EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52021PC0805

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le laghdú ar astaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/942

COM/2021/805 final

An Bhruiséil,15.12.2021

COM(2021) 805 final

2021/0423(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le laghdú ar astaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/942

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SEC(2021) 432 final} - {SWD(2021) 459 final} - {SWD(2021) 460 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Is leis an gComhaontú Glas don Eoraip a sheoltar an tAontas i dtreo na haeráidneodrachta faoi 2050 trí bhíthin an dícharbónaithe dhomhain ar gach earnáil den gheilleagar. Tá sé d’aidhm aige freisin caipiteal nádúrtha an Aontais a chosaint, a chaomhnú agus a mhéadú, agus sláinte agus folláine na saoránach a chosaint ar rioscaí agus tionchair a bhaineann leis an gcomhshaol. Is gás cumhachtach ceaptha teasa é an meatán, agus níl ach gás amháin eile ann, an dé‑ocsaíd charbóin, a rannchuidíonn níos mó go foriomlán leis an athrú aeráide; agus is é an meatán a bhíonn freagrach as tuairim agus aon trian den téamh aeráide dá bhfuil ag tarlú faoi láthair. Cé go bhfanann sé san atmaisféar go ceann tréimhse níos gairide ná an dé‑ocsaíd charbóin (10–12 bhliain sula n‑ocsaídítear ina dhé‑ocsaíd charbóin é lena gceaptar tuilleadh teasa), is gníomhaí fórsála aeráide i bhfad níos cumhachtaí é an meatán ar leibhéal móilíneach (le hacmhainneacht téite domhanda 28 n‑uaire níos mó aige ná an dé‑ocsaíd charbóin in imeacht 100 bliain agus 86 huaire níos mó aige in imeacht 20 bliain). Ina theannta sin, cuireann an meatán le cruthú an ózóin, ar truailleán láidir aeir é is cúis le fadhbanna sláinte tromchúiseacha.

Is astaíochtaí antraipigineacha iad tuairim agus 60 % de na hastaíochtaí meatáin domhanda, arb iad na foinsí is mó díobh, ar bhonn meastachán, iad táirgeadh agus ídiú na mbreoslaí iontaise (idir an ceathrú agus an tríú cuid), dramhaíl (timpeall an cheathrú cuid) agus an talmhaíocht (timpeall a leath de na hastaíochtaí meatáin iomlána), go háirithe i ndáil leis an diantáirgeadh.

Tugann an Painéal Idir‑Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) dá aire nach mór laghduithe géara ar na hastaíochtaí meatáin a bhaint amach faoi 2030 le go bhfanfadh an domhan faoi bhun na sprice 1,5°C (nó faoi bhun na sprice 2°C fiú) don teocht dhomhanda faoi 2050 1 . Cuirtear i dtábhacht sa tuarascáil is déanaí ó IPCC an ról atá ag an meatán mar cheann de na príomhgháis cheaptha teasa atá freagrach as an athrú aeráide. Tugtar achoimre sa tuarascáil ar an gcaoi a bhfuil leibhéil an mheatáin níos airde ná riamh agus go mór os cionn na leibhéal astaíochtaí a bheadh comhoiriúnach maidir leis an téamh a theorannú chuig 1,5 °C. Tá gá dá bhrí sin le laghdú géar, mear agus inbhuanaithe ar líon na n‑astaíochtaí meatáin chun an téamh domhanda a mhoilliú agus cáilíocht an aeir a fheabhsú. Tá sé tábhachtach a thabhairt dár n‑aire gurb é conclúid na tuarascála gurb í gníomhaíocht an duine is cúis leis an méadú ar an méid meatáin atá san atmaisféar agus gur tháinig méadú ar na hastaíochtaí meatáin ó bhí 2007 ann ar a laghad i ngeall ar na breoslaí iontaise i dteannta na talmhaíochta (beostoc den chuid is mó) agus an fhuíolluisce.

Tugtar le fios leis an measúnú tionchair sa Phlean um Sprioc Aeráide 2030 gurb in earnáil an fhuinnimh is féidir na coigiltis astaíochtaí meatáin is costéifeachtaí a bhaint amach san Aontas Eorpach. Is fadhb thrasteorann iad na hastaíochtaí sin agus cruthaítear bearnaí agus neamhéifeachtúlachtaí de bharr cóir rialála neamh‑chomhordaithe ar fud na mBallstát agus na n‑earnálacha, agus d’fhéadfaí feidhmiú mhargadh aonair fuinnimh an Aontais a lagú. Óir is lasmuigh de theorainneacha an Aontais a tharlaíonn móramh na n‑astaíochtaí meatáin a nasctar leis an bhfuinneamh iontaise a ídítear laistigh de, is le gníomhaíocht chomhpháirteach na mBallstát amháin a d’fhéadfaí torthaí sa réimse sin a chur i láthair.

I mí Mheán Fómhair 2021 d’fhógair an tAontas agus na Stáit Aontaithe an Gealltanas Meatáin Dhomhanda, ar gealltanas polaitiúil é chun astaíochtaí domhanda meatáin ar fud na n‑earnálacha astaithe meatáin uile a laghdú 30 % faoi 2030 (ó leibhéil 2020), a seoladh ag Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP 26) i mí na Samhna 2021 i nGlaschú. Tá a dtacaíocht geallta ag níos mó ná céad tír, rud a chuimsíonn nach mór leath de na hastaíochtaí meatáin antrapaigineacha dhomhanda. San áireamh sa Ghealltanas Meatáin Dhomhanda tá gealltanas go mbogfar i dtreo na modheolaíochtaí fardail is fearr atá ar fáil a úsáid chun astaíochtaí meatáin a chainníochtú, agus tá fócas ar leith ann ar fhoinsí astaíochtaí arda.

Is é cuspóir ginearálta an Rialacháin, i gcomhthéacs fheidhmiú mhargadh inmheánach an fhuinnimh agus slándáil an tsoláthair fuinnimh san Aontas á háirithiú, an comhshaol a chaomhnú agus a fheabhsú trí astaíochtaí meatáin ón bhfuinneamh iontaise a tháirgtear nó a ídítear san Aontas a laghdú.

Is iad seo a leanas na cuspóirí sonracha:

(i) Feabhas a chur ar chruinneas na faisnéise maidir leis na príomhfhoinsí astaíochtaí meatáin atá bainteach leis an bhfuinneamh a tháirgtear agus a ídítear laistigh den Aontas Eorpach. Is é an sprioc infhaighteacht na sonraí ar leibhéal sócmhainní agus cainníochtú na n‑astaíochtaí a áirithiú, agus cruinneas na dtomhas a mhéadú dá réir – lena n‑áirítear sonraí fardail maidir le gás ceaptha teasa (‘GCT’) a thuairisciú do Chreat‑Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (‘UNFCCC’) – agus an raon feidhme le haghaidh bearta iomchuí maidir le maolú a áirithiú freisin.

(ii)Laghdú éifeachtach breise ar na hastaíochtaí meatáin a áirithiú ar fud an tslabhra soláthair fuinnimh san Aontas Eorpach. Tugtar aghaidh leis an gcuspóir sonrach seo ar theipeanna margaidh óna dtagann maolú neamhimleor cuideachtaí ar astaíochtaí meatáin.

(iii)Feabhas a chur ar infhaighteacht na faisnéise chun dreasachtaí a sholáthar do laghdú ar na hastaíochtaí meatáin ó earnáil an fhuinnimh iontaise a allmhairítear isteach san Aontas Eorpach. Óir is lasmuigh den Aontas Eorpach a tharlaíonn móramh na n‑astaíochtaí meatáin a nasctar leis an bhfuinneamh iontaise a ídítear laistigh den Aontas, féachtar leis an gcuspóir sonrach seo dreasachtaí a shocrú chun astaíochtaí meatáin a laghdú i dtíortha comhpháirtíochta trí thrédhearcacht sa mhargadh a chruthú.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

I Rialachán (AE) 2021/1119 (‘an Dlí Aeráide Eorpach’), chumhdaigh an tAontas sa reachtaíocht sprioc na haeráidneodrachta ar fud an gheilleagair faoi 2050, agus bhunaigh gealltanas ceangailteach inmheánach san Aontas um laghdú 55 % ar a laghad faoi bhun na leibhéal 1990 ar na glanastaíochtaí gás ceaptha teasa (astaíochtaí tar éis asbhaint na n‑aistrithe) faoi 2030.

Cuireann an togra le Plean um Sprioc Aeráide 2030 an Aontais agus lena mheasúnú tionchair. Léiríodh sa Phlean um Sprioc Aeráide, ar bhonn na gcásanna samhaltaithe, gurb indéanta é sprioc aeráide mhéadaithe de laghdú 55 % ar a laghad ar na glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach in 2030, agus go gcumasófaí léi conair réidh i dtreo na haeráidneodrachta in 2050. Cuirtear i dtábhacht leis freisin an gá chun dlús a chur le laghduithe ar na hastaíochtaí meatáin.

Nasctar le chéile sa Chomhaontú Glas don Eoraip sraith chuimsitheach beart agus tionscnamh a threisíonn a chéile go frithpháirteach agus atá dírithe ar an aeráidneodracht a bhaint amach san Aontas faoi 2050. Sonraítear sa Teachtaireacht maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip 2 go ndéanfar dícharbónú na hearnála gáis a éascú, lena n‑áirítear trí aghaidh a thabhairt ar cheist na n‑astaíochtaí meatáin ó earnáil an gháis. Ghlac an Coimisiún straitéis AE chun astaíochtaí meatáin a laghdú (‘an Straitéis Meatáin’) i mí Dheireadh Fómhair 2020 ina leagtar amach bearta chun astaíochtaí meatáin a laghdú san Aontas Eorpach, lena n‑áirítear in earnáil an fhuinnimh, agus go hidirnáisiúnta.

Ceanglaítear le Rialachán (AE) 2018/1999 (Rialachán Rialachais) ar na Ballstáit córais fardail náisiúnta a bhunú chun meastachán a dhéanamh ar astaíochtaí antraipigineacha na ngás ceaptha teasa agus chun na réamh‑mheastacháin náisiúnta sin a thuairisciú. Déantar an tuairisciú sin de réir threoirlínte IPCC, agus is minic a bhunaítear é ar fhachtóirí astaíochta réamhshocraithe seachas na tomhais dhíreacha ar leibhéal foinse, rud a thugann le tuiscint go bhfuil neamhchinnteachtaí ann maidir le bunús beacht, minice agus méid na n‑astaíochtaí.

Na hastaíochtaí meatáin a tharlaíonn ar leibhéal na taiscéalaíochta agus an táirgthe ola agus gáis iontaise, bhailiú agus phróiseáil, tharchur, dháileadh, stóráil faoi thalamh an gháis iontaise agus na gcríochfort gáis iontaise leachtaithe (GNL), agus ar leibhéal na mianach guail oibrithe, dúnta nó tréigthe, ní dhéantar rialáil go sonrach ar leibhéal an Aontais orthu.

Is le Treoir 2010/75/AE (an Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha, IED), atá á hathbhreithniú faoi láthair, a rialaítear astaíochtaí truailleán ó shuiteálacha tionsclaíocha, go háirithe trí luachanna teorann astaíochtaí a shocrú atá bunaithe ar na teicnící is fearr atá ar fáil mar choinníollacha ceada. Cumhdaítear le IED scagadh na hola mianraí agus an gháis, ach ní chumhdaítear scagadh réamhtheachtach, meánteachtach ná iartheachtach an gháis iontaise (GNL, stóráil gáis faoi thalamh, tarchur, dáileadh) ná an mhianadóireacht guail leis.

Agus dlúthghaol aige le IED, ceanglaítear le Rialachán (CE) 166/2006 3 (An Clár Eorpach ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán, E‑PRTR), ar ‘Oibríochtaí mianadóireachta faoi thalamh agus oibríochtaí gaolmhara’ scaoileadh truailleán a thuairisciú, lena n‑áirítear an meatán nuair a sháraítear tairseach tuairiscithe 100 000 kg/bliain. I gcás thomhas an scaoilte truailleán, tagraítear in Iarscríbhinn 3 de threoraíocht E‑PRTR 4 do chaighdeán ISO arna ullmhú (le ISP/TC 146/SC 1/WG 22). Tá E‑PRTR á athbhreithniú faoi láthair freisin. Tabharfar san áireamh san athbhreithniú ar IED agus ar E‑PRTR an gá chun an rialúchán dúbailte a sheachaint. Is amhlaidh dá réir gur comhlántach é an togra seo leis an dá ghníomh sin toisc go dtugtar aghaidh ann ar astaíochtaí meatáin feadh an tslabhra soláthair fuinnimh iontaise uile.

Ón 14 Iúil 2021 ghlac an Coimisiún Eorpach le sraith tograí reachtacha ina leagtar amach an chaoi a bhfuil sé ag beartú an aeráidneodracht a bhaint amach san Aontas faoi 2050, lena n‑áirítear an sprioc idirmheánach glanlaghdú 55 % ar a laghad ar astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030. Sa chomhthéacs sin, tá naisc ábhartha ann idir na tionscnaimh seo a leanas agus tomhas agus maolú na n‑astaíochtaí meatáin:

Tá spriocanna ceangailteacha bliantúla maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa i Rialachán (AE) 2018/842 (An Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill, ESR) ar leibhéal tíre do na Ballstáit ó 2021 go 2030 le haghaidh earnálacha lena n‑áirítear an t‑iompar (seachas an eitlíocht), foirgnimh, talmhaíocht, dramhaíl, tionscal agus na codanna d’earnáil an fhuinnimh nach gcumhdaítear leis an gCóras Trádála Astaíochtaí AE (ETS) atá ann faoi láthair. Tá an meatán san áireamh ina raon feidhme, agus coimeádtar é sin sa togra le haghaidh athbhreithniú a ghlacadh an 14 Iúil 2021. Tá an tionscnamh seo comhlántach le ESR ós rud é go dtugtar isteach leis bearta sonracha maidir le laghdú na n‑astaíochtaí meatáin, toisc nach bhforordaítear na bearta sin le ESR agus gur trína bhíthin a thugtar roinnt saoirse do na Ballstáit an chaoi is fearr a chinneadh chun na laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa is gá a bhaint amach. Rannchuideoidh na bearta sin leis na Ballstáit a spriocanna a chomhlíonadh, agus is féidir leo rannchuidiú freisin leis an gcostéifeachtacht a mhéadú a mhéid a bhaineann le gnóthú spriocanna ESR de bharr na hacmhainneachta trádála atá in ESR idir na Ballstáit.

Leis an togra chun Rialachán (AE) 2018/841 (Rialachán LULUCF) a leasú mar chuid den phacáiste ‘Oiriúnach do 55’ leagtar amach sprioc fhoriomlán an Aontais maidir le haistrithe carbóin trí bhíthin linnte nádúrtha, agus le spriocanna náisiúnta cuirfear de cheangal ar na Ballstáit aire a thabhairt dá linnte carbóin agus cuirfear de cheangal orthu iad a fhorbairt freisin. Cinntear sprioc an Aontais leis an togra freisin don aeráidneodracht faoi 2035 sna hearnálacha úsáide talún, foraoiseachta agus talmhaíochta, lena n‑áirítear astaíochtaí talmhaíochta neamh‑CO2, i.e. an meatán.

Is í Treoir (AE) 2018/2001 (An Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite, REDII) príomhionstraim an Aontais ina bpléitear cur chun cinn an fhuinnimh ó fhoinsí in‑athnuaite, agus éascóidh sí ionadú de réir a chéile na bhfoinsí fuinnimh iontaise le hathnuaiteáin. Thairis sin, tá luachanna réamhshocraithe do choigiltis ghás ceaptha teasa inti lena n‑áirítear meastacháin ar chaillteanais mheatáin i dtáirgeadh an bhithgháis agus an bhithmheatáin, rud a d’fhéadfadh a bheith ábhartha d’inbhuanaitheacht an bhithgháis agus an bhithmheatáin. Is féidir le táirgeoirí na luachanna réamhshocraithe sin a úsáid ina dtuairisciú ar na coigiltis ghás ceaptha teasa dá dtáirgeacht chun a léiriú go gcomhlíonann siad ceanglais inbhuanaitheachta REDII agus chun dreasachtaí a sholáthar go hindíreach do laghdú ar astaíochtaí meatáin.

Cumhdaítear na hastaíochtaí meatáin i bhfearais téite agus fuaraithe spáis le roinnt rialachán maidir leis an éicidhearthóireacht agus an lipéadú fuinnimh, lena bhforáiltear rialacha chun feabhas a chur ar fheidhmíocht chomhshaoil táirgí, amhail fearais tí, teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide nó an innealtóireacht.

Ar deireadh, tá an Coimisiún Eorpach ag beartú freisin Treoir 2009/73/CE agus Rialachán (CE) 715/2009 a leasú chun teacht chun cinn na margaí hidrigine agus gáis dhícharbónaithe a éascú, trí dhearadh margaidh nua a bhunú, rochtain na ngás in‑athnuaite agus ísealcharbóin ar phíblínte a éascú ionas go gcruthófaí na dálaí do mhargadh hidrigine ar thaobh amháin, agus go mbainfear na bacainní ar dhícharbónú eangach an gháis nádúrtha atá ann faoi láthair ar an taobh eile. Is comhlántach é an togra seo toisc go bhfeabhsófar feidhmíocht chomhshaoil an gháis iontaise leis i rith na tréimhse ina n‑ionadófar é de réir a chéile le gáis in‑athnuaite agus ísealcharbóin.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Is comhlántach é an togra seo leis an ngníomhaíocht a glacadh i réimsí na talmhaíochta agus na dramhaíola chun astaíochtaí meatáin a laghdú.

Maidir le hearnáil na talmhaíochta, tugtar aghaidh ar roinnt dúshlán sa straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ 5 . Bhunaigh an Coimisiún sainghrúpa le hanailís a dhéanamh ar mhéadracht maidir le hastaíochtaí meatáin saolré. I gcomhar le saineolaithe earnála agus leis na Ballstáit, tá an Coimisiún ag forbairt fardal dea‑chleachtas agus teicneolaíochtaí infhaighte le taiscéalaíocht a dhéanamh ar ghlacadh níos leithne na ngníomhaíochtaí maolaithe nuálacha, agus leis na gníomhaíochtaí sin a chur chun cinn. Le spreagadh a thabhairt do ríomhanna comhardaithe carbóin ar leibhéal na feirme, soláthróidh an Coimisiún faoi 2022 teimpléad roghnóra carbóin digiteach agus treoirlínte maidir le conairí coitianta do ríomh cainníochtúil na n‑astaíochtaí agus na n‑aistrithe gás ceaptha teasa. Cuirfidh an Coimisiún chun cinn glacadh na dteicneolaíochtaí maolaithe trí imscaradh níos leithne ‘na feirmeoireachta carbóin’ sna Ballstáit agus ina bPleananna Straitéiseacha faoin gComhbheartas Talmhaíochta, ó 2021 ar aghaidh. Sa phlean straitéiseach Fís Eorpach 2021–2024, tá an Coimisiún ag moladh taighde spriocdhírithe a dhéanamh ar na tosca difriúla óna dtagann laghduithe ar gháis cheaptha teasa go héifeachtach, ag díriú ar réitigh theicneolaíochta agus bunaithe ar an dúlra, chomh maith le taighde a dhéanamh ar na tosca óna dtagann aistriú cothaithe. Tá an Coimisiún i mbun machnaimh freisin ar chuid den tógáil eallaigh a thabhairt faoi raon feidhme IED, rud a d’fhéadfadh rannchuidiú le srian a chur leis na hastaíochtaí meatáin san earnáil.

Clúdaítear astaíochtaí meatáin in earnáil na dramhaíola le hathbhreithnithe atá ann faoi láthair agus atá beartaithe le teacht aníos ar an reachtaíocht chomhshaoil. Ceanglaítear le Treoir (AE) 2018/850 (an Treoir maidir le Líonadh Talún) ar oibreoirí líonta talún gás líonta talún a bhainistiú trína úsáid chun fuinneamh a ghiniúint nó chun é a bhladhmadh. San athbhreithniú ar an Treoir maidir le Líonadh Talún atá ceaptha do 2024, déanfaidh an Coimisiún machnamh ar ghníomhaíocht bhreise a ghlacadh chun bainistíocht an gháis líonta talún a fheabhsú, a iarmhairtí díobhálacha don aeráid a íoslaghdú, agus tairbhe a bhaint as aon cheann de na gnóthachain fuinnimh féideartha dá chuid. Thairis sin, táthar i mbun plé freisin san athbhreithniú ar IED atá ar bun ar na conclúidí maidir le BAT don líonadh talún a ghlacadh lena dtabharfaí aghaidh inter alia ar astaíochtaí meatáin. Tugadh oibleagáid isteach leis na hathruithe le déanaí ar reachtaíocht dramhaíola an Aontais (2018) chun dramhaíl in‑bhithmhillte a bhailiú ar leithligh faoi 2024, agus sprioc nua a shocrú do líonadh talún ar 10 % ar a uasmhéid den dramhaíl faoi 2035. De thoradh na n‑athruithe sin, táthar ag dúil go dtiocfaidh laghdú breise ar astaíochtaí meatáin ó líonadh talún. Maidir le cóireáil agus úsáid an fhuíolluisce agus an tsloda séaraigh faoin gcreat rialála atá ann faoi láthair, eadhon an Treoir maidir le Cóireáil an Fhuíolluisce Uirbigh 6 agus an Treoir maidir le Sloda Séaraigh 7 , ní théitear i ngleic go sonrach le hastaíochtaí gás ceaptha teasa. Chuidigh cur chun feidhme na Treorach maidir le Cóireáil an Fhuíolluisce Uirbigh le hastaíochtaí meatáin suntasacha a chosc áfach, de bharr bhailiú agus chóireáil an fhuíolluisce i saoráidí éifeachtúla láraithe. Táthar ag athbhreithniú na Treorach maidir le Cóireáil an Fhuíolluisce Uirbigh faoi láthair. Is leis an Treoir maidir le Sloda Séaraigh a rialaítear úsáid an tsloda séaraigh leis an gcomhshaol a chosaint, agus go háirithe an ithir, i gcoinne iarmhairtí díobhálacha an tsloda éillithe nuair a úsáidtear sa talmhaíocht é.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é Airteagal 194(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) an bunús dlí leis an tionscnamh seo, lena gcumhachtaítear an tAontas na bearta a bhunú is gá chun cuspóirí an Aontais maidir le beartas fuinnimh a bhaint amach. Ní bhaineann an togra ach le hearnáil an fhuinnimh, agus cuireann sé le cuspóirí beartais fuinnimh an Aontais faoi mar a dtugtar achoimre orthu in Airteagal 194(1), go háirithe feidhmiú an mhargaidh fuinnimh trí rialacha faireacháin, tuairiscithe agus laghdaithe maidir leis an meatán a chomhchuibhiú, rud a chuireann leis an gcomhshaol a chaomhnú agus a fheabhsú.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Is fadhb thrasteorann iad na hastaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh, agus bíonn éagsúlacht iontu thar leibhéil náisiúnta agus réigiúnacha an Aontais. Baineann ábharthacht de mhéideanna éagsúla leo i ngach Ballstát, ag brath ar an meascán fuinnimh agus ar na buanna ó nádúr iontu, e.g. an méid mianaigh faoi thalamh atá á n‑oibriú nó séalaithe, an méid gáis iontaise atá á tháirgeadh nó á iompar. Is le scála an bhonneagair gáis a léirítear an ghné ar fud an Aontais a bhaineann leo, le tuairim agus 190 000 km de phíblínte tarchurtha ann ar fud na mBallstát go léir.

Bíonn difríocht ann idir leibhéal tuairiscithe na n‑astaíochtaí agus raon feidhme na mbeart maolaithe de réir an Bhallstáit agus na fo‑earnála. Tá roinnt tionscnaimh phríobháideacha agus dheonacha ann, ach ní leor iad sin de bharr teorainneacha ó thaobh raon feidhme, rannpháirteachais agus in‑fhorghníomhaitheachta de. D’fhéadfadh neamhréireachtaí sa chóir rialála ar fud na mBallstát teacht ó chuir chuige náisiúnta éagsúla, rud a mhéadódh an t‑ualach riaracháin ar chuideachtaí ag oibriú i níos mó ná Ballstát amháin, agus a d’fhéadfadh bac a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh trí bhacainní a chruthú os comhair oibreoirí, chomh maith le castacht a chur le bailiú na sonraí inchomparáide ar fud an Aontais.

Ina theannta sin, óir is lasmuigh de theorainneacha an Aontais a tharlaíonn móramh na n‑astaíochtaí meatáin a nasctar leis an bhfuinneamh iontaise a ídítear laistigh de, is le gníomhaíocht chomhpháirteach na mBallstát ar dóichí go bhféadfaí torthaí a sholáthar do na codanna sin den slabhra soláthair agus sláine an mhargaidh fuinnimh inmheánaigh a chaomhnú.

I bhfianaise an mhéid thuas, thairbheodh laghdú ar astaíochtaí meatáin ar fud an Aontais de chur chuige beartais aonchineálach ar leibhéal an Aontais. Éilítear comhordú ar fud na mBallstát le tionchair na mbeart atá dírithe ar thomhas agus ar mhaolú an mheatáin agus iarmhairtí gaolmhara ar nuálaíocht, costéifeachtacht, agus cothroime iomaíochta i gcothabháil margaidh inmheánaigh atá ag feidhmiú i gceart. Bíonn dóchúlacht i bhfad níos airde ann le beartais chomhordaithe Aontais go ngnóthófaí laghduithe breise ar astaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh seachas le díchill náisiúnta ilroinnte. Thairis sin, le gníomhaíocht chomhordaithe ar leibhéal an Aontais éascaítear breithiúnas iomlán léi ar na hinniúlachtaí gníomhaíochta i measc na mBallstát agus i measc eintitis phríobháideacha. Tugann sí an deis d’oibreoirí freisin tairbhiú de chóras rialála aonair, éascaíonn sí an cloí agus laghdaíonn sí an t‑ualach riarachán i gcoibhneas le cur i bhfeidhm rialacha ilroinnte ar fud na mBallstát.

Cuireann beartas um meatán ar leibhéal an Aontais luach suntasach leis an ngníomhaíocht idirnáisiúnta ar son na haeráide. Trí reachtaíocht a fhorbairt chun astaíochtaí meatáin a íoslaghdú in earnáil an fhuinnimh, tá an tAontas ag tabhairt comhartha polaitiúil láidir do ghníomhaithe seachtracha, agus tá feasacht á múscailt aige faoi iarmhairtí díobhálacha na n‑astaíochtaí meatáin ar an aeráid. Ní hamháin go dtabharfar spreagadh leis an gcomhartha sin do chomhpháirtithe an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar fhadhb na n‑astaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh, ach cruthófar comhpháirtíocht idirnáisiúnta dá bharr freisin, agus is amhlaidh dá bhrí sin a thabharfar ról ceannaireachta don Aontas chun aghaidh a thabhairt ar astaíochtaí meatáin.

Mar chonclúid, tá gá, dá bhrí sin, le cur chuige comhchuibhithe comhordaithe i leith na ndúshlán a bhaineann le hastaíochtaí meatáin a laghdú, agus ní féidir leis na Ballstáit aghaidh a thabhairt orthu ar bhealach éifeachtúil astu féin. Tá údar dá réir sin le gníomhaíocht an Aontais ar fhorais na coimhdeachta i gcomhréir le hAirteagal 194 CFAE.

Comhréireacht

Aimsítear cothromaíocht chúramach leis an togra idir an neamhspleáchas rialála atá ag na Ballstáit ar lámh amháin chun gníomhaíochtaí ceartaitheacha náisiúnta a chur i gcrích, dreasachtaí a shocrú don nuálaíocht theicneolaíoch nó cinneadh a dhéanamh maidir le leibhéal na n‑acmhainní saintiomanta agus, ar an lámh eile, an gá le haghaidh a thabhairt ar na fadhbanna i ndáil le hastaíochtaí meatáin nach foláir dul i ngleic leo ar leibhéal an Aontais.

Mar a thuairiscítear i gCaibidil 6 den Mheasúnú Tionchair, coinníodh chomh teoranta agus is féidir na costais agus ualaigh riaracháin a ghabhann leis an togra seo. Ní théann na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na fadhbanna sainaitheanta a réiteach agus chun na cuspóirí sainaitheanta a ghnóthú. Meastar na costais a shamhlaítear don Choimisiún agus do na Ballstáit a bheith inghlactha, agus na glaniarmhairtí eacnamaíocha dearfacha a ghabhann le leibhéal laghdaithe atá costéifeachtach don chomhshaol agus don tsochaí á gcur san áireamh freisin.

An rogha ionstraime

Is é Rialachán an ionstraim dlí iomchuí don togra reachtach seo toisc go bhforchuireann sé rialacha soiléire agus mionsonraithe nach dtugann aon rogha dá thrasuí difriúil ag na Ballstáit. Is le Rialachán a áirithítear gurb infheidhme iad na ceanglais dlí ag an am céanna ar fud an Aontais, sheachnófaí na neamhéifeachtúlachtaí agus na costais/na hualaigh riaracháin leis dá réir a ghabhfadh le cur chun feidhme neamhréireach ar na forálacha maidir le laghdú na n‑astaíochtaí meatáin ar fud an Aontais.

Ina theannta sin, is é Rialachán an ionstraim leordhóthanach le hoibleagáidí díreacha a fhorchur ar oibreoirí eacnamaíocha agus ar údaráis náisiúnta. Bheadh an méid sin de dhíth chun go mbeadh oibleagáidí soiléire ann le sonraí a chainníochtú, a thuairisciú, agus a fhíorú, agus chun bearta a úsáid le hastaíochtaí meatáin a mhaolú, lena n‑áirítear deireadh de réir a chéile a chur le cleachtais tionsclaíochta dhíobhálacha amhail an scaoileadh agus an bladhmadh.

Chun go mbeadh sonraí comhsheasmhacha agus inchomparáide ann, tá sé ríthábhachtach go mbeadh ceanglais chomhchuibhithe ann maidir le tomhas agus tuairisciú. Is é Rialacháin an bealach is fearr leis sin a bhaint amach, mar a thaispeántar le ngníomhartha dlíthiúla gaolmhara an Aontais, amhail Rialachán (AE) 2015/757 8 , Rialachán (CE) 166/2006 nó Rialachán Cur chun Feidhme (AE) 2018/2066 9 . Ar an ábhar sin, bheadh an leibhéal rogha a d’fhágfaí faoi na Ballstáit laistigh de Threoir neamhoiriúnach leis an éileamh ar shonraí inchomparáide agus comhchuibhithe dá réir.

Thairis sin, maidir leis na bearta maolaithe agus na srianta ar chleachtais tionsclaíochta, is é Rialachán an ionstraim leordhóthanach chun go ndírítear forálacha go díreach ar chuideachtaí agus go mbunaítear cothroime iomaíochta íosta sna cleachtais úd.

Ar deireadh, is le Rialachán a cheadaítear aghaidh a thabhairt ar bhealach níos dírí agus níos fabhraí ar an bpráinne a ghabhann leis an dul i ngleic le hastaíochtaí meatáin, i gcomhthéacs na héigeandála aeráide agus sprioc aeráidneodrachta an Aontais, mar a mhínítear i roinn 1 thuas.

Is le roghnú Rialacháin a áirithítear go dtugtar aghaidh ar na fadhbanna agus na cuspóirí sainaitheanta ar an mbealach is éifeachtaí, is éifeachtúla agus is comhréirí. Aimsítear cothromaíocht chúramach leis idir an neamhspleáchas rialála atá ag na Ballstáit ar lámh amháin chun gníomhaíochtaí ceartaitheacha náisiúnta a chur i gcrích, dreasachtaí a shocrú don nuálaíocht theicneolaíoch nó cinneadh a dhéanamh maidir le leibhéal na n‑acmhainní saintiomanta agus, ar an lámh eile, an gá le haghaidh a thabhairt ar na fadhbanna i ndáil le hastaíochtaí meatáin nach foláir dul i ngleic leo ar leibhéal an Aontais.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

I gcomhréir leis na Treoirlínte maidir le Rialáil níos Fearr le haghaidh measúnuithe tionchair, rinne an Coimisiún comhairliúchán cuimsitheach le páirtithe leasmhara a bhí bunaithe ar straitéis comhairliúcháin lenar áiríodh raon modhanna agus uirlisí. Bhí sé d’aidhm ag an straitéis comhairliúcháin a áirithiú gur tugadh gach fianaise ábhartha san áireamh, lenar áiríodh sonraí faoi chostais, faoin tionchar ar an tsochaí, agus faoi thairbhí féideartha an tionscnaimh. Dearadh an straitéis i gcomhréir le loighic na hidirghabhála agus cuimsíodh idir ghnéithe cúlghabhálacha agus ghnéithe réamhbhreathnaitheacha inti. Baineadh leas as roinnt de na huirlisí comhairliúcháin seo a leanas: comhairliúchán poiblí ar líne, comhairliúchán spriocdhírithe faoi na costais a bhaineann le rialachán maidir le tomhas, tuairisciú agus fíorú (MRV) a chur chun feidhme bunaithe ar an gComhpháirtíocht um Meatán Ola agus Gáis 10 , agallaimh dhoimhne agus (trí) sheimineár gréasáin ar líne le páirtithe leasmhara.

Fuair an comhairliúchán poiblí oscailte (OPC) 131 fhreagra, cuireadh isteach 126 díobh sin le páirt‑chomhlánú ar a laghad ar cheistneoir ar líne agus fuarthas cúig rannchuidiú bhreise i bhfoirm aighneachtaí ríomhphoist.

Go háirithe, chuir an Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) agus Comhairle Rialálaithe Fuinnimh na hEorpa (CEER) suirbhé isteach i measc a gcomhaltaí mar rannchuidiú neamhfhoirmiúil leis an gcomhairliúchán poiblí oscailte, inar léiríodh an tuairim ‘go dtacaíonn údaráis rialála náisiúnta go forleathan le cur chuige comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais i leith fhaireachán agus bhrath na n‑astaíochtaí meatáin, bunaithe go sonrach ar fhaireachán éigeantach ar astaíochtaí meatáin.’

Chuir páirtithe leasmhara in iúl gur thacaigh siad go láidir le caighdeán láidir MRV a fhorbairt le haghaidh astaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh. Sa chomhairliúchán poiblí oscailte, bhí 78 % de fhreagraí i bhfabhar na coda de thogra MRV a bhaineann le hola agus le gás a bhunú ar mhodheolaíocht na Comhpháirtíochta um Meatán Ola agus Gáis, lenar thacaigh comhlachais trádála gáis agus ola uile an Aontais freisin. Fuarthas tacaíocht fhairsing freisin, lenar áiríodh ó thionscal an ghuail, chun forálacha MRV a áireamh ann le haghaidh an ghuail (96 % de na freagraí do OPC). Tá na gnéithe sin san áireamh leis an togra seo.

Tá tacaíocht fhorleathan ann le haghaidh bearta reachtacha chun astaíochtaí a mhaolú in earnáil na hola, in earnáil an gháis iontaise agus in earnáil an ghuail. Na comhlachais ola agus gáis uile a chuir freagra ar fáil ar an gcomhairliúchán poiblí oscailte, léirigh siad a dtacaíocht maidir le hoibleagáid braite agus deisiúcháin sceití (LDAR) a chur i reachtaíocht an Aontais. Bhí tacaíocht fhorleathan i measc eagraíochtaí neamhrialtasacha le haghaidh oibleagáid den sórt sin freisin. Chreid na freagróirí uile ar an gcomhairliúchán poiblí oscailte ar freagróirí ó eagraíochtaí neamhrialtasacha nó freagróirí tionscadail iad go bhfuil sé indéanta deireadh céimnitheach a chur le gnáthscaoileadh agus gnáthbhladhmadh atá bainteach le fuinneamh a tháirgtear agus a ídítear san Aontas Eorpach. A mhéid a bhaineann sé le bearta maolaithe meatáin as mianaigh ghuail a chuimsiú, léiríodh sa chomhairliúchán poiblí go raibh tacaíocht láidir ann lena n‑aghaidh (80 % de na freagraí). Tá na gnéithe sin san áireamh leis an togra seo.

Bhí 92 % de na freagraí ar an gcomhairliúchán poiblí oscailte i bhfabhar reachtaíocht san Aontas maidir le hastaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh lena gcumhdófaí an ola agus an gual a chuirtear ar mhargadh an Aontais. Go sonrach, léiríodh tacaíocht in 96 % de na freagraí d’uirlis trédhearcachta meatáin a fhorbairt ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta. Tá an ghné sin san áireamh leis an togra seo.

Mheas 72 % de na freagraí go mba cheart go leathnófaí oibleagáidí i reachtaíocht an Aontais maidir le hastaíochtaí meatáin san earnáil fuinnimh ar chuideachtaí a allmhairíonn fuinneamh iontaise isteach san Aontas. Mheas 65 % de na freagraí go mbeadh sé indéanta na hoibleagáidí céanna a fhorchur i ndáil le MRV, LDAR agus scaoileadh agus bladhmadh ar ghníomhaithe uile an tslabhra luacha ola agus gáis le haghaidh na hola agus an gháis a ídítear san Aontas. Mar fhreagairt dó sin, áirítear leis an togra seo clásal athbhreithnithe ina ndéantar tagairt go sainráite do shainchumas an Choimisiúin tograí reachtacha leasaitheacha a chur isteach le bearta níos déine a fhorchur ar allmhaireoirí nuair a bheidh sonraí níos fearr maidir le hastaíochtaí meatáin domhanda ar fáil.

Bailiú agus úsáid saineolais

Tarraingíonn an togra agus an measúnú tionchair atá mar bhonn taca faoi ar fhianaise ó ionchur páirtithe leasmhara leis na comhairliúcháin chuimsitheacha a rinneadh ina leith sin, ó cheardlanna sonracha, chomh maith le léirbhreithniú litríochta, anailísiú agus samhaltú. Áiríodh leis an léirbhreithniú litríochta na torthaí ó shraith staidéir théamacha ar phríomhghnéithe de na rialacháin maidir le hastaíochtaí meatáin i dtíortha éagsúla agus i mBallstáit an Aontais, astaíochtaí meatáin a theorannú in earnáil an fhuinnimh, chomh maith le meastóireachtaí agus measúnuithe a cuireadh i gcrích faoi chuimsiú thionscnaimh ábhartha eile an Choimisiúin.

Measúnú tionchair

Le linn na hoibre le haghaidh an mheasúnaithe tionchair, breithníodh réimse beart i ngach réimse chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna agus ar bhunchúiseanna na bhfadhbanna arna sainaithint chun cuspóirí an tionscnaimh a bhaint amach. Bhí rogha ‘gnó mar is gnách’ san áireamh i ngach réimse beartais. Sainaithníodh roghanna tosaíochta le haghaidh trí réimse beartais. Tar éis measúnú a dhéanamh ar a n‑éifeachtacht, a n‑éifeachtúlacht, a gcomhleanúnachas, agus a gcomhréireacht, measadh gurbh oiriúnaí pacáiste roghanna tosaíochta chun rannchuidiú leis na cuspóirí a socraíodh. Áirítear leis an bpacáiste roghanna tosaíochta na bpríomhfhorálacha seo a leanas:

I réimse beartais 1, breithnítear roghanna chun feabhas a chur ar chruinneas an tomhais agus an tuairiscithe astaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh trí oibleagáid a chur ar chuideachtaí tomhais ar leibhéal sócmhainní a dhéanamh agus astaíochtaí díreacha meatáin a thuairisciú le haghaidh gníomhaíochtaí eacnamaíochta i gcríoch an Aontais. Áirítear leis sin faireachán, tuairisciú agus fíorú éigeantach ar ola agus gás, faireachán, tuairisciú agus fíorú éigeantach ar ola, gás agus gual, agus faireachán, tuairisciú agus fíorú éigeantach ar ola, gás agus gual lena gcumhdaítear astaíochtaí indíreacha freisin.

Is é an rogha thosaíochta le haghaidh réimse beartais 1 oibleagáid tomhais agus tuairiscithe mhionsonraithe (ar leibhéal sócmhainní) a fhorchur ar astaíochtaí meatáin ón ola, gás agus gual in earnáil fuinnimh an Aontais Eorpaigh. Is é an phríomhthairbhe leis sin go gcuirfear feabhas ar leibhéal tuairiscithe na n‑astaíochtaí sin, agus go méadófar an tuiscint ar fhoinsí agus ar mhéid na n‑astaíochtaí sin, óna dtiocfaidh laghdú níos éifeachtaí ar astaíochtaí comhbhainteacha.

Tá roghanna le fáil i réimse beartais 2 chun astaíochtaí meatáin san Aontas Eorpach a mhaolú, trí bhearta braite agus deisithe sceití agus teorainneacha ar scaoileadh agus ar bhladhmadh. Tá sé d’aidhm acu maolú éifeachtach breise ar na hastaíochtaí meatáin a áirithiú ar fud an tslabhra soláthair fuinnimh. Áirítear leis na roghanna ann treoraíocht ón gCoimisiún nó bearta sainordaitheacha maidir le maolú astaíochtaí meatáin in earnáil na hola agus in earnáil an gháis iontaise, bearta sainordaitheacha maidir le maolú astaíochtaí meatáin in earnáil na hola, in earnáil an gháis iontaise agus in earnáil an ghuail chomh maith le maolú astaíochtaí indíreacha agus beart reachtach chun laghdú áirithe ar astaíochtaí meatáin a bhaint amach le ceanglas feidhmíochta.

Is é an rogha thosaíochta le haghaidh réimse beartais 2 oibleagáidí a fhorchur chun astaíochtaí meatáin a mhaolú ón ola, gás agus gual in earnáil fuinnimh an Aontais, i dtéarmaí bearta chun sceití a bhrath agus a dheisiú, agus toirmeasc a chur ar scaoileadh agus ar bhladhmadh. Tiocfaidh laghdú níos mó ar astaíochtaí meatáin astu sin i gcomparáid leis an gcás ‘gnó mar is gnách’, agus bainfidh tairbhí comhshaoil agus sóisialta comhbhainteacha leo i dtéarmaí an t‑athrú aeráide a mhoilliú agus an truailliú aeir a laghdú.

Tá roghanna i réimse beartais 3 a bhfuil sé d’aidhm acu astaíochtaí meatáin a laghdú i ndáil le fuinneamh iontaise allmhairithe. Áirítear ann roghanna chun astaíochtaí meatáin atá nasctha le hídiú breosla iontaise san Aontas Eorpach ach a tharlaíonn lasmuigh de a thomhas, a thuairisciú agus a mhaolú; lena n‑áirítear uirlisí gníomhaíochta taidhleoireachta agus trédhearcachta a úsáid, tomhas, tuairisciú agus maolú éigeantach le cur i bhfeidhm ar gach astaíocht meatáin ón bhfuinneamh iontaise a ídítear san Aontas lena gcumhdaítear an slabhra luacha, bunachar shonraí faoi thrédhearcacht maidir le hastaíochtaí meatáin agus uirlis faireacháin dhomhanda maidir le hastú meatáin ard, chomh maith le hoibleagáid chun méid áirithe laghdaithe ar astaíochtaí meatáin a bhaint amach le cur i bhfeidhm ar gach fuinneamh iontaise a ídítear laistigh den Aontas thar an slabhra luacha.

Is é an rogha thosaíochta le haghaidh réimse beartais 3 ionstraimí éagsúla a mholadh chun faisnéis maidir le foinsí astaíochtaí meatáin ó chuideachtaí a onnmhairíonn fuinneamh iontaise chuig an Aontas Eorpach a fheabhsú, chomh maith le dreasachtaí do thíortha chun a gcuid astaíochtaí meatáin a laghdú. Mar an gcéanna le réimse beartais 2, bainfidh tairbhí comhshaoil agus sóisialta don Aontas Eorpach le hastaíochtaí meatáin domhanda a laghdú, go háirithe i dtéarmaí an t‑athrú aeráide a mhoilliú.

Cearta bunúsacha

Tagann an tionscnamh go hiomlán le hAirteagal 37 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, a éilíonn nach foláir leibhéal ard cosanta comhshaoil agus feabhsú ar cháilíocht an chomhshaoil a chomhtháthú le beartais an Aontais agus a áirithiú i gcomhréir le prionsabal na forbartha inbhuanaithe.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Áirítear leis an togra roinnt ceanglas lena mbaineann impleachtaí buiséadacha. I dtosach báire, an ceanglas ar Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) chun tacar táscairí agus luachanna tagartha comhfhreagracha a bhunú agus a chur ar fáil go poiblí le comparáid a dhéanamh idir na costais aonaid infheistíochta a bhaineann le hastaíochtaí meatáin a thomhas, a thuairisciú agus a laghdú le haghaidh tionscadail inchomparáide, uair amháin gach 3 bliana. Cé nár phléigh ACER go dtí seo le costais na n‑oibreoirí líonra atá dlite ar thomhas, tuairisciú agus laghdú na n‑astaíochtaí meatáin, meastar go mbeidh cumhdach leordhóthanach ann do na cúraimí breise agus dá n‑ualach oibre do ACER le 1 choibhéis lánaimseartha bhreise.

Ar an dara dul síos, an ceanglas ar an Aontas ardán trédhearcachta meatáin a bhunú agus a chothabháil lena n‑áirítear faisnéis maidir le hallmhairí fuinnimh iontaise isteach san Aontas, le nuashonruithe arna soláthar gach ráithe, chomh maith leis an gceanglas uirlis faireacháin meatáin dhomhanda a bhunú trína bhfoilseofar na torthaí go tráthrialta ón bhfaireachán aerga ar astaírí móra meatáin d’fhoinsí fuinnimh, le nuashonruithe arna soláthar gach mí. Meastar go mbeidh beirt oifigeach lánaimseartha breise de dhíth ar na cúraimí breise agus ar a n‑ualach oibre don Choimisiún.

Tugtar achoimre i Roinn 3 den Ráiteas Airgeadais Reachtach ar impleachtaí buiséadacha an togra agus ar na hacmhainní daonna agus riaracháin a bheidh de dhíth.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Tugtar creat cuimsitheach le reachtaíocht aeráide agus fuinnimh an Aontais Eorpaigh chun dul chun cinn i dtreo spriocanna an Aontais a bhaint amach, agus chun an dul chun cinn sin a rianú, rud a gcuirfidh an togra seo leis. Is leis an Dlí Aeráide Eorpach a thugtar an creat uileghabhálach, agus is leis an Rialachán maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide a thugtar creat faireacháin agus tuairiscithe comhtháite mionsonraithe. Cuirfear na sonraí a bhailítear i gcomhthéacs an Rialacháin sin ar fáil go poiblí ar r‑ardán, lena n‑áireofar táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn i dtreo chuspóirí fuinnimh agus aeráide an Aontais.

Déanann an Coimisiún beartais agus bearta náisiúnta na mBallstát chun a spriocanna a bhaint amach faoin Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill a sheiceáil gach 5 bliana. Is amhlaidh dá réir a dhéanfar rianú freisin ar chur chun feidhme agus ar éifeachtacht na bhforálacha a fhaightear sa togra faoin ngnóthú sprice faoi ESR. Leis na sásraí rialaithe bunaithe le haghaidh cháilíocht na n‑aighneachtaí náisiúnta, beifear in ann freisin meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht na bhforálacha de chuid an togra seo chun feabhsuithe a ghnóthú maidir le cruinneas sonraí. Sa chomhthéacs sin, leagtar amach sa Rialachán maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide na ceanglais do chórais fardail náisiúnta agus de chuid an Aontais le haghaidh astaíochtaí GCT, beartas, beart agus réamh‑mheastachán, ina n‑éilítear a bhfeabhsú ar bhonn leanúnach. Is ceanglas idirnáisiúnta é go mbunófaí córais mar sin, agus tá sé beartaithe mar thacú le cur chun feidhme na bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide maidir le gné an dícharbónaithe.

Tá an pobal ag tabhairt níos mó airde de réir a chéile ar na hastaíochtaí meatáin, lena n‑áirítear trí fheachtais eolaíochta agus do pháirtithe leasmhara chun astaíochtaí a bhrath agus a chainníochtú. Le tacaíocht ó thaifeach spásúil agus ama méadaitheach na sonraí satailíte, is acmhainn luachmhar é an t‑iniúchadh poiblí sin chun faireachán a dhéanamh ar thionchar an togra agus chun easnaimh ina chur chun feidhme a shainaithint.

A mhéid a bhaineann le faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar na hoibleagáidí a leagtar amach sa togra seo, is faoi na húdaráis náisiúnta inniúla a bheidh an phríomhfhreagracht as cur i bhfeidhm na bhforálacha a áirithiú. Maidir le fíorú na sonraí astaíochtaí, foráiltear sa togra seo le haghaidh ról fíoraitheoirí creidiúnaithe neamhspleácha. Soláthróidh an Fhaireachlann Idirnáisiúnta um Astaíochtaí Meatáin 11 iniúchadh breise ar shonraí taiscthe maidir le hastaíochtaí meatáin, lena n‑áirítear an fhéidearthacht chun crostagairtí a dhéanamh orthu le foinsí eile amhail íomháú agus táirgí satailíte.

Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme an ghnímh dhlíthúil, trí sheiceáil a dhéanamh ar chur i bhfeidhm ceart na mbeart ag na páirtithe faoi oibleagáid, agus más gá trí ghníomhaíocht forfheidhmiúcháin a ghlacadh. Áirítear leis an togra seo clásal athbhreithnithe faoina gcuirfidh an Coimisiún tuarascáil isteach maidir le meastóireacht agus athbhreithniú an Rialacháin.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Cuimsíonn an rialachán atá beartaithe 6 chaibidil ina bhfuil 35 airteagal.

Caibidil 1 – Forálacha ginearálta

Leagtar amach sa chaibidil seo an raon feidhme agus na príomhthéarmaí a mbaintear úsáid astu sa rialachán atá beartaithe. Áirítear ann freisin foráil ina n‑aithnítear costais na n‑oibreoirí líonra mar gheall ar chur chun feidhme an Rialacháin.

Caibidil 2 – Údaráis inniúla agus fíorú neamhspleách

Leagtar síos sa chaibidil seo forálacha comhlíontachta an Rialacháin, i dteannta leis na forálacha pionóis i gCaibidil 6. Leagtar amach inti cúraimí na n‑údarás inniúil, go háirithe na rialacha maidir le cigireachtaí agus gearáin, chomh maith le ról agus nósanna imeachta na bhfíoraitheoirí creidiúnaithe neamhspleácha i dtaca le fíorú na sonraí astaíochtaí meatáin arna dtuairisciú ag oibreoirí.

Caibidil 3 – Astaíochtaí meatáin san hearnálacha ola agus gáis

Leagtar síos sa chaibidil seo oibleagáidí na n‑oibreoirí agus na mBallstát maidir le tomhas agus tuairisciú na sonraí astaíochtaí meatáin, chomh maith le hoibleagáidí le haghaidh laghdú na n‑astaíochtaí meatáin sna suíomhanna ábhartha.

Caibidil 4 – Astaíochtaí meatáin san earnáil guail

Tá an chaibidil seo roinnte ina trí roinn lena gcumhdófar an méid seo a leanas: faireachán agus tuairisciú ar astaíochtaí meatáin i mianaigh oibrithe; maolú ar astaíochtaí meatáin i mianaigh oibrithe faoi thalamh agus ar astaíochtaí meatáin i mianaigh dhúnta agus thréigthe faoi thalamh.

Leagtar síos i ngach roinn oibleagáidí na n‑oibreoirí agus na mBallstát maidir le tomhas agus tuairisciú na sonraí astaíochtaí meatáin, chomh maith le hoibleagáidí le haghaidh laghdú na n‑astaíochtaí meatáin sna suíomhanna ábhartha.

Caibidil 5 – Astaíochtaí meatáin ag tarlú lasmuigh den Aontas

Tugtar uirlisí trédhearcachta isteach leis an gcaibidil seo le haghaidh astaíochtaí meatáin a tharlaíonn lasmuigh den Aontas: oibleagáid faisnéise ar allmhaireoirí breoslaí iontaise maidir le hastaíochtaí meatáin, liosta trédhearcachta de chuideachtaí agus tíortha an Aontais agus de chuideachtaí a onnmhairíonn fuinneamh iontaise chuig an Aontas, lena n‑áirítear faisnéis faoina n‑oibleagáidí tuairiscithe idirnáisiúnta maidir le hastaíochtaí meatáin agus uirlis faireacháin dhomhanda chun méid, atarlú agus suíomh na n‑astaírí meatáin domhanda a scaoileadh.

Ina theannta sin, chun allmhairí fuinnimh iontaise isteach san Aontas a chur san áireamh, leagtar amach sa chaibidil ceanglais faisnéise d’allmhaireoirí, chomh maith le sainchumas an Choimisiúin tograí reachtacha leasaitheacha a chur isteach le bearta níos géire a fhorchur ar allmhaireoirí nuair a bheidh sonraí domhanda astaíochtaí meatáin ar fáil, agus comhlíontacht oibleagáidí idirnáisiúnta infheidhmithe an Aontais a áirithiú.

Caibidil 6 – Forálacha críochnaitheacha

Foráiltear sa chaibidil seo go háirithe do chóras pionós: cé go n‑aithnítear gur inniúlacht náisiúnta é pionóis a bhunú, leagtar amach ann treoirphrionsabail maidir le pionóis, go háirithe critéir chun pionóis a shocrú, na cineálacha sáruithe atá le gearradh, critéir maidir le huasteorainneacha uasta, chomh maith leis an bhféidearthacht íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur.

Tá forálacha cumhachtaithe inti freisin maidir le gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme a ghlacadh, chomh maith le clásal athbhreithnithe.

2021/0423 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le laghdú ar astaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/942

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 194(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 12 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 13 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) Is é meatán an phríomh‑chomhpháirt atá sa ghás nádúrtha, agus tá sé ar an dara gás is mó, seachas dé‑ocsaíd charbóin, a chuireann leis an athrú aeráide agus is é is cúis le timpeall aon trian den téamh atá ag tarlú faoi láthair.

(2)Ar an leibhéal móilíneach, cé go bhfanann an meatán san atmaisféar go ceann tréimhse is giorra (idir 10 agus 12 bhliain) ná an dé‑ocsaíd charbóin (na céadta blianta), is suntasaí a iarmhairt ceaptha teasa ar an aeráid, agus rannchuidíonn sé le foirmiú an ózóin, ar truailleán aeir láidir é is cúis le fadhbanna sláinte tromchúiseacha. Tá ardú géar tagtha ar mhéid an mheatáin san atmaisféar ar bhonn domhanda le 10 mbliana anuas.

(3)De réir na meastachán is déanaí ó Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe agus ón gComhghuaillíocht Aeráide agus Aer Glan, le laghduithe 45 % ar astaíochtaí meatáin faoi 2030, ar bhonn na mbeart spriocdhírithe infhaighte agus na mbeart breise i gcomhréir le spriocanna forbartha tosaíochta na Náisiún Aontaithe (‘NA’), d’fhéadfaí 0,3 °C den téamh domhanda a chosc faoi 2045.

(4)De réir shonraí an Aontais maidir le fardail ghás ceaptha teasa (‘GCT’), meastar go bhfuil an earnáil fuinnimh freagrach as 19 % de na hastaíochtaí meatáin laistigh den Aontas. Ní áirítear leis sin na hastaíochtaí meatáin atá nasctha le hídiú fuinnimh iontaise an Aontais atá ag tarlú lasmuigh den Aontas.

(5)Nasctar le chéile sa Chomhaontú Glas don Eoraip sraith chuimsitheach beart agus tionscnamh a threisíonn a chéile go frithpháirteach agus atá dírithe ar an aeráidneodracht a bhaint amach san Aontas faoi 2050. Sonraítear sa Teachtaireacht maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip 14 go ndéanfar dícharbónú na hearnála gáis a éascú, lena n‑áirítear trí aghaidh a thabhairt ar cheist na n‑astaíochtaí meatáin ó earnáil an gháis. Ghlac an Coimisiún straitéis AE chun astaíochtaí meatáin a laghdú (‘an Straitéis Meatáin’) i mí Dheireadh Fómhair 2020 ina leagtar amach bearta chun astaíochtaí meatáin a laghdú san Aontas Eorpach, lena n‑áirítear in earnáil an fhuinnimh, agus go hidirnáisiúnta. I Rialachán (AE) 2021/1119 15 (‘an Dlí Aeráide Eorpach’), chumhdaigh an tAontas sa reachtaíocht sprioc na haeráidneodrachta ar fud an gheilleagair faoi 2050, agus bhunaigh sé gealltanas ceangailteach inmheánach de chuid an Aontais um laghdú 55 % ar a laghad faoi bhun leibhéil 1990 sna glanastaíochtaí gás ceaptha teasa (astaíochtaí tar éis asbhaint na n‑aistrithe) faoi 2030. Leis an leibhéal laghduithe sin ar astaíochtaí GCT a bhaint amach, ba cheart na hastaíochtaí meatáin ó earnáil an fhuinnimh a laghdú faoi thimpeall 58 % faoi 2030 i gcomparáid le 2020.

(6)Áirítear astaíochtaí meatáin le raon feidhme spriocanna an Aontais do laghduithe ar gháis cheaptha teasa do 2030 a leagtar amach sa Dlí Aeráide Eorpach, agus sna spriocanna náisiúnta ceangailteacha chun astaíochtaí a laghdú de réir Rialachán (AE) 2018/842 16 . Níl aon chreat dlíthiúil ann ar leibhéal an Aontais faoi láthair áfach, ina leagtar amach bearta sonracha chun astaíochtaí meatáin antraipigineacha in earnáil an fhuinnimh a laghdú. Ina theannta sin, cé go gcumhdaítear astaíochtaí meatáin ó scagadh na hola mianraí agus an gháis i dTreoir 2010/75 17 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha, ní chumhdaítear gníomhaíochtaí eile in earnáil an fhuinnimh.

(7)Sa chomhthéacs seo, ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo ar laghdú na n‑astaíochtaí meatáin sa taiscéalaíocht agus táirgeadh réamhtheachtach ola agus gáis iontaise, i mbailiú agus próiseáil gáis iontaise, i dtarchur, dáileadh, stóráil faoi thalamh an gháis agus críochfoirt gáis iontaise leachtaithe (GNL), agus ba cheart go mbeadh feidhm aige ar mhianaigh ghuail faoi thalamh agus dhromchla atá á n‑oibriú, agus ar mhianaigh ghuail atá dúnta nó tréigthe.

(8)Na rialacha maidir le tomhas cruinn, tuairisciú agus fíorú ar astaíochtaí meatáin sna hearnálacha ola, gáis agus guail, chomh maith le rialacha maidir le laghdú ar na hastaíochtaí sin, lena n‑áirítear trí shuirbhéanna braite agus deisithe sceití agus srianta ar scaoileadh agus ar bhladhmadh, ba cheart go dtabharfaí aghaidh orthu le creat dlíthiúil iomchuí an Aontais. Ba cheart go bhfaighfí rialacha i gcreat den sórt sin chun trédhearcacht a fheabhsú maidir le hallmhairí fuinnimh iontaise isteach san Aontas, agus na dreasachtaí á bhfeabhsú dá réir do ghlacadh níos forleithne na réiteach maolaithe meatáin ar fud na cruinne.

(9)Is dócha go mbeidh infheistíochtaí ó oibreoirí rialáilte de dhíth ar mhaithe le comhlíontacht na n‑oibleagáidí faoin Rialachán seo, agus ba cheart go gcuirfí na costais a bhainfeadh leis na hinfheistíochtaí sin san áireamh agus taraifí á chomhshocrú, faoi réir phrionsabail na héifeachtúlachta.

(10)Ba cheart do gach Ballstát údarás inniúil amháin ar a laghad a cheapadh chun maoirseacht a dhéanamh go gcomhlíonann na hoibreoirí go héifeachtach na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo, agus ba cheart dóibh fógra a thabhairt don Choimisiún faoi cheapachán mar sin agus faoi aon athruithe air sin. Ba cheart do na húdaráis inniúla gach beart riachtanach a ghlacadh chun comhlíontacht na gceanglas a leagtar amach sa Rialachán seo a áirithiú. Agus tréithe trasteorann na n‑oibríochtaí agus na n‑astaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh á gcur san áireamh, ba cheart d’údaráis inniúla comhoibriú le chéile agus leis an gCoimisiún. Sa chomhthéacs sin, ba cheart don Choimisiún agus d’údaráis inniúla na mBallstát líonra údarás inniúil a bhunú le chéile a chuireann an Rialachán seo i bhfeidhm chun dlúthchomhar a chothú, leis na socruithe riachtanacha ann chun faisnéis agus dea‑chleachtais a mhalartú, agus chun gur féidir tabhairt faoi chomhairliúcháin.

(11)Chun cur chun feidhme réidh agus éifeachtach na n‑oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo a áirithiú, tacaíonn an Coimisiún leis na Ballstáit trí mheán na hIonstraime um Thacaíocht Theicniúil 18 a sholáthraíonn saineolas teicniúil saincheaptha chun athchóirithe a dhearadh agus a chur chun feidhme, lena n‑áirítear iad siúd lena gcuirtear chun cinn an laghdú ar astaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh. Baineann neartú na hacmhainneachta riaracháin, comhchuibhiú na gcreataí reachtacha agus comhroinnt na ndea‑chleachtas ábhartha, mar shampla, leis an tacaíocht theicniúil.

(12)D’fhonn feidhmiú a gcúraimí a áirithiú, ba cheart d’oibreoirí an cúnamh go léir is gá a sholáthar do na húdaráis inniúla. Ina theannta sin, ba cheart d’oibreoirí gach gníomhaíocht riachtanach a ghlacadh atá sainaitheanta ag na húdaráis inniúla laistigh den tréimhse arna cinneadh ag na húdaráis inniúla nó d’aon tréimhse eile a chomhaontaítear leis na húdaráis inniúla.

(13)Ba cheart cigireachtaí a bheith mar an príomhshásra a bheadh ar fáil do na húdaráis inniúla, lena n‑áireofaí iniúchadh ar dhoiciméadacht agus taifid, tomhais astaíochtaí agus cigireachtaí ar an láthair. Ba cheart go dtarlódh na cigireachtaí ar bhonn tráthrialta, ar bhonn breithmheasa ar an riosca comhshaoil arna stiúradh ag na húdaráis inniúla. Ina theannta sin, ba cheart go gcuirfí cigireachtaí i gcrích chun gearáin chuí‑réasúnaithe agus tarluithe neamh‑chomhlíontachta a imscrúdú, agus chun deisiúcháin nó athsholáthairtí comhpháirteanna a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo. I gcás ina sainaithníonn siad sárú tromchúiseach ar cheanglais an Rialacháin seo, ba cheart d’údaráis inniúla fógra a eisiúint faoi ghníomhaíochtaí ceartaitheacha a thabharfaidh an t‑oibreoir i gcrích. Ba cheart d’údaráis inniúla taifid a choinneáil ar na cigireachtaí agus ba cheart an fhaisnéis ábhartha a chur ar fáil i gcomhréir le Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 19 .

(14)I bhfianaise chomh cóngarach agus atá roinnt foinsí astaíochtaí meatáin do limistéir uirbeacha nó chónaitheacha, ba cheart go mbeadh daoine nádúrtha nó dlítheanacha dá ndearnadh díobháil le sáruithe ar an Rialachán seo in ann gearáin chuí‑réasúnaithe a chur faoi bhráid na n‑údarás inniúil. Ba cheart go gcoinneofaí gearánaigh ar an eolas faoin nós imeachta agus faoi na cinntí a glacadh, agus ba cheart go bhfaighidís cinneadh críochnaitheach laistigh d’achar réasúnach ó thaisceadh an ghearáin.

(15)Is féidir creidiúnacht na sonraí tuairiscithe a fheabhsú le creat fíoraithe láidir. Ina theannta sin, éilítear le leibhéal mionsonraí agus le castacht theicniúil na dtomhas astaíochtaí meatáin go ndéantar fíorú ceart ar shonraí astaíochtaí meatáin arna dtuairisciú ag oibreoirí agus oibreoirí mianaigh. Cé gur féidir féinfhíorú a dhéanamh, is le fíorú tríú páirtí a áirithítear neamhspleáchas agus trédhearcacht níos mó. Ina theannta sin, éascaítear tacar comhchuibhithe inniúlachtaí agus leibhéal saineolas nach mbeadh ar fáil do gach eintiteas poiblí seans. Ba cheart d’fhíoraitheoirí a bheith creidiúnaithe ag comhlachtaí creidiúnúcháin i gcomhréir le Rialachán (CE) 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 20 . Ba cheart d’fhíoraitheoirí creidiúnaithe neamhspleácha a áirithiú dá réir gur ceart iad na tuairiscí astaíochtaí arna n‑ullmhú ag oibreoirí agus oibreoirí mianaigh agus go gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo. Ba cheart dóibh na sonraí sna tuairiscí astaíochtaí a athbhreithniú lena n‑iontaofacht, a gcreidiúnacht agus a gcruinneas a mheasúnú i gcoinne chaighdeáin Eorpacha nó idirnáisiúnta saor in aisce agus ar fáil go poiblí arna bhforbairt ag comhlachtaí neamhspleácha agus arb é an Coimisiún a dhéanann infheidhme iad. Ba cheart go gcumhachtófaí an Coimisiún dá réir chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun críche infheidhmeacht na gcaighdeán Eorpach nó idirnáisiúnta sin a ionchorprú agus a leagan amach. Is éagsúil iad na fíoraitheoirí leis na húdaráis inniúla, agus ba cheart go mbeidís neamhspleách ar na hoibreoirí agus ar na hoibreoirí mianaigh, ar cheart dóibh gach cúnamh is gá a sholáthar dóibh le feidhmiú na ngníomhaíochtaí fíoraithe a chumasú nó a éascú, go háirithe maidir le rochtain ar an áitreabh agus cur i láthair doiciméadachta nó taifead.

(16)Ba cheart an fhaisnéis sna tuairiscí astaíochtaí a cuireadh faoi bhráid na n‑údarás inniúil a chur ar fáil don Choimisiún i bhfianaise an róil fhíoraithe a bheidh inchurtha i leith na Faireachlainne Idirnáisiúnta um Astaíochtaí Meatáin (IMEO), go háirithe maidir le modheolaíochtaí um chomhiomlánú sonraí agus um anailísiú agus fíorú ar mhodheolaíochtaí agus próisis staidrimh a úsáideann cuideachtaí lena sonraí tuairiscithe astaíochtaí a chainníochtú. D’fhéadfaí a áireamh leis na critéir thagartha ina leith sin caighdeáin agus treoirdhoiciméid OGMP. Ba cheart go gcuirfí an fhaisnéis arna léiriú ag IMEO ar fáil don phobal agus ba cheart don Choimisiún úsáid a bhaint as an bhfaisnéis sin le haghaidh a thabhairt ar aon easnaimh shainaitheanta maidir le tomhas, tuairisciú agus fíorú na sonraí astaíochtaí meatáin.

(17)Bhunaigh an tAontas IMEO i mí Dheireadh Fómhair 2020 i gcomhpháirtle Clár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe, leis an gComhghuaillíocht Aeráide agus Aer Glan agus leis an nGníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh, agus seoladh ag Cruinniú Mullaigh G20 i mí Dheireadh Fómhair 2021 é. Cuireadh de chúram ar IMEO sonraí astaíochtaí meatáin antraipigineacha a bhailiú, a réiteach, a fhíorú agus a fhoilsiú ar leibhéal domhanda. Tá IMEO ina chuid de Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe, a thug Meabhrán Tuisceana i gcrích leis an Aontas Eorpach. Bíonn ról ríthábhachtach aige freisin chun sonraí astaíochtaí meatáin a fhíorú in earnáil an fhuinnimh agus ba cheart caidreamh iomchuí a bhunú chun cur ar iontaoibh na gcúraimí fíoraithe a chur i bhfeidhm. Toisc nach comhlacht de chuid an Aontais é IMEO agus nach bhfuil sé faoi réir dhlí an Aontais, tá sé fíor-riachtanach a fhoráil go ndéanfaidh IMEO bearta iomchuí chun cosaint leasanna an Aontais agus a Bhallstát a áirithiú.

(18)Mar pháirtí le Creat‑Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) agus le Comhaontú Pháras, ní mór don Aontas tuarascáil fardail ar astaíochtaí antraipigineacha gáis ceaptha teasa a chur ar fáil go bliantúil arb é a bheidh ann comhiomlánú d’fhardail náisiúnta ghás ceaptha teasa na mBallstát, arna n‑ullmhú le modheolaíochtaí dea‑chleachtais is inghlactha leis an bPainéal Idir‑Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC).

(19)Ceanglaítear le Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 21 ar na Ballstáit sonraí fardail ghás ceaptha teasa a thuairisciú don Choimisiún agus chun a réamh‑mheastacháin náisiúnta a thuairisciú. De bhun Airteagal 17(2) de Rialachán (AE) 2018/1999 is amhlaidh a dhéanfar an tuairisciú le treoirlínte tuairiscithe UNFCCC, agus is minic a bhíonn sé bunaithe ar fhachtóirí astaíochtaí réamhshocraithe seachas tomhais dhíreacha ar leibhéal foinse, a bhfuil neamhchinnteachtaí maidir le bunús, minice agus méid na n‑astaíochtaí intuigthe leo.

(20)Cuirtear na sonraí tíre arna dtuairisciú de bhun fhorálacha tuairiscithe UNFCCC faoi bhráid rúnaíocht UNFCCC i gcomhréir le leibhéil tuairiscithe éagsúla i gcomhréir le treoirlínte IPCC. Sa chomhthéacs sin, is iondúil go molann IPCC modhanna leibhéal níos airde a úsáid le haghaidh na bhfoinsí astaíochtaí sin a imríonn tionchar suntasach ar fhardal gás ceaptha teasa iomlán tíre i dtéarmaí dearbhleibhéil, treochta nó neamhchinnteachta.

(21)Is ionann leibhéal agus méid castachta modheolaíochta. Tá trí leibhéal ar fáil. Is iondúil go n‑úsáidtear fachtóirí astaíochta réamhshocraithe IPCC le modhanna Leibhéal 1 agus go n‑éilítear na sonraí gníomhaíochta is bunúsaí, agus is lú imdhealaithe leo. Úsáidtear modhanna níos ilchasta agus fachtóirí astaíochta foinse‑shonracha, teicneolaíocht‑sonracha, réigiún‑sonracha nó tír‑shonracha leis na leibhéil níos airde de ghnáth, ar minic iad a bheith bunaithe ar thomhais, agus is iondúil go n‑éilítear sonraí gníomhaíochta níos imdhealaithe leo. Go sonrach, éilíonn leibhéal 2 fachtóirí astaíochta tír‑shonracha, seachas cinn réamhshocraithe, a úsáid; agus éilíonn leibhéal 3 sonraí nó tomhais ghléasra de réir gléasra, agus cuimsíonn sé dian‑mheasúnú ó bhonn a chur i bhfeidhm de réir cineál foinse ar leibhéal na saoráide aonair. Is ionann dul ó leibhéal 1 go leibhéal 3 agus méadú ar chinnteacht na dtomhas ar astaíochtaí atá bainteach le meatán 22 .

(22)Bíonn cleachtais dhifriúla ag na Ballstáit maidir leis an leibhéal ag a dtuairiscíonn siad a n‑astaíochtaí meatáin atá bainteach le fuinneamh chuig UNFCCC. Tá an tuairisciú ar leibhéal 2 le haghaidh foinsí móra astaíochtaí i gcomhréir le treoirlínte tuairiscithe IPCC óir meastar leibhéal 2 a bheith ina mhodh leibhéil níos airde. Dá dhroim sin, is éagsúil iad na modheolaíochtaí meastacháin agus tuairisciú na n‑astaíochtaí meatáin atá bainteach le fuinneamh idir na Ballstáit, agus bíonn an tuairisciú ag an leibhéal is ísle, leibhéal 1, fós fíorchoitianta i roinnt Ballstát i gcás astaíochtaí meatáin ó ghual, gás agus ola.

(23)Tá tionscnaimh shaorálacha á dtreorú ag an tionscal fós mar an príomhchur chuige in go leor tíortha faoi láthair le haghaidh chainníochtú agus mhaolú na n‑astaíochtaí meatáin. Is príomhthionscnamh arna threorú ag earnáil an fhuinnimh í an Chomhpháirtíocht um Meatán Gáis agus Ola (‘OGMP’), tionscnamh saorálach maidir le tomhas agus tuairisciú na n‑astaíochtaí meatáin arna gcruthú in 2014 ag Clár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe (UNEP) agus an Chomhghuaillíocht Aeráide agus Aer Glan (CCAC), a bhfuil ionadaíocht ag an gCoimisiún ar a bhord. Díríonn an Chomhpháirtíocht um Meatán Gáis agus Ola (OGMP) ar dhea‑chleachtais a bhunú chun infhaighteacht na faisnéise domhanda maidir le cainníochtú agus bainistíocht astaíochtaí meatáin a fheabhsú, agus chun gníomhaíochtaí maolaithe a chur chun cinn chun astaíochtaí meatáin a laghdú. Go nuige seo, chláraigh os cionn 60 cuideachta le OGMP, sin 30 % de tháirgeadh domhanda na hola agus an gháis agus sócmhainní ar chúig ilchríoch. Bíonn baint ag rialtais, an tsochaí shibhialta agus lucht gnó le saothar OGMP chun caighdeáin agus modheolaíochtaí a fhorbairt. Is é Creat OGMP 2.0 an chéim is déanaí de chaighdeán astaíochtaí meatáin dinimiciúil, agus is féidir bonn oiriúnach a sholáthar leis do chaighdeáin astaíochtaí meatáin, bunaithe ar ghnásanna eolaíochta fónta.

(24)Ina fhianaise sin, ní mór tomhas agus cáilíocht na sonraí tuairiscithe ar astaíochtaí meatáin a fheabhsú, lena n‑áirítear faoi na príomhfhoinsí astaíochtaí meatáin a bhaineann leis an bhfuinneamh a tháirgtear agus a ídítear laistigh den Aontas. Thairis sin, ba cheart go n‑áiritheofaí infhaighteacht na sonraí ar leibhéal foinse agus cainníochtú láidir ar astaíochtaí, agus iontaofacht an tuairiscithe a mhéadú dá réir chomh maith le méadú ar an raon feidhme le haghaidh bearta maolaithe iomchuí.

(25)Ar mhaithe le héifeachtacht an tomhais agus an tuairiscithe, ba cheart go n‑éileofaí ar chuideachtaí ola agus gáis astaíochtaí meatáin a thomhas agus a thuairisciú de réir foinse, agus sonraí comhbhailithe a chur ar fáil do na Ballstáit chun go mbeadh na Ballstáit in ann cruinneas a dtuairiscithe fardal a fheabhsú. Ina theannta sin, is riachtanas é fíorú éifeachtach a chur i gcrích ar shonraí tuairiscithe cuideachtaí agus, chun an t‑ualach riaracháin d’oibreoirí a íoslaghdú, ba cheart go n‑eagrófaí an tuairisciú ar bhonn bliantúil.

(26)Cuireann an Rialachán seo le Creat OGMP 2.0 a mhéid a shásaíonn sé na critéir dá dtagraítear in Aithrisí 24 agus 25, chun rannchuidiú le bailiú sonraí iontaofa agus láidre a bheadh mar bhonn leordhóthanach le faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí meatáin agus más gá chun gníomhaíocht bhreise a thógáil chun tuilleadh srianta a chur le hastaíochtaí meatáin.

(27)Tá cúig leibhéal tuairiscithe i gcreat OGMP 2.0. Tosaíonn an tuairisciú ar leibhéal foinse ar leibhéal 3, a mheastar a bheith inchomparáide le leibhéal 3 UNFCCC. Féadtar tosca astaíochta cineálacha a úsáid dá bharr. Éilíonn tuairisciú ar leibhéal 4 de OGMP 2.0 go ndéantar tomhais dhíreacha ar astaíochtaí meatáin ar leibhéal foinse. Féadtar tosca astaíochta sonracha a úsáid dá bharr. Éilíonn tuairisciú ar leibhéal 5 de OGMP 2.0 go gcuirtear tomhais chomhlántacha ag leibhéal láithreáin leis. Ina theannta sin, éilíonn creat OGMP 2.0 ar chuideachtaí tomhais dhíreacha ar astaíochtaí meatáin a thuairisciú laistigh de 3 bliana ó pháirt a ghlacadh in OGMP 2.0 i gcás sócmhainní oibrithe agus laistigh de 5 bliana i gcás sócmhainní neamhoibrithe. Ag cur leis an gcur chuige a glacadh in OGMP 2.0 maidir le tuairisciú ar leibhéal foinse, agus an líon mór cuideachtaí san Aontas atá tar éis clárú le OGMP 2.0 in 2021 á chur san áireamh, ba cheart go n‑éileofaí ar oibreoirí an Aontais tomhais dhíreacha ar leibhéal foinse a sholáthar dá n‑astaíochtaí laistigh de 24 mhí i gcás sócmhainní oibrithe agus laistigh de 36 mhí i gcás sócmhainní neamhoibrithe. I dteannta le cainníochtú ar leibhéal foinse, is le cainníochtú ar leibhéal suímh a cheadaítear measúnú, fíorú agus réiteach na meastachán ar leibhéal foinse a chomhiomlánú de réir suímh, agus muinín fheabhsaithe a sholáthar dá réir sin i leith astaíochtaí tuairiscithe. Mar ab amhlaidh i gcás OGMP 2.0, éilíonn an Rialachán seo tomhais ag leibhéal láithreáin chun tomhais ar leibhéal foinse a réiteach.

(28)I gcomhréir le sonraí ó fhardal GCT de chuid an Aontais, tagann níos mó ná leath d’astaíochtaí díreacha uile earnáil an fhuinnimh ó scaoileadh neamhbheartaithe astaíochtaí amach san atmaisféar. I gcás ola agus gáis, is ionann sin agus an cion is mó d’astaíochtaí meatáin.

(29)Is féidir le scaoileadh neamhbheartaithe amach san atmaisféar tarlú le linn druileála, eastóscadh agus le linn próiseála, stórála, tarchur agus dáileadh chuig tomhaltóirí úsáide deiridh. Is féidir leo tarlú freisin i dtoibreacha ola nó gáis neamhghníomhacha. Tagann roinnt astaíochtaí mar thoradh ar lochtanna i gcomhpháirteanna teicniúla, nó ar ghnáthchaitheamh agus gnáthchuimilt comhpháirteanna teicniúla, amhail siúntaí, feirí agus comhlaí, nó ar chomhpháirteanna damáistithe, i gcás tionóiscí mar shampla. Is féidir le creimeadh nó damáiste a bheith ina gcúis le sceití ó bhallaí de threalamh brúchóirithe.

(30)Cé gurb iondúil gur scaoileadh beartaithe a bhíonn i scaoileadh meatáin, ar scaoileadh é a bhíonn mar thoradh ar phróisis nó gníomhaíochtaí agus gairis atá deartha chun na críche sin, is féidir leis a bheith neamhbheartaithe freisin, mar is amhlaidh a bhíonn i gcás mífheidhme.

(31)Chun na hastaíochtaí sin a laghdú, ba cheart d’oibreoirí gach beart atá ar fáil dóibh a dhéanamh chun astaíochtaí meatáin a íoslaghdú ina gcuid oibríochtaí.

(32)Ar dhóigh níos sonraí, is é an chaoi is minice a laghdaítear astaíochtaí meatáin ó sceití ná trí shuirbhéanna braite agus deisithe sceití (suirbhéanna LDAR) a dhéantar chun sceití a shainaithint agus iad a dheisiú ina dhiaidh sin. Dá bhrí sin, ba cheart d’oibreoirí suirbhéanna LDAR a dhéanamh go tréimhsiúil ar a laghad agus ba cheart a chumhdach leo sin freisin suirbhéanna ar chomhpháirteanna a scaoileann meatán féachaint an bhfuil meatán á scaoileadh go neamhbheartaithe.

(33)Chun na críche sin, ba cheart cur chuige comhchuibhithe a chur ar bun chun a áirithiú go mbeidh cothrom na Féinne ann do na hoibreoirí uile san Aontas. Ba cheart íoscheanglais le haghaidh suirbhéanna LDAR a chur san áireamh sa chur chuige sin ach méid leordhóthanach solúbthachta a bheith ann freisin do na Ballstáit agus d’oibreoirí. Tá sé sin fíor‑riachtanach chun go mbeidh an nuálaíocht ann agus go bhforbrófar teicneolaíochtaí agus modhanna nua LDAR, agus an gaibhniú teicneolaíochta a rachadh chun aimhleas na cosanta comhshaoil a chosc dá réir. Bíonn teicneolaíochtaí nua agus modhanna nua braite ag teacht chun cinn an t‑am ar fad agus ba cheart do na Ballstáit an nuálaíocht san earnáil sin a spreagadh ionas go bhféadfar na modhanna is beaichte agus is costéifeachtaí a ghlacadh.

(34)Ba cheart roinnt dea‑chleachtas a bheith le sonrú in oibleagáidí maidir le suirbhéanna LDAR. Ba cheart suirbhéanna LDAR a dhíriú go príomha ar sceití a aimsiú agus a dheisiú seachas ar a gcainníochtú, agus ba cheart seiceáil a dhéanamh níos minice ar limistéir a bhfuil riosca níos airde sceití iontu; ní faoi threoir an ghá le deisiú a dhéanamh ar chomhpháirteanna a bhfuil meatán ag sceitheadh uathu os cionn na tairsí astaíochta meatáin amháin ba cheart minicíocht na suirbhéanna a shocrú ach faoi threoir dálaí oibríochtúla freisin, agus rioscaí sábháilteachta á gcur san áireamh. Dá bhrí sin, ba cheart ligean do na húdaráis inniúla suirbhéanna níos minice a mholadh le haghaidh na gcomhpháirteanna ábhartha i gcás ina sainaithnítear go bhfuil riosca níos airde don tsábháilteacht nó do chaillteanais mheatáin ann; ba cheart gach sceitheadh, gan beann ar a mhéid, a thaifeadadh agus faireachán a dhéanamh air, ós féidir le sceití beaga a bheith ina sceití móra thar am; tar éis sceití a dheisiú, ba cheart a dheimhniú go raibh an deisiúchán sin éifeachtach; ionas go bhféadfar úsáid a bhaint amach anseo as ardteicneolaíochtaí braite astaíochtaí meatáin, ba cheart a shonrú cén t‑íosmhéid caillteanais mheatáin is gá a bheith ann chun go mbeidh údar lena dheisiú, ach rogha an ghairis braite a fhágáil faoi na hoibreoirí. I gcás inarb iomchuí, féadfar faireachán leanúnach a dhéanamh i gcomhthéacs an Rialacháin seo.

(35)Is é atá i scaoileadh an scaoileadh de mheatán neamhdhóite isteach san atmaisféar cibé acu go beartaithe trí phróisis, gníomhaíochtaí nó gairis atá saindeartha lena aghaidh, nó go neamhbheartaithe i gcás mífheidhme. I bhfianaise a mhéad atá iarmhairt astaíochtaí GCT, ba cheart scaoileadh a thoirmeasc ach amháin i gcásanna éigeandála, mífheidhme nó le linn teagmhais shonracha nach féidir roinnt scaoileadh a sheachaint iontu.

(36)Is é atá i mbladhmadh an dóchán rialaithe meatáin chun críche diúscartha i ngaireas saindeartha don dóchán sin. Meastar gur gnáthbhladhmadh atá ann má dhéantar é le linn gnáth‑tháirgeadh ola nó gáis iontaise agus cheal áiseanna leordhóthanacha nó geolaíocht oiriúnach chun meatán a athinstealladh, a úsáid ar an láthair nó a sheoladh chuig margadh. Ba cheart an gnáthbhladhmadh a thoirmeasc. Níor cheart bladhmadh a bheith incheadaithe ach amháin i gcás nach bhfuil an dara rogha ann ach é a scaoileadh agus i gcás nach bhfuil cosc ar an scaoileadh féin. Tá an scaoileadh níos díobhálaí don chomhshaol ná an bladhmadh toisc go mbíonn leibhéil arda meatáin de ghnáth sa ghás a scaoiltear, ach déanann an bladhmadh an meatán a ocsaídiú ina dhé‑ocsaíd charbóin.

(37)Chun an bladhmadh a úsáid de rogha ar an scaoileadh caithfidh na feistí bladhmtha a dhónn an meatán a bheith éifeachtúil. Ar an gcúis sin, ba cheart ceanglas maidir le héifeachtúlacht dócháin a chur san áireamh freisin le haghaidh na gcásanna ina bhfuil an bladhmadh inghlactha. Ba cheart a cheangal freisin go n‑úsáidfear bladhmlastóirí, ar féidir a adhaint ar bhonn níos iontaofa toisc nach ndéanann an ghaoth difríocht dóibh.

(38)B’fhearr i gcónaí an meatán a athinstealladh, a úsáid ar an láthair nó a sheoladh chuig margadh seachas é a bhladhmadh agus a scaoileadh dá réir. Ba cheart d’oibreoirí a scaoileann meatán cruthúnas a sholáthar do na húdaráis inniúla nach raibh sé indéanta an meatán a athinstealladh, a úsáid ar an láthair, a sheoladh chuig margadh ná é a bhladhmadh, agus ba cheart d’oibreoirí a bhladhmann meatán cruthúnas a sholáthar do na húdaráis inniúla nach raibh sé indéanta an meatán a athinstealladh, a úsáid ar an láthair ná é a sheoladh chuig margadh.

(39)Ba cheart d’oibreoirí fógra a thabhairt gan mhoill do na húdaráis inniúla faoi theagmhais mhóra scaoilte agus bladhmtha agus tuarascálacha níos cuimsithí maidir le gach teagmhas scaoilte agus bladhmtha a chur faoina mbráid. Ba cheart dóibh a áirithiú freisin go gcomhlíonann trealamh agus feistí na caighdeáin a leagtar síos i ndlí an Aontais.

(40)Gabhann rioscaí sláinte poiblí, sábháilteachta agus comhshaoil le hastaíochtaí meatáin as toibreacha neamhghníomhacha ola agus gáis. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag oibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe go fóill agus ba cheart na toibreacha agus láithreáin na dtoibreacha a athshlánú agus a leigheas. Ba cheart príomhról a bheith ag na Ballstáit sna cásanna sin, go háirithe chun fardail agus pleananna maolaithe a bhunú.

(41)Léiríonn sonraí as fardal GCT de chuid an Aontais gurb é an fhoinse aonair astaíochtaí meatáin is mó in earnáil fuinnimh an Aontais é an méid astaíochtaí meatáin as mianaigh ghuail. Bhain 31 % d’astaíochtaí meatáin in 2019 le hastaíochtaí díreacha ó earnáil an ghuail, méid arbh ionann nach mór é agus céatadán na n‑astaíochtaí díreacha meatáin as gás agus ola iontaise le chéile, a bhí ag 33 %.

(42)Faoi láthair, níl aon rialachán sonrach ann ar fud an Aontais a chuirfeadh teorainn le hastaíochtaí meatáin ó earnáil an ghuail d’ainneoin réimse leathan teicneolaíochtaí maolaithe a bheith ar fáil. Níl aon chaighdeán Aontais ná idirnáisiúnta faireacháin, tuairiscithe ná fíoraithe ann a bhaineann go sonrach leis an ngual. San Aontas, is cuid den tuairisciú a dhéanann na Ballstáit ar astaíochtaí GCT é an tuairisciú ar astaíochtaí meatáin ó thionscal an ghuail, agus cuirtear sonraí maidir le mianaigh faoi thalamh san áireamh freisin sa Chlár Eorpach ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán a bhunaítear le Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 23 .

(43)Baineann astaíochtaí meatáin go príomha le gníomhaíochtaí mianadóireachta faoi thalamh, i mianaigh ghníomhacha agus thréigthe araon 24 . I mianaigh ghníomhacha faoi thalamh, rialaítear an tiúchan meatáin san aer go leanúnach mar is guais sláinte agus sábháilteachta é. I gcás mianaigh ghuail faoi thalamh, tarlaíonn an chuid is mó ar fad d’astaíochtaí meatáin trí na córais aerála agus draenála nó díghásúcháin, arb iad an dá phríomhbhealach iad chun tiúchain mheatáin a laghdú sna pasáistí aeir i mianach.

(44)Tar éis deireadh a bheith curtha le táirgeadh agus mianach a dhúnadh, leanann sé air de bheith ag scaoileadh meatáin, rud ar a dtugtar meatán mianaigh thréigthe (AMM). Tarlaíonn na hastaíochtaí sin go tipiciúil ag poncfhoinsí dea‑shainithe amhail seaftaí aerála nó gaothairí faoisimh brú. De réir mar a mhéadaíonn ar an uaillmhian i leith na haeráide agus a aistrítear an táirgeadh fuinnimh chuig foinsí fuinnimh ar lú a lorg carbóin, is dócha go dtiocfaidh astaíochtaí AMM san Aontais in airde. Meastar go leanann meatán de bheith á scaoileadh as mianaigh nach bhfuil faoi uisce fiú 10 mbliana tar éis deireadh a bheith curtha le mianadóireacht iontu agus ar leibhéil atá chomh hard le 40 % de na hastaíochtaí a taifeadadh tráth a ndúnta 25 . Thairis sin, tá an chóir a thugtar do AMM ilroinnte i gcónaí toisc mianaigh a bheith faoi úinéireacht éagsúil agus mar gheall ar chearta saothraithe difriúla ar fud an Aontais. Ba cheart do na Ballstáit fardail de shócmhainní dúnta agus tréigthe guail a bhunú dá bhrí sin agus ba cheart a cheangal orthusan nó ar an bpáirtí a aithnítear a bheith freagrach feistí a shuiteáil chun astaíochtaí meatáin a thomhas.

(45)Táirgtear lignít i mianaigh ghuail dhromchla atá ag oibriú san Aontas agus astaítear níos lú meatán astusan ná as mianaigh ghuail faoi thalamh. De réir fhardal GCT de chuid an Aontais, in 2019 astaíodh 166 chileathonna meatáin as mianaigh dhromchla a bhí ag oibriú i gcomparáid le 828 gcileathonna as mianaigh ghuail faoi thalamh 26 . Tá sé dúshlánach astaíochtaí meatáin as mianaigh ghuail dhromchla a thomhas toisc go n‑idirleathnaíonn siad amach thar limistéar fairsing. Dá bhrí sin, agus d’ainneoin an teicneolaíocht a bheith ar fáil lena aghaidh 27 , is annamh a thomhaistear astaíochtaí as mianaigh dhromchla. Is féidir astaíochtaí meatáin as mianaigh dhromchla a dhíorthú ag úsáid fachtóirí astaíochta guail a bhaineann go sonrach leis an imchuach 28 agus, le tuilleadh beachtais, ag úsáid fachtóirí astaíochta a bhaineann go sonrach leis an mianach nó leis an bhfosú ós rud é go bhfuil fosuithe éagsúla in imchuacha guail ar féidir leo méideanna éagsúla meatáin a iompar 29 . Is féidir fachtóirí astaíochta a dhíorthú ón méid gáis a thomhaistear sna síoga a shampláiltear le croíleacáin as poill tóraíochta taiscéalaíochta 30 . Dá bhrí sin, ba cheart d’oibreoirí astaíochtaí meatáin i mianaigh ghuail dhromchla a thomhas ag úsáid na bhfachtóirí astaíochta sin.

(46)Ba cheart d’oibreoirí mianaigh dá bhrí sin astaíochtaí meatáin as seaftaí aerála i mianaigh ghuail faoi thalamh a thomhas agus a chainníochtú go leanúnach, meatán scaoilte agus bladhmtha i stáisiúin draenála a thomhas go leanúnach agus fachtóirí astaíochta sonracha a úsáid a mhéid a bhaineann le mianaigh ghuail dhromchla. Ba cheart dóibh na sonraí sin a thuairisciú do na húdaráis inniúla.

(47)Faoi láthair, is i mianaigh ghuail faoi thalamh atá ag oibriú nó atá dúnta nó tréigthe is fearr is féidir astaíochtaí meatáin a mhaolú. Tá maolú éifeachtach ar astaíochtaí meatáin as mianaigh dhromchla atá ag oibriú nó atá dúnta nó tréigthe teoranta faoi láthair ag an teicneolaíocht. Chun tacú le taighde agus forbairt a dhéanamh ar theicneolaíochtaí chun na hastaíochtaí sin a mhaolú amach anseo, áfach, ba cheart faireachán, tuairisciú agus fíorú a bheith á ndéanamh ar scála na n‑astaíochtaí sin ar bhealach éifeachtach mionsonraithe.

(48)Is mianaigh ghalghuail nó mianaigh ghuail chóic iad mianaigh faoi thalamh. Is mar fhoinse fuinnimh go príomha a úsáidtear galghual agus is mar bhreosla agus imoibreán sa phróiseas déanta cruach a úsáidtear gual cóic. Ba cheart mianaigh ghuail chóic agus ghalghuail araon a bheith faoi réir faireachán, tuairisciú agus fíorú ar astaíochtaí meatáin.

(49)I gcás mianaigh faoi thalamh atá ag oibriú, ba cheart maolú ar astaíochtaí meatáin a chur chun feidhme trí dheireadh a chur de réir a chéile le scaoileadh agus bladhmadh. I gcás mianaigh faoi thalamh atá dúnta nó tréigthe, cé gur féidir astaíochtaí meatáin a chosc tríd an mianach a thuile le huisce ní rud é a dhéantar go córasach agus tá rioscaí comhshaoil ag baint leis. Ba cheart deireadh a chur le scaoileadh agus bladhmadh de réir a chéile sna mianaigh sin freisin. Ó tharla go bhfágann srianta geolaíocha agus cúrsaí comhshaoil nach bhfuil an cur chuige céanna i leith maolú ar astaíochtaí meatáin oiriúnach do gach mianach tréigthe faoi thalamh 31 , ba cheart do na Ballstáit a bplean maolaithe féin a bhunú agus na srianta sin agus indéantacht theicniúil mhaolú AMM á gcur san áireamh.

(50)Tar éis togra ón gCoimisiún, an 28 Meitheamh 2021, ghlac an Chomhairle an bunús dlí nua don Chiste Taighde um Ghual agus Cruach 32 a chumhdaíonn tacaíocht don taighde agus don nuálaíocht chun cuspóir na mianach guail a bhíodh ag oibriú roimhe seo nó atá i bpróiseas a ndúnta a athrú agus chun cuspóir an bhonneagair ghaolmhair a athrú i gcomhréir leis an gcuspóir foriomlán imeacht ó úsáid an ghuail agus leis an Sásra um Aistriú Cóir. Sa chomhthéacs sin, beidh sé ar cheann de phríomhchuspóirí chlár nua an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach do na blianta atá le teacht íoslaghdú a dhéanamh ar thionchair chomhshaoil na mianach guail i mbun aistriú, go háirithe i ndáil le hastaíochtaí meatáin.

(51)Braitheann an tAontas ar allmhairí le haghaidh 70 % dá thomhaltas guail, 97 % dá thomhaltas ola agus 90 % dá thomhaltas gáis iontaise. Ní heol go beacht méid, tionscnamh ná cineál na n‑astaíochtaí meatáin a bhaineann leis an bhfuinneamh iontaise a ídítear san Aontais ach a tharlaíonn i dtríú tíortha.

(52)Is iarmhairtí trasteorann iad na hiarmhairtí téimh dhomhanda arb iad astaíochtaí meatáin is cúis leo. Cé go bhfuil roinnt tíortha a tháirgeann fuinneamh iontaise ag tosú ag gníomhú sa chríoch baile chun laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí meatáin ina n‑earnálacha fuinnimh, is iomaí onnmhaireoir nach bhfuil faoi réir aon rialachán ina mhargadh intíre féin. Tá dreasachtaí soiléire ag teastáil ó oibreoirí den sórt sin chun go ndéanfaidh siad beart i leith a gcuid astaíochtaí meatáin, mar sin ba cheart faisnéis thrédhearcach faoi astaíochtaí meatáin a chur ar fáil do na margaí.

(53)Tá méid teoranta sonraí cruinne (Leibhéal 3 de Chreat‑Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide nó a chomhionann) ann faoi láthair maidir le hastaíochtaí meatáin idirnáisiúnta. Tá go leor tíortha onnmhairiúcháin iontaise ann nár chuir sonraí fardail iomlána faoi bhráid Creat‑Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide go fóill. An tráth céanna, tá fianaise ann go bhfuil méaduithe móra tagtha ar astaíochtaí meatáin as táirgeadh ola agus gáis go domhanda ó 65 go 80 Mt/bliain le 20 bliain anuas 33 .

(54)Mar a fógraíodh sa Teachtaireacht maidir le Straitéis an Aontais um Meatán 34 , tá an tAontas tiomanta do bheith ag obair i gcomhar lena chomhpháirtithe fuinnimh agus le príomhthíortha eile onnmhairiúcháin fuinnimh iontaise chun dul i ngleic le hastaíochtaí meatáin ar fud an domhain. Tá torthaí tábhachtacha ann cheana de bharr taidhleoireacht fuinnimh maidir le hastaíochtaí meatáin. I mí Mheán Fómhair 2021 d’fhógair an tAontas agus na Stáit Aontaithe an Gealltanas Meatáin Dhomhanda, ar gealltanas polaitiúil é chun astaíochtaí domhanda meatáin a laghdú 30 % faoi 2030 (ó leibhéil 2020), a seoladh ag Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP 26) i mí na Samhna 2021 i nGlaschú. Tá a dtacaíocht geallta ag níos mó ná céad tír, a chuimsíonn nach mór leath de na hastaíochtaí meatáin antrapaigineacha ar domhan. San áireamh sa Ghealltanas Meatáin Dhomhanda tá gealltanas go mbogfar i dtreo na modheolaíochtaí fardail is fearr atá ar fáil a úsáid chun astaíochtaí meatáin a chainníochtú, agus tá fócas ar leith ann ar fhoinsí astaíochtaí arda.

(55)Thairis sin, beidh ról tábhachtach ceannasach ag an bhFaireachlann Idirnáisiúnta um Astaíochtaí Meatáin (IMEO) chun trédhearcacht a mhéadú maidir le hastaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh go domhanda. Sholáthair an Chomhairle tacaíocht do bhunú IMEO ina conclúidí ó mhí Eanáir 2021 maidir le Taidhleoireacht Aeráide agus Fuinnimh 35 .

(56)Oibreoidh an Coimisiún le IMEO chun ‘Inneacs Soláthair Mheatáin’ a chur ar bun, dá dtagraítear go sainráite sa Teachtaireacht maidir le Straitéis an Aontais um Meatán 36 . Sholáthródh sé sonraí faoi astaíochtaí meatáin ó fhoinsí éagsúla fuinnimh iontaise timpeall an domhain – lena n‑áirítear sonraí ó mheastacháin agus ó thomhais ar leibhéal na foinse féin agus ón bhfaireachán aeir/satailíte – agus, dá réir sin, chuirfí ar a gcumas dóibh siúd a cheannaíonn fuinneamh iontaise cinntí feasacha ceannaigh a dhéanamh ar bhonn astaíochtaí meatáin na bhfoinsí fuinnimh iontaise.

(57)I gcomhthráth leis an obair rathúil thaidhleoireachta a leanfar léi chun gealltanais dhomhanda den sórt sin a bhaint amach, tá an tAontas ag spreagadh laghdú suntasach ar astaíochtaí meatáin ar fud an domhain, agus go háirithe sna tíortha a sholáthraíonn fuinneamh iontaise don Aontas.

(58)Dá bhrí sin, ba cheart a cheangal ar allmhaireoirí fuinnimh iontaise chuig an Aontas faisnéis a sholáthar do na Ballstáit faoi bhearta a bhaineann le tomhas, tuairisciú agus maolú astaíochtaí meatáin arna ndéanamh ag onnmhaireoirí, go háirithe bearta rialála nó deonacha a chuirtear i bhfeidhm chun a gcuid astaíochtaí meatáin a rialú, lena n‑áirítear bearta amhail suirbhéanna braite agus deisithe sceití nó bearta chun scaoileadh agus bladhmadh meatáin a rialú agus a shrianadh. Comhfhreagraíonn na leibhéil tomhais agus tuairiscithe a leagtar amach sna ceanglais faisnéise a chuirtear i bhfeidhm maidir le hallmhaireoirí do na cinn a bheith le ceangal ar oibreoirí de chuid an Aontais sa Rialachán seo, mar a leagtar amach in Aithrisí 24 go 26 agus 46. Ní mó an t‑anró a bhaineann leis an bhfaisnéis faoi bhearta chun astaíochtaí meatáin a rialú ná a bhaineann lena gceanglaítear ar oibreoirí de chuid an Aontais.

(59)Ba cheart do na Ballstáit an fhaisnéis sin a chur in iúl don Choimisiún. Ar bhonn na faisnéise sin, ba cheart don Aontas bunachar sonraí trédhearcachta le haghaidh allmhairí fuinnimh iontaise san Aontas a chur ar bun agus a bhainistiú, ina mionsonrófar cibé atá nó nach bhfuil na cuideachtaí onmhairiúcháin tar éis clárú leis an gComhpháirtíocht um Meatán Ola agus Gáis (OGMP) le haghaidh cuideachtaí ola agus gáis agus, a mhéid a bheidh sé curtha ar bun, caighdeán comhionann do chuideachtaí guail lena ngabhann aitheantas idirnáisiúnta nó Aontais. Ba cheart faisnéis den sórt sin a bheith ina léiriú ar a mhéid atá na cuideachtaí i dtíortha onnmhairiúcháin tiomanta do bheith ag tomhas agus ag tuairisciú a gcuid astaíochtaí meatáin agus dá bhfíorú de réir mhodhanna tuairiscithe leibhéal 3 de UNFCCC. Bheadh bunachar sonraí trédhearcachta den sórt sin ina fhoinse faisnéise dóibh siúd a allmhairíonn fuinneamh iontaise isteach san Aontas chun cinntí ceannaigh a dhéanamh agus do pháirtithe leasmhara eile agus don phobal. Ba cheart a léiriú sa bhunachar sonraí trédhearcachta freisin na hiarrachtaí a dhéanann cuideachtaí san Aontas agus cuideachtaí a onnmhairíonn fuinneamh iontaise chuig an Aontas a n‑astaíochtaí meatáin a thomhas, a thuairisciú agus a laghdú. Ba cheart faisnéis a áireamh ann freisin maidir leis na gníomhaíochtaí rialála tomhais, tuairiscithe agus maolaithe a dhéanann tíortha a tháirgeann fuinneamh iontaise.

(60)Ina theannta sin, ba cheart don Aontas uirlis faireacháin ar astaírí meatáin ar fud an domhain a chur i bhfeidhm a sholáthróidh faisnéis faoina mhéad atá foinsí ardastaíochta meatáin, faoina n‑atarlú agus faoin áit a bhfuil siad. Leis an uirlis sin, ba cheart tuilleadh fíorthorthaí inléirithe a spreagadh ar chur chun feidhme rialachán meatáin agus ar ghníomhaíochtaí maolaithe éifeachtacha a dhéanann cuideachtaí san Aontas agus cuideachtaí a sholáthraíonn fuinneamh iontaise don Aontas. Ba cheart sonraí a chomhthiomsú leis an uirlis sin ó roinnt soláthraithe deimhnithe sonraí agus ó roinnt seirbhísí, lena n‑áirítear comhchuid Copernicus Chlár Spáis an Aontais agus IMEO. Leis an uirlis, ba cheart bonn eolais a chur faoi idirphlé déthaobhach an Choimisiúin leis na tíortha lena mbaineann chun plé a dhéanamh ar na cásanna éagsúla ina bhfuiltear ag brath beartais agus bearta i leith astaíochtaí meatáin a dhéanamh.

(61)Ba cheart an trédhearcacht le haghaidh ceannaitheoirí a fheabhsú trí bhíthin na mbeart, i dteannta a chéile, dá dtagraítear in Aithrisí 58 go 60, rud a chuirfidh ar a gcumas dóibh cinntí foinsithe a bhfuil bonn eolais fúthu a dhéanamh agus a mhéadóidh ar an bhféidearthacht go nglacfar réitigh maolaithe meatáin ar bhonn níos forleithne ar fud an domhain. Ina theannta sin, ba cheart dóibh cuideachtaí idirnáisiúnta a dhreasú a thuilleadh chun clárú le caighdeáin idirnáisiúnta tomhais agus tuairiscithe ar mheatán amhail OGMP nó chun bearta éifeachtacha tomhais, tuairiscithe agus maolaithe a ghlacadh. Tá na bearta sin ceaptha a bheith ina mbonn le cur chuige céim ar chéim chun déine na mbeart is infheidhme maidir le hallmhairí a mhéadú. Ba cheart an chumhacht a bheith ag an gCoimisiúin dá bhrí sin ceanglais tuairiscithe allmhaireoirí a leasú nó cur leo. Thairis sin, ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na mbeart sin agus, má mheasann sé é a bheith iomchuí, tograí a chur isteach lena n‑athbhreithniú chun bearta níos déine a fhorchur ar allmhaireoirí agus chun leibhéal éifeachtachta inchomparáide a áirithiú i dtaca le bearta is infheidhme i dtríú tíortha chun faireachán, tuairisciú, fíorú agus maolú a dhéanamh ar astaíochtaí meatáin. Ba cheart an obair arna déanamh ag IMEO a chur san áireamh sa mheastóireacht, lena n‑áirítear an tInnéacs Soláthair Meatáin, an bunachar sonraí trédhearcachta agus an uirlis faireacháin ar astaírí meatáin ar fud an domhain. Má shuíonn an Coimisiún gurb iomchuí é na bearta is infheidhme maidir le hallmhaireoirí a dhéanamh níos déine, tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear dul i gcomhairle le tríú tíortha ábhartha.

(62)Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ngearrfar pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha i leith sáruithe ar an Rialachán seo, a bhféadfaí a áireamh leo fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla, agus go nglacfar na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ionas go mbeidh éifeacht shuntasach díspreagtha ag pionóis, ba cheart dóibh a bheith leordhóthanach i dtaca leis an gcineál sáraithe, i dtaca leis an mbuntáiste a d’fhéadfadh a bheith ann don oibreoir agus i dtaca le cineál agus tromchúis an damáiste comhshaoil. Agus pionóis á ngearradh, ba cheart aird chuí a thabhairt ar chineál, ar thromchúis agus ar fhad an tsáraithe atá i gceist. Ba cheart pionóis a ghearradh atá comhréireach agus a chomhlíonann dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta, lena n‑áirítear bearta coimirce nós imeachta is infheidhme agus prionsabail na Cairte um Chearta Bunúsacha.

(63)Chun comhsheasmhacht níos fearr a áirithiú, ba cheart liosta de na cineálacha sáraithe ba cheart a bheith faoi réir pionós a leagan amach. Chun éascaíocht a dhéanamh do chur i bhfeidhm pionós ar bhealach níos comhsheasmhaí, ba cheart gnáthchritéir tháscacha neamh‑uileghabhálacha le haghaidh cur i bhfeidhm pionós a leagan amach. Ba cheart éifeacht díspreagtha pionós a atreisiú tríd an bhféidearthacht go bhfoilseofaí an fhaisnéis a bhaineann leis na pionóis arna ngearradh ag na Ballstáit, i gcomhréir leis na ceanglais cosanta sonraí a leagtar amach i Rialacháin (AE) 2016/679 37 agus (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 38 .

(64)De thoradh na bhforálacha lena gceanglaítear go gcuirfear infheistíochtaí arna ndéanamh ag oibreoirí rialáilte san áireamh agus taraifí á socrú, ba cheart Rialachán (AE) 2019/942 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 39 a leasú chun é a chur ar iontaoibh ACER tacar táscairí agus luachanna tagartha a chur ar fáil go poiblí le comparáid a dhéanamh idir na costais aonaid infheistíochta a bhaineann le hastaíochtaí meatáin a thomhas, a thuairisciú agus a laghdú le haghaidh tionscadail inchomparáide.

(65)Chun gnéithe den phróiseas ina gcuirfear deireadh de réir a chéile le scaoileadh agus bladhmadh i mianaigh ghuail chóic a shainiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a chomhlánú trí shrianta a leagan amach le haghaidh mianaigh ghuail chóic maidir le scaoileadh meatáin as seaftaí aerála. Ina theannta sin, chun go gceanglófar ar allmhaireoirí tuilleadh faisnéise a sholáthar, de réir mar a chruthaítear gá a bheith leis, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a chomhlánú trína bheith ag leasú nó ag cur leis an bhfaisnéis atá le soláthar ag allmhaireoirí. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(66)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme a chinntiú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún ar mhaithe le rialacha mionsonraithe a ghlacadh i dtaca le formáidí coiteanna don tuairisciú, i gcomhréir le hAirteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 40 .

(67)Ba cheart tréimhse réasúnach a thabhairt d’oibreoirí, agus do na húdaráis inniúla chun na gníomhaíochtaí ullmhúcháin is gá a dhéanamh ar mhaithe le ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh.

(68)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, is é sin tomhas cruinn, tuairisciú, fíorú agus laghdú ar astaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh a bhaint amach ina n‑aonar agus gur fearr, dá bhrí sin, de bharr a fhairsinge, é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Caibidil 1

Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.    Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha maidir le tomhas, tuairisciú agus fíorú cruinn ar astaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh san Aontas, chomh maith le laghdú ar na hastaíochtaí sin, lena n‑áirítear trí suirbhéanna maidir le sceití a bhrath agus a dheisiú agus coisc ar scaoileadh agus ar bhladhmadh. Leagtar síos leis an Rialachán seo freisin rialacha maidir le huirlisí lena n‑áiritheofar trédhearcacht i dtaca le hastaíochtaí meatáin ó allmhairiú fuinnimh iontaise isteach san Aontas.

2.    Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le:

(a) próiseáil agus taiscéalaíocht réamhtheachtach ola agus gáis iontaise, bailiú agus próiseáil gáis iontaise;

(b) tarchur gáis, dáileadh, stóráil faoi thalamh agus críochfoirt gáis leachtaigh (GNL) á n‑oibriú le meatán iontaise agus/nó in‑athnuaite (bith nó sintéiseach);

(c) mianaigh ghuail faoi thalamh agus dhromchla atá á n‑oibriú, mianaigh ghuail faoi thalamh atá dúnta agus tréigthe.

3.    Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le hastaíochtaí meatáin a tharlaíonn lasmuigh den Aontas i dtaca le ceanglais faisnéise ó allmhaireoirí, maidir leis an mbunachar sonraí trédhearcachta meatáin agus maidir leis an uirlis faireacháin um astaírí meatáin.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)    ciallaíonn ‘astaíochtaí meatáin’ na hastaíochtaí díreacha uile a tharlaíonn ó na comhpháirteanna go léir a d’fhéadfadh a bheith ina bhfoinsí d’astaíochtaí meatáin, cibé acu de thoradh scaoileadh beartaithe nó neamhbheartaithe, dóchán neamhiomlán le bladhmanna nó ó chomhpháirteanna eile agus sceitheadh neamhbheartaithe;

(2)    is é an bhrí a bheidh ag ‘oibreoir córais tarchurtha’ an bhrí a thugtar dó in [Airteagal 2(4) de Threoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 41 ] [le bheith oiriúnaithe amhail an togra athmhúnlaithe leanúnach];

(3)    is é an bhrí a bheidh ag ‘oibreoir córais dáileacháin’ an bhrí a thugtar dó in Airteagal 2(6) de Threoir 2009/73/CE [le bheith oiriúnaithe amhail an togra athmhúnlaithe leanúnach];

(4)    ciallaíonn ‘oibreoir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a oibríonn nó a rialaíonn sócmhainn nó, i gcás ina bhforáiltear amhlaidh sa reachtaíocht náisiúnta, duine dar tarmligeadh dó cumhacht chinntitheach eacnamaíoch ar fheidhmiú teicniúil sócmhainne;

(5)    ciallaíonn ‘oibreoir mianaigh’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a oibríonn nó a rialaíonn mianach guail nó, i gcás ina bhforáiltear amhlaidh sa reachtaíocht náisiúnta, duine dar tarmligeadh dó cumhacht chinntitheach eacnamaíoch ar fheidhmiú teicniúil mianaigh ghuail;

(6)    ciallaíonn ‘fíorú’ na gníomhaíochtaí a dhéanann fíoraitheoir d’fhonn measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht na dtuairiscí arna dtarchur ag na hoibreoirí agus na hoibreoirí mianaigh;

(7)    ciallaíonn ‘fíoraitheoir’ duine dlítheanach atá difriúil leis na húdaráis inniúla arna gceapadh i gcomhréir le hAirteagal 4 den Rialachán seo a thugann faoi na gníomhaíochtaí fíoraithe agus atá creidiúnaithe ag comhlacht creidiúnaithe náisiúnta de bhun Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 nó duine nádúrtha údaraithe thairis sin, gan dochar d’Airteagal 5(2) den Rialachán sin, tráth a eisítear ráiteas fíoraithe;

(8)    ciallaíonn ‘foinse’ comhpháirt nó struchtúr geolaíoch lena scaoiltear meatán isteach san atmaisféar cibé acu go beartaithe nó go neamhbheartaithe, go treallach nó go leanúnach;

(9)    ciallaíonn ‘sócmhainn’ gnó nó aonad oibríochtúil ar féidir é a bheith comhdhéanta de shaoráidí nó láithreáin éagsúla, lena n‑áirítear sócmhainní faoi rialú oibríochtúil an oibreora (sócmhainní oibrithe) agus sócmhainní nach bhfuil faoi rialú oibríochtúil an oibreora (sócmhainní neamhoibrithe);

(10)    ciallaíonn ‘fachtóir astaíochta’ comhéifeacht a chainníochtaíonn na hastaíochtaí nó na haistrithe de ghás in aghaidh an aonaid gníomhaíochta, atá bunaithe go minic ar shampla de shonraí tomhais, meánaithe ar mhaithe le ráta ionadaíoch d’astaíochtaí le haghaidh leibhéal gníomhaíochta ar leith, faoi choinníollacha oibriúcháin ar leith, a fhorbairt;

(11)    ciallaíonn ‘fachtóir astaíochta cineálach’ fachtóir astaíochta caighdeánaithe do gach cineál foinse astaíochtaí a dhíorthaítear ó fhardail nó ó bhunachair sonraí, ach in aon chás gan a bheith fíoraithe trí thomhais dhíreacha;

(12)    ciallaíonn ‘fachtóir astaíochta sonrach’ fachtóir astaíochta a dhíorthaítear ó thomhais dhíreacha;

(13)    ciallaíonn ‘tomhas díreach’ an cainníochtú díreach ar an astaíocht meatáin ag leibhéal foinse le gaireas tomhais meatáin;

(14)    ciallaíonn ‘astaíochtaí meatáin ag leibhéal láithreáin’ gach foinse astaíochtaí laistigh de shócmhainn;

(15)    ciallaíonn ‘tomhas ag leibhéal láithreáin’ tomhas ón mbarr anuas ina mbaintear úsáid go hiondúil as braiteoirí atá suite ar ardán móibíleach, amhail feithiclí, ladrainn, aerárthaí, báid agus satailítí nó modhanna eile chun forbhreathnú foriomlán ar astaíochtaí ar fud láithreáin iomláin a ghabháil;

(16)    ciallaíonn ‘gnóthas’ duine nádúrtha nó dlítheanach a chuireann ceann amháin ar a laghad de na feidhmeanna seo a leanas i gcrích: saothrú, taiscéalaíocht agus táirgeadh ola agus gáis iontaise réamhtheachtach, bailiú agus próiseáil gáis iontaise agus tarchur gáis, dáileadh agus stóráil faoi thalamh, lena n‑áirítear GNL;

(17)    ciallaíonn ‘suirbhé maidir le sceití a bhrath agus a dheisiú’ suirbhé lena sainaithneofar foinsí astaíochtaí meatáin, lena n‑áirítear sceitheadh agus scaoileadh neamhbheartaithe;

(18)    ciallaíonn ‘scaoileadh’ an scaoileadh de mheatán neamhdhóite isteach san atmaisféar cibé acu go beartaithe trí phróisis, gníomhaíochtaí nó gairis atá saindeartha chun na críche sin, nó go neamhbheartaithe i gcás mífheidhme nó srianta geolaíocha;

(19)    ciallaíonn ‘bladhmadh’ dóchán rialaithe meatáin chun críche diúscartha i ngaireas saindeartha don dóchán sin;

(20)    ciallaíonn ‘éigeandáil’ cás sealadach, gan choinne, neamhchoitianta ina mbíonn astaíocht meatáin dosheachanta agus riachtanach chun drochthionchar substaintiúil láithreach ar shábháilteacht dhaonna, sláinte phoiblí, nó an comhshaol a chosc, ach ní áirítear leis cásanna a eascraíonn as na teagmhais a leanas, nó a bhaineann leo:

(a) mainneachtain an oibreora an trealamh iomchuí d’inniúlacht leordhóthanach a shuiteáil don ráta agus brú i dtaca leis an táirgeadh tuartha nó iarbhír;

(b) mainneachtain an oibreora an táirgeadh a theorannú nuair atá an ráta táirgthe níos mó ná inniúlacht an trealaimh ghaolmhair nó an chórais bailiúcháin, ach amháin má tá an rótháirgeacht sin mar thoradh ar éigeandáil iartheachtach, mífheidhmiú, nó deisiúchán neamhsceidealta agus nach maireann níos mó ná 8 n‑uair an chloig ó am an fhógra maidir leis an bhfadhb inniúlachta iartheachtaí;

(c) cothabháil sceidealta;

(d) faillí an oibreora;

(e) mainneachtain arís agus arís eile, is é sin le rá ceithre mhainneachtain nó níos mó laistigh den 30 lá roimhe sin, den phíosa céanna trealaimh;

(21)    ciallaíonn ‘mífheidhmiú’ mainneachtain nó cliseadh tobann dosheachanta de threalamh nach bhfuil faoi smacht réasúnta an oibreora a chuireann isteach go substaintiúil ar oibríochtaí ach nach n‑áirítear leis mainneachtain nó cliseadh atá go hiomlán nó i bpáirt mar thoradh ar chothabháil lag, oibríocht neamhaireach nó mainneachtain nó cliseadh inchoiscthe eile de threalamh:

(22)    ciallaíonn ‘gnáthbhladhmadh’ an gnáth‑tháirgeadh d’ola nó gás iontaise agus i gcás nach bhfuil áiseanna leordhóthanacha ann nó geolaíocht oiriúnach chun meatán a athinstealladh, é a úsáid ar an láithreán, nó é sheoladh chuig margadh;

(23)    ciallaíonn ‘simléar bladhaire’ gaireas atá feistithe le dóire a úsáidtear chun meatán a dhó;

(24)    ciallaíonn ‘tobar neamhghníomhach’ tobar ola nó gáis nó láithreán tobair áit a bhfuil críoch curtha le taiscéalaíocht nó táirgeadh ar feadh bliain amháin ar a laghad;

(25)    ciallaíonn ‘athchóiriú’ an próiseas chun uisce agus ithir éilithe a ghlanadh suas;

(26)    ciallaíonn ‘aisghabháil’ an próiseas chun go mbeadh dálaí ithreach agus fásra ag tobar nó láithreán tobair cosúil leis na coinníollacha a bhí ann sular cuireadh isteach air;

(27)    ciallaíonn ‘mianach guail’ láithreán ina dtarlaíonn nó inar tharla gualmhianadóireacht, lena n‑áirítear tailte, tochailtí, pasáistí faoi thalamh, seaftaí, fánaí, tolláin agus oibriúcháin, struchtúir, áiseanna, trealamh, meaisíní agus uirlisí suite ar an dromchla nó faoi thalamh agus úsáidte le linn na hoibre a bhaineann le lignít, gual fobhiotúmanach, gual biotúmanach, nó antraicít a bhaint óna fosuithe nádúrtha sa talamh ar aon mhodh nó bealach, lena n‑áirítear an obair a bhaineann leis an obair ullmhúcháin ar an ngual ionas go mbainfí é, nó mar thoradh ar an obair sin.

(28)    ciallaíonn ‘mianach guail oibrithe’ mianach guail a dtagann tromlach a ioncaim ó obair a bhaineann le lignít, gual fobhiotúmanach, gual biotúmanach, nó antraicít a bhaint, agus lena mbíonn feidhm ag ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha a leanas:

(a) tá forbairt mianaigh ar siúl.

(b) táirgeadh gual le 90 lá anuas.

(c) tá gaothráin aerála mianaigh ag feidhmiú.

(29)    ciallaíonn ‘mianach guail faoi thalamh’ mianach guail ina dtairgtear an gual trí thollánú isteach sa talamh chuig an gualmhianach, óna mbaintear gual le trealamh mianadóireachta guail faoi thalamh amhail meaisíní gearrtha agus meaisíní mianadóireachta guail leanúnach balla fhada agus balla ghearr, agus ansin a iompraítear chuig an dromchla;

(30)    ciallaíonn ‘mianach dromchla guail’ mianach guail ina luíonn an gual gar don dromchla agus ar féidir é a asbhaint trí na sraitheanna cumhdaigh de charraig agus ithir a thógáil amach;

(31)    ciallaíonn ‘seafta aerála’ pasáiste ingearach a úsáidtear chun aer úr a bhogadh faoi thalamh nó chun meatán agus gáis eile a bhaint ó mhianach guail faoi thalamh;

(32)    ciallaíonn ‘stáisiún draenála’ stáisiún a bhailíonn meatán ó chóras draenála gáis i mianach guail;

(33)    ciallaíonn ‘córas draenála’ córas, ina bhféadfar an iliomad foinsí meatáin a chuimsiú agus a thaoscann gás atá saibhir ó thaobh meatán de ó shíoga guail nó strataim carraige mórthimpeall agus a iompraíonn é chuig stáisiún draenála;

(34)    ciallaíonn ‘gníomhaíochtaí iar‑mhianadóireachta’ gníomhaíochtaí a dhéantar tar éis gual a bhaint agus a thabhairt chuig an dromchla, lena n‑áirítear láimhseáil, próiseáil, stóráil agus iompar guail;

(35)    ciallaíonn ‘tomhas leanúnach’ tomhas nuair a ghlactar an léamh gach nóiméad ar a laghad;

(36)    ciallaíonn ‘meatán san aer aerála’ meatán a astaítear ó shíoga guail agus ó strataim eile gáis agus a théann isteach san aer aerála agus a fholmhaítear ón seafta aerála;

(37)    ciallaíonn ‘fosú guail’ limistéar talún a bhfuil cainníochtaí suntasacha de ghual ar féidir é a bhaint, sainmhínithe de réir mhodheolaíocht na mBallstát faoi conas fosuithe mianraí geolaíochta a dhoiciméadú;

(38)    ciallaíonn ‘mianach guail dúnta’ mianach guail le hoibreoir, úinéir nó ceadúnaí sainaitheanta agus atá dúnta de réir na gceanglas ceadúnais is infheidhme nó rialacháin eile;

(39)    ciallaíonn ‘mianach guail tréigthe’ mianach guail áit nach féidir oibreoir, úinéir nó ceadúnaí a shainaithint, nó nár dúnadh é ar bhealach rialáilte;

(40)    ciallaíonn ‘mianach guail cóic’ mianach guail áit a ndéanann gual cóic ar a laghad 50 % den aschur táirgthe meánaithe do na 3 bliana is deireanaí atá ar fáil mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn B, de Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. 42 ;

(41)    ciallaíonn ‘allmhaireoir’ duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe laistigh den Aontas a chuireann fuinneamh iontaise ó thríú tír ar mhargadh an Aontais i gcúrsa gníomhaíochta tráchtála.

Airteagal 3

Costais d’oibreoirí rialáilte

1.    Le linn comhshocrú nó formheas á dhéanamh ar na taraifí tarchurtha nó dáileacháin, nó ar na modheolaíochtaí atá le húsáid ag oibreoirí córais tarchurtha, oibreoirí córais dáileacháin, oibreoirí críochfort GNL nó comhlachtaí rialáilte eile lena n‑áirítear nuair is infheidhme oibreoirí stórála gáis faoi thalamh, cuirfidh na húdaráis rialála san áireamh na costais a tabhaíodh agus na hinfheistíochtaí a rinneadh chun na hoibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, sa mhéid go bhfreagraíonn siad do chostais oibreora gréasáin atá éifeachtúil agus a bhfuil struchtúr inchomparáide aige.

2.    Gach 3 bliana, bunóidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) tacar táscairí agus luachanna tagartha comhfhreagracha a bhunú agus a chur ar fáil go poiblí le comparáid a dhéanamh idir na costais aonaid infheistíochta a bhaineann le hastaíochtaí meatáin a thomhas, a thuairisciú agus a laghdú le haghaidh tionscadail inchomparáide.

Caibidil 2

Údaráis inniúla agus fíorú neamhspleách

Airteagal 4

Údaráis inniúla

1.    Ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil amháin nó níos mó a bheidh freagrach as faireachán agus forfheidhmiú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir le hainmneacha agus sonraí teagmhála na n‑údarás inniúil laistigh de … [3 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún gan mhoill, faoi aon athruithe ar ainmneacha nó ar shonraí teagmhála na n‑údarás inniúil.

2.    Cuirfidh an Coimisiún liosta na n‑údarás inniúil ar fáil go poiblí agus tabharfaidh siad an liosta sin cothrom le dáta go tráthrialta.

3.    Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cumhachtaí agus acmhainní oiriúnacha ag na húdaráis inniúla chun na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo a fheidhmiú.

Airteagal 5

Cúraimí na n‑údarás inniúil

1.    Glacfaidh na húdaráis inniúla na bearta is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo.

2.    Tabharfaidh oibreoirí agus oibreoirí mianaigh gach cúnamh is gá do na húdaráis inniúla chun cúraimí na n‑údarás inniúil dá dtagraítear sa Rialachán seo a chumasú agus a éascú, go háirithe a mhéid a bhaineann le rochtain ar an áitreabh agus le tíolacadh doiciméad nó taifead.

3.    Oibreoidh na húdaráis inniúla i gcomhar le chéile, leis an gCoimisiún, agus i gcás inar gá, le húdaráis tríú tíortha chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo. Féadfaidh an Coimisiún líonra d’údaráis inniúla a shocrú chun an comhar a chothú, líonra ina leagfar amach na socruithe is gá maidir le faisnéis agus na cleachtais is fearr a mhalartú agus chun gur féidir comhairliúcháin a dhéanamh.

4.    I gcás ina gceanglaítear tuairiscí a chur ar fáil don phobal i gcomhréir leis an Rialachán seo, cuirfidh na húdaráis inniúla iad ar fáil go poiblí saor in aisce, ar shuíomh gréasáin ainmnithe agus fáil a bheith orthu go héasca i bhformáid in‑íoslódáilte agus ineagarthóireachta.

I gcás ina gcoimeádtar faisnéis faoi rún i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir 2003/4/CE, sonróidh na húdaráis inniúla an cineál faisnéise a coinníodh siar agus an chúis leis sin.

Airteagal 6

Cigireachtaí

1.    Déanfaidh na húdaráis inniúla cigireachtaí tréimhsiúla chun comhlíonadh oibreoirí nó oibreoirí mianaigh i dtaca leis na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo a sheiceáil. Críochnófar an chéad chigireacht faoi … [18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

2.    Áireofar sna cigireachtaí, i gcás inarb ábhartha, seiceálacha ar láithreáin nó iniúchtaí allamuigh, scrúdú ar dhoiciméid agus ar thaifid a léiríonn comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo, brathadóireacht ar astaíochtaí meatáin agus tomhais tiúchana agus aon ghníomhaíocht leantach a ghabhann an t‑údarás inniúil de láimh nó a ghabhtar de láimh thar a ceann d’fhonn comhlíonadh láithreán agus saoráidí le ceanglais an Rialacháin seo a sheiceáil agus a chur chun cinn.

I gcás ina bhfuil cigireacht tar éis sárú tromchúiseach ar cheanglais an Rialacháin seo a shainaithint, eiseoidh na húdaráis inniúla fógra maidir le gníomhaíochtaí feabhais a bheidh le déanamh ag an oibreoir nó oibreoir mianaigh, mar chuid den tuarascáil dá dtagraítear i mír 5.

3.    Tar éis na chéad chigireachta dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh na húdaráis inniúla cláir a tharraingt suas le haghaidh gnáthchigireachtaí. Bunófar an tréimhse idir cigireachtaí ar mheasúnacht ar an riosca comhshaoil agus ní mhairfidh sí níos faide ná 2 bhliain. I gcás ina bhfuil cigireacht tar éis sárú tromchúiseach ar cheanglais an Rialacháin seo a shainaithint, tarlóidh an chigireacht ina dhiaidh sin laistigh de bhliain amháin.

4.    Déanfaidh na húdaráis inniúla cigireachtaí neamhrialta:

(a) chun imscrúdú a dhéanamh ar ghearáin a bhfuil bunús leo dá dtagraítear in Airteagal 7 agus ar theagmhais neamhchomhlíonta a luaithe is féidir tar éis an dáta a thagann na húdaráis inniúla ar an eolas faoi na gearáin nó na teagmhais neamhchomhlíonta sin:

(b) chun a áirithiú go ndearnadh deisiúcháin sceite nó athsholáthar ar chomhpháirteanna i gcomhréir le hAirteagal 14.

5.     I ndiaidh gach cigireachta ullmhóidh na húdaráis inniúla tuarascáil ina gcuirfear síos ar bhunús dlí na cigireachta, na céimeanna den nós imeachta a leanadh, na torthaí ábhartha agus moltaí le tuilleadh gníomhaíochtaí ón oibreoir nó oibreoir mianaigh.

Tabharfar fógra maidir leis an tuarascáil don oibreoir lena mbaineann agus cuirfear ar fáil go poiblí í laistigh de 2 mhí ó dháta na cigireachta. I gcás inar ghearán a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 7 ba shiocair leis an tuarascáil, tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra don ghearánach nuair a bheidh an tuarascáil ar fáil go poiblí.

Cuirfidh na húdaráis inniúla an tuarascáil ar fáil go poiblí i gcomhréir le Treoir 2003/4/CE. I gcás ina gcoimeádtar faisnéis faoi rún i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir 2003/4/CE, sonróidh na húdaráis inniúla sa tuarascáil an cineál faisnéise a coimeádadh siar agus an chúis leis sin.

6.    Déanfaidh oibreoirí agus oibreoirí mianaigh na gníomhaíochtaí uile is gá a leagtar amach sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 5 laistigh den tréimhse arna cinneadh ag na húdaráis inniúla nó aon tréimhse eile arna comhaontú leis na húdaráis inniúla.

Airteagal 7

Gearáin taiscthe leis na húdaráis inniúla

1.    Féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach a mheasann gur fhulaing sé díobháil mar thoradh ar shárú ar cheanglais an Rialacháin seo ag oibreoirí nó oibreoirí mianaigh, gearán i scríbhinn a thaisceadh leis na húdaráis inniúla.

2.    Beidh bunús iomchuí leis na gearáin agus dóthain fianaise iontu faoin sárú líomhnaithe agus an díobháil a eascraíonn uaidh.

3.    I gcás inar léir nach dtugtar dóthain fianaise leis an ngearán chun údar a thabhairt le himscrúdú a thionscnamh, cuirfidh na húdaráis inniúla an gearánach ar an eolas maidir leis na cúiseanna a bhain lena gcinneadh gan imscrúdú a thionscnamh.

4.    Gan dochar do na rialacha is infheidhme de bhun dlí náisiúnta, coinneoidh na húdaráis inniúla an gearánach ar an eolas faoi na céimeanna a glacadh sa nós imeachta agus, i gcás inarb infheidhme, cuirfear ar an eolas iad faoi fhoirmeacha eile sásaimh, amhail leas a bhaint as cúirteanna náisiúnta nó aon nós imeachta eile náisiúnta nó idirnáisiúnta iomchuí.

5.    Gan dochar do na rialacha is infheidhme de bhun dlí náisiúnta agus ar bhonn nósanna inchomparáide, bunóidh na húdaráis náisiúnta tréimhsí táscacha chun cinneadh a ghlacadh maidir le gearáin agus cuirfidh siad ar fáil go poiblí iad.

Airteagal 8

Gníomhaíochtaí fíoraithe agus ráiteas fíoraithe

1.    Measfaidh fíoraitheoirí comhréireacht na dtuarascálacha astaíochtaí a chuirfidh oibreoirí nó oibreoirí mianaigh faoina mbráid i gcomhréir leis an Rialachán seo. Measfaidh siad comhréireacht na dtuarascálacha leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo agus déanfaidh siad athbhreithniú ar na foinsí sonraí agus modheolaíochtaí a úsáidfear d’fhonn a n‑iontaofacht, a gcreidiúnacht agus a gcruinneas a mheas, go háirithe na pointí seo a leanas:

(a) rogha agus úsáid na bhfachtóirí astaíochta;

(b) na modheolaíochtaí, na ríomhanna, na samplálacha, na dáiltí staidrimh agus na leibhéil ábharthachta mar bhonn le cinneadh na n‑astaíochtaí meatáin;

(c) aon riosca de thomhas nó tuairisciú míchuí;

(d) aon chóras rialaithe cáilíochta nó dearbhaithe cáilíochta arna cur i bhfeidhm ag na hoibreoirí nó na hoibreoirí mianaigh.

2.    I bhfeidhmiú na ngníomhaíochtaí fíoraithe dá dtagraítear i mír 1, bainfidh fíoraitheoirí úsáid as caighdeáin Eorpach nó idirnáisiúnta atá ar fáil go poiblí saor in aisce le haghaidh astaíochtaí meatáin a chainníochtú arna chur i bhfeidhm ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 5. Go dtí an dáta nuair a dhéanfaidh an Coimisiún cinneadh faoi infheidhmeacht na gcaighdeán sin, bainfidh fíoraitheoirí úsáid as caighdeáin Eorpacha nó idirnáisiúnta reatha i ndáil le cainníochtú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí gáis ceaptha teasa.

Féadfaidh fíoraitheoirí seiceálacha ar láithreáin a dhéanamh chun iontaofacht, creidiúnacht agus cruinneas na bhfoinsí sonraí agus na modheolaíochtaí a úsáidtear a chinneadh.

3.    Eiseoidh fíoraitheoirí ráiteas fíoraithe d’fhonn comhréireacht na tuarascála astaíochtaí a fhíorú agus d’fhonn an obair fíoraithe a cuireadh i gcrích a shonrú, nuair is é conclúid a measúnaithe go gcomhlíonann an tuarascáil astaíochtaí, le cinnteacht réasúnta, ceanglais an Rialacháin.

Ní eiseoidh na fíoraitheoirí an ráiteas fíoraithe ach amháin i gcás inar féidir na hastaíochtaí meatáin a chinneadh le méid réasúnta cinnteachta le sonraí agus faisnéis iontaofa, inchreidte agus chruinn agus ar an gcoinníoll go bhfuil na sonraí tuairiscithe comhleanúnach leis na sonraí sealadacha, foriomlán agus nach bhfuil aon neamh‑chomhsheasmhachtaí iontu.

I gcás ina gcinntear sa mheasúnú nach gcomhlíonann an tuarascáil astaíochtaí ceanglais an Rialacháin seo, cuirfidh na fíoraitheoirí an t‑oibreoir nó an t‑oibreoir mianaigh ar an eolas faoi sin agus cuirfidh an t‑oibreoir nó an t‑oibreoir mianaigh tuarascáil athbhreithnithe faoi bhráid an fhíoraitheora gan mhoill.

4.    Tabharfaidh oibreoirí agus oibreoirí mianaigh gach cúnamh is gá do na fíoraitheoirí chun feidhmíocht na ngníomhaíochtaí fíoraithe a chumasú nó a éascú, go háirithe a mhéid a bhaineann le rochtain ar áitreabh agus le tíolacadh doiciméad nó taifead.

5.    Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 31 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le hinfheidhmeacht caighdeán Eorpach nó idirnáisiúnta ar chainníochtú agus tomhas ar astaíochtaí meatáin a ionchorprú agus a leagan amach chun críche an Rialacháin seo.

Airteagal 9

Neamhspleáchas agus creidiúnú fíoraitheoirí

1.    Beidh fíoraitheoirí neamhspleách ar oibreoirí agus oibreoirí mianaigh agus cuirfidh siad na gníomhaíochtaí a cheanglaítear sa Rialachán seo i gcrích chun leas an phobail. Chun na críche sin, ní bheidh na fíoraitheoirí ná aon chuid den eintiteas dlíthiúil céanna, ina oibreoir ná ina oibreoir mianaigh, ná ina úinéir ar oibreoir nó oibreoir mianaigh ná ní bheidh siad faoina n‑úinéireacht ná ní bheidh caidreamh ag na fíoraitheoirí le hoibreoirí ná oibreoirí mianaigh a d'fhéadfadh difear a dhéanamh do neamhspleáchas ná do neamhchlaontacht na bhfíoraitheoirí.

2.    Beidh fíoraitheoirí creidiúnaithe ag comhlacht náisiúnta creidiúnaithe de bhun Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.

3.    I gcás nach ndéantar aon fhorálacha sonracha maidir le creidiúnú fíoraitheoirí a leagan síos sa Rialachán seo, beidh feidhm ag forálacha ábhartha Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.

Airteagal 10

An Fhaireachlann um Astaíochtaí Meatáin Idirnáisiúnta

1.    Ar an gcoinníoll go gcosnófar leas an Aontais, sannfar ról fíoraithe don Fhaireachlann um Astaíochtaí Meatáin Idirnáisiúnta maidir le sonraí astaíochtaí meatáin, go háirithe maidir leis an cúraimí seo a leanas:

(a)    comhshuimiú de shonraí astaíochtaí meatáin i gcomhréir le modhanna staidrimh iomchuí;

(b)    fíorú ar mhodheolaíochtaí agus próisis staidrimh a úsáideann cuideachtaí chun sonraí astaíochtaí meatáin a chainníochtú;

(c)    forbairt ar chomhshuimiú sonraí agus modheolaíochtaí anailíse i gcomhréir le dea‑chleachtais eolaíochta agus staidrimh chun leibhéal níos airde cruinnis maidir le meastacháin astaíochtaí a áirithiú, leis an saintréithriú iomchuí den éiginnteacht;

(d)    sonraí comhiomlánaithe arna dtuairisciú ag cuideachtaí de réir croífhoinse agus de réir leibhéal tuairiscithe, de réir sócmhainní oibrithe agus neamhoibrithe, i gcomhlíonadh le ceanglais iomaíochta agus rúndachta;

(e)    tuairisciú ar thorthaí maidir le neamhréitigh mhóra idir foinsí sonraí.

2.    Féadfaidh an Coimisiún sonraí astaíochtaí meatáin a chur faoi bhráid na Faireachlainne um Astaíochtaí Meatáin Idirnáisiúnta, mar a cuireann na húdaráis inniúla ar fáil di iad i gcomhréir leis an Rialacháin seo.

3.    Cuirfear an fhaisnéis a tháirgeann an Fhaireachlann um Astaíochtaí Meatáin Idirnáisiúnta ar fáil don phobal agus don Choimisiún.

Caibidil 3

Astaíochtaí meatáin san hearnálacha ola agus gáis

Airteagal 11

Raon feidhme

Tá feidhm ag an gCaibidil seo maidir leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 1(2).

Airteagal 12

Faireachán agus tuairisciú

1.    Faoi … [12 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], cuirfidh oibreoirí tuarascáil faoi bhráid na n‑údarás inniúil ina bhfuil meastachán de na hastaíochtaí meatáin ag leibhéal foinse ina núsáidtear fachtóirí astaíochta atá cineálach ach atá foinseshonrach le haghaidh gach foinse.

2.    Faoi … [24 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo ], cuirfidh oibreoirí tuarascáil faoi bhráid na n‑údarás inniúil freisin ina bhfuil tomhais dhíreacha d’astaíochtaí meatáin ag leibhéal foinse le haghaidh sócmhainní oibrithe. Féadfar go n‑áiritheofar le tuairisciú ar leibhéal den sórt sin úsáid tomhais agus samplála ar leibhéal foinse mar bhonn chun fachtóirí astaíochta sonracha a úsáidtear chun meastachán a dhéanamh ar astaíochtaí a leagan síos.

3.    Faoi … [36 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus faoin 30 Márta gach bliain ina dhiaidh sin, cuirfidh oibreoirí tuarascáil faoi bhráid na n‑údarás inniúil ina bhfuil tomhais dhíreacha ar astaíochtaí meatáin ar leibhéal foinse maidir le sócmhainní oibrithe dá dtagraítear i mír 2, arna gcomhlánú le tomhais astaíochtaí meatáin ag leibhéal láithreáin, lena gceadaítear measúnú agus fíorú na meastachán ar leibhéal foinse a chomhiomlánú de réir láithreáin dá réir sin.

Sula gcuirfear faoi bhráid na n‑údarás inniúil iad, áiritheoidh oibreoirí go ndéanfaidh fíoraitheoir measúnú ar na tuarascálacha a leagtar amach sa mhír seo agus go n‑áiritheofar iontu ráiteas fíoraithe a eiseofar i gcomhréir le hAirteagail 8 agus 9.

4.    Faoi … [36 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], cuirfidh gnóthais atá bunaithe san Aontas tuarascáil faoi bhráid na n‑údarás inniúil ina bhfuil tomhais dhíreacha ar astaíochtaí meatáin ar leibhéal foinse maidir le sócmhainní neamhoibrithe. Féadfar go n‑áiritheofar le tuairisciú ar leibhéal den sórt sin úsáid tomhais agus samplála ar leibhéal foinse mar bhonn chun fachtóirí astaíochta sonracha a úsáidtear chun meastachán a dhéanamh ar astaíochtaí a leagan síos.

5.    Faoi … [48 mí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus faoin 30 Márta gach bliain ina dhiaidh sin, cuirfidh gnóthais atá bunaithe san Aontas tuarascáil faoi bhráid na n‑údarás inniúil ina bhfuil tomhais dhíreacha ar astaíochtaí meatáin ar leibhéal foinse maidir le sócmhainní neamhoibrithe mar a leagtar amach i mír 4, arna gcomhlánú le tomhais astaíochtaí meatáin ag leibhéal láithreáin, lena gceadaítear measúnú agus fíorú na meastachán ar leibhéal foinse a chomhiomlánú de réir láithreáin dá réir sin.

Sula gcuirfear faoi bhráid na n‑údarás inniúil iad, áiritheoidh gnóthais go ndéanfaidh fíoraitheoir measúnú ar na tuarascálacha a leagtar amach sa mhír seo agus go n‑áiritheofar iontu ráiteas fíoraithe a eiseofar i gcomhréir le hAirteagail 8 agus 9.

6.    Cumhdófar leis na tuarascálacha dá bhforáiltear san Airteagal seo tréimhse na bliana féilire is déanaí atá ar fáil agus áiritheofar iontu an fhaisnéis a leanas ar a laghad:

(a) cineál agus suíomh na foinse astaíochta;

(b) sonraí in aghaidh an chineáil foinse astaíochta mhionsonraithe, aonair;

(c) faisnéis mhionsonraithe maidir leis na modheolaíochtaí cainníochtaithe a úsáidtear chun astaíochtaí meatáin a thomhas;

(d) gach astaíocht meatáin maidir le sócmhainní oibrithe;

(e) sciar na húinéireachta agus na n‑astaíochtaí meatáin ó shócmhainní neamhoibrithe arna n‑iolrú faoi sciar na húinéireachta;

(f) liosta na n‑eintiteas a bhfuil rialú oibríochtúil ar na sócmhainní neamhoibrithe acu.

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, teimpléad tuairiscithe le haghaidh na dtuarascálacha a leagan síos faoi mhíreanna 2, 3, 4 agus 5. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 32(2).

7.    Maidir le tomhais ag leibhéal láithreáin dá dtagraítear i míreanna 3 agus 5, bainfear úsáid as teicneolaíochtaí cainníochtaithe iomchuí lena bhféadtar tomhais den sórt sin a sholáthar.

8.    I gcás ina bhfuil neamhréireachtaí suntasacha idir na hastaíochtaí arna gcainníochtú trí mhodhanna ar leibhéal foinse a úsáid agus idir na hastaíochtaí sin a eascraíonn as tomhas ag leibhéal láithreáin, déanfar tomhais bhreise laistigh den tréimhse tuairiscithe chéanna.

9.    Déanfar tomhais ar astaíochtaí meatáin le haghaidh bonneagar gáis de réir caighdeáin Eorpacha (CEN) nó idirnáisiúnta (ISO) maidir le hastaíochtaí meatáin a chainníochtú.

10.    I gcás ina gcoinnítear faisnéis faoi rún i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 43 , sonróidh oibreoirí sa tuarascáil an cineál faisnéise a coinníodh siar agus an chúis leis sin.

11.    Cuirfidh na húdaráis inniúla na tuarascálacha a leagtar amach san Airteagal seo ar fáil don phobal agus don Choimisiún, laistigh de 3 mhí ón tráth a chuirfidh na hoibreoirí na tomhais isteach agus i gcomhréir le hAirteagal 5(4).

Airteagal 13

Oibleagáid maolaithe ghinearálta

Déanfaidh oibreoirí gach beart atá ar fáil dóibh chun astaíochtaí meatáin a chosc agus a íoslaghdú ina gcuid oibríochtaí.

Airteagal 14

Brath agus deisiú sceití

1.    Faoi … [3 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], cuirfidh oibreoirí clár braite agus deisithe sceití faoi bhráid na n‑údarás inniúil ina dtabharfar mionsonraí maidir le hábhar na suirbhéanna a bheidh le déanamh i gcomhréir leis na ceanglais san Airteagal seo.

Féadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal ar an oibreoir an clár a leasú agus ceanglais an Rialacháin seo á gcur san áireamh.

2.    Faoi … [6 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh oibreoirí suirbhé maidir le gach comhpháirt ábhartha faoina bhfreagracht i gcomhréir leis an gclár braite agus deisithe sceití dá dtagraítear i mír 1.

Ina dhiaidh sin, athdhéanfar suirbhéanna braite agus deisithe sceití gach 3 mhí.

3.    Trí na suirbhéanna a dhéanamh, bainfidh oibreoirí úsáid as gairis lena bhféadtar caillteanas meatáin ó chomhpháirteanna ina bhfuil 500 páirt in aghaidh an mhilliúin nó níos mó a bhrath.

4.    Déanfaidh oibreoirí gach comhpháirt a shuitear go bhfuil 500 páirt in aghaidh an mhilliúin meatáin nó níos mó á n‑astú acu a dheisiú nó a athsholáthar.

Déanfar na comhpháirteanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír a dheisiú nó a athsholáthar láithreach tar éis iad a bhrath, nó a luaithe is féidir ina dhiaidh sin ach tráth nach déanaí ná 5 lá tar éis iad a bhrath, ar choinníoll go bhféadfaidh oibreoirí a léiriú nach bhféadfar beart a dhéanamh láithreach de bharr cúinsí sábháilteachta nó teicniúla agus ar choinníoll go leagfaidh oibreoirí sceideal deisithe agus faireacháin síos.

Beidh cúinsí sábháilteachta agus teicniúla, dá dtagraítear sa dara fomhír, nach bhféadtar beart a dhéanamh láithreach mar gheall orthu, teoranta do shábháilteacht pearsanra agus daoine daonna in aice láimhe, do thionchair chomhshaoil, do thiúchan an chaillteanais mheatáin, do rochtain ar an gcomhpháirt agus d’infhaighteacht an táirge a chuirfear in ionad na comhpháirte a chur san áireamh. Féadfar go n‑áiritheofar le cúinsí maidir le tionchar comhshaoil cásanna ina bhféadfaí leibhéal níos airde astaíochtaí meatáin a bheith ann de bharr deisiú ná mar a bheadh ann in éagmais an deisithe.

I gcás ina bhfuil gá le múchadh córais sula bhféadtar tabhairt faoin deisiú nó faoin athsholáthar, íoslaghdóidh oibreoirí an sceitheadh laistigh de 1 lá amháin tar éis é a bhrath agus deiseoidh siad an sceitheadh faoi dheireadh an chéad mhúchta córais sceidealaithe eile nó laistigh de bhliain amháin, cibé acu is luaithe.

5.    D’ainneoin mhír 2, breathnóidh oibreoirí ar chomhpháirteanna a suíodh go raibh 500 páirt in aghaidh an mhilliúin meatáin nó níos mó á n‑astú acu le linn aon cheann de na suirbhéanna a rinneadh roimhe seo a luaithe is féidir tar éis an deisiú a dhéanamh de bhun mhír 4, agus tráth nach déanaí ná 15 lá ina dhiaidh sin chun a áirithiú gur éirigh leis an deisiú.

D’ainneoin mhír 2, breathnóidh oibreoirí ar chomhpháirteanna a shuitear go bhfuil níos lú ná 500 páirt in aghaidh an mhilliúin meatáin á n‑astú acu, tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis gur braitheadh na hastaíochtaí, chun a sheiceáil cibé acu a tháinig nó nár tháinig athrú ar mhéid an chaillteanais meatáin.

I gcás ina sainaithnítear go bhfuil riosca níos airde don tsábháilteacht nó do chaillteanais mheatáin ann, féadfar go molfaidh na húdaráis inniúla gur cheart suirbhéanna ar na comhpháirteanna ábhartha a dhéanamh níos minice.

6.    Gan dochar do na hoibleagáidí tuairiscithe de bhun mhír 7, taifeadfaidh oibreoirí gach sceitheadh a shainaithneofar gan beann ar a méid, agus breathnóidh siad go leanúnach orthu chun a áirithiú go ndeiseofar iad i gcomhréir le mír 4.

Coinneoidh oibreoirí an taifead ar feadh 10 mbliana ar a laghad agus soláthróidh siad an fhaisnéis sin do na húdaráis inniúla, arna hiarraidh sin dóibh.

7.    Laistigh de 1 mhí amháin tar éis gach suirbhé a dhéanamh, cuirfidh oibreoirí tuarascáil ina bhfuil torthaí an tsuirbhé agus sceideal deisiúcháin agus faireacháin faoi bhráid údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil na sócmhainní ábhartha lonnaithe. Áireofar ar a laghad sa tuarascáil na heilimintí a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

Féadfaidh na húdaráis inniúla a chur de cheanglas ar an oibreoir an tuarascáil nó an sceideal deisiúcháin agus faireacháin a leasú agus ceanglais an Rialacháin seo á gcur san áireamh.

8.    Féadfaidh oibreoirí aon cheann de na cúraimí a leagtar amach san Airteagal seo a tharmligean. Ní dhéanfar dochar do fhreagracht oibreoirí le cúraimí tarmligthe ná ní dhéanfar dochar d’éifeachtacht mhaoirseacht na n‑údarás inniúil leo.

9.    Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh scéimeanna deimhnithe, scéimeanna creidiúnaithe nó scéimeanna cáilithe comhionanna, lena n‑áirítear cláir oiliúna oiriúnacha, ar fáil le haghaidh soláthraithe seirbhíse i ndáil leis na suirbhéanna.

Airteagal 15

Teorainneacha le scaoileadh agus le bladhmadh.

1.    Déanfar scaoileadh a thoirmeasc seachas sna dálaí dá bhforáiltear le haghaidh an Airteagail seo. Déanfar gnáthbhladhmadh a thoirmeasc.

2.    Ní cheadófar scaoileadh ach sna cásanna a leanas:

(a) i gcás éigeandála nó i gcás mífheidhme; agus

(b) i gcás nach féidir é a sheachaint agus ina bhfuil fíorghá leis chun comhpháirteanna nó trealamh a oibriú, a dheisiú, a chothabháil nó a thástáil agus faoi réir na n‑oibleagáidí tuairiscithe a leagtar amach in Airteagal 16.

3.    Le scaoileadh faoi phointe (b) de mhír 2, áiritheofar na cásanna sonracha a leanas nach bhféadtar deireadh foriomlán a chur le scaoileadh iontu:

(a) le linn gnáthoibríochtaí comhpháirteanna áirithe, ar choinníoll go gcomhlíonann an trealamh gach caighdeán trealaimh arna shonrú agus go ndéantar cothabháil cheart agus iniúchadh tráthrialta air chun caillteanais mheatáin a íoslaghdú;

(b) chun bac leachtach a dhíluchtú nó a ghlanadh i dtobar ar bhrú atmaisféarach;

(c) le linn umar stórála nó árthach ísealbhrú eile a mheas nó a shampláil;

(d) le linn leachtanna a dhíluchtú ó umar stórála nó ó árthach ísealbhrú eile go feithicil iompair i gcomhréir leis na caighdeáin is infheidhme;

(e) le linn deisiú agus cothabhála, lena n‑áirítear trealamh scaoilte agus díbhrúite a úsáidtear chun deisiú agus cothabháil a dhéanamh;

(f) le linn thástáil Bradenhead;

(g) le linn tástáil sceite pacálaí;

(h) le linn tástáil táirgthe a mhaireann níos lú ná 24 uair an chloig;

(i) i gcás nach gcomhlíonann meatán sonraíochtaí na píblíne bailithe, ar choinníoll go ndéanann an t‑oibreoir anailís ar shamplaí meatáin dhá uair sa tseachtain chun a chinneadh cé acu a baineadh nó nár baineadh na sonraíochtaí amach agus cé acu a chuirtear nó nach gcuirtear an meatán i bpíblíne bhailithe trína mbíthin a luaithe agus a chomhlíontar na sonraíochtaí píblíne;

(j) le linn píblínte, trealamh nó saoráidí a choimisiúnú, a fhad is gá chun eisíontais a thugtar isteach ón bpíblíne nó ón trealamh a ghlanadh, agus an fad sin amháin;

(k) le linn scríobaireacht a dhéanamh ar phíblíne bhailithe, le linn í a scaoileadh chun í a dheisiú nó le linn í a chothabháil, agus i gcás nach bhféadtar an gás a choinneáil isteach nó a atreorú i gcuid den phíblíne nach ndéantar dochar di, agus sa chás sin amháin.

4.    I gcás ina gceadaítear scaoileadh de bhun mhíreanna 2 agus 3, ní scaoilfidh oibreoirí ach i gcás nach bhfuil bladhmadh indéanta go teicniúil nó ina bhfuil riosca go gcuirfear sábháilteacht na n‑oibríochtaí nó an phearsanra i mbaol leis. I gcás den sórt sin, mar chuid de na hoibleagáidí tuairiscithe a leagtar amach in Airteagal 16, léireoidh oibreoirí do na húdaráis inniúla an gá le scaoileadh a roghnú in ionad bladhmadh.

5.    Ní cheadófar bladhmadh ach i gcás nach bhfuil sé indéanta go teicniúil an meatán a athinstealladh, a úsáid ar an láthair nó a sheoladh chuig margadh ar chúiseanna seachas cúinsí eacnamaíocha. I gcás den sórt sin, mar chuid de na hoibleagáidí tuairiscithe a leagtar amach in Airteagal 16, léireoidh oibreoirí do na húdaráis inniúla an gá le bladhmadh a roghnú in ionad an mheatáin a athinstealladh, a úsáid ar an láthair nó a sheoladh chuig margadh.

Airteagal 16

Tuairisciú ar imeachtaí scaoilte agus bladhmtha

1.    Cuirfidh oibreoirí na húdaráis inniúla ar an eolas faoi imeachtaí scaoilte agus bladhmtha:

(a) arb é éigeandáil nó mífheidhm is cúis leo;

(b) atá ar siúl ar feadh 8 n‑uair an chloig nó níos mó laistigh de thréimhse 24 uair an chloig ó imeacht aonair.

Déanfar an fógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír gan mhoill tar éis an imeachta agus laistigh de 48 n‑uair an chloig ón tráth a thosaigh an t‑imeacht nó ón tráth ar tháinig an t‑oibreoir ar an eolas faoi ar a dhéanaí.

2.    Cuirfidh oibreoirí tuarascálacha ráithiúla maidir le gach scaoileadh agus gach bladhmadh dá dtagraítear i mír 1 agus in Airteagal 15 i gcomhréir leis na heilimintí a leagtar amach in Iarscríbhinn II faoi bhráid na n‑údarás inniúil.

3.    Cuirfidh na húdaráis inniúla na tuarascálacha a leagtar amach san Airteagal seo ar fáil don phobal agus don Choimisiún go bliantúil agus i gcomhréir le hAirteagal 5(4).

Airteagal 17

Ceanglais maidir le caighdeáin bladhmtha

1.    I gcás ina ndéantar saoráid a thógáil, a athsholáthar nó a athchóiriú, nó i gcás ina ndéantar gairis dócháin eile a shuiteáil, ní shuiteálfaidh oibreoirí ach gairis dócháin a bhfuil lastóir uathoibríoch nó lastóir leanúnach agus éifeachtúlacht bainte scriosta fhoriomláin maidir le hidreacarbóin acu.

2.     Áiritheoidh oibreoirí go gcomhlíonann gach simléar bladhaire nó gach gaireas dócháin eile ceanglais mhír 1 faoi … [12 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

3.    Déanfaidh oibreoirí cigireachtaí seachtainiúla ar shimléair bhladhaire arna ndéanamh i gcomhréir leis na heilimintí a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

Airteagal 18

Toibreacha neamhghníomhacha

1.    Faoi … [12 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh na Ballstáit fardal na dtoibreacha neamhghníomhacha go léir ar a gcríoch nó faoina ndlínse a bhunú agus a chur ar fáil go poiblí, lena n‑áirítear na heilimintí a leagtar amach in Iarscríbhinn IV ar a laghad.

2.    Faoi … [18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], suiteálfar trealamh chun astaíochtaí meatáin a thomhas ar gach tobar neamhghníomhach.

3.    Cuirfear tuarascálacha ina bhfuil na tomhais dá dtagraítear i mír 2 faoi bhráid na n‑údarás inniúil faoi … [24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus faoin 30 Márta gach bliain ina dhiaidh sin agus cumhdófar an bhliain féilire is déanaí atá ar fáil. Sula gcuirfear faoi bhráid na n‑údarás inniúil iad, déanfaidh fíoraitheoir measúnú ar na tuarascálacha a leagtar amach sa mhír seo agus áiritheofar iontu ráiteas fíoraithe a eiseofar i gcomhréir le hAirteagail 8 agus 9.

4.    Cuirfidh na húdaráis inniúla na tuarascálacha a leagtar amach san Airteagal seo ar fáil don phobal agus don Choimisiún, laistigh de 3 mhí ón tráth a chuirfidh na hoibreoirí na tomhais isteach agus i gcomhréir le hAirteagal 5(4).

5.    Beidh na Ballstáit freagrach as na hoibleagáidí a leagtar síos i míreanna 2 agus 3 a chomhlíonadh, seachas i gcás ina bhféadtar páirtí freagrach a shainaithint, agus sa chás sin is é an páirtí sin a bheidh freagrach astu.

6.    Déanfaidh na Ballstáit plean maolaithe a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun toibreacha neamhghníomhacha atá lonnaithe ina gcríoch a leigheas, a athshlánú agus a líonadh go buan.

Le pleananna maolaithe, bainfear úsáid as na fardail dá dtagraítear i mír 1 chun tosaíocht le haghaidh gníomhaíochtaí a chinneadh lena n‑áirítear:

   (a) toibreacha a leigheas, a athshlánú agus a líonadh go buan;

   (b) bóithre rochtana gaolmhara a athshlánú;

   (c) talamh, uisce agus gnáthóg a ndearnadh dochar dóibh leis na toibreacha agus na hoibríochtaí roimhe seo a athshlánú;

   (d) seiceálacha bliantúla chun a áirithiú nach foinse astaíochtaí meatáin fós iad toibreacha líonta.

Caibidil 4

Astaíochtaí meatáin san earnáil guail

Roinn I

Faireachán agus tuairisciú i mianaigh oibrithe

Airteagal 19

Raon feidhme

1.    Tá feidhm ag an Roinn seo maidir le mianaigh ghuail faoi thalamh agus mianaigh ghuail dhromchla atá ag oibriú.

2.    Áirítear na hastaíochtaí a leanas le hastaíochtaí meatáin ó mhianaigh ghuail faoi thalamh atá ag oibriú:

(a)    astaíochtaí meatáin ó gach seafta aerála a úsáideann an t‑oibreoir mianaigh;

(b)    astaíochtaí meatáin ó stáisiúin draenála agus ón gcóras draenála meatáin, cibé acu a tharlaíonn nó nach dtarlaíonn siad de thoradh scaoileadh beartaithe nó neamhbheartaithe, nó de thoradh dóchán neamhiomlán i mbladhmanna;

(c)    astaíochtaí meatáin a tharlaíonn le linn gníomhaíochtaí iar‑mhianadóireachta.

3.    Áirítear na hastaíochtaí a leanas le hastaíochtaí meatáin ó mhianaigh ghuail dhromchla atá ag oibriú:

(a)    astaíochtaí meatáin a tharlaíonn ag an mianach guail le linn an phróisis mianadóireachta;

(b)    astaíochtaí meatáin a tharlaíonn le linn gníomhaíochtaí iar‑mhianadóireachta.

Airteagal 20

Faireachán agus tuairisciú

1.    Maidir le mianaigh ghuail faoi thalamh, déanfaidh oibreoirí mianaigh tomhas agus cainníochtú leanúnach ar astaíochtaí meatáin san aer aerála ar gach seafta aerála sceite arna úsáid ag an oibreoir mianaigh, trí úsáid a bhaint as fearas a bhfuil teorainn íogaireachta tiúchain meatáin 100 páirt in aghaidh an mhilliúin ar a laghad aige. Déanfaidh siad tomhais mhíosúla bunaithe ar shamplaí freisin.

2.    Déanfaidh oibreoirí stáisiúin draenála tomhais leanúnacha ar thiúchain an mheatáin scaoilte agus bhladhmtha, gan beann ar na cúiseanna atá le gníomhaíocht scaoilte nó bhladhmtha den sórt sin.

3.    Maidir le mianaigh ghuail dhromchla, bainfidh oibreoirí mianaigh úsáid as fachtóirí astaíochta meatáin mianaigh guail a bhaineann go sonrach leis an bhfosú chun astaíochtaí a eascraíonn as oibríochtaí mianadóireachta a chainníochtú. Leagfaidh oibreoirí mianaigh na fachtóirí astaíochta sin amach ar bhonn ráithiúil, i gcomhréir le caighdeáin eolaíocha iomchuí agus cuirfidh siad astaíochtaí meatáin ó strataim máguaird san áireamh.

4.    Tabharfar faoi na tomhais agus faoin gcainníochtú dá dtagraítear i míreanna 1 go 3 i gcomhréir leis na caighdeáin Eorpacha nó idirnáisiúnta iomchuí.

Maidir le tomhais leanúnacha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, i gcás nach bhfuil cuid den trealamh tomhais ag feidhmiú ar feadh tréimhse, féadfar léamha a glacadh le linn na dtréimhsí nuair a bhí an trealamh ag feidhmiú a úsáid chun meastachán a dhéanamh ar shonraí ar bhonn pro rata le haghaidh na tréimhse nach raibh an trealamh ag feidhmiú inti.

Feidhmeoidh an trealamh a úsáidtear chun tomhais leanúnacha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a dhéanamh ar feadh níos mó ná 90 % den tréimhse ina n‑úsáidtear é chun faireachán a dhéanamh ar astaíocht, gan aga neamhfhónaimh a glacadh chun athchalabrú a dhéanamh a chur san áireamh.

5.    Déanfaidh oibreoirí mianaigh meastachán ar astaíochtaí guail iar‑mhianadóireachta trí úsáid a bhaint as fachtóirí astaíochta guail iar‑mhianadóireachta, arna nuashonrú go bliantúil, bunaithe ar shamplaí guail a bhaineann go sonrach leis an bhfosú agus i gcomhréir le caighdeáin eolaíocha iomchuí.

6.    Faoi … [12 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus faoin 30 Márta gach bliain ina dhiaidh sin, cuirfidh oibreoirí mianaigh agus oibreoirí stáisiúin draenála tuarascáil ina bhfuil sonraí maidir le hastaíochtaí meatáin bliantúla ar leibhéal foinse faoi bhráid na n‑údarás inniúil i gcomhréir le forálacha an Airteagail seo.

Cumhdófar leis an tuarascáil tréimhse na bliana féilire is déanaí atá ar fáil agus áiritheofar inti na heilimintí a leagtar amach i gCuid 1 d’Iarscríbhinn V maidir le mianaigh ghuail faoi thalamh atá ag oibriú, i gCuid 2 d’Iarscríbhinn V maidir le mianaigh ghuail dhromchla atá ag oibriú agus i gCuid 3 d’Iarscríbhinn V maidir le stáisiúin draenála.

Sula gcuirfear faoi bhráid na n‑údarás inniúil iad, áiritheoidh oibreoirí mianaigh agus oibreoirí stáisiúin draenála go ndéanfaidh fíoraitheoir measúnú ar na tuarascálacha a leagtar amach sa mhír seo agus go n‑áiritheofar iontu ráiteas fíoraithe a eiseofar i gcomhréir le hAirteagail 8 agus 9.

7.    Cuirfidh na húdaráis inniúla na tuarascálacha a leagtar amach san Airteagal seo ar fáil don phobal agus don Choimisiún, laistigh de 3 mhí ón tráth a chuirfidh na hoibreoirí na tomhais isteach agus i gcomhréir le hAirteagal 5(4).

Roinn II

astaíochtaí meatáin ó mhianaigh ghuail faoi thalamh atá ag oibriú a mhaolú

Airteagal 21

Raon feidhme

Tá feidhm ag an Roinn seo maidir leis na hastaíochtaí meatáin ó mhianaigh ghuail faoi thalamh dá dtagraítear in Airteagal 19(2).

Airteagal 22

Bearta maolaithe

1.    Cuirfear toirmeasc ar scaoileadh agus bladhmadh meatáin ó stáisiúin draenála ón [1 Eanáir 2025], seachas i gcás éigeandála, mífheidhme nó i gcás nach féidir iad a sheachaint agus ina bhfuil fíorghá leo chun críocha cothabhála. Sna cásanna sin, ní scaoilfidh oibreoirí stáisiúin draenála ach amháin mura bhfuil bladhmadh indéanta go teicniúil nó má tá riosca go gcuirfear sábháilteacht na n‑oibríochtaí nó an phearsanra i mbaol leis. I gcás den sórt sin, mar chuid de na hoibleagáidí tuairiscithe a leagtar amach in Airteagal 23, léireoidh oibreoirí stáisiúin draenála do na húdaráis inniúla an gá le scaoileadh a roghnú in ionad bladhmadh.

2.    Cuirfear toirmeasc ar scaoileadh meatáin trí sheaftaí aerála i mianaigh ghuail ina n‑astaítear níos mó ná 0,5 tona meatáin/cileathonna guail arna bhaint, seachas i mianaigh ghuail chóic, ón 1 Eanáir 2027.

3.    Faoi … [3 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 31 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí shrianta ar mheatán a scaoileadh ó sheaftaí aerála a leagan amach maidir le mianaigh ghuail chóic.

Airteagal 23

Tuairisciú ar imeachtaí scaoilte agus bladhmtha

1.    Ón [1 Eanáir 2025], cuirfidh oibreoirí stáisiúin draenála na húdaráis inniúla ar an eolas faoi gach imeacht scaoilte agus bladhmtha:

(a) arb é éigeandáil nó mífheidhm is cúis leo,

(b) a tharlaíonn go dosheachanta de bharr chothabháil an chórais draenála.

Déanfar an fógra sin gan mhoill tar éis an imeachta agus laistigh de 48 n‑uair an chloig ón tráth a thosaigh an imeacht nó ón tráth ar tháinig an t‑oibreoir ar an eolas faoi ar a dhéanaí, i gcomhréir leis na heilimintí a leagtar amach in Iarscríbhinn VI.

2.    Cuirfidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis a cuireadh faoina mbráid de bhun an Airteagail seo ar fáil don phobal agus don Choimisiún go bliantúil agus i gcomhréir le hAirteagal 5(4).

ROINN III

astaíochtaí meatáin ó mhianaigh ghuail faoi thalamh atá dúnta agus tréigthe

Airteagal 24

Raon feidhme

Tá feidhm ag an Roinn seo maidir leis na hastaíochtaí meatáin a leanas ó mhianaigh ghuail thréigthe agus dhúnta faoi thalamh inar scoireadh de tháirgeadh guail:

(a) astaíochtaí meatáin ó gach seafta aerála lena leantar de mheatán a astú;

(b) astaíochtaí meatáin ó threalamh mianaigh ghuail, ar scoireadh a úsáid;

(c) astaíochtaí meatáin ó phoncfhoinsí dea‑shainithe astaíochta eile mar a leagtar amach i gCuid 1 d’Iarscríbhinn VII.

Airteagal 25

Faireachán agus tuairisciú

1.    Faoi [12 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] déanfaidh na Ballstáit fardal na mianach guail dúnta go léir agus na mianach guail tréigthe go léir ina gcríoch nó faoina ndlínse a bhunú agus a chur ar fáil go poiblí, i gcomhréir leis an modheolaíocht agus lena n‑áirítear na heilimintí a leagtar amach i gCuid 1 d’Iarscríbhinn VII ar a laghad.

2.    Déanfar tiúchain meatáin ó gach eilimint a liostaítear i gcuid 1(vi) d’Iarscríbhinn VII a suíodh go raibh meatán á astú acu a thomhas i gcomhréir leis na caighdeáin eolaíocha iomchuí agus ar bhonn uaire ar a laghad.

Ó … [18 mí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], suiteálfar trealamh tomhais le haghaidh gach eiliminte a liostaítear i bpointe (v) de Chuid 1 d’Iarscríbhinn VII maidir le mianaigh ghuail dhúnta agus mianaigh ghuail thréigthe inar cuireadh deireadh le hoibríochtaí ó … [50 bliain roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Beidh teorainn íogaireachta 10 000 páirt in aghaidh an mhilliúin ar a laghad ag an trealamh tomhais a úsáidtear chun na tomhais dá dtagraítear i mír 2 a dhéanamh.

Ní mór go bhfeidhmeodh an trealamh tomhais ar feadh níos mó ná 90 % den tréimhse ina n‑úsáidtear é chun faireachán a dhéanamh ar na hastaíochtaí, gan aga neamhfhónaimh a glacadh chun athchalabrú a dhéanamh a chur san áireamh.

3.    Cuirfear tuarascálacha ina bhfuil meastacháin ar shonraí maidir le hastaíochtaí meatáin bliantúla ar leibhéal foinse faoi bhráid na n‑údarás inniúil faoi … [24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus faoin 30 Márta gach bliain ina dhiaidh sin.

Cumhdófar leis na tuarascálacha an bhliain féilire is déanaí atá ar fáil agus áiritheofar iontu na heilimintí a leagtar amach i gCuid 3 d’Iarscríbhinn VII.

Sula gcuirfear faoi bhráid na n‑údarás inniúil iad, déanfaidh fíoraitheoir measúnú ar na tuarascálacha a leagtar amach sa mhír seo agus áiritheofar iontu ráiteas fíoraithe a eiseofar i gcomhréir le hAirteagail 8 agus 9.

4.    Beidh oibreoirí mianaigh freagrach as na ceanglais dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 a mhéid a bhaineann le mianaigh dhúnta. Beidh na Ballstáit freagrach as na ceanglais dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 a mhéid a bhaineann le mianaigh thréigthe.

5.    Cuirfidh na húdaráis inniúla na tuarascálacha a leagtar amach san Airteagal seo ar fáil don phobal agus don Choimisiún, laistigh de 3 mhí ón tráth a chuirfidh na hoibreoirí na tomhais isteach agus i gcomhréir le hAirteagal 5(4).

Airteagal 26

Bearta maolaithe

1.    Ar bhonn an fhardail dá dtagraítear in Airteagal 25, déanfaidh na Ballstáit plean maolaithe a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun dul i ngleic le hastaíochtaí meatáin ó mhianaigh ghuail thréigthe.

Cuirfear an plean maolaithe faoi bhráid na n‑údarás inniúil faoi … [36 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus áiritheofar ann na heilimintí a leagtar amach i gCuid 4 d’Iarscríbhinn VII ar a laghad.

2.    Cuirfear toirmeasc ar scaoileadh agus bladhmadh ón trealamh dá dtagraítear in Airteagal 25(2) ón 1 Eanáir 2030, seachas i gcás nach bhfuil sé indéanta go teicniúil iad a úsáid nó a mhaolú nó ina bhfuil riosca go gcuirfear sábháilteacht na n‑oibríochtaí nó an phearsanra i mbaol leo. I gcás den sórt sin, mar chuid de na hoibleagáidí tuairiscithe a leagtar amach in Airteagal 25, léireoidh oibreoirí mianaigh nó na Ballstáit an gá le scaoileadh nó bladhmadh a roghnú in ionad úsáide nó maolú.

Caibidil 5

Astaíochtaí meatáin ag tarlú lasmuigh den Aontas

Airteagal 27

Ceanglais ar allmhaireoirí

1.    Faoi … [9 mí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin] agus faoin 31 Nollaig gach bliain ina dhiaidh sin, soláthróidh allmhaireoirí an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII d’údaráis inniúla an Bhallstáit is allmhaireoir.

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 31 chun an Rialachán sin a fhorlíonadh trí leasú a dhéanamh ar an bhfaisnéis atá le soláthar ag allmhaireoirí nó trí chur leis.

2.    Faoi … [12 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin] agus faoin 30 Meitheamh gach bliain ina dhiaidh sin, cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis a sholáthróidh allmhaireoirí dóibh faoi bhráid an Choimisiúin.

Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 28.

3.    Faoin 31 Nollaig 2025, nó níos luaithe ná sin má mheasann an Coimisiún go bhfuil fianaise leordhóthanach ar fáil, déanfaidh an Coimisiún scrúdú ar chur i bhfeidhm an Airteagail sin, agus an méid a leanas go háirithe a mheas:

(a)    tuairisciú na sonraí maidir le hastaíochtaí meatáin atá ar fáil a bailíodh i gcomhthéacs na huirlise faireacháin meatáin domhanda dá dtagraítear in Airteagal 29;

(b)    anailís arna déanamh ag IMEO ar shonraí maidir le hastaíochtaí meatáin;

(c)    faisnéis maidir le bearta faireacháin, tuairiscithe, fíoraithe agus maolaithe oibreoirí atá lonnaithe lasmuigh den Aontas agus a n‑allmhairítear fuinneamh isteach san Aontas uathu; agus

(d)    slándáil an tsoláthair agus impleachtaí na cothroime iomaíochta i gcás oibleagáidí breise féideartha, lena n‑áirítear bearta sainordaitheacha amhail caighdeáin nó spriocanna astaíochta meatáin, agus na hearnálacha ola, gáis agus guail a chur san áireamh ar leithligh.

I gcás inarb iomchuí agus bunaithe ar an bhfianaise is gá chun comhlíontacht fhoriomlán oibleagáidí idirnáisiúnta infheidhme an Aontais a áirithiú, molfaidh an Coimisiún leasuithe ar an Rialachán seo chun na ceanglais is infheidhme maidir le hallmhaireoirí a neartú d’fhonn leibhéal inchomparáide éifeachtachta a áirithiú i ndáil le hastaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh a thomhas, a thuairisciú, a fhíorú agus a mhaolú.

Airteagal 28

Bunachar sonraí trédhearcachta meatáin

1.    Faoi … [18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin] bunóidh an Coimisiún bunachar sonraí trédhearcachta meatáin ina bhfuil faisnéis a cuireadh faoina bhráid de bhun Airteagal 27 agus Airteagail 12(11), 16(3), 18(4), 20(7), 23(2) agus 25(5) agus coinneoidh sé ar bun é.

2.    Anuas ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1, áireofar an fhaisnéis a leanas sa bhunachar sonraí:

(a)    liosta na dtíortha ina ndéantar fuinneamh iontaise a tháirgeadh agus a onnmhairiú go dtí an tAontas;

(b)    faisnéis faoi na pointí a leanas, maidir le gach tír dá dtagraítear i bpointe (a):

(i) cibé acu atá nó nach bhfuil bearta rialála sainordaitheacha i bhfeidhm aici maidir le hastaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh, lena gcumhdaítear na heilimintí a leagtar amach sa Rialachán seo maidir le hastaíochtaí meatáin san earnáil fuinnimh a thomhas, a thuairisciú, a fhíorú agus a mhaolú;

(ii) cibé acu a shínigh nó nár shínigh sí Comhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide;

(iii) cibé acu atá nó nach bhfuil fardail náisiúnta á soláthar aici i gcomhréir le ceanglais Chreat‑Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Athrú Aeráide, i gcás inarb infheidhme;

(iv) cibé acu a áirítear nó nach n‑áirítear tuairisciú na n‑astaíochtaí fuinnimh meatáin ar leibhéal 3 sna fardail náisiúnta a cuireadh isteach de bhun Chreat‑Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide, i gcás inarb infheidhme;

(v) an méid astaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh de réir na bhfardal náisiúnta a cuireadh isteach de bhun Chreat‑Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide, i gcás inarb infheidhme, agus cibé acu a bhí nó nach raibh na sonraí faoi réir fíorú neamhspleách.

(vi) liosta na gcuideachtaí a onnmhairíonn fuinneamh iontaise isteach san Aontas

(vi) liosta allmhaireoirí fuinnimh iontaise isteach san Aontas

2.    Beidh an bunachar sonraí trédhearcachta ar fáil don phobal ar líne, saor in aisce agus i mBéarla ar a laghad.

3.    Beidh feidhm ag an Airteagal seo gan dochar d’fhorálacha Threoir (AE) 2016/943.

Airteagal 29

Uirlis faireacháin dhomhanda na n‑astaírí meatáin

1.    Faoi … [2 bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin], bunóidh an Coimisiún uirlis faireacháin meatáin dhomhanda a bheidh bunaithe ar shonraí satailíte agus ar ionchur ó roinnt soláthraithe deimhnithe sonraí agus ó roinnt seirbhísí, lena n‑áirítear comhchuid Copernicus Chlár Spáis an Aontais.

Cuirfear an uirlis ar fáil don phobal agus soláthrófar nuashonruithe tráthrialta maidir le méid, atarlú agus suíomh foinsí fuinnimh ardastaíochta meatáin ar a laghad.

2.    Leis an uirlis, cuirfear bonn eolais faoi idirphlé déthaobhach an Choimisiúin i ndáil le beartais agus bearta i leith astaíochtaí meatáin a dhéanamh. I gcás ina sainaithnítear leis an uirlis foinse mhór astaíochta nua, cuirfidh an Coimisiún an tír ábhartha ar an eolas fúithi d’fhonn feasacht agus gníomhaíochtaí feabhais a chur chun cinn.

3.    Beidh an tAirteagal seo faoi réir fhorálacha Threoir (AE) 2016/943.

Caibidil 6

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 30

Pionóis

1.    Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad.

2.    Ní mór na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach agus féadfar go n‑áiritheofar an méid a leanas leo:

(a)    fíneálacha atá ar comhréir leis an damáiste comhshaoil, agus leibhéal na bhfíneálacha sin á ríomh ar bhealach lena gcinnteofar go mbainfear go héifeachtach díobh siúd atá freagrach as na sáruithe a dhéanamh na tairbhí eacnamaíocha a dhíorthaíonn siad uathu agus leibhéal na bhfíneálacha sin á mhéadú de réir a chéile as sáruithe tromchúiseacha leantacha;

(b)    íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla chun iallach a chur ar oibreoirí deireadh a chur le sárú, cinneadh a chomhlíonadh ina n‑ordaítear gníomhaíochtaí leighis nó bearta ceartaitheacha, faisnéis a sholáthar nó dul faoi chigireacht, de réir mar is infheidhme.

Tabharfaidh na Ballstáit fógra maidir leis na rialacha ar phionóis don Choimisiún faoi … [3 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin]. Ina theannta sin, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún gan mhoill faoi aon leasú dá éis sin lena ndéanfar dochar do rialacha den sórt sin.

3.    Beidh na sáruithe a leanas ar a laghad faoi réir pionós:

(a)     mainneachtain oibreoirí nó oibreoirí mianaigh an cúnamh is gá a sholáthar do na húdaráis inniúla nó do na fíoraitheoirí chun a chur ar a gcumas nó chun a éascú leo a gcúraimí a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(b)    mainneachtain oibreoirí nó oibreoirí mianaigh na gníomhaíochtaí a leagtar amach sa tuarascáil cigireachtaí dá dtagraítear in Airteagal 6 a dhéanamh;

(c)    mainneachtain oibreoirí nó oibreoirí mianaigh na tuarascálacha astaíochtaí meatáin a chur isteach mar a cheanglaítear leis an Rialachán seo, lena n‑áirítear an ráiteas fíoraithe arna eisiúint ag fíoraitheoirí neamhspleácha i gcomhréir le hAirteagail 8 agus 9;

(d)    mainneachtain oibreoirí suirbhé braite agus deisithe sceití a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 14;

(e)    mainneachtain oibreoirí comhpháirteanna a dheisiú nó a athsholáthar, breathnú ar chomhpháirteanna go leanúnach agus sceití a thaifeadadh i gcomhréir le hAirteagal 14;

(f)    mainneachtain oibreoirí tuarascáil a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 14;

(g)    scaoileadh nó bladhmadh arna ndéanamh ag oibreoirí nó oibreoirí mianaigh taobh amuigh de na cásanna dá bhforáiltear in Airteagail 15, 22 agus 26, de réir mar is infheidhme;

(h)    gnáthbhladhmadh arna dhéanamh ag oibreoirí;

(i)    mainneachtain oibreoirí nó oibreoirí mianaigh an gá le scaoileadh a roghnú in ionad bladhmadh a léiriú agus an gá le bladhmadh a roghnú in ionad an mheatáin a athinstealladh, a úsáid ar an láthair nó a sheoladh chuig margadh a léiriú, i gcás oibreoirí, nó in ionad é a úsáid nó a mhaolú, i gcás oibreoirí mianaigh, i gcomhréir le hAirteagail 15, 22 agus 26;

(j)    mainneachtain oibreoirí nó oibreoirí mianaigh fógra a thabhairt faoi imeachtaí scaoilte nó bladhmtha nó iad a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagail 16, 23 agus 26, de réir mar is infheidhme;

(k)    úsáid simléir bhladhaire nó gairis dócháin de shárú ar na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 17;

(l)    mainneachtain allmhaireoirí an fhaisnéis is gá a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 27 agus le hIarscríbhinn VIII.

4.    Cuirfidh na Ballstát na critéir tháscacha a leanas ar a laghad san áireamh maidir le pionóis a fhorchur, de réir mar is iomchuí:

(a)    fad nó tionchair ama, cineál agus tromchúis an tsáraithe;

(b)    aon bheart arna dhéanamh ag an ngnóthas, ag an oibreoir nó ag an oibreoir mianaigh chun an damáiste a mhaolú nó a leigheas go tráthúil;

(c)    cineál an tsáraithe a bheith déanta d'aon ghnó nó le faillí;

(d)    aon sárú roimhe seo arna dhéanamh ag an ngnóthas, ag an oibreoir nó ag an oibreoir mianaigh;

(e)    na tairbhí airgeadais a ghnóthaigh an gnóthas, an t‑oibreoir nó an t‑oibreoir mianaigh go díreach nó go hindíreach, nó na caillteanais a sheachain siad go díreach nó go hindíreach de bharr an tsáraithe, má tá na sonraí ábhartha ar fáil;

(f)    méid an ghnóthais, an oibreora nó an oibreora mianaigh;

(g)    méid an chomhair leis an údarás;

(h)    an bealach a bhfuair an t‑údarás eolas faoin sárú, go háirithe cibé acu a chuir nó nár chuir an t‑oibreoir an sárú in iúl go tráthúil, agus má chuir, a mhéid a cuireadh in iúl go tráthúil é;

(i)    aon fhachtóir géaraitheach nó maolaithe eile is infheidhme maidir le cúinsí an cháis.

5.    Foilseoidh na Ballstáit go bliantúil faisnéis maidir le cineál agus méid na bpionós a forchuireadh faoin Rialachán seo, agus maidir leis na sáruithe agus na hoibreoirí ar a bhforchuireadh pionóis.

Airteagal 31

An tarmligean a fheidhmiú

1.    Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.    Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 8(5), 22(3) agus 27(1) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ó … [dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin].

3.    Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 8(5), 22(3) agus 27(1) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difríocht do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.    Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe arna n‑ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.    A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.    Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 8(5), 22(3) agus 27(1) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 32

Nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh Coiste an Aontais Fuinnimh, a bunaíodh le hAirteagal 44 de Rialachán (AE) 2018/1999, cúnamh a thabhairt don Choimisiún.

2.    I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 33

Athbhreithniú

1.    Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar mheastóireacht an Rialacháin seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle gach 5 bliana agus cuirfidh sé tograí reachtacha isteach, más iomchuí, chun an Rialachán seo a leasú. Cuirfear na tuarascálacha ar fáil go poiblí.

2.    Chun críche an Airteagail seo, féadfaidh an Coimisiún faisnéis a iarraidh ó na Ballstáit agus ó údaráis inniúla agus déanfaidh sé an fhaisnéis arna soláthar ag na Ballstáit ina bPleananna comhtháthaithe Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide, nuashonruithe orthu agus an fhaisnéis arna soláthar acu ina dtuarascálacha dul chun cinn Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide go háirithe a chur san áireamh de bhun Rialachán (AE) 2018/1999.

Airteagal 34

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/942

In Airteagal 15 de Rialachán (AE) 2019/942 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle cuirtear mír 5 a leanas leis:

‘5. Gach 3 bliana, bunóidh ACER tacar táscairí agus luachanna tagartha comhfhreagracha a bhunú agus a chur ar fáil go poiblí le comparáid a dhéanamh idir na costais aonaid infheistíochta a bhaineann le hastaíochtaí meatáin a thomhas, a thuairisciú agus a laghdú le haghaidh tionscadail inchomparáide. Eiseoidh sí moltaí maidir le táscairí agus luachanna tagartha le haghaidh costais aonaid infheistíochta chun na hoibleagáidí faoin [Rialachán seo] a chomhlíonadh de bhun Airteagal 3 den [Rialachán seo]’.

Airteagal 35

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    IPCC, 2021: Summary for Policymakers. In: Climate Change 2021: The Physical Science Basis. Contribution of Working Group I to the Sixth Assessment Report of the Intergovernmental Panel on Climate Change, Cambridge University Press. Ag na Clódóirí.
(2)    COM(2019) 640 final.
(3)    Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Eanáir 2006 maidir leis an gClár Eorpach ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán a bhunú, agus lena leasaítear Treoracha 91/689/CEE agus 96/61/CE (IO L 33, 4.2.2006)
(4)    Treoirdhoiciméad maidir le cur chun feidhme an PRTR Eorpaigh, An Coimisiún Eorpach (2006)
(5)    COM/2020/381 final
(6)    Treoir 91/271/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1991 maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh
(7)    Treoir 86/278/CEE ón gComhairle an 12 Meitheamh 1986 maidir le cosaint an chomhshaoil, agus go háirithe cosaint na hithreach, nuair a úsáidtear sloda séarachais sa talmhaíocht
(8)    Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé‑ocsaíde carbóin ó mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE, IO L 123, 19.5.2015, lch. 55
(9)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh 601/2012, IO L334, 31.12.2018, lch. 1.
(10)    Ba iad an Chomhghuaillíocht Aeráide agus Aer Glan (CCAC) agus Clár Comhshaoil na Náisiúnta Aontaithe (UNEP) a chruthaigh an Chomhpháirtíocht um Meatán Gáis agus Ola (OGMP), a seoladh in 2014, mar thionscnamh saorálach chun cuidiú le cuideachtaí astaíochtaí meatáin a thomhas agus a thuairisciú. Díríonn an Chomhpháirtíocht um Meatán Gáis agus Ola (OGMP) ar dhea‑chleachtas a bhunú chun infhaighteacht na faisnéise domhanda maidir le cainníochtú agus bainistíocht astaíochtaí meatáin a fheabhsú, agus chun gníomhaíochtaí maolaithe a bhrú ar aghaidh chun astaíochtaí meatáin a laghdú. Go nuige seo, tá os cionn 60 cuideachta tar éis clárú le OGMP, lena gclúdaítear 30 % den táirgeadh domhanda ola agus gáis agus sócmhainní ar chúig ilchríoch.
(11)    https://www.unep.org/explore-topics/energy/what‑we-do/international-methane-emissions‑observatory
(12)    IO C , , lch. .
(13)    IO C , , lch. .
(14)    COM(2019) 640 final.
(15)    Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021).
(16)    Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhaíocht ar son na haeráide chun na gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 156, 19.6.2018).
(17)    Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010).
(18)    Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Feabhra 2021 lena mbunaítear Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil (IO L 57, 18.2.2021).
(19)    Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis chomhshaoil agus lena n‑aisghairtear Treoir 90/313/CEE (IO L 41, 14.2.2003).
(20)    Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008).
(21)    Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2009/119/CE agus (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).
(22)    IPCC (2019) 2019 Mionchoigeartú le treoirlínte IPCC 2006 le haghaidh fardail náisiúnta ghás ceaptha teasa.
(23)    Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Eanáir 2006 maidir leis angClár Eorpach ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán a bhunú agus lena leasaítear Treoir 91/689/CEE ón gComhairle agus Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 33, 4.2.2006)
(24)    (2020) N. Kholod et al Global methane emissions from coal mining to continue growing even with declining coal production, Journal of Cleaner Production, Imleabhar 256, 120489
(25)    (2020) N. Kholod et al Global methane emissions from coal mining to continue growing even with declining coal production, Journal of Cleaner Production, Imleabhar 256, 120489
(26)    Astaíochtaí meatáin earnáil an fhuinnimh i gcileathonnaí, arna n‑imdhealú de réir chatagóir na foinse astaíochta mar a thuairiscigh EEA do Chreat‑Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide é i mí Aibreáin 2021 ar son an Aontais
(27)    Treoraíocht maidir le Dea‑Chleachtas i mBainistíocht Éifeachtach ar Mheatán Mianaigh Guail ar an Leibhéal Náisiúnta: Faireachán, Tuairisciú, Fíorú agus Maolú, Sraith Fuinnimh an Choimisiúin Eacnamaíoch don Eoraip Uimh. 71, UNECE 2021 (le teacht)
(28)    Treoirlínte IPCC 2006 maidir le fardail náisiúnta ghás ceaptha teasa.
(29)    Bilans Zasobow Zloz Kopalin, stan na 31.12.2020’, State Geological Surowce mineralne (pgi.gov.pl)
(30)    Treoraíocht maidir le Dea‑Chleachtas i mBainistíocht Éifeachtach ar Mheatán Mianaigh Guail ar an Leibhéal Náisiúnta: Faireachán, Tuairisciú, Fíorú agus Maolú, Sraith Fuinnimh an Choimisiúin Eacnamaíoch don Eoraip Uimh. 71, UNECE 2021 (le teacht)
(31)    Treoraíocht maidir le Dea‑Chleachtas in Aisghabháil agus Úsáid Éifeachtach Mheatáin as Mianaigh Thréigthe (UNECE, 2019)
(32)    Cinneadh (AE) 2021/1094 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2021 lena leasaítear Cinneadh 2008/376/CE maidir le glacadh Chlár Taighde an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach agus maidir leis na treoirlínte teicniúla ilbhliantúla le haghaidh an chláir sin, IO L 236/69. Cinneadh (AE) 2021/1207 ón gComhairle an 19 Iúil 2021 lena leasaítear Cinneadh 2003/77/CE lena leagtar síos treoirlínte airgeadais ilbhliantúla le haghaidh sócmhainní CEGC faoi leachtú agus, ar an leachtú a bheith chríochnaithe, Sócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach a bhainistiú. Cinneadh (AE) 2021/1208 ón gComhairle an 19 Iúil 2021 lena leasaítear Cinneadh 2003/76/CE lena mbunaítear na bearta is gá chun an Prótacal a chur chun feidhme, ar Prótacal é atá i gceangal leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, maidir leis na hiarmhairtí airgeadais toisc Conradh CEGC a dhul in éag agus maidir leis an gCiste Taighde um Ghual agus Cruach, IO L 261/54.
(33)    Global Assessment of Oil and Gas Methane 1 Ultra-Emitters; T. Lauvaux, C. Giron, M. Mazzolini, A. d’Aspremont, R. Duren, D. Cusworth, D. Shindell, P. Ciais; Aibreán 2021
(34)    COM(2020) 663 final
(35)    5263/21 TI/eb 1 RELEX.1.C
(36)    COM(2020) 663 final
(37)    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(38)    Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(39)    Rialachán (AE) 2019/942 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (IO L 158, 14.6.2019).
(40)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann le sásraí rialaithe na mBallstát i ndáil le feidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(41)    Treoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha agus lena n‑aisghairtear Treoir 2003/55/CE (IO L 211, 14.8.2009, lch. 94).
(42)    Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2008 maidir le staidreamh i dtaca le fuinneamh (IO L 304, 14.11.2008, lch. 1).
(43)    Treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le fios gnó agus faisnéis ghnó neamhnochta (rúin trádála) a chosaint ar fháil, ar úsáid agus ar nochtadh neamhdhleathach (IO L 157, 15.6.2016).
Top

An Bhruiséil,15.12.2021

COM(2021) 805 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

maidir le laghdú ar astaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/942

{SEC(2021) 432 final} - {SWD(2021) 459 final} - {SWD(2021) 460 final}


IARSCRÍBHINN I

Sceidil braite, deisiúcháin agus faireacháin sceití

Sceideal deisiúcháin

Ní mór na nithe seo a leanas ar a laghad a bheith san áireamh sa sceideal deisiúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14:

(i)    Fardal a dhéanamh de na comhpháirteanna uile a seiceáladh agus iad a shainaithint

(ii)    Toradh na cigireachta i dtéarmaí cé acu a braitheadh nó nár braitheadh caillteanas meatáin, agus má braitheadh, méid an chaillteanais sin

(iii)    Maidir le comhpháirteanna a shuitear go bhfuil 500 páirt in aghaidh an mhilliúin meatáin nó níos mó á nastú acu, tásc ar cibé acu a rinneadh nó nach ndearnadh deisiúchán le linn shuirbhé LDAR agus sa chás nach ndearnadh, an chúis a bhí leis sin, agus na ceanglais á gcur san áireamh a mhéid a bhaineann siad leis na heilimintí is féidir a chur san áireamh le haghaidh deisiúchán moillithe, de réir mhír 4 d’Airteagal 14.

(iv)    Maidir le comhpháirteanna a shuitear go bhfuil 500 páirt in aghaidh an mhilliúin meatáin nó níos mó á nastú acu, sceideal beartaithe deisiúcháin ina bhfuil tásc ar an dáta deisiúcháin beartaithe,

(v)    Maidir le comhpháirteanna a suiteadh i suirbhé LDAR roimhe go raibh níos lú ná 500 páirt in aghaidh an mhilliúin meatáin á nastú acu, ach a shuitear go bhfuil 500 páirt in aghaidh an mhilliúin meatáin nó níos mó á nastú acu le linn fhaireachán iar‑LDAR chun a sheiceáil ar tháinig forbairt ar mhéid an chaillteanais meatáin, tásc ar cibé acu a rinneadh nó nach ndearnadh deisiúchán láithreach agus sa chás nach ndearnadh an chúis a bhí leis sin (de réir iii) agus sceideal beartaithe deisiúcháin ina bhfuil tásc ar an dáta deisiúcháin beartaithe.

Tá sceideal iardheisiúcháin le bheith ann ina dhiaidh sin ina léireofar cathain a rinneadh na deisiúcháin iarbhír.

Sceideal faireacháin

Is gá na nithe seo a leanas ar a laghad a bheith san áireamh sa sceideal faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 14:

(i)    Fardal a dhéanamh de na comhpháirteanna uile a seiceáladh agus iad a shainaithint

(ii)    Toradh na cigireachta i dtéarmaí cibé acu a braitheadh nó nár braitheadh caillteanas meatáin, agus má braitheadh, méid an chaillteanais sin

(iii)    Maidir le comhpháirteanna a shuitear go bhfuil 500 páirt in aghaidh an mhilliúin meatáin nó níos mó á nastú acu, torthaí faireacháin arna dhéanamh i ndiaidh an deisiúcháin le seiceáil ar éirigh leis an deisiúchán

(iv)    Maidir le comhpháirteanna a shuitear go bhfuil níos lú ná 500 páirt in aghaidh an mhilliúin meatáin á nastú acu, torthaí faireacháin iar‑LDAR le seiceáil cibé acu a tháinig nó nár tháinig forbairt ar mhéid an chaillteanais meatáin agus moladh ar bhonn an toraidh.

IARSCRÍBHINN II

Tuairisciú ar imeachtaí scaoilte agus bladhmtha

De bhun Airteagal 16, ní mór d’oibreoirí an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad a thuairisciú do na húdaráis inniúla maidir le meatán arna scaoileadh nó arna bhladhmadh:

(i)    ainm an oibreora;

(ii)    ainm agus cineál na sócmhainne;

(iii)    an trealamh lena mbaineann;

(iv)    dáta(í) agus am(anna) a fuarthas an scaoileadh nó an bladhmadh nó a tosaíodh agus a críochnaíodh an scaoileadh agus an bladhmadh;

(v)    méid tomhaiste nó méid measta an gháis nádúrtha arna scaoileadh nó arna bhladhmadh;

(vi)    cúis agus cineál an scaoilte nó an bhladhmtha;

(vii)    bearta a rinneadh chun teorainn a chur le fad agus le méid an scaoilte nó an bladhmtha;

(viii)    gníomhaíochtaí ceartúcháin arna ndéanamh chun cúis agus atarlú an scaoilte nó an bhladhmtha a dhíchur;

(ix)    torthaí cigireachtaí seachtainiúla ar shimléair bhladhaire arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 17



IARSCRÍBHINN III

Cigireachtaí ar shimléair bhladhaire

Is gá go mbeidh san áireamh i gcigireachtaí seachtainiúla ar shimléair bhladhaire cigireacht chuimsitheach Fuaime, Amhairc agus Bolaidh (AVO) (lena n‑áirítear amharc‑chigireacht sheachtrach ar shimleáir bhladhaire, éisteacht le haghaidh sceití brú agus leachta agus bolú le haghaidh bolaidh neamhghnácha agus láidre).

Le linn na cigireachta ní mór don chigire iniúchadh a dhéanamh ar na comhpháirteanna uile lena n‑áirítear simléir bhladhaire, haistí gadaí, córais gaothaire dhúnta, pumpaí, comhbhrúiteoirí, gairis faoisimh brú, comhlaí, línte, feirí, nascóirí agus píobáil lena mbaineann chun lochtanna, sceití agus scaoiltí a shainaithint.

Is gá na breithnithe seo a leanas a chur sa tuarascáil:

(i)    I gcás bladhmanna lasta: cibé acu a mheastar nó nach meastar an dóchán a bheith leordhóthanach. Sainmhínítear dóchán neamhleordhóthanach mar bhladhm ag a bhfuil astaíochtaí infheicthe a mhaireann níos mó ná 5 nóiméad san iomlán le linn tréimhse 2 uair an chloig as a chéile.

(ii)    I gcás bladhmanna neamhlasta: cibé acu atá nó nach bhfuil gaothaire gáis ag an mbladhm neamhlasta. Má tá gaothaire gasta aici, ba cheart idirghabháil chun í a leigheas a dhéanamh laistigh de 6 uair an chloig nó laistigh de 24 uair an chloig i gcás drochaimsire nó i gcás dálaí foircneacha eile.

IARSCRÍBHINN IV

Fardail toibreacha neamhghníomhacha

De bhun Airteagal 18, is gá an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad a bheith san áireamh i bhfardal toibreacha neamhghníomhacha:

(i)    ainm agus seoladh an oibreora, an úinéara nó an cheadúnaí, i gcás inarb infheidhme;

(ii)    ainm, cineál agus seoladh an tobair nó láithreán an tobair;

(iii)    léarscáil ar a léirítear teorainneacha an tobair nó teorainneacha láithreáin an tobair;

(iv)    torthaí ar thomhais ar bith ar thiúchain meatáin.

IARSCRÍBHINN V

Tuairisciú le haghaidh oibriú mianach guail

Cuid 1

De bhun Airteagail 19 agus 20, is gá go mbeidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad san áireamh sna tuarascálacha le haghaidh oibriú mianach guail:

(i)    ainm agus seoladh an oibreora mianaigh;

(ii)    seoladh an mhianaigh;

(iii)    tonnáiste gach cineáil guail a tháirgtear as an mianach;

(iv)    maidir leis na seaftaí aerála uile a úsáidtear sa mhianach

   1) ainm (más ann dó);

   2) tréimhse úsáide, más difriúil leis an tréimhse tuairiscithe;

   3) comhordanáidí

   4) cuspóir (iontógáil, sceitheadh)

5) sonraíocht theicniúil an ghairis tomhais a úsáidtear chun astaíochtaí a thomhas agus a chainníochtú agus na dálaí optamacha oibriúcháin a shonraíonn an táirgeoir;

   6) cion an ama a bhí gaireas tomhais leanúnaigh á oibriú;

   7) an rogha a rinneadh caighdeán Eorpach nó caighdeán idirnáisiúnta a úsáid:

       le haghaidh suíomh samplála gairis tomhais meatáin;

       le haghaidh tomhas rátaí sreafa;

       le haghaidh tomhas tiúchan meatáin;

   8) astaíochtaí meatáin arna gclárú ag an ngaireas tomhais leanúnaigh (i dtonaí);

9) astaíochtaí meatáin arna gclárú trí shampláil mhíosúil (i dtonaí/uair an chloig) ina gcumhdaítear faisnéis maidir leis an méid seo a leanas;

   - dáta samplála;

- teicníc samplála;

   - léamha ar dhálaí an atmaisféir (brú, teocht, bogthaise), arna ndéanamh ag fad iomchuí chun na dálaí ag a noibríonn an gaireas tomhais leanúnaigh a léiriú;

11) má tá an mianach ceangailte le mianach eile ar bhealach ar bith inar féidir le haer bogadh idir an dá mhianach, ainm an mhianaigh sin;

(v)    fachtóirí astaíochta iar‑mhianadóireachta agus tuairisc ar an modh a úsáidtear chun iad a ríomh;

(vi)    astaíochtaí iar‑mhianadóireachta (i dtonaí).

Cuid 2

De bhun Airteagail 19 agus 20, is gá go mbeidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad san áireamh sna tuarascálacha le haghaidh oibriú mianach dromchla:

(i)    ainm agus seoladh an oibreora mianaigh;

(ii)    seoladh an mhianaigh;

(iii)    tonnáiste gach cineáil guail a tháirgtear as an mianach;

(iv)    léarscáil na spruadar uile a úsáideann an mianach ar a léirítear teorainneacha na spruadar sin;

(v)    maidir le gach spruadar guail:

   1) ainm (más ann dó);

   2) tréimhse úsáide, más difriúil leis an tréimhse tuairiscithe;

3) achoimre ar an modh turgnamhach a úsáidtear chun astaíochtaí meatáin a eascraíonn as gníomhaíochtaí mianadóireachta a chinneadh, lena n‑áirítear roghnú na modheolaíochta chun astaíochtaí meatáin ó strataim máguaird a chur san áireamh

(vi)    fachtóirí astaíochta iarmhianadóireachta agus tuairisc ar an modh a úsáidtear chun iad a ríomh;

(vii)    astaíochtaí iarmhianadóireachta.

Cuid 3

De bhun Airteagail 19 agus 20, is gá an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad a bheith san áireamh sna tuarascálacha le haghaidh stáisiúin draenála:

(i)    ainm agus seoladh an oibreora mianaigh;

(ii)    tonnáiste an mheatáin a sholáthraíonn mianach nó córas draenála mianaigh, in aghaidh an mhianaigh;

(iii)    tonnáiste an mheatáin arna scaoileadh;

(iv)    tonnáiste an mheatáin arna bhladhmadh;

(v)    éifeachtúlacht bhladhma;

(vi)    úsáid an mheatáin arna ghabháil.

IARSCRÍBHINN VI

Tuairisciú ar imeachtaí scaoilte agus bladhmtha i stáisiúin draenála

De bhun Airteagal 23, ní mór d’oibreoirí stáisiúin draenála an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad a thuairisciú do na húdaráis inniúla maidir le meatán arna scaoileadh nó arna bhladhmadh:

(i)    ainm agus seoladh an oibreora;

(ii)    an tam a braitheadh an timeacht den chéad uair;

(iii)    cúis an imeachta scaoilte agus/nó an imeachta bladhmtha;

(iv)    tonnáiste an mheatáin arna scaoileadh agus arna bhladhmadh (nó meastachán mura bhfuil cainníochtú indéanta).



IARSCRÍBHINN VII

Mianaigh dhúnta agus thréigthe

Cuid 1

De bhun Airteagail 24 agus 25, is gá go mbeidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad san áireamh i bhfardal na mianach guail dúnta agus tréigthe i leith gach láithreáin:

(i)    ainm agus seoladh an oibreora, an úinéara nó an cheadúnaí, i gcás inarb infheidhme;

(ii)    seoladh an láithreáin;

(iii)    léarscáil ar a léirítear teorainneacha an mhianaigh;

(iv)    scéimeanna oibriúcháin mianaigh agus a stádas;

(v)    torthaí ar thomhas tiúchain meatáin i leith na ngnéithe seo a leanas:

   1) na seaftaí aerála uile a úsáideadh sa mhianach nuair a bhí sé á oibriú, i dteannta:

       - comhordanáidí an seafta

       - ainm an tseafta (más ann dó);

       - stádas séalaithe agus modh séalaithe, más eol

   2) píopaí scaoilte neamhúsáidte

   3) tobair dhraenála gáis neamhúsáidte

   4) lomáin;

5) bristeacha strataim in‑sainaitheanta i gcríoch an mhianaigh nó nasctha lena iar‑spruadar guail;

   6) poncfhoinsí féideartha astaíochtaí taifeadta eile.

Cuid 2

Ní mór na tomhais dá dtagraítear i bpointe (v) de Chuid 1 a dhéanamh i gcomhréir leis na prionsabail seo a leanas:

(i)    is gá tomhais a dhéanamh ag brú atmaisféarach ionas go mbeifear in ann aon sceitheadh meatáin féideartha a bhrath agus is gá iad a dhéanamh de réir na gcaighdeán eolaíochtaí iomchuí.

(ii)    chun tomhais a dhéanamh, ní mór gaireas a úsáid ag a bhfuil teorainn íogaireachta 10 000 páirt in aghaidh an mhilliúin ag an bhfad is gaire is féidir don fhoinse astaíochtaí ata á tomhas.

(iii)    ní mór an fhaisnéis seo a leanas a chur ar fáil leis na tomhais:

   1) dáta an tomhais

   2) brú atmaisféarach

   3) sonraí teicniúla an ghairis arna úsáid le haghaidh an tomhais

(iv)    seaftaí aerála a bhí in úsáid ag dhá mhianach nó níos mó go stairiúil, is gá na seaftaí sin a shannadh d’aon mhianach amháin, chun ríomh dúbailte a sheachaint

Cuid 3

Is gá go mbeidh na nithe seo a leanas san áireamh sa tuarascáil a leagtar amach in Airteagal 25(3):

(i)    ainm agus seoladh an oibreora, an úinéara nó an cheadúnaí, i gcás inarb infheidhme;

(ii)    seoladh an láithreáin;

(iii)    astaíochtaí meatáin ó na heilimintí uile a leagtar amach in Airteagal 25(3) lena náirítear:

   1) cineál na heiliminte

2) sonraí teicniúla an ghairis arna úsáid le haghaidh an tomhais lena n‑áirítear íogaireacht an ghairis

   3) cion an ama a bhí an gaireas tomhais á oibriú;

   4) an tiúchan meatáin arna clárú ag an ngaireas tomhais

   5) meastacháin ar astaíochtaí meatáin ón eilimint

Cuid 4

Is gá go mbeidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad san áireamh sa phlean maolaithe a leagtar amach in Airteagal 26(1):

(i)    liosta na neilimintí uile a chumhdaítear in Airteagal 25(3);

(ii)    indéantacht theicniúil mhaolú na nastaíochtaí meatáin ó eilimintí a leagtar amach in Airteagal 25(3);

(iii)    amlíne maolaithe astaíochtaí meatáin ó eilimintí a leagtar amach in Airteagal 25(3);



IARSCRÍBHINN VIII

Faisnéis le cur ar fáil ag allmhaireoirí

Chun críche na hIarscríbhinne seo, ciallaíonn ‘onnmhaireoir’ an contrapháirtí conartha i ngach conradh soláthair a rinne an t‑allmhaireoir le haghaidh seachadadh fuinnimh iontaise isteach san Aontas.

De bhun Airteagal 27, ní mór d’allmhaireoirí an fhaisnéis seo a leanas a chur ar fáil:

(i)    ainm agus seoladh an onnmhaireora, agus más difriúil leis an onnmhaireoir, ainm agus seoladh an táirgeora;

(ii)    tíortha agus réigiúin inar táirgeadh an fuinneamh a chomhfhreagraíonn d’ainmniúlacht aonad críochach le haghaidh staidrimh (NUTS) leibhéal 1 an Aontais agus tíortha agus réigiúin trínar iompaíodh an fuinneamh go dtí gur cuireadh ar mhargadh an Aontais é, a chomhfhreagraíonn d’ainmniúlacht aonad críochach le haghaidh staidrimh (NUTS) leibhéal 1;

(iii)    maidir le hola agus gás iontaise, cibé acu atá nó ach bhfuil an tonnmhaireoir ag déanamh tomhais agus tuairisciú ar a astaíochtaí meatáin, go neamhspleách nó mar chuid de ghealltanais fardal náisiúnta GCT a thuairisciú i gcomhréir le ceanglais ChreatChoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC), agus cibé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann sé ceanglais tuairiscithe UNFCC nó a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann sé caighdeáin 2.0 na Comhpháirtíochta um Meatán Gáis agus Ola. Ní mór cóip den tuarascáil is déanaí ar astaíochtaí meatáin a bheith ag gabháil leis sin, lena nairítear i gcás inar féidir, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 12(6). Ní mór modh an chainníochtaithe (amhail sraitheanna UNFCCC nó leibhéil OGMP) arna úsáid sa tuarascáil a shonrú le haghaidh gach cineáil astaíochta;

(iv)    maidir le hola agus gás, cibé acu a chuireann nó nach gcuireann an tonnmhaireoir bearta rialála nó deonacha i bhfeidhm chun a astaíochtaí meatáin a rialú, lena náirítear bearta amhail suirbhéanna braite agus deisithe sceití nó bearta chun scaoileadh agus bladhmadh meatáin a rialú agus a shrianadh. Ní mór tuairisc ar na bearta sin a bheith ag gabháil leis sin, lena náirítear, i gcas inar féidir, tuairiscí ó shuirbhéanna braite agus deisithe sceití agus ó imeachtaí scaoilte agus bladhmtha i ndáil leis an mbliain féilire is déanaí atá ar fáil;

(v)    maidir le gual, cibé acu atá nó ach bhfuil an tonnmhaireoir ag déanamh tomhais agus tuairisciú ar a astaíochtaí meatáin, go neamhspleách nó mar chuid de ghealltanais fardal náisiúnta GCT a thuairisciú i gcomhréir le ceanglais ChreatChoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC), agus cibé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann sé ceanglais tuairiscithe UNFCC nó a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann sé caighdeán idirnáisiúnta nó Eorpach le haghaidh faireacháin, tuairisciú agus fíorú astaíochtaí meatáin. Ní mór cóip den tuarascáil is déanaí ar astaíochtaí meatáin a bheith ag gabháil leis sin, lena náirítear i gcás inar féidir, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 20(6). Ní mór modh an chainníochtaithe (amhail sraitheanna UNFCCC nó leibhéil OGMP) arna úsáid sa tuarascáil a shonrú le haghaidh gach cineáil astaíochta;

(vi)    maidir le gual, cibé acu a chuireann nó nach gcuireann an tonnmhaireoir bearta rialála nó deonacha i bhfeidhm chun a astaíochtaí meatáin a rialú, lena náirítear bearta chun scaoileadh agus bladhmadh meatáin a rialú agus a shrianadh. Ní mór tuairisc ar na bearta sin a bheith ag gabháil leis sin, lena náirítear, i gcas inar féidir, tuairiscí ó imeachtaí scaoilte agus bladhmtha i ndáil leis an mbliain féilire is déanaí atá ar fáil;

(vii)    ainm an eintitis a rinne an fíorú neamhspleách ar na tuairiscí dá dtagraítear i bpointí (iii) agus (v), má rinneadh a leithéid.

Top