chríoch ar chuici a cheadaítear an fhaisnéis sin a úsáid. Tá an nós imeachta maidir leis an úsáid sin anásta, áfach, toisc gur gá dul i gcomhairle leis an mBallstát seolta sula bhféadfaidh an Ballstát glactha an fhaisnéis a úsáid chun críocha eile. Trí dheireadh a chur leis an gceanglas maidir leis an gcomhairliúchán sin, ba cheart an t-ualach riaracháin a laghdú agus é a chur ar a gcumas d’údaráis chánach gníomhú go tapa nuair is gá. Níor cheart, dá bhrí sin, a chur de cheangal air dul i gcomhairle leis an mBallstát seolta i gcás ina gcumhdaítear úsáid bheartaithe na faisnéise i liosta a dhréachtaigh an Ballstát seolta roimh ré.

(35)I bhfianaise mhéid agus chineál na faisnéise a bhailítear agus a mhalartaítear ar bhonn Threoir 2011/16/AE mar a leasaíodh, d’fhéadfadh sé a bheith úsáideach i réimsí eile seachas cánachas. Cé gur cheart, mar riail ghinearálta, úsáid na faisnéise sin i réimsí eile a theorannú do limistéir a d’fhormheas an Ballstát seolta i gcomhréir le forálacha na Treorach seo, is gá úsáid níos leithne na faisnéise a cheadú i gcásanna a bhfuil saintréithe sonracha tromchúiseacha ag baint leo agus i gcás inar comhaontaíodh ar leibhéal an Aontais gníomhaíocht a dhéanamh. Is éard a bheadh sna cásanna sin go háirithe na cásanna ina ndearnadh cinntí de bhun Airteagal 215 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le bearta sriantacha. Go deimhin, d’fhéadfadh sé go mbeadh faisnéis a mhalartaítear faoi Threoir 2011/16/AE an-ábhartha chun sárú ar bhearta sriantacha nó imchéimniú na bearta sin a bhrath. Ina theannta sin, beidh aon sárú féideartha ar na smachtbhannaí ábhartha chun críoch cánach ós rud é gur seachaint cánach i ndáil leis na sócmhainní sin a bheidh i gceist le seachaint bearta sriantacha i bhformhór na gcásanna. I bhfianaise na sineirgí dóchúla agus an dlúthnaisc idir an dá réimse, is iomchuí, dá bhrí sin, úsáid bhreise na sonraí a údarú.

(36)Chun feabhas a chur ar úsáid éifeachtúil acmhainní, chun malartú faisnéise a éascú agus ionas nach mbeadh ar na Ballstáit uile athruithe den chineál céanna a dhéanamh ar a gcórais stórála faisnéise, ba cheart eolaire lárnach a bhunú, a mbeadh rochtain ag na Ballstáit uile air agus a mbeadh rochtain ag an gCoimisiún air chun críocha staidrimh amháin, ar a ndéanfadh na Ballstáit an fhaisnéis thuairiscithe a uaslódáil agus a stóráil in ionad í a mhalartú trí ríomhphost slán. Ba cheart don Choimisiún na socruithe praiticiúla is gá a ghlacadh chun an t-eolaire lárnach sin a bhunú.

(37)Chun a áirithiú gur féidir leis na Ballstáit uimhir aitheantais chánach (TIN) atá ceart a úsáid, déanfaidh an Coimisiún uirlis a fhorbairt agus a sholáthar do na Ballstáit lena bhféadfar fíorú leictreonach agus uathoibrithe a dhéanamh ar chruinneas TIN a chuir an cáiníocóir nó an duine tuairiscithe ar fáil dóibh. Ba cheart an uirlis TF sin a bheith ina cabhair maidir leis na rátaí meaitseála a mhéadú le haghaidh riaracháin chánach agus maidir le feabhas a chur ar cháilíocht na faisnéise malartaithe go ginearálta.

(38)Níor cheart an íostréimhse choinneála i ndáil le taifid faisnéise a fhaightear trí mhalartú faisnéise idir na Ballstáit de bhun Threoir 2011/16/AE a bheith níos faide ná mar is gá ach, in aon chás, níor cheart í a bheith níos giorra ná 5 bliana. Níor cheart do na Ballstáit faisnéis a choinneáil níos faide ná mar is gá chun cuspóirí na Treorach seo a bhaint amach.

(39)Chun comhlíonadh Threoir 2011/16/AE a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit na rialacha a leagan síos maidir le pionóis agus bearta comhlíonta eile ar cheart dóibh a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Ba cheart do gach Ballstát na rialacha sin a chur i bhfeidhm i gcomhréir lena ndlíthe náisiúnta agus leis na forálacha a leagtar amach sa Treoir seo.

(40)Chun leibhéal leormhaith éifeachtachta a áirithiú sna Ballstáit uile, ba cheart íosleibhéil pionós a bhunú i ndáil le dhá chineál iompair a mheastar a bheith tromchúiseach: is é sin nach dtugtar tuairisc tar éis dhá mheabhrúchán riaracháin agus sonraí neamhiomlána, míchearta nó bréagacha a sholáthar san fhaisnéis, rud a dhéanann difear mór do shláine agus d’iontaofacht na faisnéise tuairiscithe. Déanann sonraí neamhiomlána, míchearta nó bréagacha difear mór do shláine agus d’iontaofacht na faisnéise tuairiscithe nuair is mó iad ná 25 % de na sonraí iomlána ar cheart don cháiníocóir nó don eintiteas tuairiscithe a thuairisciú i gceart i gcomhréir leis an bhfaisnéis riachtanach a leagtar amach in Iarscríbhinn VI, Roinn II, fomhír (B). Níor cheart do na híosmhéideanna pionós sin cosc a chur ar na Ballstáit smachtbhannaí níos déine a chur i bhfeidhm maidir leis an dá chineál sáruithe sin. Ní mór do na Ballstáit fós pionóis éifeachtacha, athchomhairleacha agus chomhréireacha a chur i bhfeidhm maidir le cineálacha eile sáruithe.

(41)Chun athruithe a d’fhéadfadh teacht ar phraghsanna earraí agus seirbhísí a chur san áireamh, ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh gach 5 bliana ar na pionóis dá bhforáiltear sa Treoir seo.

(42)Ar mhaithe leis an uainiú idir an mheastóireacht ar chur i bhfeidhm Threoir 2011/16/AE agus an mheastóireacht dhébhliantúil ar ábharthacht na saintréithe in Iarscríbhinn IV a chomhchuibhiú, déantar na próisis a ailíniú agus déanfar iad gach 5 bliana tar éis an 1 Eanáir 2023.

(43)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 32 .

(44)Urramaítear na cearta bunúsacha leis an Treoir seo mar aon leis na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Féachann an Treoir seo lena áirithiú go n-urramófar go hiomlán an ceart chun sonraí pearsanta a chosaint chomh maith leis an gceart chun saoirse fiontraíochta.

(45)Maidir le cuspóir Threoir 2011/16/AE, is é sin comhar riaracháin éifeachtúil idir na Ballstáit faoi choinníollacha atá comhoiriúnach le dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, ós rud é nach féidir leis na Ballstáit an cuspóir sin a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais,, de bharr na haonfhoirmeachta agus na héifeachtachta is gá, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(46)Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2011/16/AE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Treoir 2011/16/AE mar a leanas:

(1)leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

(a)leasaítear pointe (9) mar seo a leanas:

(i)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a) den chéad fhomhír:

‘(a) chun críocha Airteagal 8(1) agus Airteagail 8a go 8ad, faisnéis réamhshainithe a chur in iúl ar bhonn córasach do Bhallstát eile, gan réamhiarraidh, ag eatraimh thráthrialta réamhbhunaithe. Chun críocha Airteagal 8(1), baineann tagairt d’fhaisnéis atá ar fáil le faisnéis i gcomhaid chánach an Bhallstáit sin a bheidh ag cur na faisnéise in iúl, ar féidir teacht uirthi i gcomhréir leis na nósanna imeachta maidir le faisnéis a bhailiú agus a phróiseáil sa Bhallstát sin;’;

(ii)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c) den chéad mhír:

‘(c) chun críocha fhorálacha na Treorach seo seachas Airteagal 8(1) agus Airteagal (3a) agus Airteagail 8a go 8ad, faisnéis réamhshainithe a chur in iúl ar bhonn córasach dá bhforáiltear sa chéad fhomhír, pointí (a) agus (b) den phointe seo.’;

(iii)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘I gcomhthéacs Airteagai 8(3a), Airteagal 8(7a), Airteagal 21(2) agus Iarscríbhinn IV, beidh ag aon téarma caipitlithe an bhrí atá aige faoi na sainmhínithe comhfhreagracha a leagtar amach in Iarscríbhinn I. I gcomhthéacs Airteagal 25(3) agus (4), beidh ag aon téarma caipitlithe an bhrí atá aige faoi na sainmhínithe comhfhreagracha a leagtar amach in Iarscríbhinn I nó in Iarscríbhinn VI. I gcomhthéacs Airteagal 8aa agus Iarscríbhinn III, beidh ag aon téarma caipitlithe an bhrí atá aige faoi na sainmhínithe comhfhreagracha a leagtar amach in Iarscríbhinn III. I gcomhthéacs Airteagal 8ac agus Iarscríbhinn V, beidh ag aon téarma caipitlithe an bhrí atá aige faoi na sainmhínithe comhfhreagracha a leagtar amach in Iarscríbhinn V. I gcomhthéacs Airteagal 8ad agus Iarscríbhinn VI, beidh ag aon téarma caipitlithe an bhrí atá aige faoi na sainmhínithe comhfhreagracha a leagtar amach in Iarscríbhinn VI.’;

(b)cuirtear na pointí seo a leanas leis:

28. ciallaíonn ‘duine aonair a bhfuil glanfhiúchas ard aige’ duine aonair a bhfuil íosmhéid de EUR 1 000 000 ar a laghad i rachmas nó sócmhainní airgeadais nó in-infheistithe faoi bhainistíocht aige, cé is moite de phríomháit chónaithe phríobháideach an duine aonair sin. Chun críocha na Treorach seo, measfar gur duine aonair a bhfuil glanfhiúchas ard aige duine aonair nuair a chomhlíontar an tairseach íosta sin tráth ar bith le linn na bliana féilire a ndéantar an malartú ina leith.

29. ciallaíonn ‘bearta comhlíonta’ aon bheart neamhairgeadaíochta a fhéadfaidh Ballstát a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar neamhchomhlíonadh na gceanglas tuairiscithe.

30. ciallaíonn ‘úsáid faisnéise’ measúnú a dhéanamh ar shonraí a fhaightear trí thuairisciú nó trí mhalartú faisnéise faoi Airteagail 8 go 8ad laistigh de raon feidhme na Treorach seo.

31. ciallaíonn ‘ioncam díbhinne neamhchoimeádta’ ioncam ó dhíbhinní nach n-íoctar nó nach mbristear i gcuntas coimeádta.

32. ciallaíonn ‘táirgí árachais saoil nach gcumhdaítear le hionstraimí dlí eile de chuid an Aontais maidir le malartú faisnéise agus bearta eile den chineál céanna’ Conarthaí Árachais, seachas Conarthaí Árachais ar Luach in Airgead Tirim atá faoi réir tuairiscithe faoi Threoir 2014/107/AE, i gcás ina bhfuil sochair faoi na conarthaí iníoctha ar bhás sealbhóra polasaí.

33. ciallaíonn ‘Ballstát baile’ Ballstát baile mar a shainmhínítear i Rialachán XXX.

34. ciallaíonn ‘seoladh mórleabhar dáilte’ seoladh mórleabhar dáilte mar a shainmhínítear i Rialachán XXX.

(2)Leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

(a)leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

Cuirfidh an t-údarás inniúil i ngach Ballstát, trí mhalartú uathoibríoch, gach faisnéis in iúl don údarás inniúil in aon Bhallstát eile, maidir le cónaitheoirí an Bhallstáit eile sin, maidir leis na catagóirí sonracha ioncaim agus caipitil seo a leanas de réir mar a thuigfear iad faoi reachtaíocht náisiúnta an Bhallstáit a chuireann an fhaisnéis in iúl:

(a)ioncam ó fhostaíocht;

(b)táillí stiúrthóra;

(c)táirgí árachais saoil nach gcumhdaítear in ionstraimí dlí eile de chuid an Aontais maidir le malartú faisnéise agus bearta eile den chineál céanna;

(d)pinsin;

(e)úinéireacht maoine dochorraithe agus ioncam ón maoin sin;

(f)ríchíosanna;

(g)ioncam díbhinne neamhchoimeádta.

(ii)cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:

‘Maidir le tréimhsí inchánach dar tús an 1 Eanáir 2026 nó ina dhiaidh sin, cuirfidh na Ballstáit TIN na gcónaitheoirí arna n-eisiúint ag an mBallstát cónaithe san áireamh agus an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír á cur in iúl.’

(b)i mír 2, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:

‘Cuirfidh na Ballstáit in iúl d’údarás inniúil aon Bhallstáit eile, trí mhalartú uathoibríoch, faisnéis maidir le gach catagóir ioncaim agus caipitil dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, a bhaineann le cónaitheoirí an Bhallstáit eile sin. Bainfidh an fhaisnéis sin le tréimhsí inchánach dar tús an 1 Eanáir 2026 nó i dhiaidh an dáta sin.’;

(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7a:

‘Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh eintitis agus cuntais a láimhseálfar, faoi seach, mar Institiúidí Airgeadais Neamh-Thuairiscithe agus mar Chuntais Eisiata, na ceanglais go léir a liostaítear i Roinn VIII, fomhír B.1(c) agus fomhír C.17(g), d’Iarscríbhinn I, agus go háirithe nach gcuirfidh stádas Institiúid Airgeadais mar Institiúid Airgeadais Neamh-Thuairiscithe nó stádas an chuntais mar Chuntas Eisiata isteach aidhmeanna na Treorach seo ó rath.’;

(3)Leasaítear Airteagal 8a mar a leanas:

(a)i mír 1, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:

Déanfaidh údarás inniúil Ballstáit, i gcás inar eisíodh, inar leasaíodh nó inar athnuadh rialú cánach trasteorann maidir le duine aonair a bhfuil glanfhiúchas ard aige tar éis an 31 Nollaig 2023, trí mhalartú uathoibríoch, faisnéis a chur in iúl maidir leis sin do na húdaráis inniúla i ngach Ballstát eile, leis na teorainneacha ar chásanna a leagtar amach i mír 8 den Airteagal seo, i gcomhréir leis na socruithe praiticiúla infheidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 21.’;

(b)leasaítear mír 2 mar a leanas:

(i)cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘Déanfaidh údarás inniúil Ballstáit, i gcomhréir leis na socruithe praiticiúla is infheidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 21, faisnéis a chur in iúl freisin d’údaráis inniúla na mBallstát eile go léir agus don Choimisiún, leis na teorainneacha ar chásanna a leagtar amach i mír 8 den Airteagal seo, maidir le rialuithe cánach trasteorann agus réamh-chomhaontuithe praghsála arna n-eisiúint, arna leasú nó arna n-athnuachan laistigh de thréimhse dar tús 5 bliana roimh an 1 Eanáir 2017 agus maidir le rialuithe cánach trasteorann do dhaoine aonair a bhfuil glanfhiúchas ard acu arna n-eisiúint, arna leasú nó arna n-athnuachan laistigh de thréimhse dar tús 5 bliana roimh an 1 Eanáir 2026.’;

(ii)cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

‘I gcás ina ndéanfar rialuithe cánach trasteorann maidir le daoine aonair a bhfuil glanfhiúchas ard acu a eisiúint, a leasú nó a athnuachan idir an 1 Eanáir 2020 agus an 31 Nollaig 2025, cuirfear é sin in iúl faoin gcoinníoll go raibh siad fós bailí an 1 Eanáir 2026.’;

(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4. Ní bheidh feidhm ag mír 1 ná ag mír 2 i gcás ina mbaineann rialú cánach trasteorann go heisiach le gnóthaí cánach duine nádúrtha amháin nó níos mó agus go mbeidh na gnóthaí sin i gceist leis, ach amháin i gcás inar duine aonair a bhfuil glanfhiúchas ard aige é duine nádúrtha amháin ar a laghad.’;

(d)leasaítear mír 6 mar a leanas:

(i)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a) sainaithint an duine, seachas duine nádúrtha nach duine aonair a bhfuil glanfhiúchas ard aige, agus, i gcás inarb iomchuí, an grúpa daoine lena mbaineann sé;’;

(ii)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (k):

‘(k) aitheantas aon duine, seachas duine nádúrtha nach duine aonair a bhfuil glanfhiúchas ard aige, sna Ballstáit eile, más ann dóibh, ar dhóigh ina ndéanfaidh an rialú cánach trasteorann nó an réamh-chomhaontú praghsála difear dó (agus é á thabhairt le fios cé na Ballstáit bhfuil nasc ag na daoine sin dá ndéanfar difear);

(4)in Airteagal 8ab(14), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c) achoimre ar ábhar an tsocraithe intuairiscithe trasteorann, lena n-áirítear tagairt don ainm a thugtar air de ghnáth, más ann dó, agus tuairisc ar na socruithe ábhartha agus aon fhaisnéis eile a d’fhéadfadh cabhrú leis an údarás inniúil riosca cánach a d’fhéadfadh a bheith ann a mheas, gan rún tráchtála, tionsclaíoch nó gairmiúil nó próiseas tráchtála a nochtadh dá bharr, ná faisnéis a mbeadh a nochtadh contrártha don bheartas poiblí;’;

(5)in Airteagal 8ac(2) cuirtear isteach an pointe (m) seo a leanas:

‘(m) i gcás ina mbraitheann an tOibreoir Ardán Tuairiscithe ar dheimhniú díreach ar chéannacht agus ar áit chónaithe an ‘Díoltóra’ trí ‘Seirbhís Aitheantais’ arna cur ar fáil ag Ballstát nó ag an Aontas chun céannacht an Díoltóra agus a thír chónaithe chun críoch cánach, an t-ainm, an t-aitheantóir sa Seirbhís Aitheantais agus an Ballstát eisiúna a fhionnadh; i gcásanna den sórt sin, ní gá an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (c) go (g) a chur in iúl.’;

(6)cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 8ad
Raon feidhme agus na coinníollacha a bhaineann le huathmhalartú sainordaitheach faisnéise a thuairiscíonn Soláthraithe Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe

1. Déanfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a chur de cheangal ar Sholáthraithe Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí a chur i gcrích agus na ceanglais tuairiscithe a leagtar síos i Ranna II agus III d’Iarscríbhinn VI a chomhlíonadh. Áiritheoidh gach Ballstát freisin cur chun feidhme éifeachtach agus comhlíonadh na mbeart sin i gcomhréir le Roinn V d’Iarscríbhinn VI.

2. Déanfaidh údarás inniúil Ballstáit ina ndéantar an tuairisciú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, trí mhalartú uathoibríoch, agus laistigh den teorainn ama a leagtar síos i mír 5 den Airteagal seo, an fhaisnéis a shonraítear i mír 3 den Airteagal seo a chur in iúl d’údaráis inniúla na mBallstát eile go léir i gcomhréir leis na socruithe praiticiúla arna nglacadh de bhun Airteagal 21.

3. Cuirfidh údarás inniúil Ballstáit an fhaisnéis seo a leanas in iúl maidir le gach Úsáideoir Criptea-Shócmhainní Intuairiscithe:

(a)ainm, seoladh, Ballstát cónaithe, TIN agus, i gcás duine aonair, dáta breithe agus áit bhreithe gach Úsáideora Intuairiscithe agus, i gcás aon Eintitis a shainaithnítear, tar éis na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí a leagtar síos i Roinn III d’Iarscríbhinn VI a chur i bhfeidhm, go bhfuil Duine Rialaithe amháin nó níos mó aige ar Duine Intuairiscithe é, ainm, seoladh, Ballstát cónaithe, TIN an Eintitis agus ainm, seoladh, Ballstát cónaithe, TIN agus dáta breithe agus áit bhreithe gach Duine Intuairiscithe, chomh maith leis an ról ar dá bhua is Duine Rialaithe an Eintitis é gach Duine Intuairiscithe;

(b)ainm, seoladh, TIN agus, má tá siad ar fáil, uimhir aitheantais aonair dá dtagraítear i mír 7 agus Aitheantóir Domhanda Eintitis Dhlítheanaigh an Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe;

(c)maidir le gach Criptea-Shócmhainn Intuairiscithe a ndearna an tÚsáideoir Criptea-Shócmhainní Intuairiscithe Idirbhearta Intuairiscithe ina leith le linn na bliana féilire ábhartha nó le linn tréimhse tuairiscithe iomchuí eile, i gcás inarb ábhartha:

(a)ainm iomlán an Chriptea-Shócmhainne Intuairiscithe;

(b)an méid comhlán comhiomlán a íocadh, líon comhiomlán na n-aonad agus líon na nIdirbheart Intuairiscithe i leith éadálacha in aghaidh Airgeadra Fiat;

(c)an méid comhlán comhiomlán a fuarthas, líon comhiomlán na n-aonad agus líon na nIdirbheart Intuairiscithe i leith diúscairtí in aghaidh Airgeadra Fiat;

(d)an margadhluach cóir comhiomlán, líon comhiomlán na n-aonad agus líon na nIdirbheart Intuairiscithe i leith éadálacha in aghaidh Criptea-Shócmhainní Intuairiscithe eile;

(e)an margadhluach cóir comhiomlán, líon comhiomlán na n-aonad agus líon na nIdirbheart Intuairiscithe i leith diúscairtí in aghaidh Criptea-Shócmhainní Intuairiscithe eile;

(f)an margadhluach cóir comhiomlán, líon comhiomlán na n-aonad agus líon na nIdirbheart Íocaíochta Miondíola Intuairiscithe;

(g)an margadhluach cóir comhiomlán, líon comhiomlán na n-aonad agus líon na nIdirbheart Intuairiscithe, agus arna bhforoinnt de réir cineál aistrithe i gcás inarb eol sin ag an Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe, i ndáil le hAistrithe chuig an Úsáideoir Intuairiscithe nach gcumhdaítear le pointí (b) agus (d);

(h)an margadhluach cóir comhiomlán, líon comhiomlán na n-aonad agus líon na nIdirbheart Intuairiscithe, agus arna bhforoinnt de réir cineál aistrithe i gcás inarb eol sin ag an Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe, i ndáil le hAistrithe chuig an Úsáideoir Intuairiscithe nach gcumhdaítear le pointí (c), (e) agus (f); agus

(i)an margadhluach cóir comhiomlán, chomh maith le líon na n-aonad agus luach na nAistrithe a rinne an Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe chuig sheoltaí mórleabhar dáilte mar a shainmhínítear i Rialachán XXX nach eol go mbaineann siad le soláthraí seirbhíse sócmhainní fíorúil nó le hinstitiúid airgeadais.

Chun críocha phointe (b) agus phointe (c) den phointe seo, tuairisceofar an méid a íocadh nó a fuarthas san Airgeadra Fiat inar íocadh nó inar fuarthas é. I gcás ina ndearnadh na méideanna a íoc nó a fháil in níos mó ná Airgeadra Fiat amháin, tuairisceofar na méideanna in airgeadra amháin, arna gcomhshó tráth gach Idirbhirt Intuairiscithe ar bhealach a chuireann an Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe i bhfeidhm go comhsheasmhach. Féadfaidh an Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe aon mhodh comhshó a chur i bhfeidhm mar a bhí tráth an idirbhirt/na n-idirbheart chun na méideanna sin a aistriú isteach in Airgeadra Fiat amháin arna chinneadh ag an Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe.

Chun críocha phointí (d) go (h) den phointe seo, déanfar an margadhluach cóir a chinneadh agus a thuairisciú in Airgeadra Fiat amháin, arna luacháil tráth gach Idirbhirt Intuairiscithe ar bhealach a chuireann an Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe i bhfeidhm go comhsheasmhach.

Sonrófar san fhaisnéis a thuairisceofar an Airgeadra Fiat ina dtuairiscítear gach méid.

4. Chun an malartú faisnéise dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a éascú, glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na socruithe praiticiúla is gá, lena n-áirítear bearta chun cur in iúl na faisnéise a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo a chaighdeánú, mar chuid den nós imeachta lena mbunaítear an fhoirm chaighdeánach dá bhforáiltear in Airteagal 20(5).

5. Cuirfear an teachtaireacht in iúl de bhun mhír 3 den Airteagal seo leis an bhformáid chaighdeánach ríomhairithe dá dtagraítear in Airteagal 20(5) laistigh de 2 mhí tar éis dheireadh na bliana féilire lena mbaineann na ceanglais tuairiscithe is infheidhme maidir le Soláthraithe Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe. Cuirfear an chéad fhaisnéis in iúl don bhliain féilire ábhartha nó do thréimhse tuairiscithe iomchuí eile amhail ón 1 Eanáir 2027.

6. D’ainneoin mhír 3, ní gá an fhaisnéis i ndáil le hÚsáideoir Criptea-Shócmhainní a thuairisciú i gcás ina bhfuil dearbhuithe leormhaithe faighte ag an Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe go gcomhlíonann Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe eile ceanglais tuairiscithe uile an Airteagail seo i ndáil leis an Úsáideoir Criptea-Shócmhainní sin.

7. Chun na ceanglais tuairiscithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chomhlíonadh, leagfaidh gach Ballstát síos na rialacha is gá chun a chur de cheangal ar Oibreoir Criptea-Shócmhainní clárú laistigh den Aontas. Leithdháilfidh údarás inniúil Bhallstát an chláraithe uimhir aitheantais aonair ar an Oibreoir Criptea-Shócmhainní sin.

Leagfaidh na Ballstáit síos rialacha agus dá bhun sin féadfaidh Oibreoir Criptea-Shócmhainní clárú le húdaráis inniúil aon Bhallstáit amháin i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos i Roinn V, mír F, d’Iarscríbhinn VI.

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a chur de cheangal nach bhféadfar Oibreoir Criptea-Shócmhainní, ar cúlghaireadh a chlárú i gcomhréir le Roinn V, fomhír F(7), d’Iarscríbhinn VI, a chlárú arís ach amháin má sholáthraíonn sé d’údaráis an Bhallstáit lena mbaineann cruthúnas ar chomhlíonadh na bpionós arna bhforchur dá bhforáiltear in Airteagal 25a agus dearbhú iomchuí a mhéid a bhaineann lena ghealltanas na ceanglais tuairiscithe laistigh den Aontas a chomhlíonadh, lena n-áirítear aon cheanglas tuairiscithe nár comhlíonadh fós.

8. Ní bheidh feidhm ag mír 7 maidir le Soláthraithe Seirbhísí Criptea-Shócmhainní de réir bhrí Roinn IV, fomhír B(1), d’Iarscríbhinn VI.

9. Leagfaidh an Coimisiún síos, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na socruithe praiticiúla agus teicniúla is gá chun Oibreoirí Criptea-Shócmhainní a chlárú agus a shainaithint. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 26(2).

10. Bunóidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2026, clár lárnach ina dtaifeadfar faisnéis atá le tabhairt faoi Roinn V, fomhír F(2), d’Iarscríbhinn VI agus atá le cur in iúl i gcomhréir leis. Beidh an clár lárnach sin ar fáil d’údaráis inniúla na mBallstát uile. Agus sonraí pearsanta á bpróiseáil chun críoch na Treorach seo, measfar go bpróiseálann an Coimisiún na sonraí pearsanta thar ceann na rialaitheoirí agus comhlíonfaidh sé na ceanglais maidir le próiseálaithe i Rialachán (AE) 2018/1725. Déanfar an phróiseáil a rialú le conradh de réir bhrí Airteagal 28(3) de Rialachán (AE) 2016/679 agus Airteagal 29(3) de Rialachán (AE) 2018/1725.

11. Cinnfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, tar éis iarraidh réasúnaithe ó aon Bhallstát nó ar a thionscnamh féin, cé acu atá nó nach bhfuil an fhaisnéis is gá a mhalartú go huathoibríoch de bhun comhaontaithe idir údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann agus dlínse nach dlínse de chuid an Aontais í ag comhfhreagairt don fhaisnéis a shonraítear i Roinn II, mír B d’Iarscríbhinn VI, de réir bhrí Roinn IV, fomhír F(5), d’Iarscríbhinn VI. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 26(2).

Cuirfidh Ballstát a iarrfaidh an beart dá dtagraítear sa chéad fhomhír iarraidh réasúnaithe chuig an gCoimisiún.

Má mheasann an Coimisiún nach bhfuil an fhaisnéis ar fad aige chun breithmheas a dhéanamh ar an iarraidh, rachaidh sé i dteagmháil leis an mBallstát lena mbaineann laistigh de 2 mhí ón iarraidh a fháil agus sonróidh sé cén fhaisnéis bhreise atá de dhíth air. A luaithe a bheidh an fhaisnéis uile ag an gCoimisiún a mheasann sé a bheith riachtanach, tabharfaidh sé fógra don Bhallstát iarrthach laistigh de mhí amháin agus cuirfidh sé an fhaisnéis ábhartha faoi bhráid an Choiste dá dtagraítear in Airteagal 26(2).

Agus é ag gníomhú ar a thionscnamh féin, ní ghlacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír ach amháin i ndáil le comhaontú údarás inniúil le dlínse nach dlínse de chuid an Aontais í lena gceanglaítear uathmhalartú faisnéise ar dhuine aonair nó ar Eintiteas ar custaiméir de chuid Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe é chun Idirbhearta Intuairiscithe a dhéanamh, arna dtabhairt i gcrích ag Ballstát.

Agus cinneadh á dhéanamh maidir le céacu atá nó nach bhfuil faisnéis comhfhreagrach de réir bhrí na chéad fhomhíre maidir le hidirbhearta intuairiscithe, cuirfidh an Coimisiún san áireamh go cuí an méid a chomhfhreagraíonn an córas, ar a bhfuil an fhaisnéis sin bunaithe, don chóras a leagtar amach in Iarscríbhinn VI, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:

(i)na sainmhínithe ar Sholáthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe, Úsáideoir Intuairiscithe, Idirbheart Intuairiscithe;

(ii)na nósanna imeachta is infheidhme chun críocha Úsáideoirí Intuairiscithe a shainaithint;

(iii)na ceanglais tuairiscithe;

(iv)na rialacha agus nósanna imeachta riaracháin atá le bheith i bhfeidhm sna dlínsí nach dlínsí de chuid an Aontais iad le cur chun feidhme éifeachtach na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí agus na gceanglas tuairiscithe a leagtar amach sa chóras sin, agus comhlíonadh na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí agus na gceanglas tuairiscithe sin, a áirithiú.

Beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar amach sa mhír seo freisin chun a chinneadh nach bhfuil an fhaisnéis comhfhreagrach a thuilleadh de réir bhrí Roinn IV, fomhír F(5), d’Iarscríbhinn VI.

12. D’ainneoin mhír 11 den Airteagal seo, i gcás ina gcinnfear caighdeán idirnáisiúnta maidir le tuairisciú agus uathmhalartú faisnéise maidir le criptea-shócmhainní a bheith ina íoschaighdeán nó ina choibhéis, ní bheidh gá a thuilleadh le haon chinneadh a dhéanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, maidir leis an bhfaisnéis a cheanglaítear a mhalartú go huathoibríoch de bhun chur chun feidhme an chaighdeáin seo agus an chomhaontaithe údarás inniúil idir an Ballstát lena mbaineann agus dlínse nach dlínse de chuid an Aontais í. Measfar an fhaisnéis sin a bheith comhfhreagrach leis an bhfaisnéis a cheanglaítear faoin treoir seo, ar choinníoll go bhfuil Comhaontú Éifeachtach Cáilitheach idir Údaráis Inniúla i bhfeidhm idir údaráis inniúla na mBallstát uile lena mbaineann agus an dlínse nach dlínse de chuid an Aontais í. Ní bheidh feidhm a thuilleadh ag na forálacha comhfhreagracha san Airteagal seo agus in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Treoir seo chun na gcríoch sin.’;

(7)Leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:

(a)I mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘Déanfar faisnéis a chuirfear in iúl idir Ballstáit in aon fhoirm de bhun na Treorach seo a chumhdach leis an oibleagáid maidir le rúndacht oifigiúil agus bainfear leas as an gcosaint a thugtar d’fhaisnéis den chineál céanna faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit a fuair í. Féadfar faisnéis den sórt sin a úsáid chun measúnú, riar agus forfheidhmiú a dhéanamh ar dhlí náisiúnta na mBallstát a bhaineann leis na cánacha dá dtagraítear in Airteagal 2 chomh maith le CBL, cánacha indíreacha eile, dleachtanna custaim agus frithsciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac.’;

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:

‘2. Le cead ó údarás inniúil an Bhallstáit a chuireann faisnéis in iúl de bhun na Treorach seo, ach amháin a mhéid a cheadaítear faoi reachtaíocht an Bhallstáit ina bhfuil an t-údarás inniúil a fhaigheann an fhaisnéis seo, is féidir faisnéis agus doiciméid a fhaightear de bhun na Treorach seo a úsáid chun críocha eile seachas iad siúd dá dtagraítear i mír 1.

Déanfaidh údarás inniúil gach Ballstáit liosta den fhaisnéis agus de na doiciméid a fhéadfar a úsáid chun críocha eile seachas na críocha sin dá dtagraítear i mír 1 a chur in iúl d’údaráis inniúla na mBallstát uile i gcomhréir lena dhlí náisiúnta. Maidir leis an údarás inniúil a fhaigheann an fhaisnéis, is féidir leis an fhaisnéis agus na doiciméid a fhaightear a úsáid chun críocha eile liostaithe ag an mBallstát a dhéanfaidh an chumarsáid gan an cead dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Déanfaidh údarás inniúil gach Ballstáit liosta, dá dtagraítear i mír 2, den fhaisnéis agus de na doiciméid a fhéadfar a úsáid chun críocha eile seachas na críocha sin dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fáil go poiblí.

Féadfaidh an t-údarás inniúil a fhaigheann an fhaisnéis í sin a úsáid freisin gan an cead dá dtagraítear sa chéad fhomhír chun aon chríche a chumhdaítear le gníomh atá bunaithe ar Airteagal 215 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus féadfaidh sé í a roinnt chun na críche sin leis an údarás inniúil atá i gceannas ar bhearta sriantacha sa Bhallstát lena mbaineann.

3. I gcás ina measfaidh údarás inniúil Ballstáit gur dócha go mbeadh faisnéis a fuair sé ón údarás inniúil i mBallstát eile chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1 úsáideach d'údarás inniúil an tríú Ballstát, féadfaidh sé an fhaisnéis sin a tharchur chuig údarás inniúil an tríú Ballstát, ar choinníoll go ndéantar an tarchur i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos sa Treoir seo. Cuirfidh sé in iúl d’údarás inniúil an Bhallstáit as ar tháinig an fhaisnéis maidir lena rún chun an fhaisnéis sin a roinnt le tríú Ballstát. Féadfaidh an Ballstát as ar tháinig an fhaisnéis cur i gcoinne chomhroinnt na faisnéise sin laistigh de 15 lá féilire ó gheofar an teachtaireacht ón mBallstát ar mian leis an fhaisnéis a roinnt.’;

(c)cuirtear an mhír 7 seo a leanas leis:

‘7. Cuirfidh údarás inniúil gach Ballstáit sásra éifeachtach ar bun chun a áirithiú go ndéantar measúnú ar na sonraí a fhaightear trí thuairisciú nó trí mhalartú faisnéise faoi Airteagail 8 go 8ad laistigh de raon feidhme na Treorach seo.’;

(8)in Airteagal 20, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

5. Glacfaidh an Coimisiún, ag gníomhú dó thar ceann na n-údarás inniúil sna Ballstáit, gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos foirmeacha caighdeánacha ríomhairithe, lena n-áirítear na socruithe teanga, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 26(2), sna cásanna seo a leanas:

(a) i gcás an uathmhalartaithe faisnéise maidir le rialuithe cánach trasteorann agus réamh-chomhaontuithe praghsála de bhun Airteagal 8a roimh an 1 Eanáir 2017;

(b) i gcás an uathmhalartaithe faisnéise maidir le socruithe intuairiscithe trasteorann de bhun Airteagal 8ab roimh an 30 Meitheamh 2019.

(c) i gcás an uathmhalartaithe faisnéise maidir le Criptea-Shócmhainní Intuairiscithe de bhun Airteagal 8ad roimh an 01 Eanáir 2026.

Ní sháróidh na foirmeacha caighdeánacha sin na comhpháirteanna le haghaidh an mhalartaithe faisnéise a liostaítear in Airteagal 8a(6), Airteagal 8ab(14) agus Airteagal 8ad(3), agus na réimsí eile sin lena mbaineann atá nasctha leis na comhpháirteanna sin a bhfuil gá leo chun cuspóirí Airteagail 8a, 8ab agus 8ad a bhaint amach, faoi seach.

Leis na socruithe teanga dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ní chuirfear cosc ar na Ballstáit an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 8a, 8ab agus 8ad a chur in iúl in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais. Mar sin féin, féadfar a fhoráil leis na socruithe teanga sin go seolfar gnéithe tábhachtacha den fhaisnéis sin i gceann amháin eile de theangacha oifigiúla an Aontais freisin.’;

(9)Leasaítear Airteagal 21 mar a leanas:

(a)cuirtear mír 5a seo a leanas isteach:

‘5a. Déanfaidh an Coimisiún, ag gníomhú thar ceann na mBallstát, faoin 31 Nollaig 2025, eolaire lárnach slán Ballstáit um chomhar riaracháin i réimse an chánachais a fhorbairt agus a sholáthar le tacaíocht theicniúil agus lóistíochta, eolaire ina dtaifeadfar an fhaisnéis a bheidh le cur in iúl faoi chuimsiú Airteagal 8ad(2) agus (3) chun an malartú uathoibríoch dá bhforáiltear sna míreanna sin a chomhlíonadh.

Beidh rochtain ag údaráis inniúla na mBallstát uile ar an bhfaisnéis a thaifeadtar san eolaire sin. Beidh rochtain ag an gCoimisiún freisin ar an bhfaisnéis a thaifeadtar san eolaire sin chun a oibleagáidí faoin Treoir seo a chomhlíonadh, ach leis na teorainneacha a leagtar amach in Airteagal 8a(8), Airteagal 8ab(17) agus Airteagal 8ad(8), áfach. Glacfaidh an Coimisiún leis na socruithe praiticiúla riachtanacha i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 26(2).

Go dtí go mbeidh an t-eolaire lárnach slán sin i bhfeidhm, an t-uathmhalartú dá bhforáiltear in Airteagal 8a(1) agus (2), Airteagal 8ab(13), (14) agus (16) agus Airteagal 8ad(2), (3) agus (8), déanfar é sin i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo agus leis na comhaontuithe praiticiúla infheidhme.’;

(b)cuirtear an mhír 8 seo a leanas leis:

‘8. Déanfaidh an Coimisiún, ag gníomhú dó thar ceann na mBallstát, uirlis a fhorbairt agus a sholáthar do na Ballstáit lena mbeifear in ann cirte TIN a sholáthraíonn eintiteas tuairiscithe nó cáiníocóir chun críche uathmhalartú faisnéise a fhíorú go leictreonach agus go huathoibríoch.’

(10)in Airteagal 22, cuirtear isteach na míreanna 3 agus 4 seo a leanas:

‘3. Coinneoidh na Ballstáit taifid den fhaisnéis a fhaightear trí uathmhalartú faisnéise de bhun Airteagail 8 go 8ad ar feadh tréimhse nach faide ná mar is gá ach, in aon chás, ar feadh tréimhse nach giorra ná 5 bliana ón dáta a fuarthas í chun cuspóirí na Treorach seo a bhaint amach.

4. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cead ag eintiteas tuairiscithe deimhniú a fháil trí mhodhanna leictreonacha ar bhailíocht fhaisnéis TIN maidir le haon cháiníocóir atá faoi réir malartú faisnéise faoi Airteagail 8 go 8ad. Ní féidir dearbhú fhaisnéis TIN a iarraidh ach amháin chun bailíochtú a dhéanamh ar chruinneas na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 8(1), Airteagal 8(3a), Airteagal 8a (6), Airteagal 8aa(3), Airteagal 8ab(14), Airteagal 8ac(2) agus Airteagal 8ad(3), pointe (c).’

(11)in Airteagal 23, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3. Cuirfidh na Ballstáit meastóireacht bhliantúil in iúl don Choimisiún maidir le héifeachtúlacht an uathmhalartaithe faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 8 go 8ad mar aon leis na torthaí praiticiúla a baineadh amach. Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an fhoirm agus na coinníollacha maidir leis an meastóireacht bhliantúil sin a chur in iúl. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 26(2).’

(12)Leasaítear Airteagal 25 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3. Measfar gur rialaitheoirí iad Institiúidí Airgeadais Tuairiscithe, Idirghabhálaithe, Oibreoirí Ardán Tuairiscithe, Soláthraithe Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe agus údaráis inniúla na mBallstát, ag gníomhú dóibh ina n-aonair nó go comhpháirteach. Agus sonraí pearsanta á bpróiseáil chun críoch na Treorach seo, measfar go bpróiseálann an Coimisiún na sonraí pearsanta thar ceann na rialaitheoirí agus comhlíonfaidh sé na ceanglais maidir le próiseálaithe i Rialachán (AE) 2018/1725. Rialófar an phróiseáil le conradh de réir bhrí Airteagal 28(3) de Rialachán (AE) 2016/679 agus Airteagal 29(3) de Rialachán (AE) 2018/1725.’;

(b)i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘D’ainneoin mhír 1, áiritheoidh gach Ballstát go ndéanfaidh gach Institiúid Airgeadais Tuairiscithe nó idirghabhálaí nó Oibreoir Ardán Tuairiscithe nó Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe, de réir mar a bheidh, atá faoina dhlínse, na nithe seo a leanas:

(a)gach duine aonair lena mbaineann a chur ar an eolas go mbaileofar faisnéis a bhaineann leis an duine aonair sin agus go n-aistreofar an fhaisnéis sin i gcomhréir leis an Treoir seo; agus

(b)an fhaisnéis uile a chur ar fáil do gach duine aonair lena mbaineann a bhfuil sé ina teideal ón rialaitheoir sonraí in am trátha le go mbeidh deis ag an duine aonair sin a chearta cosanta sonraí a fheidhmiú agus, i gcás ar bith, sula dtuairisceofar an fhaisnéis.’;

(13)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 25a:

‘Airteagal 25a
Pionóis agus bearta comhlíonta eile

1. Leagfaidh na Ballstáit síos rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo agus a bhaineann le hAirteagal 8(3a), Airteagail 8aa go 8ad agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go ndéanfar iad a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú. Beidh na pionóis agus na bearta comhlíonta dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

2. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás inar féidir pionóis agus bearta comhlíonta a chur i bhfeidhm maidir le daoine dlítheanacha i gcás neamhchomhlíonadh forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo, agus maidir le comhaltaí den chomhlacht bainistíochta agus daoine nádúrtha eile atá freagrach, faoin dlí náisiúnta, as an neamhchomhlíonadh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar daoine dlítheanacha a chur faoi dhliteanas i leith neamhchomhlíonadh na bhforálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo ag aon duine atá ag gníomhú ina aonar nó mar chuid de chomhlacht de chuid an duine dhlítheanaigh sin agus a bhfuil post ceannaireachta aige laistigh den duine dlítheanach. Léireoidh aon cheann de na himthosca seo a leanas an post ceannaireachta laistigh den duine dlítheanach:

(a)cumhacht chun ionadaíocht a dhéanamh ar an duine dlítheanach

(b)údarás chun cinntí a dhéanamh thar ceann an duine dhlítheanaigh;

(c)údarás chun rialú a fheidhmiú laistigh den duine dlítheanach.

3. I gcásanna nach ndéantar tuairisciú tar éis dhá mheabhrúchán riaracháin nó i gcás ina bhfuil sonraí neamhiomlána, míchearta nó bréagacha san fhaisnéis a soláthraítear, ar mó iad ná 25 % den fhaisnéis ba cheart a thuairisciú i gcomhréir leis an bhfaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn VI, Roinn II, fomhír (B), áiritheoidh na Ballstáit go n-áireofar na pionóis íosta airgid seo a leanas ar a laghad sna pionóis is féidir a chur i bhfeidhm.

(a)i gcás neamhchomhlíonadh forálacha náisiúnta arna nglacadh chun Airteagal 8(3a) a chomhlíonadh, ní bheidh an pionós íosta airgid níos lú ná EUR 50 000 i gcás ina mbeidh láimhdeachas bliantúil na hInstitiúide Airgeadais Tuairiscithe faoi EUR 6 mhilliún agus EUR 150 000 i gcás láimhdeachas EUR 6 mhilliún nó níos mó;

(b)i gcás neamhchomhlíonadh forálacha náisiúnta a glacadh chun Airteagal 8aa a chomhlíonadh, ní bheidh an pionós íosta airgid níos lú ná EUR 500 000;

(c)i gcás neamhchomhlíonadh forálacha náisiúnta arna nglacadh chun Airteagal 8ab a chomhlíonadh, ní bheidh an pionós íosta airgid níos lú ná EUR 50 000 i gcás ina mbeidh láimhdeachas bliantúil an idirghabhálaí nó an cháiníocóra ábhartha faoi EUR 6 mhilliún agus EUR 150 000 i gcás láimhdeachas EUR 6 mhilliún nó níos mó; ní bheidh an pionós íosta airgid níos lú ná EUR 20 000 i gcás inar duine nádúrtha an t-idirghabhálaí nó an cáiníocóir ábhartha;

(d)i gcás neamhchomhlíonadh forálacha náisiúnta arna nglacadh chun Airteagal 8ac a chomhlíonadh, ní bheidh an pionós íosta airgid níos lú ná EUR 50 000 i gcás ina mbeidh láimhdeachas bliantúil an Oibreora Ardán Tuairiscithe faoi bhun EUR 6 mhilliún agus EUR 150 000 i gcás láimhdeachas EUR 6 mhilliún nó níos mó, ní bheidh an pionós íosta airgid níos lú ná EUR 20 000 i gcás inar duine nádúrtha é an tOibreoir Ardán Tuairiscithe;

(e)i gcás neamhchomhlíonadh forálacha náisiúnta arna nglacadh chun Airteagal 8ad a chomhlíonadh, ní bheidh an pionós íosta airgid níos lú ná EUR 50 000 i gcás ina bhfuil láimhdeachas bliantúil an tSoláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe faoi EUR 6 mhilliún agus EUR 150 000 i gcás láimhdeachas EUR 6 mhilliún nó níos mó, ní bheidh an pionós íosta airgid níos lú ná EUR 20 000 nuair is duine nádúrtha é an Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe.

Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar oiriúnacht na méideanna dá bhforáiltear i mír (d) sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 27(1).

Úsáidfidh na Ballstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra acu an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta ar dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo.

Déanfar na pionóis íosta airgid a shainaithnítear faoi fhomhír (3) a fhorchur gan dochar do cheart na mBallstát pionóis éagsúla nó bearta comhlíonta eile a shocrú maidir le haon sárú eile ar fhorálacha náisiúnta seachas na sáruithe sin a shainítear sa Treoir seo.

4. Cuirfidh na Ballstáit in iúl an gcuirtear na pionóis a shonraítear sa reachtaíocht náisiúnta i bhfeidhm i ndáil le cásanna aonair sáraithe nó ar bhonn carnach. Cuirfear na pionóis íosta a shonraítear i bhfomhír (3) i bhfeidhm ar bhonn carnach.

5. Socróidh na Ballstáit pionóis i leith féindeimhniúchán bréagach dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, Roinn I agus in Iarscríbhinn VI, Roinn III den Treoir seo.

6. Agus pionóis agus bearta comhlíonta eile á bhforchur acu, oibreoidh údaráis inniúla, i gcás inarb ábhartha, i ndlúthchomhar lena chéile agus le húdaráis inniúla ábhartha eile agus déanfaidh siad a ngníomhaíochtaí a chomhordú i gcás inarb iomchuí, agus iad ag déileáil le cásanna trasteorann.’;

(14)in Airteagal 27, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2. Déanfaidh na Ballstáit faireachán agus measúnú i ndáil lena ndlínse, ar éifeachtacht an chomhair riaracháin i gcomhréir leis an Treoir seo chun imghabháil cánach agus seachaint cánach a chomhrac agus cuirfidh siad torthaí a measúnaithe in iúl don Choimisiún uair sa bhliain.’

(15)cuirtear an tAirteagal 27c seo a leanas isteach:

‘Airteagal 27c
TIN a Thuairisciú

Maidir le tréimhsí inchánach dar tús an 1 Eanáir 2026 nó ina dhiaidh sin, áiritheoidh na Ballstáit go n-áireofar TIN na ndaoine aonair nó na n-eintiteas a tuairiscíodh arna n-eisiúint ag an mBallstát cónaithe i nochtadh na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 8(1) agus (3a), Airteagal 8a(6), Airteagal 8aa(3), Airteagal 8ab(14), Airteagal 8ac(2) agus Airteagal 8ad(3). Cuirfear an TIN ar fáil fiú amháin nuair nach n-éilítear é go sonrach leis na hAirteagail sin.

Áiritheoidh na Ballstáit freisin go ndéanfaidh an t-eintiteas tuairiscithe TIN na ndaoine aonair nó na n-eintiteas a tuairiscíodh a thuairisciú ar bhonn sainordaitheach cé nach gceanglaítear é sin a dhéanamh le hIarscríbhinn I, Iarscríbhinn III, Iarscríbhinn V ná Iarscríbhinn VI.’

(16)Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo;

(17)Leasaítear Iarscríbhinn V mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo;

(18)cuirtear isteach Iarscríbhinn VI, leagtar amach a téacs in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 2

1.Na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 31 Nollaig 2025 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, na dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin is gá chun Airteagal 1, pointe 5, den Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 1 Eanáir 2024. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2025 ar aghaidh.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

3.De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, na dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin is gá chun Airteagal 1, pointe 10, den Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 31 Nollaig 2027. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2028 ar aghaidh.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

4.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Treoir (AE) 2022/XXX ón gComhairle an XX Márta 2023 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an uathmhalartú sainordaitheach faisnéise i réimse an chánachais

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann 

Beartas cánach.

1.3.Baineann an togra/tionscnamh leis an méid seo a leanas: 

X beart nua 

 beart nua a leanann scéim phíolótach/réamhbheart 33  

 síneadh ar bheart atá ann cheana 

 beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua

1.4.Cuspóir(í)

1.4.1.Cuspóir(í) ginearálta

Is é is aidhm don togra feidhmiú cothrom agus éifeachtúil an Mhargaidh Inmheánaigh a áirithiú trí thrédhearcacht cánach fhoriomlán a mhéadú i réimse na gcriptea-shócmhainní, rud a rachaidh chun tairbhe d’údaráis chánach chomh maith le húsáideoirí agus soláthraithe seirbhísí. Is é is aidhm don tionscnamh seo freisin ioncam cánach na mBallstát a chosaint trí na forálacha maidir le comhar riaracháin a leathnú agus a shoiléiriú. Leis na rialacha atá beartaithe, ba cheart feabhas a chur go sonrach ar chumas na mBallstát calaois chánach, imghabháil cánach agus seachaint cánach a bhrath agus a chomhrac. Ba cheart dóibh rannchuidiú freisin le neamhchomhlíonadh a dhíspreagadh.

1.4.2.Cuspóir(í) sonrach(a)

Cuspóir sonrach

Is é is aidhm don togra feabhas a chur ar an bhfaisnéis ábhartha atá ar fáil do riaracháin chánach chun a ndualgais a chomhlíonadh ar bhealach níos éifeachtaí agus chun comhlíonadh ginearálta fhorálacha Threoir 2011/16/AE a threisiú (dá ngairtear DAC anseo feasta);

Áiritheofar leis an tionscnamh cothrom iomaíochta ar fud an Aontais ós rud é go gceanglóidh DAC ar sholáthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní (dá ngairtear CASPanna anseo feasta) faisnéis ábhartha maidir le criptea-idirbhearta a thuairisciú do na Ballstáit;

Cuirfidh an togra feabhas ar an éifeacht dhíspreagthach trí na hoibleagáidí tuairiscithe as a dtiocfadh laghdú ar an riosca imghabhála cánach. Tá fianaise ann go bhfuil cáiníocóirí ar an eolas go bhfuil dóchúlacht níos airde ann go ngabhfar iad as cánacha a sheachaint agus a imghabháil agus na bearta uathmhalartaithe faisnéise i bhfeidhm.

1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Trí fheabhas a chur ar an bhforáil atá ann cheana, ba cheart tionchar dearfach a bheith aige ar chur i bhfeidhm éifeachtúil Threoir 2011/16/AE maidir le comhar riaracháin. Trí aghaidh a thabhairt ar na neamhéifeachtúlachtaí atá ann faoi láthair ar bhealach aonfhoirmeach, áiritheofar deimhneacht dhlíthiúil agus soiléireacht.

Is é is aidhm don oibleagáid tuairiscithe maidir leis an ioncam a thuilleann úsáideoirí criptea-shócmhainní údaráis chánach a chur ar an eolas go príomha agus a chur ar a gcumas measúnú a dhéanamh ar an gcáin atá dlite bunaithe ar fhaisnéis cheart agus iomlán. Cuimseoidh an togra seo oibleagáidí tuairiscithe agus nósanna imeachta maidir le dícheall cuí le haghaidh CASPanna a mbeadh costas comhlíonta i gceist leo; mar sin féin, cúiteofar na costais sin le cothrom iomaíochta níos airde sa mhargadh, agus na sochair a eascraíonn as deimhneacht dhlíthiúil mhéadaithe do gach rannpháirtí sa mhargadh. Ní hamháin go dtairgfidh CASPanna a gcuid seirbhísí i margadh níos cobhsaí, ach measfaidh úsáideoirí freisin gur margadh níos cothroime agus níos sláine é an margadh seo

1.4.4.Táscairí feidhmíochta

Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.

Cuspóirí sonracha

Táscairí

Uirlisí tomhais

Feabhas a chur ar chumas na mBallstát imghabháil cánach trasteorann a bhrath agus a chur i gcodarsnacht

Líon na rialuithe a dhéantar bunaithe ar riaracháin chánach sonraí a bhailítear tríd an tionscnamh (bíodh na sonraí sin amháin i gceist nó na sonraí sin san áireamh)

Measúnú bliantúil ar uathmhalartú faisnéise (foinse: Riaracháin chánach na mBallstát)

Bailiú cánach ioncaim na mBallstát a fheabhsú

Ioncam cánach breise faighte a bhuí leis an tionscnamh, arna thomhas mar mhéadú ar an mbonn cánach agus/nó méadú ar cháin a measúnaíodh

Measúnú bliantúil ar uathmhalartú faisnéise (foinse: Riaracháin chánach na mBallstát)

An éifeacht dhíspreagthach a fheabhsú trí bhíthin na n-oibleagáidí tuairiscithe agus an riosca braite ina dhiaidh sin.

Measúnú cáilíochtúil ar ráta comhlíontacht na n-úsáideoirí criptea-shócmhainní.

Measúnú bliantúil ar uathmhalartú faisnéise (foinse: Riaracháin chánach na mBallstát)

1.5.Forais an togra/tionscnaimh 

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n-áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

Beidh ar CASPanna faisnéis a thuairisciú chun críoch cánach nuair a bhíonn úsáideoirí ina gcónaí san Aontas chun críoch cánach. Chun é sin a dhéanamh, beidh gá le CASPanna a chlárú i gclárlann lárnach. Tugtar díolúine ón gclárú do CASPanna atá údaraithe faoin Rialachán maidir le Margaí Criptea-Shócmhainní (dá ngairtear MICA anseo feasta). Tar éis do CASP an fhaisnéis a iarrtar le haghaidh clárú i mBallstát a sholáthar, tuairiscíonn na húdaráis chánach an fhaisnéis faoi CASP den sórt sin do chlárlann lárnach a bhfuil rochtain ag gach Ballstát uirthi.

Chun críocha uathmhalartú faisnéise, beidh ar na Ballstáit an fhaisnéis a cheanglaítear leis an togra seo a mhalartú le Ballstáit eile trí bhíthin Eolaire Lárnach a mbeidh rochtain ag na Ballstáit uile air. Beidh sé de chúram ar an gCoimisiún an tEolaire Lárnach a chur ar fáil do na Ballstáit agus is é a bheidh ina phróiseálaí sonraí i gcónaí. Go ginearálta, bainfidh an togra úsáid as na socruithe praiticiúla atá in úsáid faoi láthair faoin DAC.

Maidir le huainiú chun an tEolaire Lárnach a chur ar bun, amhail DAC3 agus DAC6, bheadh roinnt ama ag teastáil ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún tar éis ghlacadh an togra chun go bhféadfaí na córais a chur i bhfeidhm chun gur féidir faisnéis a mhalartú idir na Ballstáit.

1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

Ní chuirtear réiteach éifeachtúil éifeachtach le bearta na mBallstát ar na fadhbanna trasteorann. Is cosúil gur fearr cur chuige an Aontais chun meascán de cheanglais tuairiscithe a sheachaint, ceanglais arna gcur chun feidhme go haontaobhach ag roinnt Ballstát nó ag na Ballstáit uile. Le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais, áirithítear comhleanúnachas, laghdaítear an t-ualach riaracháin ar eintitis tuairiscithe agus ar údaráis chánach agus tá sé níos láidre i ndáil le lúba ar lár a d’fhéadfadh a bheith ann mar gheall ar chineál luaineach na sócmhainní lena mbaineann.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Leis an tionscnamh seo, cuirfear creat malartaithe faisnéise nua chun feidhme le haghaidh criptea-shócmhainní. Féachann an tionscnamh freisin leis an DAC a fheabhsú agus a neartú i gcoitinne. Ó thaithí den chineál céanna a fuarthas san am a chuaigh thart, tabharfaidh an tionscnamh seo níos mó trédhearcachta do mhargadh criptea-shócmhainní an Aontais ó thaobh cánach de maidir le córas fioscach níos cothroime agus níos cothromasaí a fháil. Beidh uirlis nua ar fáil d’údaráis chánach na mBallstát chun calaois chánach agus imghabháil cánach a chomhrac agus, ar deireadh, éifeachtúlacht a gcreataí fioscacha a mhéadú.

1.5.4.Comhoiriúnacht leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

Mar a luadh sa Phlean Gníomhaíochta maidir le Cánachas Cothrom agus Simplí a thacaíonn leis an Straitéis Téarnaimh (a scaoileadh an 15 Iúil 2020), gheall an Coimisiún togra reachtach a chur síos ina leagfaí amach rialacha an Aontais chun trédhearcacht fhioscach ar an margadh criptea-shócmhainní a mhéadú. Sa togra, bainfear úsáid as na nósanna imeachta, na socruithe agus na huirlisí TF atá bunaithe cheana nó atá á bhforbairt faoin DAC.

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoiniúcháin atá ar fáil, lena n-áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

Ní mhaoineofar costais chur chun feidhme le haghaidh an tionscnaimh le buiséad an Aontais, ach amháin costais a bhaineann leis na comhpháirteanna lárnacha le haghaidh an chórais uathmhalartaithe faisnéise. Seachas sin, is faoi na Ballstáit a bheidh sé na bearta atá beartaithe a chur chun feidhme.

1.6.Fad agus tionchar airgeadais an togra/tionscnaimh

 tréimhse theoranta

   i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí [LL/MM]BBBB

   Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

X tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh ó BBBB go BBBB,

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 34   

X Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

ag a ranna, lena n-áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad;

eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 den Rialachán Airgeadais;

comhlachtaí dlí poiblí;

comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais dóibh;

comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, ar comhlachtaí iad a bhfuil sé de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme agus dá soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn ‘Nótaí’ le do thoil.

Nótaí

Leis an togra seo, cuirtear leis an gcreat agus leis na córais atá ann cheana maidir le huathmhalartú faisnéise trí Eolaire Lárnach a úsáid le haghaidh rialuithe cánach trasteorann (‘DAC3’) agus socruithe cánach trasteorann atá intuairiscithe (‘DAC6’) a forbraíodh de bhun Airteagal 21 de Threoir 2011/16/AE i gcomhthéacs na leasuithe sin a rinneadh roimhe seo ar DAC. Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, foirmeacha agus formáidí caighdeánaithe ríomhairithe a fhorbairt le haghaidh an mhalartaithe faisnéise trí bhearta cur chun feidhme. A mhéid a bhaineann le líonra CCN lena gceadófar an malartú faisnéise idir na Ballstáit, is é an Coimisiún atá freagrach as líonra den sórt sin a fhorbairt agus a oibriú agus gabhfaidh na Ballstáit orthu féin an bonneagar intíre iomchuí a chruthú lena mbeifear in ann faisnéis a mhalartú trí líonra CCN.

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA 

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe 

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo.

Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar fheidhmiú na hidirghabhála i gcomparáid leis na príomhchuspóirí beartais. Déanfar faireachán agus meastóireacht i gcomhréir leis na gnéithe eile den chomhar riaracháin.

Cuirfidh na Ballstáit sonraí faoi bhráid an Choimisiúin ar bhonn bliantúil le haghaidh na faisnéise a leagtar amach sa Tábla thuas maidir le táscairí feidhmíochta, ar táscairí iad a úsáidfear chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht leis an togra.

Gabhann na Ballstáit orthu féin an méid seo a leanas a dhéanamh:

- Measúnú bliantúil a chur in iúl don Choimisiún maidir le héifeachtacht

uathmhalartú faisnéise sa Treoir dá dtagraítear in Airteagail 8, 8a, 8aa, 8ab, 8ac agus an 8ad atá beartaithe chomh maith;

- Tabhair liosta de shonraí staidrimh a chinnfidh an Coimisiún i gcomhréir le nós imeachta Airteagal 26(2) (bearta cur chun feidhme) chun meastóireacht a dhéanamh ar an Treoir seo.

- Torthaí a measúnaithe ar éifeachtacht an chomhair riaracháin a chur in iúl don Choimisiún gach bliain. In Airteagal 27, ghlac an Coimisiún mar chúram air féin tuarascáil a chur isteach maidir le cur i bhfeidhm na Treorach gach 5 bliana, a thosaigh ag comhaireamh tar éis an 1 Eanáir 2013. Áireofar

torthaí an togra seo (lena leasaítear DAC) sa tuarascáil chuig

Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a eiseofar faoin 1 Eanáir 2028.

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe 

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an chistithe, leis na módúlachtaí íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

Maidir le cur chun feidhme an tionscnaimh, is rud é sin a bheidh ag brath ar údaráis inniúla (riaracháin chánach) na mBallstát. Beidh siad freagrach as a gcórais náisiúnta féin agus na hoiriúnuithe is gá a mhaoiniú ionas go mbeifear in ann na malartuithe a dhéanamh leis an Eolaire Lárnach a bheidh le bunú chun críocha an togra.

Bunóidh an Coimisiún an bonneagar, lena n-áirítear an Eolaire Lárnach, lena bhféadfar malartuithe a dhéanamh idir údaráis chánach na mBallstát. Bunaíodh córais TF le haghaidh DAC, córais a mbainfear úsáid astu le haghaidh an tionscnaimh seo. Maoineoidh an Coimisiún na córais is gá chun go mbeifear in ann malartuithe a dhéanamh, lena n-áirítear an tEolaire Lárnach, lena ndéanfar na príomheilimintí rialaithe, is iad sin an rialú le haghaidh conarthaí soláthair, fíorú teicniúil an tsoláthair, fíorú ex-ante gealltanas agus fíorú ex-ante íocaíochtaí.

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

Beidh an idirghabháil atá beartaithe bunaithe ar chóras dearbhaitheach, lena mbaineann an riosca maidir le neamhdhearbhú nó mídhearbhú ó CASPanna sa raon feidhme. Ceanglófar ar na Ballstáit staidreamh ábhartha a thuairisciú don Choimisiún ar bhonn bliantúil.

D’fhonn aghaidh a thabhairt ar riosca neamhchomhlíonta CASPanna, áirítear creat nua comhlíontachta sa togra. Is iad na húdaráis chánach náisiúnta a bheidh freagrach as pionóis a fhorfheidhmiú agus, níos ginearálta, as comhlíontacht le DAC8 a áirithiú. Socraítear na pionóis ag leibhéal sách ard chun an mídhearbhú a dhíspreagadh. Thairis sin, beidh na riaracháin chánach náisiúnta in ann iniúchtaí a dhéanamh chun an neamhchomhlíontacht a bhrath agus a dhíspreagadh.

Chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm cuí an togra, beidh rochtain theoranta ag an gCoimisiún ar an Eolaire Lárnach ina malartóidh na Ballstáit faisnéis maidir le hidirbhearta úsáideoirí le criptea-shócmhainní a thuairiscítear faoin togra, chomh maith le staidreamh.

Tacóidh Fiscalis leis an gcóras rialaithe inmheánaigh, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021, trí chistí a chur ar fáil don mhéid seo a leanas:

- Gníomhaíochtaí Comhpháirteacha (e.g. i bhfoirm grúpaí tionscadail);

- Forbairt na sonraíochtaí teicniúla, lena n-áirítear Scéimre XML.

Is iad príomheilimintí na straitéise rialaithe:

Conarthaí soláthair

Na nósanna imeachta maidir le soláthar a shainítear sa Rialachán Airgeadais: déantar aon chonradh soláthair a bhunú tar éis nós imeachta bunaithe an fhíorúcháin arna dhéanamh ag seirbhísí an Choimisiúin maidir le híocaíocht, agus oibleagáidí conarthacha agus bainistíocht fhónta airgeadais agus bainistíocht ghinearálta á gcur san áireamh. Déantar foráil maidir le bearta frithchalaoise (rialuithe, tuarascálacha, etc.) sna conarthaí go léir arna gcur i gcrích idir an Coimisiún agus na tairbhithe. Déantar téarmaí tagartha mionsonraithe a dhréachtú agus tá siad mar bhonn le gach conradh ar leith. Cloíonn an próiseas chun glacadh le hiarratais go dlúth le modheolaíocht TAXUD TEMPO: déantar athbhreithniú ar tháirgí insoláthartha, déantar leasú orthu más gá agus glactar leo (nó diúltaítear dóibh) go sainráite sa deireadh. Ní féidir aon sonrasc a íoc gan ‘litir inghlacthachta’.

Fíorú teicniúil soláthair

Déanann AS TAXUD rialuithe ar tháirgí insoláthartha agus déanann sé maoirseacht ar oibríochtaí agus ar sheirbhísí a dhéanann conraitheoirí. Déanann sé iniúchtaí cáilíochta agus slándála ar a gconraitheoirí go tráthrialta. Le hiniúchtaí cáilíochta, déantar comhlíonadh phróisis iarbhír na gconraitheoirí a fhíorú de réir na rialacha agus na nósanna imeachta a shainítear ina bpleananna cáilíochta. Dírítear sna hiniúchtaí slándála ar na próisis shonracha, ar na nósanna imeachta sonracha agus ar an mbunú sonrach.

De bhreis ar na rialuithe thuas, déanann AS TAXUD na rialuithe airgeadais traidisiúnta:

Fíorú ex-ante gealltanas

Déanann Ceann an Aonaid Airgeadais agus Aonad Chomhfhreagraí Gnó na nAcmhainní Daonna gealltanais uile AS TAXUD a fhíorú. Dá thoradh sin, cumhdaítear 100 % de na méideanna geallta leis an bhfíorú ex-ante. Leis an nós imeachta sin, tugtar ardleibhéal dearbhaithe maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart.

Fíorú ex-ante íocaíochtaí

Déantar 100 % d’íocaíochtaí a fhíorú ex-ante. Thairis sin, roghnaítear ar a laghad íocaíocht amháin (ó gach catagóir caiteachais) in aghaidh na seachtaine go randamach le haghaidh fíorú ex-ante a dhéanann ceann an Aonaid Airgeadais agus Aonad Chomhfhreagraí Gnó na nAcmhainní Daonna. Níl aon sprioc ann maidir leis an gcumhdach, toisc go bhfuil sé d’aidhm ag an bhfíorú sin íocaíochtaí a sheiceáil ‘go randamach’ chun a fhíorú gur ullmhaíodh na híocaíochtaí uile i gcomhréir leis na ceanglais. Déantar na híocaíochtaí eile a phróiseáil de réir na rialacha atá i bhfeidhm ar bhonn laethúil.

Dearbhuithe ó na hOifigigh Údarúcháin Fho-tharmligthe (AOSD)

Síníonn gach Oifigeach Údarúcháin Fo-tharmligthe dearbhuithe ina dtacaítear leis an Tuarascáil Gníomhaíochta Bhliantúil le haghaidh na bliana lena mbaineann. Leis na dearbhuithe sin, cumhdaítear na hoibríochtaí a thagann faoi chuimsiú an chláir. Dearbhaíonn na hOifigigh Údarúcháin Fho-tharmligthe go ndéantar na hoibríochtaí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais, go soláthraítear leis na córais bhainistíochta agus rialaithe atá i bhfeidhm dearbhú sásúil maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart agus go ndéantar na rioscaí a bhaineann leis na hoibríochtaí sin a shainaithint agus a thuairisciú go cuí agus go gcuirtear gníomhaíochtaí maolaithe chun feidhme.

2.2.3.Meastachán ar chost-éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh) 

Leis na rialuithe a bunaíodh, cuirtear ar a cumas do AS TAXUD dearbhú leordhóthanach a bheith aici maidir le cáilíocht agus rialtacht an chaiteachais agus an riosca neamhchomhlíontachta a laghdú. Leis na bearta thuas maidir le straitéis rialaithe, laghdaítear na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann faoi bhun na sprice 2 % agus bíonn tionchar acu ar na tairbhithe uile. Dá ndéanfaí aon bheart breise chun rioscaí a laghdú a thuilleadh, is é a thiocfadh as costais arda a bheadh díréireach agus, dá bhrí sin, ní bheartaítear iad. Na costais fhoriomlána a bhaineann le cur chun feidhme na straitéise rialaithe thuas – le haghaidh gach caiteachas faoi Clár Fiscalis 2027 – tá siad teoranta do 1.6 % d’iomlán na n-íocaíochtaí a dhéantar. Meastar go bhfanfaidh sé ag an gcóimheas céanna le haghaidh an tionscnaimh seo. Leis an straitéis rialaithe cláir, is beag nach dteorannaítear an riosca neamhchomhlíontachta go hiomlán agus leanann sí de bheith comhréireach leis na rioscaí bainteacha.

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 

Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.

Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 35 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle 36 d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú deontais nó le cinneadh deontais nó le conradh a mhaoinítear faoin Rialachán sin

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA 

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n-imreofar tionchar 

·Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne bhuiséid

An Saghas  
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir: 03 04 0100

LD/LN 37 .

ó thíortha de chuid CSTE 38

ó thíortha is iarrthóirí 39

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

1 ‑ Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Digiteach

Feabhas a chur ar fheidhmiú cuí na gcóras cánachais

Difreáilte

NÍ BHFUARTHAS

NÍ BHFUARTHAS

NÍ BHFUARTHAS

NÍ BHFUARTHAS

·Línte nua buiséid atá á n-iarraidh

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne bhuiséid

Cineál 
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir  

LD/LN.

ó thíortha de chuid CSTE

ó thíortha is iarrthóirí

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

[XX.YY.YY.YY.YY]

FUARTHAS/NÍ BHFUARTHAS

FUARTHAS/NÍ BHFUARTHAS

FUARTHAS/NÍ BHFUARTHAS

FUARTHAS/NÍ BHFUARTHAS

3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfí leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí, mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais 
ilbhliantúil

Uimhir

1

An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Digiteach

AS: TAXUD

2023

2024

2025

2026

2027

2028

IOMLÁN

•Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Líne buiséid 40  14.030100

Gealltanais

(1a)

0.400

0.870

0.450

0.270

0.170

0.170

2.330

Íocaíochtaí

(2a)

0.400

0.870

0.450

0.270

0.170

2.160 

Líne bhuiséid

Gealltanais

(1b)

Íocaíochtaí

(2b)

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach 41  

Líne bhuiséid

(3)

IOMLÁN na leithreasuithe 
Le haghaidh AS TAXUD

Gealltanais

=1a+1b +3

0.400

0.870

0.450

0.270

0.170

0.170

2.330

Íocaíochtaí

=2a+2b

+3

0.400

0.870

0.450

0.270

0.170

2.160





Ceannteideal an chreata airgeadais 
ilbhliantúil

7

‘Caiteachas riaracháin’

Chun an chuid seo a líonadh isteach, ba cheart úsáid a bhaint as na ‘sonraí buiséid de chineál riaracháin’ atá le hiontráil ar dtús san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Ráiteas Airgeadais Reachtach (Iarscríbhinn V a ghabhann leis na rialacha inmheánacha), a uaslódáiltear chuig an gcóras DECIDE chun críoch comhairliúcháin idirsheirbhíse.

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

2021 -2027 CAI

AS: TAXUD

• Acmhainní daonna

0.118

0.157

0.157

0.063

0.016

0,511

• Caiteachas riaracháin eile

0.004

0.004

0.002

0.002

0.001

0,013

IOMLÁN AS TAXUD

0.122

0.161

0.159

0.065

0.017

0,524

IOMLÁN na leithreasuithe 
faoi CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

0.122

0.161

0.159

0.065

0.017

0,524

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

2021 – 2027 CAI

IOMLÁN leithreasuithe  
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Gealltanais

0.522

1.031

0.609

0.335

0.187

2,684

Íocaíochtaí

0.122

0.561

1.029

0.515

0.287

2,514

IOMLÁN leithreasuithe  
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfí leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí, mar a mhínítear thíos:

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

2023

2024

2025

2026

2027

2028

IOMLÁN

ASCHUIR

Cineál 42

Meánchostas

Ní bhfuarthas

Costas

Ní bhfuarthas

Costas

Ní bhfuarthas

Costas

Ní bhfuarthas

Costas

Ní bhfuarthas

Costas

Ní bhfuarthas

Costas

Líon iomlán

Costas iomlán

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 43

Sonraíochtaí

0.400

0.400

0.800

Forbairt

0.450

0.350

0.100

0.900

Cothabháil

0.050

0.050

0.050

0.150

Tacaíocht

0.020

0.060

0.060

0.060

0.200

Oiliúint

0.020

0.020

ITSM (Bonneagar, óstáil, ceadúnais, etc.),

0.020

0.060

0.060

0.060

0.060

0.260

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

0.400

0.870

0.450

0.270

0.170

0.170

2.330

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2 ...

- Aschur

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2

IOMLÁIN

0.400

0.870

0.450

0.270

0.170

0.170

2.330

3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin 

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

   Éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
2023

Bliain 
2024

Bliain 
2025

Bliain 
2026

Bliain 
2027

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

0.118

0.157

0.157

0.063

0.016

0,511

Acmhainní daonna

0.004

0.004

0.002

0.002

0.001

0,013

Caiteachas riaracháin eile

0.122

0.161

0.159

0.065

0.017

0,524

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

IOMLÁN

0.122

0.161

0.159

0.065

0.017

0,524

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 44  
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas eile  
de chineál riaracháin

Fo-iomlán  
lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

IOMLÁN

0.122

0.161

0.159

0.065

0.017

0,524

Cumhdófar na hacmhainní daonna is gá agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

3.2.3.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear acmhainní daonna.

   Éilítear leis an togra/tionscnamh go n-úsáidfear acmhainní daonna, mar a mhínítear thíos:

2023

2024

2025

2026

2027

Iomlán

• Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

0.75

1

1

0.4

0.1

3.25

20 01 02 03 (Toscaireachtaí)

01 01 01 01 (Taighde indíreach)

01 01 01 11 (Taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

Foireann sheachtrach (in aonaid Coibhéise Lánaimseartha: FTE) 45

20 02 01 (AC, END, INT ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)

20 02 03 (AC, AL, END, INT agus JPD sna toscaireachtaí)

XX 01 xx yy zz 46

- sa Cheanncheathrú

- i dtoscaireachtaí

01 01 01 02 (AC, END, INT - Taighde indíreach)

01 01 01 12 (CA, INT, SNE – taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

0.75

1

1

0.4

0.1

3.25

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath-imlonnófar laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Cruinnithe agus comhfhreagras leis na Ballstáit a ullmhú; obair ar fhoirmeacha, ar fhormáidí TF agus ar an Eolaire Lárnach;

Coimisiún conraitheoirí seachtracha chun obair a dhéanamh ar an gcóras TF.

Pearsanra seachtrach

N/B

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

   is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí ath-imlonnú laistigh den cheannteideal ábhartha den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI).

Mínigh cén t-athshannadh a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha. Cuir tábla Excel ar fáil i gcás mór-athshannadh.

   is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid.

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann, na méideanna comhfhreagracha agus na hionstraimí atá beartaithe a úsáid.

   tá gá le hathbhreithniú ar CAI.

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe 

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

   ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

   déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú ó thríú páirtithe a réamh-mheastar thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
N 47

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Cuir isteach na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe

 

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam 

   Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra/tionscnamh ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

ar acmhainní dílse

ar ioncam eile

má tá an t-ioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra/tionscnaimh 48

Bliain 
N

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Cuir isteach na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal ………….

I gcás ioncam ilghnéitheach atá sannta, sonraigh an líne/na línte buiséid a ndéantar difear dóibh.

Ráitis eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).

(1)    An Coimisiún Eorpach, Treoirlínte Polaitiúla don chéad Choimisiún eile 2019-2024, I dtreo Aontas a fhéachann le níos mó a bhaint amach, https://op.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/62e534f4-62c1-11ea-b735-01aa75ed71a1  
(2)    COM(2020) 312 final.
(3)    Doiciméad 13350/20, FISC 226.
(4)    Doiciméad 14651/21, FISC 227.
(5)    IO C, C/347, 09.9.2022, lch. 211.
(6)    https://www.oecd.org/tax/exchange-of-tax-information/oecd-presents-new-transparency-framework-for-crypto-assets-to-g20.htm
(7)    http://www.g20.utoronto.ca/2022/G20%20Bali%20Leaders-%20Declaration,%2015-16%20November%202022.pdf
(8)    Treoir 2011/16/AE ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena n-aisghairtear Treoir 77/799/CEE.
(9)    Tuarascáil Speisialta Uimh. 03/2021: Faisnéis chánach a mhalartú san Aontas Eorpach: bunús láidir, scoilteanna i gcur chun feidhme.
(10)    Parlaimint na hEorpa. (2021). Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Meán Fómhair 2021 maidir le cur chun feidhme cheanglais an Aontais maidir le faisnéis chánach a mhalartú: dul chun cinn, ceachtanna a foghlaimíodh agus bacainní le sárú, arna n-aisghabháil ó: https://www.europarl.europa.eu/doceo/document/TA-9-2021-0392_EN.pdf
(11)    Cúirt Iniúchóirí na hEorpa. (2021). Faisnéis chánach a mhalartú san Aontas Eorpach: bunús láidir, scoilteanna i gcur chun feidhme. Tá méadú tagtha ar mhalartuithe faisnéise, ach níl roinnt faisnéise tuairiscithe fós. Leathanaigh 33-34, aisghafa ó: https://www.eca.europa.eu/Lists/ECADocuments/SR21_03/SR_Exchange_tax_inform_EN.pdf
(12)    Treoir (AE) 2014/107 ón gComhairle an 9 Nollaig 2014 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE a mhéid a bhaineann leis an uathmhalartú sainordaitheach faisnéise i réimse an chánachais (IO L 359, 16.12.2014, lch. 1).
(13)    Treoir (AE) 2015/2376 ón gComhairle an 8 Nollaig 2015 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE a mhéid a bhaineann leis an uathmhalartú sainordaitheach faisnéise i réimse an chánachais (IO L 332, 18.12.2015, lch. 1).
(14)    Treoir (AE) 2016/881 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2016 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE a mhéid a bhaineann leis an uathmhalartú sainordaitheach faisnéise i réimse an chánachais (IO L 146, 3.6.2016, lch. 8).
(15)    Treoir /2016/2258/AE ón gComhairle an 6 Nollaig 2016 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE a mhéid a bhaineann le rochtain a bheith ag na húdaráis chánach ar fhaisnéis faoin gcomhrac i gcoinne sciúradh airgid IO L 342, 16.12.2016, lgh. 1-3).
(16)    Treoir (AE) 2018/822 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2018 lena leasaítear Treoir (AE) 2011/16 a mhéid a bhaineann leis an uathmhalartú sainordaitheach faisnéise i réimse an chánachais i ndáil le socruithe intuairiscithe trasteorann (IO L 139, 5.6.2018, lgh. 1–13).
(17)    Treoir (AE) 2021/514 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais (IO L 104, 25.3.2021, lgh. 1–26).
(18)    Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lgh. 39–98).
(19)    https://www.europarl.europa.eu/doceo/document/A-9-2021-0193_EN.pdf
(20)    Mar shampla, catagóirí nua ioncaim agus caipitil a áireamh, rialuithe do dhaoine aonair a bhfuil glanfhiúchas ard acu, ríomh-airgead agus criptea-shócmhainní, forálacha maidir le faisnéis malartaithe a úsáid, etc.
(21)    Ioncam ó fhostaíocht, táillí stiúrthóra, táirgí árachais saoil nach gcumhdaítear le hionstraimí dlí eile de chuid an Aontais maidir le malartú faisnéise agus bearta comhchosúla eile, pinsin, úinéireacht maoine dochorraithe agus ríchíosanna agus ioncam as maoin dhochorraithe agus ríchíosanna
(22)    Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.
(23)    Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.
(24)    Treoir 2011/16/AE ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena n-aisghairtear Treoir 77/799/CEE (IO L 64, 11.3.2011, lch. 1).
(25)    Doiciméad 14651/21, FISC 227, tuarascáil Ecofin chuig an gComhairle Eorpach maidir le saincheisteanna cánach.
(26)    https://www.oecd.org/tax/exchange-of-tax-information/crypto-asset-reporting-framework-and-amendments-to-the-common-reporting-standard.pdf
(27)    Treoir 2011/16/AE ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena n-aisghairtear Treoir 77/799/CEE (IO L 064, 11.3.2011, lch. 1).
(28)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(29)    Treoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le dul i mbun an ghnó a ghabhann le hinstitiúidí airgid leictreonaigh agus leanúint den ghnó sin agus maoirseoireacht stuamachta a dhéanamh air lena leasaítear Treoir 2005/60/CE agus Treoir 2006/48/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/46/CE (IO L 267, 10.10.2009, lch. 7).
(30)    Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(31)    Dá dtagraítear dó in Airteagal 58(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(32)    Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid: https://myintracomm.ec.europa.eu/budgweb/EN/man/budgmanag/Pages/budgmanag.aspx  
(33)    Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF), IO L 136, 31.5.1999, lch. 1.
(34)    Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile, IO L 292, lch. 2, 15.11.1996.
(35)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(36)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(37)    Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d’fhéadfadh a bheith ina n-iarrthóirí.
(38)    De réir ainmníocht oifigiúil an bhuiséid.
(39)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid an Aontais (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(40)    Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí atá le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a maoiníodh, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).
(41)    Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. ‘Cuspóir(í) sonrach(a)...’
(42)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid an Aontais (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(43)    AC = Ball foirne ar conradh; AL= Ball foirne áitiúil; END= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JPD = Saineolaithe sóisearacha i dtoscaireachtaí.
(44)    Fo-uasteorainn d'fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte ‘BA’).
(45)    Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is gá an chéad bhliain cur chun feidhme a mheastar a bheidh ann a chur in ionad ‘N’ (mar shampla: 2021). Is gá an rud céanna a dhéanamh i gcás na mblianta eile.
(46)    A mhéid a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 20 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.
Top

An Bhruiséil,8.12.2022

COM(2022) 707 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle

lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais

{SEC(2022) 438 final} - {SWD(2022) 400 final} - {SWD(2022) 401 final} - {SWD(2022) 402 final}


IARSCRÍBHINN I

Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(1) Leasaítear Roinn I mar a leanas:

(a)leasaítear mír A mar a leanas:

‘(i)cuirtear an méid seo a leanas in ionad na míre tosaigh agus na bhfophointí 1 agus 2:

A. Faoi réir mhíreanna C go G, tuairisceoidh gach Institiúid Airgeadais Tuairiscithe d’údarás inniúil a Ballstáit.

(1)tuairiscítear an fhaisnéis seo a leanas maidir le gach Cuntas Intuairiscithe d’Institiúid Airgeadais Tuairiscithe den sórt sin:

(a)ainm, seoladh, Ballstát cónaithe, uimhir aitheantais phearsanta agus dáta breithe agus áit bhreithe (i gcás duine aonair) gach Duine Intuairiscithe ar Sealbhóir Cuntais an chuntais é agus cibé acu atá nó nach bhfuil féindeimhniúchán bailí curtha ar fáil ag an Sealbhóir Cuntais;

(b)i gcás aon Eintiteas ar Sealbhóir Cuntais é agus, tar éis na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí i gcomhréir le Ranna V, VI agus VII a chur i bhfeidhm, go naithnítear go bhfuil Duine Rialaithe amháin nó níos mó aige ar Duine Intuairiscithe é, ainm, seoladh, Ballstát cónaithe agus TIN an Eintitis agus ainm, seoladh, Ballstát cónaithe, uimhir agus dáta breithe gach Duine Intuairiscithe, chomh maith leis an ról dá bhua sin is Duine Rialaithe de chuid an Eintitis gach Duine Intuairiscithe agus cibé acu atá nó nach bhfuil féindeimhniúchán bailí curtha ar fáil do gach Duine Intuairiscithe;

(c)cibé acu is comhchuntas é an cuntas nó nach ea, lena náirítear líon na gComhshealbhóirí Cuntais.

(2)uimhir an chuntais (nó a coibhéis fheidhmiúil in éagmais uimhir chuntais), an cineál cuntais agus cibé acu is Cuntas atá ann cheana é an cuntas nó Cuntas Nua;’;

(ii)cuirtear an fhomhír 6a seo a leanas isteach:

‘6a. i gcás aon Leas Cothromais arna shealbhú in Eintiteas Infheistíochta ar socrú dlíthiúil é, an ról ar dá bhua sin is sealbhóir Leasa Cothromais é an Duine Intuairiscithe; agus.’

(b)leasaítear mír C mar a leanas:

‘C. D’ainneoin fhomhír A(1), i ndáil le gach Cuntas Intuairiscithe ar Cuntas atá ann cheana é, ní gá uimhir aitheantais chánach ná dáta breithe a thuairisciú mura bhfuil an uimhir aitheantais chánach ná an dáta breithe sin i dtaifid na hInstitiúide Airgeadais Tuairiscithe agus nach n‑éilítear ar aon bhealach eile ar an Institiúid Airgeadais Tuairiscithe iad a bhailiú faoin dlí náisiúnta nó faoi aon ionstraim dlí de chuid an Aontais. Mar sin féin, is gá d’Institiúid Airgeadais Tuairiscithe iarrachtaí réasúnacha a dhéanamh chun uimhir aitheantais chánach agus dáta breithe a fháil i ndáil le Cuntais atá ann cheana faoi dheireadh an dara bliain féilire tar éis na bliana inar sainaithníodh na Cuntais atá ann cheana mar Chuntais Intuairiscithe agus cibé uair a chuirtear de cheangal uirthi an fhaisnéis a bhaineann leis an gCuntas atá ann cheana a thabhairt cothrom le dáta de bhun Nósanna Imeachta AML/KYC.’;

(c)cuirtear an mhír F seo a leanas isteach:

F. D’ainneoin mhír A(5), pointe (b) agus mura roghnaíonn an Institiúid Airgeadais Tuairiscithe a mhalairt maidir le haon ghrúpa cuntas a shainaithnítear go soiléir, na hollfháltais a fuarthas ó Shócmhainn Airgeadais a dhíol nó a fhuascailt, ní cheanglaítear na hollfháltais sin a thuairisciú a mhéid a dhéanann an Institiúid Airgeadais Tuairiscithe na hollfháltais sin a fuarthas ó Shócmhainn Airgeadais a dhíol nó a fhuascailt, a mhéid a dhéanann an Institiúid Airgeadais Tuairiscithe na hollfháltais sin a thuairisciú de réir Airteagal 8ad.

(1)i Roinn VI, mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b) Daoine Rialaithe atá ag Sealbhóir Cuntais a Chinneadh. Chun Daoine Rialaithe Sealbhóra Cuntais a chinneadh, féadfaidh Institiúid Airgeadais Tuairiscithe brath ar fhaisnéis a bhailítear agus a choimeádtar de bhun Nósanna Imeachta AML/KYC, ar choinníoll go bhfuil na nósanna imeachta sin comhsheasmhach le Treoir (AE) 2015/849. Mura bhfuil ceangal dlíthiúil ar an Institiúid Airgeadais Tuairiscithe Nósanna Imeachta AML/KYC a chur i bhfeidhm atá comhsheasmhach le Treoir (AE) 2015/849, cuirfidh sí nósanna imeachta atá cosúil go substaintiúil leo i bhfeidhm chun na Daoine Rialaithe a chinneadh.’

(2)i Roinn VII, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘AA. Easpa sealadach Féindeimhniúcháin. In imthosca eisceachtúla nach féidir le hInstitiúid Airgeadais Tuairiscithe féindeimhniúchán a fháil i ndáil le Cuntas Nua in am chun a hoibleagáidí díchill chuí agus tuairiscithe a chomhlíonadh i ndáil leis an tréimhse tuairiscithe inar osclaíodh an cuntas, cuirfidh an Institiúid Airgeadais Tuairiscithe na nósanna imeachta díchill chuí do Chuntais atá ann cheana i bhfeidhm, go dtí go bhfaighfear agus go mbailíochtófar an féindeimhniúchán sin.’

(3)Leasaítear Roinn VIII mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhomhíreanna A(5), A(6) agus A(7):

‘5.    Ciallaíonn an téarma ‘Institiúid Taisclainne’ aon Eintiteas:

(a)a ghlacann taiscí i ngnáthchúrsa gnó baincéireachta nó gnó dá shamhail; nó

(b)ag a bhfuil RíomhAirgead, Licíní RíomhAirgid nó Airgeadraí Digiteacha Bainc Ceannais i ar mhaithe le custaiméirí.

6.    Ciallaíonn an téarma ‘Eintiteas Infheistíochta’ aon Eintiteas:

(a)ag a mbíonn ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí nó na hoibríochtaí seo a leanas á ndéanamh mar ghnó do chustaiméir nó thar a cheann go príomha:

(i)trádáil in ionstraimí margaidh airgid (seiceanna, billí, deimhnithe taisce, díorthaigh, etc.); malairt eachtrach; malartú, ráta úis agus ionstraimí innéacs; urrúis inaistrithe; nó trádáil i dtodhchaíochtaí tráchtearraí;

(ii)bainistíocht punainne aonair agus coiteann; nó

(iii)a mbíonn Sócmhainní Airgeadais, airgead, nó Criptea-Shócmhainní Intuairiscithe á ninfheistiú, á riar, nó á mbainistiú aige ar aon slí eile thar ceann daoine eile; nó

(b)an tollioncam atá inchurtha go príomha i leith infheistiú, athinfheistiú, nó trádáil i Sócmhainní Airgeadais nó nó i gCriptea-Shócmhainní Intuairiscithe, más rud é go bhfuil an tEintiteas á bhainistiú ag Eintiteas eile ar Institiúid Taisclainne, Institiúid Chumhdaigh, Cuideachta Árachais Shonraithe, nó Eintiteas Infheistíochta é ar a dtugtar tuairisc i bhfomhír A(6), pointe (a).

Caitear le hEintiteas a bhfuil ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí ar a dtugtar tuairisc i bhfomhír A(6), pointe (a) á ndéanamh aige go príomha, nó tá ollioncam Eintitis inchurtha go príomha i leith infheistiú, athinfheistiú, nó trádáil i Sócmhainní Airgeadais nó i gCriptea-Shócmhainní Intuairiscithe chun críocha fhomhír A(6), pointe (b), más rud é go bhfuil ollioncam an Eintitis atá inchurtha i leith na ngníomhaíochtaí ábhartha cothrom le 50 % d’ollioncam an Eintitis nó os a chionn sin le linn cibé tréimhse is giorra de na tréimhsí seo a leanas: (i) an tréimhse 3 bliana dar críoch an 31 Nollaig den bhliain roimh an mbliain ina ndéantar an cinneadh; nó (ii) an tréimhse ar lena linn ab ann don Eintiteas. Chun críocha fhomhír A(6), pointe (a)(iii), ní áirítear leis an téarma ‘a mbíonn Sócmhainní Airgeadais, airgead, nó Criptea-Shócmhainní Intuairiscithe á n‑infheistiú, á riar, nó á mbainistiú aige ar aon slí eile thar ceann daoine eile’ soláthar seirbhísí lena ndéantar Idirbhearta Malairte do chustaiméirí nó thar a gceann. Ní áirítear leis an téarma ‘Eintiteas Infheistíochta’ Eintiteas ar Eintiteas Neamh‑Airgeadais Gníomhach é toisc go gcomhlíonann an tEintiteas sin aon cheann de na critéir i bhfomhíreanna D(8), pointí (d) go (g).

Léirmhíneofar an mhír seo ar bhealach atá comhsheasmhach le teanga chomhchosúil a leagtar amach sa sainmhíniú ar ‘institiúid airgeadais’ i dTreoir (AE) 2015/849.

7.    Áirítear leis an téarma ‘Sócmhainn Airgeadais’ urrús (mar shampla scair stoic i gcorparáid; comhpháirtíocht nó leas úinéireachta tairbhiúla i gcomhpháirtíocht nó in iontaobhas atá i seilbh fhorleathan nó atá á trádáil go poiblí; nóta, banna, banna neamhurraithe, nó fianaise eile ar fhiachas), leas comhpháirtíochta, tráchtearra, babhtáil (mar shampla babhtálacha rátaí úis, babhtálacha airgeadraí, bonnbhabhtálacha, caidhpeanna rátaí úis, íosrátaí úis, babhtálacha tráchtearraí, babhtálacha cothromais, babhtálacha innéacs cothromais, agus comhaontuithe comhchosúla), Conradh Árachais nó Conradh Blianachta, nó aon leas (lena náirítear conradh todhchaíochtaí nó conradh réamhcheaptha nó rogha) in urrús, Sócmhainn Intuairiscithe, leas comhpháirtíochta, tráchtearra, babhtáil, Conradh Árachais, nó Conradh Blianachta. Ní áirítear leis an téarma ‘Sócmhainn Airgeadais’ leas díreach neamhfhiachais i maoin iarbhír.’

(b)i míreanna A, cuirtear na fomhíreanna seo a leanas leo:

‘9.    Ciallaíonn an téarma ‘RíomhAirgead’ nó ‘R-airgead’ RíomhAirgead nó R-airgead mar a shainmhínítear i dTreoir 2009/110/CE. Chun críocha na Treorach seo, ní áirítear leis na téarmaí ‘RíomhAirgead’ nó ‘R-airgead’ táirge a chruthaítear chun aistriú cistí ó chustaiméir chuig duine eile a éascú, agus chun na críche sin amháin, de bhun threoracha an chustaiméara. Ní chruthaítear táirge chun aistriú cistí a éascú, agus chuige sin amháin, más rud é, i ngnáthchúrsa gnó an Eintitis is aistritheoir, go bhfuil na cistí a bhaineann leis an táirge sin i seilbh níos faide ná 60 lá tar éis treoracha a fháil chun an taistriú a éascú, nó, mura bhfaightear aon treoir, go gcoimeádtar na cistí a bhaineann leis an táirge sin níos faide ná 60 lá tar éis na cistí a fháil.

10.    Ciallaíonn an téarma ‘Licín RíomhAirgid’ nó ‘Licín R-airgid’ Licín RíomhAirgid’ nó ‘Licín R-airgid mar a shainmhínítear i Rialachán XXX.

11.    Ciallaíonn an téarma ‘Airgeadra Fiat’ airgeadra oifigiúil dlínse, arna eisiúint ag dlínse nó ag Banc Ceannais nó údarás airgeadaíochta ainmnithe dlínse, mar a léirítear le nótaí bainc nó boinn nó airgead i bhfoirmeacha digiteacha éagsúla, lena náirítear cúlchistí bainc, airgead bainc tráchtála, táirgí ríomhairgid agus Airgeadraí Digiteacha Bainc Ceannais

12.    Ciallaíonn an téarma ‘Airgeadra Digiteacha Bainc Ceannais’ aon Airgeadra Fiat digiteach arna eisiúint ag Banc Ceannais nó ag údarás airgeadaíochta eile.

13.    Ciallaíonn an téarma ‘Criptea-Shócmhainn’ Criptea-Shócmhainn mar a shainmhínítear i Rialachán XXX.

14.    Ciallaíonn an téarma ‘Criptea-Shócmhainn Intuairiscithe’ aon Chriptea-Sócmhainn seachas Airgeadra Digiteach Bainc Ceannais, RíomhAirgead, Licín RíomhAirgid nó aon Chriptea-Shócmhainn a bhfuil cinneadh leordhóthanach déanta ag an Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe ina leith nach féidir é a úsáid chun críche íocaíochta ná infheistíochta.

15.    Ciallaíonn an téarma ‘Idirbheart Malairte’:

(a)aon mhalartú idir Criptea-Shócmhainní Intuairiscithe agus Airgeadraí Fiat;

(b)aon mhalartú idir foirm amháin nó níos mó de Chriptea-Shócmhainní Intuairiscithe.

(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhomhír B(1), pointe (a):

1.    Ciallaíonn an téarma ‘Institiúid Airgeadais NeamhThuairiscithe’ aon Institiúid Airgeadais:

(a)eintiteas Rialtais, Eagraíocht Idirnáisiúnta nó Banc Ceannais, seachas: 

(i)i ndáil le híocaíocht atá díorthaithe ó oibleagáid arna sealbhú i dtaca le gníomhaíocht airgeadais tráchtála de chineál a mbíonn Cuideachta Árachais Shonraithe, Institiúid Cumhdaigh nó Institiúid Taisclainne ag gabháil dó; nó

(ii)i ndáil le hAirgeadraí Digiteacha Bainc Ceannais a chothabháil do Shealbhóirí Cuntais nach Institiúidí Airgeadais, Eintitis Rialtais, Eagraíochtaí Idirnáisiúnta ná Bainc Cheannais iad.

(d)cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhomhír C(2):

‘2.    Áirítear leis an téarma ‘Cuntas Taisclainne’ aon chuntas tráchtála, reatha, coigiltis, ama, nó taisce coigiltis, nó cuntas atá fianaithe le deimhniú taisce, deimhniú taisce coigiltis, deimhniú infheistíochta, deimhniú féichiúnais, nó ionstraim chomhchosúil eile a choimeádann Institiúid Taisclainne. Áirítear an méid seo a leanas le Cuntas Taisclainne chomh maith:

(a)méid atá ina sheilbh ag cuideachta árachais de bhun conradh maidir le hinfheistíocht ráthaithe nó comhaontú comhchosúil chun ús ar an méid sin a íoc nó a chur chun sochair;

(b)cuntas nó cuntas barúlach arb ionann é agus an RíomhAirgid nó na Licíní RíomhAirgid ar fad atá á sealbhú chun tairbhe custaiméara; agus

(c)cuntas ina bhfuil Airgeadra Digiteach amháin nó níos mó de chuid an Bhainc Ceannais chun tairbhe custaiméara.

(e)cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhomhíreanna C(9) agus (10):

‘9.    Ciallaíonn an téarma ‘Cuntas atá ann cheana’:

(a)Cuntas Airgeadais atá á choimeád ag Institiúid Airgeadais Tuairiscithe ón 31 Nollaig 2015 ar aghaidh nó, má chaitear leis an gcuntas mar Chuntas Airgeadais de bhua na leasuithe ar Threoir 2011/16/AE amháin, ón 1 Eanáir 2024 ar aghaidh;

(b)aon Chuntas Airgeadais Sealbhóra Cuntais, beag beann ar an dáta a osclaíodh an Cuntas Airgeadais sin, más rud é:

(i)go bhfuil Cuntas Airgeadais ar Cuntas atá ann cheana é faoi fhomhír C(9), pointe (a) ag an Sealbhóir Cuntais leis an Institiúid Airgeadais Tuairiscithe freisin (nó le hEintiteas Gaolmhar sa Bhallstát céanna leis an Institiúid Airgeadais Tuairiscithe);

(ii)go gcaitheann an Institiúid Airgeadais Tuairiscithe (agus, de réir mar is infheidhme, an tEintiteas Gaolmhar sa Bhallstát céanna leis an Institiúid Airgeadais Tuairiscithe) leis an dá Chuntas Airgeadais thuasluaite, agus le haon Chuntais Airgeadais eile atá ag Sealbhóir Cuntais lena gcaitear mar Chuntais atá ann cheana faoi phointe (b), mar Chuntas Airgeadais amháin chun na ceanglais maidir le heolas a leagtar amach i mír A de Roinn VII a chomhlíonadh, agus chun iarmhéid nó luach aon cheann de na Cuntais Airgeadais a chinneadh agus aon cheann de na tairsí cuntais á gcur i bhfeidhm;

(iii)maidir le Cuntas Airgeadais atá faoi réir Nósanna Imeachta AML/KYC, go gceadaítear don Institiúid Airgeadais Tuairiscithe na Nósanna Imeachta AML/KYC sin don Chuntas Airgeadais a chomhlíonadh trí bhrath ar na Nósanna Imeachta AML/KYC arna bhfeidhmiú don Chuntas atá ann cheana ar a dtugtar tuairisc i bhfomhír C(9), pointe (a); agus

(iv)nach gá don Sealbhóir Cuntais faisnéis nua, bhreise ná leasaithe custaiméara a chur ar fáil seachas chun críocha na Treorach seo ar oscailt an Chuntais Airgeadais.

10.    Ciallaíonn an téarma ‘Cuntas Nua’ Cuntas Airgeadais atá á choimeád ag Institiúid Airgeadais Tuairiscithe a osclaíodh an 1 Eanáir 2016 nó ina dhiaidh sin nó, má chaitear leis an gcuntas mar Chuntas Airgeadais de bhua na leasuithe ar Threoir 2011/16/AE amháin, an 1 Eanáir 2024 nó ina dhiaidh sin.’

(f)i bhfomhír 17, pointe (e) cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

‘(v)fondúireacht nó méadú caipitil cuideachta ar choinníoll go gcomhlíonann an cuntas na ceanglais seo a leanas:

go núsáidtear an cuntas go heisiach chun caipiteal a thaisceadh atá le húsáid chun críocha na fondúireachta nó chun críocha caipitil cuideachta a mhéadú, mar a fhorordaítear le dlí;

déanfar aon mhéid atá sa chuntas a bhlocáil go dtí go bhfaighidh an Institiúid Airgeadais Tuairiscithe deimhniú neamhspleách maidir leis an bhfondúireacht nó an méadú caipitil;

déantar an cuntas a dhúnadh nó a chlaochlú i gcuntas faoi ainm na cuideachta tar éis na fondúireachta nó an mhéadaithe caipitil;

aon aisíocaíocht a eascraíonn as fondúireacht teipthe nó méadú caipitil, glanmhéid an tsoláthraí seirbhísí agus táillí comhchosúla, ní dhéantar iad ach leis na daoine a ranníoc na méideanna; agus

níor bunaíodh an cuntas níos mó ná 12 mhí ó shin’.

(g)i mír C(17), cuirtear an pointe (ee) seo a leanas isteach:

‘(ee)    Cuntas Taisclainne a léiríonn an RíomhAirgead agus na Licíní RíomhAirgid ar fad atá á gcoinneáil chun tairbhe custaiméara, murar mhó ná USD 10 000 aon lá i rith na bliana féilire nó i rith tréimhse tuairiscithe iomchuí eile an meánluach rollach 90 lá ag deireadh an lae le linn aon tréimhse 90 lá as a chéile.’

(h)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír D(2):

‘2.    Ciallaíonn an téarma ‘Duine Intuairiscithe’ Duine Ballstáit seachas (i) Eintiteas a ndéantar a stoc a thrádáil go rialta ar mhargadh urrús bunaithe amháin nó níos mó; (ii) aon Eintiteas arb Eintiteas Gaolmhar é d’Eintiteas ar a dtugtar tuairisc i gclásal (i); (iii) Eintiteas Rialtais; (iv) Eagraíocht Idirnáisiúnta; (v) Banc Ceannais; nó (vi) Institiúid Airgeadais’.

(i)i mír E, cuirtear isteach an mhír 7 seo a leanas:

‘7.    Ciallaíonn an téarma ‘Seirbhís Aitheantais’ próiseas leictreonach a chuireann Ballstát ar fáil saor in aisce d’Institiúid Airgeadais Tuairiscithe chun céannacht agus cónaí chun críoch cánach Sealbhóra Cuntais nó Duine Rialaithe a fhionnadh.’

(4)i Mír IX, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:

‘Taifid dá dtagraítear i bpointe (2) den fhomhír seo, leanfaidh siad de bheith ar fáil tráth nach faide ná mar is gá ach, in aon chás, tráth nach giorra ná 5 bliana chun críocha na Treorach seo a bhaint amach;’

(5)cuirtear an Roinn XI seo a leanas léi:

‘Roinn XI

Bearta Idirthréimhseacha

Faoi fhomhír A(1), pointe (b) agus A (6a) de Roinn I, maidir le gach Cuntas Intuairiscithe a choinníonn Institiúid Airgeadais Tuairiscithe ón 1 Eanáir 2024 ar aghaidh agus le haghaidh tréimhsí tuairiscithe dar críoch an dara bliain féilire tar éis an dáta sin, ní gá faisnéis a thuairisciú maidir leis an ról ar dá bhua sin is Duine Rialaithe nó sealbhóir Leasa Chothromais de chuid an Eintitis é gach Duine Intuairiscithe ach amháin má tá an fhaisnéis sin ar fáil sna sonraí atá inchuardaithe go leictreonach arna gcoimeád ar bun ag an Institiúid Airgeadais Tuairiscithe.’

IARSCRÍBHINN II

leasaítear Iarscríbhinn V mar a leanas:

(1)i Roinn I C. cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:

‘10. Ciallaíonn ‘Seirbhís Aitheantais’ próiseas leictreonach a chuireann Ballstát ar fáil saor in aisce d’Oibreoir Ardán Tuairiscithe chun céannacht agus cónaí chun críoch cánach Díoltóra a fhionnadh.’

(2)i Roinn II cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhomhír B(3):

‘3. D’ainneoin fhomhíreanna B(1) agus (2), ní cheanglófar ar an Oibreoir Ardán Tuairiscithe faisnéis dá dtagraítear i bhfomhír B(1), pointí (b) go (e) agus i bhfomhír B(2), pointí (b) go (f) a bhailiú i gcás ina bhfuil sé ag brath ar dheimhniú díreach ar chéannacht agus ar áit chónaithe an Díoltóra trí Sheirbhís Aitheantais a chuireann Ballstát nó an tAontas ar fáil chun céannacht agus áit chónaithe an Díoltóra chun críoch cánach a dhéanamh amach. I gcás ina raibh an tOibreoir Ardán Tuairiscithe ag brath ar Sheirbhís Aitheantais chun céannacht agus cónaí chun críoch cánach Díoltóra Intuairiscithe a fhionnadh, beidh ainm, aitheantóir na Seirbhíse Aitheantais, agus an Ballstát eisiúna ag teastáil;’

(3)i Roinn IV, cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhoclaíocht fhomhír F(5):

‘5. Déanfaidh Ballstát an chlárúcháin aonair Oibreoir Ardán Tuairiscithe a bhaint den chlár lárnach sna cásanna seo a leanas:

IARSCRÍBHINN III

‘IARSCRÍBHINN VI

NÓSANNA IMEACHTA MAIDIR LE DÍCHEALL CUÍ, CEANGLAIS TUAIRISCITHE AGUS RIALACHA EILE MAIDIR LE SOLÁTHRAITHE SEIRBHÍSÍ CRIPTEA-SHÓCMHAINNÍ TUAIRISCITHE

Leagtar síos leis an Iarscríbhinn seo na rialacha maidir le nósanna imeachta maidir le dícheall cuí, ceanglais tuairiscithe agus rialacha eile a chuirfidh na Soláthraithe Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe i bhfeidhm chun go mbeidh na Ballstáit in ann an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 8ad den Treoir seo a chur in iúl, trí mhalartú faisnéise uathoibríoch.

Leagtar síos leis an Iarscríbhinn seo freisin ar na rialacha agus nósanna imeachta riaracháin a bheidh i bhfeidhm sna Ballstáit le cur chun feidhme éifeachtach nósanna imeachta maidir le dícheall cuí agus na gceanglas tuairiscithe a leagtar amach san Iarscríbhinn, agus comhlíonadh na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí agus na gceanglas tuairiscithe sin, a áirithiú.

ROINN I

OIBLEAGÁIDÍ SOLÁTHRAITHE SEIRBHÍSÍ CRIPTEA-SHÓCMHAINNÍ TUAIRISCITHE

A. Tá Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe, mar a shainmhínítear i Roinn IV fomhír B(3), faoi réir na gceanglas maidir le dícheall cuí agus tuairisciú i Ranna II agus III i mBallstát, más rud é:

1.gur Eintiteas é atá údaraithe faoi Rialachán XX;

2.tá Eintiteas nó duine aonair ina chónaí i mBallstát chun críoch cánach;

3.gur Eintiteas é (a) atá ionchorpraithe nó eagraithe faoi dhlíthe Ballstáit agus (b) a bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige i mBallstát nó a bhfuil oibleagáid air tuairisceáin chánach nó tuairisceáin faisnéise cánach a chomhdú chuig na húdaráis chánach i mBallstát i ndáil le hioncam an Eintitis;

4.gur Eintiteas é atá á bhainistiú ó Bhallstát; nó

5.gur Eintiteas nó duine aonair é a bhfuil gnátháit ghnó aige i mBallstát agus nach Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe Cáilithe é; nó

6.gur Eintiteas nó duine aonair é atá ina chónaí i ndlínse nach dlínse de chuid an Aontais í chun críoch cánach.

B. Tá Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe faoi réir na gceanglas maidir le dícheall cuí agus tuairisciú i Ranna II agus III i mBallstát i gcomhréir le fomhír A maidir le hIdirbhearta Intuairiscithe a dhéantar trí Bhrainse atá bunaithe i mBallstát.

C. Ní cheanglaítear ar Sholáthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe, ar Eintiteas é, na ceanglais maidir le dícheall cuí agus tuairisciú i Ranna II agus III a chur i gcrích i mBallstát a bhfuil sé faoina réir de bhun fhomhíreanna A(3), (4) nó (5), má chuireann an Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe sin na ceanglais sin i gcrích in aon Bhallstát eile de bhua é a bheith ina chónaí chun críoch cánach sa Bhallstát sin.

D. Ní cheanglaítear ar Sholáthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe, ar Eintiteas é, na ceanglais maidir le dícheall cuí agus tuairisciú i Ranna II agus III a chur i gcrích i mBallstát a bhfuil sé faoina réir de bhun fhomhír A(4) nó (5), má chuireann an Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe sin na ceanglais sin i gcrích in aon Bhallstát eile de bhua gur Eintiteas é (a) atá ionchorpraithe nó eagraithe faoi dhlíthe an Bhallstáit sin agus (b) go bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige sa Bhallstát eile nó go bhfuil oibleagáid air tuairisceáin chánach nó tuairisceáin faisnéise cánach a chomhdú chuig na húdaráis chánach sa Bhallstát eile i ndáil le hioncam an eintitis.

E. Ní cheanglaítear ar Sholáthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe, ar Eintiteas é, na ceanglais maidir le dícheall cuí agus tuairisciú i Ranna II agus III a chur i gcrích i mBallstát a bhfuil sé faoina réir de bhun fhomhír A(5), má chuireann an Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe sin na ceanglais sin i gcrích in aon Bhallstát eile de bhua é a bheith bainistithe ón mBallstát sin.

F. Ní cheanglaítear ar Sholáthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe, ar Eintiteas é, na ceanglais maidir le dícheall cuí agus tuairisciú i Ranna II agus III a chur i gcrích i mBallstát a bhfuil sé faoina réir de bhun fhomhír A(6), má chuireann an Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe sin na ceanglais sin i gcrích in aon Dlínse Cháilithe eile Nach Dlínse de chuid an Aontais í de bhua é a bheith bainistithe ón Dlínse Cháilithe sin Nach Dlínse de chuid an Aontais í.

G. Ní cheanglaítear ar Sholáthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe, ar duine aonair é, na ceanglais maidir le dícheall cuí agus tuairisciú i Ranna II agus III a chur i gcrích i mBallstát a bhfuil sé faoina réir de bhun fhomhír A(5), má chuireann an Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe sin na ceanglais sin i gcrích in aon Bhallstát eile de bhua é a bheith ina chónaí chun críoch cánach sa Bhallstát sin.

H. Ní cheanglaítear ar Sholáthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe, ar duine aonair é, na ceanglais maidir le dícheall cuí agus tuairisciú i Ranna II agus III a chur i gcrích i mBallstát a bhfuil sé faoina réir de bhun fhomhír A(6), má chuireann an Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe sin na ceanglais sin i gcrích in aon Dlínse Cháilithe eile Nach Dlínse de chuid an Aontais í de bhua é a bheith ina chónaí chun críoch cánach sa Dlínse Cháilithe sin Nach Dlínse de chuid an Aontais í.

I. Ní cheanglaítear ar Sholáthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe na ceanglais maidir le dícheall cuí agus tuairisciú i Ranna II agus III a chur i gcrích i mBallstát i ndáil le hIdirbhearta Intuairiscithe a dhéanann sé trí Bhrainse in aon Bhallstát eile, má chuireann an Brainse sin na ceanglais sin i gcrích sa Bhallstát sin.

J. Ní cheanglaítear ar Sholáthróir Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe na ceanglais maidir le dícheall cuí agus tuairisciú i Ranna II agus III a chur i gcrích i mBallstát a bhfuil sé faoina réir de bhun fhomhír A(2), (3), (4) (5) nó (6), má tá fógra taiscthe aige le Ballstát i bhformáid arna sonrú ag Ballstát lena ndeimhnítear go bhfuil na ceanglais sin curtha i gcrích ag an Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe sin faoi rialacha aon Bhallstáit eile de bhun critéar atá comhchosúil go substaintiúil le fomhíreanna A(2), (3), (4),(5) nó (6), faoi seach.

K. Ní cheanglaítear ar Sholáthróir Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe na ceanglais maidir le dícheall cuí agus tuairisciú i Ranna II agus III a chur i gcrích i mBallstát a bhfuil sé faoina réir de bhun fhomhír A(1) má tá fógra taiscthe aige le Ballstát i bhformáid arna sonrú ag Ballstát lena ndeimhnítear go bhfuil na ceanglais sin curtha i gcrích ag an Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe sin faoi rialacha Comhaontaithe Éifeachtaigh Cháilithigh idir Údaráis Inniúla de bhun cinneadh comhfhreagrais de réir Airteagal 8ad(11).

ROINN II

CEANGLAIS TUAIRISCITHE

A. Déanfaidh Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe, de réir bhrí mhír A de Roinn I, an fhaisnéis a leagtar amach i mír B den Roinn seo a thuairisciú d’údarás inniúil Bhallstát a údaraithe, a chónaí chun críoch cánach nó a chláraithe tráth nach déanaí ná 31 Eanáir na bliana i ndiaidh na bliana féilire ábhartha nó i ndiaidh tréimhse tuairiscithe iomchuí eile den Idirbheart Intuairiscithe.

B. I gcás gach bliana féilire ábhartha nó tréimhse tuairiscithe iomchuí eile, agus faoi réir oibleagáidí Soláthraithe Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe i Roinn I agus faoi réir na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí i Roinn III, tuairisceoidh Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe an fhaisnéis seo a leanas dá Úsáideoirí Criptea-Shócmhainní ar Úsáideoirí Intuairiscithe iad nó ag a bhfuil Daoine Rialaithe ar Daoine Intuairiscithe iad:

1.ainm, seoladh, Ballstát cónaithe, TIN agus, i gcás duine aonair, dáta breithe agus áit bhreithe gach Úsáideora Intuairiscithe agus, i gcás aon Eintitis a shainaithnítear, tar éis na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí a leagtar síos i Roinn III d’Iarscríbhinn VI a chur i bhfeidhm, go bhfuil Duine Rialaithe amháin nó níos mó aige ar Duine Intuairiscithe é, ainm, seoladh, Ballstát cónaithe agus TIN an Eintitis agus ainm, seoladh, Ballstát cónaithe, TIN agus dáta breithe agus áit bhreithe gach Duine Intuairiscithe, chomh maith leis an ról ar dá bhua is Duine Rialaithe an Eintitis é gach Duine Intuairiscithe;

2.ainm, seoladh, TIN agus, má tá sí ar fáil, Aitheantóir Domhanda Eintitis Dhlítheanaigh an tSoláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe;

3.le haghaidh gach Criptea-Shócmhainní Intuairiscithe a bhfuil Idirbhearta Intuairiscithe curtha i bhfeidhm ina leith le linn na bliana féilire ábhartha nó le linn tréimhse tuairiscithe iomchuí eile, i gcás inarb ábhartha:

(a)ainm iomlán an chineáil Criptea-Shócmhainní Intuairiscithe;

(b)an méid comhlán comhiomlán a íocadh, líon comhiomlán na naonad agus líon na nIdirbheart Intuairiscithe i leith éadálacha in aghaidh Airgeadra Fiat;

(c)an méid comhlán comhiomlán a fuarthas, líon comhiomlán na naonad agus líon na nIdirbheart Intuairiscithe i leith diúscartha in aghaidh Airgeadra Fiat;

(d)an margadhluach cothrom comhiomlán, líon comhiomlán na naonad agus líon na nIdirbheart Intuairiscithe i leith éadálacha in aghaidh Criptea-Shócmhainní Intuairiscithe eile;

(e)an margadhluach cothrom comhiomlán, líon comhiomlán na naonad agus líon na nIdirbheart Intuairiscithe i leith diúscartha in aghaidh Criptea-Shócmhainní Intuairiscithe eile;

(f)an margadhluach cothrom comhiomlán, líon comhiomlán na naonad agus líon na nIdirbheart Íocaíochta Miondíola Intuairiscithe;

(g)an margadhluach cothrom comhiomlán, líon comhiomlán na naonad agus líon na nIdirbheart Intuairiscithe, agus arna bhforoinnt de réir cineál aistrithe i gcás inarb eol sin don Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe, i ndáil le hAistrithe chuig an Úsáideoir Intuairiscithe nach gcumhdaítear le fomhíreanna A(3), pointí (b) agus (d);

(h)an margadhluach cothrom comhiomlán, líon comhiomlán na naonad agus líon na nIdirbheart Intuairiscithe, agus arna bhforoinnt de réir cineál aistrithe i gcás inarb eol sin don Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe, i ndáil le hAistrithe ag an Úsáideoir Intuairiscithe nach gcumhdaítear le fomhíreanna A(3), pointí (c), (e) agus (f); agus

(i)an margadhluach cothrom comhiomlán, chomh maith le líon comhiomlán na naonad Aistrithe a chuir an Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe i bhfeidhm ar sheoltaí mórleabhar dáilte nach eol a bheith bainteach le soláthraí fíorúil seirbhísí sócmhainne nó le hinstitiúid airgeadais.

Chun críocha fhomhíreanna B(3), pointí (b) agus (c), tuairisceofar an méid a íocadh nó a fuarthas san Airgeadra Fiat inar íocadh nó inar fuarthas é. I gcás ina ndearnadh na méideanna a íoc nó a fháil in Airgeadraí Fiat iolracha, tuairisceofar na méideanna in airgeadra aonair, arna n‑aistriú tráth gach Idirbhirt Intuairiscithe ar bhealach a chuireann an Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe i bhfeidhm go comhsheasmhach.

Chun críocha fhomhíreanna B(3), pointí (d) go (i), déanfar an margadhluach cothrom a chinneadh agus a thuairisciú in airgeadra aonair, arna luacháil tráth gach Idirbhirt Intuairiscithe ar bhealach a chuireann an Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe i bhfeidhm go comhsheasmhach.

San fhaisnéis a thuairiscítear, déanfar an t‑Airgeadra Fiat ina dtuairiscítear gach méid a shainaithint.

C. Déanfar an fhaisnéis a liostaítear i mír 3 a thuairisciú faoin 31 Eanáir den bhliain féilire tar éis na bliana lena mbaineann an fhaisnéis. Cuirfear an chéad fhaisnéis in iúl don bhliain féilire ábhartha nó do thréimhse tuairiscithe iomchuí eile ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh.

D. D’ainneoin fhomhír (C) den Roinn seo, ní cheanglófar ar Sholáthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní de réir bhrí Roinn I, fomhír A(6) an fhaisnéis a leagtar amach i mír B den Roinn seo a chur ar fáil maidir le Idirbhearta Intuairiscithe Cáilitheacha, a chumhdaítear le Comhaontú Éifeachtach Cáilitheach idir Údaráis Inniúla, lena ndéantar foráil cheana féin do mhalartú uathoibríoch faisnéise comhfhreagraí le Ballstát maidir le hÚsáideoirí Intuairiscithe a bhfuil cónaí orthu sa Bhallstát sin.

ROINN III

NÓSANNA IMEACHTA MAIDIR LE DÍCHEALL CUÍ

Caitear le hÚsáideoir Criptea-Shócmhainní mar Úsáideoir Intuairiscithe ón dáta a shainaithnítear é mar Úsáideoir den sórt sin de bhun na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí ar a dtugtar tuairisc sa Roinn seo.

A. Nósanna Imeachta maidir le Dícheall Cuí d’Úsáideoirí Aonair Criptea-Shócmhainní

Tá feidhm ag na nósanna imeachta seo a leanas chun a chinneadh an Úsáideoir Intuairiscithe é an tÚsáideoir Criptea-Shócmhainní Aonair.

1.Agus an caidreamh leis an Úsáideoir Criptea-Shócmhainní Aonair á bhunú, nó i ndáil le hÚsáideoirí Criptea-Shócmhainní Aonair atá ann cheana faoi 12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo, gheobhaidh an Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe féindeimhniúchán lena gceadófar don Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe áit chónaithe an Úsáideora Chriptea-Shócmhainne Aonair a chinneadh chun críocha cánach agus deimhneoidh sé réasúntacht an fhéindeimhnithe sin bunaithe ar an bhfaisnéis a fhaigheann an Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe, lena náirítear aon doiciméadacht a bhailítear de bhun Nósanna Imeachta Custaiméara maidir le Dícheall Cuí.

2.Más rud é, tráth ar bith, go nathraítear imthosca maidir le hÚsáideoir Criptea-Shócmhainní Aonair, ar athrú é lena dtugtar le fios don Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe, nó lena dtugtar cúis dó fios a bheith aige, go bhfuil an féindeimhniúchán bunaidh mícheart nó neamhiontaofa, ní féidir leis an Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe brath ar an bhféindeimhniúchán bunaidh agus gheobhaidh sé féindeimhniúchán bailí, nó míniú réasúnach agus, i gcás inarb iomchuí, doiciméadacht a thacaíonn le bailíocht an fhéindeimhniúcháin bhunaidh.

B. Nósanna Imeachta maidir le Dícheall Cuí d’Úsáideoirí Criptea-Shócmhainní Eintitis

Tá feidhm ag na nósanna imeachta seo a leanas chun a chinneadh an Úsáideoir Intuairiscithe nó Eintiteas é Úsáideoir Criptea-Shócmhainní Eintitis, seachas Duine Eisiata nó Eintiteas Gníomhach, agus Duine Rialaithe amháin nó níos mó ann ar Daoine Intuairiscithe iad.

1.A chinneadh an Duine Intuairiscithe é an tÚsáideoir Criptea-Shócmhainní Eintitis.

(a)Agus an caidreamh leis an Úsáideoir Criptea-Shócmhainní Eintitis á bhunú, nó i ndáil le hÚsáideoirí Criptea-Shócmhainní Eintitis atá ann cheana faoi 12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo, gheobhaidh an Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe féindeimhniúchán lena gceadófar don Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe áit chónaithe an Úsáideora Criptea-Shócmhainní Eintiteas a chinneadh chun críocha cánach agus deimhneoidh sé réasúntacht an fhéindeimhnithe sin bunaithe ar an bhfaisnéis a fhaigheann an Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe, lena náirítear aon doiciméadacht a bhailítear de bhun Nósanna Imeachta Custaiméara maidir le Dícheall Cuí. Má dheimhníonn an tÚsáideoir Criptea-Shócmhainní Eintitis nach bhfuil aon áit chónaithe aige chun críoch cánach, féadfaidh an Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe brath ar áit bhainistíochta éifeachtaí nó ar sheoladh na príomhoifige chun áit chónaithe an Úsáideora Criptea-Shócmhainní Eintitis a chinneadh.

(b)Má léirítear leis an bhféindeimhniúchán go bhfuil an tÚsáideoir Criptea-Shócmhainní Eintitis ina chónaí i mBallstát, caithfidh an Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe leis an Úsáideoir Criptea-Shócmhainní Eintitis mar Úsáideoir Intuairiscithe, ach amháin má chinneann sé go réasúnach, bunaithe ar an bhféindeimhniúchán nó ar fhaisnéis atá ina sheilbh nó atá ar fáil go poiblí, gur Duine Eisiata é an tÚsáideoir Criptea-Shócmhainní Eintitis.

2.A chinneadh an bhfuil Duine Rialaithe amháin nó níos mó ag an Eintiteas ar Daoine Intuairiscithe iad. Maidir le hÚsáideoir Criptea-Shócmhainní Eintitis, seachas Duine Eisiata, cinnfidh an Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe cé acu atá nó nach bhfuil Duine Rialaithe amháin nó níos mó aige ar Daoine Intuairiscithe iad, ach amháin má chinneann sé gur Eintiteas Gníomhach é an tÚsáideoir Criptea-Shócmhainní Eintitis, bunaithe ar fhéindeimhniúchán ón Úsáideoir Criptea-Shócmhainní Eintitis.

(a)Daoine Rialaithe an Úsáideora Criptea-Shócmhainní Eintitis a chinneadh. Chun críocha Daoine Rialaithe an Úsáideora Criptea-Shócmhainní Eintitis a chinneadh, féadfaidh Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe brath ar fhaisnéis arna bailiú agus arna cothabháil de bhun Nósanna Imeachta Custaiméara maidir le Dícheall Cuí, ar choinníoll go bhfuil na nósanna imeachta sin comhsheasmhach le Treoir (AE) 2015/849. Mura bhfuil ceangal dlíthiúil ar an Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe Nósanna Imeachta maidir le Dícheall Cuí atá comhsheasmhach le Treoir (AE) 2015/849 a chur i bhfeidhm, cuirfidh sé nósanna imeachta atá cosúil go substaintiúil leo i bhfeidhm chun na Daoine Rialaithe a chinneadh.

(b)A chinneadh cé acu is Duine Intuairiscithe é Duine Rialaithe Úsáideora Criptea-Shócmhainní Eintitis nó nach ea. Chun a chinneadh an Duine Intuairiscithe é Duine Rialaithe, beidh Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe ag brath ar fhéindeimhniúchán ón Úsáideoir Criptea-Shócmhainní Eintitis nó ó Dhuine Rialaithe den chineál sin lena gcuirtear ar chumas an tSoláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe áit chónaithe an Duine Rialaithe chun críoch cánach a chinneadh agus réasúntacht an fhéindeimhnithe sin a dheimhniú bunaithe ar an bhfaisnéis a fhaigheann an Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe, lena náirítear aon doiciméadacht a bhailítear de bhun Nósanna Imeachta Custaiméara maidir le Dícheall Cuí.

3.Más rud é, tráth ar bith, go nathraítear imthosca maidir le hÚsáideoir Criptea-Shócmhainní Eintitis nó a Dhaoine Rialaithe, ar athrú é lena dtugtar le fios don Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe, nó lena dtugtar cúis dó fios a bheith aige, go bhfuil an féindeimhniúchán bunaidh mícheart nó neamhiontaofa, ní féidir leis an Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe brath ar an bhféindeimhniúchán bunaidh agus gheobhaidh sé féindeimhniúchán bailí, nó míniú réasúnach agus, i gcás inarb iomchuí, doiciméadacht a thacaíonn le bailíocht an fhéindeimhniúcháin bhunaidh.

C. Ceanglais maidir le bailíocht féindeimhniúchán

1.Níl féindeimhniúchán a sholáthraíonn Úsáideoir Criptea-Shócmhainní Aonair nó Duine Rialaithe Aonair bailí ach amháin má dhéanann an tÚsáideoir Criptea-Shócmhainní Aonair nó Duine Rialaithe Aonair é a shíniú nó a dhearbhú go dearfach ar shlí eile, má dhéantar é a dhátú an dáta a fhaightear é ar a dhéanaí agus má tá an fhaisnéis seo a leanas ann maidir leis an Úsáideoir Aonair Criptea-Shócmhainní nó an Duine Rialaithe:

(a)céadainm agus sloinne;

(b)seoladh cónaithe;

(c)An Ballstát cónaithe chun críoch cánach;

(d)maidir le gach Duine Intuairiscithe, an TIN i leith gach Ballstáit;

(e)dáta breithe.

2.Níl féindeimhniúchán a sholáthraíonn Úsáideoir Criptea-Shócmhainní Eintitis bailí ach amháin má dhéanann an tÚsáideoir Criptea-Shócmhainní Eintitis é a shíniú nó a dhearbhú go dearfach ar shlí eile, má dhéantar é a dhátú an dáta a fhaightear é ar a dhéanaí agus má tá an fhaisnéis seo a leanas ann maidir leis an Úsáideoir Criptea-Shócmhainní Eintitis:

(a)ainm dlíthiúil;

(b)seoladh;

(c)An Ballstát cónaithe chun críoch cánach;

(d)maidir le gach Duine Intuairiscithe, an TIN i leith gach Ballstáit;

(e)i gcás Úsáideora Criptea-Shócmhainní Eintitis seachas Eintiteas Gníomhach nó Duine Eisiata, an fhaisnéis a thuairiscítear i bhfomhír C(1) maidir le gach Duine Rialaithe an Úsáideora Criptea-Shócmhainní Eintitis, chomh maith leis an ról ar dá bhua is Duine Rialaithe de chuid an Eintitis é gach Úsáideoir Intuairiscithe, mura bhfuil sé cinntithe cheana féin ar bhonn Nósanna Imeachta Custaiméara maidir le Dícheall Cuí;

(f)más infheidhme, faisnéis maidir leis na critéir a chomhlíonann sí chun go gcaithfear léi mar Eintiteas Gníomhach nó mar Dhuine Eisiata.

3.D’ainneoin fhomhír C(1) agus fhomhír C(2), ní cheanglófar ar an Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe an fhaisnéis dá dtagraítear i bhfomhír C(1), i bpointí (b) go (e), agus i mír C(2), pointí (b) go (f), a bhailiú, i gcás ina mbraitheann sé ar fhéindeimhniúchán an Úsáideora Chriptea-Shócmhainne trí Sheirbhís Aitheantais a chuireann Ballstát nó an tAontas ar fáil chun céannacht agus cónaí chun críoch cánach an Úsáideora Chriptea-Shócmhainne a fhionnadh, i gcás ina mbeidh an tOibreoir Ardán Tuairiscithe ag brath ar Sheirbhís Aitheantais chun céannacht agus cónaí chun críoch cánach Úsáideora Chriptea-Shócmhainne Intuairiscithe, ainm, aitheantóir Seirbhíse Aitheantais, agus an Ballstát eisiúna a fhionnadh.

D. Ceanglais ghinearálta maidir le dícheall cuí

1.Féadfaidh Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe, ar Institiúid Airgeadais é freisin chun críocha na Treorach seo, brath ar na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí a chuirtear i gcrích de bhun Ranna IV agus VI d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo chun críocha na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí de bhun na Roinne seo. Féadfaidh Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe brath ar fhéindeimhniúchán a bailíodh cheana chun críocha cánach eile, ar choinníoll go gcomhlíonann an féindeimhniúchán sin ceanglais mhír C den Roinn seo.

2.Féadfaidh Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe brath ar thríú páirtí chun na hoibleagáidí maidir le dícheall cuí a leagtar amach i Roinn III seo a chomhlíonadh, ach is é an Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe atá freagrach i gcónaí as na hoibleagáidí sin.

ROINN IV

TÉARMAÍ SAINMHÍNITHE

Tá an bhrí a leagtar amach thíos ag na Téarmaí seo a leanas:

A. Criptea-Shócmhainn Tuairiscithe

1.Ciallaíonn ‘Criptea-Shócmhainn’ Criptea-Shócmhainn mar a shainmhínítear i Rialachán XXX.

2.Ciallaíonn ‘Airgeadra Digiteacha Bainc Ceannais’ aon Airgeadra Fiat digiteach arna eisiúint ag Banc Ceannais nó ag údarás airgeadaíochta eile.

3.Ciallaíonn ‘Banc Ceannais’ institiúid arb í, de réir an dlí nó de réir an rialtais, an príomhúdarás í, seachas rialtas na dlínse féin, a eisíonn ionstraimí atá ceaptha le bheith i gcúrsaíocht mar airgeadra. Féadfar ionstraimeacht a áireamh le hinstitiúid den sórt sin atá ar leithligh ó rialtas na dlínse, cibé acu atá nó nach bhfuil sí ar lánúinéireacht nó ar pháirtúinéireacht ag an dlínse.

4.Ciallaíonn ‘Criptea-Shócmhainn Intuairiscithe’ aon Chriptea-Sócmhainn seachas Airgeadra Digiteach Bainc Ceannais, RíomhAirgead, Licín RíomhAirgid nó aon Chriptea-Shócmhainn a bhfuil cinneadh leordhóthanach déanta ag an Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe ina leith nach féidir é a úsáid chun críche íocaíochta ná infheistíochta.

5.Ciallaíonn ‘RíomhAirgead’ nó ‘R-airgead’ RíomhAirgead nó R-airgead mar a shainmhínítear i dTreoir 2009/110/CE. Chun críocha na Treorach seo, ní áirítear leis an téarma ‘RíomhAirgead’ nó ‘R-airgead’ táirge a chruthaítear chun aistriú cistí ó chustaiméir chuig duine eile a éascú, agus chun na críche sin amháin, de bhun threoracha an chustaiméara. Ní chruthaítear táirge chun aistriú cistí a éascú, agus chuige sin amháin, más rud é, i ngnáthchúrsa gnó an Eintitis is aistritheoir, go bhfuil na cistí a bhaineann leis an táirge sin i seilbh níos faide ná 60 lá tar éis treoracha a fháil chun an taistriú a éascú, nó, mura bhfaightear aon treoir, go gcoimeádtar na cistí a bhaineann leis an táirge sin níos faide ná 60 lá tar éis na cistí a fháil.

6.Ciallaíonn ‘Licín RíomhAirgid’ nó ‘Licín R-airgid’ Licín RíomhAirgid’ nó ‘Licín R-airgid mar a shainmhínítear i Rialachán XXX.

7.Ciallaíonn ‘Teicneolaíocht Mórleabhar Dáilte (DLT)’ Teicneolaíocht Mórleabhar Dáilte nó DLT mar a shainmhínítear i Rialachán XXX.

B. Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe

1.Ciallaíonn ‘Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní’ Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní mar a shainmhínítear i Rialachán XXX.

2.Ciallaíonn ‘Oibreoir Criptea-Shócmhainní’ soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní seachas Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní.

3.Ciallaíonn ‘Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe’ aon Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní agus aon Oibreoir Criptea-Shócmhainní a dhéanann Seirbhís Chriptea-Shócmhainne amháin nó níos mó a cheadaíonn d’Úsáideoirí Intuairiscithe Idirbheart Malairte a chur i gcrích agus ní Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe Cáilithe é.

4.Ciallaíonn ‘Seirbhísí Criptea-Shócmhainní’ Seirbhísí Criptea-Shócmhainní mar a shainmhínítear i Rialachán XXX lena náirítear gabháil agus iasachtú.

C. Idirbheart Intuairiscithe

1.Ciallaíonn ‘Idirbheart Intuairiscithe’ aon

(a)Idirbheart Malartaithe; agus

(b)Aistriú Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe.

2.Ciallaíonn ‘Idirbheart Malartaithe’ aon:

(a)Mhalartú idir Criptea-Shócmhainní Intuairiscithe agus Airgeadraí Fiat; agus

(b)Mhalartú idir Criptea-Shócmhainn Intuairiscithe amháin nó níos mó.

3.Ciallaíonn ‘Idirbheart Intuairiscithe Cáilithe’ na hIdirbhearta Intuairiscithe go léir a chumhdaítear leis an uathmhalartú de bhun Comhaontú Éifeachtach Cáilitheach idir Údaráis Inniúla.

4.Ciallaíonn ‘Idirbheart Íocaíochta Miondíola Intuairiscithe’ Aistriú Criptea-Shócmhainní Intuairiscithe i gcomaoin earraí nó seirbhísí ar mó ná EUR50 000 an luach atá orthu.

5.Ciallaíonn ‘aistriú’ idirbheart a aistríonn Criptea-Shócmhainní Intuairiscithe ó sheoladh nó cuntas Úsáideora Criptea-Shócmhainní amháin nó chuig seoladh nó cuntas Úsáideora Criptea-Shócmhainní amháin, seachas an tidirbheart a choinníonn an Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe thar ceann an Úsáideora Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe, i gcás, bunaithe ar an eolas atá ar fáil don Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe tráth an idirbhirt, nach féidir leis an Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe a chinneadh gur Idirbheart Malartaithe é an tidirbheart.

6.Ciallaíonn ‘Airgeadra Fiat’ airgeadra oifigiúil dlínse, arna eisiúint ag dlínse nó ag Banc Ceannais nó údarás airgeadaíochta ainmnithe dlínse, mar a léirítear le nótaí bainc nó boinn nó airgead i bhfoirmeacha digiteacha éagsúla, lena náirítear cúlchistí bainc, nó Airgeadraí Digiteacha Bainc Ceannais. Áirítear leis an téarma freisin airgead bainc thráchtála agus táirgí ríomhairgid (lena náirítear RíomhAirgead agus Licíní RíomhAirgid).

D. Úsáideoir Intuairiscithe

1.Ciallaíonn ‘Úsáideoir Intuairiscithe’ Úsáideoir Criptea-Shócmhainní ar Duine Intuairiscithe é a bhfuil cónaí air i mBallstát.

2.Ciallaíonn ‘Úsáideoir Criptea-Shócmhainní’ duine aonair nó Eintiteas ar custaiméir é de Sholáthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe chun Idirbhearta Intuairiscithe a dhéanamh. Ní chaitear le duine aonair nó Eintiteas, seachas Institiúid Airgeadais nó Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe a ghníomhaíonn mar Úsáideoir Criptea-Shócmhainní ar mhaithe le duine aonair nó Eintiteas eile mar ghníomhaire, coimeádaí, ainmnitheach, sínitheoir, comhairleoir infheistíochta, nó idirghabhálaí, mar Úsáideoir Criptea-Shócmhainní, agus caitear leis an duine aonair nó Eintiteas eile sin mar an tÚsáideoir Criptea-Shócmhainní. I gcás ina soláthraíonn Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe seirbhís lena ndéantar Idirbhearta Íocaíochta Miondíola Intuairiscithe do cheannaí nó thar a cheann, caithfidh an Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe leis an gcustaiméir arb é contrapháirtí an cheannaí iad le haghaidh Idirbhearta Íocaíochta Miondíola Intuairiscithe den sórt sin mar Úsáideoirí Criptea-Shócmhainní maidir le hIdirbheart Íocaíochta Miondíola Intuairiscithe den sórt sin, ar choinníoll go gceanglaítear ar an Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shocraithe Tuairiscithe céannacht an chustaiméara sin a fhíorú de bhua an Idirbhirt Íocaíochta Miondíola Intuairiscithe de bhun na rialacha baile maidir le sciúradh airgid.

3.Ciallaíonn ‘Úsáideoir Criptea-Shócmhainní Aonair’ Úsáideoir Criptea-Shócmhainní ar duine aonair é.

4.Ciallaíonn ‘Úsáideoir Criptea-Shócmhainní Aonair atá ann cheana’ Úsáideoir Criptea-Shócmhainní Aonair a bhfuil caidreamh bunaithe aige leis an Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe ón 31 Nollaig 2025 ar aghaidh

5.Ciallaíonn ‘Úsáideoir Criptea-Shócmhainní Eintitis’ Úsáideoir Criptea-Shócmhainní ar Eintiteas é.

6.Ciallaíonn ‘Úsáideoir Criptea-Shócmhainní Eintitis atá ann cheana’ Úsáideoir Criptea-Shócmhainní Eintitis a bhfuil caidreamh bunaithe aige leis an Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe ón 31 Nollaig 2025 ar aghaidh.

7.Ciallaíonn ‘Duine Intuairiscithe’ Duine Ballstáit seachas Duine Eisiata.

8.Ciallaíonn ‘Duine de chuid Ballstáit’ i ndáil le gach Ballstát Eintiteas nó duine aonair a bhfuil cónaí air in aon Bhallstát eile faoi dhlíthe cánach an Bhallstáit eile sin, nó eastát éagaigh a raibh cónaí air in aon Bhallstát eile. Chun na críche sin, maidir le hEintiteas amhail comhpháirtíocht, comhpháirtíocht faoi dhliteanas teoranta nó comhshocrú dlíthiúil comhchosúil, nach bhfuil aon chónaí air chun críoch cánach, caithfear leis an Eintiteas sin amhail is go bhfuil cónaí air sa dlínse ina bhfuil a áit bhainistíochta éifeachtaí lonnaithe.

9.Ciallaíonn ‘Daoine Rialaithe’ na daoine nádúrtha a fheidhmíonn rialú ar Eintiteas. I gcás iontaobhais, ciallaíonn an téarma sin an socraitheoir (na socraitheoirí), an tiontaobhaí (na hiontaobhaithe), an cosantóir (na cosantóirí) (más ann dó/dóibh), an tairbhí (na tairbhithe) nó an aicme (na haicmí) tairbhithe, agus duine (daoine) nádúrtha ar bith eile a fheidhmíonn rialú éifeachtach deiridh ar an iontaobhas, agus i gcás comhshocrú dlíthiúil seachas iontaobhas, ciallaíonn an téarma sin daoine i gcásanna coibhéiseacha nó comhchosúla. Déanfar an téarma ‘Daoine Rialaithe’ a léirmhíniú ar bhealach atá comhsheasmhach leis an téarma ‘úinéir tairbhiúil’ mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2015/849 a bhaineann le Soláthraithe Seirbhísí Criptea-Shócmhainní.

10.Ciallaíonn ‘Eintiteas Gníomhach’ aon Eintiteas a chomhlíonann aon cheann de na critéir seo a leanas:

(a)is ioncam éighníomhach é níos lú ná 50 % d’ollioncam an Eintitis don bhliain féilire nó do thréimhse tuairiscithe iomchuí eile roimhe sin agus is sócmhainní iad lena dtáirgtear ioncam éighníomhach nó a shealbhaítear chun ioncam éighníomhach a tháirgeadh níos lú ná 50 % de na sócmhainní a bhí á sealbhú ag an Eintiteas i rith na bliana airgeadais nó na tréimhse tuairiscithe iomchuí eile roimhe sin;

(b)is é atá i ngníomhaíochtaí uile an Eintitis, nach mór, an stoc amuigh d’fhochuideachta amháin nó níos mó a shealbhú (go hiomlán nó i bpáirt), nó maoiniú agus seirbhísí a chur ar fáil d’fhochuideachta amháin nó níos mó den sórt sin, a bhíonn i mbun trádála nó gnó seachas gnó Institiúide Airgeadais, ach amháin nach gcáilíonn Eintiteas don stádas sin má fheidhmíonn an tEintiteas mar chiste infheistíochta (nó má chuireann sé in iúl gur ciste infheistíochta é) amhail ciste cothromais phríobháidigh, ciste caipitil fiontair, ciste ceannaigh thar barr amach le giaráil, nó aon mheán infheistíochta arb é is cuspóir leis cuideachtaí a fháil nó a chistiú agus ansin leasanna a shealbhú sna cuideachtaí sin mar shócmhainní caipitiúla chun críoch infheistíochta;

(c)níl gnó á fheidhmiú ag an Eintiteas go fóill agus ní raibh gnó á fheidhmiú aige roimhe seo, ach tá caipiteal á infheistiú i sócmhainní aige agus é mar chuspóir aige gnó a fheidhmiú seachas gnó Institiúide Airgeadais, ar choinníoll nach gcáilíonn an tEintiteas don eisceacht seo tar éis an dáta atá 24 mí tar éis dháta eagraithe tosaigh an Eintitis;

(d)ní raibh an tEintiteas ina Institiúid Airgeadais sna 5 bliana seo a chuaigh thart, agus tá a shócmhainní á leachtú aige nó tá sé i mbun atheagrú faoi láthair agus é mar aidhm aige oibríochtaí a atosú i ngnó seachas gnó Institiúid Airgeadais;

(e)bíonn idirbhearta maoinithe agus fálaithe ar siúl ag an Eintiteas go príomha le hEintitis Ghaolmhara nach Institiúidí Airgeadais iad, nó ar a son, agus ní chuireann sé seirbhísí maoinithe ná fálaithe ar fáil d’aon Eintiteas nach Eintiteas Gaolmhar é, ar choinníoll go bhfuil an grúpa Eintiteas Gaolmhar sin i mbun gnó go príomha seachas gnó Institiúid Airgeadais; nó

(f)comhlíonann an tEintiteas gach ceann de na ceanglais seo a leanas:

(i)tá sé bunaithe agus á fheidhmiú ina dhlínse chónaithe chun críoch creidimh, carthanais, eolaíochta, ealaíne, cultúir, lúthchleasaíochta, nó oideachais, agus chun na gcríoch sin amháin; nó tá sé bunaithe agus á fheidhmiú ina dhlínse chónaithe agus tá sé ina eagraíocht ghairmiúil, cumann gnó, comhlachas tráchtála, eagraíocht saothair, eagraíocht talmhaíochta nó ghairneoireachta, cumann sibhialta, nó eagraíocht atá á feidhmiú go heisiach chun an leas sóisialta a chur chun cinn;

(ii)tá sé díolmhaithe ó cháin ioncaim ina dhlínse chónaithe;

(iii)níl aon scairshealbhóirí ná comhaltaí aige ag a bhfuil leas dílsithe nó tairbhiúil ina ioncam ná ina shócmhainní;

(iv)ní cheadaítear leis na dlíthe is infheidhme i ndlínse chónaithe an Eintitis ná le doiciméid chruthaithe an Eintitis ioncam nó sócmhainní ar bith de chuid an Eintitis a dháileadh ar dhuine príobháideach ná ar Eintiteas neamhcharthanúil, ná a chur i bhfeidhm chun a leasa siúd, seachas chun gníomhaíochtaí carthanúla an Eintitis a fheidhmiú, nó mar íocaíocht as cúiteamh réasúnach i leith seirbhísí arna soláthar, nó mar íocaíocht lena léirítear margadhluach cothrom maoine atá ceannaithe ag an Eintiteas; agus

(v)ceanglaítear leis na dlíthe is infheidhme i ndlínse chónaithe an Eintitis nó le doiciméid chruthaithe an Eintitis, ar leachtú nó ar dhíscaoileadh an Eintitis, go ndéanfar a shócmhainní uile a dháileadh ar Eintiteas Rialtais nó ar eagraíocht neamhbhrabúsach eile, nó go neiséatann siad chun rialtas dhlínse chónaithe an Eintitis nó chun aon fhoroinne polaitiúla de sin.

E. Duine Eisiata

1.Ciallaíonn ‘Duine Eisiata’ (a) Eintiteas a dtrádáiltear a stoc go rialta ar mhargadh urrús bunaithe amháin nó níos mó; (b) aon Eintiteas arb Eintiteas Gaolmhar é d’Eintiteas ar a dtugtar tuairisc i gclásal (a); (c) Eintiteas Rialtais; (d) Eagraíocht Idirnáisiúnta; (e) Banc Ceannais; nó (f) Institiúid Airgeadais seachas Eintiteas Infheistíochta a thuairiscítear i Roinn IV, fomhír E(5), pointe (b).

2.Ciallaíonn ‘Institiúid Airgeadais’ Institiúid Chumhdaigh, Institiúid Taisclainne, Eintiteas Infheistíochta, nó Cuideachta Árachais Shonraithe.

3.Ciallaíonn ‘Institiúid Chumhdaigh’ aon Eintiteas a shealbhaíonn, mar chuid mhór dá ghnó, Sócmhainní Airgeadais do chuntas daoine nó eintiteas eile. Sealbhaíonn Eintiteas Sócmhainní Airgeadais do chuntas daoine nó eintiteas eile mar sciar mór dá ghnó más mó ollioncam an Eintitis atá inchurtha i leith sealbhú Sócmhainní Airgeadais agus seirbhísí airgeadais gaolmhara ná 20 % d’ollioncam an Eintitis le linn cibé tréimhse is giorra de na tréimhsí seo a leanas: (i) an tréimhse 3 bliana dar críoch an 31 Nollaig (nó an lá deiridh de thréimhse chuntasaíochta nach bliain féilire í) roimh an mbliain ina bhfuil an cinneadh á dhéanamh; nó (ii) an tréimhse ar lena linn a bhí an tEintiteas ar marthain.

4.Ciallaíonn ‘Institiúid Taisclainne’ aon Eintiteas:

(a)a ghlacann taiscí i ngnáthchúrsa gnó baincéireachta nó gnó dá shamhail; nó

(b)ag a bhfuil Táirgí RíomhAirgid Sonraithe nó Airgeadraí Digiteacha Bainc Ceannais i ar mhaithe le custaiméirí.

5.Ciallaíonn ‘Eintiteas Infheistíochta’ aon Eintiteas:

(a)ag a mbíonn ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí nó na hoibríochtaí seo a leanas á ndéanamh go príomha mar ghnó do chustaiméir nó thar a cheann:

(i)trádáil in ionstraimí margaidh airgid (seiceanna, billí, deimhnithe taisce, díorthaigh, etc.); malairt eachtrach; malartú, ráta úis agus ionstraimí innéacs; urrúis inaistrithe; nó trádáil i dtodhchaíochtaí tráchtearraí;

(ii)bainistíocht punainne aonair agus coiteann; nó

(iii)a mbíonn Sócmhainní Airgeadais, nó airgead, nó Criptea-Shócmhainní Intuairiscithe á ninfheistiú, á riar, nó á mbainistiú aige ar aon slí eile thar ceann daoine eile; nó

(b)an tollioncam atá inchurtha go príomha i leith infheistiú, athinfheistiú, nó trádáil i Sócmhainní Airgeadais, más rud é go bhfuil an tEintiteas á bhainistiú ag Eintiteas eile ar Institiúid Taisclainne, Institiúid Chumhdaigh, Cuideachta Árachais Shonraithe, nó Eintiteas Infheistíochta é a thuairiscítear i bhfomhír E(5), pointe (a).

Caitear le hEintiteas a bhfuil ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí ar a dtugtar tuairisc i mír E(6), pointe (a) á ndéanamh aige go príomha, nó tá ollioncam Eintitis inchurtha go príomha i leith infheistiú, athinfheistiú, nó trádáil i Sócmhainní Airgeadais nó i gCriptea-Shócmhainní Intuairiscithe chun críocha mhír E(5), pointe (b), más rud é go bhfuil ollioncam an Eintitis atá inchurtha i leith na ngníomhaíochtaí ábhartha cothrom le 50 % d’ollioncam an Eintitis nó os a chionn sin le linn cibé tréimhse is giorra de na tréimhsí seo a leanas: (i) an tréimhse 3 bliana dar críoch an 31 Nollaig den bhliain roimh an mbliain ina ndéantar an cinneadh; nó (ii) an tréimhse ar lena linn a bhí an tEintiteas ar marthain. Chun críocha mhír E(5), pointe (a)(iii), ní áirítear leis an téarma ‘a mbíonn Sócmhainní Airgeadais, airgead, nó Criptea-Shócmhainní Intuairiscithe á n‑infheistiú, á riar, nó á mbainistiú aige ar aon slí eile thar ceann daoine eile’ soláthar seirbhísí lena ndéantar Idirbhearta Malairte do chustaiméirí nó thar a gceann. Ní áirítear leis an téarma ‘Eintiteas Infheistíochta’ Eintiteas ar Eintiteas Gníomhach é toisc go gcomhlíonann sé aon cheann de na critéir i bhfomhíreanna D(11), pointí (b) go (e).

Léirmhíneofar an mhír seo ar bhealach atá comhsheasmhach le teanga chomhchosúil a leagtar amach sa sainmhíniú ar ‘institiúid airgeadais’ i dTreoir (AE) 2015/849.

6.Ciallaíonn ‘Cuideachta Árachais Shonraithe’ aon Eintiteas ar cuideachta árachais é (nó ar cuideachta shealbhaíochta de chuideachta árachais é) a eisíonn Conradh Árachais ar Luach in Airgead Tirim nó Conradh Blianachta, nó a bhfuil ceangal air íocaíochtaí a dhéanamh ina leith sin.

7.Ciallaíonn ‘Eintiteas Rialtais’ rialtas dlínse, foroinn pholaitiúil dlínse (a náirítear leis, chun amhras a sheachaint, stát, cúige, contae, nó bardas), nó aon ghníomhaireacht nó ionstraimeacht atá faoi lánúinéireacht dlínse nó aon cheann amháin nó níos mó de na nithe thuasluaite. Is é atá sa chatagóir seo na codanna dílse, eintitis rialaithe, agus foranna polaitiúla de chuid dlínse.

(a)Ciallaíonn ‘cuid dhílis’ de dhlínse aon duine, eagraíocht, gníomhaireacht, biúró, ciste, ionstraimeacht, nó comhlacht eile, cibé ainm atá air, arb údarás ceannais dlínse é. Cuirfear glantuilleamh an údaráis ceannais a chur chun sochair a chuntais féin nó chun sochair cuntais eile de chuid na dlínse, agus gan aon chuid de ag dul chun tairbhe d’aon duine príobháideach. Ní áirítear le cuid dhílis aon duine aonair ar ceannasaí, oifigeach nó riarthóir é ag gníomhú i gcáil phríobháideach nó phearsanta.

(b)Ciallaíonn ‘eintiteas rialaithe’ eintiteas atá ar leithligh ó thaobh a fhoirme de ón dlínse nó arb eintiteas dlíthiúil leithleach ar aon slí eile é, ar choinníoll:

(i)go bhfuil an tEintiteas faoi lánúinéireacht agus á rialú go díreach ag Eintiteas Rialtais amháin nó níos mó nó trí eintiteas rialaithe amháin nó níos mó;

(ii)go gcuirtear glantuilleamh an Eintitis chun sochair a chuntais féin nó chun sochair cuntais Eintitis Rialtais amháin nó níos mó, agus gan aon chuid dá ioncam ag dul chun tairbhe aon duine phríobháidigh; agus

(iii)go ndílseofar sócmhainní an Eintitis in Eintiteas Rialtais amháin nó níos mó ar a dhíscaoileadh.

(c)Ní théann ioncam chun tairbhe daoine príobháideacha más rud é go bhfuil na daoine sin ina dtairbhithe beartaithe de chlár rialtais, agus go bhfeidhmítear gníomhaíochtaí an chláir ar mhaithe leis an bpobal i gcoitinne i ndáil leis an leas coiteann nó go mbaineann siad le riar céim éigin den rialtas. D’ainneoin an mhéid roimhe sin, áfach, meastar go dtéann ioncam chun tairbhe do dhaoine príobháideacha má dhíorthaítear an tioncam ó úsáid eintitis rialtais chun gnó tráchtála a dhéanamh, amhail gnó baincéireachta tráchtála, lena gcuirtear seirbhísí airgeadais ar fáil do dhaoine príobháideacha.

8.Ciallaíonn ‘Eagraíocht Idirnáisiúnta’ aon eagraíocht idirnáisiúnta nó aon ghníomhaireacht nó ionstraimeacht faoi lánúinéireacht eagraíochta den sórt sin. Áirítear leis an gcatagóir sin aon eagraíocht idir-rialtasach (lena náirítear eagraíocht fhornáisiúnta) (a) atá comhdhéanta de rialtais go príomha; (b) a rinne comhaontú faoi cheanncheathrú i ndáiríre nó a rinne comhaontú anchomhchosúil leis an dlínse; agus (c) nach dtéann a hioncam chun tairbhe do dhaoine príobháideacha.

9.Áirítear le ‘Sócmhainn Airgeadais’ urrús (mar shampla, scair stoic i gcorparáid; comhpháirtíocht nó leas úinéireachta tairbhiúla i gcomhpháirtíocht nó in iontaobhas atá i seilbh fhorleathan nó atá á trádáil go poiblí; nóta, banna, banna neamhurraithe, nó fianaise eile ar fhiachas), leas comhpháirtíochta, tráchtearra, babhtáil (mar shampla babhtálacha rátaí úis, babhtálacha airgeadraí, bonnbhabhtálacha, caidhpeanna rátaí úis, íosrátaí úis, babhtálacha tráchtearraí, babhtálacha cothromais, babhtálacha innéacs cothromais, agus comhaontuithe comhchosúla), Conradh Árachais nó Conradh Blianachta, nó aon leas (lena náirítear conradh todhchaíochtaí nó conradh réamhcheaptha nó rogha) in urrús, Sócmhainn Intuairiscithe, leas comhpháirtíochta, tráchtearra, babhtáil, Conradh Árachais, nó Conradh Blianachta. Ní áirítear leis an téarma ‘Sócmhainn Airgeadais’ leas díreach neamhfhiachais i maoin iarbhír.

10.Ciallaíonn ‘Leas Cothromais’, i gcás comhpháirtíocht ar Institiúid Airgeadais í, leas caipitil nó brabúis sa chomhpháirtíocht. I gcás iontaobhas arb Institiúid Airgeadais é, meastar go bhfuil Leas Cothromais ag aon duine lena gcaitear mar shocraitheoir nó mar thairbhí an iontaobhais uile nó cuid de, nó aon duine nádúrtha eile a fheidhmíonn rialú éifeachtach deiridh ar an iontaobhas. Caithfear le Duine Intuairiscithe mar thairbhí iontaobhais más rud é go bhfuil an ceart ag an Duine Intuairiscithe sin dáileadh éigeantach a fháil go díreach nó go hindíreach (trí ainmnitheach, mar shampla) nó go bhféadfaidh sé dáileadh lánroghnach a fháil go díreach nó go hindíreach ón iontaobhas.

11.Ciallaíonn ‘Conradh Árachais’ conradh (seachas Conradh Blianachta), faoina naontaíonn an teisitheoir méid a íoc tráth a tharlaíonn teagmhas sonraithe lena mbaineann bás, galracht, timpiste, dliteanas, nó riosca maoine.

12.Ciallaíonn ‘Conradh Blianachta’ conradh faoina naontaíonn an teisitheoir íocaíochtaí a dhéanamh ar feadh tréimhse ama a chinntear go hiomlán nó i bpáirt faoi threoir ionchas saoil duine aonair amháin nó níos mó. Áirítear leis an téarma freisin conradh a mheastar gur Conradh Blianachta é i gcomhréir le dlí, rialachán, nó cleachtas na dlínse eile inar eisíodh an conradh, agus faoina naontaíonn an teisitheoir íocaíochtaí a dhéanamh ar feadh tréimhse blianta.

13.Ciallaíonn ‘Conradh Grúpárachais ar Luach in Airgead Tirim’ Conradh Árachais (seachas conradh athárachais slánaíochta idir dhá chuideachta árachais) a bhfuil Luach in Airgead Tirim aige.

14.Ciallaíonn ‘Luach in Airgead Tirim’ an ceann is mó (i) den mhéid a bhfuil an sealbhóir polasaí i dteideal a fháil ar ghéilleadh nó ar fhoirceannadh an chonartha (arna chinneadh gan laghdú de dheasca táille ghéilliúna ná iasacht pholasaí), agus (ii) den mhéid is féidir leis an sealbhóir polasaí a fháil ar iasacht faoin gconradh nó maidir leis an gconradh. Dainneoin an mhéid sin, ní áirítear leis an téarma ‘Luach in Airgead Tirim’ méid is iníoctha faoi Chonradh Árachais:

(a)de dheasca bás duine árachaithe faoi chonradh árachais saoil, agus dá dheasca sin amháin;

(b)mar shochar i leith díobháil phearsanta nó breoiteachta nó mar shochar eile lena slánaítear caillteanas eacnamaíoch a thabhaítear tráth a tharlaíonn an teagmhas faoi árachas;

(c)mar aisíocaíocht phréimhe a íocadh roimhe sin (lúide costas na muirear árachais cibé acu a gearradh nó nár gearradh iad go hiarbhír) faoi Chonradh Árachais (seachas conradh árachais saoil atá infheistíochtnasctha nó conradh blianachta) de dheasca chealú nó fhoirceannadh an chonartha, laghdú ar an neamhchosaint ar riosca i rith thréimhse éifeachtach an chonartha, nó ag éirí as ceartú postála nó earráide comhchosúla i ndáil leis an bpréimh don chonradh;

(d)mar dhíbhinn sealbhóra polasaí (seachas díbhinn ar fhoirceannadh) ar choinníoll go mbaineann an díbhinn le Conradh Árachais faoinarb iad na sochair iníoctha na sochair sin a thuairiscítear i mír E(14), pointe (b), agus na sochair sin amháin; nó

(e)mar thoradh ar réamhphréimh nó ar thaisce phréimhe do Chonradh Árachais a bhfuil an phréimh iníoctha ina leith go bliantúil ar a laghad más rud é nach mó méid na réamhphréimhe nó méid na taisce préimhe ná an chéad phréimh bhliantúil eile a bheidh iníoctha faoin gconradh.

D. Ilghnéitheach

1.Ciallaíonn ‘Nósanna Imeachta Custaiméara maidir le Dícheall Cuí’ na nósanna imeachta custaiméara maidir le dícheall cuí atá ag Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe de bhun Threoir (AE) 2015/849 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta, agus lena leasaítear Treoir 2009/138/CE agus Treoir 2013/36/AE, arna leasú le Treoir (AE) 2018/843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 nó ceanglais chomhchosúla a bhfuil an Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe sin faoina réir.

2.Ciallaíonn ‘Eintiteas’ duine dlítheanach nó comhshocrú dlíthiúil, amhail corparáid, comhpháirtíocht, iontaobhas nó fondúireacht.

3.Is Eintiteas Gaolmhar’ é Eintiteas má rialaíonn ceachtar den dá Eintiteas sin an ceann eile, nó má tá an dá Eintiteas faoi chomhrialú. Chun na críche sin, cuimsítear le rialú úinéireacht dhíreach nó indíreach ar bhreis is 50 % den vóta agus den luach in Eintiteas.

4.Ciallaíonn aibrainse’ aonad, gnó nó oifig Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe a láimhseáiltear mar bhrainse faoi chóras rialála dlínse nó a rialaítear ar shlí eile faoi dhlíthe dlínse mar bhrainse ar leithligh ó oifigí, aonaid nó brainsí eile den Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe. Déileálfar le gach aonad, gnólacht nó oifig de chuid Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe in aon dlínse amháin mar bhrainse amháin.

5.Ciallaíonn ‘Comhaontú Éifeachtach Cáilitheach idir Údaráis Inniúla’ comhaontú idir údaráis inniúla Ballstáit agus dlínse nach dlínse de chuid an Aontais í lena gceanglaítear go ndéantar malartú faisnéise uathoibríoch, atá coibhéiseach leis an bhfaisnéis a shonraítear i mír B de Roinn II den Iarscríbhinn seo, mar a dheimhnítear le gníomh cur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 8ad(11).

6.Ciallaíonn ‘Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe Cáilithe nach bhfuil san Aontas’ Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe ar Idirbhearta Intuairiscithe iad gach Idirbheart Intuairiscithe agus atá ina chónaí chun críoch cánach i nDlínse Cháilithe nach Dlínse de chuid an Aontais í nó, i gcás nach bhfuil cónaí ar an Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe sin chun críocha cánach i nDlínse Cháilithe nach Dlínse de chuid an Aontais í, comhlíonann sé aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)tá sé ionchorpraithe faoi dhlíthe Dlínse Cháilithe Nach Dlínse de chuid an Aontais í; nó

(b)tá a áit bhainistíochta (lena náirítear bainistíocht éifeachtach) lonnaithe i nDlínse Cháilithe Nach Dlínse de chuid an Aontais í.

7.Ciallaíonn ‘Dlínse Cháilithe Nach Dlínse de chuid an Aontais í’ dlínse nach dlínse de chuid an Aontais í a rinne Comhaontú Éifeachtach Cáilitheach idir Údaráis Inniúla le húdaráis inniúla na mBallstát uile a shainaithnítear mar dhlínsí intuairiscithe i liosta a d’fhoilsigh an dlínse nach dlínse de chuid an Aontais í.

8.Ciallaíonn ‘TIN’ Uimhir Aitheantais Chánach (nó a coibhéis fheidhmiúil in éagmais Uimhreach Aitheantais Cánach). Is é an TIN aon uimhir nó aon chód a úsáideann údarás inniúil chun cáiníocóir a shainaithint.

9.Ciallaíonn ‘Seirbhís Aitheantais’ próiseas leictreonach a chuireann Ballstát ar fáil saor in aisce d’Oibreoir Ardán Tuairiscithe chun céannacht agus cónaí chun críoch cánach Úsáideora Criptea-Shócmhainní a fhionnadh.

ROINN V

CUR CHUN FEIDHME ÉIFEACHTACH

A. Rialacha chun na ceanglais bailithe agus fíoraithe a leagtar síos i Roinn III a fhorfheidhmiú.

1.Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a cheangal ar Sholáthraithe Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe na ceanglais bailithe agus fíoraithe faoi Roinn III a fhorfheidhmiú i ndáil lena nÚsáideoirí Criptea-Shócmhainní.

2.I gcás nach soláthraíonn Úsáideoir Criptea-Shócmhainní an fhaisnéis a cheanglaítear faoi Roinn III tar éis dhá mheabhrúchán i ndiaidh an chéad iarraidh a fháil ón Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe, ach ní roimh dheireadh 60 lá, cuirfidh na Soláthraithe Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe cosc ar an Úsáideoir Criptea-Shócmhainní Idirbhearta Malartaithe a dhéanamh.

B. Rialacha lena gceanglaítear ar Sholáthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe taifid a choimeád de na bearta a ghlactar agus ar aon fhaisnéis ar a mbraitear le haghaidh fheidhmiú na gceanglas tuairiscithe na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí agus bearta leordhóthanacha a dhéanamh chun na taifid sin a fháil.

1.Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá le ceangal a chur ar Sholáthraithe Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe taifid a choimeád ar na bearta a ghlactar agus ar aon fhaisnéis ar a mbraitear le haghaidh fheidhmiú na gceanglas tuairiscithe na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí a leagtar amach i Ranna II agus III. Beidh na taifid sin fós ar fáil le haghaidh tréimhse a bheidh fada go leor agus in aon chás; le haghaidh tréimhse nach lú na 5 bliana ach nach faide ná 10 mbliana tar éis dheireadh na Tréimhse Intuairiscithe lena mbaineann.

2.Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá, lena náireofar an fhéidearthacht ordú tuairiscithe a sheoladh chuig Soláthraithe Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe, chun a áirithiú go dtuairisceofar an fhaisnéis uile is gá don údarás inniúil chun gur féidir leis an údarás sin an oibleagáid maidir le faisnéis a chur in iúl i gcomhréir le hAirteagal 8ad(3) a chomhlíonadh.

C. Nósanna imeachta riaracháin chun a fhíorú go gcomhlíonann Soláthraithe Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe na ceanglais tuairiscithe agus na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí

Leagfaidh na Ballstáit síos nósanna imeachta riaracháin chun a fhíorú go gcomhlíonann Soláthraithe Tuairiscithe Seirbhísí Criptea-Shócmhainní na ceanglais tuairiscithe agus na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí a leagtar amach i Ranna II agus III.

D. Nósanna imeachta riaracháin chun obair leantach a dhéanamh le Soláthraithe Tuairiscithe Seirbhísí Criptea-Shócmhainní i gcás ina dtuairiscítear faisnéis neamhiomlán nó mhíchruinn

Leagfaidh na Ballstáit síos nósanna imeachta leantacha maidir le Soláthraithe Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a thuairisceofar míchruinn nó easnamhach.

E. Nós imeachta riaracháin maidir le húdarú Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe

Déanfaidh an Ballstát baile a thugann údarú do Sholáthraithe Seirbhísí Criptea-Shócmhainní i gcomhréir le Rialachán XXX liosta de na Soláthraithe Seirbhísí Criptea-Shócmhainní údaraithe uile a chur in iúl don údarás inniúil ar bhonn rialta agus ar a dhéanaí roimh an 31 Nollaig.

F. Nós imeachta riaracháin maidir le clárú aonair Oibreora Criptea-Shócmhainní

De réir bhrí Roinn IV, fomhír B(2) den Iarscríbhinn seo, déanfaidh Oibreoir Criptea-Shócmhainní clárú le húdarás inniúil aon Bhallstáit de bhun Airteagal 8ad(7).

1.Roimh thús gach bliana fioscaí, cuirfidh an tOibreoir Criptea-Shócmhainní an fhaisnéis seo a leanas in iúl do Bhallstát a chláraithe aonair:

(a)ainm;

(b)seoladh poist;

(c)seoltaí ríomhphoist, lena náirítear suíomhanna gréasáin;

(d)aon TIN a eisítear do na hOibreoirí Criptea-Shócmhainní;

(e)Na Ballstáit ina bhfuil Úsáideoirí Criptea-Shócmhainní Intuairiscithe ina gcónaitheoirí de réir bhrí Roinn III, míreanna A agus B.

2.Tabharfaidh an tOibreoir Criptea-Shócmhainní fógra do Bhallstát an chlárúcháin aonair maidir le haon athrú ar an bhfaisnéis dá bhforáiltear faoi fhomhír F(1).

3.Déanfaidh Ballstát an chlárúcháin aonair uimhir aitheantais aonair a leithdháileadh ar an Oibreoir Criptea-Shócmhainní agus tabharfaidh sé fógra ina leith d’údaráis inniúla na mBallstát uile trí mheáin leictreonacha.

4.Beidh Ballstát an chlárúcháin aonair in ann Oibreoir Criptea-Shócmhainní a bhaint den chlár lárnach sna cásanna seo a leanas:

(a)tugann an tOibreoir Criptea-Shócmhainní fógra don Bhallstát sin nach bhfuil Úsáideoirí Criptea-Shócmhainní Intuairiscithe aige san Aontas a thuilleadh;

(b)in éagmais fógra de bhun phointe (a), tá forais ann glacadh leis go bhfuil gníomhaíocht an Oibreora Criptea-Shócmhainní scortha;

(c)ní chomhlíonann an tOibreoir Criptea-Shócmhainní na coinníollacha a leagtar síos i Roinn IV, fomhír B(2) a thuilleadh; chúlghair na Ballstáit an clárú lena údarás inniúil de bhun fhomhír F(7).

5.Aon Oibreoir Criptea-Shócmhainní, de réir bhrí Roinn IV, fomhír B(2), ag a bhfuil Úsáideoirí Criptea-Shócmhainní ina gcónaí san Aontas gan é féin a chlárú de bhun na míre seo, tabharfaidh gach Ballstát fógra láithreach don Choimisiún ina leith sin. I gcás nach gcomhlíonann Oibreoir Criptea-Shócmhainní an oibleagáid maidir le clárú nó i gcás inar cúlghaireadh a chlárú i gcomhréir le fomhír F(7) den Roinn seo, déanfaidh na Ballstáit, gan dochar d’Airteagal 25a, bearta a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach chun comhlíonadh laistigh dá ndlínse a fhorfheidhmiú. Leanfaidh rogha na mbeart sin de bheith faoi rogha na mBallstát. Déanfaidh na Ballstáit a ndícheall chomh maith a gcuid gníomhaíochtaí a chomhordú, gníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh comhlíontacht a fhorfheidhmiú, lena náirítear, mar rogha deiridh, cosc a chur ar Oibreoir Criptea-Shócmhainní a bheith in ann oibriú laistigh den Aontas.

6.I gcás nach gcomhlíonann Oibreoir Criptea-Shócmhainní an oibleagáid maidir le tuairisciú i gcomhréir le fomhír B de Roinn II den Iarscríbhinn seo tar éis dhá mheabhrúchán ó Bhallstát an chlárúcháin aonair, déanfaidh an Ballstát, gan dochar d’Airteagal 25a, na bearta is gá chun clárú an Oibreora Criptea-Shócmhainní a rinneadh de bhun Airteagal 8ad(7) a chúlghairm. Cúlghairfear an clárú tráth nach déanaí ná 90 lá ach tráth nach luaithe ná 30 lá tar éis an dara meabhrúchán.

Top