EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022AP0216

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Bealtaine 2022 ar an togra le haghaidh treoir ón gComhairle maidir le híosleibhéal domhanda cánachais a áirithiú do ghrúpaí ilnáisiúnta san Aontas (COM(2021)0823 – C9-0040/2022 – 2021/0433(CNS))

OJ C 479, 16.12.2022, p. 89–108 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
OJ C 479, 16.12.2022, p. 64–83 (GA)

16.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 479/64


P9_TA(2022)0216

Íosleibhéal cánachais do ghrúpaí ilnáisiúnta *

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Bealtaine 2022 ar an togra le haghaidh treoir ón gComhairle maidir le híosleibhéal domhanda cánachais a áirithiú do ghrúpaí ilnáisiúnta san Aontas (COM(2021)0823 – C9-0040/2022 – 2021/0433(CNS))

(An nós imeachta reachtach speisialta – comhairliúchán)

(2022/C 479/12)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an gComhairle (COM(2021)0823),

ag féachaint d’Airteagal 115 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C9-0040/2022),

ag féachaint do Riail 82 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0140/2022),

1.

ag formheas an togra ón gCoimisiún arna leasú;

2.

á iarraidh ar an gCoimisiún a thogra a athrú dá réir, i gcomhréir le hAirteagal 293(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

3.

á iarraidh ar an gComhairle fógra a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa má tá sé ar intinn aici imeacht ón téacs atá formheasta ag Parlaimint na hEorpa;

4.

á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa arís má tá sé ar intinn aici an togra ón gCoimisiún a leasú go substaintiúil;

5.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Leasú 1

Togra le haghaidh treorach

Aithris 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6)

Tá sé riachtanach Rialacha Samhla GloBE arna gcomhaontú ag na Ballstáit a chur chun feidhme ar bhealach a bheidh chomh gar agus is féidir don chomhaontú domhanda. Cloíonn an Treoir seo go dlúth le hinneachar agus le struchtúr Rialacha Samhla GloBE. Chun an chomhoiriúnacht le dlí príomha an Aontais a áirithiú, agus ar bhealach níos cruinne, leis an tsaoirse bhunaíochta, ba cheart feidhm a bheith ag rialacha na Treorach seo maidir le heintitis a bhfuil cónaí orthu i mBallstát mar aon le heintitis neamhchónaitheacha máthaireintitis atá lonnaithe sa Bhallstát sin. Ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo freisin maidir le grúpaí an-mhóra náisiúnta. Ar an gcaoi sin, cheapfaí an creat dlíthiúil sa chaoi nach mbeadh aon bhaol ann go ndéanfaí idirdhealú idir cásanna trasteorann agus cásanna náisiúnta. Gach eintiteas, lena n-áirítear an máthaireintiteas a chuireann RCI i bhfeidhm, atá lonnaithe i mBallstát ina bhfuil córas ísealchánach, bheidís faoi réir na cánach breisiúcháin. Ar an gcuma chéanna, na heintitis chomhdhéanaimh de chuid an mháthaireintiteahs chéanna atá lonnaithe i mBallstát eile, Ballstát a bhfuil córas ísealchánach ann, bheidís faoi réir na cánach breisiúcháin.

(6)

Tá sé riachtanach Rialacha Samhla GloBE arna gcomhaontú ag na Ballstáit a chur chun feidhme ar bhealach a bheidh chomh gar agus is féidir don chomhaontú domhanda. Beidh rath an chomhaontaithe ag brath go hiomlán ar chur chun feidhme trédhearcach agus comhsheasmhach laistigh den Aontas agus ar fud an domhain. Cloíonn an Treoir seo go ginearálta le hábhar agus le struchtúr Rialacha Samhla GloBE ) ach imíonn sí uathu i ngnéithe áirithe, lena n-áirítear maidir le cur i bhfeidhm rialacha áirithe san Aontas . Chun an chomhoiriúnacht le dlí príomha an Aontais a áirithiú, agus ar bhealach níos cruinne, leis an tsaoirse bhunaíochta, ba cheart feidhm a bheith ag rialacha na Treorach seo maidir le heintitis a bhfuil cónaí orthu i mBallstát mar aon le heintitis neamhchónaitheacha máthaireintitis atá lonnaithe sa Bhallstát sin. Ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo freisin maidir le grúpaí an-mhóra náisiúnta. Ar an gcaoi sin, cheapfaí an creat dlíthiúil sa chaoi nach mbeadh aon bhaol ann go ndéanfaí idirdhealú idir cásanna trasteorann agus cásanna náisiúnta. Gach eintiteas, lena n-áirítear an máthaireintiteas a chuireann RCI i bhfeidhm, atá lonnaithe i mBallstát ina bhfuil córas ísealchánach, bheidís faoi réir na cánach breisiúcháin. Ar an gcuma chéanna, na heintitis chomhdhéanaimh de chuid an mháthaireintiteahs chéanna atá lonnaithe i mBallstát eile, Ballstát a bhfuil córas ísealchánach ann, bheidís faoi réir na cánach breisiúcháin.

Leasú 2

Togra le haghaidh treorach

Aithris 7

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(7)

Cé gur gá a áirithiú go ndíspreagfar cleachtais seachanta cánach, ba cheart drochthionchair ar FINanna níos lú sa mhargadh inmheánach a sheachaint. Chun na críche sin, níor cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo ach maidir le heintitis atá lonnaithe san Aontas, eintitis ar comhaltaí iad de ghrúpaí FIN nó de ghrúpaí náisiúnta mórscála a bhfuil an tairseach bhliantúil EUR 750 000 000 ar a laghad d’ioncam comhdhlúite á comhlíonadh acu. Bheadh an tairseach sin comhsheasmhach le tairseach na rialacha idirnáisiúnta cánach atá ann cheana, mar atá na rialacha maidir le tuairisciú de réir tíre (9). Tagraítear d’eintitis a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo mar eintitis chomhdhéanaimh. Ba cheart eintitis áirithe a eisiamh ón raon feidhme bunaithe ar a gcuspóir agus ar a stádas ar leith. Na heintitis nach bhfuil dírithe ar bhrabús agus a dhéanann gníomhaíochtaí ar mhaithe leis an leas coiteann agus nach dócha, ar na cúiseanna sin, go mbeidís faoi réir cánach sa Bhallstát ina bhfuil siad lonnaithe, sin iad na heintitis eisiata a bheadh ann. Chun na leasanna sonracha sin a chosaint, is gá eintitis rialtais, eagraíochtaí idirnáisiúnta, eagraíochtaí neamhbhrabúis agus cistí pinsin a eisiamh ó raon feidhme na Treorach seo. Ba cheart cistí infheistíochta agus meáin infheistíochta eastáit réadaigh a eisiamh ón raon feidhme freisin nuair atá siad ag barr an tslabhra úinéireachta, ós rud é, i gcás na n-eintiteas sin ar a dtugtar sreabhadh tríothu, go ngearrtar cáin ar an ioncam a thuilltear ar leibhéal na n-úinéirí.

(7)

Cé gur gá a áirithiú go ndíspreagfar cleachtais seachanta cánach, ba cheart drochthionchair ar FINanna níos lú sa mhargadh inmheánach a sheachaint. Chun na críche sin, níor cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo ach maidir le heintitis atá lonnaithe san Aontas, eintitis ar comhaltaí iad de ghrúpaí FIN nó de ghrúpaí náisiúnta mórscála a bhfuil an tairseach bhliantúil EUR 750 000 000 d’ioncam comhdhlúite á comhlíonadh acu. Bheadh an tairseach sin comhsheasmhach le tairseach na rialacha idirnáisiúnta cánach atá ann cheana, mar atá na rialacha maidir le tuairisciú de réir tíre (9) agus ba cheart do na Ballstáit uile í a urramú dá bhrí sin . Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil Rialacha Samhla GloBE á gcur i bhfeidhm ag na Ballstáit ar eintitis bheaga, agus ar a mhéid atá siad á gcur i bhfeidhm acu, agus ba cheart dó bearta iomchuí a dhéanamh má tá siad á gcur i bhfeidhm acu ar bhealach a thagann salach ar phrionsabail dhlí an Aontais nó a bhaineann an bonn de shláine an mhargaidh inmheánaigh. Tagraítear d’eintitis a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo mar eintitis chomhdhéanaimh. Ba cheart eintitis áirithe a eisiamh ón raon feidhme bunaithe ar a gcuspóir agus ar a stádas ar leith. Na heintitis nach bhfuil dírithe ar bhrabús agus a dhéanann gníomhaíochtaí ar mhaithe leis an leas coiteann agus nach dócha, ar na cúiseanna sin, go mbeidís faoi réir cánach sa Bhallstát ina bhfuil siad lonnaithe, sin iad na heintitis eisiata a bheadh ann. Chun na leasanna sonracha sin a chosaint, is gá eintitis rialtais, eagraíochtaí idirnáisiúnta, eagraíochtaí neamhbhrabúis agus cistí pinsin a eisiamh ó raon feidhme na Treorach seo. Ba cheart cistí infheistíochta agus meáin infheistíochta eastáit réadaigh a eisiamh ón raon feidhme freisin nuair atá siad ag barr an tslabhra úinéireachta, ós rud é, i gcás na n-eintiteas sin ar a dtugtar sreabhadh tríothu, go ngearrtar cáin ar an ioncam a thuilltear ar leibhéal na n-úinéirí.

Leasú 3

Togra le haghaidh treorach

Aithris 13

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(13)

Chun go mbeidh na Ballstáit in ann tairbhe a bhaint as an ioncam ón gcáin bhreisiúcháin a bhailítear ar a gcomheintitis ísealchánach atá lonnaithe ar a gcríoch, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann rogha a dhéanamh córas náisiúnta um cháin bhreisiúcháin a chur i bhfeidhm. Comheintitis de ghrúpa FIN atá lonnaithe i mBallstát a roghnaigh rialacha a chur chun feidhme atá coibhéiseach leis an RCI agus an RÍFTC ina gcóras cánach náisiúnta féin, ba cheart dóibh an cháin bhreisiúcháin a íoc leis an mBallstát sin. Agus roinnt solúbthachta á fágáil ag na Ballstáit maidir le cur chun feidhme teicniúil an chórais náisiúnta um cháin bhreisiúcháin , ba cheart go n-áiritheofaí leis an gcóras sin an cánachas íosta éifeachtach ar ioncam cáilitheach nó ar chaillteanas cáilitheach na gcomheintiteas ar an mbealach céanna, nó ar bhealach coibhéiseach, le RCI agus RÍFTC na Treorach seo .

(13)

Chun go mbeidh na Ballstáit in ann tairbhe a bhaint as an ioncam ón gcáin bhreisiúcháin a bhailítear ar a gcomheintitis ísealchánach atá lonnaithe ar a gcríoch, ba cheart an rogha bheith ag na Ballstáit córas náisiúnta um cháin bhreisiúcháin a chur i bhfeidhm. Comheintitis de ghrúpa FIN atá lonnaithe i mBallstát a roghnaigh rialacha a chur chun feidhme atá coibhéiseach leis an RCI agus an RÍFTC ina gcóras cánach náisiúnta féin, ba cheart dóibh an cháin bhreisiúcháin a íoc leis an mBallstát sin. Agus roinnt solúbthachta á fágáil ag na Ballstáit maidir le cur chun feidhme teicniúil na cánach breisithe intíre , ba cheart don Mheitheal um an gCód Iompair (cánachas gnó) faireachán cúramach a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na cánach sin . Ba cheart don Choimisiún cúnamh a thabhairt ina leith sin.

Leasú 4

Togra le haghaidh treorach

Aithris 14

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(14)

Chun cur chuige comhréireach a áirithiú, ba cheart a chur san áireamh leis an gcleachtadh sin cásanna sonracha áirithe ina laghdaítear rioscaí BEPS. Dá bhrí sin, ba cheart go n-áireofaí sa Treoir díolmhú bunaithe ar thábhacht eacnamaíoch agus bunaithe ar na costais a bhaineann le fostaithe agus ar luach sócmhainní inláimhsithe i ndlínse ar leith. Leis sin, d’fhéadfaí aghaidh a thabhairt, go pointe áirithe, ar chásanna ina ndéanann grúpa FIN nó grúpa náisiúnta mórscála gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhfuil láithreacht ábhartha ag teastáil uathu i ndlínse ísealchánach mar nach dócha go dtiocfadh borradh faoi chleachtais BEPS i gcás den sórt sin. Ba cheart cás sonrach na ngrúpaí FIN atá ag na chéad chéimeanna dá ngníomhaíocht idirnáisiúnta a mheas freisin ionas nach ndíspreagfaí forbairt gníomhaíochtaí trasteorann do ghrúpaí FIN a bhaineann leas as cáin íseal ina ndlínse náisiúnta ina bhfuil siad ag feidhmiú den chuid is mó. Dá bhrí sin, ba cheart gníomhaíochtaí náisiúnta na ngrúpaí sin a bhfuil cáin íseal orthu a eisiamh ó chur i bhfeidhm na rialacha ar feadh idirthréimhse cúig bliana, agus sin ar choinníoll nach bhfuil comheintitis ag an ngrúpa FIN i níos mó ná sé dhlínse eile. Chun cóir chomhionann a áirithiú do ghrúpaí baile mórscála, ba cheart an t-ioncam ó ghníomhaíochtaí na ngrúpaí sin a eisiamh freisin ar feadh idirthréimhse cúig bliana.

(14)

Chun cur chuige comhréireach a áirithiú, ba cheart a chur san áireamh leis an gcleachtadh sin cásanna sonracha áirithe ina laghdaítear rioscaí BEPS. Dá bhrí sin, ba cheart go n-áireofaí sa Treoir díolmhú bunaithe ar thábhacht eacnamaíoch agus bunaithe ar na costais a bhaineann le fostaithe agus ar luach sócmhainní inláimhsithe i ndlínse ar leith. Leis sin, d’fhéadfaí aghaidh a thabhairt, go pointe áirithe, ar chásanna ina ndéanann grúpa FIN nó grúpa náisiúnta mórscála gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhfuil láithreacht ábhartha ag teastáil uathu i ndlínse ísealchánach mar nach dócha go dtiocfadh borradh faoi chleachtais BEPS i gcás den sórt sin. Ba cheart cás sonrach na ngrúpaí FIN atá ag na chéad chéimeanna dá ngníomhaíocht idirnáisiúnta a mheas freisin ionas nach ndíspreagfaí forbairt gníomhaíochtaí trasteorann do ghrúpaí FIN a bhaineann leas as cáin íseal ina ndlínse náisiúnta ina bhfuil siad ag feidhmiú den chuid is mó. Dá bhrí sin, ba cheart gníomhaíochtaí náisiúnta na ngrúpaí sin a bhfuil cáin íseal orthu a eisiamh ó chur i bhfeidhm na rialacha ar feadh idirthréimhse trí bliana, agus sin ar choinníoll nach bhfuil comheintitis ag an ngrúpa FIN i níos mó ná sé dhlínse eile. Chun cóir chomhionann a áirithiú do ghrúpaí baile mórscála, ba cheart an t-ioncam ó ghníomhaíochtaí na ngrúpaí sin a eisiamh freisin ar feadh idirthréimhse trí bliana.

Leasú 5

Togra le haghaidh treorach

Aithris 16

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(16)

Chun cothromaíocht a bhaint amach idir cuspóirí an athchóirithe dhomhanda maidir le cáin íosta agus an t-ualach riaracháin ar riaracháin chánach agus ar cháiníocóirí, ba cheart foráil a dhéanamh sa Treoir seo maidir le heisiamh de minimis i gcás grúpaí FIN nó grúpaí baile mórscála ag a bhfuil meánioncam níos lú ná EUR 10 000 000 agus meánioncam cáilitheach nó caillteanas cáilitheach faoi bhun EUR 1 000 000 i ndlínse ar leith. Níor cheart go n-íocfadh grúpaí FIN nó grúpaí baile mórscála den sórt sin cáin bhreisiúcháin fiú má tá ETR seo acu faoi bhun an íosráta cánach sa dlínse sin.

(16)

I gcomhréir leis an gcomhaontú ar thángthas air i gCreat Cuimsitheach OECD/G20 maidir le CBAB, foráiltear leis an Treoir seo d’eisiamh de minimis i gcás grúpaí FIN nó grúpaí baile mórscála ag a bhfuil meánioncam níos lú ná EUR 10 000 000 agus meánioncam cáilitheach nó caillteanas cáilitheach faoi bhun EUR 1 000 000 i ndlínse ar leith. Níor cheart go n-íocfadh grúpaí FIN nó grúpaí baile mórscála den sórt sin cáin bhreisiúcháin fiú má tá ETR seo acu faoi bhun an íosráta cánach sa dlínse sin.

Leasú 6

Togra le haghaidh treorach

Aithris 18

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(18)

Chun an córas a chur i bhfeidhm go héifeachtúil, tá sé ríthábhachtach go ndéanfar na nósanna imeachta a chomhordú ar leibhéal grúpa. Beidh sé riachtanach córas a oibriú lena n-áiritheofar an sreabhadh faisnéise gan bhac laistigh den ghrúpa FIN agus i dtreo riaracháin chánach ina bhfuil comheintitis lonnaithe. Ba cheart gur ar an gcomheintiteas féin a bheadh an phríomhfhreagracht an tuairisceán faisnéise a chomhdú. Ba cheart feidhm a bheith ag tarscaoileadh na freagrachta sin, áfach, i gcás ina bhfuil eintiteas eile ainmnithe ag an ngrúpa FIN chun an tuairisceán faisnéise a chomhdú agus a chomhroinnt. D’fhéadfadh sé gur eintiteas áitiúil nó eintiteas ó dhlínse eile a bhfuil comhaontú údaráis inniúil i bhfeidhm aige le Ballstát an chomheintitis a bheadh i gceist. Sa chéad dhá mhí dhéag tar éis a theacht i bhfeidhm, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir seo i gcomhréir leis an gcomhaontú ar thángthas air leis an gCreat Cuimsitheach maidir le ceanglais a chomhdú faoin gcreat cur chun feidhme GloBE. I bhfianaise na gcoigeartuithe comhlíontachta a cheanglaítear leis an gcóras seo, ba cheart tréimhse 18 mhí a dheonú do ghrúpaí a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo den chéad uair chun na ceanglais faisnéise a chomhlíonadh.

(18)

Chun an córas a chur i bhfeidhm go héifeachtúil, tá sé ríthábhachtach go ndéanfar na nósanna imeachta a chomhordú ar leibhéal grúpa. Beidh sé riachtanach córas a oibriú lena n-áiritheofar an sreabhadh faisnéise gan bhac laistigh den ghrúpa FIN agus i dtreo riaracháin chánach ina bhfuil comheintitis lonnaithe. Ba cheart gur ar an gcomheintiteas féin a bheadh an phríomhfhreagracht an tuairisceán faisnéise a chomhdú. Ba cheart feidhm a bheith ag tarscaoileadh na freagrachta sin, áfach, i gcás ina bhfuil eintiteas eile ainmnithe ag an ngrúpa FIN chun an tuairisceán faisnéise a chomhdú agus a chomhroinnt. D’fhéadfadh sé gur eintiteas áitiúil nó eintiteas ó dhlínse eile a bhfuil comhaontú údaráis inniúil i bhfeidhm aige le Ballstát an chomheintitis a bheadh i gceist. Sa chéad dhá mhí dhéag tar éis a theacht i bhfeidhm, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir seo , trí bhíthin gníomhartha tarmligthe ábhartha, i gcomhréir leis an gcomhaontú ar thángthas air leis an gCreat Cuimsitheach maidir le ceanglais a chomhdú faoin gcreat cur chun feidhme GloBE. I bhfianaise na gcoigeartuithe comhlíontachta a cheanglaítear leis an gcóras seo, ba cheart tréimhse 18 mhí a dheonú do ghrúpaí a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo den chéad uair chun na ceanglais faisnéise a chomhlíonadh.

Leasú 7

Togra le haghaidh treorach

Aithris 19

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(19)

I bhfianaise na dtairbhí a bhaineann le trédhearcacht sa réimse cánach, is ábhar misnigh é go ndéanfar méid suntasach faisnéise a chomhdú leis na húdaráis chánach sna dlínsí rannpháirteacha go léir. Ba cheart go mbeadh sé d’oibleagáid ar ghrúpaí FIN laistigh de raon feidhme na Treorach seo faisnéis chuimsitheach agus mhionsonraithe a chur ar fáil maidir lena mbrabúis agus a ráta éifeachtach cánach i ngach dlínse ina bhfuil comheintitis acu. D’fhéadfaí a bheith ag súil leis go méadófaí an trédhearcacht dá ndéanfaí tuairisciú forleathan den sórt sin.

(19)

I bhfianaise na dtairbhí a bhaineann le trédhearcacht sa réimse cánach, is ábhar misnigh é go ndéanfar méid suntasach faisnéise a chomhdú leis na húdaráis chánach sna dlínsí rannpháirteacha go léir. Ba cheart go mbeadh sé d’oibleagáid ar ghrúpaí MNE laistigh de raon feidhme na Treorach seo faisnéis chuimsitheach agus mhionsonraithe a chur ar fáil maidir lena mbrabúis agus a ráta éifeachtach cánach i ngach dlínse ina bhfuil comheintitis acu. D’fhéadfaí a bheith ag súil leis go méadófaí an trédhearcacht dá ndéanfaí tuairisciú forleathan den sórt sin. Is é an toradh a bhíonn ar níos mó trédhearcachta i nochtadh airgeadais ná sochair don riarachán cánach agus níos mó cinnteachta do cháiníocóirí. Sa chomhthéacs sin, beidh ról ag Treoir 2011/16/AE ón gComhairle  (1a) maidir le héascú a dhéanamh ar chur chun feidhme na Treorach seo agus beidh an t-athbhreithniú amach anseo ar Threoir 2011/16/AE faoi réir measúnú tionchair a dhéanfar roimh an 31 Nollaig 2022.

Leasú 8

Togra le haghaidh treorach

Aithris 19 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(19a)

Ba cheart faireachán a dhéanamh ar bhearta a d“fhéadfadh a bheith díobhálach agus saobhach agus arb é is aidhm dóibh an méadú a d”fhéadfadh teacht ar cháin ioncaim chorparáidigh a chúiteamh agus ba cheart fógra an Choimisiúin maidir le cur i bhfeidhm na rialacha maidir le státchabhair i ndáil le bearta a bhaineann le cánachas díreach gnó a thabhairt cothrom le dáta de réir mar is gá.

Leasú 9

Togra le haghaidh treorach

Aithris 19 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(19b)

Ba cheart don Mheitheal um an gCód Iompair (cánachas gnó) sa Chomhairle faireachán leanúnach a dhéanamh ar fhorbairt na gcaighdeán cuntasaíochta agus ar a gcur i bhfeidhm chun críocha cánach íosta. Más gá, ba cheart dó moltaí a dhéanamh chun na rialacha a bhaineann le cinneadh brabúis a choigeartú. Ba cheart don Choimisiún cúnamh a thabhairt ina leith sin.

Leasú 10

Togra le haghaidh treorach

Aithris 20

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(20)

Tá éifeachtacht agus cothroime an athchóirithe dhomhanda maidir le cáin íosta ag brath go mór ar a chur chun feidhme ar fud an domhain. Beidh sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go gcuirfidh príomh-chomhpháirtithe trádála uile an Aontais RCI cáilithe nó sraith rialacha coibhéiseacha i bhfeidhm maidir le cáin íosta. Sa chomhthéacs sin, agus chun tacú le deimhneacht dhlíthiúil agus éifeachtúlacht na rialacha cánach íosta domhanda, tá sé tábhachtach na coinníollacha a shonrú tuilleadh faoinar féidir na rialacha a chuirtear chun feidhme i ndlínse tríú tír nach ndéanfaidh rialacha an chomhaontaithe dhomhanda a thrasuí a chur ar choibhéis le IR cáilithe. Chuige sin, ba cheart foráil a dhéanamh leis an Treoir seo maidir leis an gCoimisiún measúnú a dhéanadh ar na critéir choibhéise agus sin bunaithe ar pharaiméadair áirithe mar aon le liostú de na dlínsí tríú tír a chomhlíonann na critéir choibhéise. Féadfar an liosta sin a mhodhnú trí ghníomh tarmligthe, tar éis aon mheasúnú a dhéanfar ina dhiaidh sin ar an gcreat dlíthiúil a chuir dlínse tríú tír chun feidhme ina dlí baile.

(20)

Tá éifeachtacht agus cothroime an athchóirithe dhomhanda maidir le cáin íosta ag brath go mór ar a chur chun feidhme pras agus comhsheasmhach ar fud an domhain agus ag na Ballstáit faoi dheireadh 2023 . Beidh sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go gcuirfidh príomh-chomhpháirtithe trádála uile an Aontais RCI cáilithe nó sraith rialacha coibhéiseacha i bhfeidhm maidir le cáin íosta. Sa chomhthéacs sin, agus chun tacú le deimhneacht dhlíthiúil agus éifeachtúlacht na rialacha cánach íosta domhanda, tá sé tábhachtach na coinníollacha a shonrú tuilleadh faoinar féidir na rialacha a chuirtear chun feidhme i ndlínse tríú tír nach ndéanfaidh rialacha an chomhaontaithe dhomhanda a thrasuí a chur ar choibhéis le IR cáilithe. Chuige sin, ba cheart foráil a dhéanamh leis an Treoir seo le haghaidh chéad mheasúnú, arna dhéanamh ag an gCoimisiún, ar na critéir choibhéise agus sin bunaithe ar pharaiméadair áirithe mar aon le liostú de na dlínsí tríú tír a chomhlíonann na critéir choibhéise ar bhealach tráthúil . Féadfar an liosta sin a mhodhnú trí ghníomh tarmligthe, tar éis aon mheasúnú a dhéanfar ina dhiaidh sin ar an gcreat dlíthiúil a chuir dlínse tríú tír chun feidhme ina dlí baile. Chun an Treoir seo a chur chun feidhme, beidh gá le malartú méadaithe faisnéise idir na Ballstáit agus dlínsí tríú tíortha. Chuige sin, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar Threoir 2011/16/AE i gcomhréir le hobair ECFE amach anseo ar chomhaontú údaráis inniúil a bheidh le forbairt faoi dheireadh 2022.

Leasú 11

Togra le haghaidh treorach

Aithris 21 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(21a)

Is dócha go modhnófar Rialacha Samhla GloBE, go háirithe na rialacha maidir le calafoirt shábháilte arb é is aidhm dóibh na ceanglais chomhdúcháin a shimpliú do chomheintitis. Ba cheart a áirithiú leis an Treoir seo go bhfuil coimircí leormhaithe i bhfeidhm le haghaidh rialú na n-eintiteas sin. Dá bhrí sin, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun a áirithiú go mbeidh an Treoir seo fós ailínithe le gealltanais idirnáisiúnta na mBallstát.

Leasú 12

Togra le haghaidh treorach

Aithris 23 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(23a)

Tugtar clásal athbhreithnithe isteach sa Treoir seo chun a ráthú go mbeidh cur i bhfeidhm na Treorach seo faoi réir meastóireachta cuí cúig bliana tar éis a teacht i bhfeidhm. Leis an athbhreithniú sin, ba cheart measúnú agus athbhreithniú a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme an chomhaontaithe ECFE/Rialacha Samhla GloBE, chomh maith le díolúintí agus maoluithe áirithe, go háirithe maidir le córais chánach dáileacháin agus eisiamh ioncaim substaint-bhunaithe, ábharthacht na tairsí don Ghrúpa FIN agus do ghnólachtaí intíre ar mhórscála i raon feidhme agus an tionchar ar ioncam cánach ar thíortha atá i mbéal forbartha. Mar chuid den athbhreithniú, d’fhéadfaí modhnuithe ar Rialacha Samhla GloBE a chomhtháthú i ndlí an Aontais más gá.

Leasú 13

Togra le haghaidh treorach

Aithris 24 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(24a)

Faoi chuimsiú Chreat Cuimsitheach OECD/G20 maidir le CBAB, sa bhreis ar dhá riail a bheartaítear a thabhairt isteach i ndlíthe cánach intíre náisiúnta, is éard atá i gColún 2, mar a thugtar air, riail atá bunaithe ar chonradh, eadhon an Riail faoi réir Cánach (STTR), a cheadaíonn do dhlínsí foinseacha cánachas foinse teoranta a ghearradh ar íocaíochtaí páirtithe gaolmhara áirithe atá faoi réir cánach faoi bhun íosráta. Ba cheart don Choimisiún a mholadh do na Ballstáit a gcomhaontuithe cánach déthaobhacha le tíortha ar ioncam íseal a mhodhnú chun an riail sin a chur san áireamh.

Leasú 14

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 21 a – mír 1 – fomhír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Comheintiteas nach eintiteas tréshreafa é, measfar é a bheith lonnaithe sa dlínse ina meastar é a bheith ina chónaí chun críoch cánach bunaithe ar a áit bhainistíochta, ar a áit chruthaithe nó ar chritéir chomhchosúla.

Comheintiteas nach eintiteas tréshreafa é, measfar é a bheith lonnaithe sa dlínse ina meastar é a bheith ina chónaí chun críoch cánach bunaithe ar a áit bhainistíochta éifeachtaí , eadhon an áit ina ndéantar príomhchinntí bainistíochta agus tráchtála a bhfuil gá leo chun gnó a sheoladh, ar a áit chruthaithe nó ar chritéir chomhchosúla ina léirítear fíorghníomhaíochtaí eacnamaíocha i gcomhréir leis an Treoir seo agus le Rialacha Samhla GloBE .

Leasú 15

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 4 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 4a

Rialacha frithsheachanta

1.     Chun críoch an cháin bhreisiúcháin a ríomh, tabharfaidh Ballstát neamhaird ar shocrú nó ar thacar socruithe, tar éis dóibh a bheith curtha i bhfeidhm chun na críche bunriachtanaí buntáiste cánach a fháil lena sáraítear cuspóir nó críoch na Treorach seo, nach fíor-shocrú nó fíor-shocruithe iad, ag féachaint do na fíorais agus na himthosca ábhartha uile. Féadfaidh níos mó ná céim amháin nó cuid amháin a bheith i socrú.

2.     Chun críoch mhír 1, féachfar ar shocrú nó ar thacar socruithe mar shocrú nó socruithe nach bhfuil fíor i gcás nach gcuirtear i bhfeidhm iad ar chúiseanna tráchtála bailí lena léirítear fíorghníomhaíochtaí eacnamaíocha.

3.     Chun an bonn cánach a ríomh, déileálfar le comhshocraíocht nó le sraith comhshocraíochtaí a dtugtar neamhaird orthu de réir mhír 1 faoi threoir a substainte eacnamaíche.

4.     Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 52 chun rialacha níos mionsonraithe a leagan síos i gcoinne seachaint cánach, go háirithe chun modhnuithe a dhéanfar amach anseo ar Rialacha Samhla GloBE a chur san áireamh.

Leasú 16

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 10 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.   Maidir leis an méid cánach breisiúcháin náisiúnta cáilithe a chuirtear san áireamh sa ríomh ar an gcáin mbreisiúcháin dhlínsiúil i gcomhréir le hAirteagal 26 le haghaidh bliain fhioscach, i gcás nár íocadh an méid sin ina iomláine laistigh de na 3 bliana fhioscacha ina dhiaidh sin, cuirfear an méid cánach breisiúcháin náisiúnta nár íocadh leis an gcáin bhreisiúcháin dhlínsiúil a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 26(3).

3.   Maidir leis an méid cánach breisiúcháin náisiúnta cáilithe a chuirtear san áireamh sa ríomh ar an gcáin mbreisiúcháin dhlínsiúil i gcomhréir le hAirteagal 26 le haghaidh bliain fhioscach, i gcás nár íocadh an méid sin ina iomláine laistigh den bhliain fhioscach ina dhiaidh sin, cuirfear an méid cánach breisiúcháin náisiúnta nár íocadh leis an gcáin bhreisiúcháin dhlínsiúil a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 26(3).

Leasú 17

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 13 – mír 8 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

8a.     Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, brí na dtéarmaí a úsáidtear i míreanna 5 agus 6 den Airteagal seo a shonrú tuilleadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 52a.

Leasú 18

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 8 – mír 8 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

8b.     Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 52 chun modhnú a dhéanamh ar fhoirmle mhír 5, chun na modhnuithe comhfhreagracha ar Rialacha Samhla GloBE a chur san áireamh.

Leasú 19

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 15 – mír 11 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

11a.     Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 52 chun aon cheann de na sainmhínithe a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo a mhodhnú, nó chun leasú a dhéanamh ar aon cheann de na hítimí dá bhforáiltear do choigeartuithe faoi mhíreanna 2, 3, 6, 7, 10 agus 11 den Airteagal seo, go háirithe chun modhnuithe amach anseo ar Rialacha Samhla GloBE a chur san áireamh.

Leasú 20

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 19 – mír 3 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3a.     Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, brí na dtéarmaí a úsáidtear i mír 1 den Airteagal seo a shonrú tuilleadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 52a.

Leasú 21

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 21 – mír 7 – fomhír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Maidir le dliteanas cánach iarchurtha nach n-íoctar nó nach n-aisiompaítear laistigh de na 5 bliana fhioscacha ina dhiaidh sin, athghabhfar é a mhéid a cuireadh san áireamh é i méid coigeartaithe cánach iarchurtha iomlán comheintitis.

Maidir le dliteanas cánach iarchurtha nach n-íoctar nó nach n-aisiompaítear laistigh de na 3 bliana fhioscacha ina dhiaidh sin, athghabhfar é a mhéid a cuireadh san áireamh é i méid coigeartaithe cánach iarchurtha iomlán comheintitis.

Leasú 22

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 21 – mír 7 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

An méid den dliteanas cánach iarchurtha athghafa a chinntear le haghaidh na bliana fioscaí, caithfear leis mar laghdú ar cháin chumhdaithe an chúigiú bliain fhioscach roimhe sin agus athríomhfar an ráta cánach éifeachtach agus cáin bhreisiúcháin na bliana sin i gcomhréir le hAirteagal 28(1).

An méid den dliteanas cánach iarchurtha athghafa a chinntear le haghaidh na bliana fioscaí, caithfear leis mar laghdú ar cháin chumhdaithe an tríú bliain fhioscach roimhe sin agus athríomhfar an ráta cánach éifeachtach agus cáin bhreisiúcháin na bliana sin i gcomhréir le hAirteagal 28(1).

Leasú 23

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 21 – mír 8 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

8a.     Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 52 chun leasú a dhéanamh ar aon cheann de na hítimí lena mbaineann fabhruithe eisceachta faoi mhír 8 den Airteagal seo, go háirithe chun modhnuithe amach anseo ar Rialacha Samhla GloBE a chur san áireamh.

Leasú 24

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 27 – mír 9 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

9a.     Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, brí na dtéarmaí a úsáidtear sna sainmhínithe a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo a shonrú tuilleadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 52a.

Leasú 25

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 29 – mír 5 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

5a.     Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 52 chun na suimeanna a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo a leasú, go háirithe chun modhnuithe a dhéanfar amach anseo ar Rialacha Samhla GloBE a chur san áireamh.

Leasú 26

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 31 – mír 4 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.   I gcás ina ndíchumascann grúpa FIN aonair ina dhá ngrúpa nó níos mó (gach ceann ina “ghrúpa díchumaiscthe”), measfar an tairseach ioncaim chomhdhlúite a bheith comhlíonta ag gach grúpa díchumaiscthe má thuairiscíonn sé an méid seo a leanas:

4.   I gcás ina ndíchumascann grúpa FIN aonair ina dhá ngrúpa nó níos mó (gach ceann ina “ghrúpa díchumaiscthe”), measfar an tairseach ioncaim chomhdhlúite a bheith comhlíonta ag gach grúpa díchumaiscthe ar feadh sé bliana ar a laghad tar éis an díleá má thuairiscíonn sé an méid seo a leanas:

Leasú 27

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 41 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Arna roghnú sin don chomheintiteas is comhdaitheoir, féadfaidh úinéir comheintitis eintitis infheistíochta modh dáilte inchánach a chur i bhfeidhm i leith a leasa úinéireachta san eintiteas infheistíochta, ar choinníoll nach eintiteas infheistíochta é an t-úinéir comheintitis agus gur féidir a mheas go réasúnach go mbeidh sé faoi réir cáin ar dháileacháin ón eintiteas infheistíochta ag ráta cánach atá cothrom leis an íosráta cánach nó níos mó ná sin.

1.   Arna roghnú sin don chomheintiteas is comhdaitheoir, féadfaidh úinéir comheintitis ar eintiteas infheistíochta nó eintiteas infheistíochta árachais modh dáilte inchánach a chur i bhfeidhm i leith a leasa úinéireachta san eintiteas infheistíochta, ar choinníoll nach eintiteas infheistíochta é an t-úinéir comheintitis agus gur féidir a mheas go réasúnach go mbeidh sé faoi réir cáin ar dháileacháin ón eintiteas infheistíochta ag ráta cánach atá cothrom leis an íosráta cánach nó níos mó ná sin.

Leasú 28

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 42 – mír 2 – fomhír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

I gcás nach mbeidh eintitis eile an ghrúpa FIN tar éis comheintiteas a cheapadh, is é a bheidh san eintiteas áitiúil ainmnithe atá i bhfeighil ar an bhfaisnéis cánach breisiúcháin a chomhdú ná an t-eintiteas is mó den ghrúpa FIN atá lonnaithe sa Bhallstát céanna ó thaobh ioncaim bhliantúla le dhá bhliain roimhe sin i ndiaidh a chéile;

Leasú 29

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 42 – mír 7 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

7a.     Ag gníomhú di d’aon toil ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis tuairim a fháil ó Pharlaimint na hEorpa, glacfaidh an Chomhairle na bearta is gá chun na hoibleagáidí comhdaithe faoin Treoir seo a chur chun feidhme agus an malartú faisnéise is gá a áirithiú.

Leasú 30

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 47 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   An cháin bhreisiúcháin atá dlite ag máthaireintiteas deiridh atá lonnaithe i mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 5(2), laghdófar go nialas é sa chéad 5 bliana de chéim thosaigh ghníomhaíocht idirnáisiúnta an ghrúpa FIN d’ainneoin na gceanglas a leagtar síos i gCaibidil V.

1.   An cháin bhreisiúcháin atá dlite ag máthaireintiteas deiridh atá lonnaithe i mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 5(2), laghdófar go nialas é sa chéad 3 bliana de chéim thosaigh ghníomhaíocht idirnáisiúnta an ghrúpa FIN d’ainneoin na gceanglas a leagtar síos i gCaibidil V.

Leasú 31

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 47 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   I gcás ina bhfuil máthaireintiteas deiridh grúpa FIN lonnaithe i ndlínse tríú tír, an cháin bhreisiúcháin atá dlite ag comheintiteas atá lonnaithe i mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 13(2), laghdófar go nialas í sa chéad 5 bliana de chéim thosaigh ghníomhaíocht idirnáisiúnta an ghrúpa FIN sin d’ainneoin na gceanglas a leagtar síos i gCaibidil V.

2.   I gcás ina bhfuil máthaireintiteas deiridh grúpa FIN lonnaithe i ndlínse tríú tír, an cháin bhreisiúcháin atá dlite ag comheintiteas atá lonnaithe i mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 13(2), laghdófar go nialas í sa chéad 3 bliana de chéim thosaigh ghníomhaíocht idirnáisiúnta an ghrúpa FIN sin d’ainneoin na gceanglas a leagtar síos i gCaibidil V.

Leasú 32

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 47 – mír 4 – fomhír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

An tréimhse 5 bliana fhioscacha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, tosóidh sí ó thús na bliana fioscaí ina dtagann an grúpa FIN faoi raon feidhme na Treorach seo den chéad uair.

An tréimhse 3 bliana fhioscacha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, tosóidh sí ó thús na bliana fioscaí ina dtagann an grúpa FIN faoi raon feidhme na Treorach seo den chéad uair.

Leasú 33

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 47 – mír 4 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Maidir le grúpaí FIN a bheidh faoi raon feidhme na Treorach seo tráth a thiocfaidh sí i bhfeidhm, tosóidh an tréimhse 5 bliana dá dtagraítear i mír 1 ar an 1 Eanáir 2023.

Maidir le grúpaí FIN a bheidh faoi raon feidhme na Treorach seo tráth a thiocfaidh sí i bhfeidhm, tosóidh an tréimhse 3 bliana dá dtagraítear i mír 1 ar an 1 Eanáir 2023.

Leasú 34

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 47 – mír 4 – fomhír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Maidir le grúpaí FIN a bheidh faoi raon feidhme na Treorach seo tráth a thiocfaidh sí i bhfeidhm, tosóidh an tréimhse 5 bliana dá dtagraítear i mír 2 ar an 1 Eanáir 2024.

Maidir le grúpaí FIN a bheidh faoi raon feidhme na Treorach seo tráth a thiocfaidh sí i bhfeidhm, tosóidh an tréimhse 3 bliana dá dtagraítear i mír 2 ar an 1 Eanáir 2024.

Leasú 35

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 50 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   An cháin bhreisiúcháin atá dlite ag máthaireintiteas deiridh atá lonnaithe i mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 49, laghdófar go nialas í sa chéad 5 bliana fhioscacha, ón gcéad lá den bhliain fhioscach a thagann an grúpa náisiúnta mórscála faoi raon feidhme na Treorach seo den chéad uair.

1.   An cháin bhreisiúcháin atá dlite ag máthaireintiteas deiridh atá lonnaithe i mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 49, laghdófar go nialas í sa chéad 3 bliana fhioscacha, ón gcéad lá den bhliain fhioscach a thagann an grúpa náisiúnta mórscála faoi raon feidhme na Treorach seo den chéad uair.

Leasú 36

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 50 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.     Maidir le grúpaí náisiúnta mórscála a bheidh faoi raon feidhme na Treorach seo tráth a thiocfaidh sí i bhfeidhm, tosóidh an tréimhse 5 bliana thuasluaite ar an 1 Eanáir 2023.

scriosta

Leasú 37

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 52 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 51(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 4a(4), 13(8b), 15(11a), 21(8a), 29(5a) agus 51(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo.

Leasú 38

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 52 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.   Féadfaidh an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 51 (3) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

3.   Féadfaidh an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 4a(4), 13(8b), 15(11a), 21(8a), 29(5a) agus 51(3) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

Leasú 39

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 52 – mír 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 51 (3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh an Chomhairle tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh sí aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh na Comhairle.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 4a(4), 13(8b), 15(11a), 21(8a), 29(5a) agus 51(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh an Chomhairle tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh sí aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh na Comhairle.

Leasú 40

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 52 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 52a

Nós imeachta coiste

1.     Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.     I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Leasú 41

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 53 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Cuirfear in iúl do Pharlaimint na hEorpa gníomhartha tarmligthe a bheith glactha ag an gCoimisiún, cuirfear in iúl di é má chuirtear aon agóid ina leith in iúl, nó má dhéanann an Chomhairle aisghairm ar tharmligean cumhachtaí.

Cuirfear in iúl do Pharlaimint na hEorpa gníomhartha tarmligthe a bheith glactha ag an gCoimisiún, cuirfear in iúl di é má chuirtear aon agóid ina leith in iúl, nó má dhéanann an Chomhairle aisghairm ar tharmligean cumhachtaí go tráthúil .

Leasú 42

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 53 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 53a

 

Athbhreithniú

 

Faoin … [cúig bliana tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo], déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur i bhfeidhm na Treorach seo agus déanfaidh sé tuairisciú chuig an gComhairle ar a hoibriú. Tabharfar aghaidh sa tuarascáil ar cibé atá nó nach bhfuil gá ann an Treoir seo a leasú i bhfianaise na n-athruithe agus na bhforbairtí sa chomhthéacs cánach idirnáisiúnta, go háirithe a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme Rialacha Samhla GloBE lasmuigh den Aontas agus forbairt cineálacha cur chuige eile, aontaobhacha i dtreo chánachas éifeachtach íosta na ngrúpaí FIN. Ba cheart dó díriú freisin ar dhíolúintí agus maoluithe a úsáid agus ar a dtionchar ar chomhleanúnachas an mhargaidh inmheánaigh.

 

Déanfar measúnú sa tuarascáil ar an tionchar a bheidh ag an bhforáil maidir le cuimsiú ioncaim bunaithe ar shubstaint, ag cur chun feidhme na cánach breisiúcháin intíre cáilithe roghnaí agus ag an gcaoi a gcaitear le córais cánach dáileacháin ar an éifeachtacht a bhaineann le híosleibhéal éifeachtach cánachais a áirithiú.

 

Breithneofar sa tuarascáil tionchar na Treorach ar ioncam na dtíortha is lú forbairt agus ar ioncam cánach na mBallstát, cinntí infheistíochta na gcuideachtaí, chomh maith le hiomaíochas an Aontais laistigh den gheilleagar domhanda. Déanfaidh sé meastóireacht ar an tionchar a bheadh ag laghdú tairsí do Ghrúpaí FIN agus do ghnólachtaí intíre ar mhórscála. I gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin.

Leasú 43

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 53 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 53b

Clásal um theorannú

1.     Ní dhéanfaidh an Treoir seo difear do chur i bhfeidhm forálacha intíre nó forálacha atá bunaithe ar chomhaontú ag na Ballstáit, ar forálacha iad atá dírithe ar leibhéal níos airde cosanta a choimirciú do bhoinn chánach corparáide intíre, a bhaineann leis an riail maidir le cuideachtaí coigríche rialaithe de réir bhrí Airteagal 7 de Threoir (AE) 2016/1164  (1a) , ón gComhairle, go háirithe i gcás ina leanann riail níos déine maidir le cuideachtaí eachtracha na moltaí i dTuarascáil Deiridh 2015 maidir le Gníomhaíocht 3 de Thionscadal ECFE/G20 maidir le Creimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brabús.

2.     Ní dhéanfaidh an Treoir seo difear do chur i bhfeidhm forálacha intíre maidir le cineálacha malartacha íoschánachais do ghrúpaí nó cuideachtaí intíre.

 


(9)  Treoir (AE) 2016/881 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2016 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir leis an uathmhalartú faisnéise sainordaitheach i réimse na cánach (IO L 146, 3.6.2016, lch. 8) [DAC 4].

(9)  Treoir (AE) 2016/881 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2016 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir leis an uathmhalartú faisnéise sainordaitheach i réimse na cánach (IO L 146, 3.6.2016, lch. 8) [DAC 4].

(1a)   Treoir 2011/16/AE ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena n-aisghairtear Treoir 77/799/CEE (IO L 64, 11.3.2011, lch. 1).

(1a)   Treoir (AE) 2016/1164 ón gComhairle an 12 Iúil 2016 lena leagtar síos rialacha i gcoinne cleachtais seachanta cánach a mbíonn tionchar díreach acu ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh (IO L 193, 19.7.2016, lch. 1).


Top