EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52020PC0409

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil

COM/2020/409 final

An Bhruiséil,28.5.2020

COM(2020) 409 final

2020/0103(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Le ráig phaindéim COVID-19, tá athrú tagtha ar an ionchas eacnamaíoch le haghaidh na mblianta atá le teacht san Aontas agus sa domhan. Beidh tionchar gearrthéarmach ghéarchéim COVID-19 i mBallstáit aonair ag brath ar fhad agus ar dhéine na mbeart dianghlasála, ar chomhdhéanamh an aschuir agus ar na bearta beartais eacnamaíocha a glacadh chun tionchar láithreach na géarchéime a mhaolú. Beidh éifeachtaí meántéarmacha agus fadtéarmacha na géarchéime ag brath ar athléimneacht a ngeilleagar. I bhfianaise na ndifríochtaí idir an tionchar gearrthéarmach eacnamaíoch agus an spás beartais atá ar fáil, tá fíorbhaol ann go leathnófar na difríochtaí san Aontas in éagmais gníomhaíocht chinntitheach bheartais a bheith ann mar thoradh ar ghéarchéim COVID-19.

De réir mar a chuirtear deireadh le bearta gaibhniúcháin de réir a chéile, is gá an téarnamh a phleanáil go straitéiseach, an geilleagar a athbheochan agus filleadh ar an bhfás inbhuanaithe. Chuige sin, ní mór tacú le hinfheistíochtaí poiblí agus príobháideacha ach freisin feabhas a chur ar iarrachtaí athchóirithe na mBallstát chun aghaidh a thabhairt ar laigí bunúsacha sóisialta agus eacnamaíocha a ngeilleagar, a dteacht aniar a fheabhsú agus filleadh ar an bhfás inbhuanaithe a éascú. Chuige sin, tá sé ríthábhachtach leanúint de bheith ag tacú le hiarrachtaí athchóirithe na mBallstát trí thacaíocht shubstaintiúil theicniúil a chur ar fáil dóibh chun a gcumas riaracháin a neartú chun na hathchóirithe lena gcothófar athléimneacht agus lena gcuirfear taca faoin téarnamh a ullmhú agus a chur chun feidhme.

Beartaítear leis an Rialachán seo Ionstraim Tacaíochta Teicniúil neamhspleách a bhunú a bheidh ar fáil do na Ballstáit go léir, mar chomharba ar an gClár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach (SRSP) 1 . Áiritheofar leis an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil gur féidir leis an gCoimisiún leanúint de bheith ag cur saineolais shaincheaptha ar fáil ar an láthair chun a áirithiú go mbeidh an cumas riachtanach institiúideach agus riaracháin ag na Ballstáit chun athchóirithe a chur chun feidhme agus a fhorbairt lena gcuirfear leis an bhfás agus chun athléimneacht gheilleagair na hEorpa a neartú trí struchtúir riaracháin a bheidh éifeachtúil agus dea-fheidhmiúil. Chuige sin, mar a dhéantar faoin gClár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach, beidh sé d'aidhm aige údaráis náisiúnta na mBallstát iarrthach a thionlacan le linn na gcéimeanna nó le linn céimeanna sonracha den phróiseas athchóirithe.

Ar mhaithe le luas, agus le go dtiocfaidh na comhreachtóirí ar chomhaontú a luaithe is féidir, tá an togra seo le haghaidh rialacháin mar bhonn leis an téacs is déanaí den ionstraim um thacaíocht theicniúil atá sa togra ón gCoimisiún lena mbunaítear Clár Tacaíochta um Athchóiriú 2 mar a phléigh na comhreachtóirí le roinnt míonna anuas. Tarraingítear siar an togra le haghaidh an Chláir Tacaíochta um Athchóiriú.

An 31 Bealtaine 2018, mhol an Coimisiún an Clár Tacaíochta um Athchóiriú i gcomhthéacs na dtograí le haghaidh cláir earnála den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) do 2021-2027. Bhí ionstraim tacaíochta teicniúla sa togra sin, arb é ab aidhm dó tacú le hiarrachtaí na mBallstát feabhas a chur ar chur chun feidhme athchóirithe struchtúracha i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh. Pléadh téacs an togra sin sa Chomhairle faoi Uachtaránacht na Fionlainne agus na Cróite agus thángthas ar chomhaontú i bprionsabal sa Chomhairle maidir leis an ionstraim sin. San am céanna, bhí Parlaimint na hEorpa ag obair ar an togra ón gCoimisiún maidir leis an gClár Tacaíochta um Athchóiriú agus chuir sí a dréacht‑tuarascáil síos an 20 Aibreán 2020.

I gcomhthráth leis an togra reatha, d’fhonn freagairt do na dúshláin nua a bhaineann le géarchéim COVID-19, tá rialachán molta ag an gCoimisiún freisin maidir le Saoráid don Téarnamh agus don Athléimneacht 3 lena gcuirfear tacaíocht airgeadais ar mhórscála ar fáil d'infheistíochtaí poiblí agus d'athchóirithe poiblí lena mbeidh geilleagair na mBallstát níos athléimní, agus lena mbeidh siad níos ullmhaithe don todhchaí. Is féidir leis an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil tacú leis na Ballstáit maidir le pleananna téarnaimh agus athléimneachta a ullmhú agus a chur chun feidhme faoin tSaoráid do Théarnamh agus Athléimneacht.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Leis an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil is féidir leis an gCoimisiún tacú le húdaráis na mBallstát agus iad ag iarraidh athchóirithe a dhearadh de réir a dtosaíochtaí féin agus feabhas a chur ar a gcumas beartais agus straitéisí athchóirithe a fhorbairt agus a chur chun feidhme, agus tairbhe a bhaint as dea-chleachtais agus as samplaí de phiaraí. Beidh gá le tacaíocht theicniúil go háirithe tar éis na géarchéime. Dá bhrí sin, comhlánaítear go leordhóthanach leis an togra seo pacáistí na mbeart atá á mbeartú ag an gCoimisiún chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí eacnamaíocha phaindéim COVID-19, eadhon an tSaoráid do Théarnamh agus Athléimneacht, REACT EU 4 faoi na cistí struchtúracha agus comhtháthaithe, na tograí leasaithe le haghaidh an Chiste Eorpaigh le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (CEIS) agus InvestEU, agus raon na mbeart a forbraíodh mar fhreagairt ar phaindéim reatha COVID-19 amhail “Tionscnamh Infheistíochta Fhreagairt Chorfóbach” 5 .

Cuireann an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil le rath an Chláir Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach, a bhfuil aiseolas dearfach faighte aige riamh anall maidir leis chomh maith leis an iomarca éilimh ó na Ballstáit i ndáil leis na buiséid a bhí ar fáil sna babhtaí roghnúcháin roimhe seo (e.g. i dtaca le babhta 2019, de na 508 iarraidh a cuireadh isteach, ina raibh suim iomlán EUR 194 milliún, bhíothas in ann 263 a roghnú, EUR 79.3 milliún; do bhabhta 2020, as na 609 n‑iarraidh a cuireadh isteach, ina raibh suim iomlán ar luach EUR 250 milliún, bhíothas in ann 228, ar luach EUR 84.7 milliún, a roghnú). Ceapadh an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil chun teacht i gcomharba leanúnach ar an gClár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach atá ann cheana, agus tá sé comhsheasmhach, comhleanúnach agus comhlántach leis na hacmhainní atá ann cheana le haghaidh fothú acmhainní agus cúnamh teicniúil, atá ar fáil laistigh de chláir mhaoiniúcháin eile de chuid an Aontais. Is é is aidhm don chúnamh teicniúil atá ar fáil faoin mbeartas comhtháthaithe cuidiú le geallsealbhóirí cláir agus tionscadail arna maoiniú ag an Aontas a chur chun feidhme, i bhfoirm tacaíochta airgeadais le haghaidh ullmhú, bainistiú, meastóireacht, faireachán, iniúchóireacht agus le haghaidh rialú arna gcur ar fáil trí Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), trí Chiste Sóisialta na hEorpa (CSE) agus tríd an gCiste Comhtháthaithe. Dá bhrí sin, is é is aidhm don chúnamh teicniúil atá ar fáil sa chomhthéacs sin, cumas a fhorbairt chun cistí de chuid an Aontais a riar agus cur chun feidhme tionscadal arna gcómhaoiniú faoi chistí an Aontais a chothú, rud a fhágann gur éasca na cistí sin a ghlacadh ar bord. Ar an gcaoi chéanna, tá mol an chúnaimh theicniúil atá ar fáil faoi InvestEU dírithe den chuid is mó ar thionscadail mhóra (phríobháideacha) infheistíochta a ullmhú agus níl sé dírithe ar athchóirithe struchtúracha. Os a choinne sin, is é is aidhm don Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil tacaíocht a thabhairt don chumas riaracháin agus d'athchóirithe struchtúracha fadtéarmacha, agus ar an gcaoi sin an cúnamh atá ann cheana a chomhlánú agus luach a chur leis, cúnamh a chuirtear ar fáil trí na cláir earnálacha éagsúla de chuid an Aontais agus trí na gníomhaíochtaí a dhéantar faoi chistí an Aontais.

Ina theannta sin, tá an ionstraim seo comhsheasmhach leis an treoir bheartais a chuirtear ar fáil faoin Seimeastar Eorpach, trí thacaíocht theicniúil a chur ar fáil chun cur chun feidhme na moltaí tír-shonracha atá dírithe ar na Ballstáit sa chomhthéacs sin a chothú.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an togra comhsheasmhach le beartais eile an Aontais agus déantar foráil iontu maidir le comhlántacht agus sineirgíochtaí.

Is é is aidhm don togra lena mbunaítear Saoráid do Théarnamh agus d'Athléimneacht tacaíocht airgeadais a chur ar fáil d'infheistíochtaí agus d'athchóirithe poiblí, go háirithe i réimse na n‑aistrithe glasa agus digiteacha, lena ndéanfar geilleagair níos athléimní agus níos ullmhaithe don am atá romhainn.

Beidh an ionstraim tacaíochta teicniúla ina comhlánú ar an togra lena mbunaítear Saoráid do Théarnamh agus d’Athléimneacht, ós rud é go gcuirfidh sí tacaíocht ar fáil chun cumas riaracháin na mBallstát a neartú agus, sa chomhthéacs sin, tacaíocht d'ullmhú agus do chur chun feidhme na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta lena leagtar amach athchóirithe agus infheistíochtaí atá le maoiniú faoin tSaoráid do Théarnamh agus Athléimneacht agus, ar bhonn níos ginearálta, chun tacaíocht a chur ar fáil freisin do ghníomhaíochtaí athchóirithe náisiúnta a bhaineann leis na haistrithe glasa agus digiteacha.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tá an togra bunaithe ar Airteagail 175 (an tríú mír) agus 197 (2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Foráiltear le Airteagal 175 (tríú mír) CFAE, ach gur léir go bhfuil gníomhaíochtaí sonracha ag teastáil lasmuigh de na Cistí agus gan dochar do na bearta arna gcinneadh faoi chuimsiú bheartais eile an Aontais, go bhféadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na gníomhaíochtaí sin a ghlacadh, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus le Coiste na Réigiún.

Foráiltear le Airteagal 197(2) CFAE go bhféadfaidh an tAontas tacú le hiarrachtaí na mBallstát feabhas a chur ar a gcumas riaracháin chun dlí an Aontais a chur chun feidhme, inter alia trí mhalartú faisnéise a éascú agus trí thacú le scéimeanna oiliúna. Ní bheidh oibleagáid ar aon Bhallstát leas a bhaint as an tacaíocht sin. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, na bearta is gá chun na críche sin a bhunú, amach ó aon chomhchuibhiú a dhéanamh ar dhlíthe agus ar rialacháin na mBallstát.

I bhfianaise Airteagal 175 agus Airteagal 197 CFAE, is é is aidhm don rialachán comhtháthú a fheabhsú, trí bhearta a fhágann go mbeidh téarnamh, athléimneacht agus cóineasú sna Ballstáit lena mbaineann.

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Le cistiú na ngníomhaíochtaí atá beartaithe tríd an rialachán atá beartaithe, urramaíonn sé prionsabal an bhreisluacha Eorpaigh agus prionsabal na coimhdeachta. Díríonn cistiú ó bhuiséad an Aontais ar ghníomhaíochtaí nach féidir leis na Ballstáit a gcuspóirí a bhaint amach go leordhóthanach leo féin (“tástáil riachtanais”), agus sin i gcás ina bhféadfadh breisluach a bheith le hidirghabháil an Aontais i gcomparáid le gníomhaíocht na mBallstát amháin.

Is é aidhm na hionstraime seo comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais a chur chun cinn trí thacú le hiarrachtaí na mBallstát chun na hathchóirithe is gá a chur i bhfeidhm chun an téarnamh eacnamaíoch agus sóisialta, athléimneacht agus cóineasú a bhaint amach, agus tacú le hiarrachtaí na mBallstát a gcumas riaracháin a neartú chun dlí an Aontais a chur chun feidhme i ndáil le dúshláin atá roimh institiúidí, rialachas, riarachán poiblí, agus na hearnálacha eacnamaíocha agus sóisialta.

Is é bunloighic an rialacháin go gcuirtear tacaíocht theicniúil ar fáil mar fhreagairt ar iarraidh a fháil ón mBallstát lena mbaineann arna déanamh ar bhonn deonach. Mar thoradh air sin, is faoi gach Ballstát atá sé a chinneadh an gá beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais, i bhfianaise na bhféidearthachtaí atá ar fáil ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil. Is ábhar leasa choitinn don Aontas é cur chun feidhme beart tacaíochta teicniúla atá nasctha leis an téarnamh eacnamaíoch agus sóisialta, leis an athléimneacht agus leis an gcóineasú, agus le neartú chumas riaracháin na mBallstát dlí an Aontais a chur chun feidhme.

Gabhann an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil ionad an Chláir Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach atá ann faoi láthair agus ina theannta sin is cuid í de na tionscnaimh arna ndéanamh ag an Coimisiún mar fhreagairt ar ráig phaindéime COVID-19, chun cabhrú leis na Ballstáit na hiarmhairtí eacnamaíocha agus sóisialta ollmhóra a mhaolú. Dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais chun téarnamh eacnamaíoch tapa agus láidir a bhaint amach san Aontas. Ní féidir leis na Ballstáit an sprioc sin a bhaint amach go leordhóthanach agus iad ag gníomhú ina n‑aonar, agus is féidir luach breise a thabhairt le hidirghabháil an Aontais trí rialachán a bhunú ina leagtar amach ionstraim lena dtugtar tacaíocht theicniúil neartaithe maidir le ceapadh agus cur chun feidhme athchóirithe struchtúracha a bhfuil géarghá leo. Rannchuideodh tacaíocht den sórt sin freisin leis an tionchar sochaíoch a mhaolú, tionchar atá ann mar thoradh ar an ngéarchéim COVID-19 atá ann faoi láthair.

Comhréireacht

Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta sa mhéid is nach dtéann sé thar an íosmhéid is gá chun an cuspóir sonraithe a bhaint amach ar an leibhéal Eorpach, cuspóir atá riachtanach chuige sin. Le cineál deonach na hionstraime tacaíochta teicniúla agus cineál comhthoiliúil an chomhair le linn an phróisis ar fad, tugtar ráthaíocht bhreise chun prionsabal na comhréireachta a urramú agus chun muinín fhrithpháirteach agus comhar a fhorbairt idir na Ballstáit agus an Coimisiún.

An rogha ionstraime

Ní féidir na spriocanna a bhfuil tuairisc orthu sna ranna roimhe seo a bhaint amach trí reachtaíocht a chomhchuibhiú, nó trí ghníomhaíocht dheonach na mBallstát. Is le rialachán, agus leis amháin a d'fhéadfaí iad sin a bhaint amach. Is é Rialachán a bhfuil fheidhm aige maidir le gach Ballstát an ionstraim dlí is iomchuí freisin chun soláthar tacaíochta teicniúla a eagrú d’fhonn a áirithiú go gcaithfear go cothrom leis na Ballstáit.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Reachtaíocht leantach is ea an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil i ndáil le SRSP 2017-2020 atá ann cheana, bunaithe ar Rialachán (AE) 2017/825, arna leasú le Rialachán (AE) Uimh. 2018/1671 6 . Cuireadh tús le cur chun feidhme SRSP nuair a glacadh Clár Oibre Bliantúil 7 2017 i Meán Fómhair 2017 agus lean sé de ghlacadh na gclár oibre dá éis sin 8 . I gcomhréir le Airteagal 16 den Rialachán maidir le SRSP, cuireann an Coimisiún tuarascálacha faireacháin bliantúla ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an Chláir 9 agus tuarascáil mheastóireachta mheántéarmach agus ex-post neamhspleách.

I ndoiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann leis an tuarascáil mheastóireachta meántéarma, a ghlacfaidh an Coimisiún go luath, rinneadh scrúdú ar a fheidhmíocht an Chláir Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach i gcomparáid leis na critéir mheastóireachta (ábharthacht, éifeachtacht, éifeachtúlacht, comhleanúnachas agus breisluach AE) agus tarraingíodh roinnt ceachtanna air. Cé gur glacadh an clár le déanaí agus go bhfuil roinnt tionscadal tacaíochta teicniúla fós ag céimeanna tosaigh an chuir chun feidhme, léiríonn na torthaí go bhfuil an Clár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach ag déanamh dul chun cinn maith i dtreo a chuspóirí a bhaint amach. Léiríonn an mheastóireacht go bhfuil ceapadh an Clár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach ailínithe go maith le riachtanais iarbhír na mBallstát agus is ionstraim iomchuí é chun tacú leis na Ballstáit a gcumas riaracháin agus institiúideach a neartú. Ó tharla go bhfuil ardleibhéal solúbthachta ann agus gan ceanglais chómhaoinithe a bheith ag gabháil leis, fágann sé gur féidir riachtanais na mBallstát a thiontú ina ngníomhaíochtaí indéanta a mbeidh amlínte réalaíocha ag gabháil leo agus ionchais an Bhallstáit a chomhlíonadh. Measadh freisin go raibh breisluach suntasach ag baint le dea-chleachtais a chomhroinnt i measc na mBallstát. Ina theannta sin, tá an Clár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach comhtháite go maith i bpróiseas rialachais eacnamaíoch an Aontais. Tá timthriallta bliantúla an Chláir Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach agus an tSeimeastair Eorpaigh ag cothú a chéile go leordhóthanach, rud a chumasaíonn cur chuige cuimsitheach agus comhordaithe i leith athchóirithe struchtúracha sna Ballstáit. Tá ardleibhéal tiomantais ar fáil ó na geallsealbhóirí go léir, tá ardleibhéal saineolais ag soláthraí na tacaíochta teicniúla agus tá imthosca polaitiúla fabhracha ann a bhfuil tionchar dearfach acu ar sheachadadh aschuir tionscadail an Chláir Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach. De dheasca easpa comhoibrithe i measc páirtithe leasmhara agus imthosca polaitiúla athraitheacha nó neamhchinnte, meastar go bhfuil tionchar diúltach acu ar chur chun feidhme rathúil tionscadal tacaíochta teicniúla.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Mar gheall ar an bpráinn a bhaineann leis an togra a ullmhú le go bhféadfaidh na comhreachtóirí é a ghlacadh in am trátha, ní rabhthas in ann comhairliúchán foirmiúil a dhéanamh le geallsealbhóirí. Cuireadh tuairimí na bpáirtithe leasmhara san áireamh freisin le linn phróiseas reachtach an togra le haghaidh an Chláir Tacaíochta um Athchóiriú.

Measúnú tionchair

Mar gheall ar a phráinní is atá an togra, ní dhearnadh aon mheasúnú tionchair nua. Ina ainneoinsin, an togra seo le haghaidh rialacháin, cuireann sé leis an téacs is déanaí atá ar fáil ó mheitheal na Comhairle maidir le togra RSP i ndáil leis an ionstraim um thacaíocht theicniúil agus tá sé comhsheasmhach leis an dréacht‑tuarascáil chomhpháirteach ón gCoiste um Buiséid agus ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta de chuid Pharlaimint na hEorpa maidir leis na hionstraimí um thacaíocht theicniúil atá sa togra RSP, a foilsíodh an 20 Aibreán 2020. Cuirtear an togra seo in ionad an bhuntogra ón gCoimisiún maidir le RSP (COD...), a bhí bunaithe ar mheasúnú tionchair, a bhfuil a chuid príomhthorthaí fós bailí mutatis mutandis.

Cearta bunúsacha

Tá tionchar dearfach ag an togra ar chaomhnú agus ar fhorbairt chearta bunúsacha an Aontais, ag glacadh leis go n‑iarrann agus go bhfaigheann na Ballstáit tacaíocht i réimsí gaolmhara. Mar shampla, is féidir le tacaíocht i réimsí amhail margaí saothair agus árachas sóisialta, cúram sláinte, oideachas, an comhshaol, maoin, riarachán poiblí agus an córas breithiúnach tacú le cearta bunúsacha an Aontais amhail an dínit, an tsaoirse, an comhionannas, an dlúthpháirtíocht, cearta na saoránach agus an ceartas.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Is é EUR 864 406 000 (i bpraghsanna reatha) an t‑imchlúdach airgeadais a bheidh ann le haghaidh chur chun feidhme na hIonstraime um Thacaíocht Theicniúil le haghaidh na tréimhse 1 Eanáir 2021 go 31 Nollaig 2027.

Tugtar na míniúcháin iomchuí ar an gclúdach airgeadais sa ráiteas airgeadais reachtach.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht an rialacháin seo maidir le cuspóirí na hionstraime um thacaíocht theicniúil a bhaint amach, sainaithníodh roinnt príomhtháscairí feidhmíochta agus baileofar go tráthrialta iad. Saineofar táscairí torthaí agus tionchair sonracha i ndáil leis na tionscadail nithiúla, le bonnlínte agus spriocanna, chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn a dhéanfar i dtreo na spriocanna deiridh agus chun meastóireacht a dhéanamh ar thionchar na n‑athchóirithe a cuireadh chun feidhme.

Déanfar meastóireacht mheántéarma agus meastóireacht ex-post d’fhonn éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, comhleanúnachas na hionstraime a mheasúnú. Déanfar na meastóireachtaí i gcomhréir leis an gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 10 . Áireofar sna meastóireachtaí ceachtanna a foghlaimíodh chun aon easnaimh agus/nó fadhbanna nó aon acmhainneacht chun tuilleadh feabhais a chur ar na gníomhaíochtaí nó ar a dtorthaí a shainaithint agus chun cuidiú lena saothrú agus lena dtionchar a uasmhéadú.

Déanfar meastóireacht eatramhach ar an Rialachán a luaithe a bheidh faisnéis leordhóthanach ar fáil faoina chur chun feidhme, ach tráth nach déanaí ná ceithre bliana ó thús an chuir chun feidhme. Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht deiridh ex post ar dháta nach déanaí ná trí bliana tar éis dheireadh thréimhse chur i bhfeidhm an Rialacháin. Cuirfidh an Coimisiún torthaí na meastóireachtaí chomh maith lena bharúlacha féin in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Bunaítear leis an Rialachán Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, lena dtacófar, le bearta teicniúla, leis na Ballstáit chun athchóirithe struchtúracha institiúideacha, riaracháin agus fáschothaitheacha a dhéanamh agus chun teacht aniar a fheabhsú (Airteagal 1).

Is é cuspóir ginearálta na hionstraime um chúnamh theicniúil go gcuirfear comhtháthú a chur chun cinn trí iarrachtaí na mBallstát athchóirithe a chur chun feidhme, athchóirithe atá riachtanach chun téarnamh eacnamaíoch agus sóisialta, athléimneacht agus cóineasú a bhaint amach, agus tacú le hiarrachtaí na mBallstát a gcumas a n‑inniúlacht riaracháin a neartú chun dlí an Aontais a chur chun feidhme i ndáil le dúshláin nár mhór d'institiúidí, rialachas, riarachán poiblí chomh maith le hearnálacha eacnamaíocha agus sóisialta aghaidh a thabhairt orthu. Airteagal 3

Leagtar amach cuspóirí sonracha na hionstraime (Airteagal 4) mar chúnamh le haghaidh na n‑údarás náisiúnta chun feabhas a chur ar a gcumas riaracháin maidir le hathchóirithe a cheapadh, a fhorbairt agus a chur chun feidhme, lena n‑áirítear dea-chleachtais a mhalartú, próisis agus modheolaíochtaí iomchuí agus bainistíocht acmhainní daonna atá níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla. Saothrófar na cuspóirí sonracha sin i ndlúthchomhar leis na Ballstáit is lena mbaineann.

Tá cuid mhór réimsí beartais i raon feidhme an chur i bhfeidhm agus orthu sin tá réimsí a bhaineann le bainistíocht airgeadais phoiblí agus bainistiú sócmhainní, athchóiriú institiúideach agus riaracháin, an timpeallacht ghnó, táirgí, margaí seirbhíse agus saothair, oideachas agus oiliúint, forbairt inbhuanaithe, sláinte phoiblí, oideachas agus an earnáil airgeadais (Airteagal 5). Leagtar béim ar leith ar na gníomhaíochtaí lena gcothaítear an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach.

Is é EUR 864 406 000 i bpraghsanna reatha (Airteagal 6) an t‑imchlúdach airgeadais foriomlán a bheidh ann le haghaidh chur chun feidhme na hionstraime le haghaidh na tréimhse 2021-2027. Sa bhreis ar an gclúdach airgeadais sin, féadfaidh na Ballstáit acmhainní cúnaimh theicniúil faoi chláir bainistíochta comhroinnte a aistriú ar bhonn deonach i gcomhréir le Airteagal 21 de Rialachán [comharba Rialachán na bhForálacha Coiteanna] 11  chuig an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil. Cuirfear na hacmhainní aistrithe chun feidhme i gcomhréir le rialacha na hionstraime sin agus úsáidfear iad go heisiach ar mhaithe leis an mBallstát lena mbaineann (Airteagal 6(3) agus Airteagal 10).

Sna tograí ón gCoimisiún le haghaidh Chreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027 leagadh síos sprioc níos uaillmhianaí maidir leis an aeráid a phríomhshruthú i gcláir uile an Aontais, is é sin go mbeidh sprioc fhoriomlán 25 % de chaiteachas an Aontais ag rannchuidiú le cuspóirí aeráide. Rianófar rannchuidiú na hionstraime seo le gnóthú na sprice foriomláine sin le córas marcóirí aeráide de chuid an Aontais ar leibhéal iomchuí imdhealaithe, lena n‑áirítear modheolaíochtaí níos cruinne a úsáid i gcás ina mbeidh fáil orthu (Aithris 10).

Ba cheart don Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil tacú le cur chun feidhme athchóirithe lena gcothaítear fás agus lena gcuirtear feabhas ar athléimneacht agus athchóirithe a dhéantar ar thionscnamh na mBallstát, nó i gcomhthéacs na bpróiseas rialachais eacnamaíoch, nó gníomhaíochtaí a bhaineann le dlí an Aontais agus le tosaíochtaí beartais an Aontais agus athchóirithe a bhaineann le cur chun feidhme clár coigeartaithe eacnamaíoch. Ba cheart go gcuirfí tacaíocht theicniúil ar fáil leis an ionstraim freisin d'ullmhú agus do chur chun feidhme na n‑athchóirithe a dhéanfar faoin tSaoráid nua don Téarnamh agus don Athléimneacht (Airteagal 8).

Déanfaidh an Coimisiún anailís ar na hiarrataí ar thacaíocht bunaithe ar phráinn, ar leithead agus ar dhoimhneacht na bhfadhbanna a sainaithníodh, ar na riachtanais tacaíochta i ndáil leis an réimse beartais lena mbaineann, ar anailís ar tháscairí socheacnamaíocha agus ar chumas ginearálta riaracháin an Bhallstáit. Bunaithe ar an anailís sin, agus na gníomhaíochtaí agus na bearta atá ann cheana agus atá á maoiniú le cistí de chuid an Aontais nó le cláir eile de chuid an Aontais á gcur i gcuntas, tiocfaidh an Coimisiún ar chomhaontú leis an mBallstát lena mbaineann maidir leis na réimsí tosaíochta le haghaidh na tacaíochta, na cuspóirí, amlíne tháscach, raon feidhme na mbeart tacaíochta a bheidh le soláthar agus an ranníocaíocht airgeadais fhoriomlán mheasta agus leagfar amach iad i bplean tacaíochta agus comhair (Airteagal 8).

Áireofar ar na cineálacha gníomhaíochtaí atá incháilithe do mhaoiniú faoin Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, i measc nithe eile, saineolas a bhaineann le comhairle beartais agus/nó athrú, straitéisí agus treochláir athchóirithe a fhoirmliú, chomh maith le hathchóirithe reachtacha, institiúideacha, struchtúracha agus riaracháin; saineolaithe a chur ar fáil, lena n‑áirítear saineolaithe cónaitheacha; fothú acmhainneachta agus gníomhaíochtaí tacaíochta gaolmhara ar gach leibhéal rialachais, a rannchuideoidh freisin le cumhachtú na sochaí sibhialta(Airteagal 7). Na gníomhaíochtaí a mhaoineofar faoin ionstraim um thacaíocht theicniúil, féadfaidh siad tacaíocht a fháil ó chláir, ó ionstraimí nó ó chistí eile de chuid an Aontais, faoi bhuiséad an Aontais, ar choinníoll nach gcumhdaítear na costais chéanna leis an tacaíocht sin (Airteagal 11).

Glacfaidh an Coimisiún cláir oibre chun an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil a chur chun feidhme, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ina leagfar amach na bearta maidir le tacaíocht theicniúil a sholáthar agus na heilimintí go léir a cheanglaítear faoin Rialachán Airgeadais 12 (Airteagal 12).

Déantar forálacha maidir le gníomhaíochtaí cumarsáide i leith Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle agus i leith an phobail i gcoitinne (Airteagail 9 agus 17), chomh maith le forálacha maidir le comhlántacht (Airteagal 13), faireachán (Airteagal 14), tuarascálacha bliantúla (Airteagal 15) agus meastóireacht (Airteagal 16).

2020/0103 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an tríú mír d'Airteagal 175 agus d'Airteagal 197(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 13 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 14 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)I gcomhréir le hAirteagail 120 agus 121 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘an Conradh’), tá sé de cheangal ar na Ballstáit a mbeartais eacnamaíocha a sheoladh d'fhonn rannchuidiú le cuspóirí an Aontais a ghnóthú, agus i gcomhthéacs na mór-threoirlínte a fhoirmleoidh an Chomhairle. Faoi Airteagal 148 den Chonradh, cuirfidh na Ballstáit beartais fostaíochta chun feidhme a chuirfidh na treoirlínte le haghaidh fostaíochta san áireamh. Mar sin, is ábhar leasa choitinn é beartais eacnamaíocha na mBallstát a chomhordú.

(2)Déantar foráil in Airteagal 175 den Chonradh, inter alia, gur cheart do na Ballstáit a mbeartais eacnamaíocha a chomhordú ar bhealach a dhéanfadh na cuspóirí maidir le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a leagtar amach in Airteagal 174 a bhaint amach.

(3)De bharr ráig phaindéim COVID-19 go luath in 2020 tháinig athrú ar an ionchas eacnamaíoch le haghaidh na mblianta atá le teacht san Aontas. Tá tosaíochtaí nua tagtha chun cinn, atá nasctha leis an ngéarchéim, lena ndírítear go sonrach ar an téarnamh agus an athléimneacht. Éilítear leo sin freagairt phráinneach chomhordaithe ón Aontas chun dul i ngleic leis na hiarmhairtí eacnamaíocha atá ann do na Ballstáit agus chun na drochthorthaí sóisialta agus eacnamaíocha a thiocfaidh as an bpaindéim a mhaolú. Thaispeáin paindéim COVID-19 atá ann faoi láthair chomh maith leis an ngéarchéim eacnamaíoch agus airgeadais a bhí ann roimhe seo go gcuidíonn sé le Ballstáit freagairt níos éifeachtúla do thurraingí agus téarnamh uathu ar bhealach níos tapa má fhorbraíonn siad geilleagair agus córais airgeadais atá iontaofa agus athléimneach agus atá tógtha ar struchtúir láidre eacnamaíocha agus shóisialta. Dá bhrí sin, beidh athchóirithe struchtúracha agus infheistíochtaí lena dtabharfar aghaidh ar laigí struchtúracha sna geilleagair agus lena neartófar a nathléimneacht ríthábhachtach maidir leis na geilleagair a chur ar ais ar bhealach inbhuanaithe chun téarnaimh agus chun tuilleadh leathnaithe ó thaobh na ndifríochtaí sóisialta agus críochach atá san Aontas a sheachaint.

(4)Ar leibhéal an Aontais, is é an Seimeastar Eorpach um chomhordú an bheartais eacnamaíoch an creat chun tosaíochtaí náisiúnta um athchóiriú a shainaithint agus chun faireachán a dhéanamh ar a gcur chun feidhme. Forbraíonn na Ballstáit a gcuid straitéisí infheistíochta ilbhliantúla féin chun tacú leis na tosaíochta sin um athchóiriú. Cuirtear na straitéisí sin i láthair in éineacht leis na Cláir Náisiúnta bliantúla um Athchóiriú mar bhealach chun tosaíochtaí a leagan amach agus a chomhordú, ar tosaíochtaí iad a dtabharfar tacaíocht dóibh le cistiú náisiúnta agus/nó le cistiú ón Aontas. Ba cheart dóibh feidhmiú freisin chun úsáid a bhaint as cistiú ón Aontas ar shlí chomhleanúnach agus chun breisluach na tacaíochta airgeadais atá le fáil a uasmhéadú, go sonrach an tacaíocht atá le fáil ó chláir a fhaigheann tacaíocht ón Aontas faoi na Cistí Struchtúracha agus na Cistí Comhtháthaithe.

(5)Bunaíodh an Clár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach don tréimhse 2017 go 2020 le Rialachán (AE) 2017/825 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 15 , agus buiséad EUR 142 800 000 ag gabháil leis. Bunaíodh an Clár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach chun neartú a dhéanamh ar an gcumas atá ag na Ballstáit athchóirithe riaracháin agus struchtúracha fáschothaitheacha a ullmhú agus a chur chun feidhme, lena náirítear cúnamh a chur ar fáil chun cistí an Aontais a úsáid go héifeachtach agus go héifeachtúil. Is é an Coimisiún a chuireann tacaíocht theicniúil ar fáil faoin gclár sin, ar iarraidh ó Bhallstát, agus féadfar raon leathan de réimsí beartais a chumhdach leis an tacaíocht sin. Ceapadh an Rialachán seo ionas go leanfar den chlár sin a bhfuil glactha leis go fonnmhar ag na Ballstáit.

(6)Dá bhrí sin, tá méadú leanúnach tagtha ar líon na mBallstát a ghlac le tacaíocht theicniúil faoin gClár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach san go dtí seo tríd an Rialachán sin, agus ba cheart ionstraim um thacaíocht theicniúil a bhunú d’fhonn leanúint de thacaíocht a thabhairt do na Ballstáit agus athchóirithe á gcur chun feidhme acu.

(7)Mar léiriú ar sheasamh an Comhaontaithe Ghlais don Eoraip mar straitéis fáis le haghaidh na hEorpa, agus léiriú go bhfuiltear á cur i ngníomh de réir ghealltanais an Aontais Comhaontú Pháras agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme, rannchuideoidh an ionstraim um thacaíocht theicniúil leis na gníomhaíochtaí ar son na haeráide a phríomhshruthú agus le gnóthú na sprice foriomláine 25% de chaiteachas bhuiséad an Aontais a bheith ag tacú le cuspóirí aeráide. Ba cheart gníomhaíochtaí ábhartha a shainaithint nuair a bheidh an ionstraim á hullmhú agus á cur chun feidhme, agus déanfar iad a athmheas i gcomhthéacs na meastóireachtaí ábhartha agus na bpróiseas athbhreithnithe. Leis sin ba cheart dul i ngleic freisin le dúshláin shóisialta agus chomhshaoil níos leithne, dúshláin lena náirítear caipiteal nádúrtha a chosaint agus tacú leis an ngeilleagar ciorclach agus a bheith i gcomhréir leis an gClár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe.

(8)Is é an cuspóir ginearálta ba cheart a bheith ag an ionstraim um thacaíocht theicniúil comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais a chur chun cinn trí thacú le hiarrachtaí na mBallstát athchóirithe a chur i bhfeidhm ar athcóirithe riachtanacha iad chun go mbainfear amach téarnamh eacnamaíoch agus sóisialta, athléimneacht agus cóineasú. Chuige sin, ba cheart di tacú le neartú chumas riaracháin na mBallstát dlí an Aontais a chur chun feidhme, i ndáil leis na dúshláin atá roimh institiúidí, rialachas, riarachán poiblí, agus roimh na hearnálacha eacnamaíocha agus sóisialta.

(9)Is iad na sainchuspóirí ba cheart a bheith ag an ionstraim um thacaíocht theicniúil cuidiú leis na húdaráis náisiúnta maidir lena gcuid iarrachtaí athchóirithe a dhearadh, a fhorbairt agus a chur chun feidhme, lena náirítear dea-chleachtais a mhalartú, próisis agus modheolaíochtaí iomchuí agus bainistíocht acmhainní daonna atá níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla.

(10)D’fhonn cuidiú leis na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar riachtanais athchóirithe sna príomhréimsí eacnamaíocha agus sochaíocha go léir, ba cheart don Choimisiúin leanúint de thacaíocht theicniúil a sholáthar, ar iarraidh ó Bhallstát, i raon leathan de réimsí beartais, lena náirítear na réimsí a bhaineann le bainistiú ar airgeadas agus ar shócmhainní poiblí, athchóiriú institiúideach agus riaracháin, an timpeallacht ghnó, an earnáil airgeadais, margaí i gcomhair táirgí, seirbhísí agus saothar, oideachas agus oiliúint, forbairt inbhuanaithe, sláinte phoiblí agus leas sóisialta. Ba cheart béim ar leith a leagan ar na gníomhaíochtaí lena gcothaítear na haistrithe glasa agus digiteacha.

(11)Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais don Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, arb éard a bheidh ann an príomhmhéid tagartha, de réir bhrí an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh maidir leis an smacht buiséadach, maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais 16 , do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(12)Chun freastal ar riachtanais bhreise faoin Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag na Ballstáit acmhainní atá clársceidealaithe i mbainistíocht chomhroinnte faoi chistí an Aontais a aistriú chuig buiséad na hionstraime sin, i gcomhréir leis an nós imeachta sin. Ba cheart na hacmhainní aistrithe a chur chun feidhme i gcomhréir le rialacha na hionstraime sin agus ba cheart iad a úsáid go heisiach ar mhaithe leis an mBallstát lena mbaineann. Ba cheart don Choimisiún aiseolas a sholáthar don Bhallstát lena mbaineann maidir le húsáid na ranníocaíochtaí deonacha breise.

(13)Ba cheart an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil a sholáthar arna iarraidh sin, ar mhaithe le tacú le cur chun feidhme na nathchóirithe arna nglacadh ar láimh ar thionscnamh na mBallstát, athchóirithe i gcomhthéacs na bpróiseas rialachais eacnamaíoch nó bearta a bhaineann le dlí an Aontais a chur chun feidhme, agus athchóirithe a bhaineann le cur chun feidhme na gclár um choigeartú eacnamaíoch. Ba cheart don ionstraim freisin tacaíocht theicniúil a sholáthar chun pleananna téarnaimh a ghlacfar ar láimh faoi Rialachán (AE) Uimh. YYY/XX a ullmhú agus a chur chun feidhme.

(14)I gcomhréir leis na rialacha agus leis an gcleachtas atá ann cheana féin faoin gclár deireanach, mar atá an Clár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach, ba cheart go mbunófaí próiseas éadrom chun iarrataí ar thacaíocht theicniúil a thíolacadh. Ar an gcúis sin, ba cheart iarrataí ó Bhallstáit a bheith curtha isteach faoin 31 Deireadh Fómhair de bhliain féilire. Agus an prionsabal uileghabhálach i ndáil le cóir chomhionann, le bainistíocht fhónta airgeadais agus le trédhearcacht á urramú, ba cheart go leagfaí síos critéir iomchuí chun anailís a dhéanamh ar na hiarrataí arna dtíolacadh ag na Ballstáit. Ba cheart go mbunófaí na critéir sin ar phráinn, ar dhéine agus ar fhairsinge na bhfadhbanna, agus ar na riachtanais i gcomhair tacaíochta arna sainaithint i dtaca leis na réimsí beartais ina bhfuil tacaíocht theicniúil beartaithe.

(15)Ba cheart freisin go sonrófaí ábhar na bpleananna comhair agus tacaíochta ina sonraítear na bearta chun tacaíocht theicniúil a sholáthar do na Ballstáit. Chuige sin, ba cheart go gcuirfí san áireamh sna bearta tacaíochta teicniúla atá beartaithe agus sa ranníocaíocht airgeadais dhomhanda measta atá gaolmhar leo, na bearta agus na gníomhaíochtaí arna maoiniú ag cistí an Aontais nó ag cláir an Aontais.

(16)Ar mhaithe le cuntasacht, le trédhearcacht agus chun infheictheacht bheart an Aontais a áirithiú, ba cheart, faoi réir coinníollacha áirithe lena dtugtar cosaint d’fhaisnéis íogair, na pleananna comhair agus tacaíochta a chur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle agus ba cheart don Choimisiún gníomhaíochtaí cumarsáide a dhéanamh de réir mar is iomchuí.

(17)Ba cheart forálacha a leagan síos maidir le cur chun feidhme na hionstraime tacaíochta teicniúla, go háirithe i ndáil leis na modhanna bainistíochta, na cineálacha cistiúcháin do na bearta tacaíochta teicniúla agus ábhar na gclár oibre, ar cheart iad a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. I bhfianaise a thábhachtaí agus atá sé iarrachtaí na mBallstát a chothú agus iad ag saothrú athchóirithe agus á gcur chun feidhme, is gá ráta cómhaoinithe do dheontais suas go dtí 100 % de na costais incháilithe a cheadú. Chun go bhféadfar tacaíocht theicniúil a shlógadh go tapa i gcás práinne, ba cheart foráil do ghlacadh bearta speisialta ar feadh tréimhse theoranta. Chuige sin, ba cheart méid teoranta den bhuiséad laistigh de chlár oibre na hionstraime tacaíochta teicniúla a chur i leataobh i gcomhair bearta speisialta.

(18)Chun leithdháileadh éifeachtúil agus comhleanúnach cistí ó bhuiséad an Aontais a áirithiú agus chun prionsabal an bhainistithe fhónta airgeadais a urramú, ba cheart na bearta a dhéanfar faoin Rialachán seo a bheith comhsheasmhach leis na cláir leanúnacha de chuid an Aontais agus go mbeidís mar fhorlíonadh orthu, agus san am céanna, ba cheart cistiú dúbailte don chaiteachas céanna a sheachaint. Go háirithe, ba cheart don Choimisiún agus don Bhallstát comhordú éifeachtach a áirithiú, ag gach céim den phróiseas, chun comhsheasmhacht, comhleanúnachas, comhlántacht agus sineirgíocht i measc foinsí cistithe a choimirciú, lena náirítear cúnamh teicniúil dó sin.

(19)De bhun mhír 22 agus mhír 23 den Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016, is gá an ionstraim a bhunaítear leis an Rialachán seo a mheas ar bhonn na faisnéise arna bailiú trí cheanglais faireacháin ar leith, agus ag an am céanna rórialáil agus ualaí riaracháin a sheachaint, go háirithe ar na Ballstáit. Ba cheart táscairí intomhaiste a bheith san áireamh sna ceanglais sin, i gcás inarb iomchuí, mar bhonn chun éifeachtaí na hionstraime ar an talamh a mheas.

(20)Is tráthúil an Coimisiún tuarascáil bhliantúil a chur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo. Ba cheart meastóireacht neamhspleách mheántéarmach a dhéanamh, ag féachaint ar ghnóthú chuspóirí na hionstraime a bhunaítear leis an Rialachán seo, ar éifeachtúlacht úsáid acmhainní na hionstraime agus ar a breisluach. Sa bhreis air sin, ba cheart do mheastóireacht neamhspleách ex-post déileáil le tionchar fadtéarmach na hionstraime.

(21)Ba cheart na cláir oibre le haghaidh chur chun feidhme na tacaíochta teicniúla a bhunú. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Beidh feidhm ag rialacha cothrománacha airgeadais arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 322 den Chonradh maidir leis an Rialachán seo. Leagtar síos na rialacha sin i Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (an Rialachán Airgeadais) 17 agus cinntear leo go háirithe an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, trí sholáthar, trí dhuaiseanna, trí chur chun feidhme indíreach, agus déantar foráil iontu i gcomhair seiceálacha ar fhreagracht gníomhaithe airgeadais. Ina theannta sin, na rialacha a ghlactar ar bhonn Airteagal 322 CFAE, baineann siad freisin le cosaint bhuiséad an Aontais i gcás easnamh ginearálaithe maidir le smacht reachta sna Ballstáit, os rud é gur réamhchoinníoll riachtanach urramú an smachta reachta i dtaca le bainistíocht fhónta airgeadais agus cistiú éifeachtach de chuid an Aontais.

(22)I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 833/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 18 , Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2988/95 ón gComhairle 19 , Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle 20 , agus Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle 21 , déanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha, lena náirítear trí neamhrialtachtaí agus calaois a chosc, a bhrath, a cheartú agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, smachtbhannaí riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96, féadfaidh an Oifig Eorpach FrithChalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena náirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, féadfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) calaois agus ciontaí coiriúla eile a fhiosrú a mbíonn éifeacht acu ar leas airgeadais an Aontais mar a fhoráiltear dó i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 22 . I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, ní mór d’aon duine nó d’aon eintiteas a fhaigheann cistí ón Aontas comhoibriú go hiomlán i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais agus na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, do OIPE agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus ní mór dóibh a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha don Choimisiún, do OLAF, do OIPE agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa.

(23)Os rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach astu féin agus gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(24)Níor cheart go mbeadh tionchar ag an Rialachán seo ar leanúint de bhearta tacaíochta agus iad a mhodhnú arna bhformheas ag an gCoimisiún ar bhonn Rialachán (AE) Uimh. 2017/825 nó aon ghníomh eile de chuid an Aontais a mbeidh feidhm aige maidir leis an gcúnamh sin faoin 31 Nollaig 2020. Ba cheart mar sin go mbeadh na bearta arna bhformheas faoi Rialachán (AE) 2017/825 bailí go fóill. Chuige sin, ba cheart foráil idirthréimhseach a leagan síos freisin.

(25)Ionas go bhféadfar na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm go pras, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

Forálacha ginearálta

Airteagal 1
Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil (‘an ionstraim’).

Leagtar síos leis cuspóirí na hionstraime, an buiséad le haghaidh na tréimhse 2021 – 2027, na foirmeacha cistiúcháin ón Aontas agus na rialacha maidir leis an gcistiú sin a sholáthar.

Airteagal 2
Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)ciallaíonn ‘tacaíocht theicniúil’ bearta a chuidíonn le Ballstáit tabhairt faoi athchóirithe institiúideacha, riaracháin agus struchtúracha lena mbuanófaí an fás agus lena bhfeabhsaítear an athléimneacht;

(2)ciallaíonn ‘údarás náisiúnta’ údarás poiblí amháin nó níos mó ar leibhéal an rialtais, lena náirítear iad siúd ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéil áitiúil, chomh maith le heagraíochtaí de chuid na mBallstát de réir bhrí Airteagal 2(42) den Rialachán Airgeadais, agus iad ag déanamh comhair le chéile i spiorad na comhpháirtíochta i gcomhréir le creat institiúideach agus dlíthiúil na mBallstát;

(3)ciallaíonn ‘cistí an Aontais’ na cistí arna gcumhdach le Rialachán (AE) YYY/XX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [comharba RFC] 23 ;

(4)ciallaíonn ‘eagraíocht idirnáisiúnta’ eagraíocht de réir bhrí Airteagal 156 den Rialachán Airgeadais, agus eagraíochtaí atá comhshamhlaithe le heagraíocht idirnáisiúnta den sórt sin de bhun an Airteagail sin.

Airteagal 3
An cuspóir ginearálta

Is é cuspóir ginearálta na hionstraime go gcuirfear comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais a chur chun cinn trí iarrachtaí na mBallstát athchóirithe a chur chun feidhme atá riachtanach chun téarnamh, athléimneacht agus cóineasú a ghnóthú ar bhonn eacnamaíoch agus sóisialta, agus tacú le hiarrachtaí na mBallstát a gcumas a n‑inniúlacht riaracháin a neartú chun dlí an Aontais a chur chun feidhme i ndáil le dúshláin nár mhór d'institiúidí, rialachas, riarachán poiblí chomh maith le hearnálacha eacnamaíocha agus sóisialta aghaidh a thabhairt orthu.

Airteagal 4
Cuspóirí sonracha

Chun na cuspóirí ginearálta a leagtar amach in Airteagal 3, beidh cuspóirí sonracha ag an ionstraim ina gcabhrófar leis na húdaráis náisiúnta chun feabhas a chur ar a n‑acmhainneacht maidir le hathchóirithe a cheapadh, a fhorbairt agus a chur chun feidhme, lena n‑áirítear dea-chleachtais , próisis agus modheolaíochtaí iomchuí a mhalartú agus bainistíocht acmhainní daonna atá níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla. Saothrófar an cuspóirí sonrach sin i ndlúthchomhar leis na Ballstáit lena mbaineann.

Airteagal 5
Raon Feidhme

Na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 4, déanfaidh siad tagairt do réimsí beartais a bhaineann le comhtháthú, iomaíochas, táirgiúlacht, taighde agus nuálaíocht, fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach, poist agus infheistíocht, agus cuirfear béim ar leith ar gníomhaíochtaí a fhothaíonn an t‑aistriú digiteach agus an t‑aistriú glas, agus go háirithe do cheann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:

(a)Bainistíocht airgeadais agus sócmhainní poiblí, próiseas an bhuiséid, bainistíocht fiachais agus airgid reatha, caiteachas agus beartas cánach, comhlíonadh cánach, pleanáil ionsaitheach cánach, calaois agus imghabháil chánach agus an taontas custaim;

(b)athchóiriú institiúideach agus feidhmiú an riaracháin phoiblí a dhéanamh níos éifeachtúla agus í a dhíriú níos mó ar an soláthar seirbhíse agus ar ríomhsheirbhísí an rialtais, lena náirítear, i gcás inarb iomchuí, trí rialacha a shimpliú, trí smacht reachta éifeachtach, trí athchóiriú na gcóras ceartais, agus trí athneartú an chomhraic i gcoinne na calaoise, na héillithe agus an sciúradh airgid;

(c)an timpeallacht ghnó, lena náirítear le haghaidh fiontair bheaga agus mheánmhéide, ationsclú, forbairt na hearnála príobháidí, margaí táirgí agus seirbhísí, infheistíocht, rannpháirtíocht phoiblí i bhfiontair, próisis phríobháidithe, trádáil agus infheistíocht dhíreach choigríche, iomaíocht agus soláthar poiblí, forbairt earnálach inbhuanaithe agus tacaíocht don taighde agus don nuálaíocht agus don digitiú;

(d)oideachas agus oiliúint, beartais maidir leis an margadh saothair, lena náirítear idirphlé sóisialta, chun poist a chruthú, scileanna daoine a thabhairt cothrom le dáta, scileanna digiteacha, an comhrac in aghaidh na bochtaineachta agus an neamhionannas ioncaim iomarcach, comhionannas inscne, cur chun cinn an chuimsithe shóisialta, córais slándála sóisialta agus córais leasa shóisialta, córais sláinte poiblí agus córais cúraim sláinte, chomh maith le beartais maidir le comhtháthú, le tearmann, le himirce agus le teorainneacha;

(e)beartais chun an taistriú digiteach, an taistriú glas, réitigh ríomhRialtais, ríomhsholáthar, idirnascthacht, rochtain ar shonraí agus rialachas, ríomhfhoghlaim, úsáid réiteach bunaithe ar an intleacht shaorga, colún timpeallachta na forbartha inbhuanaithe agus na cosanta comhshaoil a chur chun feidhme, gníomhú ar son na haeráide, soghluaisteacht a chur chun feidhme, an geilleagar ciorclach, éifeachtúlacht fuinnimh agus acmhainní a chur chun cinn, foinsí fuinnimh inathnuaite, éagsúlacht fuinnimh a bhaint amach agus slándáil fuinnimh a áirithiú, agus maidir leis an earnáil talmhaíochta, cosaint na hithreach agus na bithéagsúlachta, iascach agus forbairt inbhuanaithe na limistéar tuaithe; agus

(f)beartais maidir leis an earnáil airgeadais, lena náirítear: litearthacht airgeadais, cobhsaíocht airgeadais, rochtain ar airgeadas agus iasachtú le haghaidh an fhíorgheilleagair a chur chun cinn; agus táirgeadh, soláthar agus faireachán ar cháilíocht sonraí agus staidrimh.

Airteagal 6
Buiséad

1.Is é EUR 864 406 000 i bpraghsanna reatha an timchlúdach airgeadais a bheidh ann le haghaidh chur chun feidhme na hionstraime  le haghaidh na tréimhse 2021-2027.

2.Féadfaidh imchlúdach airgeadais na hionstraime costais a chumhdach a bhaineann le gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchta agus meastóireachta atá ag teastáil chun an ionstraim a bhainistiú agus a chuspóirí a ghnóthú, go háirithe staidéir, cruinnithe saineolaithe, bearta faisnéise agus cumarsáide, lena náirítear cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais, a mhéid a bhaineann siad le cuspóirí an Rialacháin seo, costais a bhaineann le líonraí TF atá dírithe ar phróiseáil agus ar mhalartú faisnéise, lena náirítear uirlisí teicneolaíochta faisnéise corparáideacha, agus gach costas eile maidir le cúnamh teicniúil agus riaracháin arna thabhú ag an gCoimisiún chun an ionstraim a bhainistiú. Chomh maith leis sin, féadfaidh na costais gach costas a bhaineann le gníomhaíochtaí tacaíochta eile a chumhdach, amhail costais a bhaineann le rialú cáilíochta agus faireachán ar thionscadail um thacaíocht theicniúil ar an láthair agus costais a bhaineann le piarchomhairleoireacht agus le saineolaithe chun athchóirithe struchtúracha a mheasúnú agus a chur chun feidhme.

3.Féadfar acmhainní arna leithdháileadh ar Bhallstáit faoin mbainistíocht chomhroinnte a aistriú chuig an ionstraim, arna niarraidh sin acu. Cuirfidh an Coimisiún na hacmhainní sin chun feidhme go díreach i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais nó go hindíreach i gcomhréir le pointe (c) den Airteagal sin. Úsáidfear na hacmhainní sin chun leasa an Bhallstáit lena mbaineann a dhéanamh más féidir.

CAIBIDIL II

Tacaíocht theicniúil

Airteagal 7
Gníomhaíochtaí atá incháilithe chun tacaíocht theicniúil a fháil

De bhun na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagail 3 agus 4, déanfaidh an ionstraim gníomhaíochtaí den chineál seo a leanas go háirithe a mhaoiniú:

(g)saineolas a bhaineann le comhairle faoi bheartas, athrú beartais, straitéisí agus treochláir athchóirithe a fhoirmliú, agus a bhaineann freisin le hathchóirithe reachtacha, institiúideacha, struchtúracha agus riaracháin;

(h)saineolaithe a chur ar fáil ar bhonn gearrthéarmach nó fadtéarmach, lena náirítear saineolaithe cónaitheacha, chun cúraimí i réimsí sonracha nó gníomhaíochtaí oibríochtúla a dhéanamh, agus, i gcás inar gá, tacaíocht ateangaireachta, aistriúcháin agus comhair a thabhairt, mar aon le cúnamh riaracháin agus áiseanna bonneagair agus trealaimh;

(i)fothú acmhainneachta institiúidí, riaracháin nó earnála agus gníomhaíochtaí tacaíochta gaolmhara ar gach leibhéal rialachais, a rannchuideoidh freisin le cumhachtú na sochaí sibhialta, lena náirítear comhpháirtithe sóisialta, de réir mar is iomchuí, go háirithe:

(i)seimineáir, comhdhálacha agus ceardlanna;

(ii)cuairteanna oibre ar Bhallstáit ábhartha nó ar thríú tíortha chun go bhféadfaidh oifigigh saineolas nó eolas ar shaincheisteanna ábhartha a fháil nó an saineolas nó an teolas atá acu ar na saincheisteanna sin a mhéadú;

(iii)gníomhaíochtaí oiliúna agus modúil oiliúna ar líne nó modúil oiliúna de chineál eile a fhorbairt chun tacú leis na scileanna gairmiúla agus leis an eolas gairmiúil a theastaíonn i dtaca leis na hathchóirithe ábhartha;

(j)sonraí agus staitisticí a bhailiú; modheolaíochtaí coiteanna agus, i gcás inarb iomchuí, táscairí agus tagarmharcanna coiteanna a fhorbairt;

(k)tacú oibríochtúil áitiúil a eagrú i réimsí amhail tearmann, an imirce agus rialú teorann;

(l)acmhainneacht TF a fhothú, lena náirítear saineolas a bhaineann le forbairt, cothabháil, oibriú agus rialú cáilíochta an bhonneagair TF agus na bhfeidhmchlár is gá chun na hathchóirithe ábhartha a chur chun feidhme, cibearshlándáil, chomh maith le saineolas a bhaineann le cláir atá dírithe ar dhigitiú na seirbhísí poiblí;

(m)staidéir, taighde, anailísí agus suirbhéanna, meastóireachtaí agus measúnuithe tionchair, agus forbairt agus foilsiú treoirleabhar, tuarascálacha agus ábhair oideachais;

(n)tionscadail chumarsáide maidir le foghlaim, lena náirítear ríomhfhoghlaim, comhar, múscailt feasachta, gníomhaíochtaí scaipthe agus malartú dea-chleachtas; feachtais múscailte feasachta agus faisnéise a eagrú, chomh maith le feachtais agus ócáidí trí na meáin chumarsáide, lena náirítear cumarsáid chorparáideach agus cumarsáid, i gcás inarb iomchuí, trí na gréasáin shóisialta;

(o)tiomsú agus foilsiú ábhar chun faisnéis agus torthaí na tacaíochta teicniúil arna soláthar faoin ionstraim a scaipeadh, lena náirítear trí chórais agus uirlisí a úsáideann teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a fhorbairt, a oibriú agus a choinneáil ar bun; agus

(p)aon ghníomhaíocht ábhartha eile a thacaíonn leis na cuspóirí ginearálta agus sonracha a leagtar amach in Airteagail 3 agus 4.

Airteagal 8
Iarraidh ar thacaíocht theicniúil

4.Más mian le Ballstát tacaíocht theicniúil a fháil faoin ionstraim, cuirfidh sé iarraidh ar thacaíocht faoi bhráid an Choimisiúin, agus sainaithneoidh sé san iarraidh sin na réimsí beartais agus na tosaíochtaí i gcomhair tacaíochta faoi chuimsiú raon feidhme na hionstraime faoi mar a leagtar amach é in Airteagal 5. Cuirfear na hiarrataí sin isteach faoin 31 Deireadh Fómhair sa bhliain féilire lena mbaineann. Féadfaidh an Coimisiún treoir a sholáthar maidir leis na príomhghnéithe a bheidh le cur san áireamh san iarraidh ar thacaíocht.

5.Féadfaidh Ballstáit iarraidh ar thacaíocht theicniúil a thíolacadh sna himthosca seo a leanas, ar imthosca iad a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

(q)cur chun feidhme athchóirithe arna ndéanamh ag na Ballstáit, ar a dtionscnamh féin, go háirithe chun tacú leis an téarnamh [i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. YYY/XX], fás eacnamaíoch inbhuanaithe agus cruthú post a bhaint amach agus an athléimneacht a fheabhsú;

(r)cur chun feidhme clár coigeartaithe eacnamaíoch maidir le Ballstáit a fhaigheann cúnamh airgeadais ón Aontas faoi ionstraimí atá ann cheana, go háirithe i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 24 a mhéid a bhaineann leis na Ballstáit arb é an euro a nairgeadra, agus i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 332/2002 25 ón gComhairle a mhéid a bhaineann le Ballstáit nach é an euro a nairgeadra;

(s)cur chun feidhme athchóirithe fáschothaitheacha i gcomhthéacs na bpróiseas a bhaineann le rialachas eacnamaíoch, go háirithe na moltaí tír-shonracha arna neisiúint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh nó gníomhaíochtaí a bhaineann le dlí an Aontais a chur chun feidhme;

(t)chun pleananna téarnaimh a ullmhú a ghlacfar ar láimh faoi Rialachán (AE) Uimh. YYY/XX agus na Ballstáit á gcur chun feidhme;

6.Agus prionsabail na trédhearcachta, na córa comhionainne agus an bhainistithe fhónta airgeadais á gcur i gcuntas, agus i ndiaidh dó plé a dhéanamh leis an mBallstát, lena náirítear i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, déanfaidh an Coimisiún anailís ar an iarraidh ar thacaíocht dá dtagraítear i mír 1 bunaithe ar phráinn, ar leithead agus ar dhoimhneacht na bhfadhbanna arna sainaithint, bunaithe ar na riachtanais tacaíochta atá ann sna réimsí beartais lena mbaineann, bunaithe ar anailís ar tháscairí socheacnamaíocha agus bunaithe ar chumas ginearálta riaracháin an Bhallstáit.

Bunaithe ar an anailís sin, agus na gníomhaíochtaí agus na bearta atá ann cheana agus atá á maoiniú le cistí de chuid an Aontais nó le cláir eile de chuid an Aontais á gcur i gcuntas, tiocfaidh an Coimisiún ar chomhaontú leis an mBallstát lena mbaineann maidir le réimsí tosaíochta na tacaíochta, na cuspóirí, amlíne tháscach, raon feidhme na mbeart tacaíochta a bheidh le soláthar agus iomlán measta na ranníocaíochta domhanda airgeadais don tacaíocht theicniúil, agus leagfar amach iad i bplean tacaíochta agus comhair.

7.Sa phlean comhair agus tacaíochta dá dtagraítear i mír 3, déanfaidh sé, ar leithligh ó thacaíocht theicniúil eile, na bearta a bhaineann le pleananna téarnaimh agus athléimneachta le haghaidh na mBallstát de bhun Rialachán (AE) Uimh. YYY/XX.

Airteagal 9
Faisnéis chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle agus cumarsáid maidir leis na pleananna comhair agus tacaíochta

8.Déanfaidh an Coimisiún, faoi réir thoiliú an Bhallstáit lena mbaineann, an plean comhair agus tacaíochta a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa gan moill mhíchuí. Féadfaidh an Ballstát lena mbaineann diúltú toiliú den sórt sin a thabhairt i gcás faisnéis íogair nó rúnda a ndéanfadh a nochtadh leasanna poiblí an Bhallstáit a chur i mbaol.

9.D'ainneoin fhorálacha mhír 1, déanfaidh an Coimisiún an plean comhair agus tacaíochta a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle sna himthosca seo a leanas:

(u)a luaithe a bheidh an fhaisnéis íogair nó rúnda go léir bainte amach ag an mBallstát lena mbaineann, a ndéanfadh a nochtadh leasanna poiblí an Bhallstáit lena mbaineann a chur i mbaol;

(v)tar éis tréimhse réasúnach ama, nuair nach ndéanfadh nochtadh faisnéise ábhartha difear díobhálach do chur chun feidhme na mbeart tacaíochta, agus in aon chás tráth nach déanaí ná dhá mhí tar éis bearta den sórt sin a thabhairt i gcrích faoin bplean comhair agus tacaíochta.

10.Féadfaidh an Coimisiún dul i mbun gníomhaíochtaí cumarsáide chun infheictheacht an chistithe ón Aontas i gcomhair na mbeart tacaíochta atá beartaithe sna pleananna comhair agus tacaíochta a áirithiú, lena náirítear trí chomhghníomhaíochtaí cumarsáide leis na húdaráis náisiúnta lena mbaineann.

Airteagal 10
Aistrithe acmhainní chuig an ionstraim

11.I dteannta an imchlúdaigh airgeadais a leagtar amach in Airteagal 6(1), is féidir an buiséad tacaíochta teicniúla a mhaoiniú trí bhíthin aistrithe ó na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán [comharba RFC], agus de bhun an nós imeachta a leagtar amach san Airteagal sin, dá dtagraítear in Airteagal 6(3) den Rialachán seo.

12.Aon aistriú a dhéanfaidh Ballstát i gcomhréir le mír 1, úsáidfear é go heisiach sa Bhallstát sin.

Airteagal 11
Cistiú Forlíontach

Féadfaidh gníomhaíochtaí a mhaoineofar faoin ionstraim um thacaíocht theicniúil tacaíocht a fháil ó chláir, ó ionstraimí nó ó chistí eile de chuid an Aontais, faoi bhuiséad an Aontais, ar choinníoll nach gcumhdaíonn an tacaíocht sin na costais chéanna.

Airteagal 12
Tacaíocht theicniúil a chur chun feidhme

13.Is é an Coimisiún a chuirfidh an ionstraim chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

14.Féadfaidh an Coimisiún bearta na hionstraime a chur chun feidhme go díreach, nó féadfaidh eintitis agus daoine seachas na Ballstáit iad a chur chun feidhme go hindíreach i gcomhréir le hAirteagal XX den Rialachán Airgeadais. Go háirithe, tiocfaidh tacaíocht an Aontais do ghníomhaíochtaí de bhun Airteagal 7 sna foirmeacha seo a leanas:

(w)deontais;

(x)conarthaí soláthair phoiblí;

(y)aisíocaíocht costas arna dtabhú ag saineolaithe seachtracha, lena náirítear saineolaithe ó údaráis náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla na mBallstát a mbeidh tacaíocht á soláthar nó á fáil acu;

(z)ranníocaíochtaí le cistí iontaobhais arna gcur ar bun ag eagraíochtaí idirnáisiúnta; agus

(aa)gníomhaíochtaí a dhéanfar trí bhainistíocht indíreach.

15.Féadfar deontais a dhámhachtain d'údaráis náisiúnta na mBallstát, do ghrúpa an Bhainc Infheistíochta Eorpach, d'eagraíochtaí idirnáisiúnta, do chomhlachtaí poiblí nó príobháideacha agus d'eintitis atá bunaithe go dlíthiúil iontu seo a leanas:

(bb)na Ballstáit;

(cc)tíortha de chuid Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa ar páirtithe iad sa Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa chomhaontú sin.

Beidh ráta suas le 100 % de na costais incháilithe ann le haghaidh cómhaoiniú i gcomhair deontas.

16.Is féidir go mbeidh bearta tacaíochta teicniúla a soláthar i gcomhar le heintitis na Ballstáit eile agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta.

17.Ina theannta sin, féadfaidh saineolaithe aonair tacaíocht a sholáthar, agus is féidir iarraidh ar na saineolaithe sin rannchuidiú le gníomhaíochtaí áirithe arna neagrú i gcás inar gá sin leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 4 a bhaint amach.

18.Chun an tacaíocht theicniúil a chur chun feidhme, glacfaidh an Coimisiún cláir oibre, trí ghníomhartha cur chun feidhme, agus cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi.

Is iad na cláir oibre a leagfaidh amach an leithdháileadh le haghaidh na hionstraime. Is iadsan a leagfaidh amach freisin na bearta is gá chun iad a chur chun feidhme i gcomhréir le cuspóirí ginearálta agus sonracha dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 4, agus na critéir roghnúcháin agus dhámhachtana le haghaidh deontas, chomh maith leis na heilimintí eile go léir a cheanglaítear leis an Rialachán Airgeadais.

19.Chun a áirithiú go gcuirfear acmhainní ar fáil go tráthúil, beartófar cuid theoranta den chlár oibre a chur in áirithe le haghaidh bearta speisialta i gcás forais phráinne gan choinne agus a bhfuil údar cuí leo agus a dteastaíonn freagairt ina leith láithreach, lena náirítear suaitheadh tromchúiseach sa gheilleagar nó imthosca mórthábhachtacha a dhéanann difear tromchúiseach do dhálaí eacnamaíocha nó sóisialta i mBallstát agus gan neart ag an mBallstát orthu.

Féadfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin ag Ballstát ar mian leis tacaíocht theicniúil a fháil, bearta speisialta a ghlacadh i gcomhréir leis na cuspóirí agus leis na gníomhaíochtaí a shainítear san ionstraim chun tacaíocht theicniúil a sholáthar do na húdaráis náisiúnta chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha. Bearta de chineál eatramhach a bheidh i mbearta den sórt sin agus beidh siad comhcheangailte de na himthosca a leagtar amach in Airteagal 8(2). Tiocfaidh deireadh leis na bearta speisialta laistigh de shé mhí agus féadfar bearta tacaíochta teicniúla a chur ina n‑ionad i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 8.

CAIBIDIL III

Comhlántacht, faireachán agus meastóireacht

Airteagal 13
Comhordú agus comhlántacht

20.Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit lena mbaineann, i mbeart i gcomhréir lena gcuid freagrachtaí faoi seach, sineirgíochtaí a chothú agus comhordú éifeachtach idir an ionstraim um thacaíocht theicniúil agus cláir  agus ionstraimí eile de chuid an Aontais a áirithiú, agus go háirithe le bearta arna maoiniú le cistí ón Aontas. Chun na críche sin, déanfaidh siad na nithe seo a leanas:

(dd)a áirithiú go bhfuil comhlántacht, comhleanúnachas agus sineirgíocht idir ionstraimí éagsúla ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, agus, i gcás inarb iomchuí, ar an leibhéal réigiúnach, go háirithe i ndáil le bearta arna maoiniú le cistí de chuid an Aontais, le linn chéim na pleanála agus le linn chéim an chur chun feidhme;

(ee)sásraí comhordúcháin a bharrfheabhsú chun athobair a sheachaint; agus

(ff)dlúthchomhar a áirithiú idir iad sin atá freagrach as cur chun feidhme ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus, i gcás inarb iomchuí, ar an leibhéal réigiúnach chun gníomhaíochtaí tacaíochta comhleanúnacha agus cuíchóirithe a bhaint amach.

21.Déanfaidh an Coimisiún a dhícheall chun comhlántacht agus sineirgíocht a áirithiú leis an tacaíocht a sholáthraíonn eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha eile.

Airteagal 14
Faireachán ar chur chun feidhme

22.Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme na hionstraime agus déanfaidh sé gnóthú na gcuspóirí ginearálta agus sonracha a leagtar amach in Airteagail 3 agus 4 a thomhas. Na táscairí a úsáidfear chun tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn agus chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán seo chun na cuspóirí ginearálta agus sonracha a ghnóthú, leagtar amach san Iarscríbhinn iad. Beidh an faireachán agus an cur chun feidhme spriocdhírithe agus i gcomhréir leis na gníomhaíochtaí a dhéanfar faoin ionstraim.

23.Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta, áiritheofar go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na hionstraime agus ar na torthaí ar dhóigh atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistiúcháin ón Aontas.

Airteagal 15
Tuarascáil Bhliantúil

24.Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo.

25.Áireofar sa tuarascáil bhliantúil faisnéis faoin méid seo a leanas:

(gg)iarrataí ar thacaíocht arna dtíolacadh ag na Ballstáit, de bhun Airteagal 8(1);

(hh)anailís ar chur i bhfeidhm na gcritéar, dá dtagraítear in Airteagal 8(2), critéir a úsáidtear chun anailís a dhéanamh ar iarrataí ar thacaíocht arna dtíolacadh ag na Ballstáit;

(ii)pleananna comhair agus tacaíochta, dá dtagraítear in Airteagal 8(3);

(jj)bearta speisialta arna nglacadh de bhun Airteagal 12(7); agus

(kk)bearta tacaíochta a chur chun feidhme. 

Airteagal 16
Meastóireacht mheántéarma agus meastóireacht ex-post

26.Ceithre bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil meastóireachta meántéarmach neamhspleách a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta neamhspleách ex post a sholáthar do na hinstitiúidí sin freisin tráth nach déanaí ná trí bliana tar éis dheireadh na tréimhse a shonraítear in Airteagal 1.

27.Sa tuarascáil mheastóireachta meántéarma, go háirithe, déanfar measúnú ar a mhéid a baineadh amach cuspóirí na hionstraime dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 4, éifeachtúlacht úsáid na nacmhainní agus ar an mbreisluach Eorpach. Déanfar breithniú inti freisin ar ábharthacht leanúnach na gcuspóirí agus na ngníomhaíochtaí uile.

28.Beidh measúnú foriomlán ar chur chun feidhme an Rialacháin sa tuarascáil mheastóireachta ex post agus beidh faisnéis faoina thionchar san fhadtéarma san áireamh inti freisin.

CAIBIDIL IV

Forálacha idirthréimhseacha agus forálacha críochnaitheacha

Airteagal 17
Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

29.Tabharfaidh faighteoirí cistithe ón Aontas aitheantas d'fhoinse an chistithe agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe ón Aontas, go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á gcur chun cinn, trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena náirítear na meáin agus an pobal.

30.Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an ionstraim, agus a bhaineann lena gníomhaíochtaí agus n torthaí uirthi. Leis na hacmhainní airgeadais arna leithdháileadh ar an Ionstraim, rannchuideofar le cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais freisin, a fhad a bhaineann siad sin leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 4.

Airteagal 18
Foráil idirthréimhseach

31.Beidh gníomhaíochtaí maidir le tacaíocht theicniúil a tionscnaíodh an 31 Nollaig 2020 nó roimhe de bhun Rialachán (AE) Uimh. 2017/825 faoi rialú an Rialacháin sin fós go dtí go dtabharfar chun críche iad.

32.Féadfar costais maidir le cúnamh teicniúil agus riaracháin a chumhdach freisin faoin imchlúdach airgeadais a leagtar amach in Airteagal 6(1), lena náirítear costais a bhaineann le faireachán, cumarsáid agus meastóireacht a cheanglaítear de bhun Rialachán Uimh. (AE) 2017/825 agus nach mbeidh curtha i gcrích faoin 31 Nollaig 2020.

33.I gcás inar gá, féadfar leithreasuithe a iontráil sa bhuiséad tar éis 2020 chun na costais dá bhforáiltear in Airteagal 6(2) a chumhdach, costais a bhaineann le bainistíocht gníomhaíochtaí nach mbeidh curtha i gcrích faoin 31 Nollaig 2020.

Airteagal 19
Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

1.2.Réimse/réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB

1.3.Cineál an togra/tionscnaimh

1.4.Cuspóirí

1.5.Forais an togra/tionscnaimh

1.6.Fad agus tionchar airgeadais

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh aige ar chaiteachas 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar chaiteachas

3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Teicniúil

1.2.Réimse/réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB 26  

Comhtháthú;

Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

1.3.Cineál an togra/tionscnaimh

 Baineann an togra/tionscnamh le beart nua 

 Baineann an togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 27  

 Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar bheart atá ann cheana 

 Baineann an togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo beart nua 

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

Is é aidhm na hionstraime seo comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais a chur chun cinn trí thacú le hiarrachtaí na mBallstát chun na hathchóirithe is gá a chur i bhfeidhm chun an téarnamh eacnamaíoch agus sóisialta, athléimneacht agus cóineasú a bhaint amach, agus tacú le hiarrachtaí na mBallstát a gcumas riaracháin a neartú chun dlí an Aontais a chur chun feidhme i ndáil le dúshláin atá os comhair institiúidí, rialachas, riarachán poiblí, agus na hearnálacha eacnamaíocha agus sóisialta.

1.4.2.Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

Cuspóir sonrach Uimh.

Ar a iarraidh sin do na Ballstáit, cabhróidh an ionstraim um thacaíocht theicniúil leis na húdaráis náisiúnta feabhas a chur ar a gcumas riaracháin maidir le hathchóirithe a dhearadh, a fhorbairt agus a chur chun feidhme, lena n‑áirítear dea-chleachtais a mhalartú, próisis agus modheolaíochtaí iomchuí agus bainistíocht acmhainní daonna atá níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla. 

1.4.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Ba cheart go mbeadh cumas riaracháin feabhsaithe a bheith ag na Ballstáit mar thoradh ar thacaíocht theicniúil maidir le hathchóirithe tosaíochta a chur chun feidhme chun téarnamh eacnamaíoch agus sóisialta, athléimneacht agus cóineasú a bhaint amach, agus maidir le dlí an Aontais a chur chun feidhme sna réimsí beartais ábhartha ina dtugtar tacaíocht den sórt sin (arna iarraidh sin), eadhon bainistiú airgeadais phoiblí agus bainistiú sócmhainní; próiseas an bhuiséid; bainistíocht fiachais agus riarachán ioncaim; imghabháil cánach a chomhrac; athchóiriú institiúideach, riarachán poiblí agus ríomhrialtas; Timpeallacht gnó; oideachas agus oiliúint; an tsláinte; an margadh saothair; agus na beartais maidir leis an aistriú digiteach agus leis an aistriú glas agus leis an earnáil airgeadais a chur chun feidhme.

1.4.4.Táscairí lena léirítear torthaí agus tionchar

Sonraigh na táscairí lena léireofar an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

Na táscairí torthaí, tomhaisfidh siad torthaí na ngníomhaíochtaí tacaíochta teicniúla a cuireadh ar fáil amhail straitéis a ghlacadh, dlí/gnímh nua a ghlacadh nó ceann a bhí ann cheana a modhnú, nósanna imeachta (nua) agus gníomhaíochtaí a ghlacadh chun feabhas a chur ar chur chun feidhme na n‑athchóirithe;

Is iad na táscairí tionchair a dhéanfaidh na cuspóirí a thomhas sna pleananna comhair agus tacaíochta, pleananna a baineadh amach mar gheall ar an gcúnamh teicniúil a fuarthas, i measc rudaí eile.

1.5.Forais an togra/tionscnaimh

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Is éard is athchóirithe struchtúracha ann athruithe a chur i bhfeidhm ar bhealach marthanach struchtúr geilleagair nó an creat institiúideach agus rialála ina n‑oibríonn gnólachtaí agus daoine. Má roghnaítear agus má chuirtear chun feidhme go maith iad, is féidir le hathchóirithe struchtúracha cabhrú leis an bpleanáil straitéiseach don téarnamh eacnamaíoch agus sóisialta, don athléimneacht agus don chóineasú i measc na mBallstát. Táthar ag súil go gcuirfear téarnamh stóinseach ar an mbealach ceart dá bharr agus go gcothófar fás inbhuanaithe na mBallstát.

Dá bhrí sin, is é is aidhm don ionstraim um thacaíocht theicniúil tacú le rialtais na mBallstát agus le húdaráis eile, ar a iarraidh sin dóibh, ina gcuid iarrachtaí chun athchóirithe struchtúracha a cheapadh a chuidíonn leis an téarnamh a chur chun feidhme. Is e is aidhm don ionstraim rannchuidiú leis an ionstraim cur leis an gcuspóir foriomlán chun comhtháthú, agus an téarnamh eacnamaíoch agus sóisialta, athléimneacht agus cóineasú a fheabhsú.

1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais

Cúiseanna le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais (ex ante)

I bhfianaise ráig COVID-19, de bharr an ghá atá le pleanáil straitéiseach don téarnamh, ceanglaítear ar na Ballstáit leanúint d’iarrachtaí athchóirithe a chur ar fáil dóibh trí thacaíocht shubstaintiúil theicniúil a chur ar fáil dóibh chun a gcumas riaracháin a neartú chun na hathchóirithe lena gcothófar athléimneacht a ullmhú agus a chur chun feidhme agus lena gcuirfear taca faoin téarnamh sin ó thaobh a ghnéithe sóisialta agus geilleagair de.

Sa chomhthéacs sin, cuirtear breisluach ar fáil trí ionstraim ar leibhéal an Aontais lena ndíreofar ar shaineolas saincheaptha a sholáthar ar mhaithe leis na Ballstáit uile a iarrann tacaíocht ar an láthair. Déantar an breisluach sin a aistriú tuilleadh go dtí na hacmhainní institiúideacha agus riaracháin is gá chun athchóirithe a chur chun feidhme agus chun a áirithiú go mbeidh na Ballstáit in ann an téarnamh a chur ar bhealach daingean.

Ina theannta sin, cuirfidh an ionstraim um thacaíocht theicniúil muinín fhrithpháirteach agus comhar breise chun cinn idir na Ballstáit agus an Coimisiún agus iad ag dul i ngleic le tionchar sochaíoch na géarchéime COVID-19.

An breisluach Eorpach a mheastar a bheidh ann (ex post)

Cé gur inniúlacht náisiúnta fós iad na hathchóirithe struchtúracha a chur chun feidhme sna Ballstáit, an tionchar eacnamaíoch agus sochaíoch a tháinig mar thoradh ar an ngéarchéim reatha COVID-19, leag sé béim ar na naisc láidre idir geilleagair na mBallstát. Dá bhrí sin, na hiarrachtaí athchóirithe a dhéanfar chun tacú leis an téarnamh ón ngéarchéim sin, ní féidir gur saincheist náisiúnta amháin iad. Pléifear comhordú beartais eacnamaíoch an téarnaimh ón ngéarchéim seo i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh. Is é an aidhm a bheidh ag an ionstraim um thacaíocht theicniúil údaráis náisiúnta na mBallstát a iarrann an cúnamh a thionlacan le linn na gcéimeanna, nó le linn chéimeanna sonracha an phróisis athchóirithe, lena n‑áirítear trí thacaíocht bhreise a sholáthar chun athchóirithe a chur chun feidhme faoin Seimeastar Eorpach. Tríd an méid sin a dhéanamh, rannchuideoidh sé leis an athléimneacht, cóineasú agus le téarnamh eacnamaíoch agus sóisialta na mBallstát. Ní amháin ar an leibhéal náisiúnta a bheidh an tionchar aige, ach beidh éifeachtaí iarmharta dearfacha aige freisin ar théarnamh an Aontais ina iomláine.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Is é atá san ionstraim tacaíochta teicniúil leagan leantach den Chlár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach (2017-2020) atá ann cheana agus a tháinig i bhfeidhm an 20 Bealtaine 2017.

I ndoiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann leis an tuarascáil mheastóireachta meántéarma neamhspleách ar an gClár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach, a ghlacfaidh an Coimisiún roimh i bhfad, rinneadh scrúdú ar a fheidhmíocht i gcomparáid leis na critéir mheastóireachta maidir le hábharthacht, éifeachtacht, éifeachtúlacht, comhleanúnachas agus breisluach AE, agus tarraingíodh roinnt ceachtanna air:

— ceapadh an Clár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach i gcomhréir le riachtanais iarbhír na mBallstát agus is ionstraim iomchuí é chun tacú leis na Ballstáit a gcumas riaracháin agus institiúideach a neartú;

— mar gheall ar an ardleibhéal solúbthachta, in éagmais ceanglas cómhaoinithe, is féidir riachtanais na mBallstát a thiontú ina ngníomhaíochtaí indéanta a mbeidh amlínte réalaíocha ag gabháil leo agus ionchais an Bhallstáit a chomhlíonadh;

— measadh freisin go raibh breisluach suntasach ag baint le dea-chleachtais a chomhroinnt i measc na mBallstát. Ina theannta sin, tá an Clár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach comhtháite go maith i bpróiseas rialachais eacnamaíoch an Aontais;

— go bhfuil timthriallta bliantúla an Chláir Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach agus an tSeimeastair Eorpaigh ag cothú a chéile go leordhóthanach, rud a chumasaíonn cur chuige cuimsitheach agus comhordaithe i leith athchóirithe struchtúracha sna Ballstáit;

— go bhfuil ardleibhéal tiomantais ar fáil ó na geallsealbhóirí go léir, go meastar go bhfuil ardleibhéal saineolais ag soláthraí na tacaíochta teicniúla agus go bhfuil imthosca polaitiúla fabhracha ann a bhfuil tionchar dearfach acu ar sheachadadh aschuir tionscadail an Chláir Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach; agus

— de dheasca easpa comhoibrithe i measc páirtithe leasmhara agus imthosca polaitiúla atá ag athrú nó neamhchinnte, meastar go bhfuil tionchar diúltach acu ar chur chun feidhme rathúil tionscadal tacaíochta teicniúla.

1.5.4.Comhoiriúnacht agus sineirgíocht fhéideartha le hionstraimí iomchuí eile

Tá an togra comhsheasmhach le beartais eile an Aontais agus déantar foráil iontu maidir le comhlántacht agus sineirgíochtaí.

Is é is aidhm don togra lena mbunaítear Saoráid um Théarnamh agus Athléimneacht tacaíocht airgeadais a chur ar fáil d’infheistíochtaí agus d’athchóirithe poiblí. Déanfaidh an ionstraim um thacaíocht theicniúil sineirgí a sholáthar i gcomhar leis an tSaoráid um Théarnamh agus Athléimneacht trí thacú le hullmhú agus le cur chun feidhme na bpleananna, agus trí thacú le hathchóirithe orthu le linn iad a ullmhú agus a chur chun feidhme. Tá an ionstraim um thacaíocht theicniúil comhoiriúnach leis an gcúnamh teicniúil atá ar fáil faoin mbeartas comhtháthaithe ós rud é go bhfuil cúnamh teicniúil den sórt sin dírithe go dlúth ar chabhrú le geallsealbhóirí cur lena gcumas cistí de chuid an Aontais a riar agus ar chur chun feidhme tionscadal arna gcómhaoiniú faoi chistí an Aontais a chothú. Ar an gcaoi chéanna, tá mol an chúnaimh theicniúil atá ar fáil faoi InvestEU dírithe den chuid is mó ar thionscadail mhóra (phríobháideacha) infheistíochta a ullmhú agus níl sé dírithe ar athchóirithe struchtúracha. Os a choinne sin, is é is aidhm don ionstraim um thacaíocht theicniúil tacaíocht a thabhairt d’athchóirithe struchtúracha fadtéarmacha.

1.6.Fad agus tionchar airgeadais

 Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse theoranta

   Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ó BBBB go BBBB

   Tionchar airgeadais ó 2021 go 2027

 Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 28

  Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

 ina ranna, lena n‑áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin;

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

tríú tíortha nó na comhlachtaí a d'ainmnigh siad;

 eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

 BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 agus Airteagal 209 den Rialachán Airgeadais;

 comhlachtaí dlí phoiblí;

 comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil.

Nótaí

Neamhbhainteach

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo

Tá oibleagáidí faireacháin agus meastóireachta sa togra. Déanfar faireachán ar ghnóthú na gcuspóirí sonracha ar bhonn na dtáscairí atá sa togra; Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an Rialacháin.

Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta eatramhaí agus tuarascáil mheastóireachta ex-post ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

Sa tuarascáil mheastóireachta mheántéarma, beidh faisnéis faoi bhaint amach chuspóirí an Rialacháin, éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, comhleanúnachas agus breisluach AE an Rialacháin. Díreofar ann freisin ar cé acu an bhfuil na cuspóirí agus na gníomhaíochtaí ar fad ábhartha go fóill nó nach bhfuil. Beidh measúnú foriomlán ar an Rialachán sa tuarascáil mheastóireachta ex post agus beidh faisnéis faoina thionchar san fhadtéarma san áireamh inti freisin.

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.Na rioscaí a aithníodh

Baineann na rioscaí le roghnú na gcomhpháirtithe (e.g. institiúidí airgeadais idirnáisiúnta(IFI) agus tairbhithe), céim an chonartha (lenar trasuíodh ceanglais an Choimisiúin sa doiciméadacht chonarthach), faireachán agus idirbhearta airgeadais (neamhchomhlíonadh próiseas arna forordú ag an gCoimisiún) agus tomhas feidhmíochta (neamhchomhlíonadh na spriocanna/cuspóirí réamhshainithe).

Is iad seo a leanas na bearta a chuirfear ar bun chun na rioscaí sin a mhaolú:

- tar éis an phróisis mheastóireachta bhunaithe sula ndéantar cinneadh maidir le dámhachtain;

- deimhniú ex ante trí sheirbhís bhainistíochta an chláir agus trí dheimhniú airgeadais tríd an tseirbhís airgeadais;

- bainistiú ordlathach oibríochtaí trí chiorcaid iomchuí;

- measúnú ex ante ar an eintiteas iontaobhaithe (measúnú de réir colúin); agus

- rialuithe ex post chun aghaidh a thabhairt ar laigí córasacha faoi na rialuithe ex ante agus rannchuidiú leis na ceartuithe ar mhéideanna a íocadh go míchuí.]

2.2.2.Faisnéis maidir leis an gcóras rialaithe inmheánaigh atá i bhfeidhm

Féadfar an ionstraim a chur chun feidhme go díreach trís an gCoimisiún nó go hindíreach, i gcomhréir le Airteagal 62(1)(c) den Rialachán Airgeadais. Tá an ionstraim ag cur leis an taithí a fuarthas ón gClár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach, a bhí faoi bainistíocht dhíreach agus indíreach araon, bainistíocht a bhfuil sé cruthaithe faoi go bhfuil gné tharraingteach ag baint léi, is é sin an tsimplíocht riaracháin. Chun leanúnachas a áirithiú agus chun comhleanúnachas an chreata a choinneáil ar bun, is í an bhainistíocht dhíreach an rogha is oiriúnaí (agus i gcás inarb iomchuí bainistíocht indíreach). I gcás inarb iomchuí, i bhfianaise na gcuspóirí beartais agus ag cur na gcuspóirí maidir le rialú, úsáidfear bainistíocht indíreach i gcomhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta freisin. Meastar gurb iomchuí agus gur cothrom an straitéis chun aghaidh a thabhairt ar an riosca traidisiúnta a bhaineann le bainistíocht dhíreach nó indíreach (soláthair agus deontas agus comhaontuithe maidir le ranníocaíochtaí, mar a shonraítear i bpointe 2.2.1).

2.2.3.Meastachán ar chostais agus ar shochair na rialuithe agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis

Bunaithe ar fhaisnéis is déanaí (atá ar fáil i bPlean Bainistíochta 2018 SRSS (Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach mar a thugtar anois uirthi) agus i dTuarascáil Bhliantúil Gníomhaíochta), tá an meastachán ar chost‑éifeachtúlacht na rialuithe faoi bhun 5 %.

Déantar na costais foirne a mheas trí úsáid a bhaint as neastacháin bunaithe ar anailís ar eagraghram agus ar chur síos ar phoist, agus tá costais sheachtracha na rialuithe bunaithe ar luachanna conarthaí faoi seach agus ar íocaíochtaí gaolmhara.

I bhfianaise an mhodha bainistíochta atá beartaithe, an measúnú ar riosca agus maolú beartaithe ar rioscaí, táthar ag tuar go mbeidh ráta earráidí íseal ann.

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.

Tá bearta éagsúla i bhfeidhm san ionstraim chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc.

I gcomhréir le Straitéis Frith‑Chalaoise an Choimisiúin a chumhdaíonn an timthriall caiteachais uile, is é Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach a thabharfaidh faoi phlean sonrach gníomhaíochta frithchalaoise le haghaidh na gcostas sin, ag féachaint do chomhréireacht agus do costas tairbhe na mbeart atá le cur chun feidhme. Beidh sé sin bunaithe ar an taithí, tríd is tríd, agus straitéis reatha frithchalaoise Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach á gcur i bhfeidhm.

Tá feidhm ag na próisis rialaithe inmheánaigh is iomchuí maidir le gach leibhéal bainistíochta agus ceapfar iad chun cinnteacht réasúnta a thabhairt go ngnóthófar na cuspóirí seo a leanas: éifeachtacht, éifeachtúlacht agus barainneacht na n‑oibríochtaí; iontaofacht tuairiscithe; acmhainní agus faisnéis a chosaint; bainistíocht leordhóthanach ar na rioscaí a bhaineann le dlíthiúlacht agus le rialtacht na mbun‑idirbheart, agus a bhaineann le cosc, brath, ceartú agus obair leantach calaoise agus mírialtachtaí.

Déanfar tuairisc sa phlean gníomhaíochta frithchalaoise ar chóras na seiceálacha ex ante agus ex post bunaithe ar chóras bratacha dearga, agus sonrófar ann na nósanna imeachta atá le leanúint ag an bhfoireann má bhraitear calaois nó míréireachtaí. Beidh faisnéis inti freisin maidir leis na socruithe oibre le OLAF.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

·Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Cineál caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir Ceannteideal 2: Comhtháthú agus Luachanna

LD/LN 29 .

ó thíortha de chuid CSTE 30

ó thíortha is iarrthóirí 31

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

2

 06.01 04 01 (Caiteachas tacaíochta le haghaidh na hInstraime um Thacaíocht Theicniúil — STI)

LD/LN.

Níl

Níl

Níl

Níl

2

06.02.02 (TTO — Tacaíocht Theicniúil Oibríochtúil)

LD.

Níl

Níl

Níl

Níl

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh aige ar chaiteachas

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar chaiteachas

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil 

2

Comhtháthú agus Luachanna

Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach

Bliain 
2021

Bliain 
2022

Bliain 
2023

Bliain 
2024

Bliain 
2025

Bliain 
2026

Bliain 
2027

Tar éis 2027

IOMLÁN

• Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

06.02.02 (TTO — Tacaíocht Theicniúil Oibríochtúil)

Gealltanais

(1)

114.364

116.692

119.065

121.486

123.956

126.476

128.367

-

850.406

Íocaíochtaí

(2)

56.382

84.658

97.685

102.053

104.886

107.981

107.853

188.908

850.406

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach clár sonrach 32  

06.04 04 01 (Caiteachas tacaíochta le haghaidh na hInstraime um Thacaíocht Theicniúil — STI)

(3)

2.000

2.000

2.000

2,000

2.000

2.000

2.000

-

14.000

IOMLÁN leithreasuithe 
le haghaidh Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach

Gealltanais

=1+1a +3

116.364

118.692

121.065

123.486

125.956

128.476

130.367

-

864.406

Íocaíochtaí

=2+2a

+3

58.382

86.658

99.685

104.053

106.886

109.981

109.853

188.908

864.406



Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

5

"Caiteachas riaracháin"

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
2021

Bliain 
2022

Bliain 
2023

Bliain 
2024

Bliain 
2025

Bliain 
2026

Bliain 
2027

IOMLÁN

Ard‑Stiúrthóireacht: Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach

• Acmhainní daonna

29,890

31,945

31,945

31,945

31,945

31,945

31,945

221,560

• Caiteachas riaracháin eile

1,400

1,655

1,695

1,695

1,695

1,695

1,695

11,530

IOMLÁN Ard‑Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach

Leithreasuithe

31,290

33,600

33,640

33,640

33,640

33,640

33,640

233,090

IOMLÁN leithreasuithe 
faoi CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

31,290

33,600

33,640

33,640

33,640

33,640

33,640

233,090

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
2021

Bliain 
2022

Bliain 
2023

Bliain 
2024

Bliain 
2025

Bliain 
2026

Bliain 
2027

Tar éis 2027

IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 1 go 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

Gealltanais

154,720

157,030

157,070

157,070

157,070

157,070

156,060

0,000

1096,090

Íocaíochtaí

75,791

126,065

150,999

157,070

157,070

157,070

157,070

114,955

1096,090

3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.2.1.Achoimre

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

X    Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
2021 33

Bliain 
2022

Bliain 
2023

Bliain 
2024

Bliain 
2025

Bliain 
2026

Bliain 
2027

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

29,890

31,945

31,945

31,945

31,945

31,945

31,945

221,560

Caiteachas riaracháin eile

1,400

1,655

1,695

1,695

1,695

1,695

1,695

11,530

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

31,290

33,600

33,640

33,640

33,640

33,640

33,640

233,090

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 34  
of the multiannual financial framework

Acmhainní daonna

Caiteachas eile de chineál riaracháin

2,000

2,000

2,000

2,000

2,000

2,000

2,000

14,000

Fo-iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

2,000

2,000

2,000

2,000

2,000

2,000

2,000

14,000

IOMLÁN

33,290

35,600

35,640

35,640

35,640

35,640

35,640

247,090

Na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin, cumhdófar iad leis na leithreasuithe sin san Ard‑Stiúrthóireacht atá sannta cheana do bhainistíocht an bhirt agus/nó atá athshannta laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

3.2.2.2.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna.

X    Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

• Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

162

173

173

173

173

173

173

XX 01 01 02 (Toscaireachtaí)

XX 01 05 01 (Taighde indíreach)

10 01 05 01 (Taighde díreach)

Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) 35

XX 01 02 01 (AC, END, INT ón “imchlúdach iomlánaíoch”)

69

74

74

74

74

74

74

XX 01 02 02 (AC, AL, END, INT agus JED sna toscaireachtaí)

XX 01 04 bb  36

- sa cheanncheathrú

- i dtoscaireachtaí

XX 01 05 02 (CA, SNE, INT – Taighde indíreach)

10 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

231

247

247

247

247

247

247

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó ar athshannadh a gcúraimí laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Pearsanra seachtrach

3.2.3.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

   Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha.

   Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

Mínigh cén t‑athshannadh a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil.

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

3.2.4.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe.

Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamhmheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
N

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe

 

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

   Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   ar acmhainní dílse

   ar ioncam ilghnéitheach

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra/tionscnaimh 37

Bliain 
N

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal ………….

I gcás ioncam ilghnéitheach atá 'sannta', sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear tionchar orthu.

Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.

(1)    Rialachán (AE) 2017/825 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 maidir le bunú an Chláir Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach don tréimhse 2017 go 2020 agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013, IO L 129, 19.5.2017, lch. 1–16).
(2)    2018/0213 (COD), an Bhruiséil 31.5.2018 COM (2018) 391 final.
(3)    [COD…]
(4)    IO…
(5)    IO…
(6)    Rialachán (AE) 2017/825 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, IO L 129, 19.5.2017, lch. 1-16, arna leasú le Rialachán (AE) 2018/1671, IO L 284, 12.11.2018, lch. 3-5 (an Rialachán maidir le SRSP).
(7)    Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún maidir le glacadh an chláir oibre le haghaidh 2017 agus maidir le maoiniú an Chláir Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach agus lena n‑aisghairtear Cinneadh C(2017) 3093, 2017, C(2017) 5780 final
(8)     https://ec.europa.eu/info/publications/structural-reform-support‑programme-financing-decisions‑and‑annual-work-programmes_en
(9)     https://ec.europa.eu/info/publications/annual-monitoring-reports_en
(10)    Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016 (IO L 123, 12.5.2016, lch. 1–14).
(11)    IO C , , lch. .
(12)    IO C , , lch. .
(13)    IO C , , lch. .
(14)    IO C , , lch. .
(15)    Rialachán (AE) 2017/825 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 maidir le bunú an Chláir Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach don tréimhse 2017 go 2020 agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 (IO L 129, 19.5.2017, lch. 1).
(16)    Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le reachtóireacht níos fearr an 13 Aibreán 2016 (IO L 123, 12.5.2016, lch. 1–14)
(17)    Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).
(18)    Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1)
(19)    Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 an 18 Nollaig 1995 ón gComhairle maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.95, lch.1)
(20)    Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.96, lch.2)
(21)    Rialachán (AE) 2017/1939 an 12 Deireadh Fómhair 2017 ón gComhairle lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch.1)
(22)    Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an Dé Céadaoin 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29)
(23)    IO C , , lch. .
(24)    Rialachán (AE) Uimh 472/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le neartú ar an bhfaireachas eacnamaíoch agus buiséadach ar Bhallstáit sa limistéar euro a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha acu nó a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais (IO L 140, 27.5.2013, lch. 1)
(25)    Rialachán (CE) Uimh. 332/2002 an 18 Feabhra 2002 lena mbunaítear saoráid trína soláthraítear cúnamh airgeadais meántéarmach i leith chomharduithe íocaíochtaí na mBallstát (IO L 53, 23.2.2002, lch. 1)
(26)    ABM: bainistiú de réir gníomhaíochtaí; buiséadú de réir gníomhaíochtaí. buiséadú de réir gníomhaíochtaí.
(27)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 54(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(28)    Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin Ard‑Stiúrthóireacht an Bhuiséid: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html
(29)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(30)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(31)    Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí.
(32)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte "BA") a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(33)    Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
(34)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte "BA") a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(35)    AC = Ball foirne ar conradh; AL = Ball foirne áitiúil; END = Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JED = Saineolaithe sóisearacha i dtoscaireachtaí.
(36)    Fo-uasteorainn d'fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").
(37)    A mhéid a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 25 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.
Top

An Bhruiséil,28.5.2020

COM(2020) 409 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil


IARSCRÍBHINN

Táscairí

Maidir le gnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 agus in Airteagal 4, déanfar sin a thomhas ar bhonn na dtáscairí seo a leanas, de réir Ballstáit agus de réir réimse na hidirghabhála.

Bainfear úsáid as na táscairí i gcomhréir leis na sonraí agus leis an bhfaisnéis atá ar fáil, lena n-áirítear sonraí cainníochtúla agus/nó cáilíochtúla.

   Táscairí aschuir:

(a)líon na bpleananna comhair agus tacaíochta a tugadh chun críche;

(b)líon na ngníomhaíochtaí tacaíochta teicniúla a rinneadh;

(c)táirgí insoláthartha a chuir na gníomhaíochtaí tacaíochta teicniúla ar fáil amhail pleananna gníomhaíochta, pleananna oibre, treoirlínte, lámhleabhair agus moltaí;

   Táscairí toraidh:

(d)torthaí na ngníomhaíochtaí tacaíochta teicniúla a cuireadh ar fáil amhail straitéis a ghlacadh, dlí/gníomh nua a ghlacadh nó ceann a bhí ann cheana a modhnú, nósanna imeachta (nua) agus gníomhaíochtaí a ghlacadh chun feabhas a chur ar chur chun feidhme na n-athchóirithe;

Táscairí tionchair:

(e)na cuspóirí a leagtar amach leis na pleananna comhair agus tacaíochta, a gnóthaíodh mar gheall, inter alia, ar an tacaíocht theicniúil a fuarthas.

Déanfaidh an Coimisiún an mheastóireacht ex-post dá dtagraítear in Airteagal 16 freisin chun na naisc a bhunú idir an tacaíocht theicniúil a chuirtear ar fáil agus cur chun feidhme na mbeart ábhartha sa Bhallstát lena mbaineann d'fhonn athléimneacht, fás inbhuanaithe, poist agus comhtháthú a fheabhsú.

Top