AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,28.3.2022
COM(2022) 129 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN
maidir le hoibriú foriomlán na rialuithe oifigiúla a rinneadh sna Ballstáit (2019-2020) chun cur i bhfeidhm dhlí an bhia agus na beatha agus na rialacha maidir le sláinte agus leas na n-ainmhithe, le sláinte na bplandaí, agus le táirgí cosanta plandaí a áirithiú
{SWD(2022) 73 final}
Séanadh
Tá an tuarascáil seo dréachtaithe agus foilsithe ag an gCoimisiún Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 114 de Rialachán (AE) 2017/625. Is aidhm don tuarascáil seo feabhas a chur ar infhaighteacht an phobail ar fhaisnéis maidir le rialuithe oifigiúla a dhéanann tíortha an Aontais Eorpaigh, agus maidir le rialuithe an Choimisiúin orthu siúd, i réimsí shábháilteacht an bhia agus na beatha ainmhithe, shláinte na n-ainmhithe agus na bplandaí, leas na n-ainmhithe, na feirmeoireachta orgánaí agus na scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus d’earraí bia. Is í Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh amháin atá inniúil dlí an Aontais a léirmhíniú. Is é an cuspóir atá againn an fhaisnéis seo a choinneáil cothrom le dáta agus cruinn. Má tharraingítear ár n-aird ar earráidí, déanfaimid iarracht iad a cheartú.
An t-ábhar a úsáidtear don tuarascáil seo:
●is faisnéis de chineál ginearálta é agus níl sé beartaithe go dtabharfar aghaidh ar chúinsí sonracha aon duine ar leith ná aon eintitis ar leith;
●ní gá go mbeadh sé cuimsitheach, iomlán, cruinn ná cothrom le dáta;
●i bpáirt, is iad údaráis náisiúnta sna Ballstáit a chuireann ar fáil é, agus níl aon smacht ag an gCoimisiún orthu ná níl aon fhreagracht ar an gCoimisiún ina leith.
D’fhéadfadh sé gur cruthaíodh nó gur leagadh amach roinnt sonraí nó faisnéisí sa tuarascáil seo i gcomhaid nó i bhformáidí nach bhfuil saor ó earráidí.
Clár
Achoimre Feidhmiúcháin
Réamhrá
An creat dlíthiúil
Rialuithe oifigiúla arna ndéanamh ag na Ballstáit
Forléargas ginearálta
Tuarascálacha bliantúla na mBallstát
Eagrú agus feidhmíocht na gcóras rialaithe oifigiúil
Bearta a glacadh chun oibriú éifeachtach na bpleananna rialaithe ilbhliantúla náisiúnta a áirithiú
Gníomhaíochtaí chun comhlíonadh na ngnólachtaí a áirithiú
Forfheidhmiú ag na húdaráis náisiúnta
Gníomhaíochtaí chun oibriú éifeachtach na seirbhísí rialaithe oifigiúil a áirithiú
Gníomhaíochtaí rialaithe an Choimisiúin sna Ballstáit
Iniúchtaí
Moltaí
Tuairiscí forléargais
Príomhphointí ó na rialuithe a rinne an Coimisiún (2019-2020)
Gníomhaíochtaí rialaithe eile de chuid an Choimisiúin
Teacht isteach ainmhithe agus earraí san Aontas
Iarmhair táirgí íocshláinte tréidliachta agus éilleáin chomhshaoil in ainmhithe agus i dtáirgí de bhunadh ainmhíoch
Obair leantach chórasach ar mholtaí iniúchóireachta
Iniúchtaí ginearálta leantacha
Próifílí Tíre
Forfheidhmiú
Tacaíocht do na Ballstáit
Líonraí
Oiliúint níos fearr le haghaidh bia níos sábháilte
Conclúidí
Achoimre Feidhmiúcháin
Clúdaíonn an tuarascáil seo feidhmiú foriomlán rialuithe oifigiúla thíortha an Aontais Eorpaigh agus gníomhaíochtaí rialaithe an Choimisiúin a rinneadh in 2019 agus in 2020 chun ardleibhéal muiníne agus cosanta sláinte sa bhiashlabhra, ón bhfeirm go forc, a chinntiú. Tá na rialuithe agus na hiniúchtaí sin tábhachtach chun a fhíorú go bhfuil na ceanglais dhlíthiúla á gcomhlíonadh ag gnólachtaí agus ionas gur féidir le tomhaltóirí Eorpacha muinín a bheith acu go bhfuil an bia a chaitheann siad sábháilte. Tá siad ríthábhachtach freisin le haghaidh feidhmiú rianúil thrádáil shábháilte an bhia, na n-ainmhithe agus na bplandaí, laistigh den Aontas agus le tíortha nach bhfuil san Aontas.
Tá na húdaráis náisiúnta freagrach as rialuithe oifigiúla a dhéanamh ar bhonn riosca. Mura gcomhlíonann gnólachtaí feadh an bhiashlabhra an reachtaíocht ábhartha, ceanglaítear ar na húdaráis na ceanglais a fhorfheidhmiú, rud a chinntíonn go gcomhlíonann na gnólachtaí na ceanglais sin.
Rialaíonn seirbhísí an Choimisiúin cur chun feidhme na rialuithe oifigiúla agus na ngníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin ag tíortha an Aontais. Sna tuarascálacha ó na rialuithe sin, a fhoilsítear ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin, tugtar léargas soiléir ar fheidhmíocht thíortha an Aontais agus is cuid shuntasach iad den phróiseas athbhreithnithe a chinntíonn go bhfuil reachtaíocht an Aontais oiriúnach dá feidhm.
Léiríonn rialuithe an Choimisiúin, go ginearálta, go bhfuil na córais is gá i bhfeidhm ag na Ballstáit chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme cheanglais an Aontais ag gnólachtaí agus chun an cur chun feidhme sin a chinntiú, agus chun bearta a dhéanamh i gcás ina bhfuil fadhbanna neamhchomhlíonta ann. I roinnt tíortha, sainaithníodh le linn na rialuithe easnaimh sna córais rialaithe oifigiúla, rud a léirigh go bhféadfaí feabhas a chur ar chúrsaí.
Déanann an Coimisiún bearta leantacha go córasach ar a mholtaí iniúchóireachta do thíortha an Aontais agus, nuair is gá, baineann sé úsáid as uirlisí forfheidhmithe eile. Ina theannta sin, tacaíonn sé le tíortha an Aontais trí chúnamh teicniúil agus oiliúint a chur ar fáil tríd an tionscnamh “Oiliúint Níos Fearr le haghaidh Bia Níos Sábháilte” agus trí chruinnithe teicniúla shaineolaithe na mBallstát.
Ba i bhformáid chomhchuibhithe leictreonach, den chéad uair, a thuairiscigh na Ballstáit torthaí na rialuithe a rinne siad in 2020. D’fhorbair an Coimisiún agus na húdaráis náisiúnta doiciméad treorach chun tacú leis sin. Mar sin féin, níor chuir gach tír a gcuid sonraí uile isteach san fhormáid a bhí ag teastáil, agus bhí Ballstát amháin ann nár chuir tuarascáil ar bith isteach. Leanfaidh an Coimisiún de bheith ag obair leis na húdaráis náisiúnta chun iomláine na sonraí a fheabhsú le haghaidh na dtuarascálacha bliantúla amach anseo.
Le linn 2020, chuir paindéim COVID-19 dúshláin roimh na húdaráis náisiúnta agus roimh an gCoimisiún agus a gcuid rialuithe agus iniúchtaí á gcur i gcrích acu. Bhíothas in ann sreabhadh sábháilte na n-ainmhithe, na bplandaí agus na n-earraí a choinneáil ar bun agus ganntanais soláthair a chosc faoi dhálaí neamhghnácha COVID-19 trí chuid, ar a laghad, de na rialuithe agus na hiniúchtaí sin a dhéanamh go cianda.
Réamhrá
Tá sé mar aidhm ag an Aontas Eorpach leibhéal ard muiníne agus cosanta sláinte a áirithiú sna réimsí seo a leanas: sábháilteacht an bhia agus na beatha, sláinte na n-ainmhithe agus na bplandaí, leas na n-ainmhithe, scéimeanna feirmeoireachta orgánaí agus tionscnaimh gheografaigh (sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint, tásc geografach faoi chosaint, speisialtachtaí traidisiúnta faoi ráthaíocht, STFC/TGFC/STR). Tá na daoine atá ina gcónaí san Aontas Eorpach ag súil le hardchaighdeáin sna réimsí sin, mar is ceart.
Tá creat dlíthiúil cuimsitheach de chuid an Aontais i bhfeidhm chun rialuithe comhsheasmhacha ar fud an tslabhra bia agus beatha, ón bhfeirm go dtí an forc, chomh maith le faireachán iomchuí, a áirithiú, agus margadh aonair éifeachtach agus an trádáil le tíortha nach bhfuil san Aontas á n-áirithiú ag an am céanna.
Ceann de cholúin bheartas comhtháite an Aontais maidir leis an tsábháilteacht bia ón bhfeirm go dtí an forc is ea nach mór do gach tír san Aontas córas rialaithe oifigiúil éifeachtach a bheith aici, ar bhonn an Rialacháin maidir le Rialuithe Oifigiúla, chun comhlíonadh chaighdeáin an Aontais ag gnólachtaí a fhíorú agus, nuair is gá, a fhorfheidhmiú ar fud an tslabhra bia agus beathaithe. Ní mór do thíortha an Aontais pleananna rialaithe ilbhliantúla a chur i dtoll a chéile a chumhdóidh gach réimse a rialaítear le reachtaíocht agraibhia an Aontais.
Tá ról tábhachtach ag an gCoimisiún sa chreat foriomlán rialaithe ar leibhéal an Aontais agus déanann sé rialuithe, lena n-áirítear iniúchtaí, i dtíortha an Aontais chun a fhíorú go bhfuil a n-údaráis náisiúnta ag comhlíonadh a n-oibleagáidí rialaithe.
Ní mór do thíortha an Aontais tuarascáil bhliantúil a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme a rialuithe oifigiúla i gcomhréir lena bplean rialaithe ilbhliantúla.
Cuireann an Coimisiún tuarascáil ar fheidhmiú rialuithe oifigiúla i dtíortha an Aontais i dtoll a chéile , ag cur san áireamh an méid seo a leanas:
●na tuarascálacha bliantúla arna dtíolacadh ag na húdaráis náisiúnta maidir lena ngníomhaíochtaí rialaithe, agus;
●torthaí rialuithe an Choimisiúin a rinneadh sna Ballstáit.
Clúdaíonn an tuarascáil seo na blianta 2019 agus 2020. Is éard atá ann ná athbhreithniú ar na nithe seo a leanas:
·Tuarascálacha bliantúla na mBallstát lena gcumhdaítear na blianta 2019 agus 2020;
·Gníomhaíochtaí rialaithe an Choimisiúin i dtíortha an Aontais;
·Bearta leantacha agus forfheidhmithe de chuid an Choimisiúin agus tacaíocht a cuireadh ar fáil do na húdaráis náisiúnta.
Cuireann sé tiomsú sonraí inchomparáide ar fáil ina staitisticí uile-Aontais don bhliain 2020. Leis na sonraí sin, beifear in ann, le himeacht ama, treochtaí sna rialuithe agus sna saincheisteanna neamhchomhlíonta a shainaithint.
Tá doiciméad inmheánach oibre ag gabháil leis an tuarascáil ina dtugtar níos mó sonraí ar na rialuithe agus na hiniúchtaí a rinne na húdaráis náisiúnta agus an Coimisiún i réimsí an bhiashlabhra a thagann faoin Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla.
An creat dlíthiúil
Faoi ‘Dhlí Ginearálta an Bhia’, is ar ghnólachtaí feadh an bhiashlabhra atá an phríomhfhreagracht as a chinntiú go mbíonn an bia sábháilte. Baineann rialacháin shonracha de chuid an Aontais leis na ceanglais maidir leis an táirgeadh orgánach agus le lipéadú na dtáirgí orgánacha agus le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (STFC/TGFC/STR).
Tá sé d’oibleagáid ar thíortha an Aontais a fhíorú go gcomhlíonann gnólachtaí reachtaíocht infheidhme an Aontais, agus an comhlíonadh sin a fhorfheidhmiú nuair is gá. Déantar cur síos ina bpleananna rialaithe ilbhliantúla ar na córais rialuithe oifigiúla atá ann chun na críche sin.
Leagtar amach sa Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla na ceanglais do na córais rialaithe sin, do na pleananna rialaithe ilbhliantúla agus do chur i gcrích na rialuithe oifigiúla. Is iad seo a leanas na ceanglais is ábhartha a bhaineann leis na córais rialaithe oifigiúla agus leis na pleananna rialaithe ilbhliantúla:
●áirítear an méid seo a leanas sa raon feidhme:
—an bia agus sábháilteacht an bhia,
—scaoileadh réamhbheartaithe na n-Orgánach Géinmhodhnaithe (OGManna) sa timpeallacht chun críche bia agus beatha a tháirgeadh,
—an bheatha agus sábháilteacht na beatha,
—sláinte na n-ainmhithe,
—seachtháirgí ainmhithe,
—leas na n-ainmhithe,
—sláinte na bplandaí,
—táirgí cosanta plandaí,
—an táirgeadh orgánach agus lipéadú na dtáirgí orgánacha,
—úsáid agus lipéadú na sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint, na dtásc geografach faoi chosaint agus na sainearraí traidisiúnta, agus
—sáruithe d’aon ghnó ar na rialacha a dhéantar trí chleachtais chalaoiseacha nó trí chleachtais mheabhlacha;
●ní mór do na húdaráis náisiúnta tuairisc a thabhairt ar a gcuspóirí straitéiseacha agus ar chatagóiriú riosca na rialuithe oifigiúla atá ina bpleananna rialaithe ilbhliantúla náisiúnta;
●ní mór an plean rialaithe ilbhliantúil náisiúnta a chur ar fáil don phobal, cé is moite d’eisceachtaí teoranta áirithe.
Áirítear sa Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla forálacha maidir le feabhas leanúnach a chur ar na rialuithe oifigiúla. Léiríonn Fíor 1 an chaoi a bhfuil torthaí na rialuithe oifigiúla tábhachtach chun tacú le tíortha an Aontais measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht a gcóras rialaithe agus feabhsuithe a dhéanamh air de réir mar is gá. Ina theannta sin, d’fhéadfadh athruithe a chur ar an bplean rialaithe de thoradh athruithe reachtaíochta, saincheisteanna atá ag teacht chun cinn agus faisnéise faoin margadh.
Léaráid 1 – córais rialaithe oifigiúla – an timthriall feabhsúcháin leanúnaigh
Ceanglaítear leis an Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla ar an gCoimisiún rialuithe a dhéanamh i dtíortha an Aontais, agus ní mór dóibh aon saincheisteanna a aithnítear sna rialuithe sin a réiteach.
Ní mór do na Ballstáit a dtuarascálacha bliantúla a chur isteach i bhformáid leictreonach chun tiomsú sonraí a éascú a thuilleadh. Tá foirm shamplach chaighdeánach cruthaithe ag an gCoimisiún chuige sin, i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta. D’fhorbair an Coimisiún ardán digiteach tiomnaithe chun tuarascálacha bliantúla a chur isteach san fhormáid nua seo. Ina theannta sin, d’fhorbair líonra ionadaithe na mBallstát, a bhfuil an Coimisiún ina chathaoirleach air, nóta treorach
maidir le conas an fhoirm a líonadh isteach, chun cabhrú leis na húdaráis náisiúnta na ceanglais tuairiscithe nua a chomhlíonadh.
Cumhdaíonn an fhoirm shamplach faisnéis maidir le leasuithe ar an bplean rialaithe ilbhliantúil náisiúnta, torthaí na rialuithe oifigiúla, na saincheisteanna maidir le neamhchomhlíonadh a braitheadh, agus bearta a rinneadh chun cur chun feidhme éifeachtach na bpleananna rialaithe ilbhliantúla náisiúnta a áirithiú.
Is é is aidhm don fhormáid chaighdeánaithe:
●cur i láthair aonfhoirmeach thuarascálacha bliantúla na mBallstát a áirithiú;
●ceanglais tuairiscithe eile atá ann cheana a chomhtháthú; agus
●bailiú agus tarchur sonraí inchomparáide a éascú, chomh maith le tiomsú na sonraí sin i staitisticí uile-Aontais agus ullmhú tuarascálacha ón gCoimisiún maidir le feidhmiú na rialuithe oifigiúla ar fud an Aontais.
Bhain na húdaráis náisiúnta úsáid as an bhfoirm leictreonach chomhchuibhithe den chéad uair chun tuairisc a thabhairt ar na rialuithe oifigiúla a rinneadh in 2020.
Ní mór do thíortha an Aontais a gcuid rialuithe oifigiúla a chur i gcrích le leibhéal ard trédhearcachta. Uair sa bhliain ar a laghad, ní mór dóibh faisnéis ábhartha maidir le heagrú agus cur i gcrích na rialuithe sin a fhoilsiú. Tá sé de rogha acu é sin a dhéanamh tríd an tuarascáil bhliantúil a chuirtear faoi bhráid an Choimisiúin a fhoilsiú.
Le linn phaindéim COVID-19, bhí srianta gluaiseachta i bhfeidhm i mbeagnach gach tír san Aontas. Bhí tionchar diúltach acu sin ar chumas na dtíortha baill foirne a imscaradh ar rialuithe oifigiúla, go háirithe nuair a bhíodh gá le duine a bheith i láthair go fisiciúil ar an suíomh, le hanailísí saotharlainne chun críocha rialaithe, nó le síniú agus eisiúint deimhnithe oifigiúla ar pháipéar. I mí an Mhárta 2020, chuir an Coimisiún bearta sealadacha chun feidhme chun feidhmiú rianúil mhargadh inmheánach an Aontais a choinneáil ar bun agus chun saorghluaiseacht na n-earraí a áirithiú. D’éascaíodh leis na beart sin na nithe seo a leanas:
●daoine aonair a údarú chun rialuithe oifigiúla a dhéanamh;
●sonraí leictreonacha a úsáid agus cóipeanna de dheimhnithe a ghlacadh;
●úsáid na físchomhdhála agus uirlisí cianchumarsáide eile le haghaidh rialuithe oifigiúla.
Cuid 1
Rialuithe oifigiúla arna ndéanamh ag na Ballstáit
1
Forléargas ginearálta
Tá slabhraí éagsúla i dtáirgeadh agus dáileadh bia ón bhfeirm go dtí an forc, rud a chlúdaíonn raon leathan réimsí agus gníomhaíochtaí.
I dTábla 1 tugtar forléargas ar líon iomlán na n-eintiteas sa bhiashlabhra, na rialuithe oifigiúla a rinneadh, na saincheisteanna neamhchomhlíonta a sainaithníodh, agus na smachtbhannaí riaracháin agus na ngníomhaíochtaí breithiúnacha a rinneadh ar fud an bhiashlabhra, in 2020, ar leibhéal an Aontais.
Tábla1 – rialuithe oifigiúla – 2020 – figiúirí ginearálta
Iomlán na n-eintiteas sa bhiashlabhra
|
Rialuithe oifigiúla a cuireadh i gcrích
|
Saincheisteanna a aithníodh maidir le neamhchomhlíonadh
|
Smachtbhannaí riaracháin a cuireadh i bhfeidhm
|
Gníomhartha breithiúnacha a rinneadh
|
16 834 486
|
4 125 695
|
654 955
|
388 268
|
12 699
|
Tugtar forbhreathnú i bhFigiúr 2 ar na rialuithe oifigiúla a rinne na Ballstáit in 2020, ón bhfeirm go dtí an forc. Léirítear ann líon na n-oibreoirí, na rialuithe oifigiúla a rinneadh, na saincheisteanna neamhchomhlíonta a sainaithníodh agus na smachtbhannaí riaracháin a cuireadh i bhfeidhm, agus iad roinnte de réir na ngníomhaíochtaí éagsúla sa bhiashlabhra.
Léirítear i dTábla 2, i bhfigiúirí dearbha, na cúig earnáil den bhiashlabhra is mó líon na n-eintiteas, na rialuithe oifigiúla a rinneadh, na saincheisteanna neamhchomhlíonta a sainaithníodh agus na smachtbhannaí riaracháin a cuireadh i bhfeidhm.
Sa doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis an tuarascáil seo tugtar miondealú breise ar na figiúirí sin thar réimsí éagsúla an bhiashlabhra.
Léaráid 2 – Rialuithe oifigiúla a rinne Ballstáit an Aontais – 2020
|
Feirmeoireacht – plandaí
|
#
|
Líon na n-oibreoirí
|
|
Feirmeoireacht – ainmhithe
|
|
Líon na rialuithe oifigiúla
|
|
Feirmeoireacht – measctha
|
|
Líon na saincheisteanna maidir le neamhchomhlíonadh
|
|
An dobharshaothrú
|
|
Líon na smachtbhannaí riaracháin
|
|
Iascaireacht
|
|
|
|
Seilg
|
|
|
|
Beatha ainmhithe
|
|
|
|
Iompar ainmhithe
|
|
|
|
Seamlais agus láimhseáil géim
|
|
|
|
Táirgeadh bia
|
|
|
|
Próiseáil seachtháirgí ainmhithe
|
|
|
|
Dáileadh bia
|
|
|
|
Mórdhíol agus miondíol
|
|
|
|
Seirbhís bhia
|
|
|
|
Táirgeoirí ábhar a bhíonn i dteagmháil le bia
|
|
|
Tábla 2 – Rialuithe oifigiúla 2020 – forléargas ginearálta
Eintitis
|
|
An fheirmeoireacht
|
8 233 476
|
Mórdhíol bia
|
3 957 451
|
Seirbhís bhia
|
2 509 326
|
Táirgeadh bia
|
1 234 557
|
Beatha ainmhithe
|
248 634
|
|
Rialuithe oifigiúla
|
|
Iompar na n-ainmhithe
|
969 746
|
Mórdhíol bia
|
850 550
|
Seirbhís bhia
|
844 865
|
Táirgeadh bia
|
730 057
|
An fheirmeoireacht
|
443 684
|
|
Saincheisteanna maidir le neamhchomhlíonadh
|
|
Seirbhís bhia
|
226 092
|
Mórdhíol bia
|
167 746
|
Táirgeadh bia
|
117 313
|
An fheirmeoireacht
|
92 280
|
Iompar na n-ainmhithe
|
16 793
|
|
Smachtbhannaí riaracháin
|
|
Mórdhíol bia
|
131 761
|
Seirbhís bhia
|
112 787
|
Táirgeadh bia
|
70 329
|
An fheirmeoireacht
|
51 243
|
Iompar na n-ainmhithe
|
7 787
|
|
2
Tuarascálacha bliantúla na mBallstát
Éascaíonn úsáid na foirme samplaí caighdeánaí nua ar an ardán digiteach tuairisciú, trí mheán leictreonach agus ar bhealach aonfhoirmeach, maidir le torthaí na rialuithe oifigiúla, cineál agus líon na gcásanna neamhchomhlíonta agus na mbeart a rinneadh. Dá bhua sin is fusa iad a thiomsú i staitisticí uile-Aontais.
Is é an 31 Lúnasa an spriocdháta dlíthiúil chun an tuarascáil leictreonach a chur isteach. Toisc gur úsáideadh an t-ardán seo den chéad uair le haghaidh tuarascálacha bliantúla 2020, osclaíodh an t-ardán arís an 15 Deireadh Fómhair 2021 ionas go bhféadfaí tuarascálacha déanacha a chur isteach. Ina ainneoin sin, níor thíolaic Málta a thuarascáil in am le bheith san áireamh sa tuarascáil seo.
Mar gheall ar an athrú ar an tuairisciú, bhí fadhbanna ag roinnt Ballstát na sonraí a bhailiú san fhormáid ba ghá. Rud eile a bhí níos deacra do na Ballstáit ab ea torthaí a rialuithe a chur i gcomparáid leis na torthaí ó na blianta roimhe sin.
Tá roinnt boscaí téacs ar ardán na dtuarascálacha le haghaidh cur síos ar na hábhair ábhartha. Thug na húdaráis náisiúnta níos lú faisnéise ná mar a bhí i dtuarascálacha na mblianta roimhe sin, agus níos lú ná mar a bhí beartaithe sa nóta treorach.
Maidir le leas na n-ainmhithe, níor sholáthair na Ballstáit i gcoitinne anailís ar na torthaí ba thromchúisí, ná a gcuid pleananna gníomhaíochta chun atarluithe a chosc nó a laghdú. Fágann sin nach féidir leis an gCoimisiún achoimre a chur ar fáil ina leith sin.
Ar an gcaoi chéanna, níor soláthraíodh ach faisnéis an-teoranta maidir leis na rialuithe a díríodh ar chleachtais chalaoiseacha agus mheabhlacha.
3
Eagrú agus feidhmíocht na gcóras rialaithe oifigiúil
Tá córais rialaithe oifigiúla bunaithe ag na Ballstáit chun a fhíorú go bhfuil an creat dlíthiúil á chur i bhfeidhm ag gnólachtaí bia agus beatha.
Ina bpleananna rialaithe ilbhliantúla náisiúnta, leag na húdaráis náisiúnta a gcuspóirí straitéiseacha amach. Sa treoraíocht faoi na tuarascálacha bliantúla, iarradh orthu tábla a chur isteach a léireodh torthaí na dtáscairí feidhmíochta a úsáidtear chun na cuspóirí sin a thomhas. Níor thug formhór thíortha an Aontais a leithéid d’fhorbhreathnú ar thorthaí a dtáscairí. Seo a leanas roinnt samplaí dearfacha atá le tabhairt faoi deara:
●Cuireann an Bheilg baraiméadair maidir le sábháilteacht an bhia, sláinte na n-ainmhithe agus sláinte na bplandaí ina tuarascáil bhliantúil phoiblí (go dtí an bhliain tuairiscithe 2019, ba í sin an tuarascáil a cuireadh chuig an gCoimisiún). Is féidir le léitheoirí comparáid a dhéanamh idir torthaí an bharaiméadar do bhlianta éagsúla lena fháil amach an bhfuil feabhas ag teacht ar an staid sna réimsí sin.
●Thug an Fhionlainn roinnt samplaí den chaoi a bhféadfadh athruithe ar spriocanna nó ar chuspóirí teacht as torthaí na rialuithe oifigiúla:
■mar thoradh ar an líon ard easnamh a chonacthas maidir le leas na n-ainmhithe le linn an iompair, méadaíodh minicíocht na rialuithe oifigiúla ar leas na n-ainmhithe agus iad á n-iompar;
■maidir le sampláil na leasachán, bhí líon na n-easnamh a bhraith siad sách ard i dtaca le líon beag na samplaí a glacadh, rud a thugann le fios gur éirigh le spriocdhíriú na rialuithe ar bhonn an riosca;
■léirigh an faireachas margaidh ar thrádáil na síolta go raibh níos lú easnamh ann i gcomparáid leis na blianta roimhe sin. Os a choinne sin, tháinig smachtbhannaí as thart ar 30% de na cásanna, rud a léirigh feabhas ar éifeachtacht na rialuithe.
Bhí fadhbanna ag gach tír san Aontas maidir leis na cláir chigireachta iomlána a chur chun feidhme, mar gheall ar na srianta a cuireadh i bhfeidhm chun paindéim COVID-19 a shrianadh.
Áiríodh leibhéil foirne, acmhainní agus na hullmhúcháin le haghaidh Brexit ar na tosca eile a chuir isteach ar na húdaráis náisiúnta a gcláir bheartaithe a chur chun feidhme go hiomlán.
Rialuithe oifigiúla le linn paindéime
Mar gheall ar na srianta éagsúla a cuireadh i bhfeidhm chun srian a chur ar leathadh COVID-19 agus mar gheall ar an tionchar a bhí acu sin ar imscaradh acmhainní foirne, is deacra do thíortha an Aontais na rialuithe oifigiúla uile a chur i gcrích mar a bhí beartaithe ar dtús don bhliain 2020. Cé go raibh solúbthacht ann maidir le conas rialuithe oifigiúla a chur i gcrích, bhí ar na húdaráis náisiúnta athmhachnamh a dhéanamh ar a bpleananna leanúnachais gnó agus tosaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí rialaithe a measadh a bheith fíor-riachtanach, sin agus aghaidh á tabhairt acu ar athruithe de thoradh na paindéime ar sholáthar an bhia go margadh an Aontais, amhail an méadú ar an ríomhthráchtáil agus ar sheirbhísí beir leat.
Ar na gníomhaíochtaí a rinne na húdaráis náisiúnta bhí:
●na rialuithe a rinneadh i réimsí áirithe a chur siar agus/nó a líon a laghdú (bunaithe ar mheasúnú riosca);
●an t-am ba ghá ar an láthair a laghdú tríd an gcuid dhoiciméadach den rialú a dhéanamh go cianda;
●teicnící iniúchta cianda a úsáid.
4
Bearta a glacadh chun oibriú éifeachtach na bpleananna rialaithe ilbhliantúla náisiúnta a áirithiú
Is é cuspóir an phlean rialaithe ilbhliantúil náisiúnta a áirithiú go ndéanfar rialuithe oifigiúla ar bhealach rioscabhunaithe agus éifeachtúil feadh an tslabhra agraibhia ar fad, i gcomhréir leis an Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla.
Nuair a shainaithnítear saincheisteanna neamhchomhlíonta le linn na rialuithe oifigiúla, ní mór do na húdaráis náisiúnta beart a dhéanamh chun a áirithiú go leigheasfaidh an gnó an tsaincheist agus go gcoiscfidh sé tuilleadh tarluithe.
Ceanglaítear ar na húdaráis náisiúnta freisin oibriú éifeachtach an chórais rialaithe oifigiúil a fhíorú, agus na bearta is gá a dhéanamh chun aon easnaimh a shainaithnítear ina gcórais rialaithe a cheartú.
4.1
Gníomhaíochtaí chun comhlíonadh na ngnólachtaí a áirithiú
Tugadh samplaí de ghníomhaíochtaí na n-údarás náisiúnta i roinnt tuarascálacha bliantúla.
Reáchtálann na Ballstáit feachtais faisnéise poiblí agus cuireann siad treoir agus oiliúint ar fáil do ghnólachtaí, chun cabhrú leo cloí leis na rialacha sábháilteachta bia.
Cuimsíonn córais rialuithe oifigiúla na Beilge, na hÍsiltíre agus na Sualainne torthaí ó scéimeanna dearbhaithe príobháideacha (tríú páirtí). Luaigh an Bheilg agus an Fhionlainn go mbíonn torthaí níos fearr ar na cigireachtaí sna gnólachtaí a dheimhnítear faoi na scéimeanna sin.
Foilsíonn an Fhionlainn tuarascálacha a bhaineann go sonrach le hearnálacha faoi leith. Luaigh sí go n-áirítear ar na príomhbhealaí chun an éifeachtacht a fheabhsú an idirghníomhaíocht leis na páirtithe leasmhara uile a mhéadú. Mar thoradh air sin, rannchuidíonn na rialuithe oifigiúla agus na torthaí a fhoilsítear dá mbarr le feabhas a chur ar dhálaí oibriúcháin agus ar iomaíochas na gcuideachtaí, mar shampla, trí thacú lena gcumas dul i mbun trádála idirnáisiúnta agus trí fhadhbanna a chosc go réamhghníomhach.
Foilsíonn an Pholainn faisnéis achomair ar thorthaí na rialuithe a dhéanann a Cigireacht Trádála. Tugann sé leideanna praiticiúla do thomhaltóirí maidir le conas táirgí a roghnú agus gan bheith á gcur amú. Foilsíonn sé freisin cinntí riaracháin lena ngearrtar fíneálacha ar ghnólachtaí as táirgí ar cháilíocht tráchtála neamhleor, lena n-áirítear táirgí truaillithe, a chur ar an margadh.
4.2
Forfheidhmiú ag na húdaráis náisiúnta
Cuireann tíortha an Aontais réimse gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin i bhfeidhm, ó rabhaidh bhriathartha agus scríofa, go hurghabháil agus scriosadh earraí agus deireadh (sealadach) a chur le formheas na ngnólachtaí nó iad a shrianadh. Baintear úsáid as fíneálacha riaracháin mar bheart athchomhairleach. Is rogha dheiridh í, fós, an cás a tharchur chun na cúirteanna.
Ní mór smachtbhannaí/pionóis éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha a bheith i bhfeidhm ag na húdaráis náisiúnta.
Léirítear i dTábla 3 líon na smachtbhannaí riaracháin a cuireadh i bhfeidhm sna codanna éagsúla den bhiashlabhra. Léirítear i dTábla 4 na smachtbhannaí sin thar na réimsí éagsúla agus léirítear i dTábla 5 líon na ngníomhartha breithiúnacha a rinneadh sna réimsí éagsúla.
Tábla 3 – smachtbhannaí riaracháin – gníomhaíochtaí – 2020
Tábla 4 – smachtbhannaí riaracháin – réimsí – 2020
Tábla 5 – Gníomhartha breithiúnacha a rinneadh – 2020
4.3
Gníomhaíochtaí chun oibriú éifeachtach na seirbhísí rialaithe oifigiúil a áirithiú
Ní mór do na Ballstáit iniúchtaí a dhéanamh ar a gcórais rialaithe féin, nó iniúchtaí a chur á ndéanamh orthu féin, agus nósanna imeachta maidir le fíorú na rialuithe a bheith i bhfeidhm acu lena chinntiú go bhfuil na córais rialaithe éifeachtach.
Bhí faisnéis theoranta sna tuarascálacha bliantúla maidir leis na hiniúchtaí sin agus le gníomhaíochtaí fíoraithe eile lena ndéantar measúnú ar éifeachtacht na gcóras rialaithe oifigiúil.
Rinne an tSualainn cur síos ar roinnt tairbhí as an gcomhar idir na húdaráis éagsúla. I gcéim thosaigh an dea-chleachtais rialaithe díríodh ar dhá réimse, eadhon an nós imeachta rialaithe agus an eitic i ról an phoist. D’fhorbair siad treoirlínte agus cúrsa oiliúna ar líne. Ceann de na spriocanna foriomlána is ea go nglacann na húdaráis atá i mbun comhair freagracht chomhpháirteach as an mbiashlabhra ina iomláine, lena n-áirítear iad féin a ullmhú i gcomhair teagmhais gan choinne nó teagmhais nach raibh beartaithe. Is éard atá i gceist leis an dea-chleachtas rialaithe aistriú i dtreo cultúr rialaithe difriúil agus córas coibhéise a chruthú idir a gcórais.
Chun éifeachtacht a córais rialaithe oifigiúil a áirithiú, chuir an Ghearmáin trí chuspóir oibríochtúla ina plean rialaithe ilbhliantúil náisiúnta, cuspóirí a bhaineann le caighdeán gairmiúil na n-iniúchtaí, pleanáil iniúchóireachta riosca-dhírithe agus éifeachtacht na rialuithe oifigiúla.
Cuid 2
Gníomhaíochtaí rialaithe an Choimisiúin sna Ballstáit
1
Iniúchtaí
Deimhníonn an Stiúrthóireacht um Shláinte agus um Iniúchtaí agus Anailís Bia in Ard-Stiúrthóireacht um Shláinte agus Sábháilteacht Bia an Choimisiúin Eorpaigh an bhfuil reachtaíocht an Aontais maidir le sábháilteacht an bhia agus na beatha, sláinte na n-ainmhithe, leas na n-ainmhithe, sláinte na bplandaí, an fheirmeoireacht orgánach agus an tionscnamh geografach (STFC/TGFC/STR) á cur chun feidhme agus á forfheidhmiú i gceart i dtíortha an Aontais. Is é an t-iniúchadh an phríomhuirlis a úsáidtear.
Déanaimid na rialuithe sin ar bhonn rialta agus i gcomhar leis na húdaráis inniúla sna Ballstáit.
Gné amháin go minic de na hiniúchtaí is ea fíorú ar an láthair, ina mbíonn saineolaithe an Choimisiúin i dteagmháil leis na húdaráis náisiúnta a dhéanann rialuithe oifigiúla. Cabhraíonn saineolaithe ó Bhallstáit an Aontais go rialta le saineolaithe ón gCoimisiún chun an cúram sin a bhaint amach.
Is é is aidhm do na rialuithe sin:
●fíorú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm dhlí an bhia agus na beatha agus na rialacha maidir le sláinte agus leas na n-ainmhithe, le seachtháirgí ainmhithe, le sláinte na bplandaí agus táirgí cosanta plandaí, le húsáid inbhuanaithe na lotnaidicídí, leis na horgánaigh ghéinmhodhnaithe, leis an táirgeadh orgánach agus lipéadú na dtáirgí orgánacha, agus le húsáid agus lipéadú na sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint, na dtásca geografacha faoi chosaint agus na sainearraí traidisiúnta;
●fíorú a dhéanamh ar fheidhmiú agus eagrú na gcóras rialaithe náisiúnta agus na n-údarás inniúil;
●faisnéis a imscrúdú agus a bhailiú maidir leis
—na rialuithe oifigiúla agus na cleachtais forfheidhmiúcháin;
—le fadhbanna tábhachtacha nó athfhillteacha maidir leis na rialacha a chur i bhfeidhm nó a fhorfheidhmiú;
—agus, i ndáil le cásanna éigeandála, maidir le fadhbanna atá ag teacht chun cinn nó forbairtí nua.
Ard-Stiúrthóireacht na Sláinte agus na Sábháilteachta Bia
Stiúrthóireacht na sláinte agus an bhia – iniúchtaí agus anailís
Foilsímid ár gclár oibre bliantúil, agus nuashonrú lár bliana, ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin.
Féach
ar ár bhfíseáin ghearra chun a fháil amach conas a eagraímid ár gcuid oibre iniúchóireachta agus anailíse agus conas a théann sé chun tairbhe na ndaoine san Aontas Eorpach.
Dhírigh cláir iniúchta agus anailíse 2019-2020 ar an méid seo a leanas:
●an fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha;
●ullmhacht níos fearr maidir le bagairtí ar shláinte an duine, na n-ainmhithe agus na bplandaí, na bagairtí sin a chosc agus freagairt orthu;
●córais bhia agus táirgthe bia atá sábháilte agus inbhuanaithe;
●reachtaíocht bhia an Aontais a chur chun feidhme go héifeachtach;
●táirgeadh inbhuanaithe bia a fheabhsaíonn leas na n-ainmhithe;
●rialuithe éifeachtacha, éifeachtúla agus iontaofa.
In 2019 agus 2020, rinneamar 170 iniúchadh agus seiceáil den chineál céanna ar chórais rialaithe oifigiúla na mBallstát.
Taispeánann Cairt 1 líon na n-iniúchtaí a rinneadh ar fud na mBallstát. Taispeánann Cairt 2 líon na n-iniúchtaí in aghaidh an réimse rialaithe.
Cairt 1 – Iniúchtaí déanta – tíortha an Aontais – 2019-2020
Cairt 2 – Iniúchtaí déanta de réir réimse rialaithe – 2019-2020
Tá tuarascálacha na n-iniúchtaí aonair
ar fáil don phobal
ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin.
Rialuithe an Choimisiúin le linn paindéime
Mar gheall ar na srianta taistil a cuireadh i bhfeidhm de thoradh phaindéim COVID-19 ba ghá hathmhachnamh a dhéanamh ar an gcaoi a ndearnamar ár rialuithe agus ar mhodhanna cianiniúchta a úsáid i réimsí áirithe.
Rinneadh 43 de na 2019-2020 iniúchtaí go hiomlán go cianda, lena n-áirítear úsáid a bhaint as físchomhdhálacha in ionad cruinnithe duine le duine. Chuir siad sin leibhéal áirithe fianaise ar fáil. Níorbh fhéidir cianchuairteanna a thabhairt ar shaoráidí oibreoirí gnó, áfach, chun cur chun feidhme na rialuithe oifigiúla a fhionnadh.
Ceanglaíonn an Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla ar an gCoimisiún clár rialaithe bliantúil nó ilbhliantúil a chur i dtoll a chéile le fíorú a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil reachtaíocht an Aontais maidir leis an slabhra agraibhia á cur chun feidhme sna Ballstáit. Glacadh an clár le haghaidh 2021-2025 an 23 Deireadh Fómhair 2020.
2
Moltaí
Is iondúil go mbíonn moltaí maidir le gníomhaíocht cheartaitheach mar thoradh ar ár n-iniúchtaí. Ní mór do thíortha an Aontais na bearta is gá a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na moltaí sin agus tuairisc a thabhairt ar na bearta i bpleananna gníomhaíochta.
Ba é an toradh a bhí ar na rialuithe a rinneadh in 2019-2020 ná 527 moladh do thíortha an Aontais. Tugann Cairt 3 forléargas ar na moltaí sin de réir earnála. Tá miondealú breise ar na figiúirí sna réimsí éagsúla a ndearnadh iniúchadh orthu sa doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis seo.
Cairt 3 – moltaí a rinneadh maidir leis na hearnálacha a ndearnadh iniúchadh orthu – 2019-2020
3
Tuairiscí forléargais
Tugann forléargas tuairisc ar thorthaí agus ar chonclúidí sraith rialuithe de chuid an Choimisiúin a rinneadh i réimse sonrach chun léargas ginearálta a thabhairt ar leibhéal an Aontais. Aithnítear sna tuarascálacha sin cad atá ag obair, nó nach bhfuil, maidir le cur chun feidhme na rialuithe agus cur i bhfeidhm na reachtaíochta. Tugann siad deis mhaith freisin samplaí de na dhea-chleachtais a thugtar faoi deara i dtíortha an Aontais a roinnt. Cuireann na tuarascálacha sin le beartas an Aontais Eorpaigh agus is féidir leo freisin an bonn a chur ar fáil do mhalartuithe le saineolaithe na mBallstát mar chuid den tionscnamh um
Oiliúint Níos Fearr le haghaidh Bia Níos Sábháilte
chun fadhbanna comhchoiteanna a phlé agus chun dea-chleachtais a chomhroinnt.
Tábla 4 – Tuarascálacha forléargais a foilsíodh in 2019 agus 2020
Uimhir na tuarascála
|
Ábhar
|
2017-6304
|
Fliú na n-éan
|
2018-6525
|
Tuarascáil forléargais ar shábháilteacht an bhia allmhairithe
|
2018-6537
|
Tuarascáil forléargais ar dhíolacháin bia ar an idirlíon
|
2018-6780
|
Bithicídí
|
2018-6810
|
Iniúchtaí ar rialuithe oifigiúla i dtíortha an Aontais
|
2019-6788
|
Bearta chun dul i ngleic le frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha trí úsáid stuama a bhaint as ábhair fhrithmhiocróbacha in ainmhithe
|
2019-6789
|
Faireachán ar an bhfrithsheasmhacht fhaighte fhrithmhiocróbach i mbaictéir zónóiseacha agus chomhthíosacha
|
2019-6865
|
Plandaí le haghaidh plandú agus síolta
|
2019-6876
|
Sláinte na bplandaí – rialuithe allmhairithe
|
2019-6834
|
Leas na n-ainmhithe a onnmhairítear de bhóthar
|
2019-6835
|
Leas na n-ainmhithe a onnmhairítear ar muir
|
2017-6246
|
Tuarascáil forléargais ar chleachtais roinnte i sláinteachas maraithe
|
2020-7100
|
Tuarascáil forléargais – rialuithe oifigiúla maidir le breiseáin bheatha, a gcomhábhair agus an inrianaitheacht
|
2020-7105
|
Rialuithe oifigiúla maidir leis an tsláinteachas, an inrianaitheacht agus na ceanglais trádála i ndáil le próitéiní próiseáilte ainmhithe.
|
4
Príomhphointí ó na rialuithe a rinne an Coimisiún (2019-2020)
Sna hiniúchtaí i réimse na sábháilteachta bia, léiríodh dúshláin ar leith a bhíonn os comhair na n-údarás inniúil i dtíortha an Aontais maidir leis an méid seo a leanas:
●bianna atá réidh le hithe (de bhunadh ainmhíoch) - ní féidir ach obair leantach theoranta a dhéanamh ar na heasnaimh a shainaithnítear i nósanna imeachta na ngnólachtaí maidir le cosc an traséillithe, an tsampláil agus an tástáil, de dheasca gá le hoiliúint agus tacaíocht eile d’oifigigh agus easpa athbhreithnithe córasacha ar ghnólachtaí;
●feoil chapaill, mar ar aithníodh sna hiniúchtaí leantacha tar éis scannal na feola capaill saincheisteanna maidir le pasanna capall, bunachair sonraí agus rialuithe ar thaifeadadh na gcóireálacha nach gceadaítear dóibh; agus
●bia nach de bhunadh ainmhíoch é, mar arbh fhéidir na rialuithe ar thorthaí agus glasraí boga reoite a fheabhsú.
D’eagraíomar sraith iniúchtaí chun breathnú níos doimhne agus níos leithne a dhéanamh ar earnáil fhoriomlán na beatha, lena n-áirítear seachtháirgí ainmhithe, toisc gur léirigh na sraitheanna iniúchta roimhe seo roinnt laigí sistéamacha. Fuarthas amach sna hiniúchtaí sin go raibh gá fós le feabhas a chur ar inrianaitheacht na bpróitéiní ainmhithe próiseáilte.
Sna hiniúchtaí ar shláinte na n-ainmhithe scrúdaíodh cosc na ngalar, an ullmhacht le haghaidh ráigeanna agus an cumas freagartha. Chuidigh an fhaisnéis a fuarthas maidir le fiabhras Afracach na muc agus fliú ardphataigineach na n-éan roinnt páipéar straitéiseach a fhorbairt agus beartais an Choimisiúin maidir leis na galair sin a bhainistiú.
Maidir le zónóisí:
●i gcás Salmonella i measc éanlaithe, léirigh na hiniúchtaí gur chuir tíortha an Aontais, i gcoitinne, cláir chun feidhme a chomhlíon na ceanglais agus a bhí éifeachtach ó thaobh spriocanna an Aontais maidir le leitheadúlacht Salmonella a bhaint amach. Mar sin féin, i bhformhór na gcásanna, tá an ráta braite i samplaí arna nglacadh ag gnólachtaí (a sholáthraíonn cumhdach i bhfad níos leanúnaí ar stádas na n-ealtaí ná na samplaí oifigiúla) i bhfad níos ísle ná sna samplaí oifigiúla. D’fhéadfaí go bhfágann sé sin nach rannchuidiú éifeachtach ar na cláir sampláil na ngnólachtaí, agus tugann sé le fios gur dócha nach mbeifear in ann ionfhabhtuithe ar ealtaí ar leibhéal íseal a bhrath i gcónaí.
●maidir leis an gconfadh, léirigh na hiniúchtaí go bhfuil cláir vacsaínithe á gcur chun feidhme go maith, rud ba chúis le laghdú ar líon na gcásanna in ainmhithe.
Tá deacrachtaí ag formhór thíortha an Aontais a leibhéil nó a dtreochtaí comhlíontachta maidir le leas ainmhithe a léiriú, mar gheall ar easpa cuspóirí sonracha agus/nó táscairí sainithe ar a ndéanfaí faireachán.
Tugadh tionscadal trí bliana i gcrích chun laghdú a dhéanamh ar sciotadh córasach eireaball na mbanbh. Rinneadh iniúchtaí agus thug foireann saineolaithe a raibh taithí phraiticiúil acu ar mhuca a bhfuil eireabaill slána orthu a thógáil cuairt ar roinnt Ballstát. I measc na dtorthaí a bhí air bhí pleananna gníomhaíochta ó gach tír neamhchomhlíontach de chuid an Aontais, rud a chuideoidh leis an dul chun cinn breise is gá a dhéanamh chun stop a chur le cleachtas sciota córasaigh na n-eireaball.
Leanamar ag déanamh iniúchtaí ar iompar na n-ainmhithe ar muir agus ag obair leis an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí chun córas a bhunú chun rialuithe oifigiúla ar shoithí beostoic a fheabhsú agus ar an gcaoi sin feabhas a chur ar leas na n-ainmhithe le linn iompar muirí.
Tacaíonn an úsáid a bhaintear as uirlisí amharcléirithe i dtairseach gréasáin le cinnteoireacht phras, rud a chuireann le cosaint shláinte na bplandaí. Cuidíonn iniúchtaí ar na bearta rialaithe arna ndéanamh ag tíortha an Aontais ina bhfuil ionfhabhtuithe lotnaidí plandaí feabhas a chur ar na rialuithe agus tacú leis an obair chun iad sin a dhíothú.
Cé go bhfuil dul chun cinn déanta ag tíortha an Aontais maidir le cur chun feidhme na Treorach maidir le húsáid inbhuanaithe na lotnaidicídí, is ábhar imní fós é na rialuithe maidir le cur chun feidhme bainistíochta comhtháite lotnaidí ag feirmeoirí agus ag saothróirí.
I bhformhór thíortha an Aontais, deimhníonn comhlachtaí rialaithe príobháideacha an táirgeadh orgánach agus úsáid agus lipéadú na dtáirgí sin. Ní mór tuilleadh feabhais a chur ar an maoirseacht a dhéanann na húdaráis inniúla ar na comhlachtaí rialaithe sin.
Ní fhíoraíonn rialuithe oifigiúla i ndáil le táirgí a dheimhnítear faoi na scéimeanna geografacha tionscnaimh (STFC/TGFC/STR) i gcónaí go gcomhlíonann na táirgí sin na rialacha sna sonraíochtaí táirge.
Tá socruithe áirithe i bhfeidhm ag tíortha an Aontais chun déileáil le bagairtí calaoise sa slabhra agraibhia, ach níl rialuithe oifigiúla atá dírithe ar chleachtais chalaoiseacha agus mheabhlacha i bhfeidhm go córasach go fóill sna réimsí rialaithe uile.
Sa doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis an tuarascáil seo tugtar cur síos níos mionsonraithe ar roinnt de na príomhréimsí ina ndearna an Coimisiún iniúchtaí.
5
Gníomhaíochtaí rialaithe eile de chuid an Choimisiúin
5.1
Teacht isteach ainmhithe agus earraí san Aontas
Ceanglaítear ar na Ballstáit rialuithe oifigiúla a dhéanamh ar ainmhithe, ar earraí de bhunadh ainmhíoch agus ar roinnt earraí nach de bhunadh ainmhíoch iad a thagann isteach san Aontas. Déanann siad formhór na rialuithe sin i bpoist rialaithe teorann arna n-ainmniú chun na críche sin. Is é cuspóir na rialuithe a chinntiú go gcomhlíonann na hainmhithe, an bia agus an bheatha na caighdeáin arda chéanna atá i bhfeidhm le haghaidh ainmhithe agus earraí a tháirgtear laistigh den Aontas. Ní féidir le tíortha an Aontais poist rialaithe teorann a ainmniú do na rialuithe sin ach amháin tar éis don Choimisiún a chinneadh go gcomhlíonann struchtúr agus leagan amach na bpost rialaithe teorann atá beartaithe agus na socruithe atá i bhfeidhm ceanglais infheidhme an Aontais. In 2020, fuaireamar agus rinneamar measúnú ar 67 bhfógra ó thíortha an Aontais maidir le poist rialaithe teorann nua (nó leasuithe ar phoist rialaithe teorann a bhí ann cheana), lena n-áirítear a n-ionaid chigireachta.
Leanadh dár maoirseacht ar rialuithe oifigiúla thíortha an Aontais ar theacht isteach na n-ainmhithe agus na n-earraí in 2019 agus 2020, agus rinneadh 11 iniúchadh. Deimhníonn torthaí na n-iniúchtaí sin go leanann tíortha an Aontais de bheith ag feabhsú a gcóras agus ag cur chun feidhme na rialuithe. Leanfar leis na hiniúchtaí sin sna blianta atá le teacht. Ina theannta sin, rinneamar meastóireachtaí deisce ar chur chun feidhme na rialuithe ar theacht isteach na n-ainmhithe agus na n-earraí trí na poist rialaithe teorann sin atá suite sna réigiúin is forimeallaí den Aontas, agus fuarthas torthaí sásúla maidir leis sin freisin.
5.2
Iarmhair táirgí íocshláinte tréidliachta agus éilleáin chomhshaoil in ainmhithe agus i dtáirgí de bhunadh ainmhíoch
Úsáidtear táirgí íocshláinte tréidliachta go forleathan i dtáirgeadh na n-ainmhithe chun galair a chosc nó a leigheas. D’fhéadfadh tiúchan an-íseal – iarmhair – na substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de sna cógais tréidliachta a bheith i láthair san fheoil, sa scairteach agus i dtáirgí bainne ó ainmhithe a leigheasadh agus sa bhainne, sna huibheacha agus sa mhil freisin. Tá an tiúchan sábháilte sa bhia – ‘uasteorainneacha na n-iarmhar’ – socraithe ar leibhéal an Aontais. Bia ina bhfuil iarmhair ag an teorainn sin agus faoina bun, meastar é a bheith sábháilte agus féadfar é a chur ar an margadh, ag léiriú gur cloíodh le prionsabail an dea-chleachtais talmhaíochta agus dea-chleachtais tréidliachta i dtáirgeadh ainmhithe (leigheas a úsáidtear i gcomhréir leis na treoracha lipéid atá acu). Cuireann tíortha an Aontais cláir bhliantúla faireacháin ar iarmhair chun feidhme chun a fhíorú go n-úsáidtear táirgí íocshláinte tréidliachta i gcomhréir leis na rialacha AE is infheidhme, agus chun mí-úsáid fhéideartha nó úsáid mhídhleathach substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de a bhrath. Áirítear leis na cláir sin freisin faireachán a dhéanamh ar ainmhithe agus ar tháirgí ainmhithe maidir le héilleáin chomhshaoil agus lotnaidicídí.
Gach bliain, déanaimid athbhreithniú, in éineacht leis na saotharlanna tagartha ábhartha de chuid an Aontais Eorpaigh, ar phleananna faireacháin ar iarmhair thíortha an Aontais, agus tugtar tuairimí agus moltaí maidir lena n-oiriúnacht. Déanaimid iniúchadh freisin ar chur chun feidhme a bpleananna faireacháin ar iarmhair ag tíortha an Aontais, ag díriú ar ghnéithe amhail feidhmíocht na saotharlann agus éifeachtacht na n-imscrúduithe leantacha ar thorthaí neamhchomhlíontacha. In 2019 agus 2020, rinneamar ocht n-iniúchadh sna Ballstáit a raibh torthaí sásúla orthu den chuid is mó. Leanfar leis na hiniúchtaí sin sna blianta atá le teacht.
6
Obair leantach chórasach ar mholtaí iniúchóireachta
6.1
Iniúchtaí ginearálta leantacha
Trí iniúchtaí ginearálta leantacha, déanaimid obair leantach chórasach ar na gníomhaíochtaí a gheall údaráis inniúla a chur chun feidhme chun aghaidh a thabhairt ar na moltaí a dhéantar i dtuarascálacha iniúchóireachta. Clúdaíonn na hiniúchtaí sin na moltaí uile ‘oscailte’ ar fud na n-earnálacha go léir.
Is féidir leis na hiniúchtaí sin:
●a dhéanamh in oifigí na n-údarás inniúil, nó trí chianmhodhanna;
●a dhéanamh mar chleachtadh deisce ónár n-oifigí (leanúint riaracháin); Nó
●a dhíriú ar ábhar ar leith: I líon beag cásanna, nuair a bhíonn fadhb ar leith ag baint le toradh na hiniúchóireachta, déantar iniúchtaí leantacha a bhaineann go sonrach le hearnáil faoi leith a shocrú, chun obair leantach a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí nach mór do na Ballstáit iad a chur chun feidhme go práinneach.
Tábla 5 – Iniúchtaí leantacha i dtíortha an Aontais in 2019-2020
Bhí an próiseas sin fós éifeachtach chun dul i ngleic le formhór mór na saincheisteanna a sainaithníodh. Foilsítear torthaí na mbeart ginearálta leantach iniúchóireachta i bpróifílí na dtíortha (féach 6.2, thíos).
Ag deireadh mhí na Nollag 2020, bhí gníomhaíocht cheartaitheach déanta ag na Ballstáit, sin nó thug siad gealltanais shásúla go dtabharfaidís aghaidh ar na heasnaimh laistigh d’amlínte inghlactha. Ar bhonn tháscaire rollach trí bliana, rinneadh bearta ceartaitheacha ar 92% de na moltaí a d’eascair as iniúchtaí a rinneadh sa tréimhse trí bliana 2016-2018.
6.2
Próifílí Tíre
Tá eolas a bhaineann go sonrach le tír faoi leith tábhachtach nuair a bhíonn iniúchtaí á n-ullmhú agus nuair a chuirtear bonn eolais faoi cheapadh na mbeartas. Dá bhrí sin, coinnímid próifílí tíortha ar bun agus foilsímid iad.
Tá na próifílí tíre sin
ar fáil go poiblí
agus tugann siad forléargas ar gach Ballstát, lena n-áirítear:
●na cúig thuarascáil iniúchóireachta is déanaí a foilsíodh;
●an measúnú ar na gníomhaíochtaí a rinne an tír mar fhreagairt ar mholtaí iniúchóireachta;
●eagrú na rialuithe oifigiúla sa tír;
●naisc chuig na láithreáin ghréasáin ábhartha sa tír.
Cuidíonn foilsiú na bpróifílí tíre sin lena áirithiú go bhfuil an timthriall iomlán iniúchóireachta trédhearcach don phobal.
6.3
Forfheidhmiú
Nuair a sháraíonn Ballstát dlí an Aontais Eorpaigh, cinneann an Coimisiún na gníomhaíochtaí iomchuí de réir an cháis, i gcomhréir leis an gcur chuige atá leagtha síos ina Theachtaireacht 'Dlí an Aontais: Torthaí níos fearr trí chur i bhfeidhm níos fearr'. Bíonn raon gníomhaíochtaí i gceist, ó theagmháil le húdaráis na mBallstát ar leibhéil iomchuí chun a áirithiú go gcuirfear dlí an Aontais i bhfeidhm i gceart, go dtí malartuithe EU Pilot a sheoladh agus/nó imeachtaí um shárú, mar rogha dheireanach i gcás inar baineadh triail as gach bealach eile chun an comhlíonadh a spreagadh. Áirítear ar na bearta forfheidhmithe eile le haghaidh shábháilteacht an bhia, seachas imeachtaí um shárú, bearta cosanta nó coimirce. Ar na bearta sin, tá glacadh na mbeart cosanta maidir le trádáil agus gluaiseachtaí na n-ainmhithe, na bplandaí nó na dtáirgí bia agus beatha, nó glacadh na mbeart coimirce i gcomhréir leis an reachtaíocht ábhartha.
Mura ndéantar an sárú dlí a cheartú mar thoradh ar theagmháil le Ballstáit nó le malartuithe EU Pilot, féadfaidh an próiseas dul ar aghaidh go céimeanna réamhdhlíthíochta agus dlíthíochta an nós imeachta um shárú.
In 2019, chuir an Coimisiún tús le caingean um shárú in aghaidh na Seicia maidir leis na rialuithe oifigiúla córasacha a dhéantar ar earraí bia áirithe a thagann ó thíortha eile san Aontas gach uair a tháinig na hearraí bia sin isteach sa tír, de shárú ar rialacha an Aontais maidir le rialuithe oifigiúla a chinntíonn comhlíonadh an dlí beatha agus bia agus rialacha sláinte na n-ainmhithe agus leas na n-ainmhithe.
Chuir an Coimisiún clabhsúr ar dhá chaingean um shárú a bhí ann le fada an lá in 2019:
—An Ghréig: maidir le ganntanas foirne sannta ar na seirbhísí atá freagrach as rialuithe tréidliachta; agus
—an Phortaingéil: maidir le bearta chun cosc a chur ar leathadh na néimeatóide ghiúise laistigh den Aontas.
In 2019, rialaigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh nár choisc an Iodáil leathadh breise an orgánaigh dhíobhálacha Xylella fastidiosa, atá faoi réir choraintín, go leordhóthanach in Apulia.
In 2019-2020, níor chuir an Coimisiún aon chaingean faoi bhráid na cúirte sna réimsí atá faoi réir rialuithe oifigiúla a chumhdaítear leis an tuarascáil sin.
7
Tacaíocht do na Ballstáit
7.1
Líonraí
Óstálann an Stiúrthóireacht um Iniúchtaí agus Anailísiú Sláinte agus Bia roinnt líonraí agus grúpaí oibre comhdhéanta d’oifigigh ó údaráis inniúla na mBallstát agus na hÍoslainne, Lichtinstéin agus na hIorua chun cur chun feidhme gnéithe áirithe de dhlí an Aontais a phlé agus a chur chun cinn.
Ó 2008, tháinig dhá líonra le chéile go rialta chun taithí a mhalartú maidir le hullmhú, cur chun feidhme agus tuairisciú na bpleananna rialaithe ilbhliantúla náisiúnta agus maidir le cur chun feidhme na gcóras náisiúnta iniúchóireachta ar rialuithe oifigiúla. Le linn 2019 agus 2020, tháinig líonra na bpleananna rialaithe ilbhliantúla náisiúnta le chéile sé huaire, faoi dhó go cianda. Bhí na cruinnithe dírithe den chuid is mó ar fhorbairt agus ar thabhairt chun críche an dá dhoiciméad treorach maidir le hullmhú na bpleananna rialaithe ilbhliantúla náisiúnta agus thuarascálacha bliantúla na mBallstát. Pléadh freisin na dúshláin agus na deiseanna a bhí roimh na Ballstáit maidir le rialuithe oifigiúla a chur i bhfeidhm le linn 2020 mar gheall ar phaindéim COVID-19.
Chuidigh líonra na bpleananna rialaithe ilbhliantúla náisiúnta freisin le tástáil a dhéanamh ar leagan leictreonach na foirme samplaí caighdeánaí do na tuarascálacha bliantúla, an uirlis ‘tuairisciú bliantúil ar rialuithe oifigiúla – TBRO’, chun cabhrú leis na Ballstáit bheith réidh le hé sin a chur isteach den chéad uair in 2021.
Tháinig líonra na gcóras náisiúnta iniúchóireachta le chéile trí huaire le linn 2019 agus 2020, uair amháin go cianda. D’éascaigh na cruinnithe forbairt agus tabhairt chun críche an doiciméid threoraigh maidir le hiniúchtaí a dhéanamh faoi Airteagal 6 den Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla. Mhalartaigh ionadaithe na gcóras náisiúnta iniúchóireachta agus an Coimisiún a dtaithí maidir lena gcláir iniúchóireachta a chur chun feidhme le linn phaindéim COVID-19, agus dhírigh siad ar na dea-chleachtais a sainaithníodh.
In 2019 agus 2020, tháinig pointí teagmhála náisiúnta thíortha an Aontais le haghaidh cosaint ainmhithe le linn a n-iompair le chéile trí huaire chun plé a dhéanamh ar tháscairí leasa ainmhithe le haghaidh rialuithe iompair, ar iompar na laonna neamhscoite, ar phointí scíthe i dtíortha nach bhfuil san Aontas, ar an iompar i dteochtaí foircneacha agus ar iompar na n-ainmhithe ar shoithí beostoic. In 2020, chuir na pointí teagmhála náisiúnta bailchríoch ar an nuashonrú ar an doiciméad líonra maidir le soithí beostoic.
Le linn an chéad rabharta de phaindéim COVID-19, bhí ról tábhachtach ag an líonra maidir le malartú faisnéise a chomhordú ionas nach mbeadh trucailí beostoic á gcoinneáil ag pointí trasnaithe teorann náisiúnta i ngeall ar shrianta ar an ngluaiseacht.
Chun cabhrú leis na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar laigí sa chóras, chruthaigh an Coimisiún dhá mheitheal oibre a bhí ag plé leis an anailís foirmlithe agus leis an bhforfheidhmiú maidir le táirgí cosanta plandaí (TCP). D’fhreastail ionadaithe ó níos mó ná 20 tír de chuid an Aontais ar chruinniú na meithle oibre um fhoirmliú TCPanna agus ar na trí chruinniú a bhí ag meitheal fhorfheidhmiú na TCPanna a d’eagraigh an Coimisiún in 2019. Mar gheall ar an tosaíocht ard a tugadh do mheasúnú ar an Treoir maidir le hÚsáid Inbhuanaithe na Lotnaidicídí (TUIL), aistríodh an mheitheal maidir le húdarú agus anailís foirmlithe chuig aonad beartais an Choimisiúin maidir le húdarú na lotnaidicídí agus cuireadh deireadh leis an meitheal le haghaidh forfheidhmiú.
D’eagraigh an Coimisiún cruinniú comhpháirteach de chuid TUIL agus na meithleacha um Fhorfheidhmiú TCP i mí na Bealtaine 2019 chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna ar údar imní frithpháirteach iad, i gcomhar le ceardlann maidir le bainistiú comhtháite lotnaidí (BCL). Ba é cuspóir na ceardlainne cabhrú le tíortha an Aontais measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme BCL ar leibhéal na feirme, ar bhunús an taithí a fuarthas le linn chúrsaí Oiliúint níos Fearr le haghaidh Bia níos Sábháilte ar BCL. I mí na Samhna 2019, thionóil an mheitheal TUIL cruinniú comhpháirteach leis an meitheal oibre maidir le staidreamh agra-chomhshaoil, inar tugadh aghaidh ar shaincheisteanna ar údar imní frithpháirteach iad, go háirithe maidir le táscairí riosca comhchuibhithe a fhorbairt a bheadh níos úsáidí. In 2020, eagraíodh cruinniú meithle TUIL amháin i mí na Samhna, inar díríodh ar ghnéithe teicniúla de mheastóireacht agus d’athbhreithniú TUIL, obair a thosaigh go déanach in 2019.
I mí na Nollag 2020, tugadh cuireadh d’údaráis inniúla na mBallstát, trí mheitheal TUIL, aiseolas a thabhairt maidir leis na roghanna beartais a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo. I mí na Nollag 2020, síníodh conradh le haghaidh staidéar seachtrach chun tacú leis an meastóireacht ar an Treoir agus le haghaidh measúnú tionchair ar athbhreithniú féideartha na Treorach. Rinneadh obair ullmhúcháin freisin maidir le hócáid chianda do pháirtithe leasmhara a dtionólfadh an Coimisiún i mí Eanáir 2021 agus maidir le
comhairliúchán poiblí ar líne/(Cloisimis Uait)
maidir leis an tionscnamh seo a bhí le seoladh i mí Eanáir 2021. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh gréasáin
Thairseach an Choimisiúin um Rialáil Níos Fearr
.
7.2
Oiliúint níos fearr le haghaidh bia níos sábháilte
Tionscnamh oiliúna de chuid an Choimisiúin is ea Oiliúint Níos Fearr le haghaidh Bia Níos Sábháilte (ONFBNS) arb aidhm dó feabhas a chur ar chur chun feidhme rialacha an Aontais a chlúdaíonn an bia, an bheatha, sláinte agus leas na n-ainmhithe, sláinte na bplandaí agus na táirgí cosanta plandaí, scéimeanna feirmeoireachta orgánaí agus tionscnaimh gheografaigh (STFC/TGFC/STR). Tá ról lárnach aici maidir le feabhas a chur ar éifeachtacht agus iontaofacht na rialuithe oifigiúla agus maidir le heolas ar reachtaíocht an Aontais a scaipeadh. Cabhraíonn rialuithe an Choimisiúin le riachtanais oiliúna a aithint.
Sa chlár ONFBNS 2019-2020 bhí réimse leathan topaicí teicniúla agus roinnt seisiún a raibh ábharthacht ar leith ag baint leo maidir leis na córais rialaithe oifigiúla. Orthu sin tá:
●córais iniúchta agus iniúchóireacht inmheánach;
●Forfheidhmiú dhlí sláintíochta agus fíteashláintíochta an Aontais;
●calaois bhia agus ríomhthráchtáil bia;
●an Rialachán maidir le Rialú Oifigiúil;
●ullmhacht do ráigeanna agus bainistíocht ráigeanna; Tacaíocht d’iniúchtaí an Aontais (le haghaidh saineolaithe náisiúnta); agus
●tuarascálacha forléargais an Aontais.
In 2020, eagraíodh ceardlann maidir le hobair leantach a dhéanamh ar mholtaí.
Reáchtáladh 200 cúrsa oiliúna i dtíortha an Aontais le linn 2019 agus suas go dtí mí an Mhárta 2020, tráth ba ghá gach cúrsa oiliúna duine le duine a chur ar fionraí mar gheall ar phaindéim COVID-19 a bhí ag teacht chun cinn. In 2020, rinneadh na conarthaí sin a mhodhnú chun oiliúint fhíorúil a chur ar fáil, nuair ab fhéidir, agus tá gné foghlama fíorúla mar chuid de gach conradh nua anois.
Tá ONFBNS tar éis oiliúint ar líne a chur chun feidhme de réir a chéile i rith 2020, ag baint úsáide as seomraí ranga fíorúil agus modúil ríomhfhoghlama atá ar fáil trí
BTFS Academy
. Tá ONFBNS ag leathnú a thairisceana ríomhfhoghlama agus tá na modúil atá ann cheana á n-aistriú go formhór na dteangacha oifigiúla lena chinntiú go mbeidh rochtain ag an lucht féachana is mó is féidir ar an ábhar oiliúna, is cuma cad a tharlóidh amach anseo. Ina theannta sin, cuireann an t-acadamh stór d’acmhainní oiliúna atá ann cheana féin ar fáil d’oifigigh ó thíortha an Aontais agus ó thíortha nach bhfuil san Aontas Eorpach araon.
Féach
tuarascáil bhliantúil ONFBNS 2019
chun tuilleadh eolais a fháil.
Conclúidí
Tá reachtaíocht chuimsitheach ag an Aontas chun guaiseacha sábháilteachta agus saincheisteanna neamhchomhlíonta, ón bhfeirm go dtí an forc, a íoslaghdú. Léiríonn tuarascálacha bliantúla na mBallstát ar na rialuithe oifigiúla go leanann na húdaráis náisiúnta ag comhlíonadh faireachán agus fíorú a dhéanamh ar chomhlíonadh na ngnólachtaí feadh an bhiashlabhra maidir le ceanglais ábhartha an Aontais agus go nglacann siad bearta forfheidhmiúcháin i gcásanna neamhchomhlíonta.
D’éascaigh tabhairt isteach na foirme samplaí caighdeánaí le haghaidh na dtuarascálacha bliantúla bailiú faisnéise inchomparáide agus sonraí inchomparáide maidir le rialuithe oifigiúla na mBallstát ar fud an tslabhra agraibhia.
Soláthraítear sa tuarascáil seo agus sa doiciméad inmheánach oibre a ghabhann léi tiomsú de na sonraí inchomparáide sin i staitisticí uile-Aontais do 2020. Leis na sonraí sin, beifear in ann, le himeacht ama, treochtaí a shainaithint sna rialuithe agus i saincheisteanna neamhchomhlíonta. I gcás 2020, léiríonn na staitisticí le haghaidh 26 thír go raibh 16.8 mhilliún eintiteas ann a tháinig faoi raon feidhme na rialuithe oifigiúla agus go ndearna údaráis náisiúnta níos mó ná 4 milliún rialú oifigiúil ar na heintitis sin. Ar bhonn na rialuithe sin, sainaithníodh thart ar 655 000 saincheist neamhchomhlíonta, agus cuireadh 388 000 smachtbhanna riaracháin agus beagnach 13 000 gníomhaíocht bhreithiúnach i bhfeidhm mar gheall air sin.
Ós rud é gur úsáideadh an fhoirm shamplach chaighdeánach den chéad uair, ní raibh gach Ballstát in ann na sonraí uile a chur isteach san fhormáid a bhí ag teastáil. Dá gcloífí leis nóta treorach ón gCoimisiún maidir leis an tuarascáil bhliantúil a chomhlánú, chuirfí tuilleadh feabhais ar inchomparáideacht na faisnéise a chuirtear ar fáil sna boscaí téacs oscailte.
Sa doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis an tuarascáil seo tugtar sonraí ar na rialuithe oifigiúla a rinne tíortha an Aontais agus ar rialuithe an Choimisiúin a rinneadh i ndáil le ceanglais an Aontais maidir le dlí an bhia agus na beatha, le sláinte agus leas na n-ainmhithe, le sláinte na bplandaí agus le táirgí cosanta plandaí. Léiríonn torthaí na rialuithe sin go bhfuil na córais rialaithe is gá i bhfeidhm ag tíortha an Aontais agus, ar an iomlán, soláthraíonn siad leibhéil chomhlíontachta atá comhoiriúnach do shábháilteacht an bhia agus na beatha agus do mhargadh inmheánach sláintiúil san Aontais. Sainaithníodh le linn rialuithe an Choimisiúin laigí i gcórais rialaithe roinnt tíortha san Aontas agus léiríodh go bhféadfaí feabhas a chur ar chórais rialaithe náisiúnta.
Léiríonn an obair leantach chórasach a dhéanann an Coimisiún ar na moltaí iniúchóireachta go ndéanann na húdaráis náisiúnta, go ginearálta, bearta ceartaitheacha iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a sainaithníodh.
Ag obair i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta, leanann an Coimisiún de bheith ag tacú le tíortha an Aontais a gcórais rialaithe oifigiúla a fheabhsú go leanúnach trí na líonraí agus trí thionscnamh ONFBNS.
Le linn 2020, dúshlán ab ea iad na srianta a cuireadh i bhfeidhm de bharr paindéim COVID-19 roimh na húdaráis náisiúnta agus roimh an gCoimisiún agus a bpleananna rialaithe a chur i gcrích acu. Luadh leibhéil foirne agus srianta acmhainní freisin mar chúiseanna nár chuir údaráis náisiúnta a gcláir bheartaithe chun feidhme go hiomlán. Toradh eile a bhí ar na srianta sin gur baineadh tuilleadh úsáide as cianmhodhanna chun rialuithe a dhéanamh. Tá a luach léirithe ag na teicneolaíochtaí sin agus d’fhéadfaí iad a fhiosrú a thuilleadh.