Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022AP0260

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Meitheamh 2022 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le hathnuachan an Chomhaontaithe le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle (14207/2021 – C9-0478/2021 – 2021/0336(NLE))

IO C 32, 27.1.2023, p. 415–415 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO C 32, 27.1.2023, p. 396–396 (GA)

27.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 32/396


P9_TA(2022)0260

Athnuachan an Chomhaontaithe le haghaidh comhar eolaíoch agus teicneolaíoch idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle ***

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Meitheamh 2022 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le hathnuachan an Chomhaontaithe le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle (14207/2021 – C9-0478/2021 – 2021/0336(NLE))

(Toiliú)

(2023/C 32/22)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (14207/2021),

ag féachaint do Chinneadh 2005/781/CE ón gComhairle an 6 Meitheamh 2005 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle (1),

ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 186 agus Airteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9-0478/2021),

ag féachaint do Riail 105(1) agus (4), agus Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (A9-0176/2022),

1.

ag tabhairt a toilithe d’athnuachan an chomhaontaithe;

2.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Phoblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle.

(1)  IO L 295, 11.11.2005, lch. 37.


Top