AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,27.11.2020
COM(2020) 780 final
2020/0344(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach i leith an dáta óna mbeidh feidhm ag forálacha Theideal III de Chuid a Dó den Chomhaontú maidir le náisiúnaigh de chuid na hÍoslainne, Phrionsacht Lichtinstéin, Ríocht na hIorua, agus Chónaidhm na hEilvéise
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Ábhar an togra
Molann an Coimisiún go mbunóidh an Chomhairle an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (‘an Comhaontú um Tharraingt Siar’) ar an dáta a bheidh feidhm ag forálacha Theideal III de Chuid a Dó den Chomhaontú maidir le náisiúnaigh de chuid na hÍoslainne, Phrionsacht Lichtinstéin, Ríocht na hIorua, agus Chónaidhm na hEilvéise.
2.Comhthéacs an togra
2.1.An Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach
Leagtar amach leis an gComhaontú um Tharraingt Siar na socruithe maidir le tarraingt siar rianúil Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (‘an Ríocht Aontaithe’) as an Aontas Eorpach (‘an tAontas’) agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach. Tháinig an Comhaontú sin i bhfeidhm an 1 Feabhra 2020.
2.2.An “triantánú”
In Airteagal 33(1) den Chomhaontú Um Tharraingt Siar, thug an tAontas agus an Ríocht Aontaithe gealltanas cosaint chómhalartach cearta slándála sóisialta (i gcomhréir le Teideal III de Mhír a Dó den Chomhaontú Um Tharraingt Siar) a chur i bhfeidhm maidir le náisiúnaigh na dtíortha ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘LEE’) agus, ag an am céanna, de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (‘Stáit CSTE-LEE’) agus do náisiúnaigh de chuid na hEilvéise ar choinníoll go ndéanfaí comhaontuithe comhfhreagracha a thabhairt i gcrích, ar thaobh amháin, idir an tAontas agus Stáit CSTE-LEE, agus idir an tAontas agus Cónaidhm na hEilvéise, comhaontuithe a mbeadh feidhm acu maidir le náisiúnaigh de chuid na Ríochta Aontaithe agus, ar an taobh eile, idir an Ríocht Aontaithe agus Stáit CSTE-LEE agus Cónaidhm na hEilvéise, comhaontuithe a mbeadh feidhm acu maidir le saoránaigh de chuid an Aontais.
“Triantánú” a thugtar ar an gcóras seo, ina bhfuil i gceist trí pháirtí, eadhon an tAontas, Stáit CSTE-LEE/Cónaidhm na hEilvéise agus an Ríocht Aontaithe. Is é is aidhm leis an triantánú seo cosaint a áirithiú do chearta slándála sóisialta cómhalartacha náisiúnaigh na Stát seo, daoine gan stát agus teifigh, chomh maith lena mbaill teaghlaigh agus a marthanóirí, atá nó a bhí i gcás trasteorann ina bhfuil i gceist na trí pháirtí faoi dheireadh na hidirthréimhse a shainítear in Airteagal 126 den Chomhaontú Um Tharraingt Siar.
Thug an Ríocht Aontaithe comhaontuithe den sórt sin i gcrích cheana le Stáit CSTE-LEE agus le Cónaidhm na hEilvéise faoi seach. Tá an tAontas ar tí na comhaontuithe sin le Stáit CSTE-LEE agus Cónaidhm na hEilvéise a thabhairt i gcrích, faoi seach, le Cinneadh ó Chomhchoiste LEE lena leasaítear Iarscríbhinn VI (Slándáil Shóisialta) a ghabhnn le Comhaontú LEE agus Cinneadh ón gComhchoiste a bunaíodh faoin gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le saorghluaiseacht daoine lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú sin maidir le comhordú scéimeanna slándála sóisialta.
Mar a fhoráiltear in Airteagal 33(2) den Chomhaontú Um Tharraingt Siar, tabharfaidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe fógra don Chomhchoiste faoin dáta a thiocfaidh a gcomhaontuithe faoi seach le Stáit CSTE LEE agus Cónaidhm na hEilvéise i bhfeidhm.
Glacfaidh an Comhchoiste ina dhiaidh sin, agus ina dhiaidh sin amháin, Cinneadh lena socrófar an dáta óna mbeidh feidhm ag forálacha comhordú slándála sóisialta maidir le náisiúnaigh Bhallstáit CSTE-LEE agus náisiúnaigh de chuid na hEilvéise. Is ón dáta seo amháin a thabharfar i gcrích cur chun feidhme Airteagal 33, lena n-áiritheofar cosaint teidlíochtaí slándála sóisialta shaoránaigh an Aontais, náisiúnaigh de chuid na Ríochta Aontaithe, náisiúnaigh CSTE-LEE agus náisiúnaigh de chuid na hEilvéise i gcásanna triantánacha.
2.3.An cinneadh atá beartaithe ag an gComhchoiste
De bhun Airteagal 33(1) den Chomhaontú Um Tharraingt Siar, forálacha Theideal III de Chuid a Dó den Chomhaontú maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta do shaoránaigh an Aontais, a bhfuil feidhm acu maidir le saoránaigh an Aontais, beidh feidhm acu maidir le náisiúnaigh de chuid na hÍoslainne, Phrionsacht Lichtinstéin, Ríocht na hIorua, agus Chónaidhm na hEilvéise ar choinníoll go dtabharfaidh na stáit seo i gcrích agus go gcuirfidh siad i bhfeidhm comhaontuithe comhfhreagracha leis an Ríocht Aontaithe, ar thaobh amháin, a mbeidh feidhm acu maidir le saoránaigh an Aontais, agus leis an Aontas, ar an taobh eile, a mbeidh feidhm acu maidir le náisiúnaigh de chuid na Ríochta Aontaithe.
De bhunadh Airteagal 33(2) den Chomhaontú Um Tharraingt Siar, ar fhógra a fháil ón Ríocht Aontaithe agus ón Aontas maidir leis an dáta a thiocfaidh na comhaontuithe sin i bhfeidhm, déanfaidh an Comhchoiste an dáta a shocrú óna mbeidh feidhm ag forálacha Theideal III de Chuid a Dó den Chomhaontú maidir le náisiúnaigh de chuid na hÍoslainne, Phrionsacht Lichtinstéin, Ríocht na hIorua, agus Chónaidhm na hEilvéise, de réir mar is infheidhme, ar fhógra a fháil ón Ríocht Aontaithe agus ón Aontas maidir leis an dáta a thiocfaidh na comhaontuithe sin i bhfeidhm.
Is é cuspóir an chinnidh atá beartaithe ag an gComhchoiste, an cinneadh sin ar ceart seasamh an Aontais a bhunú i ndáil leis, dáta mar sin a shocrú.
3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais
I bhfianaise dáta teacht i bhfeidhm na gcomhaontuithe comhfhreagracha dá dtagraítear i bpointe 2.2 agus chun aon bhearna i gcosaint na náisiúnach lena mbaineann a sheachaint tar éis deireadh na hidirthréimhse mar a shainítear in Airteagal 126 den Chomhaontú Um Tharraingt Siar, ba cheart gur 1 Eanáir 2021 an dáta óna mbeidh feidhm ag forálacha Theideal III de Chuid a Dó den Chomhaontú maidir le náisiúnaigh de chuid na hÍoslainne, Phrionsacht Lichtinstéin, Ríocht na hIorua, agus Chónaidhm na hEilvéise.
Dá bhrí sin, ba cheart gurbh é a bheadh i seasamh an Aontais tacaíocht a thabhairt don chinneadh ón gComhchoiste de bhun Airteagal 33(2) den Chomhaontú Um Tharraingt Siar lena mbunaítear an dáta sin, i gcomhréir leis an dréachtchinneadh atá ceangailte leis an togra seo.
4.Bunús dlí
In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí ón gComhairle lena leagtar síos ‘na seasaimh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’
Is éard atá sa chinneadh a iarrtar ar an gComhchoiste a ghlacadh gníomh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla aige.
Leis an ngníomh atá beartaithe, ní fhorlíontar ná ní leasaítear creat institiúideach an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí nós imeachta le haghaidh an chinnidh atá beartaithe.
An t-aon chuspóir amháin atá ag an ngníomh atá beartaithe, agus an t-aon ábhar amháin atá ann, baineann siad le seasamh an Aontais a shocrú i leith an dáta óna mbeidh feidhm ag forálacha Theideal III de Chuid a Dó den Chomhaontú maidir le náisiúnaigh de chuid na hÍoslainne, Phrionsacht Lichtinstéin, Ríocht na hIorua, agus Chónaidhm na hEilvéise. Is ar Airteagal 50(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach a bunaíodh tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe.
Ba cheart Airteagal 50(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE, a bheith ina bhunús dlíthiúil leis an gcinneadh atá beartaithe.
5.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe
Ós rud é gurb é cuspóir an chinnidh seo ón gComhchoiste an dáta a shocrú óna mbeidh feidhm ag forálacha Theideal III de Chuid a Dó den Chomhaontú Um Tharraingt Siar maidir le náisiúnaigh na hÍoslainne, Phrionsacht Lichtinstéin, Ríocht na hIorua, agus Chónaidhm na hEilvéise, is iomchuí cinneadh an Chomhchoiste a fhoilsiú in Irisleabhar Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.
2020/0344 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach i leith an dáta óna mbeidh feidhm ag forálacha Theideal III de Chuid a Dó den Chomhaontú maidir le náisiúnaigh de chuid na hÍoslainne, Phrionsacht Lichtinstéin, Ríocht na hIorua, agus Chónaidhm na hEilvéise
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 50(2) de,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Tugadh i gcrích an Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (‘an Comhaontú um Tharraingt Siar’) le Cinneadh (AE) 2020/135 ón gComhairle agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Feabhra 2020.
(2)De bhun Airteagal 33(1) den Chomhaontú Um Tharraingt Siar, forálacha Theideal III de Chuid a Dó den Chomhaontú maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta do shaoránaigh an Aontais, a bhfuil feidhm acu do shaoránaigh an Aontais, beidh feidhm acu maidir le náisiúnaigh de chuid na hÍoslainnise, Phrionsacht Lichtinstéin, Ríocht na hIorua, agus Chónaidhm na hEilvéise ar choinníoll go dtabharfaidh na stáit sin i gcrích agus go gcuirfidh siad i bhfeidhm comhaontuithe comhfhreagracha leis an Ríocht Aontaithe, ar thaobh amháin, a mbeidh feidhm acu maidir le saoránaigh an Aontais, agus leis an Aontas, ar an taobh eile, a mbeidh feidhm acu maidir le náisiúnaigh de chuid na Ríochta Aontaithe.
(3)De bhunadh Airteagal 33(2) den Chomhaontú Um Tharraingt Siar, ar fhógra a fháil ón Ríocht Aontaithe agus ón Aontas maidir leis an dáta a thiocfaidh na comhaontuithe sin i bhfeidhm, déanfaidh an Comhchoiste arna bhunú faoi Airteagal 164(1) de (an ‘Comhchoiste’) an dáta a shocrú óna mbeidh feidhm ag forálacha Theideal III de Chuid a Dó den Chomhaontú maidir le náisiúnaigh de chuid na hÍoslainne, Phrionsacht Lichtinstéin, Ríocht na hIorua, agus Chónaidhm na hEilvéise, de réir mar is infheidhme, ar fhógra a fháil ón Ríocht Aontaithe agus ón Aontas maidir leis an dáta a thiocfaidh na comhaontuithe seo i bhfeidhm.
(4)Thug an tAontas comhaontuithe comhfhreagracha i gcrích leis an Íoslainn, le Prionsacht Lichtinstéin agus le Ríocht na hIorua agus le Cónaidhm na hEilvéise a bhfuil feidhm acu maidir le náisiúnaigh de chuid na Ríochta Aontaithe. Thug an Ríocht Aontaithe comhaontuithe comhfhreagracha i gcrích leis an Íoslainn, le Prionsacht Lichtinstéin agus le Ríocht na hIorua agus le Cónaidhm na hEilvéise a bhfuil feidhm acu maidir le saoránaigh an Aontais.
(5)I bhfianaise an dáta teacht i bhfeidhm atá beartaithe le haghaidh na gcomhaontuithe sin agus chun aon bhearna i gcosaint na náisiúnach lena mbaineann a sheachaint tar éis dheireadh na hidirthréimhse mar a shainítear in Airteagal 126 den Chomhaontú Um Tharraingt Siar, ba cheart gur 1 Eanáir 2021 an dáta a mbeidh feidhm ag forálacha Theideal III de Chuid a Dó den Chomhaontú maidir le náisiúnaigh de chuid na hÍoslainne, Phrionsacht Lichtinstéin, Ríocht na hIorua, agus Chónaidhm na hEilvéise.
(6)Is iomchuí, dá bhrí sin, an seasamh atá le tógáil thar ceann an Aontais a bhunú sa Chomhchoiste, ar fhógra a fháil ón Ríocht Aontaithe agus ón Aontas maidir leis an dáta a thiocfaidh na comhaontuithe a thug siad araon i bhfeidhm leis an Íoslainn, le Prionsacht Lichtinstéin agus le Ríocht na hIorua agus le Cónaidhm na hEilvéise.
(7)Ionas go mbeifear in ann na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo a chur i bhfeidhm go tráthúil, ba cheart an Cinneadh a theacht i bhfeidhm ar an dáta a ghlacfar é,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Is ar an dréachtchinneadh ón gComhchoiste atá i gceangal leis an gCinneadh seo a bhunófar an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste arna bunú le hAirteagal 164(1) den Chomhaontú Um Tharraingt Siar, maidir le cinneadh atá le glacadh i gcomhréir le hAirteagal 33(2) de.
Airteagal 2
Foilseofar cinneadh an Chomhchoiste in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar an dáta a ghlacfar é.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán