AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,18.10.2019
COM(2019) 496 final
Togra le haghaidh
CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a fhorscaoileadh chun cúnamh a thabhairt don Ghréig
EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52019PC0496
Proposal for a DECISION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL on the mobilisation of the European Union Solidarity Fund to provide assistance to Greece
Togra le haghaidh CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a fhorscaoileadh chun cúnamh a thabhairt don Ghréig
Togra le haghaidh CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a fhorscaoileadh chun cúnamh a thabhairt don Ghréig
COM/2019/496 final
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,18.10.2019
COM(2019) 496 final
Togra le haghaidh
CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a fhorscaoileadh chun cúnamh a thabhairt don Ghréig
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Comhthéacs an togra
Cumhdaítear leis an gcinneadh seo forscaoileadh Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (CDAE) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002 1 (dá ngairtear an ‘Rialachán’ anseo feasta) le haghaidh suim EUR 4 552 517 a chur ar fáil chun cúnamh a thabhairt don Ghréig tar éis na tubaiste ó thuilte le linn 2019. Déanfar an forscaoileadh sin a mhaoiniú ina iomláine trí pháirtúsáid leithreasuithe faoi chomhair gealltanais agus íocaíochtaí a rinneadh i mbuiséad 2019, chun foráil a dhéanamh maidir le hairleacain, tar éis an t-airleacan EUR 455 252 a íocadh cheana a bhaint. Dá réir sin, ní theastaíonn aon bhuiséad leasaitheach.
2.Faisnéis agus coinníollacha
Idir an 23 agus an 26 Feabhra 2019 bhuail anfa mór gaoithe agus báistí an Chréit, go háirithe in iarthar an oileáin. Fuair daoine bás de dheasca na dtuilte agus na sciorrthaí talún a lean, agus ba thubaisteach ar fad an damáiste a rinneadh ar an mbonneagar agus ar ghníomhaíochtaí eacnamaíochta, go háirithe i gcás na mbóithre agus na talmhaíochta.
(1)Rinne an Ghréig iarratas ar ranníocaíocht ó CDAE Dé Máirt 15 Bealtaine 2018, laistigh de sprioc-am 12 sheachtain ó taifeadadh an damáiste den chéad uair. Tíolacadh an t-iarratas mar ‘thubaiste nádúrtha réigiúnach’ faoi Airteagal 2(3) den Rialachán.
(2)Is de bhunús nádúrtha an tubaiste, agus dá bhrí sin tagann sí faoi raon feidhme CDAE.
(3)Is é EUR 182.1 milliún meastachán na Gréige ar chostas an damáiste dhírigh iomláin. An damáiste a rinneadh ar an gCréit, is 2.1 % d’Olltáirgeacht Intíre an réigiúin Kriti é lena mbaineann, réigiún atá ar leibhéal NUTS 2, rud a fhágann gur mó é ná an tairseach EUR 129.8 milliún, mar atá 1.5 % den olltáirgeacht intíre réigiúnach a leagtar síos sa Rialachán.
(4)San iarratas a rinne sí, d’iarr an Ghréig réamhíocaíocht mar a leagtar síos in Airteagal 4a den Rialachán. An 19 Iúil 2019 ghlac an Coimisiún Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2019) 5514 lena ndearnadh réamhíocaíocht 10 % atá cothrom le EUR 455 252 a íoc ar bhonn na ranníocaíochta airgeadais ón gCiste Dlúthpháirtíochta lena rabhthas ag súil agus d’íoc sé an tsuim iomlán sin leis an nGréig ina dhiaidh sin.
(5)San iarratas a rinne siad, thug údaráis na Gréige tuairisc mhionsonraithe ar an staid ina raibh an réigiún tar éis na ndianbhabhtaí drochaimsire agus ar na hiarrachtaí a rinneadh chun cabhrú leis an bpobal a bhí thíos leis. An 23 Feabhra, tráth a bhuail an cioclón an Chréit, bádh fear i sruthán agus rinneadh an-damáiste sna ceantair Chania agus Rethymnon go háirithe nó is ann a taifeadadh an méid is mó báistí carnaí. Is don mhéid seo a leanas is mó a rinneadh damáiste: an gréasán bóithre cathrach agus tuaithe, Mótarbhealach Thuaidh na Créite san áireamh, táirgeadh tuaithe mar atá barraí agus beostoc, agus tithe príobháideacha freisin. Rinneadh damáiste do sheacht gcinn de dhroichid agus thug ceann de na droichead sin uaidh ar fad. Fágadh bóithre dúnta agus ceantair iomlána gan bealach isteach iontu de dheasca na scórtha sciorrthaí talún agus crann tite. Bhí fadhbanna ar chlaífoirt agus scriosadh córais draenála de bharr creimthe. Rinneadh damáiste don ghréasán leictreachais freisin.
(6)Ba é meastachán na Gréige gurbh é EUR 173,9 milliún costas na n-oibríochtaí éigeandála agus téarnaimh is incháilithe faoi Airteagal 3(2) den Rialachán agus chuir sí i láthair é agus scagadh déanta air de réir chineál na hoibríochta. Baineann an sciar is mó de sin (os cionn EUR 145 mhilliún) leis na costais a ghabhann le bonneagar iompair (bóithre agus droichid) a chur ar ais mar a bhí, agus baineann an dara sciar is mó, EUR 20 milliún, leis an gcostas a ghabhann leis na hoibríochtaí glanta.
(7)Dhearbhaigh na húdaráis sin nach ann d'aon chumhdach árachais ar na costais incháilithe.
(8)An réigiún a buaileadh, is cuid de na 'réigiúin trasdula’ faoi Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (2014–2020) é. San iarratas a rinne siad, níor chuir údaráis na Gréige in iúl don Choimisiún go raibh sé de rún acu an cistiú a ath-leithdháileadh ó Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa ar na bearta téarnaimh.
(9)Níor ghníomhachtaigh an Ghréig an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta.
(10)I dtaca le cur chun feidhme reachtaíocht an Aontais maidir le baol tubaiste a chosc agus a bhainistiú, níl aon nós imeachta maidir le sárú ar siúl faoi láthair.
(11)I gcomhthéacs chur chun feidhme Threoir 2007/60/EC maidir le measúnú agus bainistiú baol tuilte, tugadh na gníomhaíochtaí seo a leanas i gcrích: Réamhthuarascáil Measúnaithe Riosca Tuilte (Márta 2012), Sainaithint na Limistéar ina bhfuil Baol Mór Tuilte sna 14 Dúiche Uisce sa tír agus nuashonrú ar an Réamhthuarascáil Measúnaithe Riosca Tuilte (Samhain 2012). Tugadh Réamhthuarascáil Measaithe Riosca Tuilte maidir le habhantrach Evros cothrom le dáta (Samhain 2014). Tugadh i gcríoch Guaiseacha Tuilte agus Riosca maidir leis na 14 Seomra Uisce sa tír (Márta 2017). Na Pleananna Bainistithe Riosca Tuilte maidir le Dobharlaigh uile na tíre, An Plean Bainistithe Riosca Tuilte maidir le Guaiseacha na nAbhantrach sa Chréit san áireamh.
2.5Conclúid
Ar na cúiseanna a leagtar amach thuas, tá an tubaiste dá dtagraítear sna hiarratais arna dtíolacadh ag an nGréig ag teacht leis na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán maidir le CDAE a fhorscaoileadh.
3.Maoiniú ó leithdháiltí CDAE 2019
Le Rialachán (AE, EURATOM) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 2 (dá ngairtear “Rialachán CAI” anseo feasta), agus go háirithe Airteagal 10 de, féadtar CDAE a fhorscaoileadh, faoi réir uasteorainn bhliantúil EUR 500 000 000 (praghsanna 2011). Le pointe 11 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais 3 (IIA), leagtar síos na modúlachtaí le haghaidh fhorscaoileadh CDAE.
Ós rud é gurbh í an dlúthpháirtíocht, den chuid is mó, ba phríomhúdar le bunú CDAE, tá an Coimisiún den tuairim gur cheart an chabhair a bheith ina cabhair fhorásach. Is éard a thagann de sin, de réir an chleachtais go nuige seo, gur cheart gur mhó agus gur dhlúithe an chabhair a thabharfaí mar fhreagairt ar an gcion sin den damáiste is mó ná an “tairseach mórthubaistí nádúrtha” le haghaidh fhorscaoileadh CDAE (i.e. 0.6 % den ollioncam náisiúnta nó EUR 3 bhilliún i bpraghsanna 2011, cibé acu is ísle), ná an chabhair a thabharfaí mar fhreagairt ar dhamáiste a bheadh ar an tairseach sin nó faoin tairseach sin. Is é an ráta a cuireadh i bhfeidhm roimhe seo chun leithdháiltí a shainiú do mhórthubaistí ná 2,5% den damáiste díreach iomlán, faoin tairseach, agus 6% don chuid den damáiste os cionn na tairsí. I gcás tubaistí réigiúnacha agus tubaistí a gcaitear leo faoin bhforáil maidir le ‘tír chomharsanachta’, is é 2,5% an ráta.
Ní bheidh sa ranníocaíocht níos mó ná costas iomlán measta na n-oibríochtaí incháilithe. Leagadh amach an mhodheolaíocht chun an chabhair a ríomh i dTuarascáil Bhliantúil CDAE 2002-2003, agus ghlac an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa léi.
Ar bhonn an iarratais ón nGréig, is é seo a leanas ríomh na ranníocaíochta airgeadais ó CDAE, agus tá an ríomh sin bunaithe ar an meastachán ar chostas na ndamáistí díreacha iomlána a rinneadh:
Ballstáit |
Cáilíocht na tubaiste |
Damáiste díreach iomlán (EUR milliún ) |
Tairseach i gcás mórthubaistí (EUR milliún ) |
2.5% den damáiste díreach suas go dtí an tairseach (EUR) |
6% den damáiste díreach os cionn na tairsí (EUR) |
Suim iomlán na cabhrach a beartaíodh (EUR) |
Airleacain arna n-íoc (EUR) |
AN GHRÉIG |
Réigiúnach (Airt. 2(3)) |
182,1 |
1 086.1 |
4 552 517 |
- |
4 552 517 |
455 252 |
IOMLÁN |
4 552 517 |
455 252 |
I gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán CAI, ba é EUR 851 082 072 an méid iomlán a bhí ar fáil le haghaidh fhorscaoileadh CDAE i dtús 2019, óir is é sin suim an leithdháilte le haghaidh 2019, EUR 585 829 691, móide a raibh fágtha den leithdháileadh le haghaidh 2018, is é sin EUR 265 252 381 nár caitheadh an bhliain sin agus a tugadh anall go 2019.
Is í an tsuim a fhéadfar a fhorscaoileadh ag an tráth seo den bhliain 2019 EUR 557 530 278. Tá sin i gcomhréir leis an méid iomlán a bhí ar fáil ag tús 2019 lena úsáid le haghaidh fhorscaoileadh CDAE (EUR 851 082 072), lúide EUR 293 551 794, arbh é sin méid an fhorscaoilte a rinneadh roimhe sin 4 . I gcomhréir le hAirteagal 10(1) den Rialachán maidir le CAI, is gá 25% de bhunleithdháileadh 2019 a choinneáil go dtí Samhain 2019. Mar sin féin, ó tharla go ndéanfar an íocaíocht leis an nGréig tar éis an 1 Deireadh Fómhair, ní bhaineann an fhoráil leis an gcás seo.
An méid atá ar fáil faoi láthair faoin gCiste Dlúthpháirtíochta: |
|
Leithdháileadh bliantúil 2019 |
EUR 585 829 691 |
Móide an sciar sin den leithdháileadh le haghaidh 2018 nár caitheadh agus a tugadh anonn go 2019 |
+ EUR 265 252 381 |
Lúide an tsuim a forscaoileadh don Rómáin, don Iodáil agus don Ostair (AB 3) |
- EUR 293 551 794 |
Infhaighteacht IOMLÁN go dtí Nollaig 2019 |
EUR 557 530 278 |
Togra le haghaidh
CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a fhorscaoileadh chun cúnamh a thabhairt don Ghréig
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh 5 , agus go háirithe Airteagal 4(3) de,
Ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar i gcúrsaí buiséid agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais 6 , agus go háirithe pointe 11 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Is é is aidhm do Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (“an Ciste”) cur ar chumas an Aontais freagairt ar bhealach tapa éifeachtúil solúbtha, do staideanna éigeandála, chun dlúthpháirtíocht a léiriú le pobail réigiún a mbuaileann tubaistí nádúrtha iad.
(2)Ní fhéadfaidh a bheith sa Chiste níos mó ná méid uasta bhliantúil EUR 500 000 000 (praghsanna 2011), de réir mar a leagtar síos in Airteagal 10 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle 7 .
(3)An 15 Meitheamh 2019 chuir an Ghréig iarratas isteach chun an Ciste a fhorscaoileadh, tar éis an anfa mhóir gaoithe agus báistí a bhuail an Chréit idir an 23 agus an 26 Feabhra 2019 arbh iad tuilte agus sciorrthaí talún an toradh a bhí air.
(4)Tá an t-iarratas ón nGréig i gcomhréir leis na coinníollacha i dtaca le ranníocaíocht airgeadais a thabhairt ón gCiste, mar a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002.
(5)Dá bhrí sin, ba cheart an Ciste a fhorscaoileadh chun ranníocaíocht airgeadais a sholáthar don Ghréig.
(6)Le Cinneadh (AE) 2019/277 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 8 , rinneadh an Ciste a fhorscaoileadh chun suim EUR 50 000 000, agus é sin ina leithreasuithe faoi chomhair gealltanais agus íocaíochtaí, a chur ar fáil chun airleacain a íoc sa bhliain airgeadais 2019. Ní dhearnadh na leithreasuithe sin a úsáid ach go pointe an-teoranta. Dá bhrí sin, tá an deis ann suim iomlán an fhorscaoilte seo a mhaoiniú trí ath-leithdháileadh a dhéanamh ar na leithreasuithe a forscaoileadh faoi chomhair airleacain a íoc i mbuiséad ginearálta an Aontais don bhliain airgeadais 2019.
(7)Chun giorrú a oiread agus is féidir ar an am a thógfaidh sé an Ciste a fhorscaoileadh, ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo ó dháta a ghlactha,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Le haghaidh bhuiséad ginearálta an Aontais don bhliain airgeadais 2019, bainfear úsáid as Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh chun méid EUR 4 552 517 a sholáthar don Ghréig, agus é sin ina leithreasuithe faoi chomhair gealltanais agus íocaíochtaí.
Déanfar suim an fhorscaoilte dá dtagraítear sa chéad mhír a mhaoiniú as na leithreasuithe arna bhforscaoileadh chun airleacain a íoc i mbuiséad an Aontais don bhliain airgeadais 2019. Fágann sin go laghdófar na leithreasuithe a chuirfear ar fáil faoi chomhair airleacain a íoc.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ó … [dáta a ghlactha] 9**.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle