EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022PC0667

Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le cosaint dhlíthiúil dearaí (athmhúnlú)

COM/2022/667 final

An Bhruiséil,28.11.2022

COM(2022) 667 final

2022/0392(COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le cosaint dhlíthiúil dearaí (athmhúnlú)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SEC(2022) 422 final} - {SWD(2022) 367 final} - {SWD(2022) 368 final} - {SWD(2022) 369 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Le cearta dearaidh thionsclaíoch tugtar cosaint don chuma atá ar tháirge. Is tríd an dearadh tionscail a chruthaítear mealltacht an táirge. Tá an mhealltacht don tsúil ar cheann de na príomhfhachtóirí a imríonn tionchar ar thomhaltóirí a roghnaíonn táirge amháin thar cheann eile. Le táirgí atá dea-dheartha, cruthaítear buntáiste iomaíoch suntasach do tháirgeoirí. Chun spreagadh a thabhairt don nuálaíocht agus do chruthú dearaí nua táirgí sa ré dhigiteach, is gá níos mó cosaint dhlíthiúil atá inrochtana, éifeachtach, comhsheasmhach, agus a bheidh slán i bhfad na haimsire, a thabhairt do chearta dearaidh.

Is sine ná 20 bliain d’aois an córas cosanta dearaí atá san Eoraip. Rinneadh dlíthe na mBallstát a bhaineann le dearaí tionscail a comhchuibhiú go páirteach le Treoir 98/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 1998 (‘an Treoir’). I dteannta na gcóras náisiúnta cosanta dearaí, le Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle an 12 Nollaig 2001 (‘an Rialachán’) socraíodh córas neamhspleách chun cosaint a thabhairt do chearta aonadacha a bhfuil éifeacht chomhionann acu ar fud an Aontais. Níor leasaíodh an Rialachán ach uair amháin go dtí seo, in 2006, chun éifeacht a thabhairt d’aontachas an Aontais maidir le córas cláraithe idirnáisiúnta na Háige.

Ina theannta sin, maireann córas dlí eatramhach i gcónaí i ndáil le cosaint dearaí i gcomhair páirteanna spártha deisiúcháin. De bhrí nárbh fhéidir teacht ar chomhaontú maidir leis an bpointe sin, áirítear sa Treoir clásal ‘freeze-plus’ lena gceadaítear do na Ballstáit na dlíthe atá acu cheana a choinneáil maidir le cé acu ba cheart nó nár cheart cosaint a thabhairt do pháirteanna spártha go dtí go nglacfar leasuithe ar an Treoir ar thogra ón gCoimisiún. Ceadaítear do na Ballstáit, áfach, athruithe ar na dlíthe sin amháin a thabhairt isteach, ar choinníoll gurb éard is cuspóir dóibh margadh na bpáirteanna spártha a léirscaoileadh.

Maidir le togra a thíolaic an Coimisiún in 2004 1 chun cosaint dearaí le haghaidh páirteanna spártha infheicthe a chomhchuibhiú trí ‘chlásal deisiúcháin’ a thabhairt isteach sa Treoir (mar atá sa Rialachán cheana féin), ní bhfuair sé tacaíocht leordhóthanach sa Chomhairle, d’ainneoin go bhfuair sé tacaíocht ollmhór ó Pharlaimint na hEorpa 2 . Tarraingíodh siar an togra in 2014.

I gcomhréir le clár oibre an Choimisiúin maidir le Rialáil Níos Fearr 3 chun athbhreithniú tráthrialta a dhéanamh ar bheartais an Aontais, sheol an Coimisiún meastóireacht in 2014 ar fheidhmiú na gcóras cosanta dearaí san Aontas, meastóireacht ina ndearnadh measúnú cuimsitheach eacnamaíoch agus dlíthiúil, arna dtacú le sraith staidéar. An 11 Samhain 2020, ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh conclúidí ón gComhairle maidir leis an mbeartas maoine intleachtúla agus an tathbhreithniú ar an gcóras dearaí tionsclaíocha san Aontas 4 . D’iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún tograí a thíolacadh le haghaidh athbhreithniú a dhéanamh ar reachtaíocht dearaí an Aontais d’fhonn nuachóiriú a dhéanamh ar na córais cosanta dearaí agus cosaint dearaí a dhéanamh níos tarraingtí do dhearthóirí aonair agus gnólachtaí, go háirithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna).

Ar bhonn na dtorthaí críochnaitheacha ón meastóireacht 5 , d’fhógair an Coimisiún ina theachtaireacht an 25 Samhain 2020 dar teideal Making the most of the EU’s innovative potential – An intellectual property action plan to support the EU’s recovery and resilience [An leas is fearr is féidir a bhaint as acmhainneacht nuálaíochta an Aontais – Plean gníomhaíochta um maoin intleachtúil chun tacú le téarnamh agus athléimneacht an Aontais] 6 go ndéanfadh sé athbhreithniú ar reachtaíocht an Aontais Eorpaigh i ndáil le cosaint dearaí tar éis athchóiriú rathúil a dhéanamh ar reachtaíocht trádmharcanna an Aontais. An 25 Meitheamh 2021, ghlac an Chomhairle tuilleadh conclúidí maidir leis an mbeartas maoine intleachtúla 7 , lena dtathantaítear ar an gCoimisiún tosaíocht a thabhairt do thogra a chur i láthair a luaithe is féidir chun athbhreithniú agus nuachóiriú a dhéanamh ar an reachtaíocht maidir le dearaí tionsclaíoch. Thairis sin, ina Tuairim thacúil maidir leis an bplean gníomhaíochta um maoin intleachtúil, leag Parlaimint na hEorpa béim ar an ngá atá le hathbhreithniú a dhéanamh ar an gcóras cosanta dearaí atá 20 bliain d’aois anois 8 .

Agus iad á meas le chéile mar phacáiste laistigh den chlár um oiriúnacht rialála (REFIT), is é is príomh‑chomhchuspóir don tionscnamh seo agus don togra comhthreomhar le haghaidh leasú ar an Rialachán barr feabhais, nuálaíocht agus iomaíochas i gcúrsaí dearaí a chur chun cinn san Aontas. Tá sé sin le déanamh trína áirithiú go bhfuil an córas cosanta dearaí oiriúnach dá fheidhm sa ré dhigiteach agus go mbeidh sé i bhfad níos inrochtana agus níos éifeachtúla do dhearthóirí aonair, do FBManna agus do thionscail diandearaidh i dtéarmaí costas agus castachta níos ísle, luas méadaithe, intuarthacht níos fearr agus deimhneacht dhlíthiúil.

Go sonrach, tá an tionscnamh seo chun an Treoir a athmhúnlú á thiomáint ag na cuspóirí seo a leanas:

forálacha reatha na Treorach a nuachóiriú agus a fheabhsú, trí fhorálacha atá as dáta a leasú, deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú agus cearta dearaidh a shoiléiriú ó thaobh raon feidhme agus teorainneacha de;

comhfhogasú níos fearr a bhaint amach i dtaca le dlíthe agus nósanna imeachta dearaidh náisiúnta chun idir-inoibritheacht agus comhlántacht le córas dearaí an Chomhphobail a neartú, trí rialacha substainteacha breise a chur leis an Treoir agus trí phríomhrialacha nós imeachta a thabhairt isteach sa Treoir i gcomhréir leis na forálacha atá sa Rialachán.

an margadh aonair i bpáirteanna spártha deisiúcháin a thabhairt i gcrích trí chlásal deisiúcháin a thabhairt isteach sa Treoir mar atá sa Rialachán cheana féin.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Leis an togra seo déantar aisghairm agus ionadú ar Threoir 98/71/CE atá ann cheana. In éineacht leis an togra comhthreomhar le haghaidh an leasaithe ar Rialachán (CE) Uimh. 6/2002, is pacáiste comhleanúnach é an togra seo maidir leis an bplean gníomhaíochta um maoin intleachtúil a chur chun feidhme, agus is é is cuspóir dó reachtaíocht reatha an Aontais maidir le cosaint dearaí a nuachóiriú agus a chomhchuibhiú a thuilleadh.

Chun ailíniú níos fearr a bhaint amach idir na forálacha náisiúnta maidir le cosaint dearaí agus na rialacha lena rialaítear córas dearaí rathúil an Aontais, tá sé i gceist leis an togra seo forálacha áirithe a thabhairt isteach sa Treoir ó Rialachán (CE) Uimh. 6/2002, chun na forálacha sin a léiriú inti agus chun leibhéal an chomhleanúnachais idir an dá ionstraim sin a mhéadú. Tá an togra seo comhsheasmhach freisin le Treoir (AE) 2015/2436 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dlíthe na mBallstát a bhaineann le trádmharcanna a chomhfhogasú. Baineann sé sin go háirithe leis na forálacha maidir le hearraí góchumtha faoi bhealach agus leis na forálacha maidir le nósanna imeachta amhail ceanglais maidir le dátaí iarratais agus comhdaithe agus na forálacha maidir le nósanna imeachta riaracháin um neamhbhailíocht.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an togra seo comhsheasmhach agus comhlántach le Rialachán (AE) 461/2010 (an Rialachán Blocdhíolúine maidir le Mótarfheithiclí nó ‘MVBER’) i réimse an bheartais in aghaidh trustaí. Maidir leis an léirscaoileadh atá beartaithe ar mhargadh na bpáirteanna spártha, d’fhéadfadh sé a bheith ina chuidiú leis an gcóras sin in aghaidh trustaí chun iomaíochas éifeachtach a chosaint i margadh iomlán na bpáirteanna spártha, na seirbhísí agus an deisiúcháin feithiclí agus, ar an gcaoi sin, na tairbhí iomlána a ghabhann leis a bhaint amach le haghaidh gnólachtaí agus tomhaltóirí i margadh iardhíola na mótarfheithiclí. Ina theannta sin tá an togra comhsheasmhach leis, agus comhlánaíonn sé, na hiarrachtaí a chuirtear chun cinn sa tionscnamh maidir le táirgí inbhuanaithe arb éard is aidhm dó deisiúcháin agus an geilleagar ciorclach a chur chun cinn.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tá an togra bunaithe ar Airteagal 114(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), lena gcumhachtaítear do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle bearta maidir le comhfhogasú na bhforálacha atá leagtha síos le dlí, le rialachán nó le gníomhaíocht riaracháin sna Ballstáit a ghlacadh, arb é is cuspóir dóibh bunú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Baineann na fadhbanna a sainaithníodh leis na difríochtaí suntasacha sa chreat rialála ar dá mbarr nach gceadaítear, nó a shaobhtar go suntasach, an cothrom iomaíochta le haghaidh chuideachtaí an Aontais, rud a chruthóidh iarmhairtí diúltacha breise dá n‑iomaíochas agus d’iomaíochas an Aontais ina iomláine (e.g. i gcás páirteanna spártha). Tá sé inmholta, dá bhrí sin, bearta a ghlacadh a d’fhéadfadh feabhas a chur ar na dálaí ábhartha le haghaidh fheidhmiú an mhargaidh aonair. Maidir le bearta den sórt sin atá dírithe ar leibhéal reatha an chomhfhogasaithe a leathnú tríd an Treoir, is ar leibhéal an Aontais amháin is féidir iad a dhéanamh, go háirithe i bhfianaise an ghá atá ann comhsheasmhacht a áirithiú le córas dearaí an Chomhphobail.

Ní mór a mheas sa chomhthéacs seo go bhfuil córas dearaí an Chomhphobail leabaithe sa chóras dearaí Eorpach atá bunaithe ar phrionsabal na cómhaireachtála agus na comhlántachta idir cosaint náisiúnta dearaidh agus cosaint dearaidh ar fud an Aontais. Cé go soláthraítear leis an Rialachán córas iomlán ina ndéantar foráil maidir leis na saincheisteanna uile i dtaca leis an dlí substainteach agus leis an dlí nós imeachta, tá leibhéal reatha an chomhfhogasaithe reachtaigh a léirítear sa Treoir teoranta d’fhorálacha roghnaithe maidir leis an dlí substainteach. Chun cómhaireachtáil agus comhlántacht éifeachtach agus inbhuanaithe a áirithiú idir na comhpháirteanna lena mbaineann, is gá córas comhchuí foriomlán cosanta dearaí a chruthú san Eoraip ag a mbeidh rialacha substainteacha comhchosúla agus ar a laghad príomhfhorálacha nós imeachta atá comhoiriúnach dá chéile. Maidir leis an tsaincheist a bhaineann go sonrach le cosaint dearaí i gcomhair páirteanna spártha , ní mór a lua leis nach féidir an margadh inmheánach le haghaidh páirteanna spártha a chomhlánú ach amháin ar leibhéal an Aontais. In imeacht breis agus 20 bliain de thaithí ar an gclásal ‘freeze-plus’ sa Treoir ní fhacthas treocht láidir i dtreo comhchuibhithe i measc na mBallstát ar bhonn deonach (d’ainneoin clásal deisiúcháin a bheith tugtha isteach i roinnt Ballstát eile) nó trí fhéinrialáil ag an tionscal.

Ach gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais thiocfadh an córas cosanta dearaí san Eoraip ina iomláine chun a bheith níos inrochtana agus níos éifeachtúla do ghnólachtaí, go háirithe do FBManna agus dearthóirí aonair. Dhéanfadh sé na bearnaí atá fós ann i margadh aonair na bpáirteanna spártha deisiúcháin a dhúnadh a thuilleadh, rud a rachadh go mór chun tairbhe do thomhaltóirí a bheadh in ann rogha a dhéanamh idir páirteanna iomaíocha ar phraghsanna níos ísle.

Comhréireacht

Trí chomhchuibhiú spriocdhírithe a chur leis, go háirithe maidir le nósanna imeachta clárúcháin agus neamhbhailíochta, dírítear ar na príomhfhorálacha i réimsí nós imeachta atá sainaitheanta ag páirtithe leasmhara mar na réimsí is mó ina bhfuil gá le hailíniú i leith fhorálacha ábhartha an Rialacháin. Sa mheasúnú tionchair breathnaíodh freisin ar an rogha maidir le comhchuibhiú iomlán a dhéanamh ar na forálacha dearaidh uile (rogha 4.2) ach measadh go raibh sé díréireach leis na riachtanais iarbhír (féach Roinn 6.4 den mheasúnú tionchair).

A mhéid a bhaineann le saincheist na cosanta i leith páirteanna spártha, meastar gurb é an bealach is comhréirí chun an margadh aonair a chomhlánú ar bhonn phrionsabal an léirscaoilte clásal deisiúcháin a chur isteach trí rogha thosaíochta 1.2. Ní thabhaítear aon chostas láithreach mar thoradh ar ghníomhaíocht den sórt sin ar leibhéal an Aontais. Chun an margadh iardhíola a léirscaoileadh, níl gá le gníomhartha dlíthiúla ach amháin sna Ballstáit sin ina gcosnaítear páirteanna spártha, ionas go mbainfear an chosaint sin. Dá bhrí sin, tabhaíonn sé na costais riaracháin is ísle a bhaineann leis na roghanna uile ar féachadh orthu. Thairis sin, trí fhoráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse 10 mbliana ar lena linn a leanfar de na cearta dearaidh atá ann cheana a chosaint, ceadófar do mhonaróirí feithiclí a n‑iompar margaidh a choigeartú leis an riosca is lú is féidir nó leis an gcur isteach is lú is féidir ar an infheistíocht agus ar an nuálaíocht. Tá an rogha seo stuama go leor freisin maidir le saincheist na gceart bunúsach agus na n‑oibleagáidí idirnáisiúnta (féach Roinn 8.1 den mheasúnú tionchair).

An rogha ionstraime

Beartaítear leis an togra seo foráil a dhéanamh maidir le leasuithe spriocdhírithe ar Threoir 98/71/CE chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh áirithe. Ós rud é go bhfuil an ionstraim bheartaithe seo chun an Treoir a athmhúnlú, is é an ionstraim dlí céanna is iomchuí.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Rinne an Coimisiún meastóireacht fhoriomlán ar an Treoir agus ar an Rialachán atá ann faoi láthair, meastóireacht a foilsíodh i mí na Samhna 2020 9 . Sa mheastóireacht thángthas ar an gconclúid gur comhlíonadh na cuspóirí le reachtaíocht an Aontais maidir le cosaint dearaí agus go raibh sí fós oiriúnach don fheidhm den chuid is mó.

Mar sin féin, maidir le Treoir 98/71/CE, sainaithníodh sa mheastóireacht easnaimh áirithe, go háirithe margadh páirteanna spártha atá fós an‑ilroinnte mar thoradh ar neamh‑chomhchuibhiú forálacha maidir le cosaint dearaí do chomhpháirteanna a úsáidtear chun táirgí casta a dheisiú. Fuarthas amach go raibh sé sin ina chúis le héiginnteacht dhlíthiúil shuntasach agus go ndearna sé saobhadh géar ar iomaíocht agus costais a chur ar thomhaltóirí an tráth céanna. Leis an meastóireacht, fuarthas amach freisin go raibh neamhréireachtaí ann idir dlíthe dearaidh na mBallstát agus i ndáil leis an Rialachán maidir le nósanna imeachta clárúcháin agus neamhbhailíochta dearaí. Bíonn tionchar diúltach acu sin ar idir-inoibritheacht na gcóras cosanta dearaí san Aontas.

Ar bhonn thorthaí na meastóireachta, rinne an Coimisiún Eorpach measúnú tionchair agus chinn sé ina dhiaidh sin athbhreithniú a dhéanamh ar an reachtaíocht. Bhí na céimeanna éagsúla den mheasúnú tionchair, ó shainiú na bhfadhbanna agus na gcúiseanna a bhí leo go dtí sainaithint na gcuspóirí agus na roghanna beartais a d’fhéadfadh a bheith ann, ag brath ar thorthaí na tuarascála meastóireachta.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Rinneadh an chéad chomhairliúchán poiblí cuimsitheach idir an 18 Nollaig 2018 agus an 30 Aibreán 2019 10 arbh é ab aidhm dó fianaise leordhóthanach agus tuairimí leordhóthanacha ó pháirtithe leasmhara a bhailiú chun tacú leis an meastóireacht ar reachtaíocht dearaí an Aontais agus chun a shuíomh a mhéid a fheidhmíonn an reachtaíocht sin mar a bhí beartaithe agus a mhéid is féidir a mheas go bhfuil sí fós oiriúnach dá feidhm. Mheas beagnach dhá thrian de na freagróirí go noibríonn an córas cosanta dearaí san Aontas go maith (an córas náisiúnta dearaí faoin Treoir agus córas dearaí an Chomhphobail trí chéile). An tráth céanna, tharraing beagnach leath de na freagróirí aird ar iarmhairtí neamhbheartaithe nó easnaimh neamhbheartaithe a bhaineann leis an Treoir agus/nó leis an Rialachán.

Sa bhreis ar an gcomhairliúchán forleathan le haghaidh na meastóireachta, rinne an Coimisiún an dara comhairliúchán poiblí idir an 29 Aibreán agus an 22 Iúil 2021 11 chun tuilleadh fianaise agus tuairimí a fháil ó pháirtithe leasmhara maidir le saincheisteanna roghnaithe agus roghanna féideartha agus maidir leis an tionchar a bhaineann leo, chun tacú leis an athbhreithniú ar an reachtaíocht maidir le dearaí.

Cuireadh na heasnaimh a sainaithníodh sna comhairliúcháin san áireamh agus tugadh aghaidh orthu sa togra.

Bailiú agus úsáid saineolais

Baineadh leas as dhá mhórstaidéar sheachtracha sa mheasúnú tionchair ar an athbhreithniú ar Threoir 98/71/CE agus ar Rialachán (CE) Uimh. 6/2002, agus gnéithe eacnamaíocha 12 agus dlíthiúla 13 araon d’fheidhmiú na gcóras cosanta dearaí san Aontas á gcur san áireamh. Ina theannta sin, maidir leis an tsaincheist i dtaca le cosaint páirteanna spártha go sonrach, tacaíodh leis an measúnú tionchair le dhá staidéar breise ar éifeacht na cosanta ar phraghsanna agus ar scaipeadh praghsanna 14 agus ar struchtúr margaidh na bpáirteanna spártha mótarfheithiclí san Aontas 15 . Fuarthas tuilleadh faisnéise tacaíochta trína bheith ag obair i ndlúthchomhar le hOifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) agus ó roinnt staidéar agus tuarascálacha EUIPO, chomh maith le staidéir agus bailiúcháin sonraí eile a bhí ar fáil agus a chuir údaráis phoiblí náisiúnta nó idirnáisiúnta ar fáil, lena náirítear oifigí náisiúnta maoine intleachtúla, daoine acadúla nó páirtithe leasmhara eile.

Measúnú tionchair

Ós rud é go gcuirtear an togra seo i láthair i bpacáiste i dteannta an togra chun Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 a athbhreithniú, rinne an Coimisiún measúnú tionchair comhpháirteach don togra seo agus an togra comhthreomhar le haghaidh an leasaithe ar Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 16 . Cuireadh an measúnú tionchair faoi bhráid an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála an 27 Deireadh Fómhair 2021 agus fuarthas tuairim dhearfach ina leith an 26 Samhain 2021. Cuirtear san áireamh sa mheasúnú tionchair críochnaitheach na barúlacha a bhí sa tuairim sin.

Sa mheasúnú tionchair bhreithnigh an Coimisiún dhá phríomh‑fhadhb:

1. An cur isteach ar thrádáil laistigh den Aontas agus bacainní ar iomaíocht i roinnt Ballstát maidir le páirteanna spártha deisiúcháin.

2. Díspreagadh gnólachtaí, go háirithe FBManna agus dearthóirí aonair, maidir le cosaint dearaí chláraithe a lorg ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta - mar gheall ar na costais arda, na hualaí arda agus na moilleanna fada a bhaineann le cosaint a fháil agus mar gheall ar an intuarthacht theoranta a bhaineann léi.

San athbhreithniú comhthreomhar ar Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 táthar le haghaidh a thabhairt ar roinnt gnéithe den dara fadhb (nósanna imeachta atá as dáta maidir le dearaí Comhphobail cláraithe (RCDanna) a chlárú agus táillí fo-optamacha atá le híoc ar an RCD), ach ní mór déileáil le saincheist na bpáirteanna spártha (an chéad fhadhb) agus le saincheist na bhforálacha (nós imeachta) éagsúla san athbhreithniú ar Threoir 98/71/CE.

Féachadh ar na roghanna seo a leanas chun saincheist na bpáirteanna spártha a réiteach agus chun dul i ngleic leis an gcuspóir ó thaobh margadh iardhíola na bpáirteanna spártha a oscailt i leith na hiomaíochta:

·Rogha 1.1: Léirscaoileadh iomlán le haghaidh gach dearaidh, i.e. ba cheart an margadh maidir le páirteanna spártha ‘meaitseáil éigeantach’ a oscailt le haghaidh iomaíochta ar fud an Aontais, chun é a leathnú chuig dearaí atá ann cheana agus dearaí nua araon. Is éard a bheadh i gceist leis an rogha seo ‘clásal deisiúcháin’ a chur isteach sa Treoir, mar atá in Airteagal 110(1) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002, agus atáirgeadh comhionann, chun críche deisiúcháin, a cheadú i gcás páirteanna cosanta de tháirgí casta. Bheadh éifeacht dhlíthiúil ag an gclásal deisiúcháin arna cur isteach maidir leis an am atá le teacht agus atá caite araon (i.e. beidh sé infheidhme maidir le dearaí a deonaíodh roimh a theacht i bhfeidhm agus ina dhiaidh sin).

·Rogha 1.2: Léirscaoileadh iomlán ar an toirt i gcás dearaí nua agus léirscaoileadh iomlán i gcás seandearaí ina dhiaidh sin tar éis idirthréimhse 10 mbliana. Bheadh na hathruithe céanna i gceist leis an rogha seo agus a bhain leis an rogha roimhe seo, ach amháin nach mbeadh éifeacht dhlíthiúil láithreach ag an gclásal deisiúcháin atá le cur isteach sa Treoir ach amháin maidir leis an am atá le teacht (i.e. ní bheadh sé infheidhme ach amháin maidir le dearaí a ndéantar iarratas ina leith tar éis an teacht i bhfeidhm). Maidir leis na dearaí a deonaíodh cheana féin roimh an teacht i bhfeidhm, ba cheart leanúint dá gcosaint ar feadh idirthréimhse 10 mbliana.

·Rogha 1.3: Léirscaoileadh iomlán ar an toirt i gcás dearaí nua. Mar ab amhlaidh don rogha roimhe seo, leis an rogha seo ní bheadh éifeacht dhlíthiúil ag an gclásal deisiúcháin atá le cur isteach sa Treoir ach amháin maidir leis an am atá le teacht. Ní bheadh aon athrú ar na cearta dearaidh atá ann cheana agus a deonaíodh roimh an teacht i bhfeidhm agus d’fhéadfaí iad a chosaint ar feadh suas le 25 bliana dá bhrí sin.

Féachadh ar na roghanna seo a leanas chun saincheist na rialacha nós imeachta éagsúla a réiteach agus chun feabhas a chur ar an gcomhlántacht agus idir-inoibritheacht idir córais dearaí an Chomhphobail agus na córais náisiúnta dearaí:

·Rogha 4.1: Comhfhogasú breise páirteach ar dhlíthe náisiúnta agus ar a gcomhleanúnachas le córas RCD. Is éard a bheadh i gceist leis an rogha seo forálacha a chur leis an Treoir maidir le gnéithe áirithe den dlí dearaidh nár tugadh aghaidh orthu go fóill sa Treoir sin agus atá sainaitheanta ag páirtithe leasmhara mar na nithe is mó is gá a chomhchuibhiú, go háirithe nósanna imeachta, i gcomhréir le forálacha ábhartha i Rialachán (CE) Uimh. 6/2002. I dteannta na príomhrialacha nós imeachta a chur leis an Treoir ba cheart ailíniú breise a dhéanamh ar roinnt gnéithe roghnaithe den dlí substainteach (seachas an tsaincheist maidir le páirteanna spártha) i gcomhréir le forálacha Rialachán (CE) Uimh. 6/2002.

·Rogha 4.2: Comhfhogasú iomlán ar dhlíthe agus nósanna imeachta dearaidh náisiúnta. Leis an rogha seo, chumhdófaí rogha 4.1 ach dáireofaí freisin na gnéithe eile de na dlíthe agus nósanna imeachta substainteacha dearaidh atá ina gcuid de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ach nach cuid den Treoir iad.

Sa chomhthéacs sin, rinneadh measúnú freisin ar an gcaoi a bhféadfaí an comhfhogasú breise sin a shaothrú: ar bhonn deonach (foroghanna 4.1a agus 4.2a), nó ar bhonn éigeantach, i.e. arna spreagadh le beart reachtach de chuid an Aontais lena gceanglaítear ar na Ballstáit a gcuid dlíthe dearaidh a ailíniú (foroghanna 4.1b agus 4.2b).

Ar bhonn thoradh an mheasúnaithe tionchair, áirítear rogha 1.2 agus rogha 4.1b ar an tacar tosaíochta roghanna.

Le rogha 1.2 gealltar, tar éis na hidirthréimhse 10 mbliana, go dtabharfar coigiltis fhéideartha do thomhaltóirí, i margaí nach bhfuil aon chlásal deisiúcháin i bhfeidhm iontu faoi láthair, ó idir EUR 340 milliún agus EUR 544 milliún in aghaidh na bliana mar gheall ar iomaíocht praghsanna (le linn na hidirthréimhse 10 mbliana, tiocfaidh méadú idir EUR 4 mhilliún agus EUR 13 mhilliún in aghaidh na bliana ar na tairbhí go dtí go mbainfear amach leibhéal EUR 40 milliún go EUR 130 milliún sa bhliain dheireanach). Le linn na hidirthréimhse 10 mbliana, mar thoradh ar an an léirscaoileadh iomlán le haghaidh dearaí nua cuirfear an iomaíocht agus iontráil sa mhargadh chun cinn i bpáirteanna imbhuailte i gcomhair gluaisteáin nua. Tar éis na hidirthréimhse 10 mbliana, bainfidh soláthraithe buntrealaimh agus soláthróirí neamhspleácha tairbhe as saoirse oibríochtúil i bhfad níos mó, rud a chuirfidh ar a gcumas dóibh a suíomh ar an margadh a neartú agus a chomhdhlúthú.

Le Rogha 4.1b beidh sé níos éasca agus níos saoire do ghnólachtaí agus do dhearthóirí cosaint dearaí a fháil ar fud na mBallstát, go háirithe trí phríomhrialacha nós imeachta a chur leis an Treoir i gcomhréir leis an Rialachán. Méadóidh sé sin a thuilleadh an intuarthacht, cuideoidh sé le costais a laghdú maidir le punanna ilnáisiúnta maoine intleachtúla a bhainistiú, agus déanfaidh sé níos éasca agus níos saoire é dearaí neamhbhailí a bhaint den chlár. Beidh tionchair dhearfacha bhreise ag comhfhogasú breise dlíthe den sórt sin ar chomhar idir EUIPO agus oifigí náisiúnta maoine intleachtúla faoin gcreat atá ann cheana a leagtar síos in Airteagal 152 de Rialachán (AE) 2017/1001 i dtrádmharc an Aontais Eorpaigh.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Áiríodh an togra seo chun Treoir 98/71/CE a athmhúnlú agus an togra comhthreomhar chun Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 a leasú in Iarscríbhinn II a ghabhann le clár oibre 2022 an Choimisiúin 17 . Dá bhrí sin, tá siad ina gcuid den chlár oiriúnachta rialála (REFIT).

Is é is aidhm don togra seo córais cosanta dearaí san Aontas a thabhairt cothrom le dáta le haghaidh na ré digití agus iad a dhéanamh níos inrochtana agus níos éifeachtúla d’iarratasóirí agus dóibh siúd atá ag iarraidh dearaí neamhbhailí a chur ar ceal. Ó thaobh an digitithe de, leis an gcomhchuibhiú atá beartaithe ar na ceanglais maidir le dearaí a léiriú beidh iarratasóirí in ann a ndearaí a atáirgeadh áit ar bith ar bhealach soiléir beacht, agus úsáid á baint as teicneolaíocht atá ar fáil go ginearálta. Leis sin éascófar dearaí digiteacha nua a chomhdú go háirithe. Ó thaobh an tsimplithe de, leis an gcomhchuibhiú breise atá beartaithe beidh gnólachtaí in ann iarratais iolracha a chomhdú áit ar bith ar an leibhéal náisiúnta trí roinnt dearaí a chomhcheangal in aon iarratas amháin, agus gan a bheith teoranta do tháirgí den chineál céanna. Cé go ndéanfaidh sé sin an saol níos éasca d’iarratasóirí dearaidh, ní fhéadfaí na tairbhí a chainníochtú toisc go mbeidh siad ag brath go bunúsach ar tháillí a shocraítear ar an leibhéal náisiúnta. Ina theannta sin, ach an scrúdú ex-officio ar an úrscothacht ar an leibhéal náisiúnta a ligean i léig (chun foráil a dhéanamh don leibhéal céanna inrochtaineachta ar chosaint agus atá ar fáil ar leibhéal an Aontais Eorpaigh) tá an chosúlacht air go gcuirfear laghdú suntasach ar fhad na n‑imeachtaí clárúcháin sna Ballstáit sin ina ndéantar iad fós. Dá bhrí sin, beidh gnólachtaí in ann cosaint a fháil i bhfad níos tapa agus ar chostais níos ísle. Thairis sin, má thugtar isteach (go héigeantach) imeachtaí neamhbhailíochta oifig-bhunaithe chun clárú neamhbhailí dearaidh a chur ar ceal gan dul chun na cúirte, ba cheart go rachadh sé sin chun tairbhe d’iomaitheoirí agus do shealbhóirí cirt araon ós rud é nach mbeadh na himeachtaí sin chomh casta agus chomh costasach.

Is é is d’aidhm don togra seo freisin margadh aonair na bpáirteanna spártha deisiúcháin a chomhlánú trí chlásal deisiúcháin a thabhairt isteach lena ndíolmhófar na páirteanna sin ó chosaint dearaidh. Le léirscaoileadh iomlán mhargadh na bpáirteanna spártha is dócha go dtabharfar tairbhí suntasacha do thomhaltóirí i dtéarmaí rogha níos mó agus praghsanna níos ísle.

Déantar coigilteas costais ábhartha a shonrú agus a achoimriú i dTábla 8.1 den mheasúnú tionchair.

Cearta bunúsacha

Leis an tionscnamh ba cheart feabhas a chur ar na deiseanna a bheidh ann do dhearthóirí a gcearta a chosaint, rud a d’imreodh tionchar dearfach ar na cearta bunúsacha amhail an ceart chun maoine agus an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil. D’fhonn an córas cosanta dearaí san Aontas a dhéanamh níos cothroime, tá sé d’aidhm aige freisin foráil a dhéanamh maidir le catalóg níos láidre de theorainneacha leis na cearta dearaidh agus clásal deisiúcháin a chur isteach, agus breithnithe bunaithe ar chothroime agus ar iomaíocht á gcur san áireamh.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní bheidh tionchar ag an togra seo ar bhuiséad an Aontais Eorpaigh agus, dá bhrí sin, níl an ráiteas airgeadais ag gabháil leis dá bhforáiltear faoi Airteagal 35 den Rialachán Airgeadais (Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012).

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Beidh faireachán á dhéanamh ag an Coimisiún ar mhargadh an Aontais Eorpaigh le haghaidh páirteanna spártha chun féachaint ar tháinig ann do na coigiltis a tuaradh mar thoradh ar chlásal deisiúcháin a thabhairt isteach ar fud an Aontais. Breithneoidh sé freisin staidéir shonracha agus suirbhéanna sonracha a sheoladh chun forbairtí i bpraghsáil agus in iompar custaiméirí go háirithe a leanúint.

Maidir le dlíthe náisiúnta a chomhfhogasú a thuilleadh, déanfaidh an Coimisiún grinnscrúdú ar fhógraí na mBallstát maidir le bearta trasuímh sa dlí agus tabharfaidh sé freagra ar aon mhoill nó neamhréireachtaí. Déanfar tacar táscairí ábhartha, dá dtagraítear i Roinn 9 den mheasúnú tionchair, a mheas le haghaidh meastóireachta nuair a dhéanfar na rialacha uile a thrasuí go cuí.

Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)

Níl gá le doiciméid mhíniúcháin toisc nach bhfuil forálacha na Treorach de chineál casta dá spriocfhaighteoirí.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Ós rud é gur togra é seo chun Treoir 98/71/CE a athmhúnlú, is ar fhorálacha nua nó ar fhorálacha atá le leasú, agus orthu sin amháin, a dhírítear sa mhíniúchán mionsonraithe thíos.

Caibidil 1: Forálacha ginearálta

- Sainmhíniú ar dhearadh agus ar tháirge (Airteagal 2)

Beartaítear sainmhínithe nuashonraithe agus sainmhínithe níos mionsonraithe ar choincheapa an táirge agus an dearaidh a bheith ina gcuid de na forálacha ginearálta. Is é is aidhm don nuashonrú seo, don soiléiriú seo agus don leathnú seo ar na sainmhínithe atá ann faoi láthair an togra le haghaidh Treoir athmhúnlaithe a dhéanamh slán i bhfad na haimsire in aghaidh dul chun cinn teicneolaíoch agus deimhneacht dhlíthiúil agus trédhearcacht níos fearr a sholáthar maidir le hábhar is incháilithe ó thaobh na cosanta dearaí.

Caibidil 2: Dlíthe substainteacha maidir le dearaí

- Cosaint dearaidh trí chlárú amháin (Airteagal 3)

Leis an Treoir atá ann faoi láthair ceadaítear do na Ballstáit cosaint dearaí a sholáthar i bhfoirm neamhchláraithe freisin 18 . Tá sé beartaithe an discréid sin a bhaint trí chosaint dearaí a theorannú do chosaint chláraithe amháin. Tá cosaint aonadach i bhfoirm dearadh neamhchláraithe AE ar fáil sa chaoi nach bhfuil aon ghá iarbhír le cosaint neamhchláraithe chomhthreomhar (a d’fhéadfadh a bheith éagsúil).

- Tús a chur le cosaint (Airteagal 10)

Chun neamhréireachtaí atá ann cheana a thabhairt chun réitigh, tugtar soiléiriú nach gcuirtear tús le cosaint dearaidh go dtí go ndéantar an clárú sa chlár.

- An ceart chun dearaidh chláraithe (Airteagail 11 agus 12)

I gcomhréir le hAirteagail 14 agus 17 de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002, moltar forálacha nua a chur isteach maidir leis an gceart chun an dearaidh chláraithe, lena n‑áirítear toimhde úinéireachta.

- Forais le neamh‑inchláraitheacht agus raon feidhme an scrúdaithe shubstaintigh (Airteagail 13 agus 29)

Chun raon feidhme an scrúdaithe shubstaintigh ar fud an Aontais a ailíniú go hiomlán leis an scrúdú arna dhéanamh ar leibhéal EUIPO (Airteagal 47 de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002), ba cheart na forais atá le neamh‑inchláraitheacht a leagan amach ar bhealach uileghabhálach, lena n‑áiritheofar go gcruthóidh an nós imeachta chun dearadh cláraithe a fháil na costais agus na deacrachtaí is lú d’iarratasóirí, amhail i gcás EUIPO.

- Forais le neamhbhailíocht (Airteagal 14)

Moltar forálacha sainordaitheacha a dhéanamh d’fhorálacha roghnacha chun intuarthacht agus comhsheasmhacht le córas dearaí an Aontais a mhéadú.

- An cuspóir le cosaint (Airteagal 15)

Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil níos fearr i ndáil leis an ‘gceanglas infheictheachta’, moltar foráil shonrach a chur leis an Treoir (sa bhreis ar aithris 17) trína dtugtar cosaint dearaidh do na gnéithe sin den chuma (agus dóibh sin amháin), a léirítear go feiceálach san iarratas ar chlárú.

Soiléirítear a thuilleadh (in aithris nua 18) nach gá ar shlí eile do ghnéithe dearaidh a bheith infheicthe tráth áirithe ar bith nó in aon chás ar leith chun teacht faoi chosaint, ach amháin i gcás comhpháirteanna nach bhfuil infheicthe le linn gnáthúsáid táirge chasta.

- Raon feidhme na gceart a bhronntar le dearadh cláraithe (Airteagal 16)

Chun é a chur ar a chumas do shealbhóirí cirt dearaidh aghaidh a thabhairt ar bhealach éifeachtach ar na dúshláin a bhaineann le húsáid mhéadaithe teicneolaíochtaí priontála 3T, moltar raon feidhme na gceart dearaidh a choigeartú dá réir.

Ina theannta sin, tar éis an athchóirithe ar reachtaíocht an Aontais maidir le trádmharcanna (Airteagal 10(4) nua de Threoir (AE) 2015/2436), meastar go bhfuil sé tábhachtach, ar mhaithe le comhrac éifeachtach in aghaidh gníomhaíochtaí góchumtha atá ag dul i méid go síoraí, foráil chomhfhreagrach a chur leis an gcreat dlíthiúil maidir le dearaí tionscail lena gceadaítear do shealbhóirí cirt cosc a chur ar tháirgí góchumtha idirthuras a dhéanamh trí chríoch an Aontais nó cosc a chur orthu a bheith curtha i staid chustaim eile gan iad a scaoileadh i saorchúrsaíocht ann.

- Toimhde bailíochta (Airteagal 17)

Ar mhaithe le comhsheasmhacht níos fearr le Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 (Airteagal 85(1)), moltar foráil maidir le toimhde bailíochta a chur leis an Treoir freisin.

- Teorainn leis na cearta a bhronntar (Airteagal 18)

Chun cothromaíocht níos fearr a áirithiú idir na leasanna dlisteanacha atá i gceist agus cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) 19 á chur san áireamh, tá sé beartaithe liosta na núsáidí ceadaithe a chomhlánú trí úsáid thagrach agus critíc agus scigaithris a chur leis.

- Clásal deisiúcháin (Airteagal 19)

Chun deireadh a chur, ar deireadh, leis an gcóras idirthréimhseach atá i bhfeidhm faoi láthair agus chun an margadh aonair i bpáirteanna spártha a chomhlánú, tá sé beartaithe go gcuirfear isteach sa Treoir clásal deisiúcháin atá comhchosúil leis an gceann atá in Airteagal 110 de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 cheana féin. Tá an clásal sin teoranta go sainráite do pháirteanna ‘meaitseáil éigeantach’ de tháirgí casta (spleách ar fhoirm), chun go gcuirfear san áireamh breithiúnas CBAE i gcás Acacia 20 .

Ina theannta sin, ba cheart a shoiléiriú go sainráite nach féidir an clásal deisiúcháin a úsáid mar chosaint in aghaidh éilimh ar shárú ach amháin má chuirtear tomhaltóirí ar an eolas go cuí faoi thionscnamh an táirge atá le húsáid chun an táirge casta a dheisiú.

Chun aghaidh a thabhairt ar leasanna dlisteanacha na sealbhóirí ar chearta dearaí atá ann cheana, ní bheadh éifeacht dhlíthiúil láithreach (gan teorainn) ag an gclásal deisiúcháin ach amháin maidir leis an am atá le teacht agus, an tráth céanna, dhéanfaí cosaint na gceart atá ann cheana a choimirciú ar feadh idirthréimhse 10 mbliana.

- Cosaint na réamhúsáide (Airteagal 21)

Tugtar isteach ceart réamhúsáide i gcomhréir le hAirteagal 22 de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002. Leis an gcosaint sin ar shárú, tabharfar cosaint dóibh siúd a rinne infheistíocht de mheon macánta i ndearadh táirge roimh dháta tosaíochta dearaidh chláraithe agus, dá bhrí sin, a bhfuil leas dlisteanach acu i margú na dtáirgí fiú má thagann cuma na dtáirgí sin faoi raon feidhme na cosanta i leith an dearaidh chláraithe.

- Prionsabal an charntha (Airteagal 23)

Coinnítear ar bun prionsabal an charntha maidir le cosaint cóipchirt agus dearaidh, agus an tráth céanna, cuirtear san áireamh an fíoras go bhfuiltear tar éis dul chun cinn a dhéanamh maidir le comhchuibhiú i réimse an chóipchirt ó glacadh an reachtaíocht bhunaidh.

- Fógra dearaidh (Airteagal 24)

Cuirtear fógra dearaidh ar fáil do shealbhóirí dearaí cláraithe lena gceadaítear dóibh an pobal a chur ar an eolas faoi chlárú dearaidh.

Caibidil 3: Nósanna imeachta

I gcomhréir le Treoir (AE) 2015/2436 cuirtear leis an Treoir tacar príomhrialacha maidir le nósanna imeachta chun dlíthe na mBallstát a bhaineann le trádmharcanna a chomhfhogasú.

- Ceanglais maidir le léiriú (Airteagal 26)

Chun a áirithiú go mbeidh léiriú na ndearaí faoi réir na gceanglas céanna atá slán i bhfad na haimsire le haghaidh léiriú soiléir cruinn dearaí ar fud an Aontais, beartaítear tacar forálacha mionsonraithe a chur leis an Treoir.

- Il-iarratais (Airteagal 27)

Tá sé beartaithe foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht go ndéanfaí dearaí iolracha a chomhcheangal in aon iarratas amháin mar a fhoráiltear faoi láthair freisin le hAirteagal 37 de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002, agus gan a cheangal go mbeidh baint ag na dearaí comhcheangailte leis an aicme chéanna de chuid Aicmiú Locarno, mar a bheartaítear freisin sa leasú comhfhreagrach ar an Rialachán.

- Iarchur foilsithe (Airteagal 30)

I gcomhréir le hAirteagal 50 de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002, tá sé beartaithe foráil a dhéanamh maidir leis an rogha chun a iarraidh go ndéanfar foilsiú iarratais dearaidh a iarchur ar feadh tréimhse 30 mí ó dháta comhdaithe an iarratais.

- Imeachtaí riaracháin neamhbhailíochta (Airteagal 31)

Mar a tugadh isteach le haghaidh imeachtaí cealaithe trádmharcanna faoi Airteagal 45 de Threoir (AE) 2015/2436, ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le nós imeachta riaracháin chun agóid a dhéanamh in aghaidh bhailíocht clárúcháin dearaidh, ar nós imeachta riaracháin é a láimhseálfaidh a gcuid oifigí maoine intleachtúla. I roinnt Ballstát, ní féidir cur i gcoinne bailíocht dearaidh chláraithe ach amháin in imeachtaí cúirte. Baineann ualach níos troime agus costas níos mó leis na córais sin.

2022/0392 (COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le cosaint dhlíthiúil dearaí (athmhúnlú)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 21 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tá roinnt athruithe le déanamh ar Threoir 98/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 22 . Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart an Treoir sin a athmhúnlú.

(2)Le Treoir 98/71/CE, rinneadh comhchuibhiú ar phríomhfhorálacha de dhlí substainteach na mBallstát maidir le dearaí a measadh tráth a nglactha gurb iad a rinne an difear ba dhírí d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh trí bhac a chur ar shaorghluaiseacht earraí agus ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar san Aontas.

(3)Bíonn an chosaint dearaí i ndlí náisiúnta na mBallstát ann i gcomhthráth leis an gcosaint atá ar fáil ar leibhéal an Aontais trí dhearaí de chuid an Aontais Eorpaigh (‘dearaí AE’) a mbaineann cáilíocht aonadach leo agus atá bailí ar fud an Aontais mar a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle 23 . Tá comhthráthacht agus cothromaíocht na gcóras cosanta dearaí ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais ina mbunchloch den chur chuige atá ag an Aontas maidir le maoin intleachtúil a chosaint.

(4)I gcomhréir lena chlár oibre maidir le Rialáil Níos Fearr 24 chun athbhreithniú tráthrialta a dhéanamh ar bheartais an Aontais, rinne an Coimisiún meastóireacht chuimsitheach ar chórais cosanta dearaí san Aontas, meastóireacht ina ndearnadh measúnú cuimsitheach eacnamaíoch agus dlíthiúil, arna dtacú le sraith staidéar.

(5)Sna conclúidí uaithi an 11 Samhain 2020 maidir leis an mbeartas maoine intleachtúla agus leis an athbhreithniú ar an gcóras dearaí tionscail san Aontas 25 , d’iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún tograí le haghaidh athbhreithniú ar Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 agus ar Threoir 98/71/CE a thíolacadh. Iarradh an tathbhreithniú mar gheall ar an ngá atá ann na córais dearaí tionscail a nuachóiriú agus cosaint dearaí a dhéanamh níos tarraingtí do dhearthóirí aonair agus do ghnólachtaí aonair, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide. Go háirithe, iarradh an tathbhreithniú sin chun aghaidh a thabhairt ar leasuithe arbh éard ab aidhm dóibh tacú leis an gcaidreamh comhlántach idir córais cosanta dearaí an Aontais agus na córais cosanta dearaí náisiúnta agus réigiúnacha, agus an caidreamh comhlántach sin a neartú, agus baineann iarrachtaí breise leis chun réimsí dibhéirseachta laistigh den chóras cosanta dearaí san Aontas a laghdú.

(6)Ar bhonn na dtorthaí deiridh ón meastóireacht, d’fhógair an Coimisiún ina theachtaireacht an 25 Samhain 2020 dar teideal ‘An leas is fearr is féidir a bhaint as acmhainneacht nuálaíochta an Aontais. Plean gníomhaíochta um maoin intleachtúil chun tacú le téarnamh agus athléimneacht an Aontais 26 ’ go ndéanfaidh sé athbhreithniú ar reachtaíocht an Aontais maidir le cosaint dearaí, tar éis athchóiriú rathúil a dhéanamh ar reachtaíocht trádmharcanna an Aontais.

(7)Sa tuarascáil uaithi an 10 Samhain 2021 maidir leis an bplean gníomhaíochta um maoin intleachtúil 27 , chuir Parlaimint na hEorpa fáilte roimh thoilteanas an Choimisiúin reachtaíocht an Aontais maidir le cosaint dearaí a nuachóiriú, d’iarr sí ar an gCoimisiún na nósanna imeachta maidir le cur i bhfeidhm agus neamhbhailíochtú sna Ballstáit a chomhchuibhiú a thuilleadh, agus mhol sí machnamh a dhéanamh ar Threoir 98/71/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 a ailíniú d’fhonn deimhneacht dhlíthiúil níos fearr a chruthú.

(8)Léiríodh le comhairliúchán agus meastóireacht go bhfuil, d’ainneoin an chomhchuibhithe a rinneadh roimhe seo ar dhlíthe náisiúnta, réimsí ann fós ina bhféadfadh tuilleadh comhchuibhithe tionchar dearfach a imirt ar iomaíochas agus fás. 

(9)Chun margadh inmheánach dea-fheidhmiúil a áirithiú, agus chun éascú a dhéanamh, i gcás inarb iomchuí, ar chearta dearaidh san Aontas a fháil, a riar agus a chosaint ar mhaithe le fás agus le hiomaíochas gnólachtaí laistigh den Aontas, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide, agus leasanna tomhaltóirí á gcur san áireamh, is gá comhfhogasú na ndlíthe a bhaintear amach le Treoir 98/71/CE a leathnú chuig gnéithe eile den dlí substainteach dearaí lena rialaítear dearaí a chosnaítear trí chlárú de bhun Rialachán (CE) Uimh. 6/2002.

(10)Thairis sin, is gá rialacha nós imeachta a chomhfhogasú freisin chun fáil, riar agus cosaint ceart dearaidh san Aontas a éascú. Dá bhrí sin, ba cheart príomhrialacha nós imeachta áirithe i réimse an chlárúcháin dearaidh a ailíniú sna Ballstáit agus i gcóras dearaí an Aontais. A mhéid a bhaineann le nósanna imeachta faoin dlí náisiúnta, is leor prionsabail ghinearálta a leagan síos, lena bhfágfar na Ballstáit saor chun rialacha níos sonraí a leagan síos.

(11)Ní eisiatar leis an Treoir seo reachtaíocht náisiúnta ná reachtaíocht an Aontais a chur i bhfeidhm maidir le dearaí lena bhforáiltear do chosaint atá éagsúil ón gcosaint a thugtar le clárú nó foilsiú mar dhearadh, amhail reachtaíocht a bhaineann le cearta dearaidh, trádmharcanna, paitinní neamhchláraithe agus le cuspaí áisiúlachta, iomaíocht éagórach nó dliteanas sibhialta.

(12)Tá sé tábhachtach go mbunófar an prionsabal maidir le carnadh na cosanta faoi dhlí sonrach um chosaint dearaí cláraithe agus faoi dhlí an chóipchirt, ar dá réir ba cheart dearaí a chosnaítear le cearta dearaidh a bheith incháilithe freisin chun a bheith cosanta mar shaothair chóipchirt, ar choinníoll go gcomhlíontar ceanglais an dlí cóipchirt de chuid an Aontais.

(13)Ceanglaítear le gnóthú chuspóirí an mhargaidh inmheánaigh go mbeidh na coinníollacha comhionann sna Ballstáit uile maidir le ceart dearaidh chláraithe a fháil.

(14)Chuige sin is gá sainmhínithe aonadacha a thabhairt ar choincheapa an dearaidh agus an táirge, ar sainmhínithe iad atá soiléir, trédhearcach, agus cothrom le dáta ó thaobh na teicneolaíochta de agus teacht chun cinn dearaí nua nach nionchorpraítear i dtáirgí fisiceacha á chur san áireamh. Gan liosta na dtáirgí ábhartha a bheith ina liosta uileghabhálach, is iomchuí idirdhealú a dhéanamh idir táirgí a ionchorpraítear i réad fisiceach, a léirshamhlaítear i ngrafaic, nó atá soiléir ó leagan amach spásúil na nítimí atá beartaithe chun timpeallacht inmheánach a chruthú go háirithe. Sa chomhthéacs sin, ba cheart a aithint gur féidir le gluaiseacht, aistriú nó aon chineál beochana eile a fheidhmítear ar ghnéithe cur leis an gcuma atá ar dhearaí, go háirithe iad siúd nach bhfuil corpraithe i réad fisiceach.

(15)Thairis sin, is gá sainmhíniú aonadach a thabhairt ar na ceanglais maidir le húrnuacht agus nádúr aonair nach mór do chearta dearaidh chláraithe a chomhlíonadh.

(16)D’fhonn saorghluaiseacht earraí a éascú, is gá a áirithiú i bprionsabal go dtabharfaidh cearta dearaidh chláraithe cosaint choibhéiseach don sealbhóir cirt sna Ballstáit uile.

(17)Is trí chlárú a thugtar cosaint don sealbhóir cirt maidir leis na gnéithe dearaí sin de tháirge, ina iomláine nó i bpáirt, atá le feiceáil go soiléir in iarratas agus a chuirtear ar fáil don phobal tríd an gcomhad ábhartha a fhoilsiú nó a cheadú.

(18)Cé nach gá do ghnéithe dearaidh a bheith le feiceáil tráth sonrach ar bith nó in aon staid áirithe chun go mbainfidís tairbhe as cosaint dearaidh, mar eisceacht ón bprionsabal sin, níor cheart cosaint a leathnú chuig na comhpháirteanna sin nach mbíonn le feiceáil le linn gnáthúsáid táirge chasta, ná chuig na gnéithe sin de pháirt den sórt sin nach mbíonn le feiceáil nuair atá an pháirt suite, nó nach gcomhlíonann, astu féin, na ceanglais maidir le húrnuacht agus nádúr aonair. Dá bhrí sin, níor cheart na gnéithe dearaí sin de chuid comhpháirteanna táirgí casta a eisiatar ón gcosaint ar na cúiseanna sin a chur san áireamh chun a mheasúnú an gcomhlíonann gnéithe eile den dearadh na ceanglais maidir le cosaint.

(19)Cé nach ndéanann tásca táirge difear do raon feidhme cosanta an dearaidh ann féin, in éineacht le léiriú an dearaidh d’fhéadfaidís fónamh chun cineál an táirge ina bhfuil an dearadh ionchorpraithe nó ar ina leith a bhfuil sé beartaithe iad a chur i bhfeidhm a chinneadh. Thairis sin, cuireann tásca táirgí feabhas ar inchuardaitheacht dearaí i gclár na ndearaí a choimeádann oifig maoine tionsclaíche. Dá bhrí sin, ba cheart áirithiú a dhéanamh ar thásca cruinne táirgí lena néascaítear cuardach agus lena méadaítear trédhearcacht agus inrochtaineacht cláir roimh chlárú gan ualach míchuí a chur ar iarratasóirí.

(20)Ba cheart an measúnú maidir le cibé acu an bhfuil gné shainiúil ag dearadh nó nach bhfuil a bhunú ar cibé acu an bhfuil difríochtaí ann idir an chaoi a dtéitear i gcion ar an úsáideoir eolgaiseach a amharcann ar an ndearadh agus an chaoi a dtéitear i gcion air nuair a amharcann sé ar aon dearadh eile atá mar chuid den chorpas dearaí atá ann faoi láthair, ag cur san áireamh cineál an táirge a gcuirtear an dearadh i bhfeidhm air nó a bhfuil an dearadh cuimsithe ann, agus go háirithe an earnáil tionsclaíochta lena mbaineann sé agus an méid saoirse a bhí ag an dearthóir agus an dearadh á fhorbairt aige.

(21)Níor cheart go gcuirfí isteach ar nuálaíocht theicneolaíoch trí chosaint dearaí a dheonú do dhearaí nach bhfuil iontu ach gnéithe nó an socrú gnéithe a rialaítear trí fheidhmiú teicniúil amháin. Tuigtear nach gciallaíonn sé sin gur gá mianach aeistéitiúil a bheith ag dearadh. Féadfar a dhearbhú go bhfuil ceart dearaidh chláraithe neamhbhailí i gcás nach raibh ról ag aon chúinsí seachas an gá go gcomhlíonfadh an táirge sin feidhm theicniúil, go háirithe iad siúd a bhaineann leis an ngné amhairc, i rogha na ngnéithe a bhaineann le cuma.

(22)Ar an gcaoi chéanna, níor cheart go gcuirfí isteach ar idir-inoibritheacht cineálacha éagsúla táirgí trí chosaint a leathnú go dtí dearadh feisteas meicniúil.

(23)Mar sin féin, féadfaidh feistis mheicniúla de tháirgí modúlacha a bheith ina ngné thábhachtach de shaintréithe nuálacha táirgí modúlacha agus a bheith ina mórshócmhainn mhargaíochta, agus dá bhrí sin ba cheart go mbeadh siad incháilithe do chosaint.

(24)Níor cheart ceart dearaidh a bheith ar marthain i ndearadh atá ar neamhréir leis an mbeartas poiblí nó le prionsabail na moráltachta a bhfuil glacadh leo go forleathan. An treoir seo, ní comhchuibhiú í ar choincheapa náisiúnta an bheartais phoiblí ná ar phrionsabail na moráltachta a bhfuil glacadh leo go forleathan.

(25)Tá sé riachtanach d’fheidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh an tréimhse cosanta a thugtar le cearta dearaidh chláraithe a aontú.

(26)Tá forálacha na Treorach seo gan dochar do chur i bhfeidhm na rialacha iomaíochta faoi Airteagail 101 agus 102 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

(27)Ba cheart áireamh uileghabhálach a dhéanamh ar na forais shubstainteacha le haghaidh neamhinchláraitheachta agus ar na forais shubstainteacha le cearta dearaidh chláraithe a neamhbhailíochtú i ngach Ballstát .

(28)I bhfianaise na húsáide méadaithí atá á baint as teicneolaíochtaí priontála 3T i dtionscail éagsúla, agus i bhfianaise na ndúshlán a eascraíonn as sin do shealbhóirí cirt dearaidh maidir le cosc éifeachtach a chur ar chóipeáil neamhdhlisteanach éasca a ndearaí cosanta, is iomchuí a fhoráil gurb é a thiocfaidh as cruthú, uaslódáil, cóipeáil agus cur ar fáil aon mheáin ina bhfuil an dearadh nó aon bhogearraí ina bhfuil taifead den dearadh, chun táirge a sháraíonn an dearadh cosanta a atáirgeadh, go mbeidh an úsáid a bhainfear as an dearadh faoi réir údarú an tsealbhóra cirt.

(29)Chun cosaint dearaidh a neartú agus góchumadh a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí, agus i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta na mBallstát faoi chreat na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT), go háirithe Airteagal V den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil maidir le saoirse idirthurais, agus, a mhéid a bhaineann le cógais chineálacha, an Dearbhú maidir le Comhaontú TRIPS agus Sláinte Phoiblí, ba cheart do shealbhóir dearaidh chláraithe a bheith i dteideal cosc a chur ar thríú páirtithe táirgí ó thríú tíortha a thabhairt isteach sa Bhallstát ina bhfuil an ceart dearaidh chláraithe gan é a scaoileadh i saorchúrsaíocht ansin, i gcás ina ndéantar an dearadh a ionchorprú sna táirgí sin nó ina gcuirtear i bhfeidhm orthu é ar bhealach comhionann gan údarú, nó nach féidir an dearadh a idirdhealú ina bhunghnéithe den chuma ó na táirgí sin.

(30)Chuige sin, ba cheart cead a bheith ag sealbhóirí cirt dearaidh chláraithe cosc a chur ar theacht isteach táirgí sáraitheacha agus cosc a chur ar earraí sáraitheacha a chur i ngach cás custaim, lena náirítear, go háirithe, idirthuras, trasloingsiú, stórasú, saorchriosanna, stóráil shealadach, próiseáil isteach nó cead isteach sealadach, agus nuair nach mbeidh sé beartaithe na táirgí sin a chur ar mhargadh an Bhallstáit lena mbaineann. Agus rialuithe custaim á ndéanamh, ba cheart do na húdaráis chustaim leas a bhaint as na cumhachtaí agus as na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 608/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 28 , arna iarraidh sin do shealbhóirí an chirt freisin. Ba cheart do na húdaráis chustaim, go háirithe, na rialuithe ábhartha a dhéanamh ar bhonn critéir anailíse riosca.

(31)Chun an gá atá le forghníomhú éifeachtach ceart dearaidh a áirithiú agus an riachtanas atá ann gan cur isteach ar shaorshreabhadh trádála i dtáirgí dlisteanacha a réiteach, ba cheart do theidlíocht shealbhóir na gceart dearaidh a dhul in éag i gcás, le linn na nimeachtaí tar éis sin arna dtionscnamh os comhair an údaráis bhreithiúnaigh nó an údaráis eile atá inniúil cinneadh substainteach a dhéanamh maidir le cé acu a sáraíodh an ceart dearaidh chláraithe nó nár sáraíodh, ina mbeidh dearbhóir nó sealbhóir na dtáirgí in ann a chruthú nach bhfuil úinéir an chirt dearaidh chláraithe sin i dteideal toirmeasc a chur ar na táirgí a chur ar an margadh i dtír an chinn scríbe.

(32)Ba cheart na cearta eisiacha a bhronntar le ceart dearaidh chláraithe a bheith faoi réir tacar iomchuí teorainneacha. Cé is moite d’úsáid phríobháideach agus neamhthráchtála agus de ghníomhartha a dhéantar chun críoch turgnaimh, ba cheart a áireamh i liosta na núsáidí incheadaithe sin gníomhartha atáirgthe chun sleachta as an saothar a lua nó chun teagasc a dhéanamh, úsáid thagartha i gcomhthéacs fógraíocht chomparáideach, agus a úsáid chun críche tráchtaireachta nó scigaithrise, ar choinníoll go bhfuil na gníomhartha sin comhoiriúnach le cleachtais chóirthrádála agus nach ndéanann siad dochar míchuí do ghnáthshaothrú an dearaidh. Maidir leis an úsáid a bhaineann tríú páirtithe as dearadh chun críche léirithe ealaíne, ba cheart a mheas go bhfuil an úsáid sin cothrom fad atá sí, an tráth céanna, i gcomhréir le cleachtais mhacánta in ábhair thionsclaíocha agus thráchtála. Thairis sin, ba cheart an Treoir seo a chur i bhfeidhm ar bhealach lena náirithítear urraim iomlán do chearta agus saoirsí bunúsacha, agus go háirithe don tsaoirse tuairimí a nochtadh.

(33)Is é is cuspóir do chosaint dearaidh cearta eisiacha a dheonú ar an gcuma atá ar tháirge, ach ní monaplacht ar an táirge ann féin a dheonú. Dá dtabharfaí cosaint do dhearaí nach ann d’aon mhalairt phraiticiúil orthu, is amhlaidh go gcruthófaí monaplacht táirge dá thoradh. Maidir le cosaint den sórt, ba rígheall í le míúsáid ar an gcóras cosanta dearaí. I gcás ina gceadaítear do thríú páirtithe páirteanna spártha a tháirgeadh agus a dháileadh, coinnítear ar bun an iomaíocht. Má leathnaítear cosaint dearaidh chuig páirteanna spártha, sáraíonn tríú páirtithe den sórt sin na cearta sin, cuirtear deireadh leis an iomaíocht agus tugtar monaplacht táirge de facto do shealbhóir an chirt dearaidh.

(34)Na difríochtaí i ndlíthe na mBallstát maidir le dearaí cosanta a úsáid chun go gceadófar táirge casta a dheisiú ionas go nathbhunófar an chuma a bhí air ar dtús, i gcás inar comhpháirt de tháirge casta atá spleách ar fhoirm an táirge ina nionchorpraítear an dearadh nó an táirge a gcuirtear an dearadh i bhfeidhm air, bíonn tionchar díreach ag na difríochtaí sin ar bhunú agus ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Déanann difríochtaí den sórt sin saobhadh ar an iomaíocht agus ar an trádáil laistigh den mhargadh inmheánach agus cruthaíonn siad éiginnteacht dhlíthiúil.

(35)Ar mhaithe le feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh agus chun iomaíocht chóir a áirithiú ann, is gá, dá bhrí sin, dlíthe cosanta dearaí na mBallstát a chomhfhogasú, a mhéid a bhaineann le húsáid dearaí cosanta chun táirge casta a dheisiú chun an chuma a bhí air i dtosach a athbhunú, trí chlásal deisiúcháin a chur isteach atá comhchosúil leis an gclásal sin atá i Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 cheana féin, atá infheidhme maidir le dearaí AE ar leibhéal an Aontais agus nach bhfuil feidhm acu go sainráite ach amháin maidir le comhpháirteanna atá spleách ar fhoirm de tháirgí casta. Ós rud é gurb é an éifeacht atá beartaithe leis an gclásal deisiúcháin sin cearta dearaidh a dhéanamh neamhinfheidhmithe i gcás ina núsáidtear dearadh na comhpháirte de tháirge casta chun táirge casta a dheisiú chun an chuma a bhí air i dtosach a athbhunú, ba cheart an clásal deisiúcháin a chur i measc na gcosaintí atá ar fáil i gcoinne shárú na gceart dearaidh faoin Treoir seo. Ina theannta sin, chun a áirithiú nach gcuirfear tomhaltóirí amú agus go mbeidh siad in ann cinneadh eolasach a dhéanamh idir táirgí iomaíocha ar féidir iad a úsáid chun críche deisiúcháin, ba cheart a chur in iúl go sainráite sa dlí freisin nach féidir le monaróir na comhpháirte ná le díoltóir na comhpháirte an clásal deisiúcháin a agairt i gcás nár chuir siad tomhaltóirí ar an eolas go cuí faoi thionscnamh an táirge atá le húsáid chun an táirge casta a dheisiú.

(36)Chun nach mbeidh coinníollacha éagsúla sna Ballstáit maidir le húsáid roimhe sin ina gcúis le difríochtaí ó thaobh láidreacht dhlíthiúil an dearaidh chéanna sna Ballstáit éagsúla, is iomchuí a áirithiú, maidir le haon tríú duine atá in ann a shuíomh go ndearna sé roimh dháta comhdaithe an iarratais ar dhearadh, nó, má éilítear tosaíocht, roimh dháta na tosaíochta, tús a chur le húsáid a bhaint as dearadh laistigh de Bhallstát de mheon macánta, nó go ndearna sé ullmhúcháin dháiríre agus éifeachtacha chuige sin, ar dearadh é a áirítear faoi raon feidhme cosanta de chuid ceart dearaidh chláraithe, agus nár cóipeáladh ón dearadh cláraithe sin, ba cheart dó a bheith i dteideal saothrú teoranta a dhéanamh ar an dearadh sin.

(37)Chun rochtain ar chosaint dearaí a fheabhsú agus a éascú agus chun cur le deimhneacht dhlíthiúil agus le hintuarthacht, ba cheart an nós imeachta maidir le dearaí a chlárú sna Ballstáit a bheith éifeachtúil agus trédhearcach agus faoi réir rialacha atá cosúil leis na rialacha is infheidhme maidir le dearaí AE.

(38)Chuige sin, is gá rialacha comhchoiteanna a sholáthar maidir leis na ceanglais agus na modhanna teicniúla chun dearaí a léiriú go soiléir agus go beacht in aon chineál atáirgthe amhairc ag céim an chomhdaithe, agus an dul chun cinn teicniúil maidir le léirshamhlú dearaí agus riachtanais thionscal an Aontais i ndáil le dearaí (digiteacha) nua á gcur san áireamh. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit caighdeáin chomhchuibhithe a bhunú trí bhíthin cóineasú cleachtas.

(39)Ar mhaithe le héifeachtúlacht níos fearr, is iomchuí freisin a cheadú d’iarratasóirí dearaí roinnt dearaí a chur le chéile in aon il-iarratas amháin agus a cheadú dóibh déanamh amhlaidh gan a bheith faoi réir an choinníll go mbaineann na táirgí a bhfuil sé beartaithe dearaí a ionchorprú iontu nó a chur i bhfeidhm orthu leis an aicme chéanna den Aicmiú Idirnáisiúnta i gcomhair Dearaí Tionscail.

(40)I roinnt cásanna, d’fhéadfaí an rath a bhaineann le hoibríocht tráchtála ina bhfuil an dearadh bainteach a scriosadh nó a chur i mbaol mar thoradh ar ghnáthfhoilsiú tar éis dearadh a chlárú. Sna cásanna sin, bheadh an deis chun an foilsiú a chur siar ina réiteach. Ar mhaithe le comhleanúnachas agus deimhneacht dhlíthiúil níos fearr, agus ar an gcaoi sin cuidiú le gnólachtaí costais a laghdú le linn dóibh punanna dearaí a bhainistiú, ba cheart iarchur an fhoilsithe a bheith faoi réir na rialacha céanna san Aontas.

(41)Chun cothrom iomaíochta a áirithiú do ghnólachtaí, agus chun an leibhéal céanna rochtana ar chosaint dearaidh a sholáthar ar fud an Aontais trí na hualaí clárúcháin agus na hualaí nós imeachta eile a bhíonn ar iarratasóirí a choinneáil chomh híseal agus is féidir, ba cheart do lároifigí maoine tionsclaíche uile na mBallstát teorainn a chur, mar a dhéanann Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) ar leibhéal an Aontais, leis an scrúdú substainteach ex officio a dhéanann siad go dtí scrúdú i dtaobh an ann nó as do na forais atá le neamhinchláraitheacht a áirítear go huileghabhálach sa Treoir seo.

(42)Chun modhanna éifeachtúla a chur ar fáil lena ndearbhófar cearta dearaidh a bheith neamhbhailí, ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le nós imeachta riaracháin le haghaidh dearbhú neamhbhailíochta atá ailínithe a mhéid is iomchuí leis an nós imeachta sin is infheidhme maidir le dearaí cláraithe AE ar leibhéal an Aontais.

(43)Is inmhianaithe go noibreoidh lároifigí maoine tionsclaíche na mBallstát agus Oifig Benelux um Maoin Intleachtúil i gcomhar le chéile agus le hOifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) i ngach réimse clárúcháin agus riaracháin dearaí chun cóineasú cleachtas agus uirlisí a chur chun cinn, amhail bunachair sonraí agus tairseacha atá comhchoiteann nó nasctha a bhunú agus a thabhairt cothrom le dáta chun críoch ceadaithe agus cuardaigh. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú a thuilleadh go gcomhoibreoidh a lároifigí maoine tionsclaíche agus Oifig Benelux um Maoin Intleachtúil le chéile agus le EUIPO i ngach réimse eile dá ngníomhaíochtaí atá ábhartha maidir le dearaí a chosaint san Aontas.

(44)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, is é sin margadh inmheánach dea-fheidhmiúil a chothú agus a chruthú agus clárú, riar agus cosaint ceart dearaidh san Aontas a éascú ar mhaithe le fás agus leis an iomaíochas i gcás inarb iomchuí, a ghnóthú go leordhóthanach astu féin ach gur fearr is féidir, de bharr a fairsinge agus a héifeachtaí, iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(45)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 29 agus thug sé tuairim an ….

(46)Ba cheart an oibleagáid maidir leis an Treoir seo a thrasuí sa dlí náisiúnta a theorannú do na forálacha sin ar leasú substainteach iad i gcomparáid le Treoir 98/71/AE. Is ann don oibleagáid maidir leis na forálacha nach bhfuil athraithe a thrasuí mar thoradh ar an Treoir sin a bhí ann roimhe seo.

(47)Ba cheart an Treoir seo a bheith gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát maidir leis an teorainn ama chun an Treoir a leagtar amach in Iarscríbhinn I a thrasuí sa dlí náisiúnta.

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL 1

FORÁLACHA GINEARÁLTA 

Airteagal 1

An raon feidhme

1.feidhm ag an Treoir seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)cearta dearaidh atá cláraithe le lároifigí maoine tionsclaíche na mBallstát;

(b)cearta dearaidh atá cláraithe in Oifig Benelux um Maoin Intleachtúil;

(c)cearta dearaidh atá cláraithe faoi shocruithe idirnáisiúnta a bhfuil éifeacht acu i mBallstát;

(d)iarratais ar na cearta dearaidh dá dtagraítear faoi phointí (a), (b) agus (c).

2.Chun críoch na Treorach seo, áireofar freisin mar chuid de chlárú an dearaidh foilsiú an dearaidh tar éis comhdú a dhéanamh le hoifig maoine tionsclaíche de chuid Ballstáit arb é an toradh ar an bhfoilsiú sin go gcruthófar ceart dearaidh.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas :

(1) ciallaíonn ‘oifig’ an lároifig maoine tionsclaíche a gcuireann Ballstát amháin nó níos mó de chúram uirthi dearaí a chlárú;

(2) ciallaíonn ‘clár’ clár na ndearaí a choimeádann oifig;

(3) ciallaíonn ‘dearadh’ an chuma atá ar iomlán táirge nó ar chuid de tháirge agus atá mar thoradh ar na gnéithe atá ann, go háirithe, na línte, imlínte, dathanna, cruth, d’uigeacht nó d’ábhair an táirge féin agus/nó dá mhaisiúchán, lena náirítear gluaiseacht nó aistriú na ngnéithe sin nó aon chineál beochana eile i leith na ngnéithe sin;

(4) ciallaíonn ‘táirge’ aon earra tionsclaíoch nó lámhcheirde seachas ríomhchláir, gan beann ar cé acu atá nó nach bhfuil sé corpraithe i réad fisiceach nó a léirítear é i bhfoirm dhigiteach, lena náirítear na nithe seo a leanas :

(a) pacáistiú, tacair airteagal, feisteán, socrú spásúil na nítimí atá beartaithe chun timpeallacht inmheánach a chruthú, go háirithe, agus páirteanna atá beartaithe lena gcóimeáil ina dtáirge casta;

(b)saothair ghrafacha nó siombailí grafacha, lógónna, pátrúin dromchla, clóaghaidheanna clóghrafaíochta, agus comhéadain ghrafacha úsáideora ;

(5) ciallaíonn ‘táirge casta’ táirge atá comhdhéanta de chomhpháirteanna éagsúla is féidir a ionadú, rud a fhágann gur féidir an táirge a dhíchóimeáil agus a athchóimeáil.

CAIBIDIL 2

DLÍTHE SUBSTAINTEACHA MAIDIR LE DEARAÍ

Airteagal 3

Ceanglais maidir le cosaint

1.Ní déanfaidh na Ballstáit dearaí a chosaint ach amháin trí chlárú na ndearaí, agus bronnfaidh siad cearta eisiacha ar shealbhóirí na ndearaí sin i gcomhréir le forálacha na Treorach seo.

2.Déanfar dearadh a chosaint le ceart dearaidh má tá sé nua agus má tá gné shainiúil aige.

3.Maidir le dearadh a chuirtear i bhfeidhm ar tháirge nó a ionchorpraítear i dtáirge atá ina chomhpháirt de tháirge casta, ní mheasfar an dearadh sin a bheith nua agus gné shainiúil a bheith ag baint leis ach amháin:

(a)i gcás ina bhfuil an chomhpháirt, a luaithe a bheidh sí ionchorpraithe sa táirge casta, fós le feiceáil le linn ghnáthúsáid an táirge chasta; agus

(b)a mhéid a chomhlíonann gnéithe infheicthe na comhpháirte iontu féin na ceanglais ó thaobh úrnuachta agus gné shainiúil de.

4.De réir bhrí mhír (3), pointe (a), ciallóidh ‘gnáthúsáid’ an úsáid a bhaineann an túsáideoir deiridh as earra, gan cothabháil, seirbhísiú nó obair dheisiúcháin a áireamh.

Airteagal 4

Úrnuacht

Measfar dearadh a bheith nua mura bhfuil dearadh comhionann curtha ar fáil don phobal roimh dháta comhdaithe an iarratais ar chlárú nó, má tá tosaíocht á héileamh, roimh an dáta tosaíochta. Measfar dearaí a bheith comhionann le chéile más rud é nach bhfuil de dhifríocht ina ngnéithe ach sonraí neamhábhartha.

Airteagal 5

Gné shainiúil

1.Measfar gné shainiúil a bheith ag dearadh i gcás ina bhfuil an bhraistint a mhúsclaíonn sé san úsáideoir eolgaiseach éagsúil leis an mbraistint a mhúsclaítear in úsáideoir den sórt sin le haon dearadh a cuireadh ar fáil don phobal roimh dháta comhdaithe an iarratais ar chlárú nó, má tá tosaíocht á héileamh, roimh an dáta tosaíochta.

2.Agus measúnú á dhéanamh ar ghné shainiúil, cuirfear san áireamh méid na saoirse a bhí ag an dearthóir le linn dó an dearadh a fhorbairt.

Airteagal 6

Nochtadh

1.Chun críoch chur i bhfeidhm Airteagal 4 agus Airteagal 5, measfar dearadh a bheith curtha ar fáil don phobal más rud é gur foilsíodh é tar éis é a chlárú nó ar shlí eile, nó más rud é go ndearnadh an dearadh a thaispeáint, a úsáid sa trádáil nó a nochtadh ar shlí eile, ach amháin i gcás nach bhféadfadh lucht speisialtóireachta na hearnála lena mbaineann, atá ag oibriú laistigh den Aontas , teacht le réasún chun bheith ar an eolas faoi na himeachtaí sin i ngnáthchúrsa gnó roimh dháta comhdaithe an iarratais ar chlárú nó, má tá tosaíocht á héileamh, roimh an dáta tosaíochta. Mar sin féin, ní mheasfar an dearadh a bheith curtha ar fáil don phobal ar an aon chúis gur nochtadh é do thríú duine faoi choinníollacha rúndachta sainráite nó intuigthe.

2.Ní thabharfar aird ar nochtadh chun Airteagal 4 agus Airteagal 5 a chur i bhfeidhm más rud é go bhfuil an dearadh a nochtadh, agus arb ionann é, nó nach bhfuil an bhraistint fhoriomlán a mhusclaítear leis éagsúil leis an dearadh, a bhfuil cosaint á héileamh ina leith faoi cheart dearaidh chláraithe de chuid Ballstáit, curtha ar fáil don phobal ar na coinníollacha seo a leanas:

(a)ag an dearthóir, ag a chomharba i dteideal, nó ag tríú duine mar thoradh ar fhaisnéis atá curtha ar fáil nó ar ghníomh a rinne an dearthóir nó a chomharba i dteideal; agus

(b)le linn tréimhse 12 mhí roimh dháta comhdaithe an iarratais nó, má tá tosaíocht á héileamh, roimh an dáta tosaíochta.

3.Beidh feidhm ag mír 2 freisin más rud é gur cuireadh an dearadh ar fáil don phobal mar iarmhairt ar mhíúsáid i ndáil leis an dearthóir nó lena chomharba i dteideal.

Airteagal 7

Dearaí a dhéantar de réir riachtanais na feidhme teicniúla atá leo, agus dearaí idirnasc

1.Ní bheidh feidhm ag ceart dearaidh maidir leis na gnéithe sin de chuma táirge nach bhfuil ach de réir na feidhme teicniúla atá leis an táirge.

2.Ní bheidh feidhm ag ceart dearaidh maidir leis na gnéithe sin de chuma táirge nach mór iad a atáirgeadh san fhoirm cheannann chéanna agus de réir na dtoisí ceannann céanna ionas go bhféadfaí an táirge ina bhfuil nó ar a bhfuil an dearadh curtha a bheith nasctha go meicniúil le táirge eile, curtha i dtáirge eile, curtha timpeall táirge eile nó curtha in aice le táirge eile chun go mbeidh ceachtar den dá tháirge sin in ann an fheidhm atá leis a chomhlíonadh.

3.D’ainneoin mhír 2 agus faoi na coinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 4 agus Airteagal 5, beidh feidhm ag ceart dearaidh maidir le dearadh lenar féidir táirgí idirmhalartaithe a chur le chéile nó a cheangal ar bhealaí éagsúla laistigh de chóras modúlach.

Airteagal 8

Dearaí atá in aghaidh an bheartais phoiblí nó na moráltachta poiblí

Ní bheidh feidhm ag ceart dearaidh maidir le dearadh atá ar neamhréir leis an mbeartas poiblí nó le prionsabail na moráltachta a bhfuil glacadh leo go forleathan.

Airteagal 9

Raon feidhme na cosanta

1.Cumhdófar le raon feidhme na cosanta a thugtar le ceart dearaidh aon dearadh nach músclaíonn braistint fhoriomlán éagsúil san úsáideoir eolgaiseach.

2.Nuair a bheidh raon feidhme na cosanta á mheas, tabharfar san áireamh an tsaoirse a bhí ag an dearthóir agus an táirge á dhearadh aige.

Airteagal 10

Tosach feidhme agus téarma na cosanta

1. Maidir le cosaint a thugtar le ceart dearaidh chláraithe do dhearadh a chomhlíonann ceanglais Airteagal 3(2), tiocfaidh ann di nuair a dhéanann an oifig an clárú.

2. Dearadh cláraithe, beidh sé cláraithe ar feadh tréimhse is faide ná 5 bliana arna ríomh ó dháta comhdaithe an iarratais ar chlárú. Féadfaidh an sealbhóir cirt an téarma cosanta a athnuachan le haghaidh tréimhse amháin, nó níos mó tréimhsí5 bliana go dtí téarma iomlán suas le 25 bliana ó dháta comhdaithe an iarratais ar chlárú.

Airteagal 11

An ceart chun an dearaidh chláraithe

1.An ceart chun an dearaidh chláraithe, is i dteideal an dearthóra a bheidh an ceart sin dílsithe, nó a chomharba i dteideal.

2.I gcás ina ndearna beirt, nó níos mó ná beirt daoine, an dearadh a fhorbairt go comhpháirteach, is iontu go comhpháirteach a bheidh an ceart chun an dearaidh chláraithe dílsithe.

3.Mar sin féin, sa chás gur fostaí a dhéanann an dearadh a fhorbairt le linn dó a bheith i mbun a dhualgas, nó ag leanúint treorach dó a fuair sé ón bhfostóir, is san fhostóir a bheidh an ceart chun an dearaidh chláraithe dílsithe, ach amháin má chomhaontaítear a mhalairt nó má shonraítear a mhalairt faoin dlí náisiúnta.

Airteagal 12

Toimhde i bhfabhar shealbhóir cláraithe an dearaidh

An duine arbh ina ainm atá an ceart dearaidh chláraithe, nó roimh chlárú, an duine arbh ina ainm a comhdaíodh an t‑iarratas, is eisean a mheasfar a bheith mar an duine atá i dteideal gníomhú in aon imeachtaí os comhair na hoifige sa chríoch dá n‑éilítear a cosaint agus in aon imeachtaí eile.

Airteagal 13

Forais le neamh‑inchláraitheacht

1.    Diúltófar dearadh a chlárú más rud é:

(a)nach dearadh é an dearadh de réir bhrí Airteagal 2, pointe (3);

(b)nach gcomhlíonann an dearadh ceanglais Airteagal 8 .

Airteagal 14

Forais neamhbhailíochta

1.    I gcás inar cláraíodh an dearadh, dearbhófar an dearadh a bheith neamhbhailí sna cásanna seo a leanas:

(a)    i gcás nach dearadh é de réir bhrí Airteagal 2, pointe (3);

(b)    i gcás nach gcomhlíonann sé na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 3 go 8;

(c)más rud é, de bhua cinneadh ón gcúirt inniúil nó ón údarás inniúil, nach bhfuil sealbhóir an chirt dearaidh i dteideal an chirt sin faoi dhlí an Bhallstáit lena mbaineann; 

(d)i gcás ina bhfuil an dearadh ag teacht salach ar dhearadh a bhí ann cheana agus a cuireadh ar fáil don phobal , agus i gcás ina bhfuil an dearadh sin cosanta ó dháta roimh dháta comhdaithe an iarratais, nó i gcás ina néilítear tosaíocht, dáta tosaíochta an dearaidh:

(i) ag dearadh cláraithe de chuid an Aontais nó ag iarratas ar dhearadh cláraithe de chuid an Aontais faoi réir a chláraithe;

(ii) ag ceart dearaidh chláraithe de chuid an Bhallstáit lena mbaineann, nó ag iarratas ar cheart den sórt sin faoi réir a chláraithe;

(iii) ag ceart dearaidh arna chlárú faoi shocruithe idirnáisiúnta a bhfuil éifeacht acu sa Bhallstát lena mbaineann, nó ag iarratas ar cheart den sórt sin faoi réir a chláraithe;

   

(e)i gcás ina n‑úsáidtear sainchomhartha i ndearadh ina dhiaidh sin, agus go dtugtar ceart don sealbhóir cirt, faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí an Bhallstáit lena mbaineann a rialaíonn an comhartha sin, úsáid den chineál sin a thoirmeasc;

(f)i gcás inarb ionann an dearadh agus úsáid neamhúdaraithe saothair atá cosanta faoi dhlí cóipchirt an Bhallstáit lena mbaineann;

(g)i gcás inarb ionann an dearadh agus úsáid mhíchuí aon cheann de na hearraí a liostaítear in Airteagal 6ter de Choinbhinsiún Pháras chun Maoin Tionscail a Chosaint nó úsáid mhíchuí suaitheantas, feathal nó sciath, seachas iad sin a chumhdaítear faoi Airteagal 6ter den Choinbhinsiún sin agus a bhfuil leas ar leith ag an bpobal iontu sa Bhallstát lena mbaineann.

2.    Maidir leis na forais naeamhbhailíochta dá bhforáiltear i mír 1(d), pointí (a) agus (b), féadfaidh na daoine nó grúpaí seo a leanas iad a agairt:

(a)    aon duine nádúrtha nó dlítheanach;

(b)    aon ghrúpa nó comhlacht a bhunaítear chun ionadaíocht a dhéanamh ar leasanna monaróirí, táirgeoirí, soláthraithe seirbhísí, trádálaithe nó tomhaltóirí, más rud é go bhfuil an grúpa nó an comhlacht sin in ann agairt a dhéanamh nó go bhfuil sé inagartha ina ainm féin faoi théarmaí an dlí lena rialaítear é.

3.    An foras neamhbhailíochta dá bhforáiltear i mír 1, pointe (c), ní fhéadfaidh ach an duine atá i dteideal an chirt dearaidh faoi dhlí an Bhallstáit lena mbaineann an foras sin a agairt.

4.    Ní fhéadfaidh ach na daoine seo a leanas na forais neamhbhailíochta dá bhforáiltear i mír 1, pointí (d),(e) agus (f), a agairt :

(a)    an tiarratasóir ar an gceart contrártha nó an sealbhóir ar an gceart contrártha;

(b)    na daoine atá i dteideal na cearta atá i gceist a fheidhmiú faoi reachtaíocht an Aontais nó faoi dhlí an Bhallstáit lena mbaineann;

(c)    ceadúnaí a bheidh údaraithe ag dílseánach trádmhairc nó ag sealbhóir ar cheart dearaidh.

5.    An foras neamhbhailíochta dá bhforáiltear i mír 1, pointe (g),, ní fhéadfaidh ach an duine nó an teintiteas lena mbaineann an mhíúsáid é a agairt.

   

   

   

6.    Ní fhéadfar a dhearbhú go bhfuil ceart dearaidh neamhbhailí más rud é, maidir leis an iarratasóir nó an sealbhóir ar cheart dá dtagraítear i mír 1, pointí (d) go (g), go dtoilíonn sé go sainráite le clárú an dearaidh sula gcuirtear isteach an tiarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta nó sula gcuirtear isteach an frithéileamh.

7.    Féadfar a dhearbhú go bhfuil ceart dearaidh neamhbhailí fiú agus é imithe i léig nó tugtha suas.

Airteagal 15

Cuspóir na cosanta

Tabharfar cosaint do na gnéithe sin den chuma atá ar dhearadh cláraithe a léirítear go feiceálach san iarratas ar chlárú.

Airteagal 16

Na cearta a thugtar leis an gceart dearaidh

1.    Bronnfaidh clárú dearaidh ar a úinéir an ceart eisiach chun é a úsáid agus chun cosc a chur ar aon tríú páirtí nach bhfuil toiliú an úinéara aige é a úsáid.

2.    Féadfar na nithe seo a leanas , go háirithe, a thoirmeasc faoi mhír 1:

(a) táirge a dhéanamh, a thairiscint, a chur ar an margadh nó a úsáid, ar táirge é ina n‑ionchorpraítear an dearadh nó ar a gcuirtear i bhfeidhm an dearadh;

(b) táirge dá dtagraítear i bpointe (a) a allmhairiú nó a onnmhairiú;

(c) stocáil táirge dá dtagraítear i bpointe (a) chun na gcríoch a luaitear i bpointí (a) agus (b);

(d) aon mheán ina bhfuil an dearadh nó aon bhogearraí ina bhfuil taifead den dearadh a chruthú, a uaslódáil, a chóipeáil nó a roinnt ar dhaoine eile chun a chumasú go ndéanfaí táirge dá dtagraítear i bpointe (a).

   

3. De mhaolú ar Airteagal 9(1), beidh sealbhóir cirt dearaidh chláraithe i dteideal cosc a chur ar gach tríú páirtí táirgí a thabhairt ó thríú tíortha, le linn trádála, isteach sa Bhallstát ina bhfuil an dearadh cláraithe, ar táirgí iad nach scaoiltear i saorchúrsaíocht sa Bhallstát sin, i gcás ina bhfuil an dearadh ionchorpraithe ar bhealach comhionann sna táirgí sin nó curtha i bhfeidhm ar bhealach comhionann orthu, nó i gcas nach féidir an dearadh a idirdhealú ina bhunghnéithe ó tháirgí den sórt sin, agus nach bhfuiltear tar éis údarú a thabhairt.

Rachaidh an ceart dá dtagraítear sa chéad fhomhír in éag más rud é, le linn na n‑imeachtaí chun a chinneadh ar sáraíodh an ceart dearaidh chláraithe nó nár sáraíodh, arna dtionscnamh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 608/2013, go gcuireann dearbhóir nó sealbhóir na dtáirgí fianaise ar fáil lena léirítear nach bhfuil sealbhóir an chirt dearaidh chláraithe i dteideal toirmeasc a chur ar na táirgí sin a chur ar an margadh i dtír an chinn scríbe.

Airteagal 17

Toimhde bailíochta

1.    Le linn imeachtaí um shárú toimhdeofar, i bhfabhar shealbhóir an chirt dearaidh chláraithe, go bhfuil na ceanglais a leagtar síos maidir le bailíocht dhlíthiúil cirt dearaidh chláraithe, agus dá dtagraítear in Airteagail 3 go 8, á gcomhlíonadh. 

2.    Beidh an toimhde bailíochta dá dtagraítear i mír 1 infhrisnéise trí aon mhodh nós imeachta atá ar fáil i ndlínse an Bhallstáit lena mbaineann, lena náirítear frithéilimh.

Airteagal 18

Teorainn a chur leis na cearta a thugtar leis an gceart dearaidh

1.    Ní dhéanfar na cearta a thugtar leis an gceart dearaidh tar éis é a chlárú a fheidhmiú i leith an mhéid seo a leanas:

(a) gníomhartha a dhéantar go príobháideach agus chun críoch neamhthráchtála;

(b) gníomhartha arna ndéanamh chun críoch turgnaimh;

(c) bearta atáirgthe chun sleachta as an saothar a lua nó chun teagasc a dhéanamh; 

(d) gníomhartha a dhéantar chun táirge a shainaithint nó chun tagairt a dhéanamh do tháirge mar tháirge de chuid shealbhóir an chirt dearaidh;

(e) gníomhartha a dhéantar chun críoch tráchtaireachta, critice nó scigaithrise;

   

(f)trealamh ar longa agus ar aerárthaí atá cláraithe i dtír eile nuair a théann siad isteach go sealadach i gcríoch an Bhallstáit lena mbaineann;

(g) páirteanna spártha agus gabhálais a allmhairiú sa Bhallstát lena mbaineann chun árthach den chineál sin a dheisiú;

(h) deisiúcháin a dhéantar ar árthaí den chineál sin.

2.    Ní bheidh feidhm ag mír 1, pointí (c), (d) agus (e) ach amháin i gcás ina bhfuil na gníomhartha comhoiriúnach le cleachtais chóirthrádála agus nach ndeanann siad dochar míchuí do ghnáthshaothrú an dearaidh, agus i gcás phointe (c), i gcás ina luaitear foinse an táirge ina nionchorpraítear an dearadh nó a gcuirtear an dearadh i bhfeidhm air.

Airteagal 19

Clásal deisiúcháin

1.    Ní bhronnfar cosaint ar dhearadh cláraithe atá ina chomhpháirt de tháirge casta, a bhfuil an chuma atá ar an táirge casta ag brath ar dhearadh na comhpháirte, agus a úsáidtear de réir bhrí Airteagal 16(1) chun an táirge a dheisiú chun an chuma a bhí ar an táirge i dtosach a athbhunú, agus chun na críche sin amháin.

2.    Maidir le monaróir nó díoltóir comhpháirte de tháirge casta nár chuir tomhaltóirí ar an eolas go cuí, trí thásc soiléir agus infheicthe ar an táirge nó trí fhoirm iomchuí eile, faoi thionscnamh an táirge atá le húsáid chun an táirge casta a dheisiú, ionas gur féidir leo rogha eolgaiseach a dhéanamh idir táirgí iomaíocha ar féidir iad a úsáid le haghaidh an deisiúcháin, ní féidir leo mír 1 a agairt.

3.    Más rud é, tráth glactha na Treorach seo, go bhforáiltear le dlí náisiúnta Ballstáit maidir le cosaint le haghaidh dearaí de réir bhrí mhír 1, leanfaidh an Ballstát, de mhaolú ar mhír 1, go dtí [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach an dáta = deich mbliana ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo] de chosaint a thabhairt do dhearaí ar ina leith a rinneadh iarratas ar chlárú roimh theacht i bhfeidhm na Treorach seo.

Airteagal 20

Ídiú na gceart

Na gníomhartha a bhaineann le táirge ina bhfuil nó ar a bhfuil dearadh curtha, agus an dearadh sin cumhdaithe le raon feidhme cosanta an chirt dearaidh, ní bheidh na gníomhartha sin san áireamh sna cearta a thugtar le ceart dearaidh tar éis é a chlárú, nuair atá an táirge sin curtha ar an margadh san Aontas ag sealbhóir an chirt dearaidh nó le toiliú uaidh.

Airteagal 21

Na cearta réamhúsáide i leith ceart dearaidh chláraithe

1.    Aon tríú páirtí ar féidir leis a chruthú gur chuir sé tús, de mheon macánta, le húsáid laistigh den Bhallstát lena mbaineann roimh dháta comhdaithe an iarratais, nó roimh dháta na tosaíochta, má éilítear tosaíocht, nó go ndearna sé ullmhúcháin dháiríre agus éifeachtacha chuige sin, beidh ceart réamhúsáide ag an tríú páirtí sin chun dearaidh atá faoi raon feidhme cosanta cirt dearaidh chláraithe, nach cóip é den dearadh cláraithe sin.

2.    An ceart réamhúsáide, is ceart é a fhágfaidh go mbeidh an tríú duine i dteideal an dearadh a úsáid chun na críche a bhí i gceist leis, nó chun na críche a ndearnadh ullmhúcháin dháiríre agus éifeachtacha ina leith, roimh dháta cláraithe an chirt dearaidh chláraithe nó roimh dháta tosaíochta an chirt dearaidh chláraithe.

Airteagal 22

Gaol le cineálacha eile cosanta

Beidh forálacha na Treorach seo gan dochar d’aon fhorálacha de dhlí de chuid an Aontais nó de dhlí an Bhallstáit lena mbaineann a bhfuil baint acu le cearta dearaidh neamhchláraithe, le trádmharcanna nó sainchomharthaí eile, le paitinní agus samhlacha fóntais, le cló‑aghaidheanna, le dliteanas sibhialta nó le hiomaíocht éagórach.

Airteagal 23

Gaol le cóipcheart

Aon dearadh atá faoi chosaint ag ceart dearaidh atá cláraithe i mBallstát nó i ndáil le Ballstát i gcomhréir leis an Treoir seo, beidh an dearadh sin i dteideal cosaint trí chóipcheart amhail ón dáta a cruthaíodh nó a socraíodh an dearadh in aon fhoirm ar choinníoll go gcomhlíontar ceanglais an Aontais maidir leis an dlí cóipchirt.

Airteagal 24

Siombal clárúcháin

Féadfaidh an sealbhóir cirt dearaidh an pobal a chur ar an eolas faoi dhearadh a bheith cláraithe tríd an litir D iniata laistigh de chiorcal a léiriú ar an táirge ina bhfuil an dearadh ionchorpraithe nó a bhfuil an dearadh curtha i bhfeidhm air. Féadfaidh uimhir chláraithe an dearaidh nó hipearnasc chuig iontráil an dearaidh sa chlár a bheith ag gabháil leis an bhfógra dearaidh sin.

CAIBIDIL 3

NÓSANNA IMEACHTA

Airteagal 25

Ceanglais maidir le hiarratas a dhéanamh

1.Beidh ar áireamh in iarratas ar dhearadh cláraithe gach ceann de na nithe seo a leanas ar a laghad:

(a)iarraidh ar chlárú;

(b)faisnéis lena ndéantar an tiarratasóir a shainaithint;

(c)léiriú den dearadh atá oiriúnach d’atáirgeadh, trínar féidir mionsonraí uile an ábhair a bhfuil cosaint ina leith á lorg a idirdhealú go soiléir agus trínar féidir é a fhoilsiú;

(d)tásc na dtáirgí a bhfuil sé beartaithe an dearadh a ionchorprú iontu nó a chur i bhfeidhm orthu.

2.Beidh an tiarratas ar chlárú dearaidh faoi réir táille a íoc a chinnfidh an Ballstát lena mbaineann.

3.Ní dhéanfaidh tásc na dtáirgí dá dtagraítear i mír 1, pointe (d), difear do raon feidhme cosanta an dearaidh. Beidh feidhm aige sin freisin maidir le tuairisc lena mínítear léiriú an dearaidh i gcás ina ndéanann Ballstát foráil maidir le tuairisc den sórt sin.

Airteagal 26

Léiriú an dearaidh

1. Maidir le léiriú an dearaidh, dá dtagraítear in Airteagal 25(1), pointe (c), beidh sé soiléir, cruinn, comhsheasmhach agus de cháilíocht lena bhféadfar mionsonraí uile an ábhair a bhfuil cosaint ina leith á lorg a idirdhealú go soiléir agus lena bhféadfar é a fhoilsiú.

2. Beidh ann aon fhoirm amharc-mhacasamhlaithe den dearadh, agus é dubh agus ban nó daite. Féadfaidh an macasamhlú a bheith statach, dinimiciúil nó beoite agus déanfar é trí aon mhodh iomchuí, agus úsáid á baint as teicneolaíocht atá ar fáil go coitianta, lena n‑áirítear líníochtaí, grianghraif, físeáin, nó ríomh‑íomháú/ríomh‑shamhaltú.

3. Léireofar leis an macasamhlú, in amharc amháin nó níos mó, gnéithe uile an dearaidh ar ina leith a bhfuil cosaint á lorg. Ina theannta sin, féadfar cineálacha eile amhairc a sholáthar chun mionsonrú breise a dhéanamh ar ghnéithe sonracha den dearadh, agus go háirithe:

(a)amhairc fhormhéadaithe ina léirítear cuid den táirge ar leithligh ar scála méadaithe;

(b)trasamhairc ina léirítear cuid scoite den táirge;

(c)scar-amhairc ina léirítear na codanna díchóimeáilte de tháirge ar leithligh óna chéile in amharc amháin; nó

(d)páirtamhairc ina léirítear codanna de tháirge ar leithligh óna chéile in amhairc éagsúla.

4. I gcás ina bhfuil macasamhluithe éagsúla den dearadh sa léiriú nó ina bhfuil níos mó ná amharc amháin san áireamh ann, beidh siad sin comhsheasmhach lena chéile agus cinnfear ábhar an chláraithe bunaithe ar ghnéithe amhairc uile na n‑amharc nó na macasamhluithe trí chéile.

5. Léireofar an dearadh leis féin, agus aon ábhar eile á eisiamh. Ní thaispeánfar air aon téacs míniúcháin, foclaíocht mhíniúcháin nó siombailí míniúcháin.

6. Maidir le hábhar nach bhfuil cosaint á lorg ina leith, léireofar é trí shéantaí amhairc, i bhfoirm línte poncanna nó briste más féidir. Munar féidir é sin a dhéanamh ar chúiseanna teicniúla nó mar gheall ar an gcineál dearaidh lena mbaineann, féadfar séantaí amhairc eile a úsáid, amhail scáthú, teorainneacha nó geamhú. Bainfear úsáid chomhsheasmhach as séantaí amhairc den sórt sin.

7. I gcás ina mbeidh tuairisc ar an dearadh ag gabháil leis an léiriú, ní bheidh d’éifeacht leis an tuairisc sin ná le haon séanadh ó bhéal ar áireamh inti raon cosanta an dearaidh arna mhacasamhlú sa léiriú a theorannú nó a leathnú.

8. Comhoibreoidh lároifigí maoine tionsclaíche na mBallstát agus Oifig Benelux um Maoin Intleachtúil le chéile agus le hOifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh chun caighdeáin chomhchoiteanna a bhunú a bheidh le cur i bhfeidhm maidir leis na ceanglais agus na modhanna léirithe dearaí, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na cineálacha agus an líon amharc a bheidh le húsáid, na cineálacha séantaí amhairc a bheidh inghlactha, chomh maith le sonraíochtaí teicniúla na modhanna a úsáidtear chun dearaí a atáirgeadh, a stóráil agus a chomhdú, amhail formáidí agus méid na gcomhad leictreonach ábhartha.

Airteagal 27

Il-iarratais

Is féidir roinnt dearaí a chur le chéile in aon il-iarratas amháin ar dhearaí cláraithe. Ní bheidh an fhéidearthacht sin faoi réir an choinníll go bhfuil baint ag na táirgí a bhfuil sé beartaithe an dearadh a ionchorprú iontu nó a chur i bhfeidhm orthu leis an aicme chéanna den Aicmiú Idirnáisiúnta i gcomhair Dearaí Tionscail.

Airteagal 28

Dáta comhdaithe

1.    Is é dáta comhdaithe an iarratais dearaidh an dáta a dhéanfaidh an tiarratasóir na doiciméid ina bhfuil an fhaisnéis a shonraítear in Airteagal 25(1), pointí (a) go (c), a chomhdú leis an oifig.

2.    Féadfaidh na Ballstáit, ina theannta sin, a fhoráil go mbeidh an dáta comhdaithe faoi réir íoc na táille dá dtagraítear in Airteagal 25(2).

Airteagal 29

Raon feidhme an scrúdaithe shubstaintigh

Cuirfidh na hoifigí teorainn lena scrúdú i dtaobh an bhfuil iarratas ar dhearadh incháilithe do chlárú in éagmais na bhforas substainteach atá le neamh‑inchláraitheacht dá dtagraítear in Airteagal 13.

Airteagal 30

An dáta foilsithe a chur siar

1. Agus an t‑iarratas á chomhdú aige, féadfaidh an t‑iarratasóir ar dhearadh cláraithe a iarraidh go ndéanfar dáta foilsithe an dearaidh chláraithe a chur siar ar feadh tréimhse 30 mí ó dháta comhdaithe an iarratais nó, má tá tosaíocht á héileamh, ón dáta tosaíochta.

2. Agus an dearadh á chlárú, ní bheidh léiriú an dearaidh ná aon chomhad a bhaineann leis an iarratas ar oscailt lena iniúchadh ag an bpobal faoi réir fhorálacha an dlí náisiúnta lena gcoimircítear leasanna dlisteanacha tríú páirtithe.

3. Foilseofar tagairt maidir le hiarchur fhoilsiú an dearaidh chláraithe.

4. Ar dhul in éag na tréimhse iarchurtha, nó ar aon dáta is túisce arna iarraidh sin don sealbhóir cirt, déanfaidh an oifig na hiontrálacha uile ina chlár agus an comhad a bhaineann leis an iarratas a oscailt lena n‑iniúchadh ag an bpobal agus foilseoidh sí an dearadh cláraithe.

Airteagal 31

Nós imeachta maidir le dearbhú neamhbhailíochta

1. Gan dochar do cheart na bpáirtithe achomharc a dhéanamh os comhair na gcúirteanna, déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le nós imeachta riaracháin éifeachtúil agus tapa os comhair a n‑oifigí maidir le ceart dearaidh chláraithe a dhearbhú a bheith neamhbhailí.

2. Déanfar foráil sa nós imeachta riaracháin maidir le neamhbhailíocht go ndéanfar an ceart dearaidh a dhearbhú a bheith neamhbhailí ar na forais seo a leanas ar a laghad:

(a) níor cheart an dearadh a bheith cláraithe toisc nach gcomhlíonann sé an sainmhíniú a leagtar síos in Airteagal 2, pointe (3), ná na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 3 go 8;

(b) níor cheart an dearadh a bheith cláraithe toisc gur ann do réamh‑dhearadh de réir bhrí Airteagal 14(1), pointe (d).

3. Déanfar foráil leis an nós imeachta riaracháin go mbeidh na daoine seo a leanas ar a laghad i dteideal iarratas a chomhdú ar dhearbhú neamhbhailíochta:

(a) i gcás mhír 2, pointe (a), na daoine, na grúpaí nó na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 14(2);

(b) i gcás mhír 2, pointe (g), an duine dá dtagraítear in Airteagal 14(3).

Airteagal 32

Athnuachan

1. Déanfar athnuachan ar chlárú dearaidh arna iarraidh sin do shealbhóir an chirt dearaidh nó d’aon duine arna údarú chuige sin le dlí nó le conradh, ar choinníoll gur íocadh na táillí athnuachana. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go measfar gurb ionann íocaíocht na dtáillí athnuachana agus iarraidh den sórt sin.

2. Cuirfidh an oifig sealbhóir an chirt dearaidh ar an eolas faoi dhul in éag an chláraithe ar a laghad sé mhí roimh an dul in éag sin. Ní chuirfear an oifig faoi dhliteanas mura dtugann sí faisnéis den sórt sin agus ní dhéanfaidh sé sin difear do dhul in éag an chláraithe.

3. Cuirfear isteach an iarraidh ar athnuachan agus íocfar na táillí athnuachana ar a laghad 6 mhí roimh dhul in éag an chláraithe. Mura ndéantar sin, féadfar an iarraidh a chur isteach laistigh de thréimhse bhreise sé mhí díreach tar éis don chlárú nó don athnuachan ar chlárú dul in éag. Íocfar na táillí athnuachana agus táille bhreise laistigh den tréimhse bhreise sin.

4. I gcás ilchlárúcháin, más rud é nach leordhóthanach na táillí athnuachana a íocadh chun na dearaí uile a n‑iarrtar athnuachan ina leith a chumhdach, déanfar an clárú a athnuachan más léir cé na dearaí a bheartaítear a chumhdach leis an méid a íocadh.

5. Beidh éifeacht ag athnuachan ón lá tar éis dháta dhul in éag an chláraithe atá ann cheana. Déanfar an athnuachan a thaifeadadh sa chlár.

Airteagal 33

Cumarsáid leis an oifig

Ainmneoidh páirtithe sna himeachtaí nó, i gcás inarb iomchuí, a n‑ionadaithe, seoladh oifigiúil i gcomhair gach cumarsáide oifigiúla leis an oifig. Beidh sé de cheart ag na Ballstáit a cheangal go mbeidh seoladh oifigiúil den sórt sin suite sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch.

CAIBIDIL 4

COMHAR RIARACHÁIN

Airteagal 34

Comhar i réimse an chlárúcháin, an riaracháin agus na neamhbhailíochta dearaí

Beidh saoirse ag na hoifigí comhoibriú go héifeachtach le chéile agus le hOifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh chun cóineasú cleachtas agus uirlisí a chur chun cinn maidir le dearaí a scrúdú, a chlárú agus a neamhbhailíochtú.

Airteagal 35

Comhar i réimsí eile

Beidh saoirse ag na hoifigí oibriú go héifeachtach i gcomhar le chéile agus le hOifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh i ngach réimse eile dá ngníomhaíochtaí seachas na réimsí dá dtagraítear in Airteagal 34 a bhaineann le cosaint dearaí san Aontas.

CAIBIDIL 5

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 36

Trasuí

1.    Tabharfaidh na Ballstáit i bhfeidhm na dlíthe, na rialacháin nó na forálacha riaracháin is gá chun Airteagail 2 agus 3, Airteagail 6, 10 go 19, 21, 23 go 33 a chomhlíonadh faoin …[[Oifig na bhFoilseachán cuir isteach an dáta = 24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo] ar a dhéanaí. . Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin , beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Áireofar iontu freisin ráiteas go ndéanfar tagairtí don Treoir a aisghairtear leis an Treoir seo i bhforálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin atá ann cheana a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh agus conas a dhéanfar an ráiteas sin a leagan amach.

2.    Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo.

Airteagal 37

Aisghairm

Aisghairtear Treoir 98/71/CE le héifeacht ón … [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach an dáta = an lá tar éis an dáta sa chéad fhomhír d’Airteagal 36(1)], gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát a bhaineann leis an teorainn ama chun an Treoir a leagtar amach in Iarscríbhinn I a thrasuí sa dlí náisiúnta.

Déanfar tagairtí don a Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn II.

Airteagal 38

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

Beidh feidhm ag Airteagail 4 agus 5, Airteagail 7 go 9, Airteagail 20 agus 22 ó …[Oifig na bhFoilseachán cuir isteach an dáta = an lá tar éis an dáta sa chéad fhomhír d’Airteagal [38](1)].

Airteagal 39

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 98/71/CE maidir le cosaint dhlíthiúil dearaí, COM (2004) 582 (final).
(2)    Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Nollaig 2007 maidir leis an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 98/71/CE maidir le cosaint dhlíthiúil dearaí (COM (2004)0582-C6-0119/2004-2004/0203(COD)).
(3)    Teachtaireacht ón gCoimisiún: Rialáil níos fearr ar mhaithe le torthaí níos fearr - clár oibre de chuid an Aontais, COM(2015)215, an Coimisiún Eorpach, 19 Bealtaine 2015, lch. 4.
(4)    Doiciméad 2020/C 379 I/01 ón gComhairle.
(5)    SWD(2020) 264 final.
(6)    COM(2020) 760 final.
(7)    Doiciméad 2021/C 247/02 ón gComhairle.
(8)    Tuarascáil maidir le plean gníomhaíochta um maoin intleachtúil chun tacú le téarnamh agus athléimneacht an Aontais, arna ghlacadh ag an gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla an 30 Meán Fómhair 2021 (A9-0284/2021), mír 32.
(9)    SWD(2020) 264 final.
(10)     https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/initiatives/ares-2018-3527248/public-consultation_en
(11)     https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say/initiatives/12609-Intellectual-property-review-of-EU-rules-on-industrial-design-Design-Directive-/public-consultation_en
(12)     https://ec.europa.eu/growth/content/economic-review-industrial-design-europe-0_en
(13)     https://ec.europa.eu/growth/content/legal-review-industrial-design-protection-europe-0_en
(14)    Herz, B., & Mejer, M. (2020). The effect of design protection on price and price dispersion: Evidence from automotive spare parts .
(15)    Nikolic, Z. (Meán Fómhair, 2021). Market structure of motor vehicle visible spare parts in the EU. Staidéar arna choimisiúnú do Wolk After Sales Experts GmbH. Le fáil ag https://op.europa.eu/s/sMA8
(16)    Cuir isteach nasc leis an Measúnú Tionchair agus leis an Achoimre Feidhmiúcháin
(17)     Clár Oibre an Choimisiúin 2022 – príomhdhoiciméid | An Coimisiún Eorpach (europa.eu)
(18)    Níl aon Bhallstát ann, áfach, a dhéanann foráil maidir le cosaint den sórt sin i bhfoirm neamhchláraithe.
(19)    Breithiúnas i gCásanna Uamtha C-24/16 agus C-25/16, Nintendo, ECLI:EU:C:2017:724.
(20)    Breithiúnas i gCásanna Uamtha C-397/16 agus C-435/16, Acacia, ECLI:EU:C:2017:992.
(21)    IO C […], […], lch. […].
(22)    Treoir 98/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 1998 maidir le cosaint dhlíthiúil dearaí (IO L 289, 28.10.1998, lch. 28).
(23)    Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle an 12 Nollaig 2001 maidir le dearaí Comhphobail (IO L 3, 5.1.2002, lch. 1).
(24)    Teachtaireacht ón gCoimisiún: Rialáil níos fearr ar mhaithe le torthaí níos fearr - clár oibre de chuid an Aontais, COM(2015)215 final.
(25)    Conclúidí ón gComhairle maidir leis an mbeartas maoine intleachtúla agus leis an athbhreithniú ar an gcóras dearthaí tionsclaíocha san Aontas 2020/C 379 I/01 (IO C 379I, 10.11.2020, lch. 1).
(26)    Teachtaireacht (COM/2020/760 final) ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir leis an leas is fearr is féidir a bhaint as acmhainneacht nuálaíochta an Aontais. Plean gníomhaíochta um maoin intleachtúil chun tacú le téarnamh agus athléimneacht an Aontais.
(27)    Tuarascáil ar phlean gníomhaíochta um maoin intleachtúil chun tacú le téarnamh agus athléimneacht an Aontais (2021/2007(INI)).
(28)    Rialachán (AE) Uimh. 608/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir leis an bhforghníomhú a dhéanann údaráis chustaim ar chearta maoine intleachtúla agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1383/2003 ón gComhairle (IO L 181, 29.6.2013, lch. 15).
(29)    Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
Top

An Bhruiséil,28.11.2022

COM(2022) 667 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann leis an Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN hCOMHAIRLE

maidir le cosaint dhlíthiúil dearaí (athmhúnlú)

{SEC(2022) 422 final} - {SWD(2022) 367 final} - {SWD(2022) 368 final} - {SWD(2022) 369 final}


IARSCRÍBHINN I

Teorainn ama don trasuí sa dlí náisiúnta
(dá dtagraítear in Airteagal 37)

Treoir

Teorainn ama don trasuí

98/71/CE

28 Deireadh Fómhair 2001

_____________

IARSCRÍBHINN II

Tábla Comhghaoil

Treoir 98/71/CE

An Treoir seo

Airteagal 1, an fhoclaíocht tosaigh

-

Airteagal 1, pointe (a)

Airteagal 1, pointe (b)

Airteagal 1, pointe (c)

Airteagal 2

Airteagail 3 go 10

-

Airteagal 11

-

Airteagal 12(1)

-

-

Airteagal 12(2)

-

Airteagal 13(1), pointí (a), (b) agus (c)

-

Airteagal 13(2), pointí (a), (b) agus (c)

-

Airteagal 14

Airteagal 15

-

Airteagal 16

Airteagal 17

-

Airteagal 18

Airteagal 19

-

Airteagal 20

-

-

Airteagal 2, an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 2, pointí (1) agus (2)

Airteagal 2, pointe (3)

Airteagal 2, pointe (4)

Airteagal 2, pointe (5)

Airteagal 1

Airteagail 3 go 10

Airteagail 11 agus 12

Airteagail 13 agus 14

Airteagal 15

Airteagal 16(1) agus Airteagal 16(2), pointí (a), (b) agus (c)

Airteagal 16(2), pointe (d)

Airteagal 16(3)

-

Airteagal 17

Airteagal 18(1), pointí (a), (b) agus (c)

Airteagal 18(1), pointí (d) agus (e)

Airteagal 18(1), pointí (f), (g) agus (h)

Airteagal 18(2)

-

Airteagal 20

Airteagal 21

Airteagal 22

Airteagal 23

Airteagail 24 go 35

-

Airteagal 36

Airteagal 37

Airteagal 38

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II

-

____________

Top