EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52021PC0212

Togra le haghaidh CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh tar éis iarratas ón mBeilg – EGF/2020/005 BE/Swissport

COM/2021/212 final

An Bhruiséil,27.4.2021

COM(2021) 212 final

2021/0109(BUD)

Togra le haghaidh

CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh tar éis
iarratas ón mBeilg – EGF/2020/005 BE/Swissport


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

COMHTHÉACS AN TOGRA

1.Tá na rialacha is infheidhme maidir le ranníocaíochtaí airgeadais ón gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED) leagtha síos i Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (20142020) agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006 1 (an ‘Rialachán maidir le CED’) 2 .

2.An 22 Nollaig 2020, chuir an Bheilg iarratas EGF/2020/005 BE/Swissport isteach ar ranníocaíocht airgeadais ó CED, de dheasca iomarcaíochtaí 3 in Swissport Belgium 4 sa Bheilg.

3.Tar éis dó measúnú a dhéanamh ar an iarratas sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, i gcomhréir le forálacha uile an Rialacháin is infheidhme maidir le CED, gur comhlíonadh na coinníollacha maidir le ranníocaíocht airgeadais a dhámhachtain ó CED.

ACHOIMRE AR AN IARRATAS

Iarratas ar CED

EGF/2020/005 BE/Swissport

Ballstát

an Bheilg

An dáta a cuireadh an t‑iarratas isteach

22 Nollaig 2020

An dáta a admhaíodh go bhfuarthas an t‑iarratas

22 Nollaig 2020

An dáta a iarradh faisnéis bhreise

5 Eanáir 2021

An spriocdháta leis an bhfaisnéis bhreise a sholáthar

16 Feabhra 2021

An spriocdháta leis an measúnú a chur i gcrích

11 Bealtaine 2021

Critéar idirghabhála

Airteagal 4(1)(b) den Rialachán maidir le CED


An príomhfhiontar

Swissport Belgium


An líon fiontar lena mbaineann

1

An earnáil/na hearnálacha a bhaineann leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch

(Rannán NACE Athbhreithniú 2) 5

Rannán 52 (Gníomhaíochtaí ollstórála agus tacaíochta le haghaidh iompair)

Rannán 81 (Gníomhaíochtaí i seirbhísí do na foirgnimh agus don tírdhreach) 6

An tréimhse thagartha (ceithre mhí):

9 Meitheamh 2020 – 9 Deireadh Fómhair 2020

An líon iomarcaíochtaí le linn na tréimhse tagartha (a)

1 468

An líon iomarcaíochtaí roimh an tréimhse thagartha nó ina diaidh (b)

0

An líon iomlán iomarcaíochtaí (a + b)

1 468

An líon iomlán tairbhithe incháilithe

1 468

An líon iomlán tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú

1 468

An buiséad do sheirbhísí pearsantaithe (EUR)

5 977 108

An buiséad le haghaidh CED a chur chun feidhme 7 (EUR)

221 600

Buiséad iomlán (EUR)

6 198 708

Ranníocaíocht ó CED (60 %) (EUR)

3 719 224

MEASÚNÚ AR AN IARRATAS

Nós imeachta

4.An 22 Nollaig 2020, chuir an Bheilg an tiarratas EGF/2020/005 BE/Swissport isteach, is é sin faoi cheann 12 sheachtain ón dáta a comhlíonadh na critéir idirghabhála a leagtar amach in Airteagal 4 den Rialachán maidir le CED. D’admhaigh an Coimisiún go bhfuarthas an tiarratas ar an dáta céanna, agus, an 5 Eanáir 2021, d’iarr sé ar an mBeilg faisnéis bhreise a sholáthar. Soláthraíodh an fhaisnéis bhreise sin laistigh de shé seachtaine ón tráth a iarradh í. An spriocdháta 12 sheachtain ón tráth a fuarthas an tiarratas comhlánaithe, tréimhse ar lena linn ba cheart don Choimisiún críoch a chur leis an measúnú ar an gcaoi a bhfuil na coinníollacha maidir le ranníocaíocht airgeadais a sholáthar á gcomhlíonadh leis an iarratas, rachaidh sé in éag an 11 Bealtaine 2021.

Incháilitheacht an iarratais

Na fiontair agus na tairbhithe lena mbaineann

5.Baineann an tiarratas le 1 468 noibrí a cuireadh ar iomarcaíocht in Swissport Belgium. Tá tionchar ag na hiomarcaíochtaí sin ar an mBeilg ina hiomláine.

6.Chuir an Bheilg an tiarratas isteach faoi na critéir idirghabhála a leagtar amach in Airteagal 4(1)(a) den Rialachán maidir le CED, lena gceanglaítear go gcuirfí ar a laghad 500 oibrí ar iomarcaíocht le linn tréimhse thagartha ceithre mhí i bhfiontar atá lonnaithe i mBallstát, lena náirítear oibrithe ar chuir soláthraithe agus táirgeoirí iartheachtacha ar iomarcaíocht iad agus/nó daoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht.

7.Maireann an tréimhse thagartha de cheithre mhí don iarratas ón 9 Meitheamh 2020 go dtí an 9 Deireadh Fómhair 2020.

8.Cuireadh 1 468 noibrí ar iomarcaíocht in Swissport Belgium le linn na tréimhse tagartha.

Iomarcaíochtaí agus deireadh le gníomhaíocht a ríomh

9.Rinneadh na hoibrithe ar fad a cuireadh ar iomarcaíocht le linn na tréimhse tagartha a ríomh ó dháta fhógra aonair an fhostóra lenar léiríodh go raibh an toibrí le leagan as nó go raibh conradh fostaíochta an oibrí le foirceannadh.

Tairbhithe incháilithe

10.Is é 1 468 duine an líon iomlán tairbhithe incháilithe.

Nasc idir na hiomarcaíochtaí agus an ghéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíoch.

11.An 11 Márta 2020, d’fhógair an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte gur phaindéim í ráig COVID19. An 27 Bealtaine 2020, sa teachtaireacht uaidh dar teideal ‘Buiséad an Aontais lena gcumhachtaítear an plean téarnaimh don Eoraip’ 8 , d’fhógair an Coimisiún go raibh géarchéim eacnamaíoch ann de dheasca na paindéime agus leag sé amach plean téarnaimh don gheilleagar. Cuireann sé sin ar chumas CED, ina cháil mar uirlis éigeandála fhrithghníomhach, cabhrú le daoine a chaill a bpost mar gheall ar ghéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíoch.

12.Ba í an phaindéim ba chúis leis an gcúlú is doimhne i stair an Aontais sa chéad leath de 2020. De réir Réamhaisnéis Eacnamaíoch na hEorpa Geimhreadh 2021 (Eatramhach) ón gCoimisiúin 9 , tuaradh go dtiocfadh crapadh thart ar 6,3 % ar OTI an Aontais in 2020, agus go dtiocfadh méadú 3,7 % air in athuair in 2021 agus 3,9 % in 2022.

13.Chuir an Bheilg dianghlasáil i bhfeidhm an 18 Márta 2020 chun paindéim COVID19 a chur faoi chois. Bhí tionchar láithreach ar na haeriompróirí agus ar na fiontair a bhíonn ag oibriú ag Aerfort na Bruiséile. Sa chéad seachtain den dianghlasáil (1622 Márta), thit líon na neitiltí ag an aerfort sin go dtí 578, laghdú 58 % ó bhí Eanáir 2020 ann. Le linn na seachtainí ina dhiaidh sin, tháinig deireadh le gluaiseachtaí eitleán paisinéirí ag an aerfort go hiomlán beagnach, ach amháin i gcás líon teoranta eitiltí aisdúichithe, eitiltí éigeandála leighis nó eitiltí taidhleoireachta.

14.In 2020 tháinig laghdú 60 % ar thrácht idirnáisiúnta paisinéirí i gcomparáid le 2019 (ó 4,5 billiún paisinéir go 1,8 billiún paisinéir) agus cuireadh 50 % d’aerárthaí domhanda i stóráil 10 .

15.Ina thuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí i bhfianaise phaindéim COVID19 11 , d’aithin an Coimisiún go raibh tionchar anmhór ar na seirbhísí láimhseála ar an talamh agus gur mór an baol go bhféadfadh tuilleadh féimheachtaí a bheith ann i measc soláthraithe seirbhísí láimhseála ar an talamh le linn 2021.

16.Bhí Swissport Belgium, ceann den dá láimhseálaí ar an talamh atá ag an aerfort, freagrach as 60 % de na seirbhísí láimhseála agus glantacháin ag an aerfort. Nuair a bhris an phaindéim amach, bhí ag éirí le Swissport Belgium plean téarnaimh a chur i bhfeidhm: sa cheathrú ráithe de 2019, bhí méadú 5,8 % tagtha ar an láimhdeachas iomlán i gcomparáid leis an gceathrú ráithe de 2018. Ag an gcruinniú boird a bhí aige an 20 Feabhra 2020, chuir Swissport réamhaisnéis láimhdeachais i láthair de chaillteanas EUR 4,5 milliún don bhliain 2020, arb ionann é sin agus laghdú 37 % ar chaillteanais i gcomparáid le 2019.

17.Faoi mhí na Bealtaine 2020, áfach, ba léir go mbeadh tamall fada ann sula mbeadh gníomhaíochtaí aeriompair agus aerfoirt ar ais mar a bhí. Mheas Swissport Belgium, de réir réamhaisnéis a chuid custaiméirí féin maidir le hatosú, go mbeadh a ghníomhaíocht ag thart ar 40 % dá ghníomhaíocht réamhphaindéime faoi dheireadh na bliana 2020, agus gur dócha nach mó ná 7080 % a bheadh sí in 2021 12 . Tar éis trí mhí a thabhairt go neamhghníomhach agus é in éagmais leachtachta, rinne Swissport iarratas a chomhdú le haghaidh féimheachta. Dhearbhaigh Cúirt na Bruiséile féimheacht an fhiontair an 9 Meitheamh 2020, seachtain amháin roimh athsheoladh sceidealaithe na neitiltí Eorpacha ag Aerfort na Bruiséile, áit a raibh 20 aerlíne ag freastal ar 60 ceann scríbe 13 .

18.Bhí deacrachtaí móra ag Aviapartner Belgium freisin, an láimhseálaí eile ar an talamh atá ag an aerfort, agus é in éagmais leachtachta mar gheall ar neamhghníomhaíocht de dheasca na paindéime, agus laghdaigh a ioncam 95 % óna ioncam réamhphaindéime. Chun nach rachadh Aviapartner chun féimheachta, rud a d’fhágfadh an taerfort gan aon láimhseálaí ar an talamh, thug Comhairle Airí na Beilge iasacht inchomhshóite de suas le EUR 25 milliún dó tríd an gCumann Cónaidhmeach um Rannpháirtíocht agus Infheistíocht (SFPIFPIM) 14 , ocht lá tar éis do Swissport Belgium dul chun féimheachta. Gan láimhseálaithe ar an talamh, ní bheadh eitiltí paisinéirí ná lastais in ann éirí de thalamh ná tuirlingt ag an aerfort. D’áirithigh an iasacht inmharthanacht Aviapartner, ionas go bhféadfadh oibríochtaí ag an aerfort tosú arís tar éis na dianghlasála.

19.Go dtí seo, bhí gníomhaíochtaí stórasaithe agus tacaíochta na hearnála iompair, mar aon le hearnálacha eile, ina nábhar d’iarratas ilearnálach CED 15 amháin, agus cuireadh an ghéarchéim eacnamaíoch a d’eascair as paindéim COVID19 ar aghaidh mar bhunús leis an iarratas.

Eachtraí as ar tháinig na hiomarcaíochtaí agus an deireadh le gníomhaíocht

20.An 9 Meitheamh 2020, tar éis seachtainí de sheirbhísí ar an talamh a bheith ar marthain ar éigean ag an aerfort, dearbhaíodh féimheacht Swissport Belgium. Thairis sin, mar gheall ar an éiginnteacht mhór faoi théarnamh gearrthéarmach na hearnála aeriompair paisinéirí, níor léirigh aon fhiontar spéis ar bith i ngníomhaíochtaí láimhseála Swissport Belgium 16 a ghlacadh chuige féin. Ba iad an dá theagmhas ghaolmhara sin ba chúis leis na hiomarcaíochtaí a bhfuil an tiarratas seo á dhéanamh ina leith.

An tionchar a mheastar a bheidh ag na hiomarcaíochtaí ar an ngeilleagar áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta agus ar an bhfostaíocht

21.Dar le Comhlachas Tráchtála na Bruiséile agus eagraíocht na bhfostóirí Pléimeannacha Voka 17 , is in Aerfort na Bruiséile atá 24 000 post díreach agus tá baint aige le 40 000 post indíreach.

22.Tá tionchar ag iomarcaíochtaí Swissport Belgium ar oibrithe atá ina gcónaí ar fud na tíre: An Bhruiséil (29 %), Flóndras (52 %) agus an Vallúin (19 %).

23.Faoi Dheireadh Fómhair 2020, in ainneoin na scéimeanna oibre gearrama atá i bhfeidhm, tháinig méadú 1,3 pointe céatadáin ar an ráta dífhostaíochta náisiúnta go 6,4 % ó bhí mhí Dheireadh Fómhair 2019 ann 18 . I bhFlóndras, áit a bhfuil Aerfort na Bruiséile suite, bhí méadú 1 phointe céatadáin amháin tagtha ar an dífhostaíocht go 4,4 % faoi Dheireadh Fómhair 2020 i gcomparáid le Deireadh Fómhair 2019. Sa Vallúin ba é 8,3 % an ráta dífhostaíochta i measc na bhfear i Ráithe 3 2020, beagnach 2 phointe céatadáin níos airde ná an meán náisiúnta don ghrúpa sin. Tá an dúnadh tobann ar phríomhearnálacha áirithe (lónadóireacht, turasóireacht, cultúr, etc.) tar éis margadh saothair na Bruiséile a chroitheadh go háirithe, rud a mhéadaigh an dífhostaíocht go 15 % (+ 2 phointe céatadáin bliain ar bhliain) i Ráithe 3 2020 19 .

24.Mar gheall ar an dífhostaíocht a bheith ag dul i méid, tá eagla ar údaráis na Beilge go mbeidh sé níos deacra fós oibrithe ó ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste a athfhostú. Tá cuid mhór den lucht saothair a bhí in Swissport sa chatagóir seo, toisc gur oibrithe ar bheagán oiliúna agus leathoilte iad den chuid is mó agus go bhfuil thart ar aon trian (32,5 %) díobh os cionn 50 bliain d’aois. Tá gá ag an ngrúpa oibrithe sin le treoraíocht agus tacaíocht bhreise i ndáil le post a chuardach, chomh maith le huassciliú agus athsciliú a bheadh curtha in oiriúint dá riachtanais, ionas go mbeidh seans níos fearr acu ar athfhostú.

Na tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú agus na bearta atá beartaithe

Na tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú

25.Táthar ag súil go nglacfaidh na hoibrithe iomarcacha ar fad páirt sna bearta. Is mar seo a leanas atá an miondealú ar na hoibrithe de réir gnéis, saoránachta agus aoisghrúpa:

Catagóir

An líon
tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú

Gnéas:

Fir:

1 086

(73,98%)

Mná:

382

(26,02 %)

Saoránacht:

saoránaigh de chuid an Aontais Eorpaigh:

1 400

(95,37 %)

daoine nach saoránaigh de chuid an Aontais Eorpaigh iad:

68

(4,63 %)

Aoisghrúpa:

15‑24 bliana:

83

(5,65 %)

25‑29 mbliana:

184

(12,53 %)

30‑54 bliana:

1 001

(68,19 %)

55‑64 bliana:

199

(13,56 %)

os cionn 64 bliana:

1

(0,07 %)

Incháilitheacht na ngníomhaíochtaí atá beartaithe

26.Tá na gníomhaíochtaí seo a leanas i gceist leis na seirbhísí pearsantaithe a sholáthrófar d’oibrithe iomarcacha:

Faisnéis, cúnamh i gcuardach poist agus gairmthreoir. Mar aon le faisnéis ghinearálta agus aonair faoi bhearta, cuimseoidh sé sin próifíliú na n‑oibrithe, cúnamh i dtaca le socrúchán seachtrach, treoraíocht ghníomhach atá dírithe ar phost agus idirghabháil poist. Eagrófar aonaigh post freisin.

Oiliúint. Cuirfear oiliúint shonrach ar fáil chun freastal ar riachtanais na n‑oibrithe. Cuimseoidh sé sin oiliúint chothrománach amhail teanga iasachta agus TFC, gairmoiliúint sna scileanna is gá i seirbhísí aerfoirt nó in earnálacha ina bhfuil ganntanas scileanna.

Oiliúint ar an láthair oibre. Cuirfear í seo ar fáil le haghaidh folúntais lena bhfuil easpa iarrthóirí oiriúnacha. Tar éis dó an oiliúint a chríochnú, tairgfear conradh don oibrí lena mbaineann.

Tacaíocht chun gnólacht a chur ar bun. Agus é mar aidhm tionscadail inmharthana ghnó nó féinfhostaíochta a fhorbairt, gheobhaidh oibrithe a bhfuil suim acu a bheith féinfhostaithe tacaíocht ó eagraíochtaí réigiúnacha. D’fhéadfadh sé go gcuimseodh sé sin pleanáil, staidéir féidearthachta a dhéanamh, pleananna gnó a ullmhú, cúnamh chun deiseanna maoinithe a shainaithint, etc.

Ranníocaíocht do ghnólachtaí nuathionscanta. Na hoibrithe a thosaíonn gnólacht nó gníomhaíocht mar dhaoine féinfhostaithe, gheobhaidh siad siúd ranníocaíocht suas le EUR 15 000.

Dreasachtaí agus liúntais. (1) Liúntas um chuardach poist agus liúntas oiliúna. Gheobhaidh na hoibrithe EUR 1 in aghaidh gach uaire a chaitheann siad faoi oiliúint éifeachtach nó ag gabháil do ghníomhaíochtaí um chuardach poist. (2) Ranníocaíocht le speansais taistil chun na hoibre. Chun an tsoghluaisteacht réigiúnach agus idir‑réigiúnach a chur chun cinn, oibrithe a ghlacann le post atá níos mó ná 60 km óna mbaile, é sin nó má tá breis agus ceithre huaire an chloig i gceist san iomlán leis an turas isteach go dtí an obair agus an turas abhaile arís, gheobhaidh na hoibrithe sin cnapshuim EUR 500 más ar iompar príobháideach a thaistealaíonn siad nó EUR 750 más ar iompar poiblí a thaistealaíonn siad. (3) Bónas as steiréitíopaí inscne a bhriseadh. Tabharfar bónas EUR 700 a íocfar in dhá thráthchuid d’oibrithe den inscne is lú ionadaíocht a roghnóidh gairmoiliúint do phoist a bhfuil éagothroime shuntasach iontu ó thaobh inscne de 20 , ceann amháin ag tús na hoiliúna agus ceann eile ag deireadh na hoiliúna.(4) Liúntas chun gnólacht a chur ar bun. Gheobhaidh oibrithe ranníocaíocht mhíosúil EUR 350, ar feadh 12 mhí ar a mhéad, agus iad ag ullmhú chun a ngnó féin a thosú. Cuirfear ranníocaíocht EUR 200 ar fáil freisin, ar feadh cúig mhí ar a mhéad, chun tacú leis an duine nua‑fhéinfhostaithe sa chéad chúpla mí dá ghníomhaíocht. (5) Liúntas chun dul ar ais ar scoil. Deonófar liúntas míosúil de EUR 350 d’oibrithe a théann i mbun staidéir threasacha go lánaimseartha ar feadh bliain amháin ar a laghad, nó i mbun oiliúint cháilitheach 3 mhí ar a laghad chun na scileanna riachtanacha a fhoghlaim le haghaidh poist a bhfuil éileamh orthu agus a bhfuil sé deacair daoine a aimsiú dóibh, le haghaidh poist a bhaineann le feidhmeanna criticiúla 21 , etc.

27.Mar thoradh ar phaindéim COVID19 forbraíodh coincheap an tsláinteachais sláintíochta chun cur chun feidhme na mbeart a áirithiú.

28.Is ionann na gníomhaíochtaí atá beartaithe, a bhfuil tuairisc orthu anseo, agus bearta gníomhacha maidir leis an margadh saothair laistigh de na gníomhaíochtaí incháilithe a leagtar amach in Airteagal 7 den Rialachán maidir le CED. Ní chuirfear na gníomhaíochtaí sin in ionad bearta éighníomhacha cosanta sóisialta.

29.Sholáthair an Bheilg an fhaisnéis a theastaíonn maidir le gníomhaíochtaí atá éigeantach don fhiontar lena mbaineann de bhua an dlí náisiúnta nó de bhun comhaontuithe comhchoiteanna. Dheimhnigh sí nach dtiocfadh ranníocaíocht airgeadais ó CED in ionad na ngníomhaíochtaí sin.

Buiséad measta

30.Is é EUR 6 198 708 na costais mheasta iomlána, a chuimsíonn caiteachas EUR 5 977 108 ar sheirbhísí pearsantaithe agus caiteachas EUR 221 600 ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe.

31.Is é EUR 3 719 224 (60 % de na costais iomlána) an ranníocaíocht airgeadais iomlán a iarradh ó CED.

Gníomhaíochtaí

An líon measta rannpháirtithe

An costas measta in aghaidh an rannpháirtí 
(EUR) 22  

Costais mheasta iomlána

(EUR) 23  

Seirbhísí pearsantaithe (Gníomhaíochtaí faoi Airteagal 7(1)(a) agus (c) den Rialachán maidir le CED)

Faisnéis, cúnamh i gcuardach poist agus gairmthreoir

1 468

2 230

3 273 787

Oiliúint, athoiliúint agus gairmoiliúint

610

3 534

2 155 437

Oiliúint ar an láthair oibre

10

1 440

14 396

Tacaíocht chun gnólacht a chur ar bun

70

2 000

139 988

Ranníocaíocht do ghnólachtaí nuathionscanta

12

10 000

120 000

Fo‑iomlán (a):

An céatadán den phacáiste de sheirbhísí pearsantaithe

5 703 608

(95,42%)

Liúntais agus dreasachtaí (Gníomhaíochtaí faoi Airteagal 7(1)(b) den Rialachán maidir le CED)

Dreasachtaí agus liúntais

367

745

273 500

Fo‑iomlán (b):

An céatadán den phacáiste de sheirbhísí pearsantaithe:

273 500

(4,58%)

Gníomhaíochtaí faoi Airteagal 7(4) den Rialachán maidir le CED

1. Gníomhaíochtaí ullmhúcháin

6 000

2. Bainistíocht

52 420

3. Faisnéis agus poiblíocht

55 000

4. Rialú agus tuairisciú

108 180

Fo‑iomlán (c):

An céatadán de na costais iomlána:

221 600

(3,57%)

Costais iomlána (a + b + c):

6 198 708

Ranníocaíocht ó CED (60 % de na costais iomlána)

3 719 224

32.Costais na ngníomhaíochtaí atá sainaitheanta sa tábla thuas mar ghníomhaíochtaí faoi Airteagal 7(1)(b) den Rialachán maidir le CED, ní mó iad ná 35 % de na costais iomlána don phacáiste comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe. Dheimhnigh an Bheilg go bhfuil na gníomhaíochtaí sin ag brath ar rannpháirtíocht ghníomhach na dtairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú i ngníomhaíochtaí a bhaineann le cuardach poist nó le hoiliúint.

33.Dheimhnigh an Bheilg nach mbeidh costais na ninfheistíochtaí le haghaidh féinfhostaíochta, gnólachtaí nuathionscanta agus táthcheangail ag fostaithe níos mó ná EUR 15 000 in aghaidh an tairbhí.

Tréimhse incháilitheachta caiteachais

34.An 9 Meitheamh 2020, chuir an Bheilg tús leis na seirbhísí pearsantaithe a sholáthar do na tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú. Dá bhrí sin, beidh an caiteachas ar na gníomhaíochtaí incháilithe le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED ón 9 Meitheamh 2020 go dtí an 22 Nollaig 2022.

35.An 10 Meitheamh 2020, thosaigh an Bheilg ag tabhú an chaiteachais riaracháin chun CED a chur chun feidhme. Dá bhrí sin, beidh an caiteachas ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe incháilithe le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED ón 10 Meitheamh 2020 go dtí an 22 Meitheamh 2023.

Comhlántacht maidir le gníomhaíochtaí atá á maoiniú ó chistí náisiúnta nó ó chistí an Aontais

36.Is iad cistí Région de BruxellesCapitale/Brussels Hoofdstedelijk Gewest, Vlaams Gewest agus Région Wallonne foinsí an réamhmhaoinithe náisiúnta nó an chóchistithe náisiúnta.

37.Maidir leis na bearta a bhfuil tuairisc orthu thuas agus atá ag fáil ranníocaíocht airgeadais ó CED, dheimhnigh an Bheilg nach bhfaighidís ranníocaíochtaí airgeadais freisin ó ionstraimí airgeadais eile de chuid an Aontais.

Nósanna imeachta maidir le dul i gcomhairle leis na tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú nó lena nionadaithe nó leis na comhpháirtithe sóisialta agus le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha

38.Tá sé tugtha le fios ag an mBeilg gur cuireadh an pacáiste comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe le chéile i gcomhairle le hionadaithe na noibrithe agus leis na comhpháirtithe sóisialta i gcruinnithe a tionóladh an 3 agus an 19 Samhain 2020. Thionóil údaráis na Beilge cruinniú freisin le Aviato vzw, lárionad fostaíochta ag Aerfort na Bruiséile do chuardaitheoirí poist agus d’fhostóirí. Chuathas i gcomhairle le Aviato, mar speisialtóir in earnáil na heitlíochta, maidir leis an oiliúint uasscilithe agus athscilithe ba oiriúnaí a bheadh le tairiscint do na hoibrithe iomarcacha.

39.Is iad údaráis réigiúnacha Fhlóndras, na Vallúine agus na Bruiséile tionscnóirí an iarratais seo. Le Synerjob, an struchtúr comhoibrithe idirréigiúnach don trí sheirbhís fostaíochta sa Bheilg, 24 tá níos mó comhleanúnachais ag baint leis na gníomhaíochtaí atá beartaithe.

Córais bhainistíochta agus rialaithe

40.Déantar tuairisc san iarratas ar an gcóras bainistíochta agus rialaithe lena sonraítear freagrachtaí na gcomhlachtaí lena mbaineann. Thug an Bheilg fógra don Choimisiún gurb iad na comhlachtaí céanna a bhainistíonn agus a rialaíonn Ciste Sóisialta na hEorpa in Région de BruxellesCapitale/Brussels Hoofdstedelijk Gewest, Vlaams Gewest agus Région Wallonne a dhéanfaidh an ranníocaíocht airgeadais a bhainistiú agus a rialú.

Na gealltanais a thug an Ballstát lena mbaineann

41.Thug an Bheilg na dearbhuithe go léir a theastaíonn maidir leis na nithe seo:

cloífear leis na prionsabail um chóir chomhionann agus neamh‑idirdhealú maidir leis an rochtain ar na gníomhaíochtaí atá beartaithe agus maidir le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí sin,

comhlíonadh na ceanglais atá leagtha síos sa dlí náisiúnta agus i ndlí an Aontais maidir le hiomarcaíochtaí comhchoiteanna,

ní bhfaighidh na gníomhaíochtaí atá beartaithe tacaíocht airgeadais ó chistí eile nó ó ionstraimí airgeadais eile de chuid an Aontais agus coiscfear aon mhaoiniú dúbailte,

beidh na gníomhaíochtaí atá beartaithe ag teacht le gníomhaíochtaí a mhaoinítear leis na Cistí Struchtúracha,

cloífidh an ranníocaíocht airgeadais ó CED le rialacha nós imeachta agus rialacha ábhartha an Aontais maidir le státchabhair.

IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Togra buiséadach

42.Ní sháróidh CED uasmhéid bliantúil EUR 186 milliún (praghsanna 2018) mar a leagtar síos in Airteagal 8(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 25 .

43.Tar éis dó an tiarratas a scrúdú i dtaca leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 13(1) den Rialachán maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú, agus tar éis dó an líon tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú, na gníomhaíochtaí atá beartaithe agus na costais mheasta a chur san áireamh, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún CED a shlógadh le haghaidh EUR 3 719 224, suim arb í 60 % de chostais iomlána na ngníomhaíochtaí atá beartaithe í, chun ranníocaíocht airgeadais a sholáthar don iarratas.

44.Maidir le CED a shlógadh, is iad Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle i gcomhpháirt le chéile a dhéanfaidh an cinneadh atá beartaithe, mar a leagtar síos i bpointe 9 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le smacht buiséadach, le comhar i gcúrsaí buiséid agus le bainistíocht fhónta airgeadais, mar aon le hacmhainní dílse nua, lena náirítear treochlár chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach 26 .

Gníomhartha gaolmhara

45.An tráth céanna a thíolacfaidh sé an togra seo le haghaidh cinneadh maidir le CED a shlógadh, déanfaidh an Coimisiún togra a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le haghaidh EUR 3 719 224 a aistriú chuig an líne bhuiséadach ábhartha.

46.An tráth céanna a ghlacfaidh sé an togra seo le haghaidh cinneadh maidir le CED a shlógadh, glacfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le ranníocaíocht airgeadais trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, cinneadh a thiocfaidh i bhfeidhm ar an dáta a ghlacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an cinneadh atá beartaithe maidir le CED a shlógadh.

2021/0109 (BUD)

Togra le haghaidh

CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh tar éis
iarratas ón mBeilg – EGF/2020/005 BE/Swissport

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (2014‑2020) agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006 27 , agus go háirithe Airteagal 15(4) de,

Ag féachaint don Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le smacht buiséadach, le comhar i gcúrsaí buiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, mar aon le hacmhainní dílse nua, lena n‑áirítear treochlár chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach 28 , agus go háirithe pointe 9 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Is é is aidhm don Chiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED) tacaíocht a thabhairt d’oibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht agus do dhaoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht i ngeall ar mhórathruithe struchtúracha ar phatrúin na trádála domhanda de thoradh an domhandaithe, nó mar gur lean an ghéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíoch ar aghaidh, nó i ngeall ar ghéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíochta nua, agus cabhrú le hathimeascadh na noibrithe sin sa mhargadh saothair.

(2)Ní rachaidh CED thar uasmhéid bliantúil EUR 186 milliún (praghsanna 2018) mar a leagtar síos in Airteagal 8(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle 29 .

(3)An 22 Nollaig 2020, chuir an Bheilg iarratas isteach chun CED a shlógadh, i leith iomarcaíochtaí in Swissport sa Bheilg. Mar fhorlíonadh ar an iarratas sin, bhí faisnéis bhreise a soláthraíodh i gcomhréir le hAirteagal 8(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013. Comhlíontar san iarratas sin na ceanglais le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED a shocrú, mar a leagtar síos in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013.

(4)Dá bhrí sin, ba cheart CED a shlógadh chun ranníocaíocht airgeadais EUR 3 719 224 a sholáthar i leith an iarratais a chuir an Bheilg isteach.

(5)Chun íoslaghdú a dhéanamh ar an am a thógfar chun úsáid a bhaint as CED, ba cheart feidhm a bheith ag an gcinneadh seo ón dáta a ghlacfar é,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Le haghaidh bhuiséad ginearálta an Aontais don bhliain airgeadais 2021, slógfar an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú chun méid EUR 3 719 224 a sholáthar i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus i leithreasuithe íocaíochta.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm aige ón [dháta a ghlactha] 30*.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    IO L 347, 20.12.2013, lch. 855.
(2)    Tá feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 maidir le gach iarratas a fhaightear faoin 31 Nollaig 2020.
(3)    De réir bhrí Airteagal 3 den Rialachán maidir le CED.
(4)    Le Swissport Belgium cuimsítear Swissport Belgium NV agus Swissport Belgium Cleaning NV.
(5)    IO L 393, 30.12.2006, lch. 1.
(6)    Tagann gníomhaíochtaí glantacháin faoi ghrúpa 81.2 NACE Athbhreithniú 2
(7)    I gcomhréir le hAirteagal 7(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013.
(8)    Buiséad an Aontais lena gcumhachtaítear an plean téarnaimh don Eoraip, COM(2020) 442 final.
(9)    Réamhaisnéis Eacnamaíoch na hEorpa ‑ Geimhreadh 2021 (Eatramhach): https://ec.europa.eu/info/sites/info/files/economy‑finance/ecfin_forecast_winter_2021_overview_en.pdf  
(10)    An Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta. https://www.icao.int/Newsroom/Pages/2020‑passenger‑totals‑drop‑60‑percent‑as‑COVID19‑assault‑on‑international‑mobility‑continues.aspx
(11)    COM(2020) 714
(12)     https://plus.lesoir.be/301092/article/2020‑05‑15/update‑swissport‑nannonce‑pas‑encore‑de‑licenciements‑un‑plan‑attendu‑pour‑fin
(13)     https://www.rtl.be/info/belgique/economie/swissport‑belgique‑se‑declare‑en‑faillite‑pres‑de‑1‑500‑emplois‑menaces‑1223551.aspx
(14)    Société fédérale de participations et d'investissement Société ‑ Federale Participatie en Investeringsmaatschappij (SFPI‑FPIM).
(15)    EGF/2020/002 EE Estonia tourism, COM(2021) 151.
(16)     https://www.lalibre.be/economie/entreprises‑startup/swissport‑pas‑de‑reprise‑pour‑swissport‑1‑500‑personnes‑licenciees‑5ee0e3137b50a66a594588f6
(17)     https://www.beci.be/nl/toekomst‑van‑brussels-airport-verzekeren-als-internationale-motor-van-onze-economie/
(18)     https://statbel.fgov.be/fr/themes/emploi-formation/marche-du-travail/emploi-et-chomage#figures
(19)     https://statbel.fgov.be/fr/themes/emploi-formation/marche-du-travail/emploi-et-chomage
(20)    Gairmeacha beatha ina mbaineann ar a laghad 75 % d’oibrithe leis an inscne chéanna.
(21)     Liosta de phoist a bhfuil éileamh orthu agus a bhfuil sé deacair daoine a aimsiú dóibh nó a bhaineann le feidhmeanna criticiúla. « Métiers en tension de recrutement en Wallonie. Liste des métiers/fonctions critiques et en pénurie ». Le Forem 2020 .
(22)    Chun deachúlacha a sheachaint, slánaítear na meánchostais mheasta in aghaidh an oibrí. Mar sin féin, ní dhéanann an slánú aon difear do chostas iomlán gach birt atá fágtha dála an iarratais a chuir an Bheilg isteach.
(23)    Mar gheall ar shlánú, ní réitíonn na suimeanna iomlána le chéile.
(24)    VDAB (Seirbhís fostaíochta na bPléimeannach), Le Forem (seirbhís fostaíochta na Vallúine) agus Actiris (seirbhís fostaíochta na Bruiséile).
(25)    IO L 433I, 22.12.2020, lch. 11.
(26)    IO L 433I, 22.12.2020, lch. 28.
(27)    IO L 347, 20.12.2013, lch. 855.
(28)    IO L 433I, 22.12.2020, lch. 28.
(29)    Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021-2027 (IO L 433I, 22.12.2020, lch. 11).
(30) *    An dáta le cur isteach ag an bParlaimint sula bhfoilsítear san IO é.
Top