EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52021PC0561

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le cothrom iomaíochta a áirithiú le haghaidh aeriompar inbhuanaithe

COM/2021/561 final

An Bhruiséil,14.7.2021

COM(2021) 561 final

2021/0205(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le cothrom iomaíochta a áirithiú le haghaidh aeriompar inbhuanaithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SEC(2021) 561 final} - {SWD(2021) 633 final} - {SWD(2021) 634 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Tá margadh inmheánach eitlíochta a fheidhmíonn go maith agus atá iomaíoch ríthábhachtach le haghaidh shoghluaisteacht shaoránaigh na hEorpa agus le haghaidh gheilleagar na hEorpa ina iomláine. In 2018, d’fhostaigh na tionscail eitlíochta agus aerloingseoireachta tuairim is 0.4 milliún duine go díreach san Aontas 1 agus chuir siad thart ar 2.1 % 2 le holltáirgeacht intíre an Aontais in 2017. Déanann an eitlíocht comhtháthú sóisialta agus réigiúnach a chur chun cinn go láidir, rud a chuireann borradh faoin turasóireacht, a spreagann gnó agus a nascann daoine le chéile. In 2018 3 , d’eitil os cionn 1.2 billiún paisinéir chuig níos mó ná 500 aerfort san Eoraip agus uathu. Rannchuidíonn earnáil eitlíochta an Aontais le lánpháirtiú na hEorpa agus treisíonn sí seasamh an Aontais mar cheannaire geopholaitiúil.

Tá an nascacht aeir ina spreagadh ríthábhachtach maidir le soghluaisteacht shaoránaigh an Aontais, forbairt réigiúin an Aontais, agus fás an gheilleagair ina iomláine. Is fearr a áirithítear leibhéil arda nascachta aeir laistigh den Aontas, chomh maith leis an nascacht aeir lena n‑aghaidh siúd a thagann chuig an Aontas agus a imíonn as, nuair a bhíonn cothrom iomaíochta i bhfeidhmiú mhargadh aeriompair an Aontais, margadh inar féidir leis na gníomhaithe margaidh uile oibriú ar bhonn comhionannas deiseanna. Nuair a tharlaíonn saobhadh margaidh, bíonn an baol ann go gcuirfí oibreoirí aerárthaí nó aerfoirt faoi mhíbhuntáiste i leith iomaitheoirí. Dá réir sin, d’fhéadfadh sé go gcaillfí iomaíochas an tionscail dá bharr sin, agus go gcaillfí nascacht aeir le haghaidh saoránach agus gnólachtaí.

Tá sé ríthábhachtach cothrom iomaíochta a áirithiú ar fud mhargadh aeriompair an Aontais, go háirithe, i dtaca le húsáid breosla eitlíochta. Go deimhin, baineann sciar mór de chostais na n‑oibreoirí aerárthaí le breosla eitlíochta, i.e. suas le 25 % de na costais oibriúcháin. Is féidir tionchar tábhachtach a bheith ag difríochtaí i bpraghas breosla eitlíochta ar fheidhmíocht eacnamaíoch oibreoirí aerárthaí. Thairis sin, d’fhéadfadh oibreoirí aerárthaí a straitéisí athbhreoslaithe a oiriúnú ar chúiseanna eacnamaíocha de bharr difríochtaí i bpraghas breosla eitlíochta idir suímh gheografacha, mar atá ann faoi láthair idir aerfoirt de chuid an Aontais nó idir aerfoirt de chuid an Aontais agus aerfoirt lasmuigh den Aontas.

Tarlaíonn cleachtais amhail ‘forlíonadh na n‑umar breosla’ nuair a thógann oibreoirí aerárthaí níos mó breosla eitlíochta ar bord ná mar is gá ag aerfort ar leith, cleachtas arb é is aidhm dó athbhreoslú páirteach nó iomlán a sheachaint ag aerfort ceann scríbe ina bhfuil breosla eitlíochta níos costasaí. Dóitear níos mó breosla ná mar is gá mar thoradh ar fhorlíonadh na n‑umar breosla, agus dá bhrí sin is airde na hastaíochtaí agus baintear an bonn don iomaíocht chóir i margadh aeriompair an Aontais. Chomh maith le bheith contrártha d’iarrachtaí an Aontais an eitlíocht a dhícharbónú, déanann forlíonadh na n‑umar breosla dochar don iomaíocht shláintiúil idir gníomhaithe sa mhargadh eitlíochta freisin. Mar thoradh ar thabhairt isteach breoslaí eitlíochta inbhuanaithe in aerfoirt Aontais agus an borradh a bheidh faoina n‑úsáid, d’fhéadfadh cleachtais a bhaineann le forlíonadh na n‑umar breosla a bheith níos forleithne de dheasca méadú ar chostas an bhreosla eitlíochta. Maidir le forlíonadh na n‑umar breosla, dá bhrí sin, dírítear leis an Rialachán seo ar chothrom iomaíochta in earnáil an aeriompair a athbhunú agus a chaomhnú, agus an tráth céanna aon éifeacht dhíobhálach ar an gcomhshaol a sheachaint.

I mí na Nollag 2020, ghlac an Coimisiún an Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste 4 . Leagtar amach sa straitéis sin an cuspóir atá ann borradh a chur faoi ghlacadh breoslaí eitlíochta inbhuanaithe. D’fhéadfadh breoslaí eitlíochta inbhuanaithe rannchuidiú go mór le sprioc mhéadaithe aeráide an Aontais do 2030 a bhaint amach mar aon le cuspóir aeráidneodrachta an Aontais. Chun críoch an tionscnaimh seo, ciallaíonn breoslaí eitlíochta inbhuanaithe breoslaí intiteáin leachtacha is féidir a chur in ionad gnáthbhreosla eitlíochta. Chun laghdú suntasach a dhéanamh ar a cuid astaíochtaí, ní mór d’earnáil na heitlíochta a spleáchas eisiach láithreach ar bhreosla scairde iontaise a laghdú agus dlús a chur lena haistriú chuig cineálacha nuálacha inbhuanaithe breoslaí agus teicneolaíochtaí. Cé go bhfuil tuar dóchais ann go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ag teicneolaíochtaí tiomána malartacha le haghaidh aerárthaí, amhail cumhachtú le leictreachas nó le hidrigin, teastóidh iarracht mhór chun iad a úsáid chun críoch tráchtála agus am chun ullmhú chuige sin. Toisc gur gá don earnáil aeriompair aghaidh a thabhairt cheana féin ar a lorg carbóin maidir le gach raon eitilte faoi 2030, beidh ról fíor-riachtanach ag breoslaí leachtacha eitlíochta inbhuanaithe. Ar an ábhar sin, tá gá le bearta freisin chun soláthar agus úsáid breoslaí eitlíochta inbhuanaithe ag aerfoirt an Aontais a mhéadú.

Cé gur deimhníodh úsáid roinnt conairí breoslaí eitlíochta inbhuanaithe san eitlíocht, tá a n‑úsáid diomaibhseach faoi láthair, de bharr easpa táirgthe ar chostas réasúnta. Tá gá le sainordú cumaisc lena ndírítear go sonrach ar earnáil na heitlíochta, chun glacadh leis na teicneolaíochtaí breosla is nuálaí agus is inbhuanaithe a spreagadh sa mhargadh. D’fhágfadh sé sin go bhféadfaí an inniúlacht táirgeachta a mhéadú agus na costais táirgeachta a ísliú le himeacht ama. Ós rud é gur cheart 5 % ar a laghad de bhreoslaí eitlíochta a bheith ina mbreoslaí eitlíochta inbhuanaithe faoi 2030 agus 63 % faoi 2050, tá sé fíor-riachtanach go mbeidh an acmhainneacht is airde ag na teicneolaíochtaí breosla lena dtacaítear faoin Rialachán seo i dtéarmaí nuálaíochta, dícharbónaithe agus infhaighteachta. Is coinníoll sine qua non é sin chun freastal ar an éileamh eitlíochta amach anseo agus chun rannchuidiú leis na cuspóirí dícharbónaithe a bhaint amach. Ba cheart bithbhreoslaí forbartha agus breoslaí eitlíochta sintéiseacha a chumhdach leis sin go háirithe. Go háirithe, d’fhéadfadh breoslaí eitlíochta sintéiseacha laghdú chomh hard le 85 % nó níos mó ar astaíochtaí a bhaint amach i gcomparáid le breosla eitlíochta iontaise. Nuair a tháirgtear iad ó leictreachas in‑athnuaite agus ó charbón arna ghabháil go díreach ón aer, is féidir an laghdú féideartha ar astaíochtaí i gcomparáid le breosla eitlíochta iontaise a bheith chomh hard le 100 %. Dá bhrí sin, is iad breoslaí eitlíochta sintéiseacha is mó atá in acmhainn na breoslaí uile a mheastar faoin tionscnamh seo a dhícharbónú. I gcomparáid le táirgeadh conairí breoslaí eitlíochta inbhuanaithe eile, tá a bpróiseas táirgthe an‑éifeachtúil ó thaobh na n‑acmhainní de freisin, go háirithe maidir le húsáid uisce. Cé go bhféadfaí rannchuidiú go mór le dícharbónú na hearnála le breoslaí eitlíochta sintéiseacha, ní dócha go dtiocfaidh méideanna suntasacha díobh chun cinn ar an margadh faoi 2030 in éagmais tacaíocht thiomnaithe bheartais. Go deimhin, meastar go bhfuil costas táirgthe breoslaí eitlíochta sintéiseacha idir 3 agus 6 oiread níos airde ná praghas reatha an mhargaidh ar bhreosla eitlíochta iontaise. Ós rud é go meastar go mbeidh ról ag breoslaí eitlíochta sintéiseacha i ndícharbónú na hearnála cheana féin faoi 2030, agus gur cheart 28 % ar a laghad den mheascán breosla eitlíochta a dhéanamh suas leo faoi 2050, is gá, dá bhrí sin, fo-oibleagáid thiomnaithe a leagan amach sa Rialachán seo, rud a chuirfidh lena gcur ar an margadh. Meastar leis sin go mbainfear an riosca go páirteach d’infheistíochtaí in inniúlacht táirgeachta breoslaí sintéiseacha eitlíochta agus go n‑éascófar méadú ar an acmhainn táirgeachta.

Ar chúiseanna inbhuanaitheachta, níor cheart tacaíocht a thabhairt do bhithbhreoslaí den chéad ghlúin amhail bithbhreoslaí a dhíorthaítear ó bharra bia agus ó bharra beatha, ar beag an acmhainneacht inscálaitheachta atá iontu agus ar cúis imní iad ó thaobh na hinbhuanaitheachta de. Tarlaíonn athrú indíreach ar an talamhúsáid nuair a shaothraítear barra le haghaidh bithbhreoslaí seachas le haghaidh bia agus beatha mar a dhéantaí go traidisiúnta. Cuireann an t‑éileamh breise sin brú breise ar an talamh agus mar thoradh air, d’fhéadfadh sé go leathnófaí talamh talmhaíochta le go gcumhdófaí limistéir a bhfuil stoc ardcharbóin orthu amhail foraoisí, bogaigh agus talamh portaigh, rud a mhéadódh na hastaíochtaí gás ceaptha teasa. Tá sé léirithe ag taighde go mbraitheann scála na héifeachta ar fhachtóirí éagsúla, lena n‑áirítear an cineál amhábhair a úsáidtear chun breosla a tháirgeadh, leibhéal an éilimh breise ar amhábhar a eascraíonn as úsáid bithbhreoslaí, agus a mhéid a chosnaítear talamh le stoc ardcharbóin ar fud an domhain. Sainaithníodh ardriosca go mbeidh athrú indíreach ar an talamhúsáid mar thoradh ar bhithbhreoslaí, is é sin, breoslaí a táirgeadh ó amhábhar a tugadh faoi deara ina leith go leathnaíodh an limistéar táirgthe go suntasach ionas go bhfuil sé ag brú isteach ar thalamh ar a bhfuil stoc ardcharbóin. I dteannta na n‑astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann le hathrú indíreach ar an talamhúsáid – ar féidir leis roinnt de na laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann le bithbhreoslaí aonair, nó iad ar fad, a chur ar ceal – baineann baol don bhithéagsúlacht leis an athrú indíreach ar an talamhúsáid freisin. Tá an baol sin thar a bheith tromchúiseach i ngeall ar leathnú mór a d’fhéadfadh a theacht ar an táirgeadh de bharr méadú suntasach ar an éileamh. Dá réir sin, níor cheart breoslaí a dhíorthaítear ó bharra bia agus barra beatha a chur chun cinn. Tá an cur chuige sin i gcomhréir le creat beartais ábhartha an Aontais, a mbíonn claonadh ann úsáid bithbhreoslaí a dhíorthaítear ó bharra a theorannú, nó a chéimniú amach de réir a chéile fiú, ar chúiseanna comhshaoil. Tá sé sin amhlaidh go háirithe sa Treoir maidir le Fuinneamh In‑Athnuaite, lena gcuirtear uasteorainn le húsáid bithbhreoslaí a dhíorthaítear ó bharra mar gheall ar na tairbhí teoranta a bhaineann leo le haghaidh an chomhshaoil, an poitéinseal teoranta atá acu maidir le gáis ceaptha teasa a laghdú, agus an iomaíocht dhíreach a bhíonn ann idir na bithbhreoslaí sin agus na hearnálacha bia agus beatha maidir le rochtain ar amhábhar. Ba cheart é a bheith d’aidhm freisin ag neamháireamh bithbhreoslaí a dhíorthaítear ó bharra an baol a sheachaint go n‑aistreofaí bithbhreosla ón earnáil bóthair i dtreo an aeriompair, toisc go bhféadfadh sé sin moill a chur ar dhícharbónú an iompair de bhóthar, arb é an modh iompair is mó a eascraíonn truailliú as fós faoi láthair. Tá leibhéil ísle éilimh ar bhithbhreoslaí a dhíorthaítear ó bharra bia agus beatha in earnáil na heitlíochta faoi láthair, ós rud é gur de bhunadh iontaise iad os cionn 99 % de na breoslaí eitlíochta a úsáidtear faoi láthair. Is iomchuí, dá bhrí sin, cruthú éilimh mhóir a sheachaint a d’fhéadfadh a bheith ann ar bhithbhreoslaí a dhíorthaítear ó bharra bia agus beatha trína n‑úsáid a chur chun cinn faoin Rialachán seo.

Na teicneolaíochtaí is aibí ó thaobh na tionsclaíochta de agus a bhfuil leibhéil arda acmhainne inbhuanaitheachta iontu an tráth céanna, amhail breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a tháirgtear ó lipidí dramhaíola (amhábhar a liostaítear i gCuid B d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le RED II), ba cheart iad a bheith incháilithe chun an margadh a sheoladh agus laghduithe ar astaíochtaí a cheadú cheana sa ghearrthéarma. Cé go bhfuiltear ag súil go laghdófar go mór le beart den sórt sin ar astaíochtaí ó earnáil an iompair ina hiomláine, faoi láthair déantar tromlach mór na mbithbhreoslaí leachtacha a tháirgeadh le haghaidh na hearnála bóthair. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé go n‑aistreofaí an t‑amhábhar chun bithbhreoslaí a tháirgeadh san earnáil bóthair chuig táirgeadh san earnáil eitlíochta, ach bheadh an t‑aistriú sin teoranta. Go deimhin, meastar go bhféadfadh an t‑aistriú féideartha i gcás bithbhreoslaí a tháirgtear faoi Chuid B d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le RED II a bheith thart ar 3.2 % faoi 2030 5 .

Mar thoradh ar bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe a bheith á dtabhairt isteach de réir a chéile ar mhargadh an aeriompair, táthar ag súil go dtiocfaidh méadú ar chostais bhreosla eitlíochta le haghaidh aerlínte. Mar gheall air sin, d’fhéadfaí dlús a chur le bearta saofa a bhí á ndéanamh cheana ag oibreoirí aerárthaí, amhail forlíonadh na n‑umar breosla. Dá bhrí sin, is é is aidhm don togra seo le haghaidh Rialacháin margadh eitlíochta an Aontais a spreagadh le rialacha stóinsithe chun a áirithiú gur féidir an sciar de bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe atá ag méadú de réir a chéile a thabhairt isteach ag aerfoirt an Aontais gan dochar a dhéanamh d’iomaíochas mhargadh inmheánach eitlíochta an Aontais.

Oibleagáid shoiléir aonfhoirmeach a fhorchur ar gach soláthróir breosla eitlíochta ar mhargadh inmheánach an Aontais, sin toisc fíor-riachtanach chun a áirithiú nach ndéanann an oibleagáid breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a sholáthar dochar do chothrom iomaíochta mhargadh an aeriompair. I ngeall ar an ngné bhunúsach thrasteorann agus dhomhanda den aeriompar, is fearr Rialachán comhchuibhithe atá sonrach don eitlíocht ná creat a éilíonn trasuí ar an leibhéal náisiúnta, toisc go bhféadfadh meascán de bhearta náisiúnta lena mbaineann ceanglais agus spriocanna éagsúla a bheith mar thoradh ar an saghas sin creata. Chun beartas a cheapadh ar bhealach soiléir agus éifeachtach, ba cheart oibleagáidí ar sholáthróirí breosla eitlíochta i dtaca le breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a leagan amach go heisiach sa Rialachán sin, ar lex specialis é den Treoir maidir le Fuinneamh In‑Athnuaite. Ós rud é go socraítear sciartha íosta de bhreosla eitlíochta inbhuanaithe leis an Rialachán, ní chuirtear cosc leis ar aerlínte ná ar sholáthróirí breosla tabhairt faoi chuspóirí comhshaoil níos uaillmhianaí ná buntáistí eile eacnamaíocha/airgeadais a bhaineann le breosla eitlíochta inbhuanaithe a lorg trí sciar níos airde de bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe a chur ar bord nó a sholáthar. Chuige sin, ba cheart d’aerlínte a bheith in ann féachaint le socruithe leordhóthanacha a áirithiú le soláthróirí breosla eitlíochta chun méadú a dhéanamh ar an nglacadh atá acu le breoslaí eitlíochta inbhuanaithe. Ní áirítear sa Rialachán acmhainneacht trádála na húsáide a bhaintear as breosla eitlíochta inbhuanaithe (an córas ar a dtugtar ‘book and claim’). Dá dtabharfaí trádáil isteach tráth ar bith amach anseo, ba cheart í a rialú le rialacha daingne lena n‑áiritheofaí sláine chomhshaoil an chórais.

Chomh maith leis an Rialachán seo, ba cheart iarrachtaí treisithe a bheith á ndéanamh ag an Aontas agus a Bhallstáit ag ICAO spriocanna ceangailteacha a bhunú maidir le breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a úsáid san eitlíocht idirnáisiúnta, le comhghuaillíocht straitéiseach de chuid an Aontais chun an slabhra luacha a neartú le haghaidh táirgeadh breoslaí eitlíochta inbhuanaithe san Aontas, go háirithe i gcás na dteicneolaíochtaí is nuálaí amhail bithbhreoslaí forbartha agus breoslaí sintéiseacha eitlíochta, lena n‑áirítear go háirithe sásraí cistiúcháin amhail conarthaí le haghaidh difríochtaí agus bearta chun deimhniú teicneolaíochtaí breoslaí eitlíochta inbhuanaithe nuálacha a éascú.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá an togra reatha le haghaidh Rialacháin comhsheasmhach le beartas aeriompair an Aontais, agus go háirithe leis na rialacha ábhartha atá mar chreat le haghaidh mhargadh inmheánach eitlíochta an Aontais. Tá na cuspóirí céanna á saothrú leis agus atá le Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal, eadhon a áirithiú gur féidir le haerlínte atá ag oibriú san Aontas dul san iomaíocht ar bhonn comhdheiseanna. Tá an Rialachán atá beartaithe i gcomhréir freisin le Rialachán (AE) 2019/712 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le hiomaíocht san aeriompar a chosaint, arb é is aidhm dó a áirithiú gur féidir le gach aeriompróir a oibríonn chuig an Aontas agus amach as tairbhe a bhaint as cothrom iomaíochta.

Tá an togra seo le haghaidh Rialacháin i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (EASA), agus go háirithe le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún an 5 Deireadh Fómhair 2012 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le hoibríochtaí aeir. Leis an Rialachán atá beartaithe, ceanglaítear ar EASA tuarascálacha a fháil ó aerlínte agus a phróiseáil, go háirithe maidir leis an mbreosla eitlíochta a chuireann siad ar bord. Ba cheart don oibleagáid maidir le breoslaí eitlíochta a chur ar bord a bhunaítear faoin Rialachán atá beartaithe a bheith comhsheasmhach leis na rialacha maidir le sábháilteacht breosla eitlíochta mar a leagtar amach faoi Rialachán (AE) Uimh. 965/2012.

Tá an Rialachán atá beartaithe i gcomhréir leis an Treoir maidir le Fuinneamh In‑Athnuaite 6 (RED II), mar táthar ag súil go dtiocfaidh méadú ar úsáid fuinnimh in‑athnuaite san aeriompar. Tá an Rialachán atá beartaithe ag brath ar chomhpháirteanna rialacha RED II, go háirithe a chreat inbhuanaitheachta. Creat trasearnála is ea RED II lena leagtar síos spriocanna le haghaidh earnálacha uileghabhálacha. Níor leor é borradh a chur faoi ghlacadh breoslaí eitlíochta inbhuanaithe i ngeall ar shainiúlachtaí na hearnála eitlíochta, go háirithe an brú láidir atá ar an earnáil maidir le costas iomaíoch ar fud an Aontais agus go domhanda, chomh maith le margadh inmheánach eitlíochta an Aontais atá thar a bheith comhtháite agus iomaíoch agus an ghné dhomhanda a bhaineann leis. Leis an Rialachán atá beartaithe, leagtar síos ceanglais lán‑chomhchuibhithe chun cothrom iomaíochta a áirithiú idir aerlínte agus chun míbhuntáiste san iomaíocht idir aerfoirt an Aontais a sheachaint.

Tá an Rialachán atá beartaithe comhleanúnach le Scéim an Aontais Eorpaigh maidir le Trádáil Astaíochtaí (CTA) 7 , a bhfuil feidhm aici maidir le heitlíocht. Táthar ag súil go n‑idirghníomhóidh sé go réidh le AE CTA, ina bhfuil dreasacht d’oibreoirí aerárthaí breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a úsáid, i.e. níl sé de cheangal ar aerlínte lamháltais a thabhairt suas agus úsáid breosla eitlíochta inbhuanaithe á tuairisciú acu. Táthar ag súil go neartófar éifeacht AE CTA i gcomhthéacs an athbhreithnithe a dhéanfar air go luath. Tá an Rialachán atá beartaithe ag brath ar AE CTA trí chrostagairt a dhéanamh do na próisis a éilítear chun go ndéanfaidh aerlínte tuarascálacha a fhíorú (Airteagail 14 agus 15 de AE CTA).

Tá an Rialachán atá beartaithe comhleanúnach leis an Treoir maidir le Bonneagar Breoslaí Malartacha, ach meastar nach mbeidh ach idirghníomhaíocht theoranta aige leis. Leis an treoir, cruthaítear creat coiteann beart chun bonneagar breoslaí malartacha a imscaradh san Aontas. Ós rud é go bhfuil breoslaí eitlíochta inbhuanaithe idirmhalartach le breosla scairde traidisiúnta, tá an gá le bonneagar breise ag aerfoirt teoranta, ach mar sin féin tá sé tábhachtach a áirithiú go mbeidh an bonneagar a chuirtear ar fáil oiriúnach don fheidhm.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá cuspóirí an Rialacháin atá beartaithe i gcomhréir freisin le cuspóirí an Chomhaontaithe Glas don Eoraip, eadhon 55 % de laghduithe ar astaíochtaí a bhaint amach ar leibhéal an Aontais faoi 2030 agus geilleagar atá neodrach ó thaobh carbóin de a bhaint amach faoi 2050. Is é is aidhm dó cothrom iomaíochta a áirithiú i measc gníomhaithe an mhargaidh aonair eitlíochta, agus an earnáil a fheistiú le rialacha stóinsithe lena n‑áiritheofar a hiomaíochas agus, an tráth céanna, tugtar isteach léi an sciar méadaitheach de bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe. Tá sé sin i gcomhréir le cuspóirí beartais an Aontais maidir le téarnamh tapa na n‑earnálacha is measa atá buailte mar gheall ar ghéarchéim COVID-19 agus Margadh Aonair láidir de chuid an Aontais, a chabhróidh le hardleibhéil fáis agus post a bhaint amach. Ar deireadh, tá an Rialachán atá beartaithe i gcomhréir leis na cuspóirí maidir le haistriú ó fhuinneamh iontaise chuig foinsí in‑athnuaite fuinnimh, agus slándáil fuinnimh an Aontais a fheabhsú trínár spleáchas ar tháirgí fuinnimh ó thríú tíortha a laghdú.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é is aidhm don Rialachán atá beartaithe cothrom iomaíochta a áirithiú i measc gníomhaithe an mhargaidh aonair eitlíochta agus an earnáil a fheistiú le rialacha stóinsithe lena n‑áiritheofar a hiomaíochas, agus a hinbhuanaitheacht á háirithiú an tráth céanna. Áireofar sa téacs dlíthiúil forálacha mionsonraithe atá sonrach don eitlíocht chun freastal ar chastachtaí na hearnála.

Le hAirteagal 100(2) tugtar de chumhacht don Aontas forálacha iomchuí a leagan síos maidir leis an aeriompar.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Is ábhar an‑ábhartha é an t‑aeriompar san Aontas, ós rud é gur margadh fíor-chomhtháite é a oibríonn mar chuid de líonra ar fud an Aontais ar fad agus níos faide i gcéin. Gné bhunúsach den aeriompar is ea an ghné trasteorann, rud a fhágann go bhfuil aon chreat rialála ilroinnte ina chonstaic shuntasach le haghaidh gníomhaithe eacnamaíocha an aeriompair.

Tá gá le hidirghabháil ar leibhéal an Aontais toisc nach féidir aghaidh leordhóthanach a thabhairt ar iomaíochas mhargadh inmheánach eitlíochta an Aontais ina iomláine ar an leibhéal náisiúnta. Tá gá le hidirghabháil ar leibhéal an Aontais chun meascán mearaí de bhearta náisiúnta a sheachaint go háirithe, a bhféadfadh éifeachtaí neamhbheartaithe a bheith acu. Cé gurb é cuspóir an Rialacháin atá beartaithe cothrom iomaíochta a athbhunú i margadh an aeriompair, d’fhéadfadh sé go mbeadh a mhalairt d’éifeacht ag leibhéil éagsúla oibleagáidí in aghaidh an Bhallstáit agus go ndéanfaí an margadh eitlíochta a shaobhadh a thuilleadh, agus go spreagfaí cleachtais dhíobhálacha dá réir ag oibreoirí aerárthaí amhail forlíonadh na n‑umar breosla.

Ar deireadh, a mhéid a bhaineann le hoibleagáid a chur ar sholáthar breoslaí eitlíochta inbhuanaithe, táthar ag súil go mbeidh gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais lena mbaineann rialacha comhchuibhithe atá sonrach don eitlíocht agus a bhfuil feidhm dhíreach acu maidir le gníomhaithe margaidh níos éifeachtaí ná bearta náisiúnta lena leagtar síos ceanglais agus spriocanna éagsúla.

Comhréireacht

Táthar ag súil go leagfaidh gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais treo soiléir beartais amach do ghníomhaithe sa mhargadh ó thionscail na heitlíochta agus ón tionscail bhreosla araon. Le sraith shoiléir amháin de rialacha de chuid an Aontais ar leibhéal an Aontais, cuirtear ar chumas aerlínte oibriú ar bhonn comhionannas deiseanna ar fud an Aontais, agus cothrom iomaíochta á thabhairt ar ais d’aerlínte agus aerfoirt. Tabharfaidh sé comharthaí soiléire freisin do thionscal na mbreoslaí eitlíochta maidir le leibhéal an tsoláthair breosla agus maidir leis na teicneolaíochtaí breosla chun infheistíocht a dhéanamh iontu. Ciallaíonn sraith aonair rialacha costais chomhlíonta laghdaithe do ghníomhaithe sa mhargadh freisin.

Rannchuideodh gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais maidir le breosla eitlíochta inbhuanaithe le huaillmhian mhéadaithe an Aontais a bhaint amach maidir leis an aeráid mar a leagtar amach sa Dlí Aeráide Eorpach. Bunaítear leis an bPlean um Sprioc Aeráide 2030 go bhfuil ról tábhachtach ag breosla eitlíochta inbhuanaithe maidir le hastaíochtaí ón eitlíocht a laghdú faoi 2030 agus 2050 agus spriocanna aeráide an Aontais a bhaint amach. Dá bhrí sin, trí rialacha an Aontais maidir le táirgeadh agus úsáid breosla eitlíochta inbhuanaithe a bhunú, is féidir cur chuige ‘saincheaptha’ a ghlacadh chun na spriocanna a bhaint amach. Dá mbeifí ag brath ar bhearta náisiúnta agus orthu sin amháin, ar dócha go mbeadh spriocanna éagsúla (más ann dóibh) ag baint leo, bheadh an baol ann nach leor leibhéal comhiomlánaithe na huaillmhéine. Leis an tionscnamh atá ann faoi láthair is féidir tacú freisin leis an athbhreithniú atá le déanamh ar an Treoir maidir le Fuinneamh In‑Athnuaite trí sciar an fhuinnimh in‑athnuaite in earnáil an iompair a threisiú.

Féadfaidh tionchar dearfach a bheith ag gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais ar an leibhéal idirnáisiúnta. Ós rud é go mbeadh tionchar ag idirghabháil ón Aontas ar mhargadh na heitlíochta agus ar mhargadh breosla eitlíochta inbhuanaithe an Aontais ina n‑iomláine, meastar go mbeidh tosaíocht níos mó aici i leith tríú tíortha ná mar a bheadh ag tionscnaimh náisiúnta iargúlta. Is dócha go dtarlóidh éifeachtaí iarmharta ar bhealach níos éasca freisin, a bhféadfadh breithniú ar ghlacadh bearta comhchosúla ag tríú tíortha a bheith mar thoradh orthu. D’fhéadfadh sé sin dlús a chur leis an obair leanúnach ar leibhéal ICAO maidir le húsáid breosla eitlíochta inbhuanaithe. I mbeagán focal, d’fhéadfadh gníomhaíocht de chuid an Aontais tuilleadh forbairtí a spreagadh maidir le táirgeadh agus glacadh breosla eitlíochta inbhuanaithe lasmuigh den Aontas, rud a d’fhéadfadh cabhrú le cothrom iomaíochta a chruthú ar an leibhéal domhanda, chomh maith le hastaíochtaí aeriompair a laghdú ar raon níos leithne.

An rogha ionstraime

Ní mór an tionscnamh seo a chur i bhfeidhm go tapa agus go héifeachtúil, mar phríomhaidhm insoláthartha de chuid an Comhaontaithe Ghlais don Eoraip agus na Straitéise Cuimsithí um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste, agus mar bhloc riachtanach chun spriocanna aeráide an Aontais a bhaint amach faoi 2030 agus 2050 trína áirithiú go gcuirfidh earnálacha na heitlíochta dlús lena ndícharbónú féin gan na tairbhí dea-léirithe a bhaineann le margadh inmheánach eitlíochta atá an‑chomhtháite a chur i mbaol. Mar a mhínítear i roinn 1.4 agus in Iarscríbhinn 11, is fearr is féidir é sin a bhaint amach trí rialáil dhíreach a dhéanamh ar ghníomhaithe eacnamaíocha ar leibhéal an Aontais trí bhíthin Rialachán maidir leis an margadh inmheánach. Go deimhin, le rialacha comhchoiteanna a mbeidh feidhm dhíreach aonfhoirmeach acu maidir le gníomhaithe an mhargaidh eitlíochta agus breosla ar fud an Aontais, beidh soiléireacht agus aonfhoirmeacht ann. Ós rud é gur cuid dhílis de chomhtháthú an Aontais é an margadh aonair eitlíochta, is fearr a fheidhmíonn sé nuair a chuirtear rialacha i bhfeidhm maidir le gach aerlíne ar an gcaoi chéanna. Má fhorchuirtear na ceanglais chéanna ar gach gníomhaí sa mhargadh, laghdaítear an baol go saobhfar an iomaíocht agus cuirtear comharthaí soiléire ar fáil do ghníomhaithe margaidh eitlíochta nach gníomhaithe de chuid an Aontais iad agus iad ag eitilt san Aontas. Le sraith aonfhoirmeach rialacha ar fud an Aontais, mar a bhunaítear faoi Rialachán, beifear in ann comharthaí ríshoiléire a sheoladh chuig an margadh. Ós rud é go n‑éilíonn an t‑aistriú chuig breosla eitlíochta inbhuanaithe infheistíochtaí suntasacha, tá sé fíor-riachtanach go gcuirfidh an creat rialála tacar aonair, fadtéarmach agus láidir rialacha ar fáil do gach infheisteoir ar fud an Aontais. Go háirithe, tá sé ríthábhachtach nach gcruthófar meascán de bhearta éagsúla ar an leibhéal náisiúnta, mar a bheadh amhlaidh dá gcuirfí chun feidhme é faoi threoir trasearnálach. Cé gur féidir leis sin feidhmiú le modhanna iompair amhail iompar de bhóthar nó d’iarnród, ní fhéadfadh rath a bheith air i gcás modhanna iompair ar modhanna trasteorann iad agus atá chomh domhanda leis an eitlíocht. Scála margaidh fhormhór na n‑aerlínte, baineann sé leis an Aontas ar fad nó feidhmíonn sé ar an leibhéal domhanda fiú. D’fhéadfadh meascán de thrasuíomhanna náisiúnta éifeachtacht an bheartais a laghdú agus dícharbónú éifeachtach an aeriompair a chur i mbaol. D’fhéadfadh sé a bheith ina chabhair freisin le cineálacha éagsúla iompair eacnamaíoch i dtionscail na heitlíochta agus an bhreosla ó Bhallstát amháin go Ballstát eile. D’fhéadfadh cleachtais maidir le costais a sheachaint (e.g. trí bhíthin fhorlíonadh na n‑umar breosla) a bheith mar thoradh air sin, rud a bhainfeadh an bonn d’fheidhmiú an Mhargaidh Aonair. Beidh tionchar tábhachtach ag an tionscnamh seo ar ghníomhaithe aeriompair agus ar mhargadh inmheánach na heitlíochta ina iomláine. Tá sé fíor-riachtanach go mbeidh feidhm ag na hoibleagáidí a leagtar ar gach aerlíne maidir le gach aerlíne ar bhealach aonfhoirmeach, mar is féidir a áirithiú trí bhíthin rialacháin. Tá sé chomh tábhachtach céanna d’éifeachtacht an tionscnaimh seo go ndéanfar an oibleagáid maidir le soláthar breosla a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú ar bhealach aonfhoirmeach. D’fhéadfadh oibleagáidí éagsúla maidir le soláthar breosla i réimsí éagsúla den Aontas (e.g. spriocanna éagsúla, caighdeáin éagsúla inbhuanaitheachta, etc.) difríochtaí a chruthú idir aerlínte maidir le cóireálacha agus d’fhéadfadh saobhadh iomaíochta a bheith mar thoradh orthu idir aerfoirt an Aontais nó d’fhéadfaí gníomhaithe eitlíochta an Aontais a chur faoi mhíbhuntáiste i gcomparáid le hiomaitheoirí lasmuigh den Aontas. Ba cheart an tionscnamh seo a chur chun feidhme i rialachán aonair chun freastal ar shainiúlachtaí agus ar chastacht mhargadh aonair na heitlíochta.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Is tionscnamh nua é seo. Dá bhrí sin, ní dhearnadh aon mheastóireacht ex-post ná seiceáil oiriúnachta.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Rinneadh an togra seo le haghaidh Rialacháin tar éis comhairliúchán cuimsitheach a rinneadh le linn 2020. Rinne an Coimisiún comhairliúchán poiblí i mí an Mhárta agus i mí Aibreáin 2020 maidir leis an measúnú tionchair tosaigh. Fuarthas 121 phíosa aiseolais ar an iomlán ó údaráis phoiblí, ó thionscal na haerloingseoireachta agus tionscal an bhreosla, ó eagraíochtaí neamhbhrabúis, ón lucht acadúil agus ó shaoránaigh. Tríd is tríd, léirigh an t‑aiseolas go dtacaítear le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais chun borradh a chur faoi ghlacadh breoslaí eitlíochta inbhuanaithe. D’eagraigh an Coimisiún dhá chruinniú comhchéime (i mí an Mhárta agus i mí na Samhna 2020), ina raibh seisiúin gach uair a bhí dírithe ar phlé le páirtithe leasmhara agus leis na Ballstáit, agus seisiúin a bhí dírithe ar phlé leis na Ballstáit amháin. Ag na cruinnithe comhchéime bhí deis tuairimí díreacha a fháil agus malartú a dhéanamh leis na rannpháirtithe maidir leis an ngá atá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais maidir le breoslaí eitlíochta inbhuanaithe. Ag an gcéad chruinniú comhchéime, bhíothas in ann léargais luachmhara a fháil maidir le sainiú na faidhbe, agus díríodh sa dara cruinniú comhchéime ar na roghanna beartais, lenar cuireadh ar chumas na rannpháirtithe a dtuairimí a thabhairt maidir lena rogha tosaíochta, agus moladh iontu coigeartuithe a dhéanamh ar dhearadh na roghanna atá beartaithe. Reáchtáladh comhairliúchán poiblí oscailte 12 sheachtain ó mhí Lúnasa go mí Dheireadh Fómhair 2020. Bailíodh 156 fhreagra ar an iomlán ó údaráis phoiblí, ó thionscal na haerloingseoireachta agus tionscal an bhreosla, ó eagraíochtaí neamhrialtasacha, ón lucht acadúil agus ó shaoránaigh. Tríd is tríd, léirigh na freagraí go dtacaítear le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais chun borradh a chur faoi ghlacadh breoslaí eitlíochta inbhuanaithe i bhfoirm sainordú cumaisc maidir le breosla eitlíochta inbhuanaithe. Bailíodh faisnéis luachmhar faoi rogha na bhfreagróirí i leith dearaí sonracha an bhirt seo. Ar deireadh, le linn an staidéir tacaíochta a rinne conraitheoir seachtrach, rinneadh comhairliúchán spriocdhírithe chun léargais shonracha agus mhionsonraithe a fháil ar fheidhmiú an mhargaidh eitlíochta, ar staid mhargadh na mbreoslaí eitlíochta, ar tháirgeadh breoslaí eitlíochta inbhuanaithe agus ar na beartais éagsúla atá ann cheana nó atá ag teacht chun cinn lena dtacaítear le húsáid breoslaí eitlíochta inbhuanaithe. Díríodh leis an gcomhairliúchán spriocdhírithe sin ar ghníomhaithe de chuid thionscal na haerloingseoireachta, thionscal na mbreoslaí eitlíochta, na mBallstát, eagraíochtaí neamhbhrabúsacha agus eagraíochtaí eitlíochta idirnáisiúnta.

Le linn an straitéise cuimsithí comhairliúcháin sin, thacaigh formhór mór de pháirtithe leasmhara thionscal na heitlíochta (aerlínte, aerfoirt, monaróirí aerárthaí) agus na mbreoslaí, de na Ballstáit agus de na heagraíochtaí neamhrialtasacha le hoibleagáid maidir le breosla eitlíochta inbhuanaithe a bhunú mar shásra beartais éifeachtach chun borradh a chur faoi tháirgeadh agus faoi ghlacadh breosla eitlíochta inbhuanaithe agus d’fhonn earnáil na heitlíochta a dhícharbónú go rathúil. Ní raibh na páirtithe leasmhara ar aon intinn faoi dhearadh sonrach na rogha ach tacaíonn formhór na soláthróirí breosla, na mBallstát, na n‑eagraíochtaí neamhrialtasacha agus na n‑aerfort agus cuid de na haerlínte le hoibleagáid maidir le breosla eitlíochta inbhuanaithe ó thaobh an tsoláthair de, a mbeadh solúbthacht aici maidir le dáileadh breosla, agus a chumhdódh breosla scairde a sholáthraítear i gcás na n‑eitiltí uile a imíonn ó aerfoirt an Aontais. An tráth céanna, chonaic formhór na bpáirtithe leasmhara go bhfuil gá le bearta lena gcoiscfear sceitheadh carbóin agus saobhadh i margadh inmheánach na heitlíochta. Tacaíonn formhór na bpáirtithe leasmhara (aerlínte, aerfoirt, an tionscal breosla, eagraíochtaí neamhrialtasacha, na Ballstáit) le dreasachtaí sonracha freisin chun tacú le breoslaí in‑athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch. Áiríodh na bearta sin go léir sa rogha beartais dár tugadh tosaíocht.

Bailiú agus úsáid saineolais

Rinne conraitheoir seachtrach staidéar chun tacú leis an measúnú tionchair atá mar bhuntaca leis an togra reatha. Cuireadh tús leis an staidéar sin i mí Iúil 2020 agus tugadh i gcrích é go luath in 2021. Thug an staidéar léargais luachmhara do sheirbhísí an Choimisiúin, go háirithe maidir leis na roghanna beartais a cheapadh, a dtionchar comhshaoil, eacnamaíoch agus sóisialta a mheas, agus tuairimí na bpáirtithe leasmhara a bhfuil tionchar díreach orthu a bhailiú.

Measúnú tionchair

Bhí struchtúr na roghanna beartais a moladh bunaithe ar cheanglas rialála ina raibh oibleagáid maidir le breosla eitlíochta inbhuanaithe. Leis an gceanglas sin, beifear in ann cothrom iomaíochta a athbhunú in earnáil an aeriompair a mhéid a bhaineann le breosla eitlíochta a chur ar bord agus lena choimeád, agus úsáid breosla eitlíochta inbhuanaithe san eitlíocht á méadú an tráth céanna. Le roghanna beartais soláthraíodh bealaí éagsúla chun an oibleagáid a dhearadh. Sa chéad tacar roghanna, bhí oibleagáid ar sholáthróirí breosla breosla eitlíochta inbhuanaithe a dháileadh in aerfoirt uile an Aontais. Áiríodh sa dara tacar roghanna oibleagáid ar aerlínte breosla eitlíochta inbhuanaithe a ghlacadh agus iad ag eitilt ó aerfoirt de chuid an Aontais (le forogha amháin cumhdaíodh gach eitilt, leis an bhforogha eile cumhdaíodh eitiltí laistigh den Aontas amháin). Ar deireadh, áiríodh sa tríú tacar roghanna oibleagáidí ar sholáthraithe breosla breosla eitlíochta inbhuanaithe a dháileadh le méid éigin solúbthachta ar dtús, agus oibleagáidí ar aerlínte breosla scairde a ghlacadh sula n‑imíonn siad ó aerfoirt de chuid an Aontais. Maidir le roghanna áirithe, bhain an sprioc le méid an bhreosla eitlíochta inbhuanaithe, agus maidir le roghanna eile bhain an sprioc le laghdú ar dhéine CO2 an bhreosla scairde. Bhí dreasachtaí i ngach rogha chun tacú le breoslaí in‑athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch. Ba é an rogha thosaíochta sainordú a fhorchur ar sholáthróirí breosla maidir le breosla eitlíochta inbhuanaithe a chumasc agus oibleagáid a chur ar aerlínte breosla scairde a chur ar bord, lena n‑áirítear fo‑shainordú maidir le breoslaí in‑athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch. Ba í sin an rogha thosaíochta mar go gceadaítear léi cothrom iomaíochta a áirithiú i margadh an aeriompair agus, an tráth céanna, méadú suntasach a dhéanamh ar tháirgeadh agus glacadh breosla eitlíochta inbhuanaithe.

Leis na roghanna beartais tosaíochta is féidir iomaíochas an tionscail aeriompair a choinneáil ar bun, agus d’fhéadfadh laghdú suntasach ar astaíochtaí CO2 ó thobar go sciathán in earnáil na heitlíochta a bheith mar thoradh orthu, i.e. thart ar 60-61 % faoi 2050, i gcomparáid leis an gcás bunlíne. Beidh laghdú thart ar 9 % ar astaíochtaí truailleán aeir faoi 2050 i gcomparáid leis an mbunlíne. Ar an iomlán, beidh laghdú thart ar € 87-88 mbilliún i gcomparáid leis an mbunlíne ar chostais chomhshaoil na heitlíochta (a bhaineann le hastaíochtaí CO2 agus astaíochtaí truailleán aeir), arna shloinneadh mar luach reatha i gcaitheamh na tréimhse 2021-2050. Beidh méadú de 25.5-25.6Mt sa bhreis ar inniúlacht táirgeachta breosla eitlíochta inbhuanaithe faoi 2050. Mar thoradh ar theacht chun cinn breosla eitlíochta inbhuanaithe ar an margadh, laghdófar go mór spleáchas na heitlíochta ar bhreosla scairde iontaise, breosla a dtiocfaidh laghdú 65 % ar a thomhaltas faoi 2050 i gcomparáid leis an mbunlíne. Feabhsófar slándáil fuinnimh an Aontais de réir mar a thagann laghdú ar allmhairí fuinnimh iontaise ó thríú tíortha agus de réir mar a fhaightear an t‑amhábhar agus an leictreachas in‑athnuaite san Aontas chun breosla eitlíochta inbhuanaithe a tháirgeadh (in 2050, táirgfear san Aontas 92 % den bhreosla eitlíochta inbhuanaithe ar fad a úsáidtear). Faoi na roghanna beartais tosaíochta, tiocfaidh na teicneolaíochtaí breosla eitlíochta inbhuanaithe lena mbaineann an acmhainneacht dícharbónaithe is airde chun cinn ar an margadh i gcainníochtaí suntasacha níos luaithe ná mar a thiocfadh gan gníomhaíocht beartais. Tiocfaidh laghdú ar phraghsanna breosla eitlíochta inbhuanaithe i gcomparáid leis na meastacháin reatha, rud a chuideoidh leis an mbearna i bpraghsanna idir é agus breosla scairde iontaise a laghdú le himeacht ama. Ar an iomlán, cruthófar fostaíocht san Aontas de bharr na roghanna beartais tosaíochta, i.e. thart ar 202,100 post breise i gcomparáid leis an mbunlíne. Ar deireadh, beidh éifeachtaí dearfacha ag an laghdú ar thruailliú aeir ar an tsláinte phoiblí (i.e. laghdú thart ar € 1.5 billiún ar chostais sheachtracha a eascraíonn as truailliú aeir i gcaitheamh na tréimhse 2021 go 2050, i gcomparáid leis an mbunlíne).

Mar thoradh ar POnna foriomlána C1 agus C2, beidh méadú € 20.3 billiún (C1) agus € 14.6 billiún (C2) i gcoibhneas leis an mbunlíne le linn na tréimhse 2021 go 2050. Tá na costais sin bunaithe den chuid is mó ar mhéadú ar chostas breosla scairde i gcoibhneas leis an mbunlíne, i.e. € 103.5 billiún (C1) agus € 88.2 billiún (C2), arna shloinneadh mar luach reatha le linn na tréimhse 2021-2050. Léirítear an méadú ar chostais bhreosla i dtáillí aeir, agus meastar go dtiocfaidh méadú thart ar 8.1-8.2 % orthu faoi 2050. Beidh laghdú beag ar ghníomhaíocht aeriompair iomlán na bpaisinéirí i gcoibhneas leis an mbunlíne mar thoradh ar tháillí aeir níos airde, in ainneoin go mbeidh fás 77 % fós air faoi 2050 i gcomparáid le 2015. Spreagann sé sin costais níos ísle caipitil agus oibríochtúla le haghaidh an aeriompair i gcoibhneas leis an mbunlíne, i.e. € 84 bhilliún (C1) agus € 74.5 billiún (C2). Thart ar € 0.19 billiún atá sna costais bhreise lóistíochta (C1 agus C2). Tabhóidh aerlínte méadú € 0.34 billiún (C1 agus C2) ar chostais tuairiscithe freisin i gcoibhneas leis an mbunlíne, arna shloinneadh mar luach reatha le linn na tréimhse 2021-2050. Maidir le táirgeoirí breosla eitlíochta inbhuanaithe, meastar go mbeidh na riachtanais infheistíochta idir 2021 agus 2050 cothrom le thart ar € 10.4-10.5 billiún. Go deimhin, ní mór idir 104 agus 106 ghléasra breise breosla eitlíochta inbhuanaithe a thógáil san Aontas faoi 2050 chun freastal ar an acmhainn táirgeachta riachtanach le haghaidh breosla eitlíochta inbhuanaithe.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Leis an Rialachán atá beartaithe seachnaítear ualach míchuí a chur ar oibreoirí eacnamaíocha trí chostais chomhlíontachta a laghdú. Sna chéad 5 bliana dá chur i bhfeidhm go háirithe, cuireann sé roinnt solúbthachta ar fáil maidir leis an gcaoi ar féidir le soláthróirí breosla eitlíochta an oibleagáid maidir le soláthar breosla inbhuanaithe a chomhlíonadh. Meastar go laghdóidh sé sin costais lóistíochta agus go seachnófar méadú ar chostais breoslaí eitlíochta inbhuanaithe. Ós rud é gur sciar mór de chostais oibríochtúla oibreoirí aerárthaí atá i gceist le breosla eitlíochta, meastar go mbeidh tionchar dearfach aige sin ar a n‑iomaíochas.

Cearta bunúsacha

Níl aon impleachtaí ag an togra seo ar chearta bunúsacha.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Baineann na himpleachtaí buiséadacha go háirithe leis an athbhreithniú ar thuarascálacha agus le measúnú ar chomhlíontacht na n‑oibreoirí eacnamaíocha faoi réir oibleagáidí, agus le tuairisciú bliantúil EASA leis an gCoimisiún chomh maith. Déantar iad seo a mheasúnú go mion sa Ráiteas Airgeadais Reachtach. Beidh roghanna forbartha agus soláthair TF faoi réir réamhcheadú ag Bord an Choimisiúin Eorpaigh um Theicneolaíocht Faisnéise agus um Chibearshlándáil.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

‑‑Áirítear sa Rialachán atá beartaithe córais faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe a fhágann gur féidir a áirithiú go gcuirtear chun feidhme i gceart é. Go háirithe, beidh ar oibreoirí aerárthaí agus ar sholáthróirí breosla tuairisciú ar bhonn bliantúil. Déanfaidh comhlachtaí neamhspleácha tuarascálacha den sórt sin a fhíorú agus déanfar measúnú ar chomhlíontacht oibreoirí aerárthaí agus soláthróirí breosla chun a chinneadh ar chomhlíon siad a gcuid oibleagáidí sonracha. Thairis sin, ar bhonn bliantúil, tuairisceoidh EASA don Choimisiún go háirithe maidir le comhlíontacht na noibreoirí eacnamaíocha agus maidir le stádas mhargaí na heitlíochta agus na mbreoslaí eitlíochta inbhuanaithe. Ar deireadh, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, ar a laghad gach 5 bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ar éabhlóid mhargadh na mbreoslaí eitlíochta agus ar a thionchar ar mhargadh inmheánach eitlíochta an Aontais, lena náirítear a thionchar maidir leis an bhféidearthacht raon feidhme an Rialacháin seo a leathnú chuig foinsí eile fuinnimh, agus maidir leis an ngá a d’fhéadfadh a bheith ann gnéithe sonracha den Rialachán atá beartaithe a choigeartú.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

In Airteagal 1 den togra, tá cur síos ar ábhar an Rialacháin atá beartaithe, ina leagtar síos rialacha comhchuibhithe arb é is aidhm dóibh cothrom iomaíochta a choinneáil ar bun i margadh inmheánach eitlíochta an Aontais agus, an tráth céanna, méadú a dhéanamh ar an nglacadh atá ag oibreoirí aerárthaí le breoslaí eitlíochta inbhuanaithe agus dáileadh breoslaí eitlíochta inbhuanaithe ag aerfoirt an Aontais. In Airteagal 2, sainítear raon feidhme an Rialacháin. In Airteagal 3, tugtar roinnt sainmhínithe a bhfuil tábhacht ag baint leo maidir leis an Rialachán. In Airteagal 4, bunaítear an oibleagáid ar sholáthróirí breosla eitlíochta a áirithiú go mbeidh cion íosta breosla eitlíochta inbhuanaithe, lena n‑áirítear íos‑sciar breosla shintéisigh, sa bhreosla eitlíochta ar fad a chuirtear ar fáil d’oibreoirí aerárthaí ag aerfoirt an Aontais. In Airteagal 5, bunaítear an oibleagáid ar oibreoirí aerárthaí a áirithiú go mbeidh ar a laghad 90 % den bhreosla eitlíochta bliantúil a theastaíonn i gcainníocht bhliantúil an bhreosla eitlíochta a thógtar ar bord ag aerfort ar leith de chuid an Aontais. In Airteagal 6, sainítear na hoibleagáidí atá ar aerfoirt an Aontais an bonneagar is gá a sholáthar chun rochtain na n‑oibreoirí aerárthaí ar bhreoslaí eitlíochta ina bhfuil sciar de bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe a éascú. In Airteagal 7, sonraítear na hoibleagáidí tuairiscithe a bhíonn ar oibreoirí aerárthaí. In Airteagal 8, leagtar amach rialacha maidir le cuntas a choimeád ar úsáid breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a bhaineann le níos mó ná scéim gás ceaptha teasa amháin. In Airteagal 9, sonraítear na hoibleagáidí tuairiscithe a bhíonn ar sholáthraithe breosla eitlíochta. In Airteagal 10, sainítear na rialacha maidir le húdaráis inniúla atá le hainmniú ag na Ballstáit chun forfheidhmiú an Rialacháin seo a áirithiú. In Airteagal 11, leagtar amach rialacha maidir le fíneálacha riaracháin. In Airteagal 12, bunaítear an oibleagáid ar EASA tuarascáil theicniúil bhliantúil a fhoilsiú ar bhonn na dtuarascálacha bliantúla a thíolacfaidh oibreoirí aerárthaí agus soláthróirí breosla. In Airteagal 13, cruthaítear idirthréimhse 5 bliana ina bhféadfaidh soláthróirí breosla eitlíochta an t‑íosmhéid breosla eitlíochta a sholáthar mar mheán an bhreosla eitlíochta ar fad a sholáthraíonn siad in aerfoirt an Aontais le haghaidh na tréimhse tuairiscithe sin. In Airteagal 14, sainítear oibleagáid ar an gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le gnéithe éagsúla de chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a thuairisciú, gach 5 bliana ar a laghad. Déantar foráil le hAirteagal 15 maidir le dáta teacht i bhfeidhm an Rialacháin. In Iarscríbhinn I sainítear an sciar íosta de bhreosla eitlíochta inbhuanaithe, lena n‑áirítear na sciartha íosta de bhreosla sintéiseach, sa bhreosla eitlíochta atá le soláthar, agus tá teimpléad in Iarscríbhinn II le haghaidh oibleagáid tuairiscithe na n‑oibreoirí aerárthaí.

2021/0205 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le cothrom iomaíochta a áirithiú le haghaidh aeriompar inbhuanaithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 8 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 9 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Leis na scórtha de bhlianta anuas, tá ról ríthábhachtach ag an aeriompar i ngeilleagar an Aontais agus i saol laethúil shaoránaigh an Aontais, mar cheann de na hearnálacha is fearr feidhmíochta agus is dinimiciúla i ngeilleagar an Aontais. Ba spreagadh mór é don fhás eacnamaíoch, do phoist, don trádáil agus don turasóireacht, agus do nascacht agus do shoghluaisteacht gnólachtaí agus saoránach araon, go háirithe laistigh de mhargadh inmheánach eitlíochta an Aontais. Chuir an méadú ar sheirbhísí aeriompair go mór leis an nascacht laistigh den Aontas agus leis an nascacht le tríú tíortha a fheabhsú, agus bhí sé ríthábhachtach le haghaidh gheilleagar an Aontais a d’fhág go ginearálta gurbh indéanta geilleagar Aontais a bheith ann.

(2)Ó 2020 ar aghaidh, tá an taeriompar ar cheann de na hearnálacha is mó atá thíos le géarchéim COVID-19. I gcomhréir leis an dóchas atá ann go bhfuil deireadh na paindéime ag teannadh linn, tá coinne go dtiocfaidh fás de réir a chéile faoin aerthrácht sna blianta atá le teacht agus go bhfillfidh sé ar an leibhéal a bhí ann roimh an ngéarchéim. An tráth céanna, tá astaíochtaí ón earnáil ag méadú ó 1990 ar aghaidh agus d’fhéadfadh an treocht maidir le hastaíochtaí a bheith ag méadú teacht ar ais agus an lámh in uachtar á fáil againn ar an bpaindéim. Dá bhrí sin, is gá ullmhú don todhchaí agus na leasuithe is gá a dhéanamh ionas go náiritheofar go mbeidh margadh aeriompair dea-fheidhmiúil ann lena gcuideofar le spriocanna aeráide an Aontais a bhaint amach, margadh lena ngabhfaidh ardleibhéil nascachta, sábháilteachta agus slándála.

(3)Is gnéithe sainiúla d’fheidhmiú earnáil aeriompair an Aontais iad an ghné thrasteorann di ar fud an Aontais agus an ghné dhomhanda di. Tá an margadh inmheánach eitlíochta ar cheann de na hearnálacha is comhtháite san Aontas, agus rialaítear é le rialacha aonfhoirmeacha maidir le rochtain ar an margadh agus dálaí oibríochtúla. Rialaítear an beartas seachtrach aeriompair le rialacha a bhunaítear ar an leibhéal domhanda san Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO), chomh maith le comhaontuithe cuimsitheacha iltaobhacha nó déthaobhacha idir an tAontas nó a Bhallstáit agus tríú tíortha.

(4)Tá an margadh aeriompair faoi réir iomaíocht ghéar idir gníomhairí eacnamaíocha ar fud an Aontais agus tá an chothroime iomaíochta ríthábhachtach dó. Tá cobhsaíocht agus rathúnas an mhargaidh aeriompair agus a ghníomhaithe eacnamaíocha ag brath ar chreat beartais soiléir agus comhchuibhithe inar féidir le hoibreoirí aerárthaí, le haerfoirt agus le gníomhaithe eitlíochta eile oibriú ar bhonn comhionannas deiseanna. Nuair a bhíonn saobhadh margaidh ann, bíonn an baol ann go gcuirfí oibreoirí aerárthaí nó aerfoirt faoi mhíbhuntáiste i gcomparáid le hiomaitheoirí inmheánacha agus seachtracha. Dá bharr sin, d’fhéadfadh caillteanas iomaíochais i dtionscal an aeriompair, agus caillteanas nascachta aeir do shaoránaigh agus do ghnólachtaí, tarlú.

(5)Go háirithe, tá sé riachtanach cothrom iomaíochta a áirithiú ar fud mhargadh aeriompair an Aontais maidir le breosla eitlíochta, ar sciar suntasach de chostais oibreoirí aerárthaí é. Is féidir le héagsúlacht i bpraghsanna breosla difear suntasach a dhéanamh d’fheidhmiú eacnamaíoch oibreoirí aerárthaí agus tionchar diúltach a imirt ar iomaíocht sa mhargadh. Nuair a bhíonn difríochtaí i bpraghsanna breosla eitlíochta ann idir aerfoirt an Aontais nó idir aerfoirt de chuid an Aontais agus aerfoirt neamhAontais, d’fhéadfadh oibreoirí aerárthaí a straitéisí athbhreoslaithe a oiriúnú ar chúiseanna eacnamaíocha dá bharr. Tagann méadú ar ídiú breosla aerárthaí agus astaíochtaí gás ceaptha teasa neamhriachtanacha de bharr fhorlíonadh na numar breosla. Dá réir sin, baineann forlíonadh na numar breosla ag oibreoirí aerárthaí an bonn de iarrachtaí an Aontais atá dírithe ar chosaint an chomhshaoil. Is féidir le roinnt oibreoirí aerárthaí praghsanna fabhracha breosla eitlíochta ag a mbunáit a úsáid mar bhuntáiste iomaíoch in aghaidh aerlínte eile a oibríonn bealaí cosúla. D’fhéadfadh éifeachtaí díobhálacha a bheith aige sin ar iomaíochas na hearnála agus d’fhéadfadh sé dochar a dhéanamh do nascacht aeir. Ba cheart bearta le cosc a chur ar chleachtais den sórt sin a bhunú leis an Rialachán seo chun damáiste neamhriachtanach don chomhshaol a sheachaint chomh maith leis na dálaí cóiriomaíochta sa mhargadh aeriompair a athbhunú agus a chaomhnú.

(6)Tá forbairt inbhuanaithe ar cheann de phríomhchuspóirí an chomhbheartais iompair. Éilíonn sí, áfach, cur chuige comhtháite atá dírithe ar fheidhmiú éifeachtach chórais iompair an Aontais agus ar chosaint an chomhshaoil a áirithiú araon. Is gá, i gcás forbairt inbhuanaithe aeriompair, bearta a thabhairt isteach lena ndírítear ar astaíochtaí ó aerárthaí a eitlíonn ó aerfoirt an Aontais a laghdú. Ba cheart bearta den sórt sin rannchuidiú le cuspóirí aeráide an Aontais a chomhlíonadh faoi 2030 agus 2050.

(7)Leis an Teachtaireacht maidir le Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste 10 a ghlac an Coimisiún i mí na Nollag 2020, leagtar síos cur chuige do chóras iompair an Aontais chun a chlaochlú glas agus digiteach a bhaint amach agus le go mbeidh sé níos buanseasmhaí. Is próiseas riachtanach agus dúshlánach é dícharbónú na hearnála aeriompair, go háirithe sa ghearrthéarma. Chuir an dul chun cinn teicneolaíoch a saothraíodh i gcláir Eorpacha agus náisiúnta um thaighde agus nuálaíocht aeriompair le laghduithe tábhachtacha ar astaíochtaí leis na scórtha de bhlianta anuas. Sáraíonn an fás domhanda aerthráchta na laghduithe ar astaíochtaí san earnáil, áfach. Cé go bhfuil coinne go gcabhróidh teicneolaíochtaí nua le spleáchas na heitlíochta gearraistir ar fhuinneamh iontaise a laghdú sna blianta amach romhainn, is iad breoslaí eitlíochta inbhuanaithe an taon réiteach chun dícharbónú suntasach i ngach saghas eitilte a bhaint amach sa ghearrthéarma. Faoi láthair, áfach, ní bhaintear leas as an acmhainneacht sin den chuid is mó.

(8)Is breoslaí eitlíochta inbhuanaithe iad breoslaí intiteáin leachtacha, atá go hiomlán idirmhalartach le gnáthbhreosla eitlíochta agus comhoiriúnach do na hinnill aerárthaigh atá ann cheana. Deimhníodh, ar an leibhéal domhanda, roinnt conairí chun breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a tháirgeadh le húsáid in eitlíocht shibhialta nó mhíleata. Tá breoslaí eitlíochta inbhuanaithe ullamh go teicneolaíoch cheana, san fhíor-ghearrthéarma, chun ról tábhachtach a ghlacadh in astaíochtaí aeriompair a laghdú. Tá coinne go ndéanfar suas cuid mhór den mheascán breosla eitlíochta leo sa mheántéarma agus san fhadtéarma. Thairis sin, le tacaíocht ó chaighdeáin bhreosla idirnáisiúnta iomchuí, d’fhéadfadh breoslaí eitlíochta inbhuanaithe rannchuidiú le cion aramatach an bhreosla deiridh atá in úsáid ag oibreoir a laghdú, agus ar an gcaoi sin cuidiú le hastaíochtaí neamhCO2 eile a laghdú. Meastar, de réir a chéile, go rannchuideoidh roghanna malartacha eile chun aerárthaí a chumhachtú, amhail an leictreachas nó hidrigin leachtach, le dícharbónú aeriompair, ag tosú le heitiltí gearraistir.

(9)Beidh costais bhreosla bhreise ar na haerlínte mar thoradh ar bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe a thabhairt isteach sa mhargadh aeriompair de réir a chéile, mar tá sé níos costasaí faoi láthair teicneolaíochtaí breosla den sórt sin a tháirgeadh ná gnáthbhreosla eitlíochta. Meastar go gcuirfidh sé sin leis na saincheisteanna atá ann cheana féin a bhaineann le cothrom iomaíochta sa mhargadh aeriompair maidir le breosla eitlíochta agus go mbeidh tuilleadh saofa i measc oibreoirí aerárthaí agus aerfort dá bharr sin. Leis an rialachán seo, ba cheart bearta a dhéanamh ionas nach mbeidh tionchar diúltach ar iomaíochas na hearnála eitlíochta de bharr breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a thabhairt isteach trí cheanglais chomhchuibhithe ar fud an Aontais a shainiú.

(10)Ar an leibhéal domhanda, rialaíonn ICAO breoslaí eitlíochta inbhuanaithe. Go háirithe, bunaíonn ICAO ceanglais mhionsonraithe maidir le hinbhuanaitheacht, inrianaitheacht agus cuntasaíocht breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a bhíonn le húsáid ar eitiltí atá cumhdaithe ag an Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta (CORSIA). Cé go socraítear dreasachtaí in CORSIA agus go meastar gur cuid thábhachtach iad breoslaí eitlíochta inbhuanaithe don obair ar a indéanta atá Cuspóir Uaillmhianach Fadtéarmach don eitlíocht idirnáisiúnta, níl aon scéim shainordaitheach ann faoi láthair maidir le húsáid breoslaí eitlíochta inbhuanaithe le haghaidh eitiltí idirnáisiúnta. De ghnáth, cuimsítear forálacha maidir le cosaint an chomhshaoil i gcomhaontuithe aeriompair cuimsitheacha iltaobhacha nó déthaobhacha idir an tAontas nó a Bhallstáit agus tríú tíortha. Faoi láthair, áfach, ní fhorchuireann forálacha den sórt sin ceanglas ceangailteach ar bith ar pháirtithe conarthacha maidir le húsáid breoslaí eitlíochta inbhuanaithe.

(11)Ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, leagtar amach rialacha ginearálta maidir le fuinneamh inathnuaite don earnáil iompair i dTreoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 11 . San am a chuaigh thart, níor éirigh le creataí rialála cothrománacha treasearnálacha den sórt sin aistriú ó bhreoslaí iontaise go breosla eitlíochta inbhuanaithe a oibriú san earnáil aeriompair. Leagtar amach spriocanna uileghabhálacha ar fud na modhanna iompair uile a sholáthrófar breoslaí inathnuaite dóibh i dTreoir (AE) 2018/2001 agus a réamhtheachtaí. Ós rud é gur margadh breoslaí beag atá in earnáil na heitlíochta agus go bhfuil sé níos costasaí breoslaí inathnuaite a tháirgeadh di i gcomparáid le modhanna iompair eile, ba cheart creataí rialála den sórt sin a chomhlánú le bearta atá sonrach d’earnáil na heitlíochta chun dlús éifeachtach a chur le himscaradh breoslaí eitlíochta inbhuanaithe. Thairis sin, tá an baol ann le cur chun feidhme Threoir (AE) 2018/2001 ar an leibhéal náisiúnta go mbeadh scoilt shuntasach sa mhargadh aeriompair, ina leagfaí amach spriocanna a bheadh anéagsúil lena chéile mar gheall ar rialacha náisiúnta maidir le breoslaí eitlíochta inbhuanaithe. Meastar go gcuirfeadh sé sin a thuilleadh leis na saincheisteanna a bhaineann le cothrom iomaíochta san earnáil aeriompair.

(12)Dá bhrí sin, tá gá le rialacha aonfhoirmeacha a leagadh síos don mhargadh inmheánach eitlíochta chun Treoir (AE) 2018/2001 a chomhlánú agus chun a cuspóirí foriomlána a bhaint amach trí aghaidh a thabhairt ar na riachtanais agus na ceanglais shonracha a eascraíonn as margadh inmheánach eitlíochta an Aontais Eorpaigh. Go háirithe, is é is aidhm don Rialachán reatha scoilteadh an mhargaidh eitlíochta, saobhadh iomaíochta féideartha idir gníomhaithe eacnamaíocha, nó cleachtais éagóracha seachanta costais i dtaca le hoibreoirí aerárthaí a athbhreoslú a sheachaint.

(13)Tá sé d’aidhm ag an rialachán seo ar an gcéad dul síos creat a leagan amach chun cothrom iomaíochta sa mhargadh aeriompair i dtaca le húsáid breoslaí eitlíochta a athbhunú agus a chaomhnú. Ba cheart do chreat den sórt sin cosc a chur ar cheanglais éagsúla ar fud an Aontais a gcuirfeadh le cleachtais athbhreoslaithe a shaobhfadh iomaíocht idir oibreoirí aerárthaí nó a thabharfadh míbhuntáiste iomaíochta do roinnt aerfort seachas a chéile. Ar an dara dul síos, tá sé d’aidhm aige rialacha láidre a thabhairt isteach i margadh eitlíochta an Aontais chun a áirithiú go mbeidh sciar a mhéadóidh de réir a chéile ag breoslaí eitlíochta inbhuanaithe in aerfoirt an Aontais gan dochar a dhéanamh d’iomaíochas mhargadh inmheánach eitlíochta an Aontais.

(14)Tá sé fíor-riachtanach rialacha comhchuibhithe a shocrú ar fud mhargadh inmheánach an Aontais, a mbeidh feidhm acu ar bhealach díreach agus aonfhoirmeach maidir le gníomhaithe an mhargaidh eitlíochta ar thaobh amháin agus maidir le gníomhaithe mhargadh na mbreoslaí eitlíochta ar an taobh eile. Ba cheart an creat uileghabhálach a leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/2001 a chomhlánú le lex specialis a mbeidh feidhm aige maidir le haeriompar. Ba cheart spriocanna a mhéadóidh de réir a chéile maidir le soláthar breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a áireamh ann. Ba cheart spriocanna den sórt sin a shainiú go cúramach, agus cuspóirí margadh aeriompair dea-fheidhmiúil, an gá atá ann an earnáil eitlíochta a dhícharbónú agus stádas reatha thionscal na mbreoslaí eitlíochta inbhuanaithe á gcur san áireamh.

(15)Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán reatha maidir le haerárthaí atá in úsáid san eitlíocht shibhialta agus eitiltí aeriompair tráchtála ar bun acu. Níor cheart feidhm a bheith aige maidir le haerárthaí amhail aerárthaí míleata agus aerárthaí atá in úsáid chun críoch daonnúil, cuardaigh, tarrthála, fóirithinte anachaine nó míochaine mar aon le hoibríochtaí custaim, póilíneachta agus múchta tine. Go deimhin, is de chineál eisceachtúil eitiltí a oibrítear sna himthosca sin agus dá réir sin ní féidir iad a phleanáil i gcónaí ar an mbealach céanna le heitiltí rialta. I ngeall ar chineál a noibríochtaí, d’fhéadfadh sé nach mbeadh siad i gcónaí in ann na hoibleagáid faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, mar d’fhéadfadh sé a bheith ina ualach nach bhfuil gá leis. D’fhonn freastal ar chothrom iomaíochta ar fud mhargadh aonair eitlíochta an Aontais, ba cheart an sciar is mó is féidir den aerthrácht tráchtála a oibrítear ó aerfoirt atá lonnaithe ar chríoch an Aontais a chumhdach leis an rialachán seo. Ag an am céanna, chun nascacht aeir a chosaint ar mhaithe le saoránaigh, gnólachtaí agus réigiúin an Aontais, tá sé tábhachtach nach gcuirfear ualach míchuí ar oibríochtaí aeriompair ag aerfoirt bheaga. Ba cheart tairseach bhliantúil d’aerthrácht paisinéirí agus de thrácht lasta a shainiú, tairseach ar faoina bun nach gcumhdófaí aerfoirt faoin Rialachán seo; ba cheart, áfach, 95 % ar a laghad den trácht iomlán a imíonn ó aerfoirt san Aontas a chumhdach le raon feidhme an Rialacháin. Ar na cúiseanna céanna, ba cheart tairseach a shainiú chun oibreoirí aerárthaí atá freagrach as líon aníseal imeachtaí ó aerfoirt atá lonnaithe ar chríoch an Aontais a dhíolmhú.

(16)Ba cheart forbairt agus imscaradh breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a bhfuil ardacmhainneacht inbhuanaitheachta, aibíochta tráchtála, nuálaíochta agus fáis acu a chur chun cinn chun freastal ar riachtanais na todhchaí. Ba cheart é sin a bheith ina thacú le margaí breosla nuálacha agus iomaíocha a chruthú agus soláthar leordhóthanach breoslaí eitlíochta inbhuanaithe don earnáil eitlíochta a áirithiú sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma chun rannchuidiú le uaillmhianta dícharbónaithe iompair an Aontais, agus le hiarrachtaí an Aontais maidir le hardleibhéal cosanta comhshaoil a neartú ag an am céanna. Chun na críche sin, ba cheart na breoslaí eitlíochta inbhuanaithe arna dtáirgeadh ón amhábhar a liostaítear i gCodanna A agus B d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001, chomh maith le breoslaí eitlíochta sintéiseacha, a bheith incháilithe. Go háirithe, tá na breoslaí eitlíochta inbhuanaithe arna dtáirgeadh ón amhábhar a liostaítear i gCuid B d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001 riachtanach, mar tá siad ar na teicneolaíochtaí is aibí tráchtála atá ann faoi láthair chun aeriompar a dhícharbónú sa ghearrthéarma.

(17)Ar chúiseanna inbhuanaitheachta, níor cheart breoslaí a dhíorthaítear ó bharra beatha agus bia a bheith incháilithe. Tarlaíonn athrú indíreach ar an talamhúsáid go háirithe nuair a shaothraítear barra le haghaidh bithbhreoslaí seachas le haghaidh bia agus beatha mar a dhéantaí go traidisiúnta. Méadaíonn an téileamh breise sin ar an mbrú ar an talamh agus mar thoradh air, d’fhéadfadh sé go sínfí talamh talmhaíochta isteach i limistéir ina bhfuil stoc ardcharbóin, amhail foraoisí, bogaigh agus talamh portaigh, rud is cúis bhreise imní é maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa méadaithe agus caillteanas bithéagsúlachta. Tá sé léirithe sa taighde go mbraitheann scála na hiarmharta ar thosca éagsúla, a chuimsíonn an cineál amhábhair a úsáidtear chun breosla a tháirgeadh, an leibhéal éilimh breise ar amhábhar arna spreagadh ag úsáid bithbhreoslaí, agus a mhéid a chosnaítear talamh ar fud an domhain ar a bhfuil stoc ardcharbóin. Sainaithníodh ardriosca go mbeadh athrú indíreach ar an talamhúsáid mar thoradh ar bhithbhreoslaí, is é sin, breoslaí a táirgeadh ó amhábhar a tugadh faoi deara ina leith leathnú suntasach ar an limistéar táirgthe ionas go bhfuil sé ag brú isteach ar thalamh ar a bhfuil stoc ardcharbóin. Dá réir sin, níor cheart breoslaí a dhíorthaítear ó bharra beatha agus bia a chur chun cinn. Tá an cur chuige sin i gcomhréir le beartas an Aontais, agus go háirithe le Treoir (AE) 2018/2001, a theorannaíonn úsáid na mbithbhreoslaí sin don iompar de bhóthar agus d’iarnród agus a leagann síos uasteorainn leo, i bhfianaise a dtairbhí níos ísle maidir leis an gcomhshaol, a bhfeidhmíocht níos ísle i dtéarmaí an laghdaithe fhéideartha ar gháis ceaptha teasa, agus cúiseanna imní níos leithne ó thaobh na hinbhuanaitheachta de. I dteannta na nastaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann le hathrú indíreach ar an talamhúsáid – atá in ann na laghduithe uile nó cuid de na laghduithe a bhaineann le bithbhreoslaí ar leith a chur ar neamhní – is riosca é an tathrú indíreach ar an talamhúsáid don bhithéagsúlacht freisin. Tá an riosca sin antromchúiseach, go háirithe i dtaca leis an méadú mór a d’fhéadfadh a bheith ar an táirgeadh de bharr ardú nach beag ar an éileamh. Tá leibhéil ísle éilimh ar bhithbhreoslaí a dhíorthaítear ó bharra beatha agus bia san earnáil eitlíochta i láthair na huaire, ó tá níos mó ná 99 % de na breoslaí eitlíochta a úsáidtear faoi láthair de bhunús iontaise. Is iomchuí, mar sin, éileamh féideartha anmhór ar bhithbhreoslaí a dhíorthaítear ó bharra beatha agus bia a sheachaint trí a núsáid faoin Rialachán seo a chur chun cinn. Maolaíonn neamhincháilitheacht na mbithbhreoslaí ó bharra bia faoin Rialachán seo aon riosca go moilleofaí dícharbónú an iompair de bhóthar freisin, rud a d’fhéadfadh a bheith i gceist murach sin de bharr aistriú bithbhreoslaí a dhíorthaítear ó bharra bia ón earnáil bóithre chuig an earnáil eitlíochta. Tá sé fíor-riachtanach an taistriú sin a mhaolú, ós rud é gurb é an tiompar de bhóthar go mór fada an earnáil iompair is mó truailliú fós faoi láthair.

(18)Teastaíonn creat inbhuanaitheachta láidir soiléir aonair chun cinnteacht a sholáthar dóibh siúd atá gníomhach sna tionscail eitlíochta agus breoslaí, maidir le hincháilitheacht breoslaí eitlíochta inbhuanaithe faoin Rialachán seo. Le comhsheasmhacht le beartais AE bhainteacha eile a áirithiú, ba cheart incháilitheacht breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a chinneadh i gcomhréir le comhlíontacht na gcritéar inbhuanaitheachta a leagtar síos in Airteagal 29 de Threoir 2018/2001 12 .

(19)Ba cheart gurbh aidhm don Rialachán reatha é a áirithiú gur féidir le hoibreoirí aerárthaí dul san iomaíocht le chéile ar bhonn comhionannas deiseanna a mhéid a bhaineann leis an rochtain ar bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe. Chun aon saobhadh i margadh na naersheirbhísí a sheachaint, ba cheart sciartha íosta aonfhoirmeacha de bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe a sholáthar do na haerfoirt Aontais ar fad a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Cé go bhfuil sé de shaoirse ag an margadh cainníochtaí níos mó breosla inbhuanaithe a sholáthar agus a úsáid, ba cheart don Rialachán seo a áirithiú gurb ionann na sciartha íosta éigeantacha de bhreoslaí eitlíochta sna haerfoirt ar fad a chumhdaítear. Déanann sé aon cheanglais arna mbunú go díreach nó go hindíreach ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach a fhorshuíomh, a cheanglaíonn ar oibreoirí aerárthaí nó soláthróirí breosla eitlíochta breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a ghlacadh nó a sholáthar a bhfuil spriocanna difriúla acu leis na cinn a fhorordaítear faoin Rialachán seo. Chun creat dlíthiúil soiléir sothuartha a chruthú, agus ar an gcaoi sin chun forbairt agus imlonnú margaidh na dteicneolaíochtaí breosla is inbhuanaithe agus is nuálaí a chur chun cinn, teicneolaíochtaí a bhfuil an acmhainneacht fáis acu freastal ar riachtanais na todhchaí, ba cheart don Rialachán seo sciartha íosta de bhreoslaí eitlíochta sintéiseacha a leagan síos le himeacht ama, agus na sciartha sin ag méadú de réir a chéile. Is gá fo-oibleagáid thiomnaithe maidir le breoslaí eitlíochta sintéiseacha a leagan amach i bhfianaise fhéidearthacht dícharbónaithe mhór na mbreoslaí sin, agus i bhfianaise na gcostas táirgeachta measta a bhaineann leo faoi láthair. Nuair a tháirgtear iad ó leictreachas agus carbón inbhuanaithe a ghabhtar go díreach ón aer, tá ar chumas breoslaí eitlíochta sintéiseacha laghduithe suas le 100 % a bhaint amach ar astaíochtaí i gcomparáid le gnáthbhreosla eitlíochta. Tá buntáistí suntasacha acu freisin i gcomparáid le cineálacha eile breoslaí eitlíochta inbhuanaithe maidir le héifeachtúlacht acmhainne (go háirithe ó thaobh riachtanais uisce de) an phróisis táirgeachta. É sin ráite, áfach, meastar go bhfuil costais táirgeachta na mbreoslaí eitlíochta sintéiseacha idir trí agus sé oiread níos airde faoi láthair ná praghas margaidh an ghnáthbhreosla eitlíochta. Mar sin, ba cheart don Rialachán seo fo-oibleagáid thiomnaithe a leagan síos le haghaidh na teicneolaíochta sin. D’fhéadfaí cineálacha eile breoslaí sintéiseacha, amhail breoslaí sintéiseacha ísealcharbóin a bhaineann amach laghduithe arda ar gháis ceaptha teasa, a bhreith lena gcuimsiú i raon feidhme an Rialacháin seo nuair a bheidh leasuithe á ndéanamh air amach anseo, i gcás ina ndéanfar na breoslaí sin a shainmhíniú faoin Treoir maidir le Fuinneamh Inathnuaite.

(20)Tá sé fíor-riachtanach a áirithiú gur féidir sciartha íosta na mbreoslaí eitlíochta inbhuanaithe a sholáthar go rathúil don mhargadh eitlíochta gan aon ghanntanas soláthair. Chun na críche sin, ba cheart aga tionscanta leordhóthanach a phleanáil chun cur ar chumas an tionscail breoslaí inbhuanaithe an acmhainneacht táirgeachta a fhorbairt dá réir. Ba cheart soláthar na mbreoslaí eitlíochta inbhuanaithe a bheith sainordaitheach ó 2025 amach. Ar an gcaoi chéanna, chun deimhneacht dhlíthiúil agus intuarthacht a sholáthar don mhargadh agus chun infheistíochtaí a bhrú go marthanach i dtreo acmhainneacht táirgeachta na mbreoslaí eitlíochta inbhuanaithe, ba cheart téarmaí an Rialacháin seo a bheith cobhsaí le linn tréimhse fhada ama.

(21)Mar thoradh ar thabhairt isteach breoslaí eitlíochta inbhuanaithe in aerfoirt Aontais agus an borradh a bheidh fúthu, d’fhéadfadh cleachtais fhorlíonadh na numar breosla a bheith níos forleithne de dheasca méaduithe ar chostas an bhreosla eitlíochta. Tá na cleachtais forlíonta umar neamhinbhuanaithe agus ba cheart iad a sheachaint mar go ndéanann siad dochar d’iarrachtaí an Aontais tionchar an iompair ar an gcomhshaol a laghdú. Thiocfadh na cleachtais sin salach ar na cuspóirí dícharbónaithe eitlíochta mar go méadódh meáchan breise an aerárthaigh ar an ídiú breosla agus ar na hastaíochtaí bainteacha i gcás aon eitilt. Is riosca iad na cleachtais forlíonta umar freisin don chothroime iomaíochta san Aontas idir oibreoirí aerárthaí, agus idir aerfoirt chomh maith. Dá bhrí sin, ba cheart don Rialachán seo ceanglas a chur ar oibreoirí aerárthaí athbhreoslú roimh imeacht dóibh ó aerfort ar leith de chuid an Aontais. An méid breosla a chuirtear ar bord roimh imeachtaí ó aerfort ar leith de chuid an Aontais, ba cheart é a bheith i gcomhréir leis an méid breosla a theastaíonn chun na heitiltí ón aerfort sin a oibriú, agus comhlíontacht riachtanach na rialacha maidir le sábháilteacht breosla á cur san áireamh. Áirithíonn an ceanglas go mbeidh coinníollacha comhionanna ann maidir le hoibríochtaí san Aontas le haghaidh oibreoirí Aontais agus oibreoirí tríú tír araon, agus áirithíonn sé ardleibhéal cosanta comhshaoil san am céanna. Toisc nach sainíonn an Rialachán sciar uasta breoslaí eitlíochta inbhuanaithe i ngach breosla eitlíochta, féadfaidh aerlínte agus soláthróirí breosla beartais chomhshaoil níos uaillmhianaí a shaothrú, lena mbeadh glacadh agus soláthar breoslaí eitlíochta inbhuanaithe níos fearr ina líonra foriomlán oibríochtaí, agus forlíonadh na numar breosla á sheachaint.

(22)Na haerfoirt a chumhdaítear leis an Rialachán seo, ba cheart dóibh a áirithiú go gcuirtear an bonneagar uile ar fáil a theastaíonn le haghaidh seachadadh, stóráil agus athbhreoslú breosla eitlíochta inbhuanaithe, sa chaoi nach gcruthófar bac i ndáil le glacadh an bhreosla eitlíochta inbhuanaithe sin. Más gá, ba cheart don Ghníomhaireacht a bheith in ann ceanglas a chur ar aerfort de chuid an Aontais faisnéis a chur ar fáil faoina bhfuil ann de bhonneagar, rud a dhéanfaidh dáileadh breoslaí eitlíochta inbhuanaithe níos éasca ar oibreoirí aerárthaí, agus a ligfidh dóibh athbhreoslú leo, gan uaim, le breoslaí eitlíochta inbhuanaithe. Ba cheart go ligfeadh ról na Gníomhaireachta d’aerfoirt agus d’aerlínte pointe fócasach coiteann a bheith acu, i gcás ina dteastaíonn soiléiriú teicniúil maidir le hinfhaighteacht bonneagair breosla.

(23)Ba cheart oibreoirí aerárthaí a bheith faoi cheangal tuairisciú ar bhonn bliantúil don Ghníomhaireacht maidir lena gceannacháin breosla eitlíochta inbhuanaithe, mar aon le saintréithe an bhreosla sin. Ba cheart faisnéis a sholáthar faoi shaintréithe na mbreoslaí eitlíochta inbhuanaithe a ceannaíodh amhail, inter alia, cineál agus bunús an amhábhair, an chonair aistrithe agus astaíochtaí saolré.

(24)Ba cheart ceangal a chur ar oibreoirí aerárthaí tuairisciú ar bhonn bliantúil maidir leis an méid iarbhír breosla eitlíochta a thógann siad ar bord in aghaidh an aerfoirt Aontais, chun a chruthú nach ndearnadh aon fhorlíonadh breosla. Ba cheart na tuarascálacha a bheith fíoraithe ag fíoraitheoirí neamhspleácha agus a bheith tarchurtha chuig an nGníomhaireacht le go ndéanfaí measúnú agus faireacháin ar chomhlíontacht. Ba cheart uirlis arna formheas ag an gCoimisiún a bheith ar fáil ag fíoraitheoirí chun cruinneas na riachtanas bliantúil a thuairiscíonn oibreoirí maidir le breosla eitlíochta a chinneadh.

(25)Ba cheart soláthróirí breosla eitlíochta a bheith faoi cheanglas tuairisciú ar bhonn bliantúil sa bhunachar sonraí Aontais dá dtagraítear in Airteagal 28 de Threoir (AE) 2018/2001, maidir lena soláthar breosla eitlíochta, breoslaí eitlíochta inbhuanaithe san áireamh. Ba cheart don Ghníomhaireacht tuairisciú don Choimisiún ar bhonn bliantúil ar an gcaoi a bhfuil oibreoirí aerárthaí agus soláthróirí breosla eitlíochta ag comhlíonadh a noibleagáidí féin faoin Rialachán seo. Is tábhachtach sin don Choimisiún le go mbeadh leibhéal comhlíontachta an Rialacháin iomlán feiceálach dó.

(26)Gan nósanna imeachta breise, ní féidir a chinneadh go cruinn cé acu an bhfuil nó nach bhfuil sciartha breoslaí eitlíochta inbhuanaithe curtha ar bord ina numair go fisiciúil dáiríre ag oibreoirí aerárthaí in aerfoirt Aontais shonracha. Dá bhrí sin, ba cheart cead a bheith ag oibreoirí aerárthaí a núsáid breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a thuairisciú bunaithe ar thaifid cheannaigh. Ba cheart d’oibreoirí aerárthaí a bheith i dteideal an fhaisnéis a fháil ón soláthróir breosla eitlíochta, atá ag teastáil chun an ceannach breosla eitlíochta inbhuanaithe a thuairisciú.

(27)Tá sé fíor-riachtanach d’oibreoirí aerárthaí a bheith in ann úsáid breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a éileamh faoi scéimeanna gás ceaptha teasa amhail Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais nó an Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta (CORSIA). Tá sé fíor-riachtanach, áfach, nach mbeadh comhaireamh dúbailte na laghduithe ar astaíochtaí ann mar thoradh ar an rialachán seo. Níor cheart d’oibreoirí aerárthaí a bheith in ann sochair a éileamh ach aon uair amháin as úsáid baisc chomhionainn breoslaí eitlíochta inbhuanaithe. Ba cheart iarraidh ar sholáthróirí breosla aon fhaisnéis a sholáthar d’oibreoirí aerárthaí saor in aisce a bhaineann le saintréithe an bhreosla eitlíochta inbhuanaithe a díoladh leis an oibreoir aerárthaí sin agus atá ábhartha chun críoch tuairiscithe ag an oibreoir aerárthaí faoin Rialachán seo nó faoi scéimeanna gás ceaptha teasa.

(28)Chun cothroime iomaíochta an mhargaidh eitlíochta inmheánaigh agus comhlíonadh uaillmhianta aeráide an Aontais a áirithiú, ba cheart don Rialachán seo pionóis éifeachtacha, chuí agus athchomhairleacha a ghearradh ar sholáthróirí breosla eitlíochta agus ar oibreoirí aerárthaí i gcás neamhchomhlíontachta. Ní mór leibhéal na bpionós a bheith i gcomhréir leis an damáiste don chomhshaol agus leis an dochar do chothroime iomaíochta an mhargaidh inmheánaigh de dheasca na neamhchomhlíontachta. Nuair a bhíonn fíneálacha riaracháin á bhforchur, ba cheart do na húdaráis forás phraghas an bhreosla eitlíochta agus an bhreosla eitlíochta inbhuanaithe sa bhliain tuairiscithe a chur san áireamh.

(29)Na pionóis ar sholáthróirí nach néiríonn leo na spriocanna a leagtar síos sa Rialachán seo a bhaint amach, ba cheart iad a fhorlíonadh leis an riachtanas, na cainníochtaí atá ag teastáil a chur ar fáil don mhargadh chun an cuóta a bhaint amach an bhliain dár gcionn.

(30)Ba cheart forálacha a chuimsiú leis an Rialachán seo maidir le tuarascálacha tréimhsiúla le haghaidh Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar fhorás na margaí eitlíochta agus breoslaí, ar éifeachtacht phríomhshaintréithe an Rialacháin, amhail sciartha íosta na mbreoslaí eitlíochta inbhuanaithe, ar leibhéal na bhfíneálacha riaracháin nó ar fhorbairtí beartais maidir le glacadh breoslaí eitlíochta inbhuanaithe ar an leibhéal idirnáisiúnta. Is den ríthábhacht na heilimintí sin chun staid imeartha shoiléir a sholáthar maidir le margadh na mbreoslaí eitlíochta inbhuanaithe agus ba cheart iad a chur san áireamh agus leasú ar an Rialachán á bhreith.

(31)Ba cheart idirthréimhse 5 bliana a chur ar fáil chun tréimhse réasúnta ama a éascú do sholáthróirí breosla eitlíochta, aerfoirt Aontais agus oibreoirí aerárthaí chun na hinfheistíochtaí riachtanacha teicneolaíochta agus lóistíochta a dhéanamh. I rith na céime sin, is féidir leas a bhaint as breosla eitlíochta ina bhfuil sciartha níos airde breosla eitlíochta inbhuanaithe mar chúiteamh ar sciartha níos ísle breosla eitlíochta inbhuanaithe nó infhaighteacht laghdaithe gnáthbhreosla eitlíochta in aerfoirt eile.

(32)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, mar atá, cothroime iomaíochta a choinneáil ar bun i margadh aeriompair an Aontais agus úsáid breoslaí eitlíochta inbhuanaithe á méadú san am céanna, a bhaint amach de thoradh chineál trasteorann na heitlíochta, ach gur féidir leo, ina ionad sin, an sprioc sin a bhaint amach níos fearr ar leibhéal an Aontais toisc shaintréithe an mhargaidh agus iarmhairtí an bhirt, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha comhchuibhithe maidir le glacadh agus soláthar breoslaí eitlíochta inbhuanaithe.

Airteagal 2

Raon feidhme

Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le hoibreoirí aerárthaí, aerfoirt an Aontais agus soláthróirí breosla eitlíochta.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

ciallaíonn ‘Aerfort de chuid an Aontais’ aerfort mar a shainmhínítear in Airteagal 2(2) de Threoir 2009/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 13 , i gcás ina raibh trácht paisinéirí níos airde ná 1 mhilliún paisinéir nó i gcás ina raibh an trácht lasta níos airde ná 100 000 tona sa tréimhse tuairiscithe, agus i gcás nach bhfuil sé suite i réigiún is forimeallaí, mar a liostaítear in Airteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

ciallaíonn ‘oibreoir aerárthaí’duine a d’oibrigh ar a laghad 729 n‑eitilt aeriompair tráchtála a d’imigh ó aerfoirt de chuid an Aontais sa tréimhse tuairiscithe nó, i gcás nach bhféadfar an duine sin a shainaithint, úinéir na n‑aerárthaí;

ciallaíonn ‘eitilt aeriompair tráchtála’ eitilt arna hoibriú chun críocha paisinéirí, lasta nó post a iompar le haghaidh luach saothair nó ar cíos, nó eitiltí eitlíochta gnó;

ciallaíonn ‘breosla eitlíochta’ breosla arna mhonarú lena úsáid go díreach ag aerárthaí;

ciallaíonn ‘breoslaí eitlíochta inbhuanaithe’ (‘SAF’) breoslaí eitlíochta intiteáin is breoslaí eitlíochta sintéiseacha, bithbhreoslaí forbartha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara mír, pointe 34 de Threoir (AE) 2018/2001, nó bithbhreoslaí arna dtáirgeadh ón amhábhar a liostaítear i gCuid B d’Iarscríbhinn IX a ghabhann leis an Treoir sin, a chomhlíonann an inbhuanaitheacht agus na critéir maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar síos in Airteagal 29(2) go (7) den Treoir sin agus atá deimhnithe i gcomhréir le hAirteagal 30 den Treoir sin;

ciallaíonn ‘luchtóg’ cainníocht de bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe is féidir a shainaithint le huimhir agus is féidir a rianadh;

ciallaíonn ‘astaíochtaí saolré’ astaíochtaí de bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe léirithe mar choibhéis dé-ocsaíde carbóin lena gcuirtear na nithe seo a leanas san áireamh - astaíochtaí de tháirgeadh fuinnimh léirithe mar choibhéis dé-ocsaíde carbóin, iompar, riar fuinnimh agus úsáid ar bord, lena n‑áirítear le linn dócháin, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 31 de Threoir (AE) 2018/2001;

ciallaíonn ‘breoslaí eitlíochta sintéiseacha’ breoslaí ar breoslaí inathnuaite de thionscnamh neamh‑bhitheolaíoch iad, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara mír, pointe 36 de Threoir (AE) 2018/2001, a úsáidtear san eitlíocht;

ciallaíonn ‘gnáthbhreoslaí eitlíochta’ breoslaí a tháirgtear as foinsí breoslaí hidreacarbóin ar foinsí fuinnimh neamh‑inathnuaite iad, a úsáidtear san eitlíocht;

ciallaíonn ‘soláthróir breosla eitlíochta’ soláthróir breosla mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara mír, pointe 38 de Threoir (AE) 2018/2001, a sholáthraíonn breosla eitlíochta ag aerfort de chuid an Aontais;

ciallaíonn ‘bliain tuairiscithe’ tréimhse aon bhliana inar gá na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagail 7 agus 9 a chur isteach, bliain dar tosach an 1 Eanáir agus dar críoch an 31 Nollaig;

ciallaíonn ‘tréimhse tuairiscithe’ tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig de chuid na bliana roimh an mbliain tuairiscithe;

ciallaíonn ‘breosla eitlíochta bliantúil atá de dhíth’ an méid breosla eitlíochta is gá chun iomlán na n‑eitiltí aeriompair tráchtála a oibríonn oibreoir aerárthaí a oibriú, a imíonn as aerfort áirithe de chuid an Aontais, le linn tréimhse tuairiscithe;

ciallaíonn ‘cainníocht bhliantúil gan rólíonadh na n‑umar breosla’ an difríocht idir an breosla eitlíochta bliantúil is gá agus an breosla arna chur ar bord ag oibreoir aerárthaí roimh eitiltí a imíonn as aerfort áirithe de chuid an Aontais, le linn tréimhse tuairiscithe;

ciallaíonn ‘cainníocht bhliantúil iomlán gan rólíonadh na n‑umar breosla’ méid na gcainníochtaí bliantúla nár forlíonadh na humair leo ag oibreoir aerárthaí ag gach aerfort de chuid an Aontais le linn tréimhse tuairiscithe;

ciallaíonn ‘scéim gáis ceaptha teasa’ scéim lena mbronntar sochair ar oibreoirí aerárthaí chun breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a úsáid.

Airteagal 4

Sciar den bhreosla eitlíochta inbhuanaithe atá ar fáil ag aerfoirt an Aontais

Áiritheoidh soláthróirí breosla eitlíochta go mbeidh sciar íosta de bhreosla eitlíochta inbhuanaithe sa bhreosla eitlíochta go léir a chuirfear ar fáil d’oibreoirí aerárthaí ag gach aerfort de chuid an Aontais, lena n‑áirítear sciar íosta de bhreosla eitlíochta sintéiseach i gcomhréir leis na luachanna agus na dátaí cur i bhfeidhm a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

Gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 11(3) agus (4), i gcás ina mainneoidh soláthróir breosla eitlíochta na sciartha íosta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a sholáthar le haghaidh tréimhse tuairiscithe áirithe, déanfaidh sé an t‑easnamh sin a chomhlánú, ar a laghad, sa tréimhse tuairiscithe ina dhiaidh sin.

Airteagal 5

Oibleagáid athbhreoslaithe maidir le hoibreoirí aerárthaí

90 % ar a laghad den bhreosla eitlíochta bliantúil is gá a bheidh sa chainníocht bhliantúil de bhreosla eitlíochta arna chur ar bord ag oibreoir aerárthaí áirithe ag aerfort áirithe de chuid an Aontais.

Airteagal 6

Oibleagáidí ar aerfoirt an Aontais chun an bonneagar a chur ar fáil

Glacfaidh aerfoirt an Aontais gach beart is gá chun rochtain oibreoirí aerárthaí ar bhreoslaí eitlíochta ina bhfuil sciartha de bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe a éascú i gcomhréir le hIarscríbhinn I agus cuirfidh sé an bonneagar is gá ar fáil le haghaidh sheachadadh, stóráil agus chur ar bord na mbreoslaí sin.

I gcás ina dtuairisceoidh oibreoirí aerárthaí deacrachtaí do Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (‘an Ghníomhaireacht’) maidir le rochtain a fháil ar bhreoslaí eitlíochta ina bhfuil breoslaí eitlíochta inbhuanaithe ag aerfort áirithe de chuid an Aontais toisc go bhfuil bonneagar aerfoirt leordhóthanach in easnamh, féadfaidh an Ghníomhaireacht a iarraidh ar aerfort an Aontais an fhaisnéis is gá a chur ar fáil chun comhlíontacht mhír 1 a chruthú. Déanfaidh an t‑aerfort de chuid an Aontais lena mbaineann an fhaisnéis a sholáthar gan moill mhíchuí.

Déanfaidh an Ghníomhaireacht an fhaisnéis a fuarthas a mheasúnú agus cuirfidh sí an Coimisiún ar an eolas má chumasaítear é leis an bhfaisnéis sin chun teacht ar an gconclúid nach gcomhlíonann an t‑aerfort de chuid an Aontais a oibleagáidí. Glacfaidh aerfoirt an Aontais na bearta is gá chun an easpa bonneagair aerfoirt leordhóthanaigh a shainaithint agus chun aghaidh a thabhairt uirthi le linn na 5 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin nó tar éis na bliana a sháróidh siad ceann de na tairseacha in Airteagal 3(a).

Airteagal 7

Na hOibleagáidí Tuairiscithe atá ar Oibreoirí Aerárthaí

Faoin 31 Márta de chuid gach bliana tuairiscithe, tuairisceoidh oibreoirí aerárthaí an fhaisnéis seo a leanas don Ghníomhaireacht:

(a)Méid iomlán an bhreosla eitlíochta a cuireadh ar bord ag gach aerfort de chuid an Aontais, arna shloinneadh i dtonaí;

(b)An breosla eitlíochta bliantúil is gá, de réir an aerfoirt de chuid an Aontais, arna shloinneadh i dtonaí;

(c)An chainníocht bhliantúil gan rólíonadh na numar breosla, de réir an aerfoirt de chuid an Aontais. Má tá an chainníocht bhliantúil gan rólíonadh na numar breosla diúltach, nó má tá sé níos ísle ná 10 % den bhreosla eitlíochta bliantúil is gá, déanfar an méid tuairiscithe bliantúil gan rólíonadh na numar breosla a thuairisciú mar 0;

(d)Méid iomlán an bhreosla eitlíochta inbhuanaithe arna cheannach ó sholáthróirí breosla eitlíochta, chun a neitiltí a imíonn as aerfoirt an Aontais a oibriú, arna shloinneadh i dtonaí.

(e)Na nithe seo a leanas maidir le gach ceannachán de bhreosla eitlíochta inbhuanaithe: ainm an tsoláthróra breosla eitlíochta; an méid a ceannaíodh arna shloinneadh i dtonaí; an teicneolaíocht tiontúcháin; tréithe agus bunadh an amhábhair a úsáideadh sa táirgeacht; agus astaíochtaí saolré an bhreosla eitlíochta inbhuanaithe. I gcás ina gcuimseofar breoslaí eitlíochta inbhuanaithe le tréithe éagsúla i gceannach amháin, déanfar an fhaisnéis seo maidir le gach cineál breosla eitlíochta inbhuanaithe a sholáthar sa tuarascáil.

Déanfar an tuarascáil a chur i láthair i gcomhréir leis an teimpléad a leagtar síos in Iarscríbhinn II.

Déanfar an tuarascáil a fhíorú ag fíoraitheoir neamhspleách i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 14 agus 15 de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 14 , agus i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 ón gCoimisiún 15  

Airteagal 8

Éileamh oibreora aerárthaí ar úsáid breoslaí eitlíochta inbhuanaithe

Ní éileoidh oibreoirí aerárthaí sochair de bharr luchtóg chomhionann de breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a úsáid faoi níos mó ná scéim gáis ceaptha teasa amháin. Déanfaidh oibreoirí aerárthaí na nithe seo a leanas a sholáthar don Ghníomhaireacht, mar aon leis an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 7:

(a)Dearbhú maidir leis na scéimeanna gáis ceaptha teasa ina mbíonn siad rannpháirteach agus ina bhféadfar úsáid breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a thuairisciú;

(b)Dearbhú nach ndearna siad luchtóga comhionanna de bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe a thuairisciú faoi níos mó ná scéim amháin.

Soláthróidh soláthróirí breosla eitlíochta an fhaisnéis iomchuí d’oibreoirí aerárthaí saor in aisce, chun úsáid breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a thuairisciú faoi fhorálacha Airteagal 7 den Rialachán seo, nó faoi scéim gáis ceaptha teasa.

Airteagal 9

Na hoibleagáidí tuairiscithe atá ar sholáthróirí breosla

Faoin 31 Márta de chuid gach bliana tuairiscithe, tuairisceoidh soláthróirí breosla eitlíochta an fhaisnéis seo a leanas a bhaineann leis an tréimhse tuairiscithe sa Bhunachar Sonraí de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 28 de Threoir (AE) 2018/2001:

(a)Toirt an bhreosla eitlíochta arna sholáthar ag gach aerfort de chuid an Aontais;

(b)Toirt an bhreosla eitlíochta inbhuanaithe arna sholáthar ag gach aerfort de chuid an Aontais, agus maidir le gach cineál breosla eitlíochta inbhuanaithe, mar a shonraítear i bpointe c);

(c)Astaíochtaí saolré, bunadh an amhábhair agus próiseas tiontúcháin gach cineál breosla eitlíochta inbhuanaithe arna sholáthar ag aerfoirt de chuid an Aontais.

Beidh rochtain ag an nGníomhaireacht ar bhunachar sonraí an Aontais agus úsáidfidh sí an fhaisnéis i mbunachar sonraí an Aontais, a luaithe a dhéanfar an fhaisnéis a fhíorú ar leibhéal an Bhallstáit de bhun Airteagal 28 de Threoir (AE) 2018/2001.

Airteagal 10

Údarás inniúil

(1)Ainmneoidh na Ballstáit an túdarás inniúil nó na húdaráis inniúla a bheidh freagrach as cur chun feidhme an Rialacháin seo a fhorfheidhmiú agus as fíneálacha a fhorchur ar oibreoirí aerárthaí, aerfoirt an Aontais agus soláthróirí breosla. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin.

(2)Déanfaidh an Ghníomhaireacht na sonraí arna bhfáil de bhun Airteagail 7 agus 9 a sheoladh chuig údaráis inniúla na mBallstát. Sonraí a dhéantar a chomhiomlánú le haghaidh na noibreoirí aerárthaí agus na soláthróirí breosla eitlíochta a bhfuil na húdaráis inniúil ina leith de bhun mhíreanna 3, 4 agus 5, déanfaidh an Ghníomhaireacht iad a sheoladh chuig na húdaráis inniúla freisin.

(3)Déanfar na húdaráis inniúla i leith oibreoir aerárthaí a chinneadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 748/2009 ón gCoimisiún 16 .

(4)Déanfar na húdaráis inniúla i leith aerfoirt an Aontais a chinneadh ar bhonn na dlínse críche sonraí.

(5)Déanfar na húdaráis inniúla i leith na soláthróirí breosla eitlíochta a chinneadh de bhun a mBallstáit bunaíochta.

Airteagal 11

Forfheidhmiú

(1)Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar na forálacha a ghlactar de bhun an Rialacháin seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena náirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ní mór do na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na forálacha sin faoin 31 Nollaig 2023 ar a dhéanaí agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

(2)Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh aon oibreoir aerárthaí a mhainneoidh na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 5 a chomhlíonadh faoi dhliteanas maidir le fíneáil riaracháin. Beidh an fhíneáil sin dhá oiread níos airde, ar a laghad, ná iolrú an mheánphraghais bhliantúil ar bhreosla eitlíochta in aghaidh an tona agus na cainníochta iomláine bliantúla gan rólíonadh na numar breosla;

(3)Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh aon soláthróir breosla eitlíochta a mhainneoidh na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 4 maidir leis an sciar íosta de bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe a chomhlíonadh faoi dhliteanas maidir le fíneáil riaracháin. Beidh an fhíneáil sin dhá oiread níos airde, ar a laghad, ná iolrú na difríochta idir an meánphraghas bliantúil ar ghnáthbhreosla eitlíochta agus breosla eitlíochta inbhuanaithe in aghaidh an tona agus an chainníocht de bhreoslaí eitlíochta nach gcomhlíonann an sciar íosta dá dtagraítear in Airteagal 4 agus Iarscríbhinn I;

(4)Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh aon soláthróir breosla eitlíochta a mhainneoidh na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 4 maidir leis an sciar íosta de bhreoslaí eitlíochta sintéiseacha a chomhlíonadh faoi dhliteanas maidir le fíneáil riaracháin. Beidh an fhíneáil sin dhá oiread níos airde, ar a laghad, ná iolrú na difríochta idir an meánphraghas bliantúil de bhreosla eitlíochta sintéiseach agus gnáthbhreosla eitlíochta in aghaidh an tona agus an chainníocht de bhreosla eitlíochta nach gcomhlíonann an sciar íosta dá dtagraítear in Airteagal 4 agus Iarscríbhinn I;

(5)Sa chinneadh lena bhforchuirtear na fíneálacha riaracháin dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4, míneoidh an túdaráis inniúil an mhodheolaíocht arna cur i bhfeidhm chun an praghas a chinneadh ar mhargadh an Aontais maidir le breosla eitlíochta, breosla eitlíochta inbhuanaithe agus breosla eitlíochta sintéiseach, bunaithe ar chritéir infhíoraithe agus oibiachtúla;

(6)Maidir le haon soláthróir breosla eitlíochta a chnuasaigh easnamh ón oibleagáid a leagtar síos in Airteagal 4 maidir leis an sciar íosta de bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe nó de bhreoslaí sintéiseacha i dtréimhse tuairiscithe áirithe, áiritheoidh na Ballstáit go soláthróidh sé cainníocht den bhreosla sin is comhionann leis an easnamh sin don mhargadh sa tréimhse tuairiscithe ina dhiaidh sin, sa bhreis ar a oibleagáid tréimhse tuairiscithe. Ní scaoilfear an soláthróir breosla ón oibleagáid na fíneálacha a leagtar amach i míreanna 3 agus 4 den Airteagal seo a íoc tríd an oibleagáid seo a chomhlíonadh;

(7)Beidh an creat dlíthiúil agus riaracháin is gá curtha i bhfeidhm ag na Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta chun comhlíonadh na noibleagáidí agus bailiú na bhfíneálacha riaracháin a áirithiú. Aistreoidh na Ballstáit an méid a bhaileofar trí na fíneálacha riaracháin sin mar ranníocaíocht leis an tSaoráid Infheistíochta Aistrithe Ghlais InvestEU, mar bhreisiú leis an ráthaíocht AE.

Airteagal 12

Bailiú sonraí agus foilsiú

Foilseoidh an Ghníomhaireacht tuarascáil theicniúil gach bliain ar bhonn na dtuarascálacha bliantúla dá dtagraítear in Airteagail 7 agus 9. Beidh an fhaisnéis seo a leanas, ar a laghad, sa tuarascáil sin:

(a)Méid an bhreosla eitlíochta inbhuanaithe arna cheannach ag oibreoirí aerárthaí ar leibhéal an Aontais go comhiomlán, lena úsáid ar eitiltí a imíonn ó aerfort de chuid an Aontais, agus de réir an aerfoirt de chuid an Aontais;

(b)Méid an bhreosla eitlíochta inbhuanaithe agus an bhreosla eitlíochta shintéisigh arna sholáthar ar leibhéal an Aontais go comhiomlán agus de réir an aerfoirt de chuid an Aontais;

(c)Staid an mhargaidh, lena náirítear faisnéis faoi phraghsanna, agus treochtaí i dtáirgeadh breosla eitlíochta inbhuanaithe agus úsáid san Aontas;

(d)Stádas comhlíontachta aerfort maidir le hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 6;

(e)Stádas comhlíontachta gach oibreora aerárthaí agus soláthróra breosla eitlíochta a bhfuil oibleagáid orthu faoin Rialachán seo sa tréimhse tuairiscithe;

(f)Bunadh agus tréithe gach breosla eitlíochta inbhuanaithe arna gceannach ag oibreoirí aerárthaí lena núsáid ar eitiltí a imíonn ó aerfoirt an Aontais.

Airteagal 13

Idirthréimhse

De mhaolú ar Airteagal 4, ón 1 Eanáir 2025 go dtí an 31 Nollaig 2029, le haghaidh gach tréimhse tuairiscithe, féadfaidh soláthróir breosla eitlíochta an sciar íosta de bhreosla eitlíochta inbhuanaithe mar a shainítear in Iarscríbhinn I a sholáthar mar mheán ualaithe thar iomlán an bhreosla eitlíochta a sholáthair sé in aerfoirt an Aontais le haghaidh na tréimhse tuairiscithe sin.

Airteagal 14

Tuarascálacha agus Athbhreithniú

Faoin 1 Eanáir 2028 agus gach 5 bliana dá éis, cuirfidh seirbhísí an Choimisiúin tuarascáil i láthair do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, maidir le forás an mhargaidh breosla eitlíochta agus maidir lena thionchar ar mhargadh eitlíochta inmheánach an Aontais, lena n‑áirítear an fhéidearthacht síneadh a chur le raon feidhme an Rialacháin seo go foinsí eile fuinnimh, agus cineálacha breoslaí sintéiseacha eile a shainítear faoin Treoir maidir le Fuinneamh Inathnuaite, an t‑athbhreithniú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar na sciartha íosta in Airteagal 4 agus Iarscríbhinn I, agus leibhéal na bhfíneálacha riaracháin. Áireofar sa tuarascáil faisnéis, i gcás ina bhfuil a leithéid ar fáil, ar fhorbairt an chreata beartais fhéideartha maidir le glacadh bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe ar leibhéal ICAO. Cuirfidh an tuarascáil eolas ar fáil freisin maidir le dul chun cinn teicneolaíoch sa réimse taighde agus nuálaíocht san earnáil eitlíochta atá ábhartha maidir le breoslaí eitlíochta inbhuanaithe, lena n‑áirítear dul chun cinn agus nuálaíocht maidir le hastaíochtaí neamh‑CO2 a laghdú. Féadfar a mheas leis an tuarascáil ar cheart an Rialachán seo a leasú, agus féadfar roghanna maidir le leasuithe a mheas i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir le creat beartais féideartha maidir le glacadh breoslaí eitlíochta inbhuanaithe ar leibhéal ICAO.

Airteagal 15

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2023.

Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagail 4 agus 5 ón 1 Eanáir 2025 agus beidh feidhm ag Airteagail 7 agus 9 ón 1 Aibreán 2024 le haghaidh na tréimhse tuairiscithe i gcomhair 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    Eurostat (lfsa_egan22d).
(2)    Foinse: SWD(2017) 207 final.
(3)    Foinse: Eurostat; Na poist indíreacha a eascraíonn as an aeriompar, d’fhéadfadh suas lena dtrí oiread díobh a bheith ann i gcomparáid leis na poist dhíreacha (An Coimisiún Eorpach, 2015).
(4)    Foinse: https://ec.europa.eu/transport/themes/mobilitystrategy_en
(5)    Measúnú Tionchair ar thogra le haghaidh Rialachán maidir le cothrom iomaíochta a áirithiú le haghaidh aeriompar inbhuanaithe.
(6)    Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in‑athnuaite a chur chun cinn.
(7)    Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Chomhphobal.
(8)    IO C , , lch. .
(9)    IO C , , lch. .
(10)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Straitéis maidir le Soghluaisteacht Chliste agus Inbhuanaithe - iompar Eorpach a chur ar an mbóthar ceart don todhchaí (COM/2020/789 final), 9.12.2020.
(11)    Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).
(12)    https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:32018L2001&from=fr
(13)    Treoir 2009/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le muirir aerfoirt.
(14)    Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Chomhphobal
(15)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 maidir le fíorú na sonraí agus creidiúnú fíoraitheoirí de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 334, 31.12.2018, lch. 94).
(16)    Rialachán (CE) Uimh. 748/2009 ón gCoimisiún an 5 Lúnasa 2009 maidir le liosta na n‑oibreoirí aerárthaí a rinne gníomhaíocht eitlíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE
Top

An Bhruiséil,14.7.2021

COM(2021) 561 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le cothrom iomaíochta a áirithiú le haghaidh aeriompar inbhuanaithe

{SEC(2021) 561 final} - {SWD(2021) 633 final} - {SWD(2021) 634 final}


Iarscríbhinn I (sciartha den toirt)

(a)Ó 1 Eanáir 2025, sciar íosta de 2 % SAF;

(b)Ó 1 Eanáir 2030, sciar íosta de 5 % SAF, ina bhfuil sciar íosta de 0.7 % breoslaí eitlíochta sintéiseacha;

(c)Ó 1 Eanáir 2035, sciar íosta de 20 % SAF, ina bhfuil sciar íosta de 5 % breoslaí eitlíochta sintéiseacha;

(d)Ó 1 Eanáir 2040, sciar íosta de 32 % SAF, ina bhfuil sciar íosta de 8 % breoslaí eitlíochta sintéiseacha;

(e)Ó 1 Eanáir 2045, sciar íosta de 38 % SAF, ina bhfuil sciar íosta de 11 % breoslaí eitlíochta sintéiseacha;

(f)Ó 1 Eanáir 2050, sciar íosta de 63 % SAF, ina bhfuil sciar íosta de 28 % breoslaí eitlíochta sintéiseacha.

Iarscríbhinn II - Teimpléad do thuarascáil ar oibreoirí aerárthaí

Aerfort de chuid an Aontais

Sainitheoir ICAO an Aerfoirt sin de chuid an Aontais

Breosla eitlíochta bliantúil a theastaíonn (tonaí)

Breosla eitlíochta iarmhír a cuireadh ar bord (tonaí)

Cainníocht bhliantúil gan forlíonadh na n-umar breosla (tonaí)

Cainníocht iomlán bhliantúil gan forlíonadh na n-umar breosla (tonaí)

Top