Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022AP0261

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Meitheamh 2022 maidir leis an dréachtmholadh ón gComhairle maidir le haontachas an Aontais Eorpaigh leis an gCoinbhinsiún maidir le Breithiúnais Eachtracha in Ábhair Shibhialta nó Thráchtála a Aithint agus a Fhorfheidhmiú (13494/2021 – C9-0465/2021 – 2021/0208(NLE))

IO C 32, 27.1.2023, p. 416–416 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO C 32, 27.1.2023, p. 397–397 (GA)

27.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 32/397


P9_TA(2022)0261

An Coinbhinsiún maidir le hAithint agus Forfheidhmiú Breithiúnas in Ábhair Shibhialta agus Thráchtála: aontachas an Aontais Eorpaigh ***

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Meitheamh 2022 maidir leis an dréachtmholadh ón gComhairle maidir le haontachas an Aontais Eorpaigh leis an gCoinbhinsiún maidir le Breithiúnais Eachtracha in Ábhair Shibhialta nó Thráchtála a Aithint agus a Fhorfheidhmiú (13494/2021 – C9-0465/2021 – 2021/0208(NLE))

(Toiliú)

(2023/C 32/23)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (13494/2021),

ag féachaint don Choinbhinsiún maidir le Breithiúnais Eachtracha in Ábhair Shibhialta nó Thráchtála a Aithint agus a Fhorfheidhmiú (13494/2021 ADD 1),

ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 81(2), pointe (a), agus Airteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9-0465/2021),

ag féachaint do Riail 105(1) agus (4) agus Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A9-0177/2022),

1.

ag tabhairt a toilithe d’aontachas an Aontais Eorpaigh leis an gCoinbhinsiún;

2.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát.

Top