EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022HB0024

Moladh ón mbanc Ceannais Eorpach an 17 Bealtaine 2022 chuig Comhairle an Aontais Eorpaigh maidir le hiniúchóirí seachtracha Banco de Portugal (BCE/2022/24) 2022/C 210/01

ECB/2022/24

OJ C 210, 25.5.2022, p. 1–1 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

25.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 210/1


MOLADH ÓN MBANC CEANNAIS EORPACH

an 17 Bealtaine 2022

chuig Comhairle an Aontais Eorpaigh maidir le hiniúchóirí seachtracha Banco de Portugal

(BCE/2022/24)

(2022/C 210/01)

TÁ COMHAIRLE RIALAITHE AN BHAINC CEANNAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 27.1 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Déanann iniúchóirí seachtracha neamhspleácha atá molta ag Comhairle Rialaithe BCE agus a fhormheasann Comhairle an Aontais Eorpaigh iniúchadh ar chuntais an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE) agus ar chuntais bhainc cheannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu.

(2)

Tháinig deireadh le sainordú iniúchóirí seachtracha reatha Banco de Portugal, Deloitte & Associados — Sociedade de Revisores Oficiais de Contas S.A., tar éis an iniúchta don bhliain airgeadais 2021. Dá bhrí sin, is gá iniúchóirí seachtracha a cheapadh don bhliain airgeadais 2022.

(3)

Roghnaigh Banco de Portugal PriceWaterhouseCoopers & Associados - Sociedade de Revisores Oficiais de Contas Lda a bheith ina n-iniúchóirí seachtracha air do na blianta airgeadais 2022 go 2026,

TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:

Moltar go gceapfaí PriceWaterhouseCoopers & Associados - Sociedade de Revisores Oficiais de Contas Lda mar iniúchóirí seachtracha ar Banco de Portugal do na blianta airgeadais 2022 go 2026.

Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, an 17 Bealtaine 2022.

Uachtarán an BCE

Christine LAGARDE


Top