EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022AB0044

Tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach an 2 Nollaig 2022 maidir le togra le haghaidh rialachán ón gComhairle lena mbunaítear sásra ceartúcháin margaidh chun saoránaigh agus an geilleagar a chosaint ar phraghsanna atá ró-ard (CON/2022/44) 2023/C 41/03

CON/2022/44

OJ C 41, 3.2.2023, p. 14–16 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

3.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 41/14


TUAIRIM ÓN MBANC CEANNAIS EORPACH

an 2 Nollaig 2022

maidir le togra le haghaidh rialachán ón gComhairle lena mbunaítear sásra ceartúcháin margaidh chun saoránaigh agus an geilleagar a chosaint ar phraghsanna atá ró-ard

(CON/2022/44)

(2023/C 41/03)

Réamhrá agus bunús dlí

An 25 Samhain 2022, fuair an Banc Ceannais Eorpach (BCE) iarraidh ó gComhairle an Aontais Eorpaigh ar thuairim maidir le togra le haghaidh rialachán ón gComhairle lena mbunaítear sásra ceartúcháin margaidh chun saoránaigh agus an geilleagar a chosaint ar phraghsanna atá ró-ard (1) (dá ngairtear “an rialachán atá beartaithe” anseo feasta).

Tá inniúlacht BCE tuairim a thabhairt bunaithe ar Airteagail 127(4) agus 282(5) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ós rud é go bhfuil forálacha sa rialachán atá beartaithe lena ndéantar difear do BCE agus do rannchuidiú an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais le seoladh rianúil beartas arna saothrú ag na húdaráis inniúla a bhaineann le cobhsaíocht an chórais airgeadais, dá dtagraítear in Airteagal 127(5) den Chonradh agus in Airteagal 3.3 de Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh (dá ngairtear “Reacht CEBC” anseo feasta). I gcomhréir leis an gcéad abairt d’Airteagal 17.5 de Rialacha Nós Imeachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh, ghlac an Chomhairle Rialaithe an tuairim seo.

Barúlacha ginearálta

Tugann BCE dá aire an rialachán atá beartaithe agus an cuspóir a ghabhann leis sásra sealadach ceartúcháin margaidh a bhunú agus aithníonn sé na dúshláin thromchúiseacha a bhaineann le praghsanna fuinnimh atá ró-ard do shaoránaigh an Aontais agus do gheilleagar an Aontais.

Leis an rialachán atá beartaithe, bunaítear sásra ceartúcháin margaidh le haghaidh idirbhearta gáis nádúrtha i margadh na ndíorthach TTF míosa tosaigh, a ghníomhachtaítear i gcás ina gcomhlíontar dhá choinníoll araon (“teagmhas ceartúcháin margaidh”). Leagtar amach sa rialachán atá beartaithe go bhfuil Gníomhaireacht an Aontais um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (Agency for the Cooperation of Energy Regulators, ACER) freagrach as faireachán a dhéanamh i dtaobh an bhfuil na coinníollacha sin á gcomhlíonadh, agus, i gcás ina dtugtar faoi deara gur tharla teagmhas ceartúcháin margaidh, nach mór di fógra a fhoilsiú gan mhoill in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (“fógra ceartúcháin margaidh”) agus an Coimisiún Eorpach, an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ÚEUM) agus BCE a chur ar an eolas faoin teagmhas ceartúcháin margaidh. Foráiltear sa rialachán atá beartaithe freisin go ndéanfaidh an Coimisiún an sásra ceartúcháin margaidh a chur ar fionraí aon tráth má tharlaíonn suaití neamhbheartaithe margaidh nó má bhíonn rioscaí follasacha ann go dtarlódh suaití den sórt sin, lena ndéantar difear diúltach do shlándáil an tsoláthair, do shreafaí laistigh den Aontas nó don chobhsaíocht airgeadais (“cinneadh maidir le fionraí”).

Aithníonn BCE go bhféadfaí, i bprionsabal, le sásraí arb é is aidhm dóibh leibhéil praghsanna atá san ainmhéid agus luaineacht sna margaí mórdhíola gáis a mhaolú, roinnt rioscaí don chobhsaíocht airgeadais a mhaolú, lena n-áirítear na rioscaí arna nochtadh le linn tréimhsí praghsanna ardaithe agus luaineacha gáis in 2022. Measann BCE, áfach, go bhféadfaí, le dearadh reatha an tsásra ceartúcháin margaidh atá beartaithe, in imthosca áirithe, an chobhsaíocht airgeadais sa limistéar euro a chur i mbaol. Le dearadh reatha an tsásra d’fhéadfaí méadú a chur ar an luaineacht agus ar ghlaonna gaolmhara ar éarlais, d’fhéadfaí cur isteach ar chumas na gcontrapháirtithe lárnacha rioscaí airgeadais a bhainistiú, agus d’fhéadfaí freisin an t-ascnamh ó ionaid trádála chuig margadh na ndíorthach thar an gcuntar (over-the-counter, OTC) nach bhfuil imréitithe go lárnach a dhreasú. Ba cheart don Chomhairle na cúinsí sin, atá ábhartha do chobhsaíocht an chórais airgeadais, a chur san áireamh agus an rialachán atá beartaithe á phlé aici.

Barúlacha sonracha

1.   Ról BCE

1.1

Leis an rialachán atá beartaithe déantar foráil maidir le roinnt cásanna ina gceanglaítear ar BCE ról a bheith aige, nó ina bhféadfadh ról a bheith ag BCE, maidir le tuairimí, tuarascálacha, faireachán agus cúnamh a sholáthar don Choimisiún i dtaca le comhlíonadh a chúraimí faoin rialachán atá beartaithe.

Ar an gcéad dul síos, maidir le gníomhachtú an tsásra ceartúcháin margaidh, más rud é, bunaithe ar thorthaí an fhaireacháin a dhéanann ACER, go bhfuil tásca nithiúla ann go bhfuil teagmhas ceartúcháin margaidh ar tí tarlú, ní mór don Choimisiún, chun go mbeidh sé in ann gníomhachtú an tsásra ceartúcháin margaidh a chur ar fionraí go tapa, tuairim a iarraidh ar BCE, ar ESMA agus, i gcás inarb iomchuí, ar Líonra Eorpach na nOibreoirí Córais Tarchurtha Gáis (European Network of Transmission System Operators for Gas, ENTSOG) agus ar an nGrúpa Comhordaithe Gáis arna bhunú de bhun Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) maidir leis an tionchar a bheadh ag teagmhas féideartha ceartúcháin margaidh ar shlándáil an tsoláthair, ar shreafaí laistigh den Aontas agus ar an gcobhsaíocht airgeadais (3).

Ar an dara dul síos, i gcás teagmhas ceartúcháin margaidh, ní mór don Choimisiún, gan moill mhíchuí, tuarascáil a iarraidh ar BCE maidir leis an riosca go dtarlódh suaití neamhbheartaithe i ndáil le cobhsaíocht agus feidhmiú ordúil mhargaí na ndíorthach fuinnimh (4).

Ar an tríú dul síos, maidir leis an sásra ceartúcháin margaidh a chur ar fionraí, ceanglaítear leis an togra go ndéanfaidh ESMA, BCE, ACER, an Grúpa Comhordaithe Gáis agus ENTSOG faireachán gan staonadh ar éifeachtaí na teorann tairisceana ar na margaí agus ar shlándáil an tsoláthair (5).

Ar an gceathrú dul síos, agus é ag breithniú cibé acu a ghlacfaidh sé nó nach nglacfaidh sé cinneadh maidir le fionraí, ní mór don Choimisiún a chur san áireamh an amhlaidh a dhéantar, le gníomhachtú leanúnach an tsásra ceartúcháin margaidh, difear do chobhsaíocht agus feidhmiú ordúil mhargaí na ndíorthach fuinnimh, inter alia, ar bhonn tuarascáil ar thionchar ghníomhachtú an bhirt ceartúcháin ar an margadh ag ESMA agus ar bhonn tuairim ó BCE arna iarraidh ag an gCoimisiún chun na críche sin. Ní mór tuairim BCE a eisiúint faoi cheann 48 uair an chloig ar a dhéanaí, nó laistigh den lá céanna i gcásanna práinneacha, arna iarraidh sin don Choimisiún (6).

Ar an gcúigiú dul síos, ceanglaítear ar ACER, ar BCE, ar ESMA, ar an nGrúpa Comhordaithe Gáis agus ar ENTSOG cúnamh a thabhairt don Choimisiún i dtaca lena chúraimí arna mbunú leis an rialachán atá beartaithe (7).

Ar deireadh, sula gcuirfidh sé togra faoi bhráid na Comhairle chun athbhreithniú a dhéanamh ar na coinníollacha maidir le ghníomhachtú an tsásra, ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle le BCE (8).

1.2

Meabhraíonn BCE go bhfuil sé de cheangal ar CEBC, de bhun Airteagal 127(5) CFAE agus Airteagal 3.3 de Reacht CEBC, rannchuidiú le seoladh rianúil beartas arna saothrú ag na húdaráis inniúla a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus le cobhsaíocht an chórais airgeadais. Ina theannta sin, de bhun Airteagal 25.1 de Reacht CEBC, féadfaidh BCE comhairle a thabhairt don Chomhairle, don Choimisiún agus d’údaráis inniúla na mBallstát agus féadfaidh siad dul i gcomhairle leis maidir le raon feidhme agus cur chun feidhme reachtaíocht an Aontais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus le cobhsaíocht an chórais airgeadais. Sa chomhthéacs sin, agus i gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis fhrithpháirtigh de bhun Airteagal 13(2) CAE, tá BCE réidh, laistigh de theorainneacha na gcumhachtaí a thugtar dó sna Conarthaí, chun tacú leis an gCoimisiún i dtaca le feidhmiú a chúraimí arna mbunú leis an rialachán atá beartaithe. Is feasach do BCE freisin a thábhachtaí agus a dheacra atá an méid is ábhar don rialachán atá beartaithe agus na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith aige ar na margaí airgeadais.

1.3

Measann BCE, áfach, gur cheart na tagairtí do ról BCE ó thaobh tuairimí, tuarascálacha, faireachán agus cúnamh a sholáthar don Choimisiún i dtaca le comhlíonadh a chúraimí faoin rialachán atá beartaithe a shoiléiriú tuilleadh chun léiriú cruinn a thabhairt ar chúraimí agus neamhspleáchas BCE faoi na Conarthaí agus leithdháileadh soiléir an tsaineolais theicniúil agus na bhfreagrachtaí faoi dhlí an Aontais (9). Ar an gcéad dul síos, tá gá le soiléiriú den sórt sin chun a áirithiú nach ndéanfar leis an rialachán atá beartaithe, atá le glacadh agus Airteagal 122(1) CFAE mar bhunús dlí leis, cúraimí nua a thabhairt do BCE. Ní féidir cúraimí nó freagrachtaí nua a thabhairt do BCE ach amháin sna cásanna sonracha teoranta sin a áirítear faoi na Conarthaí, mar shampla de bhun Airteagal 127(6) CFAE, agus faoi réir na dteorainneacha a leagtar amach sna forálacha sin (10). Ar an dara dul síos, tá gá le soiléiriú den sórt sin chun léiriú a thabhairt ar na róil arna bhforordú d’údaráis eile agus do chomhlachtaí eile faoi dhlí an Aontais, a d’fhéadfadh a bheith níos ábhartha don mhéid is ábhar don rialachán atá beartaithe. Mar shampla, tá ESMA freagrach, inter alia, as rannchuidiú le sláine, trédhearcacht, éifeachtúlacht agus feidhmiú ordúil na margaí airgeadais (11). Ar an tríú dul síos, dá ndéanfaí ról BCE a shoiléiriú faoin rialachán atá beartaithe, sheachnófaí BCE a bheith rannpháirteach ar bhonn rófhoirmiúil agus d’éascófaí comhar éifeachtach laistigh de thréimhsí ama dochta. Ar deireadh, tá soiléiriú den sórt sin ag luí níos fearr leis an gcúram a chuirtear ar CEBC de bhun Airteagal 127(5) CFAE agus Airteagal 3.3 de Reacht CEBC rannchuidiú le seoladh rianúil beartas arna saothrú ag na húdaráis inniúla a bhaineann le cobhsaíocht an chórais airgeadais.

I gcás ina molann BCE go ndéanfaí an rialachán atá beartaithe a leasú, leagtar amach tograí sonracha maidir le dréachtú i ndoiciméad oibre teicniúil ar leithligh, agus téacs míniúcháin chun na críche sin ag gabháil leis. Tá an doiciméad oibre teicniúil le fáil i mBéarla ar EUR-Lex.

Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, 2 Nollaig 2022.

Uachtarán BCE

Christine LAGARDE


(1)  COM(2022) 668 final.

(2)  Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2017 maidir le bearta chun slándáil an tsoláthair gáis a choimirciú agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 994/2010 (IO L 280, 28.10.2017, lch. 1 ).

(3)  Airteagal 3(3) den rialachán atá beartaithe.

(4)  Airteagal 3(8) den rialachán atá beartaithe.

(5)  Airteagal 5(1) den rialachán atá beartaithe.

(6)  Airteagal 5(2)(d) agus Airteagal 5(4) den Rialachán atá beartaithe.

(7)  Airteagal 5(4) den rialachán atá beartaithe.

(8)  Airteagal 5(6) den rialachán atá beartaithe.

(9)  Féach mír 1 de Thuairim CON/2018/20 ón mBanc Ceannais Eorpach an 11 Aibreán 2018 maidir le togra le haghaidh rialachán maidir le bunú an Chiste Eorpaigh Airgeadaíochta (IO C 220, 25.6.2018, lch. 2). Tá gach tuairim ó BCE le fáil ar EUR-Lex.

(10)  Féach mír 3.1 de Thuairim CON/2016/11 ón mBanc Ceannais Eorpach an 11 Márta maidir le (a) togra le haghaidh rialachán lena leagtar síos comhrialacha maidir le hurrúsú agus lena gcruthaítear creat Eorpach um urrúsú atá simplí, trédhearcach agus caighdeánaithe; agus (b) togra le haghaidh rialachán lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta (IO C 219, 17.6.2016, lch. 2); féach na barúlacha ginearálta atá i dTuairim CON/2017/39 ón mBanc Ceannais Eorpach an 4 Deireadh Fómhair 2017 maidir le togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 i ndáil leis na nósanna imeachta agus na húdaráis lena mbaineann chun contrapháirtithe lárnacha a údarú agus ceanglais maidir le haitheantas a thabhairt do chontrapháirtithe lárnacha tríú tír (IO C 385, 15.11.2017, lch. 3); féach mír 2 de Thuairim CON/2020/22 ón mBanc Ceannais Eorpach an 23 Meán Fómhair 2020 maidir le tograí le haghaidh rialachán lena leasaítear creat urrúsúcháin an Aontais mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19 (IO C 377, 9.11.2020, lch. 1); agus Moladh BCE/2017/18 le haghaidh Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Airteagal 22 de Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh (IO C 212, 1.7.2017, lch 14).

(11)  Féach Airteagal 1(5)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).


Top