Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022BP1689

Rún (AE) 2022/1689 ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Bealtaine 2022 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn II — an Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle

IO L 258, 5.10.2022, pp. 30–37 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/res/2022/1689/oj

5.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 258/30


RÚN (AE) 2022/1689 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 4 Bealtaine 2022

ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn II — an Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint don chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn II — an Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle,

ag féachaint do Riail 100 agus Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0067/2022),

A.

de bhrí, faoi Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), gurb í an Pharlaimint, agus an Pharlaimint amháin, atá freagrach as urscaoileadh a dheonú i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais agus de bhrí gur roinn de bhuiséad an Aontais é buiséad na Comhairle Eorpaí agus na Comhairle;

B.

de bhrí, de bhun Airteagal 15(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, nach bhfuil an Chomhairle Eorpach chun feidhmeanna reachtacha a fheidhmiú;

C.

de bhrí, faoi Airteagal 317 CFAE, go gcuirfidh an Coimisiún buiséad an Aontais chun feidhme ar a fhreagracht féin, ag féachaint do phrionsabail na bainistíochta fónta airgeadais, agus de bhrí, faoin gcreat atá i bhfeidhm, go dtabharfaidh an Coimisiún d’institiúidí eile an Aontais na cumhachtaí is gá chun na ranna den bhuiséad a bhaineann leo a chur chun feidhme;

D.

de bhrí, faoi Airteagail 235(4) agus 240(2) CFAE, go dtugann Ardrúnaíocht na Comhairle (“GSC”) cúnamh don Chomhairle Eorpach agus don Chomhairle (“an Chomhairle”), agus go bhfuil an tArd-Rúnaí iomlán freagrach as bainistíocht fhónta na leithreasuithe arna gcur isteach i Roinn II de bhuiséad an Aontais;

E.

de bhrí, le beagnach 20 bliain, go bhfuil an cleachtas seanbhunaithe agus urramaithe a bhaineann le hurscaoileadh a dheonú d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí uile an Aontais á chur chun feidhme ag an bParlaimint, agus de bhrí go dtacaíonn an Coimisiún leis gur cheart leanúint den chleachtas maidir le hurscaoileadh a thabhairt do gach institiúid, comhlacht, oifig agus gníomhaireacht de chuid an Aontais maidir lena chaiteachas riaracháin;

F.

de bhrí, ó 2009 i leith, de bharr an easpa comhair ón gComhairle sa nós imeachta um urscaoileadh, gur dhiúltaigh an Pharlaimint urscaoileadh a dheonú d’Ard-Rúnaí na Comhairle;

G.

de bhrí, i gcomhthéacs an nós imeachta um urscaoileadh, gur mian leis an údarás um urscaoileadh béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé dlisteanacht dhaonlathach institiúidí an Aontais a neartú tuilleadh trí thrédhearcacht agus cuntasacht a fheabhsú, agus trí choincheap an bhuiséadaithe ar bhonn feidhmíochta agus an dea-rialachais ar acmhainní daonna a chur chun feidhme,

H.

de bhrí gur cheart don Chomhairle Eorpach agus don Chomhairle, mar institiúidí de chuid an Aontais agus mar fhaighteoirí de bhuiséad ginearálta an Aontais, a bheith trédhearcach agus cuntasach go daonlathach do shaoránaigh an Aontais agus faoi réir grinnscrúdú daonlathach ar chaiteachas cistí poiblí;

I.

de bhrí go ndeimhnítear le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ceart na gcáiníocóirí agus an phobail a bheith ar an eolas maidir le húsáid ioncaim phoiblí;

J.

de bhrí gur tugadh le fios leis an moladh ón Ombudsman Eorpach (“an tOmbudsman”) i gcás OI/2/2017/TE gur dhrochriarachán a bhí i gcleachtais na Comhairle maidir le trédhearcacht an phróisis reachtaigh agus gur cheart aghaidh a thabhairt orthu chun cur ar chumas na saoránach próiseas reachtach an Aontais a leanúint;

1.

ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, nár aimsigh an Chúirt Iniúchóirí (an “Chúirt”) aon laigí suntasacha i ndáil leis na hábhair iniúchta a bhaineann le hacmhainní daonna agus soláthar don Chomhairle;

2.

ag cur béim ar an bhfíoras gur tháinig an Chúirt ar an tátal, ar bhonn a cuid oibre iniúchóireachta, go raibh na híocaíochtaí ina n-iomláine as caiteachas riaracháin na n-institiúidí, lena n-áirítear caiteachas riaracháin an Choiste, don bhliain airgeadais 2020 saor ó earráid ábhartha;

3.

á chur in iúl gur geal léi nár bhraith an Chúirt aon saincheisteanna sonracha maidir le rialtacht na n-idirbheart nó tar éis córas maoirseachta agus rialaithe na Comhairle a scrúdú;

4.

á chur in iúl gurb eol di go bhfuil Caibidil 9 “Riarachán” de Thuarascáil Bhliantúil na Cúirte dírithe ar chaiteachas ar acmhainní daonna, ar fhoirgnimh, ar threalamh, ar fhuinneamh, ar chumarsáid agus ar an teicneolaíocht faisnéise agus gur thug an Chúirt le fios go bhfuil riosca íseal ag baint leis an gcaiteachas sin;

Bainistiú buiséadach agus airgeadais

5.

ag tabhairt dá haire go raibh buiséad foriomlán EUR 590 633 000 ag an gComhairle in 2020 (i gcomparáid le EUR 581 895 459 in 2019); ag tabhairt faoi deara go bhfuil méadú 1,5 % ar an mbuiséad ann i gcomparáid le 2019, lena ndeimhnítear treocht dhiúltach sa mhéadú ar an mbuiséad bliantúil (1,6 % in 2019, 2 % in 2018 agus 3 % in 2017); ag tabhairt dá haire go bhfuil sciar na Comhairle faoi Cheannteideal 5 den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil laghdaithe ó 6,3 % in 2015 go 5,8 % in 2020; ag tabhairt dá haire go bhfuil ardráta cur chun feidhme domhanda 93,15 % ann (i gcomparáid le 92,3 % in 2019);

6.

á chur in iúl go dtuigeann sí gur buiséad riaracháin é buiséad na Comhairle den chuid is mó, agus go n-úsáidtear cuid mhór de le haghaidh caiteachas maidir foireann, foirgnimh (lena n-áirítear troscán agus trealamh) agus costais oibriúcháin ilghnéitheacha; ag athdhearbhú a hiarrata, a rinneadh i rúin roimhe seo maidir leis an mbuiséad, go mbeadh buiséid ar leith ann don Chomhairle Eorpach agus don Chomhairle chun trédhearcacht, cuntasacht agus éifeachtúlacht caiteachais an dá institiúid a fheabhsú;

7.

á mheabhrú gurb ionann na leithreasuithe a tugadh anonn ó 2019 go 2020 agus EUR 52 543 491 ar an iomlán (i gcomparáid le EUR 56 599 584 ó 2018 go dtí 2019) agus á chur in iúl gur geal léi gurbh ionann an cur chun feidhme agus 86,4 % (EUR 45 375 664), a bhí dírithe go príomha ar fhoirgnimh, córais ríomhaireachta, ateangaireacht agus trealamh teicniúil;

8.

ag tabhairt dá haire go raibh méadú ar na leithreasuithe a tugadh anonn ó 2020 go 2021 (12,6 % i gcomparáid le 9,8 %, ó 2019 go 2020); ag meabhrú don Chomhairle gur eisceachtaí iad leithreasuithe arna dtabhairt anonn ó phrionsabal na bliantúlachta i mbuiséad an Aontais agus go bhféadfaidís a bheith ina dtáscaire ar rómheastachán buiséid, agus á iarraidh ar an gComhairle dlús a chur lena hiarrachtaí chun rómheastachán buiséid a chosc;

9.

ag tabhairt dá haire gurbh ionann íocaíochtaí na Comhairle in 2020 agus 5,2 % de bhuiséad an Aontais; ag tabhairt dá haire gurb é 20 lá in 2020 (i gcomparáid le 19 lá in 2019) an meán-am íocaíochta i gcás sonraisc chuig GSC agus gurb é 30 lá féilire an uasteorainn ama mar a leagtar síos i dTreoir 2011/7/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1);

10.

ag tabhairt dá haire go raibh tionchar ag paindéim COVID-19 ar chur chun feidhme bhuiséad 2020; ag tabhairt faoi deara gur lú an caiteachas ar speansais taistil toscairí agus ar chostais ateangaireachta toisc go raibh níos lú cruinnithe fisiciúla ann; ag tabhairt dá haire gur cúitíodh an gannchaiteachas sin ar an leibhéal buiséadach le caiteachas méadaithe ar TF chun cumas cianoibre a fhorbairt go gasta agus chun leanúnachas gnó a ráthú; ag tabhairt faoi deara gur cumhdaíodh leis an gcaiteachas sin na réimsí ábhartha a bhaineann le bogearraí nua a fháil, le cúnamh seachtrach agus le crua-earraí a sholáthar chun obair ón mbaile a éascú;

11.

ag tabhairt dá haire go ndearnadh na leithreasuithe a ath-leithdháileadh in 2020 le 46 aistriú faoi Airteagal 29 den Rialachán Airgeadais; ag tabhairt faoi deara go raibh sé mar aidhm leis na haistrithe sin cumas teilea-oibre agus bonneagar físchomhdhála na Comhairle a threisiú, lena n-áirítear trealamh, ceadúnais agus uirlisí cumarsáide breise TF a cheannach; ag tabhairt dá haire go ndearnadh, ar an iomlán, na haistrithe a leithdháileadh ó na línte buiséid do chostais ateangaireachta, glanadh agus cothabháil, slándáil agus faireachas foirgneamh, agus caiteachas ilghnéitheach ar chruinnithe inmheánacha go dtí na línte buiséid d’oibreacha suiteála, fáil trealaimh agus bogearraí, agus cúnamh chun córais ríomhaireachta a oibriú agus a fhorbairt;

12.

ag tabhairt dá haire gur scrúdaigh an Chúirt in 2020, gan trácht a dhéanamh, na nósanna imeachta um sholáthar poiblí arna n-eagrú ag an gComhairle agus trí institiúid eile de chuid an Aontais chun trealamh cosanta pearsanta a fháil dá bhfoireann agus gur áiríodh leis an soláthar íoscheanglais dhochta sa tsonraíocht tairisceana amhail caighdeáin tagartha cháilíochta Eorpacha; ag tabhairt faoi deara i gceithre chás nár chuir an tairgeoir ar éirigh leis fianaise iomlán san áireamh gur comhlíonadh na híoscheanglais cháilíochta uile tráth an chonartha, agus mar thoradh air sin, d’eagraigh an Chomhairle tástálacha saotharlainne a léirigh go raibh an trealamh cosanta pearsanta comhlíontach go deimhin;

Bainistíocht inmheánach, feidhmíocht, rialú inmheánach

13.

ag tabhairt dá haire go raibh gá le gníomhaíocht agus bearta eagraíochtúla láithreach chun leanúnachas gnó a áirithiú i ngeall ar an ráig de phaindéim COVID-19 agus ar an gcás eisceachtúil a d’eascair aisti; á chur in iúl gur díol sásaimh di go raibh roinnt bearta struchtúracha i roinnt réimsí chun an fhoireann a chosaint agus chun leanúnachas gnó a áirithiú mar thoradh ar fhreagairt thráthúil agus éifeachtach na Comhairle ar an ngéarchéim sin;

14.

ag tabhairt faoi deara go n-úsáideann an Chomhairle cruinnithe, nuachóiriú riaracháin agus gníomhaíochtaí reachtacha mar tháscairí cainníochtúla ar leibhéal na ngníomhaíochtaí a rinneadh i gcaitheamh na bliana; ag tabhairt faoi deara gur tháinig laghdú 54,1 % (4 148) ar líon iomlán na gcruinnithe a tionóladh in 2020 i gcomparáid leis an mbliain 2019 mar thoradh ar an ráig de phaindéim COVID-19; ag tabhairt dá haire gur eagraigh GSC 3 086 chruinniú institiúideacha agus cruinniú le tríú tíortha in 2020 (i gcomparáid le 3 983 in 2019) chomh maith le 434 chruinniú eile (i gcomparáid le 3 685 in 2019) agus gur tionóladh 39,2 % de na cruinnithe i bhformáid chianda nó hibrideach;

15.

á chur in iúl gur geal léi na feabhsuithe ar eagraíocht inmheánach GSC, ag díriú go háirithe ar aghaidh a thabhairt ar na srianta oibre a eascraíonn as staid phaindéim COVID-19, amhail méadú ar na hardáin agus ar an mbandaleithead le haghaidh gníomhaíochtaí teilea-oibre agus trealamh físchomhdhála iomchuí a shuiteáil i seomraí cruinnithe beaga chun cruinnithe hibrideacha a éascú;

16.

ag tabhairt dá haire gur choinnigh an Chomhairle a gníomhaíocht reachtach ar an leibhéal céanna agus a bhí sí in 2019 in ainneoin na ndúshlán i dtaobh dálaí oibre de bharr phaindéim COVID-19 agus gur foilsíodh 1 328 ngníomh dlí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh in 2020 le hais 1 326 in 2019;

17.

ag aithint go bhfuil creat rialaithe inmheánaigh i bhfeidhm sa Chomhairle chun dearbhú réasúnach a thabhairt go mbainfear amach cuspóirí; á chur in iúl go bhfuil sí ar an eolas go ndéantar bainistiú riosca trí chláir a choinneáil de na rioscaí sainaitheanta a ndéantar measúnú orthu in éineacht le tionchar na mbeart maolaithe arna nglacadh;

18.

á chur in iúl go bhfuil sí ar an eolas go ndearna iniúchóir inmheánach na Comhairle roinnt iniúchtaí faoi chuimsiú phlean straitéiseach rioscabhunaithe 3 bliana na Comhairle gan moltaí a eisiúint ar bhonn ardtosaíochta;

19.

á mheabhrú gur uirlis iad na príomhtháscairí feidhmíochta a aithnítear go forleathan chun gnóthú a thomhas i gcomparáid leis na spriocanna a leagtar síos; á iarraidh ar an gComhairle achoimrí ar a príomhtháscairí feidhmíochta agus ar na torthaí gaolmhara a chur ar fáil ina tuarascálacha bainistíochta;

Acmhainní daonna, comhionannas agus dea-bhail na foirne

20.

ag tabhairt dá haire gur socraíodh an plean bunaíochta do 2020 ag 3 029 bpost (i gcomparáid le 3 033 in 2019) agus go raibh 2 905 díobh sin líonta an 31 Nollaig 2020; ag tabhairt faoi deara go bhfuil an ráta fostaíochta ag nach mór 96 %;

21.

á chur in iúl gur oth léi an easpa faisnéise maidir le cur chun feidhme phlean gníomhaíochta inscne na Comhairle agus maidir leis na bearta a rinneadh chun comhdheiseanna a áirithiú do dhaoine faoi mhíchumas sa Chomhairle mar ionad oibre; á iarraidh ar an gComhairle faisnéis a chur ar fáil don údarás buiséadach maidir le cothromaíocht inscne, dáileadh geografach agus míchumais a mball foirne agus maidir leis na beartais inmheánacha lena mbaineann atá i bhfeidhm;

22.

ag meabhrú rún an 17 Nollaig 2020 uaithi maidir leis an ngá atá le foirmíocht thiomnaithe de chuid na Comhairle maidir leis an gcomhionannas inscne mar fhóram institiúideach tiomnaithe chun a áirithiú go ndéanfar an comhionannas inscne a chomhtháthú níos láidre i straitéisí an Aontais, go ndéanfar comhordú ar na beartais ghaolmhara uile agus go ndéanfar dul chun cinn ar na príomhchomhaid a bhaineann leis an gcomhionannas inscne, mar aon le comhchuibhiú ar chosaint chearta na mban agus an chomhionannais inscne; á chur in iúl gurb oth léi go ndearna an Chomhairle neamhaird go dtí seo den iarraidh seo ón bParlaimint;

23.

á mheabhrú gurb é an Chomhairle, i gcomhréir le hAirteagal 286(2) CFAE, a cheapann comhaltaí na Cúirte tar éis dul i gcomhairle leis an bParlaimint agus á chur in iúl go dtuigeann sí na deacrachtaí a bhaineann le cothromaíocht inscne a bhaint amach toisc gurb iad na Ballstáit amháin atá freagrach as iarrthóirí a ainmniú agus nach féidir le gach Ballstát ach iarrthóir amháin a ainmniú sa turas; á mheas, áfach, go bhfuil sé doghlactha nach raibh ach 16 comhalta baineanna ag an gCúirt as 112 comhalta san iomlán ó bunaíodh í in 1977 (85,7 % fireann agus 14,3 % baineann) agus nach raibh ach 8 ball baineanna ag an gCúirt in 2020 i gcomparáid le 18 ball fireanna; á iarraidh ar an gComhairle breithniú a dhéanamh ar chomhdhéanamh foriomlán na Cúirte ionas go ndéanfar cothromaíocht inscne, go háirithe, a mheas sna cinntí ainmniúcháin, chomh maith le dul i ngleic leis an bhfadhb sin le gníomhaíochtaí nithiúla, amhail beirt iarrthóirí ar a laghad ó gach Ballstát, bean amháin agus fear amháin, a chur i láthair don Pharlaimint;

24.

ag tabhairt dá haire gur glacadh an plean inmheánach chun rioscaí síceasóisialta a chosc 2020-2022 agus béim ar leith ar an traochadh a chosc agus ar dhea-chaidreamh ag an obair; ag tabhairt dá haire go ndearnadh an plean a chomhtháthú go hiomlán i bhfreagairt GSC ar COVID-19 le suirbhéanna ar rioscaí síceasóisialta, seisiúin faisnéise agus oiliúna thiomnaithe, agus idirghabhálacha éagsúla ón tseirbhís shóisialta; á chur in iúl gur mór aici an tacaíocht fhorleathan a chuir síceolaithe agus oibrithe sóisialta eagraíochtúla agus cliniciúla ar fáil do bhaill foirne, d’fhoirne agus do bhainisteoirí, a raibh nasc suntasach idir a gcuid idirghabhálacha in 2020 agus COVID-19;

25.

ag tabhairt dá haire go raibh éileamh ag 385 dhuine san iomlán (a bhí i seirbhís ghníomhach agus ar scor araon) ar an tseirbhís shóisialta in 2020, agus 4 425 idirghabháil ann, ar bhain cuid acu le strus arna ghiniúint ag paindéim COVID-19 a bhainistiú, agus gur phróiseáil an síceolaí inmheánach 164 iarraidh aonair san iomlán; á chur in iúl gur mór aici gur dlúthchuid den phlean idirghabhála síceasóisialta iad síceolaithe agus oibrithe sóisialta i gcás teagmhas criticiúil;

26.

ag tabhairt dá haire gur phróiseáil oifig na dtréimhsí oiliúna breis agus 10 000 iarratas ar sheal oiliúna, ar roghnaíodh 110 oiliúnaí díobh, lena n-áirítear roinnt oiliúnaithe faoi mhíchumas faoin gclár gníomhaíochta dearfaí nua; á iarraidh an athuair ar an gComhairle a áirithiú go bhfaighidh a cuid oiliúnaithe uile luach saothair cuibhiúil;

Creat eitice agus trédhearcacht

27.

ag tabhairt dá haire gur leanadh le gníomhaíochtaí múscailte feasachta maidir le heitic agus iompraíochtaí a rabhthas ag dréim leo; ag tabhairt dá haire go raibh an chéad straitéis eitice eile á hullmhú ag deireadh 2020 agus go ndearnadh dul chun cinn ar an obair chun mol eitice nua atá dírithe ar an úsáideoir a fhorbairt ar inlíon na Comhairle; á chur in iúl gur oth léi, mar sin féin, gan faisnéis a bheith faighte aici faoin gcód iompair is infheidhme maidir le gach ball foirne;

28.

á chur in iúl gur geal léi an comhaontú polaitiúil maidir leis an gClár Trédhearcachta d’ionadaithe sainleasa, ar tháinig an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún air an 15 Nollaig 2020 (2); á chur in iúl gurb oth léi, áfach, na teorainneacha a breithníodh in Airteagal 5 den chinneadh ón bParlaimint an 27 Aibreán 2021 maidir le comhaontú idirinstitiúideach a thabhairt i gcrích idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh, agus an Coimisiún Eorpach maidir le clár trédhearcachta éigeantach (3), amhail nach bhfuil feidhm ag an gClár Trédhearcachta maidir le Buanionadaithe na mBallstát ach amháin faoi scéimeanna deonacha; á áitiú gur cheart do na Buanionadaíochtaí uile páirt ghníomhach a ghlacadh ann trí scéimeanna deonacha le linn agus tar éis uachtaránacht a mBallstáit; á iarraidh ar an gComhairle, lena n-áirítear ionadaithe na mBallstát, na rialacha eitice atá ann cheana a chomhchuibhiú, a fheabhsú agus a fhorfheidhmiú, go háirithe maidir le coinbhleachtaí leasa, doirse imrothlacha agus rialacha trédhearcachta brústocaireachta; ag cur a himní in iúl go bhfuil comhaid reachtacha á seoladh chuig an gComhairle Eorpach ar bhonn méadaitheach, institiúid nach bhfuil feidhm reachtach ná feidhmiúcháin aici, nach gcuireann na caighdeáin trédhearcachta chéanna i bhfeidhm agus atá ag an gComhairle agus nach bhfuil á coinneáil cuntasach;

29.

á chur in iúl gur oth léi an úsáid a bhaintear as urraíocht chorparáideach chun go gcumhdófaí roinnt de na costais a thabhaíonn na Ballstáit chun a nUachtaránacht ar an gComhairle a mhaoiniú; ag athdhearbhú na himní atá uirthi go bhfuil damáiste do chlú déanta ag cleachtas den sórt sin, agus go bhféadfadh sé níos mó damáiste a dhéanamh sa todhchaí, toisc go bhféadfadh aon choinbhleacht leasa, atá ann nó a mheastar a bheith ann, clú na Comhairle agus an Aontais ina iomláine a chur i mbaol; ag meabhrú na n-achainíocha a sheol eagraíochtaí atá gníomhach i réimsí na trédhearcachta agus na cuntasachta, ag iarraidh ar uachtaránacht rothlach na Comhairle diúltú d’aon urraíocht; á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil sraith chomhchoiteann rialacha soiléire, nithiúla agus ceangailteacha leagtha amach sna treoirlínte urraíochta a áirítear i Lámhleabhar Uachtaránacht na Comhairle 2021; á chur in iúl go dtuigeann sí go bhfuil éagsúlacht shuntasach idir na hacmhainní airgeadais ó bhuiséid náisiúnta i measc na mBallstát agus gur cheart go mbeadh deiseanna comhionanna ag gach Ballstát, gan beann ar a mhéid ná a acmhainní buiséadacha, Uachtaránacht rathúil na Comhairle a eagrú agus, dá bhrí sin, á iarraidh arís ar an gComhairle scrúdú a dhéanamh ar bhuiséadú na Comhairle chun leanúnachas agus éifeachtúlacht an phróisis oibre a áirithiú;

30.

á chur in iúl go bhfuil sí ar an eolas faoi phríomhról na Comhairle i nósanna imeachta ainmniúcháin agus ceapacháin institiúidí agus chomhlachtaí an Aontais, go háirithe Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Uachtarán an Choimisiúin, Comhaltaí na Cúirte, agus Comhaltaí Choiste na Réigiún agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa araon; ag moladh go láidir go ndéanfaí athbhreithniú ar fheidhmiú an tsainchumais sin d’fhonn rannpháirtíocht dhaonlathach na ngeallsealbhóirí ábhartha a ráthú agus a neartú; á chur in iúl gurb oth léi gur mhainnigh an Chomhairle arís agus arís eile moltaí na Parlaiminte a chur san áireamh ina ról comhairleach maidir le comhaltaí na Cúirte a cheapadh;

31.

ag meabhrú ráiteas na Cúirte ina “Tuarascáil Speisialta Uimh. 13/2019: Creataí eiticiúla institiúidí AE a bhfuil iniúchadh déanta orthu: an deis atá ann feabhas a dhéanamh” go rannchuidíonn an t-iompar eiticiúil “le bainistíocht níos fónta airgeadais agus muinín mhéadaithe phoiblí, rud atá fíor-riachtanach má bheidh rath le beartais phoiblí” agus, go háirithe, go “mealltar leibhéil arda leasa phoiblí agus [go] laghdaítear muinín in AE le haon iompar mí-eiticiúil ó fhoireann agus Comhaltaí institiúidí AE”; á iarraidh go láidir ar an gComhairle, dá bhrí sin, tuairimí na Parlaiminte a urramú agus ceapachán iarrthóirí a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh d’inchreidteacht an Aontais a dhiúltú, mar shampla mar gheall ar inniúlacht ghairmiúil neamhleor nó iompar neamheiticiúil cruthaithe;

32.

á athdhearbhú go dtacaíonn sí go hiomlán le moltaí an Ombudsman maidir le trédhearcacht phróiseas reachtaíochta na Comhairle tar éis a fhiosrúcháin straitéisigh (Cás OI/2/2017/TE), go háirithe go mbeadh rochtain níos fearr ar sheasaimh na mBallstát, i bhformáid mheaisín-inléite, atá bunaithe cheana féin ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in 2013 ina cásdlí (4) maidir le trédhearcacht agus rochtain ar dhoiciméid; á chreidiúint go gcuirfeadh comhlíonadh mholtaí an Ombudsman ar chumas na saoránach a bheith níos rannpháirtí agus tuiscint níos fearr a fháil ar reachtóireacht an Aontais; á chur in iúl gur geal léi na bearta a ghlac an Chomhairle i mí Iúil 2020 chun trédhearcacht reachtach a neartú i gcomhréir le moltaí an Ombudsman, lena n-áirítear foilsiú réamhghníomhach tuarascálacha ar dhul chun cinn maidir le caibidlíochtaí ar dhréachtghníomhartha reachtacha chomh maith le sainordú na Comhairle don chaibidlíocht leis an bParlaimint; á chur in iúl gur oth léi, áfach, go bhfuil an próiseas cinnteoireachta sa Chomhairle fós i bhfad ó bheith go hiomlán trédhearcach; á iarraidh ar an gComhairle gach beart is gá a dhéanamh chun moltaí an Ombudsman agus rialuithe ábhartha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme;

33.

á athdhearbhú go bhfuil imní mhór uirthi maidir le coinbhleachtaí leasa deimhnithe ionadaithe de chuid na mBallstát atá rannpháirteach i bpróisis chinnteoireachta bheartais agus bhuiséid; ag athdhearbhú a hiarrata ar an gComhairle a áirithiú nach mbeidh ionadaithe de chuid na mBallstát a bhaineann tairbhe dhíreach as fóirdheontais an Aontais trí na gnólachtaí ar leo féin iad rannpháirteach i bpléití nó vótálacha beartais nó buiséadacha gaolmhara; á iarraidh ar an gComhairle faisnéis a sholáthar don Pharlaimint maidir leis na bearta is gá a chur i bhfeidhm chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint;

34.

á chur in iúl go bhfuil sí ar aon tuairim leis an gCúirt gur cúis bhuartha an fíoras nach ann do chomhchreat eitice de chuid an Aontais lena rialaítear obair ionadaithe na mBallstát sa Chomhairle, a chuirtear in iúl i dTuarascáil Speisialta Uimh. 13/2019 ón gCúirt; á mheabhrú go bhfuil oibleagáid ar an gComhairle déileáil le coinbhleachtaí ardleibhéil leasa agus saincheisteanna doirse imrothlacha, agus iad a réiteach, agus síneadh a chur leis na rialacha trédhearcachta éigeantacha brústocaireachta atá ann cheana;

35.

á iarraidh go láidir ar an gComhairle an athuair an cód iompair d’Uachtarán na Comhairle Eorpaí a thabhairt i gcomhréir le cód iompair na Parlaiminte agus an Choimisiúin chun rialacha a chur i bhfeidhm chun gníomhaíochtaí a bhaineann le reachtaíocht an Aontais a fhormheas tar éis d’Uachtarán na Comhairle Eorpaí a phost nó a post a fhágáil;

Digiteáil, cibearshlándáil, cosaint sonraí

36.

ag tabhairt dá haire gur tháinig méadú suntasach EUR 10,6 milliún ar na leithreasuithe buiséid deiridh a cuireadh ar fáil d’Ard-Stiúrthóireacht na Seirbhísí Digiteacha ag na hathbhreithnithe meántéarmacha agus bliana, agus gurbh fhiú EUR 54 675 000 ar deireadh iad agus gur baineadh amach ráta forghníomhaithe 99,99 %;

37.

á iarraidh an athuair ar an gComhairle úsáid a bhaint as teicneolaíocht foinse oscailte chun cosc a chur ar ghaibhniú díoltóirí, chun smacht a choimeád ar a chórais theicniúla féin, chun coimircí níos láidre a sholáthar maidir le príobháideachas agus cosaint sonraí a húsáideoirí, agus chun slándáil agus trédhearcacht a mhéadú don phobal;

Foirgnimh agus slándáil

38.

ag tabhairt faoi deara go bhfuil sé mar aidhm ag beartas foirgneamh na Comhairle, ó 2004 i leith, freastal ar a cuid gníomhaíochtaí ar fad sa Bhruiséil i bhfoirgnimh atá comhchruinnithe go geografach agus faoina húinéireacht; ag spreagadh na Comhairle chun a straitéis tógála a choigeartú ar mhaithe leis na socruithe oibre is dócha a bheidh mar chuid de mhodhanna oibre fadtréimhseacha nó buana a chur san áireamh, go háirithe maidir le spásanna comhroinnte nó limistéir ilchuspóireacha;

An comhshaol agus inbhuanaitheacht

39.

á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí na Comhairle a lorg comhshaoil a laghdú ar fud a cuid foirgneamh, atá cláraithe faoin scéim Eorpach um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS) ó 2016 i leith; á chur in iúl gur geal léi gur foilsíodh ráiteas mionsonraithe ar an gcomhshaol i mí Dheireadh Fómhair 2020, bunaithe ar shonraí ó 2019;

40.

ag tabhairt dá haire go raibh 3 469 nDeimhniú um Fhuinneamh Glas ag an gComhairle an 31 Nollaig 2020; á chur in iúl go bhfuil aird aici ar an bhfíoras gurb é rialtóir réigiúnach an mhargaidh fuinnimh a leithdháileann na deimhnithe sin bunaithe ar an bhfuinneamh a tháirg grianphainéil ar dhíon fhoirgnimh na Comhairle in 2020, agus, tar éis na nósanna imeachta díolacháin iomchuí, go ndíolfar ar an margadh oscailte in 2021 iad;

41.

á iarraidh ar an gComhairle páirt a ghlacadh go sainráite i “bhfeachtas saor ó pháipéar” agus cur chuige struchtúrtha a ghlacadh chun feabhas a chur ar shoghluaisteacht inbhuanaithe na mball foirne; ag spreagadh na Comhairle chun dul i mbun tuairisciú inbhuanaitheachta maidir le bainistiú fuinnimh i bhfoirgnimh, agus ar an gcaoi sin go bhféadfaí gníomhaíochtaí beachta a dhéanamh chun ídiú fuinnimh a laghdú;

Cumarsáid agus ilteangachas

42.

ag tabhairt dá haire gur tháinig méadú ar an lucht leanúna ar roinnt ardán meán sóisialta ó 2019 go 2020 le tuairim is 443 000 leantóir ar Facebook (méadú 8 %), tuairim is 561 000 leantóir ar Twitter (méadú 22 %) agus tuairim is 167 000 leantóir ar Instagram (méadú 37 %); ag tabhairt faoi deara gurbh ann do mhéadú 39 % ar chuairteanna ar shuíomh gréasáin na Comhairle, a shroich níos mó ná 16 mhilliún cuairt in 2020; á mholadh don Chomhairle láithreacht a bhunú ar líonraí meán sóisialta foinse oscailte chun tuilleadh trédhearcachta agus for-rochtain níos leithne a bhaint amach chuig saoránaigh an Aontais;

43.

ag tabhairt dá haire, i gcomhthéacs a comhair mhéadaithe leis na Ballstáit maidir le cumarsáid faoi COVID-19, d’oibrigh an Chomhairle leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí chun Tairseach na gCumarsáidithe a chur ar bun, ar ardán slán é a úsáidtear chun ábhar digiteach in-athúsáidte a roinnt leis na Ballstáit;

44.

á chur in iúl go bhfuil sí ar an eolas gurb í an Chomhairle an chéad institiúid de chuid an Aontais a chruthaigh mol faisnéise COVID-19 ar a suíomh gréasáin agus é mar aidhm leis freagairt an Aontais i gcoitinne agus go háirithe freagairt na Comhairle ar an ráig den phaindéim a mhíniú ar bhealach rialta agus cuimsitheach;

Comhar idirinstitiúideach

45.

á iarraidh ar an gComhairle go gcomhlíonfaidh sí go hiomlán na hoibleagáidí a eascraíonn as Comhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (5);

46.

á chur in iúl go gcreideann sí gur féidir leis an gComhdháil maidir le Todhchaí na hEorpa deis a thabhairt do shaoránaigh an Aontais agus d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta a dtuairimí a chur in iúl agus tograí a phlé chun trédhearcacht agus cuntasacht dhaonlathach a fheabhsú i ndáil le buiséad an Aontais agus, go háirithe, tograí chun trédhearcacht agus inléiteacht bhuiséad na Comhairle a fheabhsú;

Staid na himeartha sa nós imeachta um urscaoileadh

47.

ag cur béim ar shainchumas na Parlaiminte urscaoileadh a dheonú de bhun Airteagal 319 CFAE chomh maith leis na forálacha is infheidhme den Rialachán Airgeadais agus de Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte i gcomhréir leis an léirmhíniú agus leis an gcleachtas atá ann faoi láthair, eadhon, an chumhacht chun urscaoileadh a dheonú chun trédhearcacht a chothabháil agus chun cuntasacht dhaonlathach a áirithiú do cháiníocóirí an Aontais;

48.

ag cur béim ar an gcleachtas seanbhunaithe agus urramaithe atá á leanúint ag an bParlaimint le nach mór 20 bliain a bhaineann le hurscaoileadh a dheonú d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí uile an Aontais; á mheabhrú gur dhearbhaigh an Coimisiún nach raibh sé in ann maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme bhuiséid institiúidí eile AE; á chur i bhfáth gur athdhearbhaigh an Coimisiún gur cheart go leanfadh an Pharlaimint den chleachtas maidir le hurscaoileadh a thabhairt do gach institiúid de chuid an Aontais i ndáil lena gcaiteachas riaracháin;

49.

á chur i bhfáth go bhfuil sé dodhéanta don Pharlaimint cinneadh feasach a dhéanamh maidir le hurscaoileadh a dheonú le cúrsaí mar atá, nuair nach féidir léi ach tuarascálacha na Cúirte agus an Ombudsman a sheiceáil, chomh maith leis an bhfaisnéis ar shuíomh gréasáin na Comhairle, ach nach bhfaigheann sí freagraí i scríbhinn nó ó bhéal ón gComhairle le linn an nós imeachta bhliantúil um urscaoileadh, i.e. go ndiúltaíonn an Chomhairle comhoibriú leis an bParlaimint i gcomhthéacs an nós imeachta bhliantúil um urscaoileadh;

50.

á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil sé léirithe ag an gComhairle le breis agus 10 mbliana anuas nach bhfuil aon toilteanas polaitiúil aici comhoibriú leis an bParlaimint i gcomhthéacs an nós imeachta bhliantúil um urscaoileadh, rud a fhágann nach féidir leis an bParlaimint cinneadh feasach a dhéanamh maidir le hurscaoileadh a dheonú; á chur i bhfios go láidir go raibh tionchar diúltach buan ag an dearcadh sin ar an dá institiúid agus gur cuireadh míchlú ar bhainistiú agus ar ghrinnscrúdú daonlathach bhuiséad an Aontais agus ar mhuinín na saoránach san Aontas mar eintiteas trédhearcach; á chur in iúl gur oth léi go mór an diúltú leanúnach ón gComhairle, le breis agus 10 mbliana anuas, páirt a ghlacadh i gcomhar dílis faoi chuimsiú an nós imeachta um urscaoileadh;

51.

á chur i bhfáth, cé gur gá feabhas a chur ar an staid mar atá trí chomhar idirinstitiúideach níos fearr faoi chuimsiú na gConarthaí, go bhféadfadh athbhreithniú ar na Conarthaí an nós imeachta um urscaoileadh a dhéanamh níos soiléire agus níos trédhearcaí tríd an inniúlacht shainráite a thabhairt don Pharlaimint urscaoileadh a dheonú d’institiúidí, do chomhlachtaí, d’oifigí agus do ghníomhaireachtaí uile an Aontais ar bhonn aonair;

52.

á mheabhrú go dtacaíonn cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh le ceart na gcáiníocóirí agus an phobail a bheith ar an eolas maidir le húsáid ioncaim phoiblí; á éileamh, dá bhrí sin, go dtabharfaí lánurraim do shaincheart na Parlaiminte agus dá ról mar ráthóir ar phrionsabal na cuntasachta daonlathaí; á iarraidh ar an gComhairle obair leantach chuí a dhéanamh ar na moltaí a ghlac an Pharlaimint i gcomhthéacs an nós imeachta um urscaoileadh;

53.

á mheas nach bhfuil sé inghlactha gur baineadh úsáid as paindéim COVID-19 agus as an staid eisceachtúil a bhí ann mar leithscéal gan tús a chur arís le caibidlíocht idirinstitiúideach maidir leis an nós imeachta um urscaoileadh; á chur in iúl go bhfuil sí suite de, mar sin féin, go bhféadfaí teacht ar chomhaontú maidir leis an ábhar seo dá léireodh an Chomhairle aon toilteanas polaitiúil chun comhoibriú; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gComhairle caibidlíocht leis an bParlaimint a atosú gan aon mhoill mhíchuí chun teacht ar réiteach i gcreat reatha an nós imeachta um urscaoileadh más spéis léi a léiriú do shaoránaigh an Aontais go bhfuil sí dáiríre faoin rialú agus trédhearcacht bhuiséadach a dhéanamh go cuí agus san am céanna róil na Parlaiminte agus na Comhairle faoi seach sa nós imeachta um urscaoileadh á urramú;

 


(1)  Treoir 2011/7/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir le cur in aghaidh íocaíochtaí déanacha in idirbhearta tráchtála (IO L 48, 23.2.2011, lch. 1).

(2)  Comhaontú Idirinstitiúideach an 20 Bealtaine 2021 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le clár trédhearcachta éigeantach (IO L 207, 11.6.2021, lch. 1).

(3)   IO C 506, 15.12.2021, lch. 127.

(4)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 17 Deireadh Fómhair 2013, Comhairle an Aontais Eorpaigh v Access Info Europe, C-280/11 P, ECLI:EU:C:2013:671.

(5)   IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.


Top