Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022JC0049

TEACHTAIREACHT CHOMHPHÁIRTEACH CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE Beartas an Aontais maidir leis an gCibearchosaint

JOIN/2022/49 final

An Bhruiséil,10.11.2022

JOIN(2022) 49 final

TEACHTAIREACHT CHOMHPHÁIRTEACH CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

Beartas an Aontais maidir leis an gCibearchosaint


I. RÉAMHRÁ

Bhí teacht ar ais an chogaidh san Eoraip, agus fogha míleata gan chúis gan údar a thug an Rúis faoin Úcráin, ina oscailt súl maidir le cur chuige an Aontais i leith na slándála agus na cosanta, maidir lena chumas a fhís a chur chun cinn agus a leasanna a chosaint, lena n‑áirítear sa chibearspás, a cheistiú. Tá iarracht á déanamh ag na córais údarásacha cur i gcoinne an oird idirnáisiúnta riailbhunaithe sa chibearspás agus an bonn a bhaint de, agus é a iompú ina réimse atá ag éirí níos iomaíche i gcónaí mar aon leis an talamh, leis an bhfarraige, leis an aer agus leis an spás. Tá iompar mailíseach sa chibearspás ag eascairt as gníomhaithe stáit agus neamhstáit araon ag géarú le blianta beaga anuas, lena n‑áirítear líon atá ag méadaithe de chibirionsaithe a dhíríonn ar bhonneagar criticiúil míleata agus sibhialtach san Aontas Eorpach agus ar mhisin agus oibríochtaí imscartha.

Tá na línte idir gnéithe sibhialtacha agus míleata an chibearspáis doiléir mar a chonacthas sna hionsaithe le déanaí ar líonraí fuinnimh, ar bhonneagar iompair agus ar shócmhainní spáis. Léiríonn sé freisin an t‑idirspleáchas idir bonneagar fisiceach agus digiteach, agus an fhéidearthacht go gcuirfeadh teagmhais chibearshlándála nach beag isteach ar bhonneagar criticiúil nó go ndéanfaidís damáiste dó. Meabhrúchán soiléir is ea é go dteastaíonn dlúthchomhar míleata agus comhoibriú sibhialtach sa chibearspás ón Aontas le bheith ina sholáthraí slándála níos láidre.

Ní mór don Aontas Eorpach níos mó freagrachta a ghlacadh as a shlándáil féin. Teastaíonn fórsaí armtha Eorpacha nua-aimseartha agus idir-inoibritheacha maidir leis sin. Dá bhrí sin, ní mór do na Ballstáit, le práinn agus le tosaíocht, gealltanas a thabhairt infheistíochtaí i gcumais chibearchosanta speictrim iomláin a mhéadú, lena n‑áirítear cumais chosanta ghníomhacha. Cé go bhfuil sé fós tiomanta go hiomlán don dlí idirnáisiúnta agus do noirm idirnáisiúnta sa chibearspás, ba cheart don Aontas Eorpach a chur in iúl go bhfuil sé toilteanach na cumais sin a úsáid ar bhealach comhordaithe i gcás cibirionsaí ar Bhallstát.

Chun go n‑éireoidh leis sin, ní mór don Aontas Eorpach a cheannasacht theicneolaíoch agus dhigiteach sa chibear-réimse a áirithiú. Braithfidh cumas AE chun gníomhú ar a chumas máistreacht a fháil ar theicneolaíochtaí ceannródaíocha don chibearshlándáil agus don chibearchosaint san Aontas agus iad a fhorbairt. Ós rud é go bhfuil acmhainneacht láidir dé-úsáide ag baint leis na cibeartheicneolaíochtaí, ní mór do na tionscail chibearshlándála agus chibearchosanta, taighde agus forbairt, agus gníomhaíochtaí nuálaíochta oibriú ar bhealach i bhfad níos sineirgí chun cumais níos fearr a fhorbairt.

Tá cosc agus brath comhchoiteann ina gcuid thábhachtach de chumais chosanta AE. Ní mór don Aontas an cumas a bheith aige ionsaithe a bhrath go luath. Ní mór faisnéis inghníomhaithe a dhéanamh de shonraí braite, a bheidh ábalta freastal ar an gcibearshlándáil agus ar an gcibearchosaint araon. Is é comhar den sórt sin idir na cibearphobail chosanta agus shibhialtacha an bunús le haghaidh feasacht staide choiteann feabhsaithe sa chibearspás agus tá sé ríthábhachtach freisin le haghaidh freagairt chomhordaithe ar ghéarchéimeanna ar an leibhéal teicniúil agus ar an leibhéal oibríochtúil araon.

Léiríodh leis an gcoinbhleacht armtha san Úcráin freisin an luach a bhaineann le dlúthchomhar leis an earnáil phríobháideach agus an gá atá le rochtain a fháil ar sholáthraithe iontaofa príobháideacha a ghníomhaíonn mar chúltacaí cibearshlándála chun feabhas a chur ar an bhfreagairt i gcás cibirionsaithe móra. Dá bhrí sin, is gá a áirithiú gur féidir leis na Ballstáit brath ar thacaíocht ó chúltaca iontaofa cibearshlándála, agus go dtarlóidh sé sin ar bhealach slán comhordaithe.

Sa Teachtaireacht Chomhpháirteach seo, agus í ag tógáil ar an gCreat Beartais maidir le Cibearchosaint 1 , moltar straitéis uaillmhianach chun cur ar chumas an Aontais agus a chuid Ballstát gníomhú le féindearbhú agus le treallús sa chibearspás. Tá sé mar aidhm léi cumais na cibearchosanta a threisiú trí ghníomhaíocht aonair nó trí ghníomhaíocht chomhpháirteach na mBallstát, agus comhordú agus comhar idir cibearphobail an Aontais a neartú. Oibreoidh sé freisin chun spleáchais straitéiseacha AE maidir le cibeartheicneolaíochtaí criticiúla a laghdú agus chun Bonn Tionsclaíoch agus Teicneolaíoch na Cosanta Eorpaí (EDTIB) a neartú. Leagfar síos sa bheartas rialacha AE agus molfar bealaí ann chun an dlúthpháirtíocht i gcroílár AE i réimse na cibearchosanta a threisiú, agus chun comhoibriú leis an earnáil phríobháideach chun feabhas a chur ar an bhfreagairt i gcás mór-chibirionsaithe. I bhfianaise chineál trasnáisiúnta na gcibearbhagairtí, forbróidh sé comhpháirtíochtaí a bheidh comhthairbheach agus sainoiriúnaithe i réimse na cibearchosanta, lena náirítear fothú acmhainneachta na cibearchosanta, agus cuirfidh sé feabhas ar athléimneacht chibearchosanta na dtíortha comhpháirtíochta.

Mar a mholtar sa Chreat Straitéiseach um Shlándáil agus Cosaint 2 arna ghlacadh ag an gComhairle i mí an Mhárta 2022, feabhsófar leis an mBeartas reatha maidir le Cibearchosaint, dá bhrí sin, an cumas cibirionsaithe a dhírítear ar an Aontas agus ar a Bhallstáit a chosc, a bhrath, cosaint a thabhairt ina naghaidh, teacht slán astu, agus iad a dhíspreagadh trí gach modh atá ar fáil a úsáid. Tá sé sin ag teacht le tosaíochtaí digiteacha an Choimisiúin, leis an uaillmhian atá leagtha amach i Straitéis Chibearshlándála 2020 AE 3 , leis an bhfógra ón Uachtarán von der Leyen ina haitheasc ar Staid an Aontais 2021 4 agus leis na conclúidí ón gComhairle maidir le seasamh cibearshlándála an Aontais a fhorbairt 5 an 23 Bealtaine 2022. I dTeachtaireacht Chomhpháirteach 2022 maidir le bearnaí san infheistíocht sa chosaint 6 spreagadh an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit chun tús a chur le hobair i dtreo acmhainn chibearchosanta speictrim iomláin – idir thaighde, bhrath agus chosaint agus fhreagairt.

II. CIBEARCHOSAINT AE CHUN CIBIRIONSAITHE A CHOSAINT, A BHRATH, A DHÍSPREAGADH AGUS COSAINT A THABHAIRT INA nAGHAIDH

1. Gníomhú le chéile ar mhaithe le cibearchosaint níos láidre

Is minic a bhíonn cibirionsaithe de chineál trasteorann agus d’fhéadfadh tionchar fisiceach a bheith acu ar bhonneagar criticiúil san Aontas Eorpach. D’fhéadfadh an iomarca cur isteach a bheith i gceist le teagmhais chibearshlándála nach beag a láimhseáil do Bhallstát amháin nó do roinnt Ballstát lena mbaineann leis féin nó leo féin. Is féidir leo a bheith ina gcuid d’ionsaithe hibrideacha níos mó freisin a dhéanann tríú tíortha agus é d’aidhm acu an geilleagar agus an tsochaí a dhíchobhsú, an bonneagar criticiúil is gá chun slándáil an Aontais a áirithiú a lagú, nó dochar a dhéanamh d’fheidhmiú an daonlathais, lena n‑áirítear trí ionsaithe ar bhonneagair toghcháin.

In 2018, daithin an tAontas an cibearspás mar réimse oibríochtaí míleata. Leagtar amach san ʻFhís Mhíleata agus an Straitéis maidir leis an gCibearspás mar Fhearann Oibríochtaí a 7 glacadh in 2021 coinníollacha an chreata agus déantar cur síos ann ar na modhanna, na bealaí agus na dóigheanna is gá chun an cibearspás a úsáid mar réimse oibríochtaí chun tacú le hoibríochtaí Chomhbheartas Slándála agus Cosanta (CBSC) AE. Sainphribhléid náisiúnta do na Ballstáit is ea an chibearchosaint agus úsáid na gcumas gaolmhar i speictream iomlán na noibríochtaí míleata cibearspáis, agus iad ag brath ar éiceachóras níos leithne, lena náirítear bonn láidir tionsclaíoch a dtacaíonn forbairt cumais ar leibhéal an Aontais leis.

Tá sainiúlachtaí áirithe ag comhphobal cibearchosanta an Aontais, atá comhdhéanta dúdaráis chosanta na mBallstát agus a fhaigheann tacaíocht ó institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais (EUIBAnna), i gcomparáid leis na cibearphobail eile 8 agus leanann sé samhail rialachais dhifriúil. Is fadhb é nach bhfuil creat seanbhunaithe ann maidir le malartú faisnéise agus comhar i measc Fhoirne míleata AE um Práinnfhreagartha ar Ionsaithe Ríomhaireachta (milCERTanna), lena náirítear chun tacú le misin agus oibríochtaí míleata CBSC, i bhfianaise an leibhéil mhéadaithe cibearbhagairtí ó ghníomhaithe stáit agus neamhstáit.

Cuirfidh comhar idir cibearphobail shibhialtacha, taidhleoireachta agus forfheidhmithe dlí agus a gcontrapháirteanna cosanta breisluach ard leis na gníomhaithe go léir lena mbaineann. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, comhoibriú den sórt sin a éascú trí mhodhanna oiriúnacha agus slána a chur ar fáil chun faisnéis a mhalartú agus dul i mbun cleachtaí agus gníomhaíochtaí eile lena gcothaítear muinín agus comhthuiscint.

Thairis sin, níl ach cúnamh oibríochtúil frithpháirteach teoranta idir na Ballstáit faoi láthair. Ba cheart iniúchadh a dhéanamh ar leathnú breise choincheap na bhfoirne frithghnímh mhear cibirtheagmhas ar fud an Aontais, ag tógáil ar thionscadal gaolmhar Bhuanchomhar Struchtúrtha (PESCO) na bhFoirne Mearfhreagartha Cibirtheagmhas agus Cúnamh Frithpháirteach maidir le Cibearshlándáil (CRRT) 9 , lena náirítear i gcomhthéacs Airteagal 42(7) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) 10 (ʻclásal um chúnamh frithpháirteach) agus Airteagal 222 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) 11 (ʻclásal dlúthpháirtíochta). Mar an gcéanna, is é ceann de na ceachtanna a foghlaimíodh ó chibearchosaint rathúil na hÚcráine i gcomhthéacs chogadh foghach na Rúise an ról cinntitheach atá ag an earnáil phríobháideach. Ba cheart, dá bhrí sin, iniúchadh a dhéanamh ar a mhéid a dfhéadfadh an earnáil phríobháideach cur leis an gcibearfhreagairt a fheabhsú.

1.1 Feasacht staide choiteann agus comhordú laistigh den phobal cosanta a neartú

I bhfianaise scála an riosca a bhaineann le cibirionsaithe, ní mór an fheasacht staide choiteann is iomláine a bheith ar fáil do na Ballstáit, lena n‑áirítear acmhainn luathbhraite chomh maith leis na hacmhainní chun freagairt mar is ceart agus téarnamh ar bhealach dlúthpháirteach comhordaithe.

Chomh fada agus a bhaineann le feasacht staide mhíleata, is gá Lárionad Comhordúcháin um Chibearchosaint AE (EUCDCC) a bhunú chun tacú le feasacht staide níos fearr laistigh de phobal na cosanta, lena n áirítear ceannasaithe míleata CBSC uile an Aontais. Cuirfidh an tArdionadaí an togra i láthair EUCDCC lena bhreithniú ag na Ballstáit, ag tógáil ar thionscadal PESCO Lárionad Comhordúcháin um Earnáil na Cibearchosanta agus Faisnéise (CIDCC) 12 . Beidh sé mar aidhm leis anailís iomlánaíoch ar an gcibearspás, ar an timpeallacht leictreamaighnéadach, agus ar an réimse cognaíoch a sholáthar trí fhoinsí éagsúla faisnéise a thabhairt le chéile chuig na leibhéil straitéiseacha agus oibríochtúla mhíleata. Ba cheart naisc iomchuí a bhunú idir EUCDCC agus Lárionad Faisnéise agus Staide AE (EU INTCEN) chomh maith le Faisnéis Fhoireann Mhíleata AE - faoi chreat na hAcmhainneachta Aonair Anailíse Faisnéise. Chomh maith le foinsí seachtracha faisnéise, ba cheart do EUCDCC córas gníomhach braiteoirí teicneolaíochta faisnéise a bhunú agus a chomhtháthú chun an faireachán ar nóid faoi úinéireacht AE a thacaíonn le misin agus oibríochtaí míleata CBSC a neartú. Cuirfidh sé cumais aimsithe níos láidre ar fáil agus chruthódh sé sraith nua faisnéise chun an bonn faisnéise maidir le measúnú cibear-riosca agus feasacht staide a fheabhsú tuilleadh.

Chun na gcríoch sin, tá gá le cumais lena n‑éascófar agus lena n‑áiritheofar bunú agus cothabháil léargas oibríochta 24/7 agus nuair is féidir léargas aitheanta den chibearspás, lena n‑áirítear cibear-oibríochtaí leanúnacha agus gar-chibear-oibríochtaí na gcoimhlinteoirí agus na bhfórsaí cairdiúla araon. Chuideodh léargas den sórt sin le misin agus oibríochtaí míleata CBSC a phleanáil agus a chur i gcrích. Ar an dóigh sin beidh sé ina chuidiú míleata maidir leis an Aontas a dhéanamh níos feasaí agus níos freagraí i leith gníomhaíochtaí mailíseacha sa chibearspás.

Chun muinín a fheabhsú agus chun faisnéis straitéiseach iontaofa agus thráthúil a mhalartú faoi chibeartheagmhais, déanfar Comhdháil Cheannasaithe Cibearshlándála AE a fhorbairt agus a neartú tuilleadh 13 . In éineacht leis an nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint (GEC) ag gníomhú di mar rúnaíocht agus rannpháirtíocht Fhoireann Mhíleata AE, tiocfaidh sí le chéile dhá uair sa bhliain ar a laghad chun cúrsaí oibríochtúla agus ábhair ábhartha eile a phlé.

Bunófar líonra oibriúcháin le haghaidh milCERTanna (MICNET), le tacaíocht ó GEC. Iarrtar ar gach Ballstát páirt a ghlacadh in MICNET, agus táthar ag súil go mbeidh sé i bhfeidhm in mí Eanáir 2023.

Trí mhalartú faisnéise i measc milCERTanna a éascú, cothófar le MICNET freagairt níos láidre agus níos comhordaithe ar chibearbhagairtí a théann i gcion ar chórais chosanta san Aontas, lena n‑áirítear na cinn a úsáidtear i misin agus in oibríochtaí míleata CBSC. A bhuí le MICNET, beifear ábalta freisin na próisis oiliúna agus aitheantas leanúnach na gceanglas nua don phobal milCERTanna le himeacht ama. Sna ceithre bliana amach romhainn, déanfaidh GEC bonneagar comhroinnte faisnéise, chomh maith le huirlisí agus nósanna imeachta gaolmhara, a fhorbairt in éineacht leis na Ballstáit chun tacú le comhroinnt faisnéise idir milCERTanna. Soláthrófar le MICNET freisin an creat le haghaidh cleachtadh bliantúil chun riachtanais agus réitigh nua a thástáil, a bhailíochtú agus a aithint.

1.2 Comhordú le pobail shibhialtacha a fheabhsú

Ba cheart do MICNET feidhmiú mar chreat agus mar bhonneagar do chomhroinnt faisnéise i measc na leibhéal éagsúil laistigh den phobal cibearchosanta agus na páirtithe leasmhara seachtracha.

De réir mar a bhainfidh MICNET leibhéal níos airde aibíochta amach, tacóidh GEC leis na Ballstáit iniúchadh a dhéanamh ar roghanna maidir le comhoibriú le líonra na bhFoirne Freagartha do Theagmhais a bhaineann le Slándáil Ríomhairí (CSIRT), ina dtugtar le chéile CSIRTanna náisiúnta agus Foireann Phráinnfhreagartha Ríomhaire na EUIBAnna (CERT‑EU). D’fhéadfadh cruinnithe comhpháirteacha agus cleachtaí a bheith i gceist leis an gcomhoibriú sin. Ba cheart féachaint freisin ar rannpháirtíocht na hearnála príobháidí in iarrachtaí ábhartha um chomhroinnt faisnéise agus um fhreagairt do theagmhais.

Chun bainistiú cibear-ghéarchéime níos éifeachtaí a éascú, ba cheart do Chomhdháil Cheannasaithe Cibearshlándála AE oibriú líonra EU-CyCLONe, ina dtugtar le chéile na Ballstáit agus an Coimisiún chun tacú le comhordú agus bainistiú teagmhas cibearshlándála ar mhórscála san Aontas. Comhcheanglófar leis an rannpháirtíocht sin taithí mhíleata agus feasacht staide shibhialtach ar an leibhéal straitéiseach agus oibríochtúil.

Cé gur cheart do EUCDCC gníomhú mar nód lárnach chun faisnéis a bhaineann le cibearchosaint a bhailiú, a anailísiú, a mheasúnú agus a dháileadh ar deireadh, go háirithe i gcás misin agus oibríochtaí míleata CBSC, dfhéadfadh sé nascadh freisin leis an Tascfhórsa idirinstitiúideach Cibir-ghéarchéime 14 , a bunaíodh chun cinnteoireacht eolasach agus freagairt chomhordaithe EUIBA ar chibir-ghéarchéimeanna móra ar an leibhéal straitéiseach agus oibríochtúil a áirithiú.

Féadfaidh EUCDCC faisnéis ábhartha a mhalartú freisin le hionad staide agus anailíse na cibearchosanta atá á bhunú sa Choimisiún le tacaíocht ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) agus ó CERT‑EU chun tacaíocht anailíse agus bainistíochta géarchéime níos éifeachtaí a sholáthar.

Ina theannta sin, is bac mór i gcónaí é an easpa uirlisí agus ardán cumarsáide slán atá comhroinnte nó idir-inoibritheach idir na Ballstáit agus na EUIBAnna ábhartha. Tá léarscáiliú á dhéanamh ag an gCoimisiún agus ag na hinstitiúidí ábhartha faoi láthair ar na huirlisí atá ann cheana chun cumarsáid sa réimse cibearshlándála a áirithiú. Bunaithe ar an léarscáiliú sin ar na huirlisí atá ann cheana, cuirfidh an Coimisiún a mholtaí faoi bhráid na Comhairle ag deireadh 2022 chun teacht ar chomhaontú ar ghníomhaíochtaí breise.

Cibearchór Dlúthpháirtíochta AE le haghaidh brath agus feasacht staide choiteann níos láidre

Is féidir le gníomhaíochtaí tacaíochta sibhialtacha an fheasacht staide choiteann a mhéadú tuilleadh. Beidh an comhphobal cibearchosanta ábalta leas a bhaint as cumais bhraite shibhialtacha agus feasachta staide níos láidre arna bhforbairt chun bonneagar criticiúil an Aontais a chosaint. Chuige sin, tá tionscnamh á ullmhú ag an gCoimisiún chun úsáid bhonneagar Lárionaid Oibríochta Slándála AE (SOCanna) a chur chun cinn, bunaithe ar an gcéad chéim a sheolfar sna seachtainí amach romhainn, a mhéadófaí agus a úsáidfí ar scála níos mó 15 . I ndeireadh na dála, bheadh roinnt ardán SOCanna ilnáisiúnta i gceist, gach ceann acu ag grúpáil SOCanna náisiúnta le chéile, le tacaíocht ón gclár don Eoraip Dhigiteach (DEP) 16 chun maoiniú náisiúnta a fhorlíonadh. Cheadófaí le hathruithe reachtacha ar an gclár don Eoraip Dhigiteach (DEP) tacaíocht airgeadais níos fadtéarmaí do sholáthar comhpháirteach uirlisí agus bonneagair atá sárshlán den chéad ghlúin eile. Chuirfeadh sé sin ar chumas do bhonneagar AE na SOCanna atá beartaithe cumais chomhchoiteanna bhraite a fheabhsú trí úsáid a bhaint as an intleacht shaorga (IS) is déanaí agus as anailísíocht sonraí, ina gcumhdaítear líonraí cumarsáide sibhialta. Leis an nglúin sin d’intleacht chibearbhagartha inghníomhaithe, d’fhéadfaí rabhaidh thráthúla a thabhairt d’údaráis agus d’eintitis ábhartha lena chur ar a gcumas mórtheagmhais a bhrath agus freagairt éifeachtach a thabhairt orthu. Braithfidh scála agus raon feidhme an bhonneagair ar an maoiniú foriomlán is féidir leis an Aontas a úsáid ar an leibhéal náisiúnta agus, faoi réir an bhuiséid a bheidh ar fáil faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil.

Leis na SOCanna ilnáisiúnta sin d’fhéadfaí rannpháirtíocht na n‑eintiteas cosanta a éascú trí ʻcholún cosanta’ a bhunú i gcomhthéacs rialachais agus chineál na faisnéise a roinntear. Dhéanfaí an ʻcolún cosanta’ sin a fhorbairt in éineacht leis an Ardionadaí agus d’fhéadfaí a áireamh ann sásra tiomnaithe chun faisnéis a mhalartú le gníomhaithe míleata, lena n‑áirítear EUCDCC, a bhféadfaí caighdeáin slándála ar leibhéal na cosanta a fhorbairt ina leith.

Cibear-dhlúthpháirtíocht AE maidir le hullmhacht, freagairt agus téarnamh

Is rómhinic a bhíonn an iomarca cur isteach i gceist le teagmhais chibearshlándála nach beag a láimhseáil do Bhallstát amháin nó do roinnt Ballstát lena mbaineann leis féin nó leo féin. I gcásanna den sórt sin, ní mór do na Ballstáit a bheith ábalta leas a bhaint as cúnamh frithpháirteach agus as dlúthpháirtíocht, lena n‑áirítear i gcomhthéacs Airteagal 42(7) CAE agus Airteagal 222 CFAE. Déanfaidh an tArdionadaí, i gcomhar leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit, scrúdú ar na féidearthachtaí atá ann chun coincheap na bhfoirne frithghnímh mhear cibirtheagmhas (CRRT) a leathnú, ag tógáil ar thionscadal gaolmhar PESCO CRRT, chun tacaíocht níos fearr a thabhairt do Bhallstáit AE agus do mhisin agus oibríochtaí CBSC. Is é an ról a bheadh ag foirne den sórt sin cúnamh gearrthéarmach saincheaptha agus spriocdhírithe a chur ar fáil arna iarraidh sin agus ag brath ar riachtanais shonracha i ngach cás. D’fhéadfaí a áireamh leis freisin, i gcás inarb ábhartha, roghanna maidir le tacaíocht ó chomhpháirtithe príobháideacha iontaofa chun freagairt éifeachtúil agus gníomhaíochtaí éifeachtúla téarnaimh a áirithiú.

Mar chuid de thionscnamh um Dhlúthpháirtíocht Cibearshlándála AE, tá gníomhaíochtaí á nullmhú ag an gCoimisiún chun gníomhaíochtaí ullmhachta agus freagartha a neartú ar fud an Aontais Eorpaigh. Chuimseofaí leis sin tástáil a dhéanamh ar eintitis riachtanacha a oibríonn bonneagar criticiúil le haghaidh leochaileachtaí féideartha bunaithe ar mheasúnuithe riosca AE – ag tógáil ar ghníomhaíochtaí a thionscain an Coimisiún cheana féin in éineacht le ENISA -chomh maith le gníomhaíochtaí freagartha teagmhas chun tionchar teagmhas tromchúiseach a mhaolú, chun tacú le téarnamh láithreach agus/nó feidhmiú seirbhísí riachtanacha a aschur 17 .

D’fhéadfadh tionscnamh Cibearshlándála an Aontais tacú le cúltacaí cibearshlándála ar leibhéal an Aontais a chur ar bun de réir a chéile le seirbhísí ó sholáthraithe príobháideacha iontaofa a bheadh réidh le hidirghabháil a dhéanamh arna iarraidh sin do na Ballstáit i gcás teagmhais trasteorann nach beag. Ba cheart róil agus freagrachtaí a shainaithint go soiléir agus a chomhordú go hiomlán le comhlachtaí atá ann cheana lena áirithiú go gcuirfear an tacaíocht ón gcúlchiste cibearshlándála ar leibhéal an Aontais ar fáil i gcás ina bhfuil gá leis agus go gcomhlánaíonn sé cineálacha eile cúnaimh a d’fhéadfadh a bheith i gceist. Cé go mbraithfeadh raon feidhme na gníomhaíochta agus leithdháileadh na gcostas a bhaineann le hidirghabhálacha sonracha ar an maoiniú a bheidh ar fáil ón Aontas, chuirfeadh an tAontas luach breise leis freisin trí infhaighteacht agus ullmhacht cúlchiste ar leibhéal an Aontais a áirithiú. Chun ardleibhéal muiníne a áirithiú, breithneoidh an Coimisiún freisin na roghanna chun tacú le forbairt scéimeanna um dheimhniú cibearshlándála do chuideachtaí cibearshlándála príobháideacha den sórt sin.

Tá cleachtaí ina bpríomhghné maidir le hullmhacht a fhorbairt. Cothaítear leo forbairt bunachair choitinn eolais agus comhthuisceana ar an gcibearchosaint, rud a fheabhsóidh ullmhacht oibríochtúil dá réir sin. Forbrófar le cleachtaí comhchoiteanna cibearchosanta idir-inoibritheacht agus muinín idir páirtithe leasmhara freisin, lena náirítear chun tacú le misin agus oibríochtaí míleata CBSC. Ag tógáil ar an tsraith CYBER PHALANX 18 agus na cleachtaí milCERT, bunóidh GEC tionscadal nua CyDef-X, lena dtabharfar na Ballstáit go léir le chéile, a fheidhmeoidh mar chreat do chleachtaí cibearchosanta AE. Dfhéadfaí cúnamh frithpháirteach a fheidhmiú leis an tionscadal sin faoi Airteagal 42(7) CAE. Ba cheart iniúchadh a dhéanamh freisin ar úsáid timpeallachtaí tiomnaithe cibearchosanta, oiliúna agus cleachtaí (e.g. Cónaidhmeanna Cibear-Raonta), lena náirítear trí leas a bhaint as Tionscadal um Chónaidhmeanna Cibear-Raonta PESCO 19

Is féidir ról tábhachtach a bheith ag cleachtaí freisin maidir le feabhas a chur ar an gcomhar idir eintitis shibhialtacha agus mhíleata. Agus cleachtaí á n‑eagrú acu, ba cheart do ENISA, do GEC agus d’eintitis ábhartha eile, breathnú go córasach, dá bhrí sin, ar rannpháirtithe ó chibearphobail eile a chur san áireamh.

Mar chuid den neartú ar chumas an Aontais cibirionsaithe a chosc, a dhíspreagadh agus freagairt dóibh, agus i gcomhréir le Straitéis Cibearshlándála AE 2020 agus leis an gCompás Straitéiseach, molfaidh an tArdionadaí in 2023 roghanna chun Bosca Uirlisí Cibearthaidhleoireachta AE 20 a neartú tuilleadh ag baint leas as seasamh cibearshlándála AE agus ó na ceachtanna a foghlaimíodh ó chur chun feidhme an Bhosca Uirlisí ó bunaíodh é.

Gníomhaíochtaí cibearchosanta

·Lárionad Comhordúcháin um Chibearchosaint AE a bhunú, mar an tionad dfheasacht staide choiteann mhíleata agus iniúchadh a dhéanamh ar mhódúlachtaí le haghaidh comhair le hionad staide agus anailíse an Choimisiúin.

·Comhdháil Cheannasaithe Cibearshlándála AE a fhorbairt agus a neartú tuilleadh.

·Na Ballstáit a spreagadh chun páirt ghníomhach a ghlacadh in MICNET, arb é atá ann líonra na CARTanna Míleata, agus oibriú i dtreo comhar a bhunú le líonra sibhialtach CSIRT.

·Tionscadal creata nua CyDef -X a fhorbairt chun tacú le cleachtaí cibearchosanta AE.

·Féachaint an bhféadfaí forbairt bhreise a dhéanamh ar choincheap na bhfoirne frithghnímh mhear cibirtheagmhas, ag tógáil ar thionscadal PESCO CRRT.

·Iniúchadh a dhéanamh ar na féidearthachtaí chun tionscadail um Chónaidhmeanna Cibear-Raonta PESCO fhorbairt tuilleadh

Gníomhaíochtaí tacaíochta sibhialtacha

·Tionscnamh um Dhlúthpháirtíocht Cibearshlándála AE a ullmhú, lena náirítear Gníomh féideartha chun athruithe reachtacha a dhéanamh ar DEP:

ocumais choiteanna braite, feasachta staide agus freagartha AE a neartú.

ocúlchiste cibearshlándála ar leibhéal an Aontais a fhorbairt de réir a chéile le seirbhísí ó sholáthraithe príobháideacha iontaofa.

otacú le heintitis chriticiúla a thástáil le haghaidh leochaileachtaí féideartha bunaithe ar mheasúnuithe riosca AE

·Iniúchadh a dhéanamh ar scéimeanna um dheimhniú cibearshlándála a fhorbairt ar leibhéal an Aontais don tionscal cibearshlándála agus do chuideachtaí príobháideacha.

·Comhar a fheabhsú ar an leibhéal straitéiseach, oibríochtúil agus teicniúil idir an chibearchosaint agus cibearphobail eile

2. Éiceachóras cosanta AE a áirithiú

Le blianta beaga anuas, tá méadú suntasach tagtha ar líon na gcibirionsaithe, lena náirítear ionsaithe ar shlabhra an tsoláthair a bhfuil sé mar aidhm leo cibear-spiaireacht, bogearraí éirice nó cur isteach a chur chun cinn. In 2020, chuaigh ionsaí shlabhra an tsoláthair SolarWinds 21 i bhfeidhm ar níos mó ná 18,000 eagraíocht ar fud an domhain, lena náirítear gníomhaireachtaí rialtais, mórghnólachtaí agus cuideachtaí cosanta. Léiríodh leis an leas a baineadh as leochaileacht i mbogearraí log4j Apache 22 gur féidir comhpháirteanna bogearraí nach meastar go bhfuil ardriosca ag baint leo nó go bhfuil siad criticiúil a úsáid fiú chun ionsaithe rathúla a dhéanamh san Aontas ar mhórchuideachtaí nó ar rialtais, lena náirítear i réimse na cosanta. Léiríonn sé sin go soiléir an gá atá le cibear-athléimneacht na neintiteas atá gníomhach in éiceachóras cosanta AE a neartú tuilleadh, lena náirítear eintitis mhíleata, an tionscal cosanta, agus oibreoirí príobháideacha.

Braitheann fórsaí armtha a bheag nó a mhór ar bhonneagar criticiúil sibhialtach, bíodh sé le haghaidh soghluaisteachta, cumarsáide nó fuinnimh. Is sampla é ionsaí na Rúise ar líonra satailíte KA-SAT 23 a chuir isteach ar chumarsáid i roinnt údaráis phoiblí chomh maith le fórsaí armtha na hÚcráine didirghaol dá leithéid. Léiríonn sé sin an gá atá le bonneagar criticiúil den sórt sin a áirithiú.

Chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann le slándáil a gcóras cumarsáide agus faisnéise (CFC), tá a gcaighdeáin agus a gceanglais slándála féin á bhforbairt ag na Ballstáit le haghaidh córais mhíleata, ar caighdeáin agus ceanglais iad nach gcuirtear san áireamh iontu i gcónaí an gá le hidir-inoibritheacht, ná go bhfuil caighdeáin shibhialta ann do tháirgí dé-úsáide. Tá tionchar diúltach aige sin ar chumas na mBallstát gníomhú le chéile sa chibearspás, i gcomhthéacs mhisin agus oibríochtaí míleata CBSC freisin, agus cruthaítear bacainní leis ar chúnamh frithpháirteach. Ina theannta sin, is gá freisin sineirgí níos láidre a chur chun cinn idir rianta caighdeánaithe míleata agus sibhialtacha toisc go méadaítear na costais táirgthe a bhaineann le forbairt táirgí dé-úsáide ag an tionscal mar gheall ar chaighdeáin chomhchosúla ach dhifriúla do chustaiméirí sibhialtacha agus míleata a leanúint.

2.1. Cibear-athléimneacht an éiceachórais cosanta a fheabhsú

Chun cibear-athléimneacht an éiceachórais cosanta a fheabhsú, is gá gníomhaíochtaí agus infheistíochtaí spriocdhírithe ar fud réimse leathan eintiteas ó bhonneagar míleata na mBallstát agus ó mhisin agus oibríochtaí CBSC chuig bonneagar criticiúil, tionscal na cosanta agus eintitis taighde ábhartha.

Tá cosaint na faisnéise a theastaíonn le haghaidh cinnteoireacht eolasach riachtanach do mhisin agus oibríochtaí rathúla CBSC. Ní mór don Aontas Eorpach agus dá Bhallstáit a struchtúir cheannais agus rialaithe mhíleata a neartú tuilleadh agus a mbonneagar a fhorbairt agus a urrú. Is fíor an méid sin freisin maidir le comhairliúchán polaitiúil míleata sna céimeanna tosaigh den bhainistíocht géarchéime le haghaidh úsáid éifeachtach cheanncheathrú na hoibríochta, lena n‑áirítear an Cumas Míleata Pleanála agus Seolta (MPCC). Rachfar i ngleic leis sin go háirithe trí fhorbairt bhreise a dhéanamh ar Líonra Achair Fhairsing Oibríochta AE.

I gcomhthéacs misin agus oibríochtaí míleata, tá gníomhaithe cibearchosanta ag déileáil le faisnéis i bhformáidí éagsúla, aicmithe éagsúla, a thagann ó fhoinsí éagsúla. Is mar gheall air sin atá cur i bhfeidhm teicneolaíochta úrscothaigh shláin, mar shampla IS, le tacaíocht ó thionscal thar a bheith tábhachtach.

Ní mór slándáil an bhonneagair CIS a fheabhsú trí nósanna imeachta bainistíochta arna gcomhaontú go frithpháirteach a chur i bhfeidhm, agus ar an dóigh sin muinín i sláine na faisnéise atá ar fáil a chothú i measc na bpáirtithe leasmhara. Ina theannta sin, cuideoidh an tArdionadaí, lena náirítear sa cháil mar Cheann GEC, le tacaíocht ón gCoimisiún, leis na Ballstáit moltaí nach bhfuil ceangailteach ó thaobh dlí a fhorbairt don phobal cosanta, ar moltaí iad atá spreagtha ag an Treoir maidir le bearta i ndáil le hardleibhéal coiteann cibearshlándála ar fud an Aontais (NIS2) 24 , toisc go neisiatar an chosaint ó raon feidhme na Treorach. Cuirfidh sé sin le haibíocht chibearchosanta fhoriomlán mhéadaithe.

Leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh Gníomh maidir le Cibear-Athléimneacht 25 , a bhfuil sé mar aidhm leis ceanglais chibearshlándála a leagan síos le haghaidh táirgí lena bhfuil eilimintí digiteacha, laghdófar tuilleadh an raon inionsaithe i dtáirgí dé-úsáide a úsáideann an tionscal cosanta agus gníomhaithe cosanta rialtais, mar shampla in CIS. De réir an togra, bheadh sé de cheangal ar mhonaróirí leochaileachtaí a mbainfear leas astu go gníomhach a thuairisciú do ENISA laistigh de 24 uair an chloig, a chuirfidh na CSIRTanna náisiúnta ábhartha ar an eolas. I ndáil leis sin, bheadh sé tábhachtach freisin a áirithiú go gcuirfí an pobal cosanta ar an eolas go tapa faoi leochaileachtaí i dtáirgí lena bhfuil eilimintí digiteacha, agus faoi aon phaistí agus bearta maolaithe tá ar fáil agus/ nó curtha i bhfeidhm.

Agus go háirithe i bhfianaise spleáchas an airm ar bhonneagar criticiúil sibhialtach, tá gá freisin le cosaint an bhonneagair chriticiúil i gcoinne cibirionsaithe ar mhórscála a mhéadú tuilleadh. Arna iarraidh sin don Chomhairle 26 , tá cásanna riosca á bhforbairt ag an gCoimisiún, ag an Ardionadaí agus ag Grúpa Comhair NIS 27 le haghaidh shlándáil an bhonneagair dhigitigh. Díreofar ar an gcibearshlándáil ar an gcéad dul síos san earnáil fuinnimh, san earnáil teileachumarsáide agus san earnáil iompair, agus sa spás. Ina theannta sin, ullmhófar measúnuithe riosca spriocdhírithe cibearshlándála agus líonraí cumarsáide san Aontas (lena náirítear bonneagar fosaithe agus soghluaiste, satailít, cáblaí faoin bhfarraige, agus ródú idirlín) 28 . Maidir le bonneagar criticiúil a chosaint ar bhagairtí de dhéantús an duine, lena náirítear bagairtí hibrideacha, sa togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le cur chuige comhordaithe ón Aontas chun athléimneacht an bhonneagair chriticiúil a neartú 29 , iarrtar ar na Ballstáit tástáil struis iomchuí agus comhordú géarchéime a áirithiú, i measc nithe eile. Déanfar tuilleadh plé ar an mbonneagar criticiúil muirí, lena náirítear cáblaí sonraí faoin bhfarraige a chosaint, tríd an athbhreithniú atá le déanamh ar Straitéis Slándála Muirí an Aontais Eorpaigh agus ar a Plean Gníomhaíochta. Tá tuilleadh gníomhaíochtaí chun cibearshlándáil an bhonneagair chriticiúil sa chóras fuinnimh a neartú leagtha amach i bplean gníomhaíochta AE maidir leis an gcóras fuinnimh a dhigitiú 30 .

Tá seirbhísí spásbhunaithe ag éirí níos ábhartha i gcónaí maidir le cosaint, cé acu an mbaineann siad le faireachas, feasacht staide, suí beacht nó cumarsáid shárshlán. Dá bhrí sin, is príomhshócmhainní straitéiseacha iad do cheannasacht teicneolaíochta. Dfhéadfadh cur isteach ar sheirbhísí spásbhunaithe tionchar mór a imirt ar chórais chosanta ach ar an tsochaí agus ar an ngeilleagar foriomlán chomh maith. Tá a nathléimneacht lárnach don chibearchosaint fhoriomlán, mar is féidir leo a bheith ina spriocanna dionsaithe díobhálacha. Go sonrach, mar a fheictear leis na hionsaithe ar líonraí KA-SAT, tá córais spáis níos neamhchosanta i gcónaí ar chibearbhagairtí a dfhéadfadh dul i gcion ar infhaighteacht nó leanúnachas seirbhísí spásbhunaithe. Cruthaítear riosca leis sin do leasanna straitéiseacha agus slándála AE sa réimse spáis, agus chomh maith leis sin ó thaobh cumais spáis a éascú agus cuidiú leis an gcibearchosaint. I Straitéis Spáis AE don tSlándáil agus don Chosaint a fógraíodh sa Chreat Straitéiseach 31 leagfar amach bearta chun feabhas a chur ar stóinseacht agus ar chibear-athléimneacht na mbonneagar spáis agus na seirbhísí lena mbaineann agus chun aon bhagairtí ar chórais agus ar sheirbhísí spáis íogaire san Aontas a dhíspreagadh agus freagairt dóibh, agus aghaidh a thabhairt go sonrach ar chibearbhagairtí.

Iarrann an Coimisiún freisin ar na Ballstáit cur chun feidhme na mbeart atá molta le Bosca Uirlisí AE maidir le Cibearshlándáil 5G a bhaint amach go práinneach 32 . Ba cheart do Bhallstáit nach bhfuil srianta achtaithe acu fós ar sholáthróirí ardriosca é sin a dhéanamh gan a thuilleadh moille, ós rud é gur féidir le ham caillte leochaileacht líonraí san Aontas a mhéadú. Is féidir le rioscaí den sórt sin a bheith ábhartha do shócmhainní míleata agus is féidir leo tionchar a bheith acu ar thimpeallacht chosanta fhoriomlán na mBallstát.

Maidir le cibear-athléimneacht thionscal cosanta na hEorpa chomh maith le heintitis taighde agus forbartha cosanta, tá eintitis den sórt sin cumhdaithe faoi raon feidhme Threoir NIS 2 mura bhfuil siad eisiata go sainráite ag na Ballstáit. Chuige sin, bheadh sé riachtanach do na heintitis sin clár bainistithe riosca cibearshlándála a bheith i bhfeidhm acu lena n‑áirítear slándáil an tslabhra soláthair chomh maith le teagmhais a thuairisciú. Ós rud é go bhfuil ról mór ag an earnáil phríobháideach maidir le soláthar seirbhíse cibearshlándála san éiceachóras cosanta, ba cheart do na Ballstáit leas a bhaint as scéimeanna um dheimhniú cibearshlándála freisin. D’fhéadfaí féachaint ar scéim um dheimhniú cibearshlándála AE do chuideachtaí a sholáthraíonn seirbhísí don tionscal cosanta mar bhealach chun leibhéal comhchuibhithe muiníne a thabhairt chuig an margadh, ag tógáil ar thaithí ENISA.

2.2. Idir-inoibritheacht agus comhleanúnachas caighdeán chibearchosaint an Aontais Eorpaigh a áirithiú

Is ceanglais thábhachtacha iad an idir-inoibritheacht agus an choitiantacht ar cheart a mheas ó chéim dheartha na gcumas cibearchosanta, agus na ceachtanna a foghlaimíodh ó mhisin agus oibríochtaí leanúnacha arna sainaithint faoi cheannaireacht Fhoireann Mhíleata AE, le tacaíocht ó GEC á gcur san áireamh freisin. Leis na prionsabail, na próisis agus na caighdeáin a chomhaontaítear laistigh den chreat um Líonrú Misean Cónaidhme (FMN) 33 ba cheart na gnéithe treorach a sholáthar maidir le cumais náisiúnta cibearchosanta a fhorbairt chun idir-inoibritheacht a áirithiú.

Féadfar iarrachtaí comhoibríocha a éascú trí cheanglais maidir le cumais chibearchosanta den chéad ghlúin eile a chomhchuibhiú, rud as a bhféadfadh comhthionscnaimh forbartha agus soláthair agus tacaíocht chomhtháite saolré a bheith mar thoradh air. Ar an gcúis sin, forbróidh GEC agus Foireann Mhíleata AE moltaí maidir le sraith ceanglais idir-inoibritheachta cibearchosanta AE. Ní mór na ceanglais sin a mheas ar fud gach réimse pleanála lena ráthú go mbeidh gach gné den chaighdeánú ina chumasóir criticiúil don idir-inoibritheacht. Tá ceanglais maidir le tástáil, meastóireacht agus deimhniúchán ina gcumasóirí criticiúla eile.

Forbrófar caighdeáin chomhchuibhithe maidir le cibearshlándáil le haghaidh táirgí agus comhpháirteanna crua-earraí agus bogearraí i gcomhthéacs an Ghnímh um Chibear-Athléimneacht atá beartaithe 34 . Bainfidh na caighdeáin sin le gach táirge sibhialtach agus dé-úsáide ag a bhfuil eilimintí digiteacha, ar táirgí iad sin lena gcuimsítear sciar mór de na táirgí a úsáidtear san earnáil cosanta. I gcás inar féidir, spreagfaidh an Coimisiún comhleanúnachas le caighdeáin chibearshlándála do tháirgí digiteacha a bhaineann le cosaint. Mar a leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta maidir le Sineirgí idir tionscail shibhialta, tionscail chosanta agus tionscail spáis 35 (an ‘Plean Gníomhaíochta maidir le Sineirgí’), cuirfidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar le príomhpháirtithe leasmhara, plean i láthair chun úsáid na gcaighdeán sibhialta/cosanta hibrideach atá ann cheana a chur chun cinn agus chun cinn nua a fhorbairt. Ba cheart comhar idir na páirtithe leasmhara ábhartha uile a fhorbairt tuilleadh, lena náirítear eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú, Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT) agus comhpháirtithe eile, agus lánleas á baint acu as an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú chuige sin. Mar an gcéanna, nuair a fhorbróidh comhlachtaí caighdeánaithe míleata caighdeáin nua a bhaineann le cibearshlándáil do tháirgí lena bhfuil eilimintí digiteacha le haghaidh úsáid na cosanta, ba cheart caighdeáin chomhchuibhithe arna bhforbairt faoin nGníomh um Chibear-Athléimneacht a úsáid mar bhonnlíne 36 .

Gníomhaíochtaí cibearchosanta

·Tacú le Ballstáit moltaí nach bhfuil ceangailteach ó thaobh dlí a fhorbairt don phobal cosanta, arna spreagadh ag NIS2, chun cur le haibíocht chibearchosanta fhoriomlán mhéadaithe ar an leibhéal náisiúnta.

·Moltaí a fhorbairt maidir le ceanglais idir-inoibritheachta chibearchosanta AE.

·Feabhas a chur ar an gcomhar leis na gníomhaithe ábhartha uile maidir le caighdeáin a bhaineann leis an gcosaint faoi chuimsiú an Choiste Eorpaigh um Chaighdeánú Cosanta.

Gníomhaíochtaí tacaíochta sibhialtacha

·Cásanna riosca a fhorbairt le haghaidh bonneagar criticiúil a bhfuil tábhacht leis maidir le cumarsáid agus soghluaisteacht mhíleata chun díriú ar ghníomhaíochtaí ullmhachta lena náirítear trí thástáil treáite.

·Comhar a chothú idir comhlachtaí sibhialta agus míleata um chaighdeánú chun caighdeáin chomhchuibhithe a fhorbairt maidir le táirgí dé-úsáide.

3. Infheistiú i gcumais chibearchosanta

Tá méadú tagtha le blianta beaga anuas ar infheistíochtaí i gcibearchosaint san Aontas de dheasca an mhéadaithe ar na cibirghníomhaíochtaí mailíseacha arna ndéanamh ag gníomhaithe stáit agus neamhstáit. Tá sé ríthábhachtach go neartóidh an tAontas a chumais chibearchosanta. Le cogadh foghach na Rúise faoin Úcráine treisítear an gá atá le hinfheistíochtaí méadaithe, lena áirithiú go mbeidh cumais úrscothacha chibearchosanta ag na Ballstáit, idir chumais sheasta agus chumais in‑imscartha.

Tá feabhsuithe teicneolaíochta riachtanach chun buntáiste a choimeád ar bun thar iomaitheoirí agus coimhlinteoirí, a bhfuil infheistíocht shuntasach á déanamh acu i dteicneolaíochtaí nua freisin. Dá bhrí sin, ní mór don Aontas agus do na Ballstáit a gcomhar agus a n‑idir-inoibritheacht maidir le cibearchosaint a fheabhsú trí fhorbairt chomhpháirteach cumas agus infheistíochtaí méadaithe i dtaighde agus i bhforbairt.

Ina theannta sin, is gá aghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí a eascraíonn as spleáchais straitéiseacha agus as ilroinnt an EDTIB 37 . Go sonrach, tá scileanna agus inniúlachtaí riachtanach chun spleáchais straitéiseacha ar chibearshlándáil agus ar chibearchosaint san Eoraip a shárú. Ní mór do thionscal cosanta Eorpach príomhscileanna a choinneáil agus scileanna nua a ghnóthú chun go mbeidh siad ábalta réitigh ardteicneolaíochta a sholáthar i dtimpeallacht dhomhanda 38 . Tá drochthionchar ag easpa scileanna ar an earnáil cosanta, toisc go gcuireann sé isteach ar fhorbairt cumas i ngach réimse. Beidh na gníomhaíochtaí go léir i gcomhréir go hiomlán leis na cuir chuige a fógraíodh sa Phlean Gníomhaíochta maidir le Sineirgí, sa Treochlár maidir le teicneolaíochtaí criticiúla le haghaidh na slándála agus na cosanta (ʻan Treochlár) 39 agus san Anailís ar Bhearnaí 40 .

3.1. Cumais chibearchosanta úrscothacha speictrim iomláin a fhorbairt

Tá an fhreagracht agus an inniúlacht ag na Ballstáit cumais chibearchosanta a úsáid, agus tá ról tábhachtach ag an Aontas maidir le tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt bhreise ar inniúlachtaí sonracha míleata ar fud an speictrim maidir le Teagasc, Eagrú, Oiliúint, Ábhar, Pearsanra, Ceannaireacht, Saoráidí agus Idir-inoibritheacht (DOTMLPF-I) chun saoirse gníomhaíochta a chruthú sa chibearspás. Tá gá le cur chuige na cibearchosanta a aontú tuilleadh ar gach réimse cumais agus é a chur in oiriúint don timpeallacht gheopholaitiúil atá ag athrú. Is gá, dá bhrí sin, na gnéithe atá in easnamh a shainaithint sna cumais atá ann cheana agus tacú le cumais nua a fhorbairt ar bhealach comhordaithe agus intomhaiste.

Mar sin féin, ní leor go fóill leibhéal rannpháirtíochta na mBallstáit i dtionscadail chomhoibritheacha forbartha na cibearchosanta agus ba cheart é a mhéadú chun an tionchar ar leibhéal an Aontais a uasmhéadú. Ní mór do gach Ballstát a ninfheistíochtaí a mhéadú maidir le cumais chibearchosanta speictrim iomláin a fhorbairt agus iad sin a fhorbairt ar bhealach comhoibritheach. Ba cheart do na Ballstáit smaoineamh ar shraith gealltanais dheonacha a fhorbairt chun cumais náisiúnta chibearchosanta a fhorbairt, chomh maith le cumais ilnáisiúnta thar thionscadail chibearchosanta PESCO atá ann cheana 41 . Dfhéadfaí an próiseas um Athbhreithniú Comhordaithe Bliantúil ar Chosaint (CARD) a úsáid chun tús a chur le hidirphlé leis na Ballstáit maidir le ceanglais chibearchosanta agus le cuspóirí náisiúnta maidir le forbairt cumas cibearchosanta agus measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme na ngealltanas. Tá an Coimisiún ag tacú le forbairt agus taighde ar chumas cibearshlándála speictrim iomláin agus tá sé á chómhaoiniú, lena náirítear le haghaidh cumais chosanta ghníomhacha, tríd an gCiste Eorpach Cosanta (CEF). Tá infheistíochtaí i gcibearchosaint a mhéadú cheana ag an gCoimisiún féin tríd an CEF, ar cheart go mbeadh forbairt uirlisí comhchoiteanna agus/nó idir-inoibritheacha Eorpacha le haghaidh oibríochtaí cibearspáis agus bainistiú teagmhas, oibríochtaí cosanta cogaíochta faisnéise agus bearta coisctheacha, agus athléimneacht fheabhsaithe na gcóras CIS, mar thoradh air. Díríonn sé ar réimsí amhail an fheasacht staide cibearshlándála, lorgaíocht bagairtí fíor-ama agus cumais oibríochta freagrúla, cumais chibear-oibríochta agus oiliúint agus cleachtaí um chibearshlándáil 42 . Lena áirithiú go mbeidh na Ballstáit ábalta cibear-oibríochtaí comhpháirteacha a dhéanamh, tacófar le hoibríochtaí freagrúla agus le cumais chibear-oibríochtaí faoin CEF sna blianta amach romhainn. Ar deireadh, spreagtar na Ballstáit chun páirt ghníomhach a ghlacadh sna creataí comhoibríocha éagsúla agus úsáid a bhaint as na hionstraimí uile a bhunaítear ar leibhéal an Aontais, lena náirítear Fhoireann Tionscadail Chibearchosanta an GEC 43 .

Is deis thráthúil é an tathbhreithniú leanúnach ar Thosaíochtaí Forbartha Cumas 2018 AE 44 chun tosaíochtaí nuashonraithe maidir le forbairt chomhoibritheach agus chomhoibríoch a shainiú, rud a éascóidh mar sin méadú ar fhorbairt cumas comhoibritheach. Ba cheart go gcuirfí san áireamh san athbhreithniú ar an tosaíocht a bhaineann go sonrach leis an gcibearchosaint toradh CARD 2022, chomh maith le torthaí na hanailíse ar bhearnaí a cuireadh i láthair na mBallstát i mí na Bealtaine 2022. Ina dhiaidh sin, soláthrófar le CARD creat rialta chun athbhreithniú a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme na tosaíochta nuashonraithe sin ar an leibhéal náisiúnta, agus chun iniúchadh a dhéanamh ar roghanna nua atá ag teacht chun cinn maidir le forbairt chomhoibríoch cumas cibearchosanta leis na Ballstáit. Feidhmeoidh Tosaíochtaí nuashonraithe Forbartha Cumas AE mar phríomhthagairt do thionscadail PESCO maidir le cibearchosaint.

Maidir leis sin, bunaithe ar an tascáil ó Choiste Míleata AE, forbróidh Foireann Mhíleata AE an plean cur chun feidhme maidir le hoibríochtaí na Cibear-réimse i ndlúthchomhar leis na Ballstáit chun forléargas a thabhairt ar an staid mar atá maidir le cur chun feidhme cumas cibearchosanta agus chun tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit a gcuid iarrachtaí agus gníomhaíochtaí a ailíniú ar bhealach níos fearr. Tá na hiarrachtaí sin bunaithe ar Choincheap an Aontais maidir le Cibearchosaint le haghaidh Oibríochtaí agus Misin mhíleata faoi cheannas an Aontais, ag baint leas as socruithe tosaíochta an Phlean Forbartha Cumas (CDP).

Feabhas a chur ar iarrachtaí taighde maidir le príomhtheicneolaíochtaí don chibearchosaint

Chun inniúlachtaí úrscothacha cibearchosanta a chothú, is gá coinneáil suas le forbairtí teicneolaíochta agus lena gcur i bhfeidhm i gcórais a bhaineann le cosaint, go háirithe teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn agus teicneolaíochta suaiteacha (EDTanna, e.g. IS, criptiú agus ríomhaireacht chandamach) 45 . Go sonrach, ní mór don Aontas infheistíocht a dhéanamh i gcripteagrafaíocht iarchandamach lena áirithiú go mbeidh chórais chosanta slán i gcónaí. I bhfianaise luas tapa na teicneolaíochta, ní mór iarrachtaí comhoibríocha taighde agus forbartha teicneolaíochta a chur in oiriúint chun leibhéal ullmhachta teicneolaíochta atá sách ard a bhaint amach ionas gur féidir a dtoradh a chuimsiú ar bhealach níos gasta i gcumais atá ann cheana agus i gcumais a bheidh ann amach anseo.

Tá nuálaíocht theicneolaíoch ar mhaithe le cosaint á maoiniú ag an gCoimisiún faoin CEF agus ag sé ag tacú le forbairt teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn agus teicneolaíochtaí suaiteacha chomh maith le teicneolaíochtaí ceannródaíocha, lena n‑áirítear don chibearchosaint. Leithdháiltear suas le 8 % de bhuiséad CEF ar thopaicí ina bpléitear teicneolaíochtaí suaiteacha maidir le cosaint, lena n‑áirítear roinnt topaicí a bhaineann leis an gcibearchosaint. Tabharfar aird ar leith faoin CEF sna blianta amach romhainn ar bhearta agus tionscadail taighde lena dtugtar aghaidh ar theicneolaíochtaí nua arna bhforbairt i gcoinne bagairtí atá ag teacht chun cinn agus atá fabhrú chomh maith le hathléimneacht, cibearshlándáil agus a gcomhtháthú isteach in gcumais chosanta a mhéadú.

I gcomhréir le plean Gníomhaíochta EDTanna 46 , cuirfidh GEC na Ballstáit ar an eolas gach bliain faoi thírdhreach na dteicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, lena náirítear na cinn a bhaineann le cibearchosaint. Ina theannta sin, forbróidh GEC Measúnú Straitéiseach Eorpach EDTanna chun tacú leis na Ballstáit treoracha straitéiseacha fadtéarmacha a ghlacadh, sineirgí agus deiseanna comhoibríocha a aithint. Glacfaidh an Lárionad Eorpach um Inniúlacht Chibearshlándála(ECCC) clár oibre straitéiseach le haghaidh infheistíochta i bpríomhréimsí cibearshlándála, a threoróidh dá réir sin ullmhú chláir oibre amach anseo maidir de chuid na gclár Eoraip Dhigiteach agus Fís Eorpach i ndáil leis an gcibearshlándáil, agus a thacóidh faoi seach le taighde, le nuálaíocht agus le glacadh margaidh. Chun sineirgí a chothú, forbróidh ECCC agus GEC socrú oibre chun comhroinnt faisnéise a éascú i measc foirne faoi seach maidir le tosaíochtaí sibhialtacha, dé-úsáide agus teicneolaíochta cosanta.

Gníomhú ar na riachtanais teicneolaíochta maidir le cibearchosaint

Tá gá le gníomhaíocht agus comhordú breise lena áirithiú go nglacfaidh earnáil na cosanta le forbairt theicneolaíoch thapa an chibear-réimse go pras. Áirítear leis sin dlús a chur le hiarrachtaí chun teicneolaíochtaí ríthábhachtacha a shainaithint le haghaidh na cibearshlándála agus na cibearchosanta ar cheart tús áite a thabhairt dóibh chun spleáchais theicneolaíocha an Aontais a laghdú agus a mheas an dtugtar aghaidh go leordhóthanach leis an an socrú tosaíochta reatha agus na hionstraimí maoiniúcháin ar na spleáchais sin.

Chuige sin, molfaidh an Coimisiún, in éineacht le GEC agus leis na Ballstáit, in 2023 treochlár teicneolaíochta le haghaidh cibeartheicneolaíochtaí criticiúla bunaithe ar chomhairliúcháin ábhartha, lena n‑áirítear leis an tionscal i gcás inarb iomchuí. Sainaithneofar sa treochlár teicneolaíochta cíbeartheicneolaíochtaí atá tábhachtach do cheannasacht theicneolaíoch AE, cumhdófar cibearchosaint agus cibearshlándáil araon, déanfar forbairtí teicneolaíochta agus spleáchais straitéiseacha a mhapáil agus gníomhóidh sé chun iad a laghdú. Cuirfear bonn eolais leis an treochlár cíbeartheicneolaíochta faoi thosaíochtaí straitéiseacha d’ionstraimí maoiniúcháin AE agus molfar go mbainfear leas iomlán as taighde agus forbairt shibhialta agus chosanta agus as cláir forbartha cumas agus ionstraimí maoiniúcháin i gcomhréir lena rialacha rialachais faoi seach. Molfar leis freisin tuilleadh bealaí chun forbairt taighde dé-úsáide, forbairt teicneolaíochta agus nuálaíocht maidir le cibearshlándáil agus ar cibearchosaint a spreagadh ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát.

Sa chomhthéacs sin, déanfaidh an Coimisiún 47 i gcomhar leis an ECCC agus GEC in 2023, measúnú ar theicneolaíochtaí a sainaithníodh cheana mar theicneolaíochtaí ríthábhachtacha don chibearchosaint agus déanfaidh sé, le tacaíocht ón bhFaireachlann um Theicneolaíochtaí Criticiúla bfhéidir, tuilleadh spleáchais reatha a mhapáil agus a shainaithint 48 . Cuirfear san áireamh leis sin an obair a rinneadh i gcomhthéacs Dhoiciméad Faireacháin Bliantúil GEC 49 agus an Mheasúnaithe Straitéisigh Eorpaigh ar EDTanna 50 . Ina theannta sin, dfhéadfadh an ECCC tionscadal tacaíochta beartas tiomnaithe a sheoladh a dfhéadfadh cur le próiseas mapála na teicneolaíochta agus a dfhéadfadh páirtithe leasmhara ábhartha ó réimsí sibhialta agus míleata a thabhairt le chéile agus oibriú leo.

Mar chuid de na gníomhaíochtaí a leagtar amach faoin bPlean Gníomhaíochta maidir le Sineirgí, faoin Treochlár agus faoin Anailís ar Bhearnaí, tá roinnt gníomhaíochtaí ar siúl cheana féin chun na sineirgí a neartú chun leas níos fearr a bhaint as acmhainneacht iomlán teicneolaíochtaí dé-úsáide, lena n‑áirítear sa chibear-réimse.

Ina theannta sin, moltar do na Ballstáit lánúsáid a bhaint as na tionscnaimh atá ann cheana chun tacú leis an taighde agus leis an bhforbairt theicneolaíoch, eadhon don chosaint, Grúpaí Teicneolaíochta Inniúlachtaí Cosanta GEC 51 agus Bloic Tógála Teicneolaíochta OSRA 52 , creat Ad Hoc GEC 53 , an EDF agus PESCO. Maidir le teicneolaíochtaí sibhialta agus dé-úsáide, féadfaidh ECCC agus an Líonra tionscadail a bhainistiú a bhfuil gné chosanta agus gné shibhialta araon ag baint leo arna mbunú lena bhonn dlíthiúil 54 . Mar a fógraíodh sa Phlean Gníomhaíochta maidir le Sineirgí agus sa Treochlár, féachfaidh an Coimisiún le sineirgí a neartú idir gníomhaíochtaí ECCC agus EDF sa chibearshlándáil agus sa chibearchosaint, i gcomhréir le rialacha rialachais EDF.

3.2. Tionscal cosanta Eorpach atá freagrúil, iomaíoch agus nuálach

Tá tionscal cosanta Eorpach láidir, freagrúil, iomaíoch agus nuálach ag teastáil ón Aontas, ar tionscal é a bheidh ábalta speictream iomlán cumas cosanta úrscothach a sholáthar, lena náirítear cumais chibearchosanta. A mhéid a bhaineann le cibearchosaint, áfach, braitheann tionscal cosanta an Aontais go mór ar réitigh shibhialtacha agus ar mhargaí seachtracha faoi láthair chun réitigh úrscothacha a sholáthar. Cé go bhfuil dul chun cinn teicneolaíochta sa réimse sibhialtach tapa agus go bhfuil an margadh le haghaidh táirgí sibhialtacha faisnéise agus cibearshlándála ag fás go tapa, tá riachtanais mhíleata shonracha ann nach gcomhlíonann táirgí sibhialtacha den tseilf. Ní dhéantar codanna tábhachtacha de chrua-earraí agus de bhogearraí san Aontas Eorpach a úsáidtear le haghaidh na cibearchosanta faoi láthair, ar féidir leo spleáchais thionsclaíocha agus theicneolaíocha a chruthú. Níl láithreacht láidir ag an Aontas sa tionscal domhanda cibearshlándála agus cibearchosanta ach oiread. Lena EDTIB atá thar a bheith ilroinnte laghdaítear a chumas feabhas a chur ar a iomaíochas 55 , agus formhór na gcuideachtaí cibearshlándála san Aontas ina bhfiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) 56 . Tá cumas tionsclaíoch ceannasach ó thaobh na teicneolaíochta de a bheith ag an Aontas ina bhunchloch dá acmhainn chun gníomhú.

Tá an tAontas ag tacú le forbairt EDTIB láidir trí réimse clár agus tionscnamh. De bhrí go bhfuil nuálaíocht theicneolaíoch ar mhaithe le cosaint á maoiniú ag CEF agus go bhfuil sé ag tacú le forbairt teicneolaíochtaí as a dtagann comhfhorbairt cumas míleata ceannródaíoch agus a chuireann le hiomaíochas thionscal cosanta AE, tacaíonn Fís Eorpach agus an clár um Eoraip Dhigiteach le taighde cibearshlándála agus forbairt teicneolaíochtaí dé-úsáide lena náirítear candam, criptiú, néalríomhaireacht shlán agus IS 57 .

Ba cheart aghaidh a thabhairt ar ghníomhaíochtaí breise a bhaineann le teicneolaíochtaí ríthábhachtacha don chibearchosaint agus do riachtanais thionsclaíocha arna sainaithint sa treochlár teicneolaíochta le haghaidh cibeartheicneolaíochtaí criticiúla. Is gá sruthanna tacaíochta iomchuí a shainaithint, mar shampla chun comhiarrachtaí soláthair a spreagadh, amhail tríd an gClár Eorpach Infheistíochta um Chosaint a bheidh ann amach anseo, nó rochtain ar chothromas agus ar iasachtaí a éascú tríd an gCiste Eorpach Infheistíochta agus tríd an mBanc Eorpach Infheistíochta.

I gcás EDTIB láidir, is gá a áirithiú go mbainfear leas as sineirgí idir cuideachtaí sibhialta agus cuideachtaí cosanta agus go ndéanfar iad a threisiú. D’fhéadfadh tionchar dearfach a bheith ag gníomhaíochtaí nuálaíochta mar a mholtar faoi Scéim Nuálaíochta Cosanta AE (EUDIS), lena n‑áirítear for-rochtain do FBManna agus scabhtáil teicneolaíochta, ar thionscal cosanta AE agus ar EDTIB.

Seolfaidh an Coimisiún idirphlé tionscail freisin chun tionscal cibearchosanta an Aontais a fhorbairt, lena mbeidh GEC páirteach mar is iomchuí.

Molann an Coimisiún agus an tArdionadaí roinnt beart a chur i bhfeidhm lena áirithiú go mbeidh an tionscal ábalta seachadadh sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma. Is éard atá i gceist leis sin, sa ghearrthéarma, ná mionmhapáil a dhéanamh ar inniúlachtaí monaraíochta tionsclaíche chosanta AE, chun bearnaí agus réimsí ina bhfuil gá le borradh a shainaithint go beacht.

D’fhéadfaí aghaidh a thabhairt freisin ar an laghdú ar spleáchais chriticiúla i réimse na cibearshlándála, mar a d’fhéadfaí a shainaithint i dtreochláir theicneolaíocha, sa Chiste nua Eorpach um Cheannasacht arna fhógairt ag an Uachtarán von der Leyen ina haitheasc ar Staid an Aontais i mí Mheán Fómhair 2022.

Leanfar le Creat um Scagadh Infheistíochta Díreacha Coigríche AE a úsáid chun na rioscaí a mhaolú a bhaineann le teicneolaíochtaí Eorpacha a fháil nó le réitigh lena mbaineann rioscaí de réir mar a bhaineann siad le rioscaí cosanta agus slándála. Ba cheart do na Ballstáit nach bhfuil sásraí náisiúnta um scagadh curtha ar bun acu fós é sin a dhéanamh gan mhoill.

3.3. Lucht oibre cibearchosanta an Aontais Eorpaigh

Tá fíorbhearna scanrúil chibearscileanna le sárú ag an Eoraip, agus measann an Eagraíocht Eorpach um Chibearshlándáil (ECSO) go bhfuil 500 000 gairmí de dhíth cheana féin in 2022. Cuirtear bac leis mbearna scileanna sin ar chumas an Aontais teicneolaíochtaí nua a fhorbairt agus ár mbonneagar criticiúil a chosaint. Maidir le heintitis rialtais amhail na haireachtaí cosanta agus an t‑arm, leis an iomaíocht fhíochmhar i gcomhair scileanna agus na tuarastail tharraingteacha a thairgeann an earnáil phríobháideach déantar na deacrachtaí a bhaineann le tallann sa chibearshlándála a mhealladh agus a choinneáil níos measa fós.

I gcomhthéacs Bhliain Eorpach na Scileanna 2023, seolfaidh an Coimisiún tionscnamh maidir le hAcadamh Cibearscileanna. Feidhmeoidh sé mar scáth‑thionscnamh agus é mar chuspóir leis líon na ngairmithe atá oilte sa chibearshlándáil a mhéadú. Tabharfar le chéile leis an tionscnaimh iomadúla éagsúla maidir le cibearscileanna, agus áiritheofar leis comhordú, comhtháthú agus cumarsáid choiteann maidir leo. Agus é eagraithe thart ar roinnt colúin ghníomhaíochta amhail maoiniú, tacaíocht phobail, oiliúint agus deimhniúchán, rannpháirtíocht páirtithe leasmhara agus giniúint eolais, beidh an tAcadamh Cibearscileanna ábalta dul chun tairbhe don lucht saothair cibearchosanta freisin. Féachfaidh an Coláiste Eorpach um Shlándáil agus um Chosaint (ESDC) conas malartú dea-chleachtas a éascú agus sineirgí breise a chur chun cinn idir na réimsí míleata agus sibhialtacha maidir le hoiliúint agus forbairt scileanna míleata a bhaineann go sonrach le cibearspás.

Bunaithe ar anailís ar riachtanais oiliúna maidir leis an Aontas agus ar riachtanais oiliúna, déanfaidh ESDC, GEC, agus na Ballstáit gníomhaíochtaí agus cleachtaí cibearchosanta a fhorbairt agus a eagrú tuilleadh dinstitiúidí AE, doibríochtaí agus do mhisin CBSC chomh maith le hoifigigh na mBallstát. Déanfar iniúchadh ar thuilleadh forbartha ar an Cibear-Ardán um Oideachas, Oiliúint, Cleachtaí agus Meastóireacht (ETEE) an ESDC chun níos mó acmhainní oiliúna a chruthú. Ba cheart go náireofaí leis sin cúrsaí oiliúna le haghaidh oibríochtaí réimse aonair agus réimsí iomadúla. Ba cheart sineirgí a lorg go háirithe le tionscadal PESCO Acadamh agus Mol Nuálaíochta an Aontais Eorpaigh um Earnáil na Cibearchosanta (EU CAIH) 58 .

Spreagtar na Ballstáit chun cláir shonracha oideachais i réimse na cibearchosanta a fhorbairt, ag tabhairt isteach institiúidí ardoideachais agus acadúla (sibhialtach agus míleata) chun curaclaim choiteanna chibearchosanta a fhorbairt agus a chruthú, dea -chleachtais a roinnt, comhpháirtíochtaí agus tionscadail choiteanna a chruthú, agus malartú oiliúnóirí agus oiliúnaithe a éascú. Chun idir-inoibritheacht agus cultúr coiteann a áirithiú ar fud an Aontais, cothóidh an ESDC malartú idir na Ballstáit tríd an ETEE.

Ba cheart do na Ballstáit comhar níos leithne idir gníomhaithe oiliúna agus oideachais a fheabhsú, lena nascfar gnéithe sibhialtacha agus míleata sna réimsí teicniúla, oibríochtúla, straitéiseacha agus dlíthiúla araon, lena mbunaítear an bonn chun cláir oiliúna chaighdeánaithe agus chomhchoiteanna a chruthú ar leibhéil éagsúla do na pobail shibhialtacha, forfheidhmithe dlí, taidhleoireachta agus chibearchosanta. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit oibriú le soláthraithe oiliúna na hearnála príobháidí Eorpaí, chomh maith le hinstitiúidí acadúla, chun leibhéil inniúlachtaí agus scileanna an phearsanra i misin agus in oibríochtaí míleata CBSC a mhéadú.

Ina theannta sin, ba cheart comhar maidir le caighdeáin oiliúna agus deimhniúchán cibearshlándála a chur chun cinn idir na Ballstáit, EUIBAnna, comhpháirtithe idirnáisiúnta agus gníomhaithe eile, lena n‑áirítear san earnáil phríobháideach agus sa saol acadúil. Déanfaidh ESDC, ag tógáil ar thionscnaimh shibhialtacha atá ann cheana amhail an Creat Eorpach um Scileanna Cibearshlándála (ECSF) arna fhorbairt ag ENISA, creat um dheimhniúchán scileanna cibearshlándála a fhorbairt. Bhreathnódh an Coimisiún freisin ar chuir chuige chun cibearscileanna , atá ar fáil ar an margadh agus ón saol acadúil, a dheimhniú agus é ag féachaint ag an am ceanna le sineirgí a spreagadh tríd an Acadamh Cibearscileanna idir na cuir chuige sin agus ag líonadh bearnaí, go háirithe trí mhaoiniú spriocdhírithe AE.

Gníomhaíochtaí cibearchosanta

·Measúnú Straitéiseach EDT a fhorbairt chun tacú le cinntí maidir le hinfheistíochtaí straitéiseacha fadtéarmacha.

·Treochlár teicneolaíochta a fhorbairt le haghaidh cibeartheicneolaíochtaí criticiúla don Aontas faoina gcumhdófar teicneolaíochtaí ríthábhachtacha le haghaidh na cibearchosanta agus na cibearshlándála chun leibhéal na spleáchas a mheas.

·Bealaí a mholadh chun spleáchais a laghdú trí leas a bhaint as ionstraimí uile AE lena náirítear DEP, Fís Eorpach agus EDF, agus forbairt theicneolaíoch a réamhmheas chun ceannas teicneolaíoch a mhéadú agus an cumas chun gníomhú a áirithiú.

·Tacú le creat um dheimhniúchán scileanna cibearchosanta a fhorbairt.

·Cleachtaí cibearchosanta AE a fhorbairt agus iniúchadh a dhéanamh ar conas tuilleadh forbartha a dhéanamh ar ardán Cibearchosanta ETEE an ESDC chun tuilleadh acmhainní oiliúna a chruthú.

Gníomhaíochtaí tacaíochta sibhialtacha

·Acadamh Cibearscileanna AE a bhunú, ag cur san áireamh riachtanais maidir le scileanna sonracha do phróifílí gairmiúla agus dearnálacha éagsúla gníomhaíochta, lena náirítear sa lucht oibre cosanta.

·Anailís a dhéanamh ar chur chuige chun cibearscileanna a dheimhniú, ag féachaint ag an am céanna le sineirgí a chur chun cinn agus bearnaí a líonadh, lena náirítear trí mhaoiniú AE.

4. Dul i gcomhpháirtíocht chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin choiteanna

Bainfidh na comhpháirtithe tairbhe as Aontas sa chibearspás a bheidh níos cumasaí agus níos athléimní, agus as cúnamh cibearchosanta AE agus as fothú acmhainneachta a sholáthrófar trí ionstraimí ábhartha AE. Féachfaidh an tAontas le comhpháirtíochtaí saincheaptha a bhunú i réimse na cibearchosanta nuair is comhpháirtíochtaí comhthairbheacha iad sin. Tabharfar aghaidh ar chomhpháirtíochtaí maidir leis an gcibearchosaint freisin i gcomhthéacs rannpháirtíocht na dtíortha comhpháirtíochta i misin mhíleata agus in oibríochtaí míleata CBSC.

I gcás inarb iomchuí, beidh an obair sin bunaithe ar idirphlé cibearchosanta reatha chomh maith le hidirphlé slándála agus cosanta. Déanfaidh an tArdionadaí iniúchadh freisin ar na sineirgí idir,
Líonra Cibearthaidhleoireachta neamhfhoirmiúil AE agus an líonra attachés cosanta i dToscaireachtaí AE.
 

4.1. Comhar le ECAT

Tá comhpháirtíocht straitéiseach an Aontais le ECAT fíor-riachtanach i gcónaí don tslándáil Eora-Atlantach mar a chuirtear in iúl i gCompás Straitéiseach ECAT 2022 agus i gCoincheap Straitéiseach ECAT 59 . Tá an tAontas fós tiomanta go hiomlán dfheabhas a chur ar an bpríomh chomhpháirtíocht sin, lena náirítear i réimse na cibearchosanta, agus ní mór céimeanna breise a ghlacadh chun réitigh chomhroinnte ar bhagairtí agus ar dhúshláin choiteanna a fhorbairt. I gcomhréir le Dearbhuithe Comhpháirteacha Vársá agus na Bruiséile maidir le comhar idir an tAontas agus ECAT 60 agus bunaithe ar phrionsabail na trédhearcachta, na cómhalartachta agus na cuimsitheachta, na hoscailteachta chomh maith le neamhspleáchas cinnteoireachta an dá eagraíocht, tá an chibearshlándáil agus an chibearchosaint ar cheann de phríomhréimsí tosaíochta an Aontais maidir le comhar.

Ar bhonn na cómhalartachta, leanfaidh an tAontas le malartú a dhéanamh le ECAT maidir leis an gcreat coincheapúil míleata a bhaineann le gnéithe cibearchosanta a chomhtháthú i bpleanáil agus i seoladh mhisin agus oibríochtaí míleata CBSC. Féachfaidh an tAontas Eorpach le comhoiriúnacht le coincheapa agus le teagasc ECAT maidir le cibearchosaint a mhéid is féidir.

Maidir leis an éileamh mór ar chumais chibearchosanta, cuirfidh an tAontas Eorpach sineirgí agus comhlántacht le ECAT chun cinn thar theorainneacha eagraíochtúla agus náisiúnta. Rachaidh an tAontas Eorpach i gcomhpháirtíocht le ECAT chun idir- inoibritheacht theicniúil agus nós imeachta na gcumas cibearchosanta a neartú, lena n‑áirítear cumais a fhorbairt i gcomhréir leis an tionscnamh FMN. Réiteoidh sé sin an bealach d’fhorbairt agus d’úsáid fhéideartha chomhthacúil na gcumas cibearchosanta. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar idir-inoibritheacht caighdeán, a chuirfidh le cibear-athléimneacht agus le cibear-idir-inoibritheacht na gcóras cumarsáide míleata agus faisnéise, trí pháirt a thabhairt don tionscal i gcás inarb ábhartha.

Chun oiliúint chomhleanúnach a chur ar fáil do phearsanra cibearchosanta faoi seach, i gcás inarb infheidhme, neartóidh an tAontas Eorpach comhar le ECAT maidir le riachtanais oiliúna agus anailís riachtanas a chomhchuibhiú, lena bhforbrófar curaclaim chomhpháirteacha, cúrsaí comhpháirteacha agus cleachtaí comhpháirteacha. Ar bhonn phrionsabail na cómhalartachta agus an neamh‑idirdhealaithe, osclóidh ESDC a chuid cúrsaí oiliúna cibearchosanta d’fhoireann ECAT agus bunóidh sé ardán chun cúrsaí coiteanna a fhógairt. Cuirfidh an tAontas Eorpach rannpháirtíocht bhaill foirne ECAT i gcibearchleachtaí agus i gcleachtaí bainistíochta géarchéime a bhfuil cibearghnéithe ag baint leo chun cinn freisin.

Beidh an tAontas Eorpach agus ECAT rannpháirteach freisin i bhfeabhsú breise na feasachta staide frithpháirtí agus fiosróidh siad bealaí le comhordú a dhéanamh, lena n‑áirítear tríd an gcomhar idir NCIRC agus CERT‑EU a neartú. Chun comhar a chothú maidir leis na cibearghnéithe agus na himpleachtaí a bhaineann le bainistiú agus freagairt ar ghéarchéimeanna, cuirfidh an tAontas Eorpach le malartú idir foirne maidir le tionscnaimh mhíleata, shibhialtacha agus choiteanna agus, i gcás inarb infheidhme, le forbairt sineirgí féideartha maidir le creataí agus tionscnaimh bainistithe géarchéime faoi seach, lena n‑áirítear i gcás teagmhais mhórscála. Chun comhlántacht fhrithpháirteach a áirithiú agus dúbailt neamhriachtanach iarrachtaí a sheachaint, féachfaidh an tAontas Eorpach le comhar níos dlúithe agus malartú faisnéise le ECAT maidir le hiarrachtaí um fhothú acmhainneachta na cibearchosanta i dtíortha comhpháirtíochta.

4.2. Comhoibriú le comhpháirtithe a bhfuil an dearcadh céanna acu

Áireoidh an tArdionadaí saincheisteanna cibearchosanta ar bhealach níos córasaí sa chibearshlándáil atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo chomh maith le hidirphlé slándála agus cosanta le comhpháirtithe. Ós rud é go bhforbróidh gnéithe cibearchosanta in idirphlé déthaobhach, beidh méadú ar an gcumas saincheisteanna cibearchosanta a thabhairt isteach i bhformáidí eile comhair le comhpháirtithe AE.

Leanfaidh comhpháirtíocht straitéiseach an Aontais Eorpaigh leis na Stáit Aontaithe den chomhar maidir le slándáil agus cosaint a neartú ar bhealach comhthairbheach lena n‑áirítear trí mhalartú struchtúrtha faisnéise ar fheasacht staide. Deimhnítear comhpháirtíocht láidir thrasatlantach le hIdirphlé Cibearspás rialta AE-SAM agus Idirphlé Slándála agus Cosanta AE-SAM. Tabharfaidh an tArdionadaí gnéithe ábhartha den chibearchosaint isteach san idirphlé sin nuair is iomchuí.

I gcomhar lena chomhpháirtithe idirnáisiúnta, leanfaidh an tAontas Eorpach le tacaíocht a thabhairt don Úcráin, lena n‑áirítear trí idirphlé ar chibearchosaint. I bhfianaise na taithí atá ag an Úcráin ar chibear-athléimneacht agus ar cumais chibearchosanta a fhorbairt, leanfar leis an malartú dea-chleachtas maidir leis an gcibearchosaint, lena n‑áirítear faisnéis faoi thírdhreach na mbagairtí agus feasacht staide, chomh maith le forbairtí ábhartha beartais chomhleasa agus déanfar é a mhéadú.

Tá ról tábhachtach ag comhpháirtithe ag a bhfuil an dearcadh céanna maidir le cibearspás domhanda, oscailte, seasmhach agus slán a choinneáil agus is féidir leo cur le cumas AE iompar mailíseach sa chibearspás a chosc, a dhíspreagadh, stop a chur leis agus freagairt dó. Tá an tAontas Eorpach oscailte i gcónaí do rannpháirtíocht leathan, uaillmhianach agus chomhthairbheach maidir le slándáil agus cosaint, lena n‑áirítear maidir le cibearchosaint, leis na comhpháirtithe uile a bhfuil an dearcadh céanna acu.

4.3. Tacaíocht do thíortha comhpháirtíochta maidir le fothú acmhainneachta na cibearshlándála a fhorbairt

Mar gheall ar dúshláin dhomhanda agus réigiúnacha tá méadú tagtha ar idirspleáchas frithpháirteach AE agus a chomhpháirtithe agus leagtar béim ar an ngá atá le comhpháirtíochtaí níos dlúithe a bhunú maidir le slándáil agus cosaint. Tá sé sin ábhartha go háirithe do thíortha is iarrthóirí AE. Léirítear le cibirionsaithe ar mhórscála le déanaí go bhfuil gá le rannpháirtíocht agus comhpháirtíocht fheabhsaithe ón Aontas maidir le cibearshlándáil agus cibearchosaint, ag tógáil ar chláir atá ann cheana. Mar gheall ar chineál trasnáisiúnta na gcibearbhagairtí, trí chibear-athléimneacht na dtíortha comhpháirtíochta a fheabhsú, go háirithe na cinn a bhfuil leibhéal níos ísle aibíochta cibearshlándála acu, cuirfear le cibearspás níos sábháilte agus níos sláine a bhaint amach. Dá bhrí sin, bheadh an tAontas Eorpach breá ábalta cibirionsaithe a chosc, a bhrath, cosaint a thabhairt ina n‑aghaidh, agus iad a dhíspreagadh. Neartóidh an tAontas Eorpach an comhar slándála agus cosanta le tíortha comhpháirtíochta chun a gcibear-athléimneacht a neartú, lena n‑áirítear trí idirphlé atá ann cheana féin. I gcás inarb infheidhme agus ina mbeidh sé tairbhiúil do gach páirtí, oibreoidh an tAontas Eorpach le comhpháirtithe, agus go háirithe leis na tíortha sin is iarrthóirí AE atá ailínithe le Comhbheartas Eachtrach agus Slándála agus Comhbheartas Slándála agus Cosanta an Aontais, ina n‑iarrachtaí maidir le fothú acmhainneachta na cibearchosanta. D’fhéadfadh tacaíocht do chreataí beartais agus reachtacha, oiliúint, comhairle, meantóireacht agus oiliúint a chur ar fhórsaí armtha agus ar fhórsaí slándála na gcomhpháirtithe a bheith i gceist leis sin. D’fhéadfadh na Ballstáit a chinneadh cúnamh oibríochtúil cibearchosanta a sholáthar do chomhpháirtithe. Thairis sin, cabhróidh an tAontas Eorpach le comhpháirtithe a gcumas cur le misin agus oibríochtaí míleata CBSC a neartú, toisc gur ionchur luachmhar é sin sna hiarrachtaí frithpháirteacha chun an tsíocháin agus an tslándáil a chur chun cinn.

Leanfaidh an tSaoráid Síochána Eorpach (SSE) le tacaíocht a thabhairt d’iarrachtaí AE cumais chosanta a fhorbairt, lena n‑áirítear an chibearchosaint, i dtíortha comhpháirtíochta, go háirithe i gcomharsanacht an Aontais Eorpaigh, lena gcomhlánófar iarrachtaí bainistithe géarchéime CBSC. I dtaca leis sin, nuair is gá, nascfaidh an tAontas Eorpach cúnamh cibearchosanta níos fearr le fothú acmhainneacha cibearshlándála sibhialtaí, go háirithe trí Bhord Forbartha Cibearshlándála AE. Beidh comhordú éifeachtúil i measc chláir agus ionstraimí ábhartha an Aontais, lena n‑áirítear SSE, agus na mBallstát riachtanach chun go n‑éireoidh le gníomhaíochtaí cibearchosanta agus fothú acmhainneachta na cibearshlándála.

Agus tacaíocht á cur ar fáil aige do thíortha comhpháirtíochta ina n‑iarrachtaí um fhothú acmhainneachta na cibearchosanta, oibreoidh an tAontas Eorpach i ndlúthchomhar le deontóirí eile chun feasacht staide agus ardáin chomhordaithe a fhorbairt chun an tacaíocht saincheaptha is fearr is féidir a chur ar fáil agus comhleanúnachas agus neamhdhúbailt iarrachtaí a áirithiú.

Gníomhaíochtaí cibearchosanta

·Comhar idir an tAontas Eorpach agus ECAT i réimse na hoiliúna, an oideachais, na feasachta agus na gcleachtaí cibearchosanta a neartú.

·Topaicí cibearchosanta a chur san áireamh i nidirphlé slándála agus cosanta le tíortha comhpháirtíochta faoi stiúir chibearchosaint an Aontais Eorpaigh.

·Comhoibriú le tíortha a bhfuil an dearcadh céanna acu, lena náirítear i gcomhthéacs fhorbairt cumais chibearchosanta agus cibear-athléimneachta.

·Cúnamh a mhéadú do chomhpháirtithe maidir le cumas cibearchosanta a fhorbairt, lena náirítear tríd an tSaoráid Síochána Eorpach (SSE), go háirithe i gcomharsanacht an Aontais agus chun tacú le tíortha is iarrthóirí AE.

Gníomhaíochtaí tacaíochta sibhialtacha

·Comhar idir an tAontas agus ECAT a neartú i réimse na cibearshlándála ar mhaithe le feasacht staide, freagairt ar ghéarchéimeanna, bonneagar criticiúil a chosaint, agus caighdeánú agus deimhniúchán.

III. CONCLÚID

Iarrann an tArdionadaí, lena n‑áirítear ina cháil mar Cheann GEC, agus an Coimisiún ar na Ballstáit gnéithe ábhartha an Bheartais maidir le Cibearchosaint a fhorbairt agus oibreoidh sé leis na Ballstáit chun bearta praiticiúla lena gcur chun feidhme a shainaithint. D’fhéadfaí plean cur chun feidhme a bhunú i gcomhar leis na Ballstáit. Cuirfidh torthaí chur chun feidhme Bheartas AE maidir le Cibearchosaint le cuspóirí foriomlána Straitéis Cibearshlándála an Aontais Eorpaigh agus an Chompáis Straitéisigh araon.

Cuirfear tuarascáil bhliantúil ar fáil don Chomhairle chun faireachán agus measúnú a dhéanamh ar dhul chun cinn chur chun feidhme an Bheartais maidir le gCibearchosaint. Moltar do na Ballstáit cur lena n‑ionchuir maidir le dul chun cinn na mbeart cur chun feidhme a dhéanfar i bhformáidí náisiúnta nó i bhformáidí comhair.

(1)

Nuashonrú ar Chreat Beartais Cibearchosanta an Aontais Eorpaigh (CDPF) an 19 Samhain 2018, http://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-14413-2018-INIT/en/pdf

(2)

Compás Straitéiseach don tSlándáil agus don Chosaint - Le haghaidh Aontas Eorpach a chosnaíonn a shaoránaigh, a luachanna agus a leasanna agus a chuireann leis an tsíocháin agus leis an tslándáil idirnáisiúnta

(3)

Straitéis Chibearshlándála an Aontais Eorpaigh don Deacáid Dhigiteach, JOIN/2020/18 final

(4)

https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/ga/SPEECH_21_4701

(5)

  9364/22

(6)

  JOIN/2022/24 final

(7)

SEGS(2021) 706 REV4

(8)

Cibearphobail shibhialtacha, taidhleoireachta agus forfheidhmithe dlí

(9)

Foirne Mearfhreagartha Cibirtheagmhas agus Cúnamh Frithpháirteach maidir le Cibearshlándáil

(10)

An Conradh ar an Aontas Eorpach, Leagan comhdhlúite: Iris Oifigiúil C 326, 26/10/2012 P. 0001 - 0390

(11)

An Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, Leagan comhdhlúite: Iris Oifigiúil C 326 , 26/10/2012 P. 0001 - 0390

(12)

Is é an cuspóir leis an tionscadal Lárionad Comhordúcháin um Earnáil na Cibearchosanta agus Faisnéise (CIDCC) ilnáisiúnta a fhorbairt, a bhunú agus a oibriú mar bhuanghné mhíleata ilnáisiúnta.

(13)

Ag tógáil ar an gcéad dá chruinniú de Chomhdhálacha straitéiseacha na gCeannasaithe Cibearshlándála Eorpacha (CyberCo) i mí Eanáir agus i mí an Mheithimh 2022, chinn Ceannasaithe Cibearshlándála AE fóram níos buaine a bhunú ar a leibhéal féin.

(14)

Grúpa neamhfhoirmiúil lena n-áirítear seirbhísí ábhartha an Choimisiúin, SEGS, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA), CERT-EU agus Europol, faoi chomhchathaoirleacht an Choimisiúin agus an Ardionadaí.

(15)

Straitéis Chibearshlándála an Aontais Eorpaigh don Deacáid Dhigiteach, (JOIN/2020/18 final) agus Straitéis Aontas Slándála AE (COM(2020) 605)

(16)

I gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an clár don Eoraip Dhigiteach agus lena n‑aisghairtear Cinneadh (AE) 2015/2240, IO L 166, 11.5.2021, lgh. 1-34, faoi réir leasú féideartha.

(17)

  Glao Nevers chun Cumais Chibearshlándála an Aontais Eorpaigh a threisiú

(18)

https://eda.europa.eu/publications-and-data/factsheets/factsheet-cyber-phalanx

(19)

https://www.pesco.europa.eu/project/cyber-ranges-federations-crf/

(20)

Conclúidí ón gComhairle maidir le Creat le haghaidh Freagairt Chomhpháirteach Taidhleoireachta ón Aontas Eorpach maidir le Cibirghníomhaíochtaí Mailíseacha (ʻBosca Uirlisí na Cibearthaidhleoireachta’)

(21)

https://cybernews.com/security/solarwinds-hack-the-mystery-of-one-of-the-biggest-cyberattacks-ever/

(22)

https://english.ncsc.nl/topics/log4j-vulnerability

(23)

Dearbhú ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le cibirghníomhaíochtaí mailíseacha arna ndéanamh ag haiceálaithe agus ag grúpaí haiceálaithe i gcomhthéacs ionsaí na Rúise ar an Úcráin: https://www.consilium.europa.eu/en/press/press-releases/2022/07/19/declaration-by-the-high-representative-on-behalf-of-the-european-union-on-malicious-cyber-activities-conducted-by-hackers-and-hacker-groups-in-the-context-of-russia-s-aggression-against-ukraine/

(24)

Treoir maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 a chomhaontaigh na comhreachtóirí le déanaí agus a bhfuiltear ag súil go nglacfar go foirmiúil í faoi dheireadh na bliana seo.

(25)

 Togra le haghaidh Rialachán maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí lena bhfuil eilimintí digiteacha agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020,  COM/2022/454 final

(26)

Conclúidí ón gComhairle maidir le seasamh cibearshlándála an Aontais Eorpaigh a fhorbairt; ST09364/22, 23 Bealtaine 2022

(27)

https://digital-strategy.ec.europa.eu/en/policies/nis-cooperation-group

(28)

  Glao Nevers chun Cumais Chibearshlándála an Aontais Eorpaigh a threisiú

(29)

Togra le haghaidh MOLADH ÓN gCOMHAIRLE maidir le cur chuige comhordaithe ón Aontas chun athléimneacht an bhonneagair ríthábhachtaigh a neartú, COM/2022/551 final

(30)

An córas fuinnimh a dhigitiú - Plean gníomhaíochta AE COM/2022/552 final

(31)

Compás Straitéiseach don tSlándáil agus don Chosaint, 21 Márta 2022 https://www.eeas.europa.eu/sites/default/files/documents/strategic_compass_en3_web.pdf

(32)

  Cibearshlándáil líonraí 5G - Bosca Uirlisí AE ina bhfuil bearta maolaithe riosca | Todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú (europa.eu)

(33)

https://dnbl.ncia.nato.int/FMNPublic/SitePages/Home.aspx

(34)

 COM/2022/454 críochnaitheach

(35)

COM(2021) 70 final

(36)

Tá obair chaighdeánaithe ar siúl faoi láthair maidir le ceanglais chibearshlándála a bhaineann le trealamh raidió, ar bhonn Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/30. Má dhéanann an Coimisiún an rialachán tarmligthe sin a aisghairm nó a leasú agus nach mbeidh feidhm aige a thuilleadh maidir le táirgí áirithe atá faoi réir an Ghnímh um Chibear-Athléimneacht mar thoradh air sin, ba cheart don Choimisiún agus do na hEagraíochtaí Eorpacha um Chaighdeánú an obair chaighdeánaithe a dhéantar i gcomhthéacs Chinneadh Cur Chun Feidhme C(2022) 5637 ón gCoimisiún maidir leis an iarratas ar chaighdeánú don rialachán tarmligthe thuasluaite a chur san áireamh agus caighdeáin chomhchuibhithe á n-ullmhú agus á bhforbairt chun cur chun feidhme an Ghnímh maidir le Cibear-Athléimneacht a éascú.

(37)

E.g. mar a aithníodh sa Anailís ar Bhearnaí san Infheistíocht sa Chosaint

(38)

Seoladh roinnt tionscnamh, e.g. an Chomhpháirtíocht Eorpach um Scileanna Cosanta.

(39)

Sa Treochlár maidir le teicneolaíochtaí criticiúla d’iarr an Coimisiún comhar maidir le teicneolaíochtaí atá ríthábhachtach do shlándáil agus do chosaint fhadtéarmach na hEorpa a threisiú agus d’iarrachtaí chun spleáchais straitéiseacha ghaolmhara a laghdú.

(40)

Sa Teachtaireacht Chomhpháirteach maidir le hAnailís ar Bhearnaí san Infheistíocht sa Chosaint agus an Bealach Chun Tosaigh, inar mhol an Coimisiún agus an tArdionadaí roinnt beart lena áirithiú go mbeidh tionscal an Aontais ullmhaithe chun seachadadh sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma araon.

(41)

Foirne Mearfhreagartha Cibirtheagmhas agus Cúnamh Frithpháirteach maidir le Cibearshlándáil (CRRT), Lárionad Comhordúcháin um Earnáil na Cibearchosanta agus Faisnéise (CIDCC), an tArdán le haghaidh Comhroinnt Faisnéise faoi Fhreagairt Cibearbhagairtí agus Cibirtheagmhas (CTIRISP), Cónaidhmeanna Cibear-Raonta (CRF), Acadamh agus Mol Nuálaíochta an Aontais Eorpaigh um Earnáil na Cibearchosanta (EU CAIH).

(42)

Faoin gClár Eorpach Forbartha Tionscal i réimse na Cosanta (EDIDP), maoiníodh 6 thionscadal (PANDORA, DISCRETION, CYBER4DE, ECYSAP, SMOTANET agus HERMES) le buiséad EUR 39 milliún. Faoi CEF 2021 tabharfar beagnach EUR 40 milliún i gcomhair 3 thionscadal chomhoibritheacha um T&F cibearchosanta arna roghnú le haghaidh maoiniú (ACTING, AInception, EU-GUARDIAN)

(43)

Cuireann an Fhoireann Tionscadail Chibearchosanta fóram ar fáil do na Ballstáit chun cúrsaí cibearchosanta lena mbaineann impleachtaí míleata a phlé.

(44)

 Bileog eolais CDP an GEC (28.6.2018): Bileog eolais CDP

(45)

Mar a sainaithníodh sa Chlár Oibre Straitéiseach um Thaighde cibearchosanta agus sa Chlár Oibre Straitéiseach um Thaighde Uileghabhálach (OSRA)

(46)

Na ‘Teicneolaíochtaí Suaiteacha atá ag Teacht Chun Cinn’ (EDTanna): D’fhaomh Bord Stiúrtha GEC Plean Gníomhaíochta bunaithe ar chumais i gcomhdhéanamh Stiúrthóirí Taighde & Teicneolaíochta an 16 Nollaig 2021.

(47)

Lena n-áirítear an JRC

(48)

An fhaireachlann um theicneolaíochtaí criticiúla, a fógraíodh sa Phlean Gníomhaíochta maidir le sineirgí idir tionscail shibhialtacha, chosanta agus spáis.

(49)

An chéad chéim de Phlean Gníomhaíochta EDT GEC 2021.

(50)

An Dara Céim de Phlean Gníomhaíochta GEC 2021.

(51)

 Cuireann CapTechs fóraim líonraithe agus creat solúbtha le haghaidh tionscadail chomhoibritheacha ar fáil do shaineolaithe na mBallstát. Tá tuilleadh eolais faoi CapTechs a bhaineann le chibearshlándáil (Cibearshlándáil, Faisnéis, Comhpháirteanna) ar fáil ag: https://eda.europa.eu/what-we-do/research-technology/capability-technology-areas-(captechs).

(52)

 Le OSRA mapáiltear réimsí ábhartha T&T cosanta agus tugtar sonraí ann faoi dheiseanna nithiúla comhoibríocha. Tá 17 mBloc Tógála Teicneolaíochta ann mar aon lena dtreochláir teicneolaíochta a bhaineann le cibeartheicneolaíochtaí lena dtugtar aghaidh ar fheasacht staide cibearchosanta, ar chórais chumarsáide mhíleata a chosaint, ar fhaisnéis ó fhoinsí ilchineálacha a phróiseáil, ar shamhaltú agus ar ionsamhlú, ar ríomhaireacht chandamach agus ar chripteagrafaíocht, chomh maith le hiniúchadh a dhéanamh ar shineirgí idir cibearoibríochtaí agus an chogaíocht leictreonach. Tá ról lárnach ag an intleacht shaorga agus olltiomsú sonraí i bpróiseáil faisnéise.

(53)

 Sainítear Creat Ad Hoc GEC le Cinneadh (CBES) 2015/1835 ón gComhairle. Tá 6 thionscadal lena mbaineann gnéithe cibeartheicneolaíochta á gcur i bhfeidhm sa chreat sin faoi láthair, lena bhfuil buiséad thart ar EUR 20 milliún (ANQUOR, CERERE, EDA SOC 2, MASFAD II, PASEI II, ASSAI).

(54)

Rialachán (AE) 2021/887 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta Cibearshlándála, Teicneolaíochta Cibearshlándála agus Taighde Cibearshlándála agus Líonra na Lárionad Náisiúnta Comhordúcháin.

(55)

Mar a shainaithníodh sa Teachtaireacht Chomhpháirteach ar an Anailís ar Bhearnaí san Infheistíocht sa Chosaint agus an Bealach chun Tosaigh.

(56)

Meastar gurb é 2 500 líon iomlán na FBManna san Aontas, a oibríonn sna slabhraí soláthair cosanta ilsrathacha a mbíonn gné thrasteorann go minic. Freastalaíonn siad ar chustaiméirí na réimse cosanta agus baineann 7.8 % dá ngnó le cibearchosaint.

(57)

Samhlaítear leis an gclár Fís Eorpach go rachaidh sineirgí le CEF chun tairbhe do thaighde sibhialta agus cosanta, cé go mbeidh gníomhaíochtaí faoin gCreatchlár dírithe ar fheidhmeanna sibhialta amháin.

(58)

https://www.pesco.europa.eu/project/eu-cyber-academia-and-innovation-hub-eu-caih/

(59)

https://www.nato.int/strategic-concept/

(60)

Sínithe in 2016 agus 2018 faoi seach

Top