EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52021PC0195

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir leis na seasaimh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh trí nós imeachta i scríbhinn ag Rannpháirtithe sa Socrú maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dtaca go hOifigiúil agus ag Rannpháirtithe sa Tuiscint Earnála maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin le haghaidh Aerárthaí Sibhialta (‘ASU’) i ndáil leis na hiarrataí ón Ríocht Aontaithe a bheith ina Rannpháirtí iontu

COM/2021/195 final

An Bhruiséil,21.4.2021

COM(2021) 195 final

2021/0101(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis na seasaimh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh trí nós imeachta i scríbhinn ag Rannpháirtithe sa Socrú maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dtaca go hOifigiúil agus ag Rannpháirtithe sa Tuiscint Earnála maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin le haghaidh Aerárthaí Sibhialta (‘ASU’) i ndáil leis na hiarrataí ón Ríocht Aontaithe a bheith ina Rannpháirtí iontu


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais trí nós imeachta i scríbhinn a dhéanfaidh na Rannpháirtithe sa Socrú maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil (‘Socrú’) agus na Rannpháirtithe sa Tuiscint Earnála maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin le haghaidh Aerárthaí Sibhialta (‘Tuiscint Earnála maidir le hAerárthaí’ nó ‘ASU’) maidir leis na hiarrataí ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (‘an Ríocht Aontaithe’) le bheith ina Rannpháirtí sa Socrú agus in ASU.

2.Comhthéacs an togra

2.1.An Socrú agus an Tuiscint Earnála maidir le hAerárthaí

Comhaontú oinigh is ea an Socrú a bhfuil sé d'aidhm aige creat a chur ar fáil lena bhféadfar na creidmheasanna onnmhairiúcháin a dtacaítear leo go hoifigiúil a úsáid go rianúil. Ciallaíonn sé sin, i gcleachtas, cothroime iomaíochta a bhunú (de bharr an iomaíocht a bheith bunaithe ar phraghas agus ar cháilíocht na n‑earraí agus na seirbhísí a onnmhairítear agus gan a bheith bunaithe ar na téarmaí airgeadais a chuirtear ar fáil), agus ag an am céanna oibriú chun deireadh a chur le fóirdheontais agus le saobhadh trádála a bhaineann le creidmheasanna onnmhairiúcháin a dtacaítear leo go hoifigiúil. (‘tacaíocht oifigiúil’). Tháinig an Socrú i bhfeidhm i mí Aibreáin 1978, agus is go ceann tréimhse éiginnte é.

An Tuiscint Earnála maidir le hAerárthaí, is í Iarscríbhinn III den Socrú í agus is é is aidhm di creat a chur ar fáil le haghaidh úsáid intuartha, chomhsheasmhach, thrédhearcach na gcreidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil i ndáil le díol nó léasú aerárthaí agus earraí agus seirbhísí gaolmhara a shonraítear in Airteagal 4a) de ASU. Ar an gcaoi sin, féachann ASU freisin le cothroime iomaíochta a chothú le haghaidh na n‑onnmhairí in earnáil na n‑aerárthaí agus le deireadh a chur le fóirdheontais agus le saobhadh trádála a bhaineann leis an tacaíocht oifigiúil. Tháinig an Tuiscint Earnála maidir le hAerárthaí i bhfeidhm an 1 Feabhra 2011.

Tá an Socrú, lena n‑áirítear an Tuiscint Earnála maidir le hAerárthaí leabaithe in ECFE ó thaobh riaracháin de, agus cuireann Rúnaíocht ECFE um Chreidmheasanna tacaíocht ar fáil dó. Mar sin féin, ní Gníomhartha de chuid ECFE iad an Socrú ná an Tuiscint Earnála maidir le hAerárthaí 1 .

Is Rannpháirtí é an tAontas Eorpach sa Socrú agus sa Tuiscint Earnála maidir le hAerárthaí – ní rannpháirtithe iad na Ballstáit – agus rinneadh an Socrú agus an Tuiscint a thrasuí san acquis communautaire de bhua Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 2 . Dá bhrí sin, tá an Socrú agus an Tuiscint Earnála maidir le hAerárthaí ceangailteach de réir dlí, óir is é sin dlí an Aontais.

2.2.Rannpháirtithe sa Socrú agus Rannpháirtithe in ASU

Faoi láthair, tá deich rannpháirtí sa Socrú (‘Rannpháirtithe sa Socrú’): An Astráil, Ceanada, an tAontas Eorpach, an tSeapáin, an Chóiré, an Nua Shéalainn, an Iorua, an Eilvéis, an Tuirc agus na Stáit Aontaithe.

Tá deich rannpháirtí sa Tuiscint Earnála maidir le hAerárthaí (‘Rannpháirtithe in ASU’) agus tá an rannpháirtíocht sa ASU mórán mar an gcéanna leis an rannpháirtíocht sa Socrú. Níl de dhifríocht eatarthu ach gur rannpháirtí in ASU í an Bhrasaíl (ach ní Rannpháirtí sa Socrú í), agus nach bhfuil an Tuirc rannpháirteach in ASU (ach gur Rannpháirtí sa Socrú í).

Is trí chomhthoil a ghlacann rannpháirtithe sa Socrú agus rannpháirtithe ASU araon cinntí maidir le modhnuithe ar an Socrú, nó ar ASU.

I gcomhréir le hAirteagal 3 den Socrú, féadfaidh na Rannpháirtithe atá ann faoi láthair cuireadh a thabhairt do chomhaltaí eile ECFE agus do thíortha nach comhaltaí ECFE iad le bheith ina Rannpháirtithe. Féadfaidh rannpháirtí nach rannpháirtí é a bheith ina Rannpháirtí in ASU i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach i bhFoscríbhinn I a ghabhann le ASU.

Déanann an Coimisiún Eorpach ionadaíocht thar ceann an Aontais sna cruinnithe leis na Rannpháirtithe sa Socrú agus in ASU, agus déanann sé ionadaíocht sna nósanna imeachta i scríbhinn le haghaidh cinnteoireacht Rannpháirtithe sa tSocrú agus Rannpháirtithe in ASU freisin.

2.3.An gníomh atá beartaithe maidir le rannpháirtithe sa Socrú agus rannpháirtithe in ASU

Is é a bheadh sa ghníomh atá beartaithe stádas Rannpháirtí sa Socrú agus in ASU a cheadú don Ríocht Aontaithe, ós rud é go bhfuil iarrataí déanta ag an Ríocht Aontaithe (‘RA’) le bheith ina Rannpháirtí sa Socrú agus in ASU araon.

De thoradh gur fhág an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach, níl aon ionadaíocht aici a thuilleadh sa Socrú agus in ASU. I litir dar dáta an 28 Eanáir 2021, d'iarr an Ríocht Aontaithe go ndéanfadh na rannpháirtithe ábhartha comhaontú foirmiúil chun an Ríocht Aontaithe a bheith ina Rannpháirtí sa dá ionstraim. Rinne Cathaoirleach an tSocraithe agus Rannpháirtithe in ASU iarrataí na Ríochta Aontaithe a scaipeadh an 29 Eanáir agus leag siad síos spriocdháta an 31 Márta 2021 do na Rannpháirtithe atá ann cheana freagra foirmiúil a thabhairt. I dteachtaireacht an Chathaoirligh an 11 Feabhra 2021, cuireadh síneadh leis an spriocdháta go dtí deireadh mhí na Bealtaine 2021.

Mar thoradh ar rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe sa Socrú agus in ASU a dheimhniú, níor mhór Airteagal 3 den Socrú agus Airteagal 3 de ASU a athrú, i.e. na forálacha ina liostaítear na Rannpháirtithe ábhartha.

I bhfianaise an mhéid thuas, is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais, i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú, a leagan síos mar go mbeidh an cinneadh ceangailteach ar an Aontas ó thaobh dlí de agus go mbeidh tionchar aige ar dhlí an Aontais, de bhua Airteagal 1 de Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011, ina sonraítear go mbeidh ‘feidhm san Aontas ag na treoirlínte atá sa Socrú maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil (‘an Socrú’). Cuirtear téacs an tSocraithe i gceangal leis an Rialachán seo.’

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

Leis na gníomhartha atá beartaithe thabharfaí cead don Ríocht Aontaithe a bheith ina Rannpháirtí sa Socrú agus in ASU araon.

Sonraítear i dteachtaireacht an Chathaoirligh an 29 Eanáir 2021: ‘Bhí an Ríocht Aontaithe ar cheann de na tíortha a bhí rannpháirteach ón tús maidir le smachta airgeadais a bhunú le haghaidh creidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil sna 1970idí agus, ó shin i leith, bhí sí ina soláthraí suntasach creidmheasanna onnmhairiúcháin caighdeánacha agus creidmheasanna onnmhairiúcháin le haghaidh aerárthaí. Tá sí ina Comhalta gníomhach freisin den Mheitheal um Chreidmheasanna Onnmhairiúcháin agus um Ráthaíochtaí Creidmheasanna. Dá thoradh sin, bheadh sé loighciúil agus bheadh sé chun tairbhe an dá thaobh dá leanfadh an Ríocht Aontaithe de bheith ina Rannpháirtí. Tá súil agam mar sin go dtacóidh na rannpháirtithe leis an iarraidh seo.’ Go deimhin, táthar ag súil go dtacóidh na rannpháirtithe uile sa Socrú agus na rannpháirtithe uile in ASU le hiarrataí na Ríochta Aontaithe.

Is é chun leas an Aontais é an Ríocht Aontaithe a bheith rannpháirteach sa Socrú agus in ASU araon. Leis an dá ionstraim cuirtear creat ar fáil chun creidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil a úsáid ar bhealach rianúil, trédhearcach ina réimsí cur i bhfeidhm faoi seach agus féachann siad le cothroime iomaíochta a chothú maidir le creidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil. Le blianta beaga anuas, bhí an Ríocht Aontaithe ag éirí níos gníomhaí maidir le tacaíocht oifigiúil a thabhairt. In 2018, chuir Roinn Maoinithe Onnmhairiúcháin na Ríochta Aontaithe (‘UKEF’, roinn tacaíochta creidmheasanna onnmhairiúcháin rialtas na Ríochta Aontaithe) níos lú ná EUR 2 bhilliún de thacaíocht oifigiúil ar fáil. In 2019, bhí sé thart ar EUR 5.5 billiún cheana féin. Agus í ina rannpháirtí sa Socrú agus sa Tuiscint Earnála maidir le hAerárthaí, bheadh ar an Ríocht Aontaithe cloí lena gcuid rialacha.

Ina theannta sin, i gcás na Tuisceana Earnála maidir le hAerárthaí go sonrach, ní mór a chuimhneamh ar an leas atá ag an Ríocht Aontaithe fós in Airbus. Dá bhrí sin, baineann an rialachán oifigiúil maidir le creidmheasanna in earnáil na monaraíochta aerárthaí le leas coiteann na mBallstát agus na Ríochta Aontaithe.

Ós rud é gurb é cuspóir an chinnidh atá beartaithe, cothroime iomaíochta a áirithiú do thionscal onnmhairiúcháin an Aontais agus aird chuí a thabhairt ar ailíniú leasanna eacnamaíochta sonracha idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe san earnáil monaraíochta aerárthaí, ba cheart gurb iad na seasaimh atá le glacadh thar ceann an Aontais teacht ar chomhaontú chun an Ríocht Aontaithe a bheith ina Rannpháirtí sa Socrú agus sa Tuiscint Earnála maidir le hAerárthaí.

4.Bunús dlí

3.1.Bunús dlí don nós imeachta

3.1.1.Prionsabail

Déantar foráil, le hAirteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), maidir le cinntí lena leagtar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Áirítear i gcoincheap ‘na ngníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht i gceist. Áirítear ann freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach ‘a d’fhéadfadh tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh’ 3 .

3.1.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Is gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo iad an dá ghníomh a iarrtar ar a Rannpháirtithe sa Socrú agus na Rannpháirtithe in ASU a ghlacadh (i.e. cinneadh a dhéanamh maidir le hiarrataí RA le bheith ina Rannpháirtí sa Socrú agus in ASU). Tá éifeachtaí dlíthiúla leis na gníomhartha atá beartaithe de bhua Airteagal 1 de Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le treoirlínte áirithe a chur i bhfeidhm i réimse na gcreidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil agus lena n‑aisghairtear Cinneadh 2001/76/CE agus Cinneadh 2001/77/CE ón gComhairle, ina sonraítear go mbeidh ‘feidhm san Aontas ag na treoirlínte atá sa Socrú maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil (‘an Socrú’). Cuirtear téacs an tSocraithe i gceangal leis an Rialachán seo.’

Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí nós imeachta atá leis an gcinneadh atá beartaithe.

3.2.Bunús dlí substainteach

3.2.1.Prionsabail

An bunús dlí substainteach le haghaidh cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus inneachar an ghnímh atá beartaithe agus a bhfuiltear ag glacadh seasamh thar ceann an Aontais ina leith.

3.2.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Baineann príomhchuspóir agus príomh‑inneachar na ngníomhartha atá beartaithe leis an gcomhbheartas tráchtála. Dá bhrí sin, is é Airteagal 207 CFAE bunús dlí substainteach an chinnidh atá beartaithe.

3.3.Conclúid

Is é an chéad fhomhír d'Airteagal 207(4) CFAE ba cheart a bheith ina bhunús dlí le haghaidh an chinnidh atá beartaithe, i gcomhar le hAirteagal 218(9).

5.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe

Ós rud é go leasófar an Socrú agus an Tuiscint Earnála maidir le hAerárthaí leis na gníomhartha lena rialaítear na Rannpháirtithe sa Socrú agus na Rannpháirtithe in ASU, is iomchuí iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis iad a ghlacadh.

2021/0101 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis na seasaimh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh trí nós imeachta i scríbhinn ag Rannpháirtithe sa Socrú maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dtaca go hOifigiúil agus ag Rannpháirtithe sa Tuiscint Earnála maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin le haghaidh Aerárthaí Sibhialta (‘ASU’) i ndáil leis na hiarrataí ón Ríocht Aontaithe a bheith ina Rannpháirtí iontu

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Rinneadh na treoirlínte atá sa Socrú maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú leo go hOifigiúil (‘Socrú’) a thrasuí, agus dá bhrí sin, rinneadh ceangailteach go dlíthiúil iad san Aontas Eorpach le Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 4 . 5

(2)Is iad an Astráil, Ceanada, an tAontas Eorpach, an tSeapáin, an Chóiré, an Nua-Shéalainn, an Iorua, an Eilvéis, an Tuirc agus na Stáit Aontaithe iad na rannpháirtithe sa Socrú.

(3)Is í an Tuiscint Earnála maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin le haghaidh Aerárthaí Sibhialta (‘Tuiscint Earnála maidir le hAerárthaí’ nó ‘ASU’ ) atá in Iarscríbhinn III den Socrú agus i gcomhréir le hAirteagal 2 de ASU is cuid lárnach den Socrú í. Dá réir sin, rinneadh ASU a thrasuí freisin, agus rinneadh ceangailteach go dlíthiúil é san Aontas, de bhua Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 6 . 7  

(4)Is iad an Astráil, Ceanada, an tAontas Eorpach, an tSeapáin, an Chóiré, an Nua-Shéalainn, an Iorua, an Eilvéis, an Tuirc agus na Stáit Aontaithe iad na rannpháirtithe in ASU.

(5)Leis an Socrú agus leis an Tuiscint Earnála maidir le hAerárthaí, cuirtear creat ar fáil chun úsáid rianúil, thrédhearcach creidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil a chur ar fáil ina réimsí cur i bhfeidhm faoi seach. Féachann siad le cothroime iomaíochta a chothú le haghaidh creidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil, d’fhonn an iomaíocht a spreagadh i measc onnmhaireoirí, bunaithe ar cháilíocht agus ar phraghas na nearraí agus na seirbhísí a dhéantar a onnmhairiú, seachas iad a bheith bunaithe ar na téarmaí agus na coinníollacha airgeadais is fabhraí agus a bhfuil tacaíocht oifigiúil á fáil acu.

(6)Tharraing Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (‘an Ríocht Aontaithe’) siar as an Aontas Eorpach le héifeacht ón 31 Eanáir 2020.  8  

(7)I gcomhréir le hAirteagal 3 den Socrú, féadfaidh na Rannpháirtithe atá ann faoi láthair cuireadh a thabhairt do chomhaltaí eile ECFE agus do thíortha nach comhaltaí ECFE iad le bheith ina Rannpháirtithe. Féadfaidh rannpháirtí nach rannpháirtí in ASU é a bheith ina Rannpháirtí in ASU de bhun na nósanna imeachta a leagtar amach i bhFoscríbhinn I a ghabhann le ASU.

(8)I litir dar dáta an 28 Eanáir 2021, d’iarr an Ríocht Aontaithe ar na rannpháirtithe sa Socrú agus ar rannpháirtithe sa Tuiscint Earnála maidir le hAerárthaí teacht ar chomhaontú go mbeadh an Ríocht Aontaithe ina Rannpháirtí sa Socrú agus sa Tuiscint Earnála maidir le hAerárthaí, faoi seach. Is le nósanna imeachta i scríbhinn a dhéanfaidh na rannpháirtithe sa Socrú agus na Rannpháirtithe in ASU cinneadh maidir leis na hiarrataí sin.

(9)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag na Rannpháirtithe sa Socrú a leagan síos mar aon leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag na Rannpháirtithe sa Tuiscintí Earnála maidir le hAerárthaí, mar go mbeidh cinntí na Rannpháirtithe sa Socrú agus cinntí Rannpháirtithe in ASU ceangailteach ar an Aontas de bhua Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa nós imeachta i scríbhinn ag na Rannpháirtithe sa Socrú maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dtacú go hOifigiúil i ndáil leis an iarraidh atá déanta ag an Ríocht Aontaithe le bheith ina Rannpháirtí sa Socrú, ba cheart tacú leis an iarraidh sin.

Airteagal 1a

An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa nós imeachta i scríbhinn ag na Rannpháirtithe sa Tuiscint Earnála maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin le haghaidh Aerárthaí Sibhialta i ndáil leis an iarraidh ón Ríocht Aontaithe le bheith ina Rannpháirtí sa Tuiscint Earnála, ba cheart tacú leis an iarraidh sin.

Airteagal 2

Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Mar a shainmhínítear in Airteagal 5 de Choinbhinsiún ECFE.
(2)    Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le treoirlínte áirithe a chur i bhfeidhm i réimse na gcreidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil agus lena n‑aisghairtear Cinntí 2001/76/CE agus 2001/77/CE ón gComhairle (IO L 326, 8.12.2011, lch. 45 de).
(3)    Breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, míreanna 61 go 64.
(4)    Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le treoirlínte áirithe a chur i bhfeidhm i réimse na gcreidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil agus lena n‑aisghairtear Cinntí 2001/76/CE agus 2001/77/CE ón gComhairle (IO L 326, 8.12.2011, lch. 45).
(5)    San am a chuaigh thart, trasuíodh leaganacha níos luaithe de Shocrú ECFE i ndlí an Aontais trí Chinntí ón gComhairle.
(6)    Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le treoirlínte áirithe a chur i bhfeidhm i réimse na gcreidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil agus lena n‑aisghairtear Cinntí 2001/76/CE agus 2001/77/CE ón gComhairle (IO L 326, 8.12.2011, lch. 45).
(7)    San am a chuaigh thart, trasuíodh leaganacha níos luaithe de Shocrú ECFE i ndlí an Aontais trí Chinntí ón gComhairle.
(8)    Cinneadh (AE) 2020/135 ón gComhairle an 30 Eanáir 2020 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO L 29, 31.1.2020, lch. 1).
Top