EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52021PC0207

Togra le haghaidh CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh tar éis iarratas ón nGearmáin – EGF/2020/003 DE/GMH Guss

COM/2021/207 final

An Bhruiséil,27.4.2021

COM(2021) 207 final

2021/0107(BUD)

Togra le haghaidh

CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh tar éis
iarratas ón nGearmáin – EGF/2020/003 DE/GMH Guss


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

COMHTHÉACS AN TOGRA

1.Tá na rialacha is infheidhme maidir le ranníocaíochtaí airgeadais ón gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED) leagtha síos i Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (20142020) agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006 1 (an ‘Rialachán maidir le CED’) 2 .

2.An 15 Nollaig 2020, chuir an Ghearmáin iarratas EGF/2020/003 DE/GMH Guss isteach ar ranníocaíocht airgeadais ó CED, de dheasca iomarcaíochtaí 3 in GMH Guss GmbH sa Ghearmáin.

3.Tar éis don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an iarratas sin, tháinig sé ar an gconclúid, i gcomhréir leis na forálacha uile is infheidhme sa Rialachán maidir le CED, gur comhlíonadh na coinníollacha maidir le ranníocaíocht airgeadais a dhámhachtain ó CED.

ACHOIMRE AR AN IARRATAS

Iarratas ar CED

EGF/2020/003 DE/GMH Guss

Ballstát

an Ghearmáin

An réigiún/na réigiúin lena mbaineann (Leibhéal NUTS 2 4 )

Düsseldorf (DEA1)

Arnsberg (DEA5)

An dáta a cuireadh an t‑iarratas isteach

15 Nollaig 2020

An dáta a admhaíodh go bhfuarthas an t‑iarratas

15 Nollaig 2020

An dáta a iarradh faisnéis bhreise

28 Nollaig 2020

An sprioc‑am leis an bhfaisnéis bhreise a sholáthar

8 Feabhra 2021

An sprioc‑am leis an measúnú a chur i gcrích

3 Bealtaine 2021

Critéar idirghabhála

Airteagal 4(1)(a) den Rialachán maidir le CED


An príomhfhiontar

GMH Guss


An líon fiontar lena mbaineann

1

An earnáil/na hearnálacha a bhaineann leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch

(Rannán NACE Athbhreithniú 2) 5

Rannán 24 (Monarú miotal bunúsach)


An líon fochuideachtaí, soláthraithe agus táirgeoirí iartheachtacha

4

An tréimhse thagartha (ceithre mhí):

31 Iúil 2020 – 30 Samhain 2020

An líon iomarcaíochtaí le linn na tréimhse tagartha

585

An líon iomlán tairbhithe incháilithe

585

An líon iomlán tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú

476

An buiséad le haghaidh seirbhísí pearsantaithe (EUR)

1 730 731

An buiséad le haghaidh CED a chur chun feidhme 6 (EUR)

72 114

Buiséad iomlán (EUR)

1 802 845

Ranníocaíocht ó CED (60 %) (EUR)

1 081 706

MEASÚNÚ AR AN IARRATAS

Nós imeachta

4.An 15 Nollaig 2020, chuir an Ghearmáin iarratas EGF/2020/003 DE/GMH Guss isteach, i.e. laistigh de 12 seachtaine ón dáta ar comhlíonadh na critéir idirghabhála a leagtar amach in Airteagal 4 den Rialachán maidir le CED. D’admhaigh an Coimisiún go bhfuarthas an tiarratas ar an lá céanna, agus an 28 Nollaig 2020 d’iarr sé ar an nGearmáin faisnéis bhreise a sholáthar. Soláthraíodh an fhaisnéis bhreise sin laistigh de shé seachtaine ón tráth a iarradh í. An spriocam 12 sheachtain ón tráth a fuarthas an tiarratas comhlánaithe, tréimhse ar lena linn ba cheart don Choimisiún críoch a chur leis an measúnú ar an gcaoi a bhfuil na coinníollacha maidir le ranníocaíocht airgeadais a sholáthar á gcomhlíonadh ag an iarratas, rachaidh sé in éag an 3 Bealtaine 2021.

Incháilitheacht an iarratais

Na fiontair agus na tairbhithe lena mbaineann

5.Baineann an tiarratas le 585 oibrí ar chuir ceithre fhochuideachta de GMH ar iomarcaíocht iad. Oibríonn an fiontar seo san earnáil eacnamaíoch a aicmítear faoi NACE Athbhreithniú 2, Rannán 24 (Monarú bunmhiotal). Tá na hiomarcaíochtaí lonnaithe sna réigiúin atá ar leibhéal NUTS 2, is é sin Düsseldorf (DEA1) 7 agus Arnsberg (DEA5) 8 . Is i limistéar Ruhr atá na láithreáin lonnaithe, is é sin réigiún tionsclaíoch traidisiúnta na Réine ThuaidhViostfáile.

Critéir idirghabhála

6.Chuir an Ghearmáin an tiarratas isteach faoi na critéir idirghabhála a leagtar amach in Airteagal 4(1)(a) den Rialachán maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú, lena gceanglaítear go gcuirfí ar a laghad 500 oibrí ar iomarcaíocht le linn tréimhse thagartha ceithre mhí i bhfiontar atá lonnaithe i mBallstát.

7.Maireann an tréimhse thagartha ceithre mhí i ndáil leis an iarratas ón 31 Iúil 2020 go dtí an 30 Samhain 2020.

8.Cuireadh 585 oibrí ar iomarcaíocht in GMH Guss le linn na tréimhse tagartha.

Iomarcaíochtaí agus deireadh le gníomhaíocht a ríomh

9.Rinneadh na hoibrithe ar fad a cuireadh ar iomarcaíocht le linn na tréimhse tagartha a ríomh ón dáta ar ar thug an fostóir, i gcomhréir le hAirteagal 3(1) de Threoir 98/59/CE ón gComhairle 9 , fógra i scríbhinn don údarás poiblí inniúil maidir leis na hiomarcaíochtaí comhchoiteanna réamhmheasta. Sular chuir an Coimisiún an measúnú i gcrích, dheimhnigh an Ghearmáin go ndearnadh na 585 iomarcaíocht sin dáiríre.

Tairbhithe incháilithe

10.Is é 585 duine an líon iomlán tairbhithe incháilithe.

An nasc idir na hiomarcaíochtaí agus na mórathruithe struchtúracha i bpatrúin na trádála domhanda de bharr an domhandaithe

11.Chun an nasc a aithint idir na hiomarcaíochtaí agus na mórathruithe struchtúracha i bpatrúin na trádála domhanda de bharr an domhandaithe, áitíonn an Ghearmáin go bhfuil dúshláin mhóra os comhair an tionscail teilgcheárta sa Ghearmáin, amhail athruithe sa trádáil idirnáisiúnta in earraí agus i seirbhísí mar aon le hathlonnú gníomhaíochtaí go tíortha nach Ballstáit den Aontas iad.

12.I dteilgcheártaí ina ndéantar miotal a theilgean, déantar miotail a leá agus ansin déantar na miotail leachtacha a theilgean i gcruthanna saincheaptha. Próiseas dlúthshaothair atá ann. Is nuair a bhíonn cruthanna anchasta ag teastáil a dhéanann teilgcheártaí miotail a theilgeann, go hiondúil. Bíonn teilgcheártaí ina ndéantar miotal a theilgean ina soláthróirí clasaiceacha i dtionscail mhonaraíochta eile, go háirithe an tionscal gluaisteán, mar aon leis an tionscal tógála meaisíní, an tionscal cruach, an tionscal ceimiceach agus an tionscal teicneolaíochtaí sláinte. Sa Ghearmáin, is iad príomhchustaiméirí na dteilgcheártaí ina ndéantar miotal a theilgean, an tionscal gluaisteán (60 %) agus an tionscal meaisíní (26 %) 10 . Ós rud é go bhfuil teilgcheártaí anspeisialaithe agus go soláthraíonn siad táirgí saincheaptha dá gcliaint, bíonn gníomhaíochtaí na dteilgcheártaí ag brath go mór ar éileamh ó phríomhchustaiméirí sonracha.

13.Dhá fhochuideachta de GMH Guss, ba sholáthróirí iad sa tionscal gluaisteán: bhí ceann amháin acu ag plé le táirgeoirí gluaisteán agus an ceann eile ag plé le táirgeoirí trucailí. An tríú fochuideachta de GMH Guss, ba sholáthróir í sa tionscal meaisíní, agus béim ar leith aici ar an longthógáil. Bhí an ceathrú fochuideachta, mar aon leis an máthairchuideachta féin, i mbun seirbhísí riaracháin a dhéanamh do na fochuideachtaí monaraíochta.

14.Go traidisiúnta, tógadh teilgcheártaí ina ndéantar miotal a theilgean i ngaireacht dá bpríomhchustaiméirí, ós rud é go raibh gá le dlúthchomhar chun táirgí saincheaptha a dhearadh, agus de bharr na ndeacrachtaí a bhaineann le táirgí troma a iompar. Dá bhrí sin, laistigh den Ghearmáin, tá an tionscal lonnaithe go príomha sna réigiúin monaraíochta traidisiúnta. Is i Réin ThuaidhViostfáile a tháirgtear 25 % de mhiotail theilgthe na Gearmáine 11 .

15.Cé gurbh í an Ghearmáin an táirgeoir is mó de tháirgí teilgthe miotail san Aontas Eorpach in 2019, agus í ag táirgeadh níos mó ná dhá oiread na hIodáile, agus trí oireadh na Fraince 12 , ní raibh ach sciar de 5 % den táirgeadh domhanda ag an nGearmáin, taobh thiar den tSín (45,5 %), den India (11 %) agus de Stáit Aontaithe Mheiriceá (8,8 %).

16.A mhéid a bhaineann leis an tionscal gluaisteán mar cheann de phríomhchustaiméirí na dteilgcheártaí Gearmánacha ina ndéantar miotal a theilgean, tá patrúin trádála an domhain ag athrú go mór le blianta beaga anuas. In 2000, cé gurbh é an tAontas Eorpach an réigiún ar thús cadhnaíochta ar an leibhéal domhanda, le 33 % den táirgeadh domhanda i ndáil le gluaisteáin, thit a sciar margadh domhanda go 19 % faoi 2019. De bharr an éilimh atá ag dul i méid sa réigiún, tá an Áise i bhfad níos ceannasaí i dtáirgeadh domhanda na ngluaisteán, le sciar 54 % den mhargadh domhanda i ndáil le táirgeadh domhanda na ngluaisteán in 2019. Den chéad uair riamh, bhí níos mó gluaisteán á dtáirgeadh ag déantóirí gluaisteán Gearmánacha sa tSín ná sa Ghearmáin. Ar an iomlán in 2019, thit táirgeadh gluaisteán go dtí an leibhéal is ísle ó bhí 1996 ann 13 .

17.A mhéid a bhaineann le táirgeoirí trucailí troma, sa Ghearmáin tháinig laghdú faoina leath, nach mór, ar tháirgeadh trucailí troma a bhfuil meáchan níos mó ná 3,5 tonna iontu, ó 256 131 fheithicil in 2008, go 133 997 bhfeithicil in 2019. Anois, tá an tSín ina ceannródaí sa mhargadh domhanda le sciar 40 % den mhargadh i ndáil leis an táirgeadh domhanda agus, de dheasca na rótháirgeachta, tá trucailí troma á ndíol aici ar phraghsanna aniomaíoch lena ndéanann sí iomaitheoirí a shladghearradh in go leor áiteanna ar fud an domhain 14 .

18.Thairis sin, sa mhargadh Eorpach, tháinig treocht chun cinn sa tionscal gluaisteán ar an iomlán, is é sin go ndéantar an táirgeadh féin nó codanna den slabhra soláthair a gharsheachfhoinsiú d’Oirthear na hEorpa, lena náirítear tríú tíortha. Is amhlaidh atá go háirithe i gcás táirgí dlúthshaothair, amhail táirgí teilgthe miotail. Is cúis bhreise iad na caighdeáin chomhshaoil níos ísle, go háirithe i dtíortha lasmuigh den Aontas, le táirgí teilgthe miotail a gharsheachfhoinsiú 15 .

19.A mhéid a bhaineann leis an tionscal longthógála, tháinig laghdú faoina leath ar mheánlongthógáil san Eoraip idir 2011 agus 2019 i gcomparáid le 20022010 16 . Le sciar 84 % den mhargadh, tá táirgeoirí na hÁise ina gceannródaithe sa mhargadh domhanda 17 .

20.De dheasca na ndúshlán sin a bhaineann leis an domhandú, tá brú mór tagtha ar an tionscal teilgthe miotal, rud a fhágann laghdú 8.9 % ar tháirgeacht iomlán teilgthe miotail sa Ghearmáin idir 2018 agus 2019 18 .

21.Go dtí seo, is le NACE, Rannán 24 – Monarú a bhain sé cinn d’iarratais ar CED, iarratais a raibh ceithre cinn díobh bunaithe ar dhomhandú a bhaineann le trádáil agus a raibh dhá cheann díobh bunaithe ar an ngéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíochta 19 .

Eachtraí as ar tháinig na hiomarcaíochtaí agus an deireadh le gníomhaíocht

22.Is iad imeachtaí dócmhainneachta maidir le GMH Guss na himeachtaí as ar eascair na hiomarcaíochtaí sin. Cé gur dúnadh fochuideachta amháin, Dieckerhoff Guss GmbH, ina hiomláine, dúnadh na cinn eile go páirteach agus tá siad ag feidhmiú faoi riarachán dócmhainneachta. Tá a bpost caillte ag 585 oibrí as lucht saothair ina raibh 1 000 duine. Tugadh fógra do na húdaráis phoiblí faoi na hiomarcaíochtaí a tharla ag Walter Hundhausen GmbH an 31 Iúil 2020, ag Dieckerhoff Guss GmbH an 24 Meán Fómhair 2020, agus i gcás na neintiteas eile an 5 Deireadh Fómhair 2020.

23.Bhí GMH Guss ag feidhmiú i dtimpeallacht dhúshlánach ghnó mar gheall ar an domhandú cheana féin, ach tháinig buaic na bhfadhbanna nuair a chinn an príomhchliant den fhochuideachta Walter Hundhausen GmbH, cliant is cúis le 60 % de tháirgeacht na fochuideachta, cuid dá slabhra soláthair a gharsheachfhoinsiú chuig an Tuirc.

24.Thairis sin, d’oscail an tiomaitheoir Téavánach MEITA dhá theilgcheárta in Obrenovac na Seirbia. Thosaigh na teilgcheártaí sin, ar teilgcheártaí iad atá anfhóirdheonaithe ag rialtas na Seirbia, ag tairgeadh in 2017 agus in 2019 faoi seach, agus is i dtionscal gluaisteán na hEorpa a bhíonn siad ag táirgeadh go háirithe 20 . Bhí MEITA in ann praghsanna i bhfad níos ísle ná a iomaitheoirí sa Ghearmáin a thairiscint mar gheall ar fhóirdheontais agus costais saothair níos ísle. Mar thoradh air sin, in 2019 d’éiligh na príomhchliaint gluaisteán den fhochuideachta GMH Gusss, is é sin Dieckerhoff Guss GmbH, d’éiligh siad laghdú 30 % ar an bpraghas, rud nach raibh Dieckerhoff in ann freastal air. Bhí deireadh le Dieckerhoff Guss nuair a chaill sé a chuid cliant do mhonarchana Seirbeacha MEITA.

25.Tháinig na comhpháirtithe sóisialta ar chomhaontú maidir le ceithre chuideachta aistrithe a chruthú 21 , ceann amháin le haghaidh gach fochuideachta de GMH Guss. Is é BOB Transfer Gmb a dhéanfaidh na cuideachtaí aistrithe a bhainistiú. Shínigh 476 oibrí comhaontú tríthaobhach ar dá réir a rachaidh siad isteach sa chuideachta aistrithe nuair a thiocfaidh deireadh go hoifigiúil lena bhfostaíocht le GMH Guss nó le haon cheann dá cheithre fhochuideachta.

26.Úsáidfear an cúnamh ó CED chun na bearta rialta a thairgeann na cuideachtaí aistrithe a chomhlánú agus is féidir é a úsáid freisin chun tréimhse ama na mbeart aonair a fhadú. Chuaigh 86 oibrí isteach sa chéad chuideachta aistrithe an 1 Lúnasa 2020 agus thosaigh na hoibrithe eile an 1 Deireadh Fómhair 2020.

An tionchar a mheastar a bheidh ag na hiomarcaíochtaí ar an ngeilleagar áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta agus ar an bhfostaíocht

27.Meastar go mbeidh drochthionchar suntasach ag na hiomarcaíochtaí ar an ngeilleagar áitiúil. Is limistéar arduirbithe tionsclaíoch é limistéar Ruhr. Is limistéar gualmhianadóireachta agus tairgthe cruach é go traidisiúnta, agus tá dúshláin mhóra struchtúracha os a chomhair ó bhí na 1960idí ann, cuir i gcás rátaí dífhostaíochta níos airde ná meánráta na Réine ThuaidhViostfáile. Tá drochthionchar breise á imirt ag paindéim COVID19 ar an margadh saothair. Idir Meán Fómhair 2019 agus Meán Fómhair 2020, d’ardaigh an dífhostaíocht sa Réin ThuaidhViostfáile ó 6,5 % go 7,9 %, agus ó 9 % go 10,7 % i gceantar Ruhr. Formhór na noibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht, is sa dara leath dá mbeatha gairmiúil atá siad, agus tá leibhéal íseal cáilíochta acu chomh maith le leibhéal íseal Gearmáinise go minic.

Na tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú agus na bearta atá beartaithe

Na tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú

28.Meastar gurb é 476 duine an líon oibrithe iomarcacha a ghlacfaidh páirt sna bearta. Is mar seo a leanas atá an miondealú a rinneadh ar na hoibrithe sin de réir gnéis, saoránachta agus aoisghrúpa:

Catagóir

An líon
tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú

Gnéas:

Fir:

455

(95,59 %)

Mná:

21

(4,41 %)

Saoránacht:

saoránaigh den Aontas Eorpach:

291

(61,13 %)

daoine nach saoránaigh den Aontas Eorpach iad:

185

(38,87 %)

Aoisghrúpa:

15‑24 bliana:

7

(1,47 %)

25 bliana‑29 mbliana:

24

(5,04 %)

30‑54 bliana:

269

(56,51 %)

55‑64 bliana:

175

(36,76 %)

os cionn 64 bliana:

1

(0,21 %)

Incháilitheacht na ngníomhaíochtaí atá beartaithe

29.Tá na gníomhaíochtaí seo a leanas i gceist leis na seirbhísí pearsantaithe a sholáthrófar d’oibrithe iomarcacha:

Bearta ardaithe scileanna: Tairgtear na bearta sin tar éis agallaimh phróifílithe agus agallaimh ghairmthreorach. Is féidir cúrsaí a sholáthar do dhaoine aonair nó do ghrúpaí. Ós rud é go bhfuil líon ard rannpháirtithe a bhfuil cúlra imirceach acu, tairgfear cúrsaí sa Ghearmáinis do na rannpháirtithe sin nach bhfuil ardchumas sa teanga sin acu.

Piarghrúpaí/ceardlanna: Is éard a bheidh sna piarghrúpaí agus sna ceardlanna fóraim ghrúpa a mbeidh éascaitheoir ina mbun, fóraim a chabhróidh le rannpháirtithe smaointe a mhalartú agus smaoineamh ar na heispéiris a bhí acu. Díríonn roinnt piarghrúpaí ar chúlra coiteann na rannpháirtithe – amhail rannpháirtithe a bhfuil cúlra imirceach acu, nó daoine níos sine.

Seirbhís chomhairleach le haghaidh gnólachtaí nuathionscanta: Is é a bheidh i gceist leis an tseirbhís chomhairleach pacáiste seirbhísí comhairleacha le haghaidh daoine ar spéis leo a ngnólacht féin a chur ar bun. Beidh bearta saincheaptha cóitseála san áireamh sna seirbhísí sin mar aon le rannpháirtíocht i seisiúin chóitseála i ngrúpaí.

Cúnamh cuardaigh poist: Oibreoidh scabhtaí gairmiúla fostaíochta chun teacht ar fholúntais fhéideartha phoist nár foilsíodh fós agus a d’fhéadfadh a bheith oiriúnach d’oibrithe incháilithe.

Treoirchomhairleoireacht agus gairmthreoir: Ar bhonn na n‑agallamh tosaigh próifílithe, tabharfaidh treoirchomhairleoirí eolas faoi fhorbairtí sa mhargadh saothair agus faoi chonairí gairme a d’fhéadfadh a bheith ann, ach cuirfidh siad cúnamh agus tacaíocht spreagthach inspioráideach ar fáil d’iarratasóirí freisin. Spreagfar oibrithe chun a gcuid scileanna a uasghrádú nó chun scileanna nua a fhoghlaim, agus chun páirt a ghlacadh i mbearta oideachais agus oiliúna atá dírithe ar fhostaíocht nua a aimsiú, cuir i gcás in earnáil eile.

Comhairleoireacht maidir le poist idirnáisiúnta: I gcás cuardaitheoirí poist atá toilteanach glacadh le post i mBallstát eile den Aontais, cabhróidh comhairleoirí speisialta leis an gcuardach poist, cuirfidh siad eolas ar fáil faoi na coinníollacha oibre sa Bhallstát sin, agus cuideoidh siad le cáilíochtaí na gcuardaitheora poist a aistriú agus aitheantas a fháil dóibh.

Meantóireacht leantach: Chun an t‑aistriú chuig post nua a éascú agus chun an riosca go gcaillfí an post a íoslaghdú, is féidir le hoibrithe leas a bhaint as seirbhísí breise comhairleoireachta tar éis dóibh glacadh le post nua.

Liúntas oiliúna: Tosaítear ar íocaíochtaí a dhéanamh ón dáta a théann an t‑oibrí isteach sa chuideachta aistrithe agus stoptar den íocaíocht a dhéanamh a luaithe a fhágann an duine an chuideachta aistrithe. Is réamhriachtanas é a bheith rannpháirteach i mbearta gníomhacha sa mhargadh saothair chun liúntas a fháil.

30.Is ar aon dul le straitéis inbhuanaitheachta na Gearmáine atá na bearta a eagraítear.

31.I bhfianaise phaindéim COVID19, forbraíodh coincheap sláinteachais sláintíochta chun cur chun feidhme na mbeart a áirithiú. Áirítear leis sin cúrsaí ar líne mar aon le seomraí leordhóthanacha le haghaidh cúrsaí ranga 22 .

32.Is ionann na gníomhaíochtaí atá beartaithe a bhfuil tuairisc orthu anseo agus bearta gníomhacha maidir leis an margadh saothair laistigh de na gníomhaíochtaí incháilithe a leagtar amach in Airteagal 7 den Rialachán maidir le CED. Ní chuirfear na gníomhaíochtaí sin in ionad bearta éighníomhacha cosanta sóisialta.

33.Sholáthair an Ghearmáin an fhaisnéis a theastaíonn maidir le gníomhaíochtaí atá éigeantach don fhiontar lena mbaineann de bhua an dlí náisiúnta nó de bhun comhaontuithe comhchoiteanna. Dheimhnigh sí nach dtiocfadh ranníocaíocht airgeadais ó CED in ionad na ngníomhaíochtaí sin.

Buiséad measta

34.Is é EUR 1 802 845 na costais mheasta iomlána, costais a chuimsíonn caiteachas EUR 1 730 731 ar sheirbhísí pearsantaithe agus caiteachas EUR 72 114 ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe.

35.Is é EUR 1 081 706 (60 % de na costais iomlána) an ranníocaíocht airgeadais iomlán a iarradh ó CED.

Gníomhaíochtaí

An líon measta rannpháirtithe

An costas measta in aghaidh an rannpháirtí 
(EUR 23 )

Costais mheasta iomlána

(EUR)  24

Seirbhísí pearsantaithe (Gníomhaíochtaí faoi Airteagal 7(1)(a) agus (c) den Rialachán maidir le CED)

Bearta ardaithe scileanna (Qualifizierungsmaßnahmen)

415

1 189

493 605

Piarghrúpaí/ceardlanna

240

438

105 160

Seirbhís chomhairleach le haghaidh gnólachtaí nuathionscanta (Existenzgründerberatung)

3

5 133

15 400

Cúnamh maidir le cuardach poist (Beratung und Stellenakquise)

476

517

245 968

Treoirchomhairleoireacht agus gairmthreoir (Berufsvorbereitung und Orientierung)

200

201

40 133

Comhairleoireacht maidir le poist idirnáisiúnta (Internationale Beratung)

10

1 133

11 332

Meantóireacht leantach (Nachbetreuungsmaßnahmen)

375

569

213 378

Fo‑iomlán (a):

An céatadán den phacáiste seirbhísí pearsantaithe

1 124 976

(65 %)

Liúntais agus dreasachtaí (Gníomhaíochtaí faoi Airteagal 7(1)(b) den Rialachán maidir le CED)

Liúntas oiliúna (Transferkurzarbeitergeld)

476

1 273

605 755

Fo‑iomlán (b):

An céatadán den phacáiste seirbhísí pearsantaithe:

605 755

(35 %)

Gníomhaíochtaí faoi Airteagal 7(4) den Rialachán maidir le CED

1. Gníomhaíochtaí ullmhúcháin

7 211

2. Bainistíocht

39 663

3. Faisnéis agus poiblíocht

3 606

4. Rialú agus tuairisciú

21 634

Fo‑iomlán (c):

An céatadán de na costais iomlána:

72 114

(4 %)

Costais iomlána (a + b + c):

1 802 845

Ranníocaíocht ó CED (60 % de na costais iomlána)

1 081 706

36.Costais na ngníomhaíochtaí atá sainaitheanta sa tábla thuas mar ghníomhaíochtaí faoi Airteagal 7(1)(b) den Rialachán maidir le CED, ní mó iad ná 35 % de na costais iomlána le haghaidh an phacáiste chomhordaithe seirbhísí pearsantaithe. Dheimhnigh an Ghearmáin go bhfuil na gníomhaíochtaí sin ag brath ar rannpháirtíocht ghníomhach na dtairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú i ngníomhaíochtaí a bhaineann le cuardach poist nó le hoiliúint.

Tréimhse incháilitheachta caiteachais

37.An 1 Lúnasa 2020, chuir an Ghearmáin tús leis na seirbhísí pearsantaithe a sholáthar do na tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú. Dá bhrí sin, beidh an caiteachas ar na gníomhaíochtaí incháilithe le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED ón 1 Lúnasa 2020 go dtí an 15 Nollaig 2022.

38.An 1 Samhain 2020, thosaigh an Ghearmáin ag tabhú an chaiteachais riaracháin chun CED a chur chun feidhme. Dá bhrí sin, beidh an caiteachas ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe incháilithe le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED ón 1 Samhain 2020 go dtí an 15 Meitheamh 2023.

Comhlántacht maidir le gníomhaíochtaí atá á maoiniú ó chistí náisiúnta nó ó chistí an Aontais

39.Is iad an buiséad feidearálach agus Bundesagentur für Arbeit (an tSeirbhís Fheidearálach um Fhostaíocht Phoiblí) na foinsí as a gcuirfear réamhmhaoiniú náisiúnta nó comhchistiú náisiúnta ar fáil. Is as na foinsí sin a chistítear ranníocaíocht náisiúnta 40 % de chostais iomlána na mbeart atá á maoiniú ag CED agus a thairgeann an chuideachta aistrithe 25 .

40.Maidir leis na bearta a bhfuil tuairisc orthu thuas agus atá ag fáil ranníocaíocht airgeadais ó CED, dheimhnigh an Ghearmáin nach bhfaighidís ranníocaíochtaí airgeadais freisin ó ionstraimí airgeadais eile de chuid an Aontais.

41.Mhínigh an Ghearmáin go bhfuil na bearta CED atá á dtairiscint ag comhlánú na mbeart atá á dtairiscint ag Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE). Le Clár Oibríochtúil CSE le haghaidh na Réine ThuaidhViostfáile, cómhaoinítear cuid de bhearta bunúsacha na scéime téarfa (Sozialplan) a chomhaontaigh na comhpháirtithe sóisialta. Dheimhnigh an Ghearmáin nach dtiocfadh CED in ionad aon cheann de na bearta sin.

Nósanna imeachta maidir le dul i gcomhairle leis na tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú nó lena nionadaithe nó leis na comhpháirtithe sóisialta agus le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha

42.Chuir an Ghearmáin in iúl gur dréachtaíodh an pacáiste comhordaithe seirbhísí pearsantaithe i gcomhairle leis na comhpháirtithe go léir lena mbaineann, go háirithe na comhpháirtithe sóisialta. Le haghaidh na mbeart a bhfuil CED ag tacú leo a phleanáil, reáchtáil an Aireacht Fheidearálach Saothair agus Gnóthaí Sóisialta cainteanna leis an tSeirbhís Phoiblí Fostaíochta (SPF) agus BOB Transfer GmbH chun plé a dhéanamh ar an scóip atá ann tacaíocht fhéideartha a fháil ó CED. Ón tús, thacaigh na comhpháirtithe sóisialta le hiarratas féideartha ar CED. Cuireadh coiste faireacháin ar bun chun idirghabháil fhéideartha a chómhaoineofaí le CED a stiúradh. Chomh maith le hionadaithe ón Aireacht Saothair agus Gnóthaí Sóisialta, ó na Seirbhísí Poiblí Fostaíochta agus ón gcuideachta aistrithe, sa choiste faireacháin tá ionadaithe ó na comhpháirtithe sóisialta, ionadaithe ón gceardchumann IG Metall, leachtaitheoirí an fhiontair atá ag dífhostú agus a fhochuideachtaí, chomh maith le hionadaithe ó na comhairlí fostaithe.

Córais bhainistíochta agus rialaithe

43.Déantar tuairisc san iarratas ar an gcóras bainistíochta agus rialaithe lena sonraítear freagrachtaí na gcomhlachtaí lena mbaineann. Chuir an Ghearmáin in iúl don Choimisiún go ndéanfadh na comhlachtaí laistigh den Aireacht Fheidearálach Saothair agus Gnóthaí Sóisialta (Bundesministerium für Arbeit und Soziales) a bhainistíonn Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE), go ndéanfadh siad an ranníocaíocht airgeadais a bhainistiú freisin. Cé go mbíonn ‘Gruppe Europäische Fonds für Beschäftigung’ ag gníomhú mar an údarás bainistíochta 26 , is é ‘Organisationseinheit Prüfbehörde’ 27 an túdarás rialaithe le haghaidh na gcistí sin, ar comhlacht é atá neamhspleách ó thaobh eagrúcháin de. Bhainistigh na comhlachtaí sin na ranníocaíochtaí a chuir CED ar fáil don Ghearmáin roimhe sin. Maidir le roinnt de na cúraimí atá ar údarás bainistíochta CED, tá siad tarmligthe go buan chuig PES trí chomhaontú riaracháin.

Na gealltanais a thug an Ballstát lena mbaineann

44.Thug an Ghearmáin na dearbhuithe go léir a theastaíonn maidir leis na nithe seo a leanas:

cloífear leis na prionsabail um chóir chomhionann agus neamh‑idirdhealú maidir leis an rochtain ar na gníomhaíochtaí atá beartaithe agus maidir le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí sin,

comhlíonadh na ceanglais atá leagtha síos sa dlí náisiúnta agus i ndlí an Aontais maidir le hiomarcaíochtaí comhchoiteanna,

GMH Guss, cuideachta a lean lena ghníomhaíochtaí tar éis dó na daoine lena mbaineann a chur ar iomarcaíocht, tá a chuid oibleagáidí dlíthiúla lena rialaítear na hiomarcaíochtaí comhlíonta aige agus riar siad dá chuid oibrithe dá réir,

ní bhfaighidh na gníomhaíochtaí atá beartaithe tacaíocht airgeadais ó chistí eile nó ó ionstraimí airgeadais eile de chuid an Aontais agus coiscfear aon mhaoiniú dúbailte,

beidh na gníomhaíochtaí atá beartaithe ag teacht le gníomhaíochtaí a mhaoinítear leis na Cistí Struchtúracha,

cloífidh an ranníocaíocht airgeadais ó CED le rialacha nós imeachta agus rialacha ábhartha an Aontais maidir le státchabhair.

IMPLEACHT BUISÉADACH

Togra buiséadach

45.Ní sháróidh CED uasmhéid bliantúil EUR 186 milliún (praghsanna 2018) mar a leagtar síos in Airteagal 8(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na mblianta 2021 go 2027 28 .

46.Tar éis don Choimisiún an tiarratas a scrúdú i dtaca leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 13(1) den Rialachán maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú, agus tar éis dó an líon tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú, na gníomhaíochtaí atá beartaithe agus na costais mheasta a chur san áireamh, tá sé beartaithe aige EUR 1 081 706 a shlógadh ó CED, arb é 60 % de chostais iomlána na ngníomhaíochtaí atá beartaithe é, chun ranníocaíocht airgeadais a sholáthar don iarratas.

47.Maidir le CED a shlógadh, is iad Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle i gcomhpháirt le chéile a dhéanfaidh an cinneadh atá beartaithe, mar a leagtar síos i bpointe 9 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le smacht buiséadach, comhar in ábhair bhuiséadacha agus bainistíocht fhónta airgeadais, mar aon le hacmhainní dílse nua, lena náirítear treochlár chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach 29 .

Gníomhartha gaolmhara

48.An tráth céanna a thíolacfaidh an Coimisiún an togra seo le haghaidh cinneadh maidir le CED a shlógadh, déanfaidh sé togra a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le haghaidh EUR 1 081 706 a aistriú chuig an líne bhuiséadach iomchuí.

49.An tráth céanna a ghlacfaidh an Coimisiún an togra seo le haghaidh cinneadh maidir le CED a shlógadh, glacfaidh sé cinneadh maidir le ranníocaíocht airgeadais trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, cinneadh a thiocfaidh i bhfeidhm ar an dáta a ghlacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an cinneadh atá beartaithe maidir le CED a shlógadh.

2021/0107 (BUD)

Togra le haghaidh

CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh tar éis
iarratas ón nGearmáin – EGF/2020/003 DE/GMH Guss

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (2014‑2020) agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006 30 , agus go háirithe Airteagal 15(4) de,

Ag féachaint don Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le smacht buiséadach, comhar in ábhair bhuiséadacha agus bainistíocht fhónta airgeadais, mar aon le hacmhainní dílse nua, lena n‑áirítear treochlár chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach 31 , agus go háirithe pointe 9 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Is é is aidhm don Chiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED) tacaíocht a thabhairt d’oibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht agus do dhaoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht i ngeall ar mhórathruithe struchtúracha ar phatrúin na trádála domhanda de thoradh an domhandaithe, nó mar gur lean an ghéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíochta ar aghaidh, nó i ngeall ar ghéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíochta nua, agus cabhrú le hathimeascadh na noibrithe sin sa mhargadh saothair.

(2)Ní rachaidh CED thar uasmhéid bliantúil EUR 186 milliún (praghsanna 2018) mar a leagtar síos in Airteagal 8(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle 32 .

(3)An 15 Nollaig 2020, chuir an Ghearmáin iarratas isteach ar CED a shlógadh i dtaca le hiomarcaíochtaí in GMH Guss GmbH sa Ghearmáin. Mar fhorlíonadh ar an iarratas sin, bhí faisnéis bhreise a soláthraíodh i gcomhréir le hAirteagal 8(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013. Comhlíontar san iarratas sin na ceanglais le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED a shocrú, mar a leagtar síos in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013.

(4)Dá bhrí sin, ba cheart CED a shlógadh chun ranníocaíocht airgeadais EUR 1 081 706 a sholáthar i leith an iarratais a chuir an Ghearmáin isteach.

(5)Chun íoslaghdú a dhéanamh ar an am a thógfar chun CED a shlógadh, ba cheart feidhm a bheith ag an gcinneadh seo ón dáta a ghlacfar é,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

I ndáil le buiséad ginearálta an Aontais le haghaidh na bliana airgeadais 2021, déanfar an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh chun méid EUR 1 081 706 a sholáthar i leithreasuithe faoi chomhair gealltanais agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm aige ón [dáta a ghlacfar é] 33*.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    IO L 347, 20.12.2013, lch. 855.
(2)    Tá feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 maidir le gach iarratas a fhaightear faoin 31 Nollaig 2020.
(3)    De réir bhrí Airteagal 3 den Rialachán maidir le CED.
(4)    Rialachán (AE) Uimh. 1046/2012 ón gCoimisiún an 8 Samhain 2012 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haicmiú comhchoiteann na n‑aonad críche maidir le staidreamh (NUTS) a bhunú i dtaca le tarchur na hamshraithe le haghaidh an mhiondealaithe réigiúnaigh nua (IO L 310, 9.11.2012, lch. 34).
(5)    IO L 393, 30.12.2006, lch. 1.
(6)    I gcomhréir le hAirteagal 7, an ceathrú mír, de Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013.
(7)    fochuideachtaí Friedrich Wilhelms‑Hütte Eisenguss GmbH agus Friedrich Wilhems‑Hütte GmbH, agus an dá fhochuideachta lonnaithe in Mülheim an der Ruhr
(8)    fochuideachta Dieckerhoff Guss GmbH in Gevelsberg, agus an fhochuideachta Walter Hundhausen GmbH (chomh maith le ceanncheathrú GMH Guss GmbH) in Schwerte
(9)    Treoir 98/59/CE ón gComhairle an 20 Iúil 1998 maidir le comhfhogasú a dhéanamh ar dhlíthe na mBallstát i leith comhiomarcaíochtaí (IO L 225, 12.8.1998, lch. 16).
(10)    Bundesverband der Deutschen Gießerei‑Industrie (BDGUss): Die Gießerei‑Industrie. Eine starke Branche in Zahlen (2019)
(11)    https://www.bdguss.de/branche/rolle‑bedeutung/
(12)    Bundesverband der Deutschen Gießerei‑Industrie (BDGUss): Branchenkennzahlen – Die deutsche Gießerei‑Industrie (2019)
(13)    https://www.vda.de/de/services/zahlen‑und‑daten/jahreszahlen/automobilproduktion sowie https://www.quest‑trendmagazin.de/automobilindustrie/internationalisierung/weltregion‑automobilproduktion.html
(14)     https://www.oica.net/category/production‑statistics/2018‑statistics/ ; https://www.acea.be/statistics/article/eu ‑commercial ‑vehicle ‑production
(15)    Taighde ó Deutsche Bank (2020): Automobilindustrie – Produktion in China überflügelt heimische Fertigung; Eurofound (2016): ‑Tuarascáil ERM, 2016: Moilliú ar an domhandú? Fianaise a fuarthas le déanaí faoi sheachfhoinsiú agus faoi chur ar bun sa bhaile an athuair san Eoraip; Eurofound (2020): Tuarascáil ERM, 2020: Athstruchtúrú thar theorainneacha.
(16)    Arna thomhas in olltonnáiste cúitithe (cgt).
(17)    Feldhoff, Thomas (2020): Gießereibranche unter Anpassungsdruck: Ausgewählte Entwicklungstrends.
(18)    Stephen, Sophie (2020): Deutsche Gussproduktion 2019 und Ausblick 2020, le fáil in: GIESSEREI, 04/2020.
(19)    https://ec.europa.eu/social/main.jsp?catId=582&langId=en
(20)    https://www.serbianmonitor.com/en/chinas‑mei‑ta‑opens‑second‑factory‑in‑obrenovac/
(21)    Níl sé éigeantach faoi dhlí na Gearmáine cuideachta aistrithe a chruthú. Níl aon oibleagáid ar an gcuideachta atá ag dífhostú ranníocaíocht a dhéanamh i leith cuideachta aistrithe a chruthú. Gan rannpháirtíocht na cuideachta atá ag dífhostú, ní chuirfí aon chuideachta aistrithe ar bun. Más amhlaidh a chinneann an chuideachta atá ag dífhostú a bheith rannpháirteach agus go gcomhaontaíonn na comhpháirtithe sóisialta cuideachta aistrithe a chruthú, is le dlí sóisialta na Gearmáine a leagfar an fráma dlíthiúil síos (§§ 110 agus 111, SGB III).
(22)    I gcás cúrsaí ranga, úsáidtear mearthástálacha COVID‑19 chun sábháilteacht a áirithiú sa seomra ranga.
(23)    Chun deachúlacha a sheachaint, rinneadh na meánchostais mheasta in aghaidh an oibrí a shlánú. Mar sin féin, ní dhéanann an slánú aon difear do chostas iomlán gach birt, arae tá sé sin fós mar a shonraítear san iarratas a chuir an Ghearmáin isteach.
(24)    Mar gheall ar shlánú, ní réitíonn na suimeanna iomlána le chéile.
(25)    Maidir le soláthar an phacáiste seirbhísí pearsantaithe ina gcuimsítear an t‑íoc liúntas agus bearta gníomhacha maidir leis an margadh saothair, is féidir tús a chur leis a luaithe a théann na hoibrithe isteach sa chuideachta aistrithe go hoifigiúil. Ón gcéad lá ar aghaidh, íoctar liúntais oiliúna (an ‘Transferkurzarbeitergeld’) le hoibrithe, ar liúntais iad atá incháilithe le haghaidh chomhchistiú CED le linn do na hoibrithe iomarcacha cloí le bearta gníomhacha beartais maidir leis an margadh saothair.
(26)    Laistigh den ‘Gruppe Europäische Fonds für Beschäftigung’, áfach, is é ‘Referat EF 4’ a ghníomhaíonn mar údarás bainistíochta le haghaidh CED agus is é ‘Referat EF 1’ an t‑údarás bainistíochta le haghaidh CSE.
(27)    Is údarás iniúchóireachta agus rialúcháin neamhspleách é ‘Organisationseinheit Prüfbehörde’, údarás a dhéanann tuairisciú díreach chuig an rúnaí stáit neamhpholaitiúil.
(28)    IO L 433I, 22.12.2020, lch. 15.
(29)    IO L 433I, 22.12.2020, lch. 29.
(30)    IO L 347, 20.12.2013, lch. 855.
(31)    IO L 433I, 22.12.2020, lch. 29.
(32)    Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na mblianta 2021‑2027 (IO L 433I, 22.12.2020, lch. 15).
(33) *    An dáta le cur isteach ag an bParlaimint sula bhfoilsítear san Iris Oifigiúil é.
Top