EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52020AG0004(02)
Statement of the Council’s reasons: Position (EU) No 4/2020 of the Council at first reading with a view to the adoption of a Directive of the European Parliament and of the Council laying down specific rules with respect to Directive 96/71/EC and Directive 2014/67/EU for posting drivers in the road transport sector and amending Directive 2006/22/EC as regards enforcement requirements and Regulation (EU) No 1024/2012 2020/C 149/02
Ráiteas ar chúiseanna na Comhairle: Seasamh (AE) Uimh. 4/2020 ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfaí Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha sonracha i dtaca le Treoir 96/71/CE agus Treoir 2014/67/AE maidir le tiománaithe a phostú in earnáil an iompair de bhóthar agus lena leasaítear Treoir 2006/22/CE a mhéid a bhaineann le ceanglais forfheidhmithe agus Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 2020/C 149/02
Ráiteas ar chúiseanna na Comhairle: Seasamh (AE) Uimh. 4/2020 ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfaí Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha sonracha i dtaca le Treoir 96/71/CE agus Treoir 2014/67/AE maidir le tiománaithe a phostú in earnáil an iompair de bhóthar agus lena leasaítear Treoir 2006/22/CE a mhéid a bhaineann le ceanglais forfheidhmithe agus Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 2020/C 149/02
OJ C 149, 5.5.2020, p. 18–22
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
5.5.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 149/18 |
Ráiteas ar chúiseanna na Comhairle: Seasamh (AE) Uimh. 4/2020 ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfaí Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha sonracha i dtaca le Treoir 96/71/CE agus Treoir 2014/67/AE maidir le tiománaithe a phostú in earnáil an iompair de bhóthar agus lena leasaítear Treoir 2006/22/CE a mhéid a bhaineann le ceanglais forfheidhmithe agus Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012
(2020/C 149/02)
I. RÉAMHRÁ
1. |
Ar an 31 Bealtaine 2017, ghlac an Coimisiún Eorpach togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2006/22/CE a mhéid a bhaineann le ceanglais forfheidhmithe agus lena leagtar síos rialacha sonracha i dtaca le Treoir 96/71/CE agus Treoir 2014/67/AE maidir le tiománaithe a phostú in earnáil an iompair de bhóthar. |
2. |
Tíolacadh an togra seo mar chuid de Phacáiste Soghluaisteachta I, agus eagraíodh an nós imeachta reachtach i gcomhar le dhá thogra reachtacha eile, ceann maidir le rochtain ar ghairm an oibreora iompair de bhóthar agus ar an margadh tarlaithe de bhóthar, agus ceann eile maidir le hamanna tiomána, rialacha scíthe agus tacagraif. |
3. |
Tháinig an Chomhairle (Iompar, Teileachumarsáid agus Fuinneamh) ar chur chuige ginearálta an 3 Nollaig 2018. (1) |
4. |
Ghlac Parlaimint na hEorpa a seasamh ar an gcéad léamh an 4 Aibreán 2019. |
5. |
Idir mí Dheireadh Fómhair agus mí na Nollag 2019, rinneadh caibidlíocht idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún d’fhonn teacht ar chomhaontú maidir leis an togra. Ar an 11 Nollaig 2019, tháinig na hidirbheartaithe ar chomhaontú maidir le téacs comhréitigh, a d’fhormhuinigh Coiste na mBuanionadaithe ina dhiaidh sin ar an 20 Nollaig 2019. (2) |
6. |
Dheimhnigh Coiste Pharlaimint na hEorpa um Iompar agus um Thurasóireacht (TRAN) an comhaontú polaitiúil an 21 Eanáir 2020, agus thug an Chomhairle a deimhniú siúd an 20 Feabhra 2020. (3) |
7. |
Agus í i mbun a cuid oibre, chuir an Chomhairle tuairim Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 18 Eanáir 2018 agus tuairim Choiste na Réigiún an 1 Feabhra 2018 san áireamh. |
8. |
Agus an comhaontú sin á chur san áireamh aici agus tar éis athbhreithniú dlítheangeolaíoch a bheith déanta, ghlac an Chomhairle, agus an nós imeachta i scríbhinn á úsáid aici, an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 7 Aibreán 2020, i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach a leagtar síos in Airteagal 294 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. |
II. CUSPÓIR
9. |
Is é cuspóir ginearálta an togra, ar thaobh amháin, dálaí oibre cuibhiúla agus cosaint shóisialta iomchuí a áirithiú do thiománaithe, agus, ar an taobh eile, ceanglais riaracháin ar oibreoirí a shoiléiriú, a chomhchuibhiú agus a laghdú, rud a chuirfidh ar a gcumas seirbhísí a sholáthar i dtimpeallacht ina bhfuil iomaíocht chóir. |
10. |
Freagraíonn an togra freisin don ghá atá ann rialacha earnáilsonracha maidir le postú a bhunú i dtaca le tiománaithe in earnáil an iompair de bhóthar, a cuireadh in iúl le linn an athbhreithnithe ar an Treoir maidir le hOibrithe a Phostú, le Treoir (AE) 2018/957. |
III. ANAILÍS AR AN SEASAMH ÓN gCOMHAIRLE AR AN gCÉAD LÉAMH
A) Ginearálta
11. |
Ar bhonn an togra ón gCoimisiún, rinne an Pharlaimint agus an Chomhairle caibidlíocht agus é mar aidhm acu teacht ar chomhaontú ag céim an tseasaimh ón gComhairle ar an gcéad léamh. Léirítear go hiomlán le téacs an dréachtseasaimh ón gComhairle an comhréiteach ar thángthas air idir an dá chomhreachtóir. |
B) Príomh-shaincheisteanna beartais
12. |
Tá na príomhghnéithe a leanas sa chomhréiteach a léirítear sa seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh: |
a) Díolúintí ón gcóras postaithe d’oibrithe atá ag gabháil d’iompar idirnáisiúnta de bhóthar
13. |
Baineann dhá phríomhghné den seasamh ón gComhairle le díolúine a thabhairt isteach ó na rialacha ginearálta maidir le postú mar gheall ar an leibhéal ard soghluaisteachta, agus raon feidhme na díolúine sin. Sainaithníodh sa togra ón gCoimisiún an fad a fhanann tiománaí i mBallstát eile mar chritéar cinntitheach, cé gurbh fhearr leis an bParlaimint agus leis an gComhairle idirdhealú a dhéanamh de réir chineál an iompair a dhéantar. Maidir le raon feidhme na díolúine, bhí an togra ón gCoimisiún i bhfabhar díolúine atá teoranta do dhá ghné de na rialacha náisiúnta is infheidhme maidir le hoibrithe ar postú (4), cé gurbh fhearr leis an bParlaimint agus leis an gComhairle araon díolúine iomlán ó na forálacha substainteacha agus nós imeachta maidir le postú. |
14. |
Freagraíonn téacs na Comhairle (Airteagal 1(1) go dtí (7)) den chuid is mó do sheasamh na Parlaiminte (leasuithe 765, 787-789, 791, 792, 837 (go páirteach), 838-842). Go háirithe, ghlac an Chomhairle le teorannú na díolúine maidir leis an gcás ina bhfuil conradh seirbhíse ann idir an fostóir a sheolann an tiománaí agus páirtí atá ag oibriú sa Bhallstát óstach (Airteagal 1(2)); dá bhrí sin, ní eisiatar oibríochtaí féinchuntais nach bhfuil cumhdaithe faoi chonarthaí seirbhíse. |
15. |
Maidir leis na gníomhaíochtaí atá díolmhaithe ó na rialacha maidir le postú, cuimsíonn siad sin go háirithe “oibríochtaí iompair déthaobhacha” (Airteagal 1(3) agus (4)), in iompar earraí agus paisinéirí araon, agus tá solúbthacht an-teoranta i gceist leo i gcomhair stadanna breise a bhaineann le hiompar. Dá bhrí sin, saintréith den leibhéal ard soghluaisteachta atá ina údar cuí do dhíolúine is ea an tiománaí atá ag taisteal idir an Ballstát ina bhfuil cuideachta an tiománaí bunaithe agus Ballstát eile, nó tríú tír. Chun críocha rialaithe, tá an tsolúbthacht theoranta do stadanna breise a bhaineann le hiompar ag brath ar thrasnuithe teorann a thaifeadadh, san fheithicil agus, ag céim ina dhiaidh sin freisin, gníomhaíocht luchtaithe agus díluchtaithe a thaifeadadh. |
16. |
Dá bhrí sin, saintréith den iompar náisiúnta a sheachadadh i mBallstát eile (cabatáiste) is ea cás ina ndéantar an tiománaí a phostú (Airteagal 1(7)). |
17. |
Ar mhaithe le soiléiriú, luaitear sa chomhréiteach nach oibrí ar postú é tiománaí atá ar idirthuras i mBallstát eile. I gcás oibríochtaí iompair chomhcheangailte, déantar anailís ar leithligh ar an gcuid sin den turas de bhóthar, de réir loighic na gníomhaíochta díolmhaithe (Airteagal 1(5) agus (6)). |
b) Trédhearcacht maidir le téarmaí agus coinníollacha fostaíochta
18. |
Ghlac an Chomhairle leis an iarraidh ón bParlaimint ar riail speisialta maidir le dualgas an Bhallstáit óstaigh trédhearcacht a sholáthar faoina chuid téarmaí agus coinníollacha fostaíochta, lena n-áirítear na téarmaí agus na coinníollacha sin arna gcinneadh le comhaontuithe comhchoiteanna áirithe (Airteagal 1(9)). Mar sin, coinnítear leasú 794 agus leasú 837 (mír 2f) le hathfhoirmliú sa téacs ón gComhairle. |
c) Oibreoirí tríú tír
19. |
Mheas an Pharlaimint agus an Chomhairle araon nár cheart treisiú na rialacha maidir le postú do thiománaithe an Aontais a bheith ina chúis le buntáiste iomaíoch a bheith ag oibreoirí ó thríú tíortha a bhfuil rochtain acu ar mhargadh iompair de bhóthar an Aontais. Ghlac an Chomhairle leis an ngné sin a ionchorprú sa lex specialis (Airteagal 1(10)), agus sraith aithrisí (uimhir 15 go huimhir 17) mar bhonn taca leis sin, ina mínítear na huirlisí atá ar fáil. Dá bhrí sin, coinníodh leasú 829 agus leasú 837 (mír 2g) go páirteach. |
d) Ceanglais riaracháin maidir le postú, rialú agus forfheidhmiú
20. |
Cuireann téacs na Comhairle leis an togra ón gCoimisiún maidir le liosta iata agus, i gcomparáid le Treoir 2014/67/AE, le liosta giorraithe de cheanglais riaracháin a ghabhann le tiománaithe a phostú (Airteagal 1(11)). I gcomhaontú le seasamh na Parlaiminte agus le tacaíocht ón gCoimisiún, beidh na hoibreoirí iompair in ann, agus beidh oibleagáid orthu, Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI) de chuid an Choimisiúin a úsáid chun dearbhuithe postaithe agus faisnéis iarrtha a sheoladh. Fágfaidh an nós imeachta comhchuibhithe seo go mbeidh córais faisnéise náisiúnta neamhspleácha iomarcach. Maidir leis an bhfaisnéis atá le stóráil sa dearbhú maidir le postú, cuireann téacs na Comhairle leis an togra ón gCoimisiún agus cuirtear roinnt gnéithe leis a d’iarr an Pharlaimint. |
21. |
Coimeádann na forálacha rialaithe an struchtúr atá sa togra ón gCoimisiún, ina ndéantar idirdhealú dá réir sin idir rialú cois bóthair agus rialú tar éis an phostaithe. I gcomhaontú le seasamh na Parlaiminte, níor mhol an Chomhairle go mbeadh doiciméadacht bhreise ar bord maidir le conradh fostaíochta agus duillíní pá an tiománaí. Mar sin féin, féadfar an fhaisnéis sin a iarraidh ar an oibreoir iompair go díreach, tar éis an phostaithe. Déantar an chéim rialaithe iarphostaithe seo, ina bhféadfaidh an Ballstát óstach a bheith bainteach leis an mBallstát bunaíochta, a fhorbairt tuilleadh i dtéacs na Comhairle, chun freastal ar na leasuithe arna ndéanamh ag an bParlaimint freisin. Go háirithe, beidh Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh mar uirlis chumarsáide lárnach don oibreoir iompair, agus beidh deis ag Ballstát seans a thabhairt do na comhpháirtithe sóisialta bheith rannpháirteach. |
22. |
Ghlac an Chomhairle le hoibleagáid a ionchorprú sa Treoir arb oibleagáid ar na Ballstáit é pionóis a leagan síos i gcoinne rialacha an lex specialis a shárú, agus smachtbhannaí a fhorchur ar ghníomhaithe sa slabhra lóistíochta más eol dóibh nó más ceart dóibh fios a bheith acu faoi na sáruithe (Airteagal 5). Ar deireadh, ghlac an Chomhairle le foráil maidir le “forfheidhmiú cliste” freisin, lena gcuirtear oibleagáid ar na Ballstáit rialú na rialacha maidir le postú a leabú laistigh de straitéis rialaithe fhoriomlán (Airteagal 6). |
23. |
Go hachomair, coimeádadh leasuithe 838-847, 850, 853-855, 857, 862 agus 864 go páirteach, le giorruithe nó athdhréachtú, agus níor coimeádadh leasuithe 848, 849 ná 852. |
e) Treoir 2002/15/CE a ionchorprú i gcaighdeáin forfheidhmiúcháin do reachtaíocht shóisialta
24. |
Le Treoir 2002/15/CE forlíontar an Rialachán maidir le ham tiomána, sosanna agus tréimhsí scíthe tiománaithe atá ag gabháil don earnáil iompair (5), cuir i gcás trí theorainn a chur le ham oibre seachtainiúil tiománaithe agus le hobair oíche. |
25. |
Le Treoir 2006/22/CE tugadh isteach caighdeáin an Aontais maidir le rialú agus forfheidhmiú rialacha a bhaineann le ham tiomána, sosanna agus tréimhsí scíthe, agus rialacha maidir le tacagraif. Níor cuireadh Treoir 2002/15/CE san áireamh sa raon feidhme, áfach. Glacann an seasamh ón gComhairle anois le hionchorprú na Treorach sin sna caighdeáin rialaithe, i gcomhaontú leis an togra ón gCoimisiún agus leis an seasamh ón bParlaimint. |
26. |
Baineann an t-ionchorprú sin le roinnt gnéithe: na córais seiceála náisiúnta, an líon íosta seiceálacha agus tuairisciú ar thorthaí (Airteagail 2(1), (3), (3a) agus (4), Iarscríbhinn I den Treoir leasaithe), cur i ngníomh seiceálacha ag áitribh tar éis sáruithe tromchúiseacha (Airteagal 6(1) den Treoir leasaithe), na córais rátála riosca náisiúnta (Airteagal 9(1) den Treoir leasaithe), agus malartú faisnéise (Airteagail 7 (1) (d) agus 8 den Treoir leasaithe). I bhfianaise raon feidhme mór na Treorach maidir le ham oibre, is fearr leis an seasamh ón gComhairle cur chuige rioscabhunaithe i ndáil le díriú ar sheiceálacha thar sprioc íosta chainníochtúil (Airteagal 2 (3a) den Treoir leasaithe). Mar sin, coimeádadh leasuithe 806 agus 835 le hathfhoirmliú, agus níor coimeádadh leasú 810. |
f) Comhar riaracháin i gcúrsaí forfheidhmiúcháin
27. |
Leasaítear na rialacha maidir le comhar riaracháin chun idirdhealú níos fearr a dhéanamh idir iad agus an malartú faisnéise faoi Rialachán (AE) Uimh. 1071/2009 a dhéantar cheana féin trí úsáid a bhaint as córas leictreonach tiomnaithe. I gcomhair na n-ócáidí eile, déantar foráil sa téacs ón gComhairle maidir le córas IMI a úsáid agus leagtar síos spriocdhátaí freagartha do na húdaráis náisiúnta. Mar sin, coimeádadh leasuithe 812-814 agus 816-818 le hathfhoirmliú, agus níor coimeádadh leasuithe 815 ná 819. |
g) Caighdeáin forfheidhmiúcháin do reachtaíocht shóisialta
28. |
Anuas ar an gcóras grádaithe riosca a leathnú chuig rialacha náisiúnta faoin treoir maidir le ham oibre, tá dhá athrú thábhachtacha bhreise ag baint leis (Airteagal 9 den Treoir leasaithe): ar an gcéad dul síos, tabharfaidh an Coimisiún foirmle choiteann isteach do rátáil riosca gnóthais, agus, ar an dara dul síos, beidh an fhaisnéis náisiúnta maidir le grádú riosca ar fáil d’údaráis rialaithe ar fud an Aontais, lena n-áirítear i gcomhthéacs seiceálacha cois bóthair a dhéanamh. Dá bhrí sin, glacadh go páirteach le leasuithe 821, 824 agus 825 trí bhíthin comhréitigh. |
29. |
Glacann an Chomhairle leis go bhféachann na Ballstáit le seiceálacha comhbheartaithe a leathnú chuig seiceálacha ag áitreabh an ghnóthais, tar éis teacht ar chomhréiteach maidir le hiarraidh ghaolmhar ón bParlaimint (Airteagal 5 den Treoir leasaithe, leasú 809). Tá an ról a bheidh ag an Údarás Eorpach Saothair amach anseo á chur i dtábhacht chomh maith, i gcomhréir leis an sainordú a tugadh don chomhlacht nua sin a cruthaíodh in 2019 (aithris 29). |
30. |
Formhuiníonn an téacs ón gComhairle togra an Choimisiúin, agus go páirteach leasú 826 na Parlaiminte, cur chuige comhchoiteann a fhorbairt maidir le “hobair eile”, a chuireann le huaireanta oibre na dtiománaithe nuair nach mbíonn siad ag tiomáint, a rialú, agus ag an am céanna deireadh a chur leis an gceanglas maidir le foirmeacha fianaithe breise (Airteagal 11(3) den Treoir leasaithe). |
h) Cumhachtaí a thabhairt don Choimisiún
31. |
Níorbh fholáir chomh maith teacht ar chomhréiteach maidir leis an rogha nósanna imeachta lena dtugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha dlíthiúla a ghlacadh, a baineadh amach ar fud na gcomhad a bhí á gcaibidil go comhuaineach. Áirítear sa téacs ón gComhairle dhá chumhachtú do ghníomhartha tarmligthe i leith na nIarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir leasaithe a nuashonrú, agus trí chumhachtú nua do ghníomhartha cur chun feidhme, eadhon maidir le foirmle chomhchoiteann le haghaidh rátáil riosca, maidir le cur chuige comhchoiteann i ndáil le taifeadadh agus rialú tréimhsí “oibre eile”, agus maidir le feidhmiúlachtaí uirlis cumarsáide IMI a fhorbairt atá le húsáid chun dearbhuithe a phostú. |
i) Trasuí agus an chéad mheastóireacht beartais
32. |
Thug an dá reachtóir a seasaimh maidir le spriocdháta an trasuite cothrom le dáta. Tar éis cur chuige uaillmhianach atá nasctha le hinfhaighteacht na huirlise nua cumarsáide IMI, ní mór do na Ballstáit an Treoir a thrasuí laistigh de 18 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach (Airteagal 9). Tá sé beartaithe go ndéanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chur chun feidhme na Treorach, agus go háirithe ar na forálacha speisialta maidir le tiománaithe postaithe, ag deireadh 2025 (Airteagal 7). |
j) Gnéithe eile den seasamh ón gComhairle
33. |
Cuireadh na heilimintí eile seo a leanas, a chuir an Chomhairle leis an togra ón gCoimisiún, isteach i dtéacs deiridh an tseasaimh ón gComhairle:
|
34. |
Ghlac an Chomhairle, go hiomlán nó i bprionsabal, leis na leasuithe eile seo ón bParlaimint ar an togra ón gCoimisiún:
|
IV. CONCLÚID
35. |
Is léiriú iomlán é an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh ar an gcomhréiteach ar thángthas air sa chaibidlíocht idir an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa, arna héascú ag an Coimisiún. Dearbhaítear an comhréiteach sin leis an litir a chuir Cathaoirleach Choiste TRAN Pharlaimint na hEorpa chuig Cathaoirleach Choiste na mBuanionadaithe (23 Eanáir 2020). Chuir an Cathaoirleach in iúl sa litir sin go molfaidh sí do chomhaltaí Choiste TRAN, agus ina dhiaidh sin don seisiún iomlánach, glacadh leis an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh gan leasuithe ar dhara léamh na Parlaiminte, faoi réir a fhíoraithe ag dlítheangeolaithe an dá institiúid. |
36. |
Dá bhrí sin, creideann an Chomhairle gur toradh cothrom atá ina seasamh ar an gcéad léamh agus, a luaithe a ghlacfar é, go dtiocfaidh feabhas ar dhálaí oibre leis na rialacha earnáilsonracha maidir le postú do thiománaithe agus go ráthófar an tsaoirse seirbhísí iompair trasteorann a sholáthar, agus go mbeidh rialú agus forfheidhmiú níos cuimsithí, níos éifeachtaí agus níos comhordaithe mar thoradh ar leasuithe ar an Treoir maidir le ceanglais forfheidhmiúcháin. |
(1) ST 15084/18.
(2) ST 15083/19.
(3) ST 5424/20 + ADD 1-4.
(4) Saoire bhliantúil íoctha íosta agus rátaí íosta pá / luacha saothair.
(5) Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2135/98 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle IO L 102, 11.4.2006, lch. 1