Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022AP0303

P9_TA(2022)0303 Nósanna imeachta aonfhoirmeacha i dtaca le seiceálacha ar iompar earraí contúirteacha de bhóthar (códú) ***I Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2022 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le nósanna imeachta aonfhoirmeacha i dtaca le seiceálacha ar iompar earraí contúirteacha de bhóthar (códú) (COM(2021)0483 – C9-0347/2021 – 2021/0275(COD)) P9_TC1-COD(2021)0275 Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Meán Fómhair 2022 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le nósanna imeachta aonfhoirmeacha i dtaca le seiceálacha ar iompar earraí contúirteacha de bhóthar (códú)

IO C 125, 5.4.2023, p. 166–166 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO C 125, 5.4.2023, p. 143–143 (GA)

5.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 125/143


P9_TA(2022)0303

Nósanna imeachta aonfhoirmeacha i dtaca le seiceálacha ar iompar earraí contúirteacha de bhóthar (códú) ***I

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2022 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le nósanna imeachta aonfhoirmeacha i dtaca le seiceálacha ar iompar earraí contúirteacha de bhóthar (códú) (COM(2021)0483 – C9-0347/2021 – 2021/0275(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach – códú)

(2023/C 125/15)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0483),

ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 91 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0347/2021),

ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 20 Deireadh Fómhair 2021 (1),

ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 20 Nollaig 1994 maidir le modh oibre brostaithe le haghaidh códú oifigiúil téacsanna reachtacha (2),

ag féachaint do Rialacha 109 agus 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A9-0228/2022),

A.

de bhrí, de réir Mheitheal Chomhairleach sheirbhísí dlí Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin, gurb é atá sa togra ná códú díreach ar na téacsanna atá cheana ann, gan aon athrú ina substaint;

1.

ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1)  IO C 105, 4.3.2022, lch. 148.

(2)  IO C 102, 4.4.1996, lch. 2.


P9_TC1-COD(2021)0275

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Meán Fómhair 2022 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le nósanna imeachta aonfhoirmeacha i dtaca le seiceálacha ar iompar earraí contúirteacha de bhóthar (códú)

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2022/1999)


Top