EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52020PC0233

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1628 a mhéid a bhaineann lena fhorálacha idirthréimhseacha chun aghaidh a thabhairt ar thionchar ghéarchéim COVID-19

COM/2020/233 final

An Bhruiséil,2.6.2020

COM(2020) 233 final

2020/0113(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1628 a mhéid a bhaineann lena fhorálacha idirthréimhseacha chun aghaidh a thabhairt ar thionchar ghéarchéim COVID
x001e
19

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Is mór atá paindéim COVID‑19 ag cur isteach ar an slabhra soláthair, agus tá tionchar aige sin ar chumas na monaróirí innealra soghluaiste nach innealra bóthair é roinnt de na sprioc-amanna a ghnóthú, sprioc-amanna a fhorchuirtear le Rialachán (AE) 2016/1628 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir le ceanglais a bhaineann le teorainneacha astaíochtaí le haghaidh truailleáin ghásacha agus cháithníneacha agus cineálcheadú i dtaca le hinnill dócháin inmheánaigh le haghaidh innealra soghluaiste nach innealra bóthair é.

Leis an Rialachán sin leagtar amach teorainneacha astaíochtaí nua, dá ngairtear “Céim V”, teorainneacha atá ceaptha na hastaíochtaí truailleán aeir atá ann faoi láthair a eascraíonn as astaíochtaí ó innill le haghaidh innealra soghluaiste nach innealra bóthair é, na hastaíochtaí sin a laghdú. Mar gheall ar an dúshlán struchtúrach atá roimh mhonaróirí áirithe aistriú chuig teorainneacha astaíochtaí Chéim V, déantar foráil leis an Rialachán seo maidir le haga áirithe chun go n‑éireoidh leo an t‑aistriú sin a dhéanamh.

De réir na n‑idirthréimhsí dá bhforáiltear in Airteagal 58(5) agus na ndátaí a leagtar síos in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin, tá go dtí an 30 Meitheamh 2020 ag monaróirí chun innealra soghluaiste na gcatagóirí seo a leanas a tháirgeadh, innealra nach innealra bóthair é atá feistithe le hinnill idirthréimhseacha: NRE sa raon cumhachta <56 kW agus ≥130 kW, NRG, NRSh, NRS, IWP agus IWA sa raon cumhachta 19 ≤ P < 300, SMB agus ATS. Tá faoin 31 Nollaig 2020 acu chun na hinnill sin a chur ar mhargadh an Aontais.

Mar sin féin, de dheasca ráig COVID‑19 tá briseadh iomlán tagtha ar sholáthar páirteanna agus comhpháirteanna, rud a fhágann go bhfuil stoic inneall agus táirgí neamhchríochnaithe ag monaróirí. Is é iarmhairt an chur isteach sin nach mbeidh cuid mhaith monaróirí inneall ná innealra in ann na sprioc-amanna a leagtar amach thuas a chomhlíonadh gan dochar tromchúiseach eacnamaíoch a bhaint dóibh.

I bhfianaise an chur isteach sin nárbh fhéidir a thuar, cuirtear siar dhá mhí dhéag na dátaí chun innealra soghluaiste nach innealra bóthair é agus tarracóirí atá feistithe le hinnill idirthréimhseacha a tháirgeadh agus a chur ar an margadh. Níl feidhm ag an gcur siar sin maidir le hinnill idirthréimhseacha a chumhdaítear leis na dátaí a shonraítear sa dara fomhír, sa tríú fomhír agus sa cheathrú fomhír d’Airteagal 58(5).

Tá údar leis an síneadh 12 mhí i bhfianaise shéasúracht na n‑earraí ina mbeidh innill idirthréimhseacha feistithe. Is fíor sin go háirithe i gcás tarracóirí agus trealamh gairdín. Ina theannta sin, i dtaca le fad beacht na moilleanna a bheidh ar thabhairt chun críche na n‑earraí lena mbaineann (e.g. soithí uiscebhealaí intíre), is rud é a bheidh deacair a thuar. Ar deireadh, ba cheart a mheabhrú nach chun leas oibreoirí eacnamaíocha é, gan beann ar fhad an tsínidh, moill bhreise a chur le hinnealra, feithiclí agus soithí, a bhfuil na costais tabhaithe acu ina leith cheana, a thabhairt chun críche agus a chur ar an margadh.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Tá feidhm ag prionsabal na coimhdeachta ós rud é nach dtagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Aontais.

Ós rud é go bhfuil leasuithe ar reachtaíocht de chuid an Aontais atá ann cheana i gceist sa togra, is é an tAontas amháin atá in ann aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna go héifeachtach. Ina theannta sin, ní féidir na cuspóirí beartais a ghnóthú go leordhóthanach le gníomhartha na mBallstát.

Is gá bearta ón Aontas Eorpach ionas nach dtiocfaidh bacainní chun cinn don mhargadh aonair, go háirithe i réimse na n‑inneall innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é, agus mar gheall ar chineál trasnáisiúnta an truaillithe aeir.

Dá bhrí sin, comhlíonann an togra prionsabal na coimhdeachta

Comhréireacht

Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta de bhrí nach dtéann sé thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí maidir le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú agus déanann sé foráil san am céanna maidir le hardleibhéal sábháilteachta poiblí agus cosanta comhshaoil. Tá fad an tsínidh atá beartaithe i gcomhréir leis an bhfad a mheastar a mhairfidh an cur isteach de dheasca phaindéim COVID‑19.

An rogha ionstraime

Rialachán lena leasaítear Rialachán

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Níl measúnú tionchair ar leith ag gabháil leis an togra seo ós rud é go ndearnadh measúnú tionchair ar Rialachán (AE) 2016/1628 cheana. Ní athraítear an Rialachán sin ó thaobh substaint de leis an Rialachán seo agus ní fhorchuirtear oibleagáidí nua ar na páirtithe lena mbaineann. Is é is príomhaidhm dó, ar chúiseanna eisceachtúla i gcomhthéacs ráig COVID‑19 atá ann faoi láthair, síneadh dhá mhí dhéag a sholáthar d’innill idirthréimhseacha agus don innealra atá feistithe leo a mhonarú agus a chur ar an margadh. Níl aon tionchar ag an togra seo ar an gcomhshaol ós rud é go ndéantar éascaíocht, leis na bearta sin, d’earraí atá feistithe le hinnill a táirgeadh roimh an bpaindéim a chur ar an margadh. Ina theannta sin, maidir le hearraí, arna bhfeistiú le hinnill den sórt sin, atá neamhchomhlíontach ar shlí eile, seachnaítear an gá iad a dhiúscairt.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon tionchar buiséadach ag an togra ar institiúidí an Aontais.

2020/0113 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1628 a mhéid a bhaineann lena fhorálacha idirthréimhseacha chun aghaidh a thabhairt ar thionchar ghéarchéim COVID‑19

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 1 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Le Rialachán (AE) 2016/1628 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2 leagtar síos ceanglais a bhaineann le teorainneacha astaíochtaí agus nósanna imeachta cineálcheadaithe AE maidir le hinnill le haghaidh innealra soghluaiste nach innealra bóthair é.

(2)Na dátaí is infheidhme maidir leis na teorainneacha astaíochtaí nua, dá ngairtear ‘Céim V’, leagtar amach iad chun faisnéis shoiléir chuimsitheach agus chun tréimhse ama iomchuí le haistriú go dtí an chéim nua astaíochtaí a sholáthar do mhonaróirí, agus an tualach riaracháin ar údaráis cheadúcháin a laghdú go suntasach san am céanna.

(3)De dheasca ráig COVID19, tá curtha isteach ar shlabhra soláthair na bpáirteanna agus na gcomhpháirteanna criticiúla, rud a d’fhág gur cuireadh moilleanna ar innill agus ar innealra atá feistithe leis na hinnill sin a chomhlíonann teorainneacha astaíochtaí nach bhfuil chomh dian céanna le teorainneacha astaíochtaí Chéim V agus is gá a chur ar an margadh roimh na dátaí a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/1628.

(4)Agus an cur isteach a bhí ann de dheasca COVID19 á chur san áireamh, tá dóchúlacht mhór ann nach mbeidh ar a gcumas do mhonaróirí innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é a áirithiú, i dtaca le hinnill agus an tinnealra atá feistithe leis na hinnill sin a thairbheoidh den idirthréimhse, go gcomhlíonfaidh siad na sprioc-amanna a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/1628 gan dochar tromchúiseach eacnamaíoch a bhaint dóibh.

(5)I bhfianaise na nimthosca atá ann faoi láthair agus chun feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, chun deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar, agus chun an cur isteach a d'fhéadfaí a dhéanamh ar an margadh a sheachaint, is gá leasú a dhéanamh ar dhátaí cur i bhfeidhm forálacha idirthréimhseacha áirithe de Rialachán (AE) 2016/1628.

(6)Toisc nach mbeidh aon tionchar ag an síneadh sin ar an gcomhshaol ós rud é go bhfuil na hinnill idirthréimhseacha lena mbaineann táirgthe cheana agus gur deacair fad beacht na moilleanna a bheidh ann de dheasca chur isteach COVID19 a thuar, fad 12 mhí ba cheart a bheith sa síneadh a chuirfear leis na sprioc-amanna ábhartha.

(7)Toisc go rachaidh an idirthréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 58(5) de Rialachán (AE) 2016/1628 i gcás innill áirithe in éag an 31 Nollaig 2020 agus go mbeidh go dtí an 30 Meitheamh 2020 ag monaróirí chun innill idirthréimhseacha a tháirgeadh, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm go práinneach.

(8)I bhfianaise na práinne sin, meastar gur gá leas a bhaint as an eisceacht ar an tréimhse ocht seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

(9)I bhfianaise na práinne atá leis an tacaíocht is gá, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) 2016/1628 mar a leanas:

Leasaítear Airteagal 58 mar a leanas:

(1)leasaítear mír 5 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte den dara fomhír:

‘I gcás innill d’fhochatagóirí NRE arb é an 1 Eanáir 2020 an dáta a leagtar amach in Iarscríbhinn III le hinnill Chéim V a chur ar an margadh, údaróidh na Ballstáit síneadh 12 mhí sa bhreis ar an idirthréimhse agus ar an tréimhse 18 mí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, do OEManna a bhfuil táirgeadh iomlán bliantúil acu is lú ná 100 aonad d'innealra soghluaiste nach innealra bóthair é atá feistithe le hinnill dócháin inmheánaigh.’;

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

‘I gcás innill d’fhochatagóirí NRE arb é an 1 Eanáir 2020 an dáta a leagtar amach in Iarscríbhinn III le hinnill Chéim V a úsáidtear i gcraenacha soghluaiste a chur ar an margadh, cuirfear síneadh 12 mhí leis an idirthréimhse agus leis an tréimhse 18 mí dá dtagraítear sa chéad fhomhír.’;

(c)cuirtear an cúigiú fomhír seo a leanas isteach:

‘I gcás innill de gach fochatagóir arb é an 1 Eanáir 2019 an dáta a leagtar amach in Iarscríbhinn III le hinnill Chéim V a chur ar an margadh, seachas na hinnill dá dtagraítear sa cheathrú fomhír, cuirfear síneadh 12 mhí leis an idirthréimhse agus leis an tréimhse 18 mí dá dtagraítear sa chéad fhomhír.’;

(2)i mír 7, cuirtear an pointe (d) seo a leanas isteach:

‘(d) 36 mhí ón dáta infheidhme chun innill a chur ar an margadh a leagtar amach in Iarscríbhinn III, sa chás a leagtar amach sa dara agus sa tríú fomhír de mhír 5’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    IO C , , lch. .
(2)    Rialachán (AE) 2016/1628 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir le ceanglais a bhaineann le teorainneacha astaíochtaí le haghaidh truailleáin ghásacha agus cháithníneacha agus cineálcheadú i dtaca le hinnill dócháin inmheánaigh le haghaidh innealra soghluaiste nach innealra bóthair é, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 agus Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 agus lena leasaítear, agus lena n‑aisghairtear Treoir 97/68/CE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 252, 16.9.2016, lch. 53).
Top