EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52020XG0616(01)

Conclúidí ón gComhairle maidir le todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú 2020/C 202 I/01

ST/8711/2020/INIT

IO C 202I, 16.6.2020, p. 1–12 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

16.6.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

CI 202/1


Conclúidí ón gComhairle maidir le todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú

(2020/C 202 I/01)

MAIDIR LE COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

AG MEABHRÚ DI

Conclúidí ón gComhairle maidir le tábhacht 5G do gheilleagar na hEorpa agus an gá atá ann rioscaí slándála a bhaineann le 5G a mhaolú

Conclúidí ón gComhairle maidir le hEoraip ard-digiteach don tréimhse ó 2020 amach dar teideal: “Borradh a chur faoin iomaíocht dhigiteach agus eacnamaíoch ar fud an Aontais agus comhtháthú digiteach”

Conclúidí ón gComhairle maidir le fothú acmhainneachta agus forbairt cumas i ndáil leis an gcibearshlándáil san Aontas Eorpach

Conclúidí ón gComhairle maidir le hábhar Eorpach sa gheilleagar digiteach a neartú

Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le “Todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú”

Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le “Straitéis Eorpach le haghaidh sonraí”

An Páipéar Bán “Ar an Intleacht Shaorga - Cur chuige Eorpach i leith an bhairr feabhais agus na hiontaoibhe”

Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le “Imscaradh slán 5G san Aontas Eorpach – Bosca uirlisí an Aontais a chur chun feidhme”

Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le “Eoraip láidir shóisialta d'aistrithe córa”

Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le “Straitéis Thionsclaíoch nua don Eoraip”

Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le “Straitéis FBM d'Eoraip inbhuanaithe dhigiteach”

Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le “Plean Gníomhaíochta nua don Cheilleagar Ciorclach – I gcomhair Eoraip níos glaine agus níos iomaíche”

Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le “Comhaontú Glas don Eoraip”

Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le “Nascacht le haghaidh Margadh Aonair Digiteach Iomaíoch – i dTreo Sochaí Eorpach Ghigighiotáin”

Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le “Treochlár Eorpach um dheireadh a chur leis na imshrianta i ngeall ar an gcoróinvíreas”

Moladh ón gCoimisiún maidir le bosca coiteann uirlisí de chuid an Aontais maidir le húsáid teicneolaíochta agus sonraí chun géarchéim COVID-19 a chomhrac agus éalú uaithi, go háirithe maidir le feidhmchláir mhóibíleacha agus úsáid sonraí soghluaisteachta anaithnide

Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le “Treoir maidir le Feidhmchláir lena dtacaítear leis an gcomhrac in aghaidh phaindéim COVID-19 i ndáil le cosaint sonraí”

1.   

AITHNÍONN SÍ a thábhachtaí atá na teicneolaíochtaí digiteacha maidir le claochlú digiteach gheilleagar agus shochaí na hEorpa, go háirithe mar bhealach chun Aontas aeráidneodrach a bhaint amach faoi 2050, – mar a cuireadh i dtreis sa Chomhaontú Glas don Eoraip – agus chun poist a chruthú, dul chun cinn a dhéanamh ó thaobh an oideachais agus scileanna nua digiteacha, an t-iomaíochas agus an nuálaíocht a fheabhsú, an leas coiteann a chur chun cinn agus saoránaigh a chuimsiú ar bhealach níos fearr. IS DÍOL SÁSAIMH DI an Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach le déanaí maidir le “Todhchaí Dhigiteach na hEorpa a Mhúnlú”, “An straitéis Eorpach le haghaidh sonraí” agus an Páipéar Bán “Ar an Intleacht Shaorga – Cur chuige Eorpach i leith an bhairr feabhais agus na hiontaoibhe”.

2.   

AONTAÍONN SÍ go bhfuil ag an Eoraip na sócmhainní agus na láidreachtaí, lena n-áirítear bonn tionsclaíoch láidir agus margadh aonair digiteáilte bríomhar, chun na deiseanna a bhaineann leis an earnáil dhigiteach a thapú agus aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann léi, agus, ag an am céanna, deimhin a dhéanamh de chuimsitheacht na hearnála sin, go háirithe i gcás na ngrúpaí is leochailí sa tsochaí, dá hinbhuanaitheacht, don chothromaíocht gheografach agus dá tairbhí do na Ballstáit uile, agus lánurraim á tabhairt do luachanna coiteanna agus cearta bunúsacha an Aontais. IARRANN SÍ ar an gCoimisiún, ar na Ballstáit, ar an earnáil phríobháideach, ar an tsochaí shibhialta agus ar an bpobal eolaíochta tacú leis na hiarrachtaí sin agus a bheith rannpháirteach iontu. AITHNÍONN SÍ gur cheart, ó thaobh éifeachtacht na ngníomhaíochtaí sin, staid shonrach na réigiún is forimeallaí san Eoraip a bhreithniú, agus é á áirithiú go ndéanfar an claochlú digiteach ar fud na críche ar fad.

3.   

AONTAÍONN SÍ go mbeidh dlús sa chlaochlú digiteach ina chuid ríthábhachtach d'fhreagairt an Aontais ar an ngéarchéim eacnamaíoch a d'eascair as paindéim COVID-19, mar a cuireadh i bhfios go láidir sa ráiteas comhpháirteach ó Chomhaltaí na Comhairle Eorpaí an 26 Márta.

4.   

CUIREANN SÍ I dTREIS gur cheart do na Ballstáit agus d'institiúidí an Aontais Eorpaigh leanúint de bheith ag cur dlús lena n-iarrachtaí digiteáil an Mhargaidh Aonair a chothú, ina mbainfidh ardleibhéal iontaoibhe, slándála, sábháilteachta agus rogha do thomhaltóirí leis an ngeilleagar digiteach, mar aon le hiomaíochas láidir bunaithe ar chreat lena gcuirtear chun cinn an trédhearcacht, an iomaíocht agus an nuálaíocht, agus atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de. IARRANN SÍ ar an gCoimisiún cur chuige atá spriocdhírithe, solúbtha, bunaithe ar fhíricí agus ar réiteach fadhbanna a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní trasteorann gan údar agus comhsheasmhacht agus comhleanúnachas a áirithiú leis an reachtaíocht atá ann cheana agus an creat nua do thodhchaí dhigiteach na hEorpa á cheapadh aige.

5.   

CUIREANN SÍ I bhFIOS GO LÁIDIR a thábhachtaí atá sé, i ndiaidh na géarchéime, go ndéanfar ceannasacht dhigiteach san Aontas agus ceannaireacht i slabhraí luacha digiteacha straitéiseacha idirnáisiúnta a chosaint agus a neartú mar phríomhghnéithe chun uathriail straitéiseach, iomaíochas domhanda agus forbairt inbhuanaithe a áirithiú agus, ag an am céanna, luachanna coiteanna an Aontais, trédhearcacht, cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a chur chun cinn ar an stáitse idirnáisiúnta, agus tiomantas a áirithiú don chomhar idirnáisiúnta leis na hearnálacha poiblí agus príobháideacha agus leis an bpobal eolaíochta. I ndáil leis sin, AITHNÍONN SÍ an tábhacht a bhaineann leis an taighde agus an nuálaíocht (T&I) chun cuidiú le todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú agus an ról ríthábhachtach atá acu maidir leis an gcéad ghlúin eile de theicneolaíochtaí digiteacha a fhorbairt.

6.   

CUIREANN SÍ I bhFIOS GO LÁIDIR an tionchar suntasach a leanfar de bheith ag an gclaochlú digiteach ar mhargadh saothair na hEorpa, go háirithe maidir leis an éileamh ar na scileanna a athrú chomh maith le céimniú amach cineálacha áirithe post agus poist nua a chruthú. IARRANN SÍ ar an gCoimisiún beartais agus tionscnaimh an Aontais maidir le margadh an tsaothair agus cosaint shóisialta a chur san áireamh d'fhonn sineirge leis na beartais agus na tionscnaimh dhigiteacha a bhaint amach.

7.   

AONTAÍONN SÍ gur gá borradh substainteach a chur faoin infheistíocht agus í a chomhordú ar bhealach níos leithne, i ndáil le plean téarnamh an Aontais, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, chun na spriocanna sin a bhaint amach, agus béim faoi leith a leagan ar thionscadail bhonneagair ardtionchair lena gcuirfear ar chumas na hEorpa a bheith ina ceannródaí ó thaobh slabhraí luacha digiteacha domhanda, na nuálaíochta, agus na cruthaíochta de. CUIREANN SÍ CHUN SUNTAIS a ríthábhachtaí atá an Clár don Eoraip Dhigiteach maidir le hacmhainneacht dhigiteach, ar scála domhanda leordhóthanach, a fhorbairt agus a imscaradh ar fud an Aontais, go háirithe maidir leis an intleacht shaorga, an ríomhaireacht ardfheidhmíochta, an chibearshlándáil agus ardscileanna digiteacha, ar mhaithe leis na saoránaigh agus cuideachtaí, agus atá an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (Digiteach) chun imscaradh uile-Eorpach líonraí Gigighiotáin agus rochtain uilechuimsitheach ar ardbhonneagair dhigiteacha fíor-ardacmhainne sna slabhraí luacha uile a áirithiú. AITHNÍONN SÍ freisin go mbeidh an clár Fís Eorpach a bheidh ann amach anseo agus na cistí struchtúracha ina gcuidiú tábhachtach don chlaochlú digiteach. CUIREANN SÍ I bhFIOS GO LÁIDIR gur gá cistí dóthanacha a chur ar fáil do na cláir sin. MOLANN SÍ do na Ballstáit na hathchóirithe is gá a chur chun feidhme agus na hacmhainní is gá a chomhthiomsú, i gcomhthéacs na hiar-ghéarchéime, chun leas a bhaint as tairbhí na digiteála agus iomaíochas ár dtionscal a threisiú, ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta agus réigiúnach. TUGANN SÍ DÁ hAIRE go bhfuil satailítí agus sócmhainní agus seirbhísí eile spásbhunaithe bunriachtanach le haghaidh cur chun feidhme agus feidhmiú an iliomad feidhmchlár digiteach agus le haghaidh nascacht a chur ar fáil i gceantair iargúlta agus faireachán a dhéanamh ar athruithe comhshaoil agus aeráide. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach leanúint de chláir spáis Eorpacha a chur chun cinn chun na réamhchoinníollacha is fearr is féidir a bhaint amach don chlaochlú digiteach.

8.   

ADMHAÍONN SÍ an ról ríthábhachtach atá ag na teicneolaíochtaí digiteacha, amhail líonraí leathanbhanda fíor-ardacmhainne, blocshlabhra, an intleacht shaorga agus an ríomhaireacht ardfheidhmíochta, chun bearta a bhaineann le COVID-19 a chur i bhfeidhm, go háirithe maidir leis an teilea-obair, leis an gcianoideachas agus leis an taighde. CUIREANN SÍ I dTREIS a thábhachtaí atá sé go mbeidh an tAontas in ann brath ar uirlisí digiteacha iontaofa agus roghanna teicneolaíocha uathrialacha a dhéanamh chun saoránaigh na hEorpa a chosaint níos fearr sa chomhthéacs sin.

9.   

IS DÍOL SÁSAIMH DI an Treoir ón gCoimisiún maidir le feidhmchláir lena dtacaítear leis an gcomhrac in aghaidh phaindéim COVID-19 i ndáil le cosaint sonraí agus an Moladh ón gCoimisiún maidir le bosca coiteann uirlisí de chuid an Aontais maidir le húsáid teicneolaíochta agus sonraí chun géarchéim COVID-19 a chomhrac agus , go háirithe maidir le feidhmchláir mhóibíleacha agus úsáid sonraí soghluaisteachta anaithnide agus comhiomlánaithe. IARRANN SÍ go ndíreofar go sonrach ar an tsaincheist maidir le rochtain ar chórais oibriúcháin agus idir-inoibritheacht na gcóras sin, ar léiríodh go bhfuil an rochtain sin bunriachtanach le linn ghéarchéim COVID-19 atá ann faoi láthair.

10.   

IARRANN SÍ ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún anailís chríochnúil a dhéanamh ar an gciall a ceannaíodh ó phaindéim COVID-19 chun teacht ar chonclúidí don todhchaí a bheidh mar bhonn eolais do chur chun feidhme bheartais reatha an Aontais agus do na beartais a bheidh aige amach anseo sa réimse digiteach. AITHNÍONN SÍ an luach atá le comhroinnt faisnéise trasteorann fíor-ama, le cumarsáid dhigiteach agus le comhordú idirnáisiúnta maidir le freagairt ar COVID-19. CUIREANN SÍ I bhFIOS GO LÁIDIR an luach atá le teicneolaíochtaí atá bunaithe ar an idirlíon chun idirphlé, gníomhaíocht thráchtálach agus seirbhísí a choinneáil ar bun fad is a bheidh srianta ar an saol poiblí. LEAGANN SÍ BÉIM ar an deis a ghabhann le seirbhísí atá bunaithe ar an idirlíon chun éifeachtaí athchomhairleacha ar an earnáil ghnó a mhaolú, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide.

Sonraí agus néal

11.

AITHNÍONN SÍ a thábhachtaí atá an geilleagar sonraí mar eochairchumasóir le go n‐éireoidh leis an Eoraip sa ré dhigiteach agus CUIREANN SÍ I bhFIOS GO LÁIDIR na dúshláin a eascraíonn as an méadú suntasach atá tagtha ar an méid sonraí atá ar fáil, go háirithe mar thoradh ar oibiachtaí nasctha. CUIREANN SÍ I dTREIS gur cheart geilleagar sonraí na hEorpa a fhorbairt i mbealach duine-lárnaithe agus i gcomhréir le luachanna coiteanna an Aontais, cearta an duine agus saoirsí bunúsacha, atá bunaithe ar leasanna shaoránaigh agus ghnólachtaí na hEorpa, agus i gcomhréir le cearta príobháideachais agus cosanta sonraí, dlí na hiomaíochta agus cearta maoine intleachtúla. CUIREANN SÍ I bhFIOS GO LÁIDIR gur cheart smacht a bheith ag saoránaigh, fostaithe agus cuideachtaí na hEorpa ar a gcuid sonraí, bunaithe ar bhonneagair shlán sonraí agus ar shlabhraí luacha athléimneacha iontaofa, agus prionsabal oscailteachta an Aontais i ndáil le tríú tíortha á chaomhnú ag an am céanna. Ba cheart go neartódh an méid sin uathriail na hEorpa agus go mbeadh an Eoraip ar an áit ab fhearr ar domhan chun sonraí a chomhroinnt, a chosaint, a stóráil agus a úsáid.

12.

AITHNÍONN SÍ, chun mais chriticiúil a bhaint amach agus chun go n-éireodh léi sa gheilleagar sonraí, gur gá don Eoraip tosaíocht a thabhairt, go háirithe trí bhonneagar leordhóthanach a chur ar fáil, do shonraí a chumasc agus a chomhroinnt i measc riaracháin phoiblí, i measc gnólachtaí, i measc institiúidí taighde, agus idir gnólachtaí agus institiúidí poiblí agus taighde, ar bhealach lena ndéanfar an príobháideachas a chaomhnú/a fheabhsú agus, ag an am céanna, rúin cheirde agus cearta maoine intleachtúla á n-urramú. CUIREANN SÍ I dTREIS go mbíonn prionsabail na heolaíochta oscailte agus moltaí an Chomhaontais Sonraí Taighde úsáideach chun tacú leis na húdaráis chinnteoireachta cur chuige coiteann solúbtha a chur chun cinn maidir le sonraí a bhailiú, a phróiseáil agus a fháil. Sa chomhthéacs sin, IS DÍOL SÁSAIMH DI forbairt an Néil Eorpaigh maidir leis an Eolaíocht Oscailte (EOSC).

13.

IS DÍOL SÁSAIMH DI go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún féachaint ar chreat comhsheasmhach cothrománach a fhorbairt le haghaidh rochtain ar shonraí, agus úsáid na sonraí sin, ag an earnáil phríobháideach agus phoiblí ar fud an Aontais, bunaithe go háirithe ar chostais na n-idirbheart a ísliú le haghaidh comhroinnt agus comhthiomsú deonach sonraí, lena n-áirítear trí chaighdeánú chun idir-inoibritheacht sonraí níos fearr a bhaint amach. IARRANN SÍ ar an gCoimisiún tograí nithiúla a thíolacadh maidir le rialachas sonraí agus forbairt spásanna coiteanna sonraí Eorpacha a mholadh le haghaidh earnálacha straitéiseacha an tionscail agus réimsí a bhaineann le leas an phobail, lena n-áirítear sláinte, an comhshaol, riaracháin poiblí, monaraíocht, talmhaíocht, fuinneamh, soghluaisteacht, seirbhísí airgeadais agus scileanna. CUIREANN SÍ I dTREIS gur cheart na spásanna coiteanna Eorpacha sonraí a bheith bunaithe ar chomhiarracht idir an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach agus é mar aidhm acu sonraí ardcháilíochta a chur ar fáil ó na páirtithe uile lena mbaineann.

14.

CUIREANN SÍ I dTREIS go bhféadfaidh roinnt dúshlán a bheith i gceist le rochtain níos leithne ar shonraí, agus le húsáid sonraí ar bhealach níos leithne, amhail cáilíocht sonraí neamhleor, claonadh sonraí agus dúshláin maidir le cosaint agus slándáil sonraí, nó coinníollacha trádála éagóracha, nithe nach mór aghaidh a thabhairt orthu ar fad le cur chuige cuimsitheach agus uirlisí beartais iomchuí. Dá bhrí sin, MOLANN SÍ don Choimisiún agus do na Ballstáit céimeanna nithiúla a thabhairt chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin, i gcomhréir le dlí an Aontais agus dlí na mBallstát atá ann cheana, e.g. an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, agus prionsabail 'FAIR' (Inaimsithe, Inrochtana, In‐idiroibritheach agus In-athúsáidte), á gcur san áireamh.

15.

CUIREANN SÍ I bhFIOS GO LÁIDIR an luach a bhaineann le sonraí poiblí agus corparáideacha sa gheilleagar a úsáid agus a athúsáid agus a thábhachtaí atá sé sonraí a úsáid ar mhaithe leis an leas coiteann, lena n-áirítear le haghaidh ceapadh beartais níos fearr agus pobail níos cliste, chun seirbhísí poiblí feabhsaithe a sholáthar agus le haghaidh taighde ar mhaithe le leas an phobail. TACAÍONN SÍ leis an intinn atá ag an gCoimisiún féachaint an bhféadfar comhroinnt sonraí idir rialtais agus gnólachtaí a chur chun cinn agus, ag an am céanna, cuirfear san áireamh ansin leasanna dlisteanacha na gcuideachtaí, ar leasanna iad a bhaineann lena bhfios gnó maidir le sonraí íogair.

16.

MOLANN SÍ don Choimisiún céimeanna nithiúla a thabhairt chun teacht chun cinn éiceachóras nua sonraíbhunaithe a éascú. Ós amhlaidh atá, TATHANTAÍONN SÍ ar an gCoimisiún tús a chur le pléití ar na módúlachtaí chun a áirithiú go mbeidh rochtain chothrom ar na sonraí a choimeádtar go príobháideach agus go n-úsáidfear na sonraí sin go cothrom, lena n-áirítear trí shocruithe um chomhroinnt sonraí a chur chun cinn bunaithe ar choinníollacha cothroma, trédhearcacha, réasúnacha, comhréireacha agus neamh‐idirdhealaitheacha.

17.

CUIREANN SÍ I dTREIS a thábhachtaí atá bonneagar agus seirbhísí néalríomhaireachta ó thaobh na lúfaireachta, na ceannasachta, na slándála, an taighde agus an iomaíochais de san earnáil dhigiteach san Eoraip agus tábhachtach don Eoraip dá réir chun tairbhe iomlán a bhaint as an ngeilleagar sonraí. Dá bhrí sin, ba cheart cosaint sonraí tábhachtacha Eorpacha sna bonneagair sin a ráthú. IARRANN SÍ go ndéanfaí seirbhísí néalríomhaireachta Eorpacha slána, sábháilte agus iontaofa agus acmhainneacht ardfheidhmíochta ríomha a chónascadh is féidir leis na Ballstáit a úsáid ar bhonn deonach. CUIREANN SÍ I dTREIS a thábhachtaí atá cur chuige Eorpach i ndáil le cónaidhm néalríomhaireachta, go háirithe cur chuige a bheadh luachmhar d'fhiontair bheaga agus micrifhiontair agus a mbeadh rochtain chomhionann ag geallsealbhóirí uile na hEorpa air. CUIREANN SÍ I bhFIOS GO LÁIDIR freisin gur gá na bonneagair nascachta ardacmhainneachta fholuiteacha a bheith ann, lena n-áirítear cáblaí fomhuirí, lena nasctar mórthír na hEorpa, na hoileáin agus na réigiúin is forimeallaí, chun an chónaidhm sin a fhorbairt ar bhealach éifeachtach éifeachtúil. ADMHAÍONN SÍ an gá atá le héagsúlú agus, dá bhrí sin, le comhar le soláthraithe nach bhfuil san Aontas ach a urramaíonn luachanna coiteanna an Aontais, cearta an duine agus saoirsí bunúsacha.

18.

MOLANN SÍ don Choimisiún a áirithiú, i gcás inar gá sin trí thograí nua, go gcomhlíonfaidh seirbhísí néalríomhaireachta a chuirtear ar fáil san Eoraip na príomhcheanglais idir‐inoibritheachta, iniomparthachta agus slándála, inter alia, chun a áirithiú nach mbeidh gaibhniú díoltóirí i gceist agus chun coinníollacha conarthacha cothroma, córa agus trédhearcacha a áirithiú chun go mbeidh rochtain ag gach gníomhaí sa mhargadh ar néalbhonneagar agus ar néalseirbhísí. IARRANN SÍ ar an gCoimisiún dlús a chur le seachadadh creata chomhleanúnaigh maidir leis na rialacha agus leis an bhféinrialúchán is infheidhme do néalseirbhísí, i bhfoirm 'leabhar rialacha néalríomhaireachta', chun soiléireacht a mhéadú agus chun comhlíonadh a éascú.

An intleacht shaorga

19.

AITHNÍONN SÍ gur teicneolaíocht í an intleacht shaorga atá ag athrú go tapa a d'fhéadfadh cur le geilleagar níos nuálaí, níos éifeachtúla, níos inbhuanaithe agus níos iomaíche, chomh maith le réimse leathan tairbhí sochaíocha, amhail sábháilteacht agus slándáil na saoránach, leas poiblí, oideachas agus oiliúint, agus cúram sláinte a fheabhsú nó tacú le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú dó. CUIREANN SÍ CHUN SUNTAIS an ról dearfach atá ag feidhmchláir intleachta saorga chun paindéim COVID-19 a chomhrac agus TACAÍONN SÍ le húsáid ghasta agus nuálach na bhfeidhmchlár intleachta saorga i ndáil leis sin.

20.

CUIREANN SÍ I bhFIOS GO LÁIDIR, ag an am céanna, gur féidir roinnt rioscaí a bheith ag baint le cuid de na feidhmchláir intleachta saorga, amhail cinntí claonta agus doiléire a dhéanann difear do dhea-bhail, do dhínit an duine nó do chearta bunúsacha na saoránach, amhail an ceart chun neamh-idirdhealú, an ceart maidir le comhionannas inscne, an ceart chun príobháideachais, an ceart maidir le cosaint sonraí agus chun sláine an duine, an ceart maidir le sábháilteacht agus slándáil, rud a fhágann go ndéantar steiréitíopaí agus neamhionannais a aithris agus a threisiú. Áirítear ar na rioscaí eile, mí-úsáid sonraí chun críocha coiriúla nó mailíseacha amhail an bhréagaisnéis.

21.

AITHNÍONN SÍ gur cheart úsáid na hintleachta saorga ina bhfuil cearta bunúsacha i gceist, a bheith faoi réir coimircí iomchuí, agus aird á tabhairt ar na ceanglais maidir le cosaint sonraí agus cearta bunúsacha eile. CUIREANN SÍ I bhFIOS GO LÁIDIR nach mór measúnú cúramach a dhéanamh ar ghnéithe iomchuí eiticiúla, sóisialta agus dlíthiúla chun éiginnteacht dhlíthiúil maidir le raon feidhme agus infheidhmeacht na rialacha nua a sheachaint. Leis na rialacha sin, ba cheart aghaidh a thabhairt ar dheiseanna agus ar rioscaí, agus an iontaoibh as an intleacht shaorga a neartú agus nuálaíochtaí a chur chun cinn.

22.

MOLANN SÍ don Choimisiún agus do na Ballstáit cur chuige eiticiúil duinelárnach i leith bheartas na hintleachta saorga a chur chun cinn. TACAÍONN SÍ le cur chuige an Choimisiúin agus na mBallstát, atá bunaithe ar bharr feabhais agus iontaoibh, i dtaca leis an dá chuspóir, is iad sin glacadh na hintleachta saorga a chur chun cinn trí líonra de Mhoil Nuálaíochta Digití lena gcumhdaítear críoch an Aontais Eorpaigh agus aghaidh a thabhairt go luath ar na rioscaí a bhaineann le húsáidí áirithe na teicneolaíochta sin, le linn a forbartha agus a tástála, agus aird ar leith á tabhairt ar úsáid teicneolaíochtaí aghaidh-aitheanta mar aon le húsáid sonraí bithmhéadracha eile.

23.

IS DÍOL SÁSAIMH DI an comhairliúchán maidir leis na tograí beartais atá i bpáipéar bán an Choimisiúin agus sa tuarascáil a ghabhann leis maidir le himpleachtaí sábháilteachta agus dliteanais agus IARRANN SÍ ar an gCoimisiún tograí nithiúla a chur ar aghaidh, agus an reachtaíocht atá ann cheana á cur san áireamh, ar tograí iad a leanann cur chuige atá bunaithe ar riosca agus atá comhréireach, agus i gcás inar gá, atá ina chur chuige rialála, maidir leis an intleacht shaorga, lena n-áirítear scéim lipéadaithe dheonach, lena gcuirtear le hiontaoibh agus lena gcosnaítear slándáil agus sábháilteacht agus, ag an am céanna, lena spreagtar an nuálaíocht agus úsáid na teicneolaíochta.

24.

MOLANN SÍ do na Ballstáit leanúint de na hiarrachtaí taighde agus forbartha a chothú, mar aon le húsáid na hintleachta saorga iontaofa san Eoraip mar chuid den Phlean Comhordaithe um an Intleacht Shaorga. IARRANN SÍ ar an gCoimisiún Eorpach measúnú a dhéanamh ar an bPlean Comhordaithe um an Intleacht Shaorga tar éis dheireadh na gcomhairliúchán poiblí i ndáil leis an bPáipéar Bán ar an Intleacht Shaorga.

Teicneolaíochtaí cumasúcháin agus slabhraí luacha digiteacha

25.

AITHNÍONN SÍ a thábhachtaí atá an sár-ríomhaireacht, teicneolaíochtaí chandamacha, agus an néalríomhaireacht mar chumasóirí don cheannasacht theicneolaíoch, don iomaíochas ar an leibhéal domhanda agus don chlaochlú digiteach rathúil, atá mar bhonn agus mar thaca ag réimsí tosaíochta amhail an intleacht shaorga, mórshonraí, blocshlabhra agus Idirlíon na Rudaí Nithiúla, nó an chibearshlándáil.

26.

TACAÍONN SÍ le leanúint den Chomhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach a bhfuil sé mar aidhm aige seirbhís ríomhaireachta ardfheidhmíochta, mar aon le héiceachóras bonneagair sonraí, atá hipearnasctha agus cónasctha agus ar thús cadhnaíochta sa domhan, a chur ar bun san Eoraip, a bheadh ar fáil do phobal na heolaíochta agus don tionscal araon, agus inniúlachtaí gaolmhara a fhorbairt d'fhonn rochtain ar na hacmhainní teicneolaíochta sin a leathnú. IARRANN SÍ ar an gCoimisiún tacú leis na Ballstáit agus iad ag iarraidh an infheistíocht sa bhonneagar ríomhaireachta ardfheidhmíochta a chothú agus rochtain do FBManna a áirithiú.

27.

AITHNÍONN SÍ an tábhacht a bhaineann leis an micrileictreonaic “déanta san Eoraip” mar bhunteicneolaíocht le haghaidh claochlú digiteach rathúil i roinnt mhaith earnálacha tionsclaíocha amhail an tionscal gluaisteán, an déantúsaíocht, an aerloingseoireacht, an spás, an chosaint agus an tslándáil, an talmhaíocht, agus an cúram sláinte. CUIREANN SÍ I dTREIS an acmhainneacht a bhaineann le slabhraí luacha crua-earraí agus bogearraí atá sábháilte, slán, inbhuanaithe agus iontaofa chun iontaoibh as teicneolaíochtaí digiteacha na hEorpa a chumasú agus a bhunú.

Cibearshlándáil

28.

CUIREANN SÍ I dTREIS a thábhachtaí atá an chibearshlándáil mar phríomhchuid de mhargadh aonair digiteáilte toisc go n-áirithítear léi iontaoibh as teicneolaíocht dhigiteach agus as próiseas an chlaochlaithe dhigitigh. AITHNÍONN SÍ go bhféadfadh sé a bheith mar thoradh ar an nascacht mhéadaithe, fad atá seirbhísí digiteacha á gcumhachtú, go mbeidh saoránaigh, cuideachtaí agus rialtais faoi lé cibearbhagairtí agus coireanna atá ag méadú ó thaobh líon agus sofaisticiúlachta de. Sa chomhthéacs sin, CUIREANN SÍ I dTREIS a thábhachtaí atá sé sláine, slándáil agus athléimneacht bhonneagair ríthábhachtacha, líonraí cumarsáide leictreonaí, seirbhísí agus trealamh teirminéil a chosaint. TACAÍONN SÍ leis an ngá atá le cur chuige comhordaithe a áirithiú agus a chur chun feidhme chun na príomhrioscaí a mhaolú, amhail an obair chomhpháirteach atá á déanamh i rith an ama bunaithe ar bhosca uirlisí an Aontais maidir le cibearshlándáil 5G, agus ar imscaradh slán 5G san Aontas. TACAÍONN SÍ le tuilleadh comhar straitéiseach, oibríochtúil agus teicniúil idir an leibhéal Eorpach agus na Ballstáit. CUIREANN SÍ I dTREIS gur freagracht chomhroinnte í an chibearshlándáil do gach gníomhaí ach gur réamhchoinníoll í an tslándáil ionsuite trí dhearadh agus mar réamhshocrú i gcomhair iontaoibh úsáideoirí. MOLANN SÍ comhar agus comhoibriú poiblí príobháideach deonach agus CUIREANN SÍ I bhFIOS GO LÁIDIR a thábhachtaí atá sé oideachas a chur ar shaoránaigh an Aontais trí bhíthin chláir scileanna digiteacha iomchuí chun cibearbhagairtí a mhaolú.

29.

AITHNÍONN SÍ an luach atá le cumas an Aontais a neartú i ndáil le cibearghníomhaíochtaí mailíseacha a chosc, a dhíspreagadh agus freagairt orthu, trí úsáid a bhaint as a chreat do fhreagairt chomhpháirteach thaidhleoireachta ón Aontas ar chibearghníomhaíochtaí mailíseacha (“bosca uirlisí na cibearthaidhleoireachta”).

30.

IS DÍOL SÁSAIMH DI na pleananna atá ag an gCoimisiún rialacha comhsheasmhacha a áirithiú d'oibreoirí margaidh agus comhroinnt faisnéise slán, láidir agus iomchuí a éascú maidir le bagairtí agus teagmhais, lena n-áirítear trí athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir maidir le Slándáil Líonra agus Faisnéise (Treoir NIS), roghanna a shaothrú i dtaca le cibear‐athléimneacht a fheabhsú agus freagairtí níos éifeachtaí a thabhairt ar chibirionsaithe, go háirithe maidir le gníomhaíochtaí riachtanacha eacnamaíocha agus sochaíocha, agus inniúlachtaí na mBallstát á n-urramú ag an am céanna, lena n-áirítear an fhreagracht atá orthu as a slándáil náisiúnta.

31.

TACAÍONN SÍ leis an gCoimisiún agus an margadh aonair do tháirgí, seirbhísí agus próisis chibearshlándála á neartú aige, ós rud é nach mbeidh rath ar Mhargadh Aonair digiteáilte, ach amháin má chreideann an pobal i gcoitinne go gcuireann na táirgí, na seirbhísí agus na próisis sin leibhéal leormhaith cibearshlándála ar fáil. Áiritheofar leis na híoscheanglais maidir le táirgí IoT go mbeidh íosleibhéal cibearshlándála ann do chuideachtaí agus do thomhaltóirí. CUIREANN SÍ CHUN SUNTAIS sa chomhthéacs sin gur gá tacú le FBManna mar bhunchloch riachtanach d'éiceachóras cibearshlándála na hEorpa. CUIREANN SÍ I dTREIS gur gá forbairt bhreise a dhéanamh ar chaighdeáin chibearshlándála agus, i gcás inarb iomchuí, ar scéimeanna deimhniúcháin do tháirgí, seirbhísí agus próisis TFC, bunaithe ar chaighdeáin Eorpacha nó idirnáisiúnta agus i gcomhréir leis an nGníomh um Chibearshlándáil. AONTAÍONN SÍ go mbeidh an rannchuidiú sin tábhachtach chun sábháilteacht agus slándáil táirgí nasctha a chuirtear ar an margadh a áirithiú, ach gan bac a chur ar an nuálaíocht ag an am céanna. Sa dá réimse sin, ba cheart ról tábhachtach a bheith ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) chun ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála a bhaint amach ar fud an Aontais. TUGANN SÍ DÁ hAIRE an rún atá ag an gCoimisiún Comhaonad Cibearshlándála AE a bhunú.

32.

TACAÍONN SÍ le hiarrachtaí darb aidhm cumas teicneolaíoch agus tionsclaíoch an Aontais a fheabhsú chun é féin a chosaint ar chibearbhagairtí, trí bhorradh a chur faoi chumais taighde agus nuálaíochta cibearshlándála chun geilleagar agus bonneagair chriticiúla an Aontais a dhaingniú go neamhspleách agus chun bheith ina cheannródaí domhanda i margadh na cibearshlándála. MOLANN SÍ an comhordú agus an comhar straitéiseach inbhuanaithe idir tionscail, pobail taighde cibearshlándála agus rialtais, feabhas a chur ar an gcomhar sibhialtach-míleata, agus comhar agus comhthiomsú a bheith á ndéanamh ag cuideachtaí agus cuideachtaí nuathionscanta cibearshlándála i ndáil le hinfheistíochtaí sa nuálaíocht le go mbeidh siad in ann dul i méid ar leibhéal domhanda, amhail an obair chomhpháirteach atá á déanamh chun líonra lárionad náisiúnta comhordúcháin a chruthú, in éineacht leis an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta, Teicneolaíochta agus Taighde Cibearshlándála.

5G/6G agus nascacht

33.

Má táthar chun cuspóirí nascachta gigighiotán 2025 an Aontais a bhaint amach le bonneagair shlána fíor-ardacmhainne amhail snáithín agus 5G, CUIREANN SÍ I dTREIS gur gá cur le hinfheistíochtaí i líonraí a bheidh in ann luasanna gigighiotán a thairiscint, a bheidh ar fáil do gach teaghlach, i gceantar tuaithe nó uirbeach, agus d'fhiontair agus gníomhaithe socheacnamaíocha eile agus sna príomhchonairí iompair Eorpacha, mar bhonn don gheilleagar agus don tsochaí Eorpach dhigiteach. IARRANN SÍ ar an gCoimisiún an teachtaireacht maidir le sochaí an ghigigiotáin a shoiléiriú dá réir sin agus IS DÍOL SÁSAIMH DI an cistiú chun an sprioc sin a bhaint amach trí bhíthin chláir chistiúcháin de chuid an Aontais agus na mBallstát i réimsí a bhaineann le cliseadh margaidh. MOLANN SÍ don Choimisiún agus do na Ballstáit inbhuanaitheacht na dteicneolaíochtaí leathanbhanda uile atá ann cheana a fhiosrú a thuilleadh, ar teicneolaíochtaí iad atá in ann cur le himscaradh bonneagar líonra fíor-ardacmhainne ar fud na hEorpa. IARRANN SÍ ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán Fánaíochta, agus moltaí a chur faoi bhráid na mBallstát chun na costais a bhaineann le himscaradh líonraí a laghdú agus rolladh amach bonneagar fíor-ardacmhainne, lena n-áirítear snáithín agus 5G a éascú. Thairis sin, IARRANN SÍ ar an gCoimisiún pacáiste beart breise a chur ar aghaidh faoi dheireadh 2021 chun tacú le riachtanais imscartha líonraí, idir riachtanais atá ann cheana féin agus riachtanais atá ag teacht chun cinn, lena n-áirítear an Treoir maidir le Laghdú Costas Leathanbhanda agus Clár Beartais nua um an Speictrim Raidió, maille le hathbhreithniú ar na rialacha ábhartha maidir le státchabhair a dhéanamh ar bhealach cothrom lena n-áirítear treoirlínte leathanbhanda an Choimisiúin, a luaithe is féidir, chun an maoiniú poiblí riachtanach a éascú, lena n-áirítear chun nascacht fíor-ardacmhainne a imscaradh i gceantair tuaithe agus iargúlta.

34.

CUIREANN SÍ I dTREIS go léirítear le paindéim COVID-19 go bhfuil gá le nascacht thapa, uileláithreach, ach nach ann di sin go fóill in a lán réigiún san Eoraip.

IARRANN SÍ ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dálaí infheistíochta a fheabhsú, lena n‐áirítear tríd an méid a leanas

(i)

cláir chistiúcháin phoiblí, i gcás inar gá, ar an leibhéal Eorpach, chun tacú le hinfheistíocht i mbonneagar líonra digiteach fíor-ardacmhainne, go háirithe i gceantair tuaithe;

(ii)

minicíochtaí speictrim 5G a dhámhachtain faoi dheireadh 2020, agus aon mhoill dá mbeidh ann i ngeall ar phaindéim COVID-19 á cur san áireamh, faoi dhálaí intuartha agus fabhracha ó thaobh na hinfheistíochta de;

(iii)

próisis éifeachtacha thrédhearcacha a áirithiú lena gceadófar rolladh amach brostaithe bonneagar fíor-ardacmhainne, lena n-áirítear snáithín agus 5G; agus

(iv)

na bearta ábhartha a chur chun feidhme go tráthúil i gcomhréir le bosca uirlisí cibearshlándála 5G.

35.

IARRANN SÍ ar an gCoimisiún Plean Gníomhaíochta athbhreithnithe do 5G agus 6G a chur ar aghaidh agus tacaíocht á fáil ó na bearta leordhóthanacha maoiniúcháin, bunaithe ar chistí ón gCreat Airgeadais Ilbhliantúil agus ó chiste téarnaimh an Aontais araon. Leis na céimeanna sin, ba cheart an creat ceart a leagan amach chun cur ar chumas na ngeallsealbhóirí uile infheistíocht a dhéanamh sna réitigh líonra agus seirbhíse 5G is forbartha, i gcomhréir le prionsabail dhlí na hiomaíochta, agus chun dreasacht a thabhairt do chuideachtaí Eorpacha tosú ar acmhainneachtaí teicneolaíochta a fhorbairt agus a fhothú in 6G. AITHNÍONN SÍ an tábhacht a bhaineann le cosaint maoine intleachtúla chun infheistíochtaí T&D a dhreasú ionas go leanfaidh an tAontas de bheith rannpháirteach i bhforbairt príomhtheicneolaíochtaí in 5G/6G, ar teicneolaíochtaí iad atá riachtanach chun cuspóirí nascachta 2025 an Aontais a bhaint amach.

36.

CUIREANN SÍ i bhFIOS GO LAIDIR gur cheart cumas na n-údarás forfheidhmithe dlí, na n-údarás slándála agus na mbreithiúna a bhfeidhmeanna dlisteanacha a chomhlíonadh go héifeachtach a chaomhnú trí theicneolaíochtaí nua, amhail 5G/6G, a rolladh amach. CUIREANN SÍ SAN ÁIREAMH na treoirlínte idirnáisiúnta maidir le tionchar réimsí leictreamaighnéadacha ar an tsláinte. CUIREANN SÍ I bhFIOS a thábhachtaí atá scaipeadh mífhaisnéise a bhaineann le líonraí 5G a chomhrac, agus aird ar leith á tabhairt ar na maímh gan bhunús go gcuirtear an tsláinte i mbaol leis na líonraí sin nó go bhfuil baint acu le COVID-19.

37.

IARRANN SÍ ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún faisnéis a mhalartú maidir le dea‐chleachtais agus modheolaíochtaí i ndáil leis na príomhbhearta ábhartha a mholtar sa bhosca uirlisí le haghaidh cibearshlándáil 5G a chur chun feidhme, agus go háirithe na srianta ábhartha a chur i bhfeidhm, i gcás inarb iomchuí, maidir le soláthróirí ardriosca le haghaidh eochairshócmhainní a shainítear mar shócmhainní ríthábhachtacha íogaire i measúnuithe riosca comhordaithe an Aontais. Ní mór na soláthróirí féideartha go léir a mheasúnú ar bhonn critéir choiteanna oibiachtúla. IS DÍOL SÁSAIMH DI go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún measúnú a dhéanamh, i gcomhar leis na Ballstáit, ar an Moladh maidir le cibearshlándáil líonraí 5G agus, i ndáil leis sin, IARRANN SÍ ar an gCoimisiún measúnú ar chur chun feidhme na mboscaí uirlisí a chur ar fáil agus, más ábhartha, féachaint ar thuilleadh modheolaíochtaí agus uirlisí chun rioscaí cibearshlándála 5G a d'fhéadfadh a bheith ann a mhaolú.

Inbhuanaitheacht chomhshaoil

38.

AITHNÍONN SÍ gur cumasóirí ríthábhachtacha iad na bonneagair dhigiteacha, na teicneolaíochtaí digiteacha agus na feidhmchláir dhigiteacha chun dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann le cúrsaí aeráide agus comhshaoil san Eoraip, mar a mholtar sa Chomhaontú Glas don Eoraip. IARRANN SÍ ar éiceachóras digiteach na hEorpa rannchuidiú go gníomhach a luaithe is féidir chun an cuspóir Aontas a bheidh neodrach ó thaobh na haeráide de a bhaint amach. CUIREANN SÍ I bhFIOS GO LÁIDIR gur gá an bhearna idir an claochlú glas agus an claochlú digiteach a líonadh chun leas iomlán a bhaint as na teicneolaíochtaí digiteacha ar mhaithe leis an gcomhshaol agus an aeráid a chosaint, mar shampla trí chláir thiomnaithe chistiúcháin.

39.

MOLANN SÍ don Choimisiún agus do na Ballstáit an acmhainneacht fhadbhreathnaitheach do rioscaí aeráide agus comhshaoil a mhéadú trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí ar thús cadhnaíochta, ar mhaithe le ról ceannasach domhanda an Aontais a ghiaráil. IARRANN SÍ ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a bheith ceannródaíoch, le Clár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe, agus straitéis dhomhanda sonraí comhshaoil a fhorbairt faoi 2025.

40.

CUIREANN SÍ I dTREIS nach mór réitigh dhigiteacha chliste a ghiaráil trasna earnálacha, go háirithe chun éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú mar thosaíocht agus chun an t-aistriú chuig geilleagar ciorclach a luasghéarú. IS DÍOL SÁSAIMH DI go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún oibriú le táirge-phasanna digiteacha chun inrianaitheacht agus comhroinnt faisnéise ar fud an tslabhra luacha a chumasú.

41.

TUGANN SÍ DÁ hAIRE, áfach, go bhfuil an earnáil TFC ina cúis le céatadán méadaitheach de na hastaíochtaí gás ceaptha teasa domhanda agus go dtugtar le tuiscint leis an méadú géar atá tagtha ar úsáidí go bhféadfadh a dhá oiread de mhéadú teacht ar an lorg carbóin sin sna blianta amach romhainn mura nglacfar bearta iomchuí. AONTAÍONN SÍ, dá bhrí sin, gur cheart don earnáil TFC í féin leanúint dá lorg comhshaoil agus dá hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. ADMHAÍONN SÍ an ról atá ag na ceannródaithe digiteacha, idir phoiblí agus phríobháideach, agus MOLANN SÍ dóibh an méid atá foghlamtha acu a roinnt. IS DÍOL SÁSAIMH DI go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún bearta a chur ar aghaidh, mar aon le measúnú tionchair mionsonraithe, chun feabhas a chur ar an éifeachtúlacht fuinnimh agus chun aeráidneodracht na lárionad sonraí agus na líonraí sonraí a áirithiú faoi 2030, trí inter alia theicneolaíochtaí nuálacha a chur chun cinn, agus aghaidh á tabhairt ar chórais leagáide ag an am céanna, agus chun dífheidhmeacht dhigiteach a chosc.

42.

TACAÍONN SÍ leis an ngá le tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi lorg carbóin feistí, agus ceart méadaithe á thabhairt dóibh ag an am céanna na feistí a fháil deisithe go héasca agus go hinacmhainne agus go ndéanfaí bogearraí a nuashonrú go huathoibríoch laistigh de thréimhse ama réasúnta. MOLANN SÍ do na Ballstáit an acmhainneacht a fhorbairt chun feistí leictreonacha a dheisiú, a dhíchóimeáil agus a athchúrsáil agus na critéir nua maidir le soláthar poiblí glas i ndáil le lárionaid sonraí agus néalseirbhísí a chomhtháthú ina bpleananna gníomhaíochta náisiúnta um sholáthar poiblí. MOLANN SÍ úsáid a bhaint, trí bheartais soláthair na mBallstát agus institiúidí an Aontais, as táirgí ó athúsáid nó ábhair athchúrsáilte a ionchorprú.

r-Shláinte

43.

AITHNÍONN SÍ gur léiriú í géarchéim COVID-19 ar a thábhachtaí atá an claochlú digiteach i ndáil le sláinte agus cúraim agus a luachmhaire atá sé chun athléimneacht agus freagairt na gcóras sláinte ar an bpaindéim a neartú. CUIREANN SÍ I dTREIS gurbh fhearr a d'fhéadfaí cosc, diagnóis, cóireáil agus cúram éifeachtach a fhorbairt ach Spás Sonraí Sláinte Eorpach a bheith forbartha ag an gCoimisiún, in éineacht le húdaráis sláinte na mBallstát. Ina theannta sin, féadfaidh a leithéid éifeachtúlachtaí breise costais agus optamú breise sa sreabhadh á áirithiú sa chúram sláinte, rud a mbeidh torthaí sláinte níos fearr d'othair mar thoradh air, mar aon le córais faireachais eipidéimeolaíochta níos fearr, agus inbhuanaitheacht fhadtéarmach na gcóras sláinte. AONTAÍONN SÍ gur cheart an Spás Sonraí Sláinte Eorpach a bheith dírithe ar chuspóir agus ar cháilíocht. Éilítear leis sin comhthuiscint ar úsáid sonraí sláinte i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, le dlí an Aontais agus na mBallstát, agus na ceanglais shonracha ardleibhéil maidir le cosaint sonraí sláinte pearsanta a bheith á gcomhlíonadh go hiomlán.

44.

I gcomhthéacs ghéarchéim iar-COVID-19, MEABHRAÍTEAR DI gur cheart gach ráthaíocht chun cearta bunúsacha a urramú a áireamh sna feidhmchláir mhóibíleacha lena dtacaítear le rianú agus rabhadh teagmhálacha, go háirithe maidir le cosaint an phríobháideachais agus sonraí pearsanta agus go mbeadh siad idir-inoibritheach thar theorainneacha i gcomhréir leis na treoirlínte arna n-ullmhú le tacaíocht an Choimisiúin. Chun na críche sin, IARRANN SÍ ar na Ballstáit coimircí láidre a bhunú, i gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le treochlár Eorpach i dtreo bearta imshrianta an choróinvíris a bhaint.

45.

IARRANN SÍ ar na Ballstáit oibriú le chéile chun iarracht uile-Aontais a dhéanamh dlús a chur leis an infheistíocht i gcórais lena soláthraítear rochtain shlán iontaofa ar shonraí sláinte laistigh de theorainneacha agus thar theorainneacha, mar aon le himscaradh na gcóras sin, go háirithe trí fhéachaint an bhféadfaí formáid leictreonach malartaithe taifead sláinte a fhorbairt a chuideodh le hilroinnt agus easpa idir-inoibritheachta a shárú, agus trí thacú leis na gníomhaíochtaí do threoirlínte Eorpacha agus trí na straitéisí rShláinte a ailíniú sa Líonra Eorpach rShláinte, agus a áirithiú san am céanna go gcomhlíonfar go hiomlán na ceanglais shonracha ardleibhéil maidir le cosaint sonraí sláinte pearsanta. TUGANN SÍ DÁ hAIRE, ina theannta sin, nach mór iarrachtaí suntasacha a dhéanamh chun gur féidir sonraí sláinte a mhalartú chun críocha taighde chun leigheas pearsantaithe agus coisctheach a thabhairt chun cinn.

An Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha

46.

IS DÍOL SÁSAIMH DI go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún na rialacha maidir le seirbhísí digiteacha a neartú, a nuachóiriú agus a shoiléiriú trí phacáiste an Ghnímh um Sheirbhísí Digiteacha a ghlacadh agus CUIREANN SÍ I bhFIOS GO LÁIDIR go bhfuil gá le gníomhaíocht mhear sa réimse seo.

47.

TUGANN SÍ DÁ hAIRE gur cuid thábhachtach den mhargadh aonair é an geilleagar ardán, óir nascann sé cuideachtaí agus tomhaltóirí Eorpacha trasna teorainneacha náisiúnta, cumasaíonn sé trádáil, fiontraíocht agus samhlacha nua gnó, agus cuireann sé le rogha na dtomhaltóirí maidir le hearraí agus seirbhísí. AITHNÍONN SÍ go bhfuil athrú suntasach tagtha le himeacht ama ar leathnú agus éagsúlacht samhlacha agus seirbhísí nua gnó digiteacha agus gur eascair dúshláin nua as roinnt seirbhísí nach dtugtar aghaidh orthu i gcónaí leis an gcreat rialála atá ann faoi láthair. CUIREANN SÍ CHUN SUNTAIS na tairbhí tábhachtacha a bhaineann leis an Treoir maidir le Ríomhthráchtáil i dtéarmaí deimhneacht dhlíthiúil, trádáil trasteorann agus fás seirbhísí digiteacha.

48.

CUIREANN SÍ I dTREIS an gá le rialacha soiléire comhchuibhithe fianaise-bhunaithe maidir le freagrachtaí agus cuntasacht le haghaidh seirbhísí digiteacha lena ráthófaí leibhéal iomchuí deimhneachta dlíthiúla d'idirghabhálaithe idirlín. CUIREANN SÍ I bhFIOS GO LÁIDIR gur gá feabhas a chur ar chumais Eorpacha agus ar chomhar na n-údarás náisiúnta, lena gcaomhnófar agus lena dtreiseofar prionsabail bhunúsacha an Mhargaidh Aonair agus nach mór feabhas a chur ar shábháilteacht na saoránach, agus a gcearta sa réimse digiteach a chosaint ar fud an Mhargaidh Aonair.

49.

CUIREANN SÍ I bhFIOS GO LÁIDIR go bhfuil gá le gníomhaíocht éifeachtach chomhréireach i gcoinne gníomhaíochtaí agus ábhair neamhdhleathacha ar líne, lena n‐áirítear dáileadh earraí neamhdhleathacha, góchumtha agus contúirteacha, agus ag an am céanna a áirithiú go gcosnófar cearta bunúsacha, go háirithe an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, ar idirlíon atá oscailte, saor agus slán. ADMHAÍONN SÍ gur gá aghaidh a thabhairt ar scaipeadh na fuathchainte agus na bréagaisnéise ar líne.

50.

AITHNÍONN SÍ go gcuireann cuideachtaí ollmhóra áirithe ardáin ar líne infheictheacht agus rochtain ar an margadh ar fáil do chuideachtaí beaga. Mar sin féin, tarraingíonn siad sócmhainní fairsinge freisin, lena n-áirítear lear mór sonraí, a fhéadfaidh maoir gheata sa gheilleagar digiteach a dhéanamh díobh. D'fhéadfadh an baol a bheith ann leis sin go gcuirfí srian ar chumas nuálaithe nua teacht isteach go rathúil sa mhargadh, agus go gcuirfí teorainn leis na roghanna atá ag tomhaltóirí. IS DÍOL SÁSAIMH DI an mheastóireacht agus an t‐athbhreithniú leanúnach a dhéanann an Coimisiún ar oiriúnacht rialacha iomaíochta an Aontais don aois dhigiteach agus seoladh fiosrúcháin earnála. TACAÍONN SÍ leis an rún atá ag an gCoimisiún fianaise maidir leis an tsaincheist a bhailiú agus rialacha ex ante a fhiosrú a thuilleadh chun a áirithiú go mbeidh margaí a bhfuil ardáin mhóra le héifeachtaí suntasacha líonra mar shaintréith acu, a ghníomhaíonn mar mhaoir gheata, i gcónaí cothrom inchoimhlinte do nuálaithe, do ghnólachtaí agus d'iontrálaithe nua sa mhargadh.

An beartas maidir leis na meáin

51.

TACAÍONN SÍ leis an bplean atá ann beartas a neartú maidir leis na meáin, ar beartas é a bheidh slán i bhfad na haimsire; déanfar sin trí mheáin atá saor agus iontaofa a chur chun cinn. Is den tábhacht do phróiseas an chlaochlaithe dhigitigh go háirithe agus den ríthábhacht do dhaonlathas na hEorpa go mbeadh an méid seo ann: iriseoireacht ar ardcháilíocht, timpeallacht éagsúil, inbhuanaithe, neamhspleách, agus trédhearcacht a bheith ag gabháil leis na meáin, agus an litearthacht sna meáin a bheith á cur chun cinn, agus ag an am céanna cuidíonn siad le scaipeadh na bréagnuachta agus na bréagaisnéise ar líne a chomhrac. San iarracht sin ba cheart go gcuirfí san áireamh freisin acmhainneacht cultúrtha agus chruthaitheach chun an t-ábhar Eorpach a neartú. Áirítear leis sin freisin tuilleadh forbartha a dhéanamh ar chlár an Aontais don Eoraip Chruthaitheach agus ba cheart don chlár sin tacú le tionscadail chlosamhairc nuálacha tríd an gclár MEDIA.

Ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe, riaracháin phoiblí, caighdeáin agus blocshlabhra

52.

AITHNÍONN SÍ go mbeidh réitigh ar bhainistiú na céannachta digití agus na seirbhísí iontaoibhe (ríomhshíniú, séalaí, stampa ama, seirbhísí seachadta cláraithe agus cartlannú) ina gcuidiú chun sochaí na todhchaí a mhúnlú mar aon le bheith ina gcumasóirí riachtanacha don mhargadh aonair digiteáilte. IARRANN SÍ ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an reachtaíocht atá ann cheana, inter alia chun creat coiteann, idir-inoibritheach iontaofa atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de a chruthú don chéannacht dhigiteach, buntáiste iomaíoch ghnólachtaí na hEorpa a chosaint agus luachanna comhchoiteanna agus cearta bunúsacha an Aontais a chosaint, amhail cosaint sonraí pearsanta agus príobháideachas. Ós amhlaidh atá, IARRANN SÍ ar an gCoimisiún tograí maidir le forbairt bhreise ar an gcreat reatha le haghaidh céannú agus fíordheimhniú trasteorann bunaithe ar an Rialachán eIDAS i dtreo creat le haghaidh céannacht dhigiteach Eorpach, rud a thabharfadh ar na Ballstáit céannachtaí digiteacha atá inúsáidte go fairsing, slán agus idir-inoibritheach a chur ar fáil do gach Eorpach ar mhaithe le hidirbhearta rialtais agus príobháideacha ar líne a bheith slán. CUIREANN SÍ CHUN SUNTAIS gur léir ó ghéarchéim COVID-19 nach mór seirbhísí poiblí ar líne a fhorbairt go tapa, ionas go mbeidh saoránaigh in ann déileáil go cianda leis na húdaráis phoiblí.

53.

AITHNÍONN SÍ gur gné ríthábhachtach den Mhargadh Aonair digiteáilte agus den straitéis téarnaimh tar éis na géarchéime claochlú digiteach gasta cuimsitheach a dhéanamh ar na riaracháin phoiblí ar gach leibhéal agus gur spreagadh é sin do réitigh theicneolaíocha nua nuálacha ar sheirbhísí poiblí agus ar dhúshláin shochaíocha. AITHNÍONN SÍ go bhfuil difríocht idir aibíocht agus cáilíocht sonraí na dtíortha éagsúla agus go gcuireann sé sin isteach ar sholáthar seirbhísí trasteorann. IARRANN SÍ ar an gCoimisiún beartas rialtais dhigitigh treisithe de chuid an Aontais a mholadh, agus r-chuimsiú na saoránach agus na ngníomhaithe príobháideacha uile á gcur san áireamh, chun comhordú agus tacaíocht a áirithiú do chlaochlú digiteach na riarachán poiblí i ngach Ballstát de chuid an Aontais, lena n-áirítear idir-inoibritheacht agus comhchaighdeáin maidir le sreafaí agus seirbhísí sonraí na hearnála poiblí atá slán agus gan teorainneacha. AITHNÍONN SÍ go bhfuil freagracht bhreise ar na riaracháin phoiblí a áirithiú go gcaitear go cóir cothrom le saoránaigh agus go mbeidh siad i dteideal na gceart céanna rochtana ar an rialtas digiteach.

54.

AITHNÍONN SÍ go bhféadfadh digiteáil chórais cheartais na mBallstát rochtain ar cheartas ar fud an Aontais a éascú agus a fheabhsú. IARRANN SÍ ar an gCoimisiún na malartuithe digiteacha trasteorann idir na Ballstáit a éascú in ábhair choiriúla agus shibhialta araon agus inbhuanaitheacht agus forbairt leanúnach na réiteach teicniúil a forbraíodh do mhalartuithe trasteorann a áirithiú.

55.

AITHNÍONN SÍ a thábhachtaí atá an caighdeánú mar uirlis straitéiseach chun tacú le beartais thionsclaíocha agus dhigiteacha na hEorpa. IS DÍOL SÁSAIMH DI go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún straitéis a fhorbairt don chaighdeánú chun go mbeidh ann cothrom na Féinne agus idir-inoibritheacht, chun an córas Eorpach um chaighdeánú agus an rialachas a bhaineann leis sin a neartú agus chun a áirithiú go mbeidh na huirlisí ag an Aontas Eorpach caighdeáin teicneolaíochta Eorpacha a leagan síos agus a chur chun cinn ar an leibhéal domhanda, lena n-áirítear an éicidhearthóireacht do sheirbhísí digiteacha agus do threalaimh dhigiteacha a chothú, mar aon le gníomhaithe Eorpacha a spreagadh páirt a ghlacadh i bhfóraim dhomhanda don chaighdeánú, le tacaíocht ó eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú agus ó ENISA. ADMHAÍONN SÍ nach mór caighdeáin sheanbhunaithe idirnáisiúnta agus cleachtais sheanbhunaithe tionsclaíochta a chur san áireamh.

56.

AITHNÍONN SÍ gur cheart don Aontas agus do na Ballstáit féachaint ar na deiseanna a d'fhéadfadh an teicneolaíocht bhlocshlabhra a chur ar fáil don saoránach, don tsochaí agus don gheilleagar, inter alia, ar mhaithe le hinbhuanaitheacht, feidhmiú na seirbhísí poiblí ar bhealach níos fearr, agus inrianaitheacht táirgí chun an tsábháilteacht a áirithiú trí bhíthin malartuithe agus idirbhearta díláraithe iontaofa sonraí. IS FADA LÉI an straitéis bhlocshlabhra atá le teacht ón gCoimisiún lena ndírítear ar cheannaireacht na hEorpa a threisiú sa réimse sin.

Scileanna agus oideachas

57.

TUGANN SÍ DÁ hAIRE go bhfuil fás ag teacht i gcaitheamh an ama ar fud an Aontais ar an éileamh atá i ngach earnáil ar fhostaithe le bunscileanna digiteacha agus go dteastaíonn milliún gairmí TFC, rud a d'fhéadfadh a bheith ina bhac ar acmhainneacht forbartha digití an Aontais. IARRANN SÍ ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún bearta a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh bunscileanna digiteacha ag saoránaigh agus chun an bhearna sin atá ann faoi láthair a laghdú faoina leath faoi 2025, agus sainiúlachtaí na mBallstát á gcur san áireamh.

58.

CUIREANN SÍ I bhFIOS GO LÁIDIR gur léirigh paindéim COVID-19 an gá atá le scileanna digiteacha agus gur spreag an phaindéim chéanna saoránaigh chun scileanna den sórt sin a shealbhú chun oiriúnú don teilea-oibriú agus do bhealaí eile ar mhaithe leis an rannpháirtíocht dhigiteach, amhail modhanna digiteacha san oideachas a úsáid ó tharla scoileanna agus ollscoileanna a bheith dúnta le linn na paindéime.

59.

IARRANN SÍ ar na Ballstáit, i gcomhar leis an gCoimisiún, agus ar an earnáil phríobháideach, gach beart is gá a chur i bhfeidhm chun an lucht saothair a athsciliú agus uas-sciliú don ré dhigiteach, an lucht saothair a éagsúlú agus chun speisialtóirí ardscileanna TCF agus teicneolaíochta a mhealladh, lena n-áirítear Eorpaigh a chuaigh ar imirce, agus ag an am céanna ionaid oibre dhigiteacha a oiriúnú d'oibrithe agus naisc idirlín atá iontaofa agus gasta a sholáthar do scoileanna chun úsáid acmhainní digiteacha oideachais a chur chun cinn.

60.

MOLANN SÍ an comhar, ní hamháin idir an Coimisiún agus na Ballstáit ach leis an earnáil phríobháideach freisin maidir leis an gClár Oibre Nua Scileanna don Eoraip a chur chun feidhme, go háirithe a thiomantas chun bealach a leagan amach ina léirítear cé mar is féidir le gníomhaíochtaí an Aontais agus na mBallstát an sciar de dhaonra an Aontais le bunscileanna agus inniúlachtaí digiteacha a mhéadú, ó 57 % mar atá faoi láthair go dtí 65 % faoi 2025 agus IS DÍOL SÁSAIMH DI go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún an Clár Oibre Scileanna a thabhairt cothrom le dáta in 2020.

61.

IS DÍOL SÁSAIMH DI an t-athbhreithniú ar an bplean gníomhaíochta comhordaithe maidir leis an intleacht shaorga atá le forbairt leis na Ballstáit a dhíreoidh ar na hinniúlachtaí is gá chun oibriú i réimse na hintleachta saorga. AITHNÍONN SÍ nach mór don Eoraip, chun a cuid spriocanna maidir le sonraí a bhaint amach, infheistíochtaí comhréireacha a dhéanamh i scileanna agus sa litearthacht sonraí, lena n-áirítear trí oiliúint a chur ar líon leordhóthanach saineolaithe agus maor sonraí chun na scileanna digiteacha is gá a chur ar fáil.

62.

IS DÍOL SÁSAIMH DI go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún, mar a fógraíodh sa Teachtaireacht maidir le hEoraip Shóisialta Láidir d'aistrithe córa, an Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach a thabhairt cothrom le dáta in 2020 chun tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát. Is DÍOL SÁSAIMH DI an tacaíocht faoin gclár Erasmus + a bheidh ann amach anseo agus faoin gClár don Eoraip Dhigiteach chun bunscileanna agus ardscileanna digiteacha a fhorbairt, lena n-áirítear trí dhea-chleachtais, turgnaimh, treoirthionscadail a mhalartú agus trí thionscadail rathúla a mhéadú.

63.

IARRANN SÍ ar na Ballstáit, i gcomhar leis an gCoimisiún, agus ar na geallsealbhóirí oideachais, níos mó béime a chur ar eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht agus matamaitic (ETIM) san oideachas agus san oiliúint. IS DÍOL SÁSAIMH DI tiomantas an Choimisiúin do rannpháirt chomhionann na mban agus na bhfear in earnálacha éagsúla den gheilleagar, lena n-áirítear san aistriú digiteach, mar a léirítear sa Straitéis um Chomhionannas Inscne 2020-2025. TACAÍONN SÍ le cur chun feidhme straitéisí digiteacha náisiúnta na mBallstát maidir le cailíní agus mná.

An ghné idirnáisiúnta

64.

TUGANN SÍ DÁ hAIRE cé gurb é an tAontas an réigiún is oscailte ar domhan don trádáil agus don infheistíocht chothrom anois agus feasta go bhfuil tíortha eile ar domhan atá ag gabháil do chleachtais chosantacha. CUIREANN SÍ I bhFIOS GO LÁIDIR chun tairbhe a bhaint as an aistriú digiteach gur gá comhar idirnáisiúnta, rochtain fheabhsaithe ar an margadh agus trádáil lena n-éascófar rialacha maidir le réimse mór saincheisteanna, lena n‐áirítear sreafaí sonraí trasteorann le tríú tíortha ach gan a bheith teoranta dóibh, faoi réir eisceachtaí le haghaidh cuspóirí dlisteanacha beartais phoiblí, ceanglais nochta maidir le cód foinseach, dleachtanna custaim ar tharchur leictreonach, leathnú an Chomhaontaithe um Theicneolaíocht Faisnéise agus idirbhearta leictreonacha, chomh maith le hurraim do chosaint sonraí pearsanta agus do phríobháideachas, do chosaint tomhaltóirí agus do dhlíthe maoine intleachtúla. Dá bhrí sin, MOLANN SÍ don Choimisiún na huirlisí uile atá ar fáil dó a úsáid, lena n-áirítear an chaibidlíocht trádála, chun tacú le caighdeáin agus le cur chuige rialála atá trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus iontaofa agus a chuireann an trádáil dhigiteach chun cinn. TACAÍONN SÍ leis an gCoimisiún ina chuid iarrachtaí chun cur chuige idirnáisiúnta maidir le sreabha sonraí a chothú, agus a shamhail d'idirlíon domhanda sábháilte oscailte á cur chun cinn go gníomhach aige ag an am céanna agus spriocanna uaillmhianacha á saothrú aige maidir le rochtain ar an margadh.

65.

CUIREANN SÍ I bhFIOS GO LÁIDIR gur tosaíocht é do thíortha is iarrthóirí an acquis a chur chun feidhme sa réimse digiteach. CUIREANN SÍ I dTREIS gur féidir agus gur ceart láithreacht láidir dhigiteach a bheith i mbeartas an Aontais Eorpaigh maidir le comharsanacht agus forbairt chun an fhorbairt inbhuanaithe a chumasú inár dtíortha comhpháirtíochta. IS DÍOL SÁSAIMH DI, i ndáil leis sin, an gealltanas ár gcaighdeáin agus ár luachanna digiteacha Eorpacha a chur chun cinn go gníomhach ar fud an domhain.

66.

AITHNÍONN SÍ nach mór comhordú idirnáisiúnta le tíortha comharsanachta an Aontais a áirithiú chun rolladh amach éifeachtach bonneagar 5G a dhaingniú.

Cánachas digiteach

67.

CUIREANN SÍ I dTREIS nach mór ár gcórais chánachais a oiriúnú don ré dhigiteach, agus ag an am céanna, cánachas cothrom, éifeachtach a áirithiú, i gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle Eorpach an 28 Meitheamh 2018 agus an 22 Márta 2019.

Conclúid

68.

CUIREANN SÍ I dTREIS gur gá faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí a fógraíodh sa Phacáiste Digiteach an 19 Feabhra 2020, lena n-áirítear trí bhíthin Innéacs nuashonraithe um an nGeilleagar Digiteach agus an tSochaí Dhigiteach. IARRANN SÍ ar na Ballstáit, ar Pharlaimint na hEorpa agus ar na comhpháirtithe sóisialta cur go gníomhach le rath an Phacáiste Dhigitigh. IARRANN SÍ ar an gCoimisiún an Chomhairle a chur ar an eolas go tréimhsiúil i dtaca leis an dul chun cinn a dhéanfar maidir le cur chun feidhme na mbeart a fógraíodh sa Phacáiste Digiteach.

Top