AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,12.10.2022
COM(2022) 531 final
2022/0327(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Vanuatú maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta a chur ar fionraí ina iomláine
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
Tá Poblacht Vanuatú liostaithe in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1806 mar cheann de na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas víosa a bheith ina seilbh acu ag trasnú teorainneacha seachtracha na mBallstát dóibh i gcás tréimhse fanachta nach faide ná 90 lá in aon tréimhse 180 lá.
Tá an díolúine ón gceanglas víosa le haghaidh náisiúnaigh Vanuatú infheidhme ó bhí an 28 Bealtaine 2015 ann, an dáta a síníodh an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Vanuatú maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (‘an Comhaontú’) agus a cuireadh tús lena chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach i gcomhréir le hAirteagal 8(1) den Chomhaontú. Tháinig an Comhaontú i bhfeidhm an 1 Aibreán 2017.
Ó bhí an 25 Bealtaine 2015 ann tá Vanuatú ag oibriú scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí lena mbaineann rioscaí ó thaobh beartais phoiblí agus slándála de do Bhallstáit an Aontais. Go háirithe, leis na scéimeanna sin is féidir le náisiúnaigh tríú tír ar gá víosa a bheith ina seilbh acu náisiúntacht tíre atá díolmhaithe ó cheanglas víosa a fháil go héasca sa chaoi gur féidir leo dul thar ar nós imeachta víosa Schengen agus cead isteach san Aontas gan víosa a fháil.
Rinne an Coimisiún measúnú ar na scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí a oibríonn Vanuatú agus tháinig sé ar an gconclúid go mbaineann riosca méadaithe do shlándáil inmheánach na mBallstát leis na scéimeanna sin. Conclúid eile ar thángthas uirthi sa mheasúnú gurbh féidir, de bharr scéimeanna saoránachta Vanuatú d’infheisteoirí, go bhféadfadh náisiúnaigh tríú tír dul timpeall nós imeachta an Aontais maidir le víosaí gearrfhanachta agus timpeall an mheasúnaithe ar na rioscaí slándála agus imirce a bhaineann leis an nós imeachta sin.
I gcomhréir le hAirteagal 8(4) den Chomhaontú, is féidir cuid de a chur ar fionraí nó é a chur ar fionraí ina iomláine ar chúiseanna a bhaineann leis na beartais phoiblí nó chun an tslándáil náisiúnta a chosaint.
I bhfianaise an mhéid thuasluaite, ghlac an Coimisiún, an 12 Eanáir 2022, togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle lena ndéanfaí cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe a chur ar fionraí go páirteach. Ghlac an Chomhairle an cinneadh an 3 Márta 2022. Ba cheart an cur ar fionraí a bheith teoranta do ghnáthphasanna arna n‑eisiúint ón 25 Bealtaine 2015 ar aghaidh, dáta a tháinig méadú suntasach ar líon na n‑iarratasóirí ar éirigh leo faoi scéimeanna saoránachta Vanuatú d’infheisteoirí.
Tar éis chur ar fionraí páirteach an Chomhaontaithe le Cinneadh (AE) 2022/366 ón gComhairle, i gcomhréir le hAirteagail 8(2)(d), Airteagal 8(3) agus Airteagal 8(6) de Rialachán (AE) 2018/1806, is é conclúid an Choimisiúin gur riosca méadaithe do shlándáil inmheánach agus do bheartais phoiblí na mBallstát é saoránacht a bheith á deonú ag Vanuatú faoina scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí agus chinn sé go raibh gá le gníomhaíocht. Ar bhonn Airteagal 8(6)(a) de Rialachán (AE) 2018/1806, glacadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/693 ón gCoimisiún maidir leis an díolúine víosa le haghaidh náisiúnaigh Vanuatú a chur ar fionraí go sealadach, a mhéid a bhaineann le daoine a bhfuil gnáthphasanna arna n‑eisiúint ag Vanuatú ón 25 Bealtaine 2015 ar aghaidh ina seilbh acu, agus is infheidhme an Rialachán Cur Chun Feidhme sin ón 4 Bealtaine 2022 go dtí an 3 Feabhra 2023.
Tar éis theacht i bhfeidhm chur ar fionraí na díolúine ón gceanglas víosa do náisiúnaigh Vanuatú an 4 Bealtaine 2022 agus i gcomhréir leis an bhfomhír dheireanach d’Airteagal 8(6)(a) de Rialachán (AE) 2018/1806, lainseáil an Coimisiún idirphlé feabhsaithe le Vanuatú chun na dálaí as ar tháinig cur ar fionraí sealadach an cheanglais víosa a leigheas.
An 12 Bealtaine 2022 reáchtáladh cruinniú tosaigh an idirphlé sin, cruinniú inar thoiligh an dá pháirtí teacht ar réiteach a mbeadh an dá pháirtí sásta leis. Mhol an Coimisiún cruinnithe teicniúla míosúla a reáchtáil chuige sin. Thoiligh Vanuatú idirghabhálaí a cheapadh agus a bheith i dteagmháil leis an gCoimisiún i dtaca leis sin, chun go leanfadh na cruinnithe dá éis sin ar aghaidh. Mar sin féin, cé gur sheol an Coimisiúin meabhrúcháin an 1 Meitheamh agus an 23 Meitheamh 2022, níor thug Vanuatú aon ainm teagmhálaí ná aon fhaisnéis don Choimisiún a leanfadh as an toiliú sin.
I Meán Fómhair 2022, fuair seirbhísí an Choimisiúin nuashonrú ó ionadaithe Vanuatú i leith stádas polaitiúil na tíre sin, mar gur lánscoireadh an Pharlaimint an 18 Lúnasa 2022 agus go bhfuil olltoghcháin le bheith ann an 13 Deireadh Fómhair 2022. Ina fhianaise sin, mhínigh ionadaithe Vanuatú nár mhór fanacht go bhfaighfí torthaí na n‑olltoghchán agus go gcuirfí an rialtas nua le chéile sula ndéanfaí aon chinneadh faoi leanúint den idirphlé leis an gCoimisiún.
Ní dhearna Vanuatú bearta chun na dálaí as ar tháinig cur ar fionraí sealadach na díolúine víosa a leigheas sa chaoi go bhfuil an riosca méadaithe do shlándáil inmheánach agus beartais phoiblí ann fós sna Ballstáit. San am céanna, measann an Coimisiún nach bhfuil Vanuatú i mbun idirphlé leis an Aontas. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún nach mór an Comhaontú a chur ar fionraí ina iomláine.
Dá bhrí sin ba cheart Cinneadh ón gComhairle maidir le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Vanuatú maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta a chur ar fionraí ina iomláine a chur in ionad Chinneadh (AE) 2022/366 ón gComhairle.
2022/0327 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Vanuatú maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta a chur ar fionraí ina iomláine
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2), pointe (a), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an méid seo a leanas:
(1)An Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Vanuatú (‘na páirtithe’) maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (‘an Comhaontú’), síníodh é an 28 Bealtaine 2015 agus tá sé á chur i bhfeidhm go sealadach ón dáta sin i leith chun taisteal chuig an Aontas a éascú do náisiúnaigh Vanuatú agus chun taisteal chuig Vanuatú a éascú do shaoránaigh an Aontais.
(2)Tá an Comhaontú bunaithe ar chomhmhian an Aontais agus Vanuatú teagmhálacha duine le duine a spreagadh, borradh a chur faoin turasóireacht agus faoin ngnó idir an tAontas agus Vanuatú.
(3)Faoi Airteagal 8(4) den Chomhaontú, féadfaidh ceachtar den dá pháirtí cuid den Chomhaontú a chuir ar fionraí nó é a chur ar fionraí ina iomláine, go háirithe ar chúiseanna a bhaineann leis an mbeartas poiblí agus chun an tslándáil náisiúnta a chosaint. 2 mhí ar a dhéanaí tar éis a theacht i bhfeidhm is ea a thabharfar fógra don pháirtí eile maidir leis an gcur ar fionraí. Más rud é nach ann a thuilleadh do na cúiseanna leis an gcur ar fionraí sin, is é an páirtí a chuir an Comhaontú ar fionraí a chuirfidh an páirtí eile ar an eolas láithreach agus a chuirfidh deireadh leis an gcur ar fionraí.
(4)Tá scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí i bhfeidhm ag Vanuatú trínar thug sé náisiúntacht Vanuatú do náisiúnaigh tíortha eile nach raibh aon bhaint acu le Vanuatú roimhe seo, agus eisíonn sé cinntí dearfacha maidir le formhór na n‑iarratas. Go dtí mí an Mhárta 2021, d’eisigh sé breis agus 10 500 pas agus bhí ráta diúltaithe an‑íseal ann. Tá amhras ann dá bharr maidir le hiontaofacht an scagtha slándála agus leis an dícheall cuí a dhéanann údaráis Vanuatú.
(5)Ar a bharr sin, ar thíortha tionscnaimh n‑iarratasóirí ar éirigh leo tá roinnt tíortha nach mór víosa a bheith ina seilbh ag a náisiúnaigh agus teorainneacha seachtracha an Aontais á dtrasnú acu.
(6)Trí mhalartuithe idir an Coimisiún agus údaráis Vanuatú i mí Dheireadh Fómhair 2017, mí na Samhna 2019, mí an Mheithimh 2020 agus mí an Mhárta 2021, chuir an Coimisiún in iúl gur cúis mhór imní dó scéimeanna saoránachta Vanuatú d’infheisteoirí, go háirithe deonú saoránachta do dhaoine atá liostaithe i mbunachair sonraí Interpol, an easpa ceanglas maidir le láithreacht fhisiceach nó cónaí, tréimhsí próiseála gearra na scéimeanna agus an easpa malartú córasach faisnéise le tíortha tionscnaimh nó le príomháit chónaithe na n‑iarratasóirí roimhe seo, agus thug sé rabhadh do rialtas Vanuatú go bhféadfaí an ceanglas víosa a athbhunú mura dtabharfaí aghaidh ar na cúiseanna imní sin. Níor leor na mínithe a thug Vanuatú chun na húdair imní sin a mhaolú.
(7)Dá bhrí sin cuireadh cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe ar fionraí go páirteach le Cinneadh (AE) 2022/366 ón gComhairle. Ba cheart an cur ar fionraí a bheith teoranta do ghnáthphasanna arna n‑eisiúint ag Vanuatú ón 25 Bealtaine 2015 ar aghaidh, dáta a tháinig méadú suntasach ar líon na n‑iarratasóirí ar éirigh leo faoi scéimeanna saoránachta Vanuatú d’infheisteoirí.
(8)Cé gur cuireadh an Comhaontú ar fionraí go páirteach le Cinneadh (AE) 2022/366 ón gComhairle, níor mhór foráil a dhéanamh chomh maith maidir leis an gcur ar fionraí ar leibhéal dhlí an Aontais.
(9)Dá bhrí sin, ar bhonn Rialachán (AE) 2018/1806 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an 27 Aibreán 2022, ghlac an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/693 lenar cuireadh ar fionraí go sealadach an díolúine ón gceanglas víosa do náisiúnaigh Vanuatú a bhfuil gnáthphasanna ina seilbh acu arna n‑eisiúint ag Vanuatú ón 25 Bealtaine 2015 ar aghaidh ar feadh 9 mí, cur ar fionraí is infheidhme ón 4 Bealtaine 2022 go dtí an 3 Feabhra 2023.
(10)Tar éis theacht i bhfeidhm an chur ar fionraí sin i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1806, lainseáil an Coimisiún idirphlé feabhsaithe le Vanuatú chun na dálaí as ar tháinig cur ar fionraí sealadach na díolúine ón gceanglas víosa a leigheas.
(11)Cé gur cuireadh tús leis an idirphlé sin an 12 Bealtaine 2022, níor ghlac Vanuatú páirt ann ar aon bhealach fiúntach ó shin. Dá bhrí sin, le linn na tréimhse 9 mí a leagadh síos le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/693, níorbh fhéidir na dálaí a leigheas as ar tháinig cur ar fionraí sealadach na díolúine ón gceanglas víosa.
(12)Táthar ag leanúint de na scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí a oibríonn Vanuatú, agus is riosca é sin do shlándáil inmheánach na mBallstát maille le dul timpeall nós imeachta an Aontais maidir le víosaí gearrfhanachta agus ar an measúnú ar rioscaí slándála agus imirce a bhaineann leis an nós imeachta sin. Ós rud é nár ghlac Vanuatú páirt sna hiarrachtaí ar na dálaí sin a leigheas, ba cheart Cinneadh (AE) 2022/366 ón gComhairle a aisghairm agus cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe ina iomláine a chur ar fionraí a mhéid a bhaineann le náisiúnaigh uile Vanuatú.
(13)Is éard atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle; Dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Vanuatú maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta, déantar an Comhaontú sin a chur ar fionraí ina iomláine a mhéid a bhaineann le náisiúnaigh Vanuatú ón 4 Feabhra 2023 ar aghaidh.
Airteagal 2
Aisghairtear Cinneadh (AE) 2022/366.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán