This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52022AT40305(02)
Summary of Commission Decision of 11 July 2022 relating to a proceeding under Article 101 of the Treaty on the Functioning of the European Union and Article 53 of the EEA Agreement (Case AT. 40305 – Network sharing – czech republic) (notified under document number C(2022) 4742 final) (Only the English text is authentic) (Text with EEA relevance) 2022/C 452/05
Achoimre ar Chinneadh ón gCoimisiún an 11 Iúil 2022 a bhaineann le himeacht faoi Airteagal 101 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 53 de Chomhaontú LEE (CÁS AT. 40305 — COMHROINNT LÍONRA — POBLACHT NA SEICE) (arna fhógairt faoi dhoiciméad uimhir C(2022)4742 final) (Is é an téacs Béarla amháin atá barántúil) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) 2022/C 452/05
Achoimre ar Chinneadh ón gCoimisiún an 11 Iúil 2022 a bhaineann le himeacht faoi Airteagal 101 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 53 de Chomhaontú LEE (CÁS AT. 40305 — COMHROINNT LÍONRA — POBLACHT NA SEICE) (arna fhógairt faoi dhoiciméad uimhir C(2022)4742 final) (Is é an téacs Béarla amháin atá barántúil) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) 2022/C 452/05
C/2022/4742
IO C 452, 29.11.2022, p. 19–21
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
29.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 452/19 |
Achoimre ar Chinneadh ón gCoimisiún
an 11 Iúil 2022
a bhaineann le himeacht faoi Airteagal 101 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 53 de Chomhaontú LEE (CÁS AT. 40305 — COMHROINNT LÍONRA — POBLACHT NA SEICE)
(arna fhógairt faoi dhoiciméad uimhir C(2022)4742 final)
(Is é an téacs Béarla amháin atá barántúil)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 452/05)
An 11 Iúil 2022, ghlac an Coimisiún cinneadh a bhaineann le himeacht faoi Airteagal 101 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus faoi Airteagal 53 de Chomhaontú LEE. I gcomhréir le forálacha Airteagal 30 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle (1) , tá an Coimisiún ag foilsiú, leis seo, ainmneacha na bpáirtithe agus príomhábhar an chinnidh, lena n-áirítear aon phionós a fhorchuirtear, ag féachaint do leas dlisteanach gnóthas i leith a rúin ghnó a chosaint.
1. RÉAMHRÁ
(1) |
Na gealltanais a mhol T-Mobile Czech Republic a.s. (“T-Mobile”) agus a máthairchuideachta, Deutsche Telekom AG (“Deutsche Telekom”), agus CETIN a.s. (“CETIN”), O2 Czech Republic a.s. (“O2”) agus a máthairchuideachta, PPF Group N.V. (“PPF Group”) (dá ngairtear le chéile “na Páirtithe”), is é is cuspóir don Chinneadh seo na gealltanais sin a dhéanamh ceangailteach i gcás an Aontais Eorpaigh agus an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch. |
(2) |
Leis na gealltanais, tugtar aghaidh go héifeachtach ar na hábhair imní a chuir an Coimisiún in iúl ina Réamh-mheasúnú (an “RM”) i ndáil leis na comhaontuithe cothrománacha maidir le comhroinnt líonra (“NSAnna”) a tugadh i gcrích idir T-Mobile agus CETIN (O2 i dtosach, agus ar tháinig CETIN i gcomharbas dlíthiúil air ina dhiaidh sin) (2), chomh maith leis an gComhaontú maidir le Seirbhísí Líonra Móibíleach (“MNSA”) a tugadh i gcrích idir O2 agus CETIN, go bhféadfadh na comhaontuithe sin laghdú a dhéanamh ar chumas agus ar dhreasacht Pháirtithe na Comhroinnte infheistiú go haontaobhach i mbonneagar líonra, rud a d’imreodh tionchar diúltach dá thoradh sin ar chumas agus ar dhreasachtaí T-Mobile agus O2 dul san iomaíocht ar na margaí miondíola agus mórdhíola le haghaidh seirbhísí teileachumarsáide móibíleach i bPoblacht na Seice. Mar gheall ar na hábhair imní sin, tá amhras ann faoi chomhoiriúnacht na NSAnna le hAirteagal 101 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus le hAirteagal 53 den Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch. |
(3) |
An 4 Iúil 2022, d’eisigh an Coiste Comhairleach um Chleachtais Shriantacha agus Riochtaí Ceannasacha tuairim fhabhrach. |
2. NA hÁBHAIR IMNÍ SA RÉAMH-MHEASÚNÚ
(4) |
Thángthas ar an gconclúid tosaigh san RM go bhféadfadh na NSAnna, chomh maith le MNSA, srian a chur leis an iomaíocht de thoradh a n-éifeachtaí, de shárú ar Airteagal 101(1) CFAE. Ba é an meas tosaigh a thug an Coimisiún go laghdaíonn na NSAnna (in éineacht leis an MNSA), arna meas ina gcomhthéacs sonrach margaidh, cumas agus dreasachtaí Pháirtithe na Comhroinnte infheistíocht a dhéanamh go haontaobhach in acmhainneacht ar bhealaí sonracha áirithe, rud a laghdaíonn a solúbthacht maidir le hiomaíochas, nuálaíocht agus difreáil teicneolaíochta/táirgí agus, dá bhrí sin, go bhféadfaí tionchar diúltach a imirt ar chumas agus ar dhreasachtaí T-Mobile agus O2 dul san iomaíocht sna margaí miondíola agus mórdhíola le haghaidh seirbhísí teileachumarsáide móibíleach i bPoblacht na Seice, agus go bhfágtar rogha níos lú, seirbhísí ar cháilíocht níos ísle, agus moill ar nuálaíocht mar thoradh ar an méid sin. |
(5) |
San RM, de thoradh na NSAnna, mheas an Coimisiún (i) nár chuir T-Mobile an banda acmhainneachta 2 100 MHz i bhfeidhm in Oirthear na Seicia, agus go raibh srianta ar sholúbthacht aonair na Pháirtithe na Comhroinnte maidir le cur i bhfeidhm an bhanda 1 800 MHz (“imní faoi dhrogall”), agus (ii) go ndearnadh Páirtithe na Comhroinnte a dhídhreasú ó líonra aontaobhach d’aon chineál a chur in úsáid mar gheall ar dhídhreasachtaí airgeadais agus malartú faisnéise. |
(6) |
A mhéid a bhaineann le (i), san RM, thug an Coimisiún faoi deara nach raibh T-Mobile in ann LTE2100 a chur in úsáid sa limistéar a oibríonn CETIN (an tSeicia Thoir) (3) mar gheall ar theorainneacha bonneagair áirithe sa limistéar sin, agus go raibh na síntiúsóirí sa chuid sin den tír faoi mhíbhuntáiste dá thoradh sin. Thairis sin, d’fhéadfaí síntí acmhainneachta a chur le banda speictrim 1 800 MHz gan aon mhórshuiteálacha agus/nó gan aon mhórmhodhnuithe ach amháin ar láithreáin shonracha bunaithe ar chomhphleanáil líonra Pháirtithe na Comhroinnte. |
(7) |
A mhéid a bhaineann le (ii), tháinig an Coimisiún ar an gconclúid tosaigh go bhféadfadh na dreasachtaí infheistíochta a bheith laghdaithe maidir leis an Oibreoir is Cuairteoir de bharr costais na n-uasghráduithe líonra a bheith gearrtha ag an Oibreoir is Máistir ar an Oibreoir is Cuairteoir ar phraghas atá níos airde ná na costais bhunúsacha. Ina theannta sin, ba é meas tosaigh an Choimisiúin go dtéann raon feidhme na faisnéise a mhalartaítear thar a bhfuil fíor-riachtanach le haghaidh fheidhmiú na NSAnna agus go n-áirítear leis faisnéis straitéiseach lena laghdaítear dreasachtaí Pháirtithe na Comhroinnte dul san iomaíocht lena chéile. Ní dócha go ndéanfar an malartú faisnéise a chúiteamh leis an deighilt struchtúrtha idir O2 agus CETIN ós rud é nach bhfeidhmíonn CETIN — bunaithe ar fhorálacha an MNSA lena gceanglaítear ar CETIN faisnéis áirithe a roinnt le O2 — go héifeachtach mar “bhosca dubh”, i.e. ní chuirtear cosc éifeachtach leis ar an sceitheadh faisnéise idir T-Mobile agus O2. |
3. NA GEALLTANAIS ATÁ BEARTAITHE
(8) |
Thairg na Páirtithe na Gealltanais Tosaigh de bhun Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003, chun freagairt d’ábhair imní an Choimisiúin maidir leis an iomaíocht, mar a leanas:
|
(9) |
Tá na Gealltanais maidir leis na NSAnna le fanacht i bhfeidhm go dtí an 28 Deireadh Fómhair 2033. Leanfaidh na Gealltanais maidir le MNSA de bheith i bhfeidhm ar feadh na tréimhse (i) téarma MNSA nó (ii) téarma na NSAnna, cibé ceann de na téarmaí sin is luaithe a thiocfaidh chun deiridh. |
(10) |
Tar éis na Tástála Margaidh, thug na Páirtithe gealltanas breise sna Gealltanais Athbhreithnithe gan raon feidhme geografach na NSAnna reatha a leathnú go Prág agus Brno. D’fhanfadh an gealltanas sin i bhfeidhm go dtí an [dáta laistigh de 7-10 mbliana] (“An Gealltanas maidir le Prág agus Brno”). |
(11) |
Ar deireadh, an 3 agus an 8 Meitheamh 2022, chuir na Páirtithe na Gealltanais Chríochnaitheacha isteach, gealltanais arb ionann iad agus na Gealltanais Athbhreithnithe maille le soiléiriú amháin. |
4. CONCLÚID
(12) |
Is leor na Gealltanais Chríochnaitheacha chun aghaidh a thabhairt ar na ábhair imní thosaigh a shainaithin an Coimisiún ina RM gan a bheith díréireach. |
(13) |
A mhéid a bhaineann leis an nGealltanas maidir le Nuachóiriú Líonra, measann an Coimisiún, ar an gcéad dul síos, go réiteofar leis an ngealltanas sin na hábhair imní maidir leis an éifeacht um dhrogall a bhaineann le LTE2100 ós rud é go mbeadh Páirtithe na Comhroinnte in ann banda LTE 2 100 MHz a chur i bhfeidhm ar fud chríoch na Seicia. |
(14) |
Ar an dara dul síos, leis an nGealltanas maidir le Nuachóiriú Líonra, maolófar na hábhair imní a tarraingíodh anuas maidir le síntí acmhainneachta ar bhanda speictrim 1 800 MHz, toisc go mbeadh Páirtithe na Comhroinnte in ann an banda sin a chur i ngach suíomh a chumhdaítear leis an nGealltanas maidir le Nuachóiriú Líonra gan aon mhórshuiteálacha agus/nó aon mhórmhodhnuithe a bheith ag baint leis. |
(15) |
Ar an tríú dul síos, leis an nGealltanas maidir le Nuachóiriú Líonra, cuirfear feabhas ar chumas agus ar dhreasachtaí Pháirtithe na Comhroinnte infheistíocht a dhéanamh go haontaobhach, ós rud é go gcuirfeadh na réamhshuiteálacha crua-earraí nua leibhéal méadaithe solúbthachta ar fáil maidir le hacmhainneacht a chur in úsáid ar bhealach níos éifeachtúla agus go neamhspleách agus úsáid á baint as na sraitheanna lárbhanda. |
(16) |
Maidir leis an nGealltanas Airgeadais, measann an Coimisiún go gcuirfidh sé deireadh le dídhreasachtaí airgeadais maidir le Páirtithe na Comhroinnte infheistíocht aontaobhach a dhéanamh ina líonraí, trína áirithiú, i ndáil le haon chur in úsáid a chuireann an tOibreoir is Máistir chun feidhme maidir leis an Oibreoir is Cuairteoir, go ndéanfar sin ar phraghsáil chostasbhunaithe. |
(17) |
Maidir leis an nGealltanas um Malartú Faisnéise, measann an Coimisiún go laghdófar leis comhordú agus trédhearcacht an mhargaidh trí theorainn a chur leis an gcineál faisnéise a mhalartaítear agus le líon na ndaoine a bhfuil baint acu leis an malartú sin. |
(18) |
Ar deireadh, measann an Coimisiún, i ndáil leis an nGealltanas maidir le Prág agus Brno, go maolóidh sé aon ábhar imní a bhaineann le leathnú geografach féideartha ar na NSAnna atá ann cheana féin, ós rud é freisin go bhfuil raon feidhme geografach chomhroinnt na líonraí ar cheann de na tosca a breithníodh san RM, agus go bhfágfaí na limistéir is dlúithe sa tír, i.e. Prág agus Brno, as an áireamh sa chomhar. |
(19) |
Beidh cur chun feidhme na ngealltanas faoi réir athbhreithniú neamhspleách saineolaí ag Iontaobhaí Faireacháin, ag gníomhú dó faoi mhaoirseacht an Choimisiúin, ar feadh thréimhse iomlán na ngealltanas. |
(1) IO L 1, 4.1.2003, lch. 1. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 411/2004 (IO L 68, 6.3.2004, lch. 1).
(2) Ón 1 Meitheamh 2015, is le CETIN an bonneagar fosaithe agus móibíleach atá faoi úinéireacht fhoirmiúil O2, agus bainistíonn sé é, agus d’fhan O2 gníomhach mar Oibreoir Líonra Moibíleach sa tSeicia. Tugtar “Páirtithe na Comhroinnte” ar T-Mobile agus O2/CETIN le chéile.
(3) Roinntear an fhorbairt agus an oibríocht maidir le rochtain raidió de réir phrionsabal críochach an struchtúir Oibreora is Máistir/Cuairteoir, dá réir sin tá T-Mobile nó CETIN, ceann acu, i gceannas ar an líonra ar thaobh amháin den tír, e.g. déanann T-Mobile an bonneagar comhdhlúite den líonra móibíleach a chur in úsáid, a oibriú agus a chothabháil sa chuid Thiar den tSeicia (i.e. is é an tOibreoir is Máistir é sa chuid sin den tír) agus freastalaíonn sé ar na síntiúsóirí a bhaineann leis an dá oibreoir sa limistéar sin.
(4) Ciallaíonn an Dáta Tosaithe an dáta a dtugann an Coimisiún fógra do Pháirtithe na Comhroinnte faoi ghlacadh an chinnidh chríochnaithigh lena nglactar leis na gealltanais sin de bhun Airteagal 9 de Rialachán 1/2003 agus cás deiridh AT.40305.