AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,4.7.2019
COM(2019) 318 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG AN gCOMHAIRLE
faoin dul chun cinn atá déanta ag institiúidí an Aontais Eorpaigh maidir le maolú na Gaeilge a laghdú de réir a chéile
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52019DC0318
REPORT FROM THE COMMISSION TO THE COUNCIL on the Union institutions’ progress towards the implementation of the gradual reduction of the Irish language derogation
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG AN gCOMHAIRLE faoin dul chun cinn atá déanta ag institiúidí an Aontais Eorpaigh maidir le maolú na Gaeilge a laghdú de réir a chéile
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG AN gCOMHAIRLE faoin dul chun cinn atá déanta ag institiúidí an Aontais Eorpaigh maidir le maolú na Gaeilge a laghdú de réir a chéile
COM/2019/318 final
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,4.7.2019
COM(2019) 318 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG AN gCOMHAIRLE
faoin dul chun cinn atá déanta ag institiúidí an Aontais Eorpaigh maidir le maolú na Gaeilge a laghdú de réir a chéile
I.Réamhrá
Nuair a tháinig sí isteach sna Comhphobail Eorpacha in 1973, níor iarr Éire an Ghaeilge a bheith ar cheann de theangacha oifigiúla agus oibre na n‑institiúidí; níor iarr sí ach na Conarthaí a aistriú go Gaeilge agus an ceart a bheith ag a cuid saoránach cumarsáid a dhéanamh leis na hinstitiúidí i nGaeilge. Dá bhrí sin, níor cuireadh an Ghaeilge leis an liosta de theangacha oifigiúla agus oibre i Rialachán Uimh. 1 1 , agus níor dhréachtaigh ná níor fhoilsigh na hinstitiúidí reachtaíocht i nGaeilge.
In 2005, d’iarr Éire an Ghaeilge a bheith ina teanga oifigiúil agus oibre den Aontas agus mhol sí córas srianta nach ndéanfaí leis ach na Rialacháin sin a ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle go comhpháirteach, agus na Rialacháin sin amháin, a dhréachtú i nGaeilge. Dheonaigh an Chomhairle an stádas sin ón 1 Eanáir 2007 le Rialachán (CE) Uimh. 920/2005 2 , lenar cuireadh maolú i bhfeidhm inar sonraíodh nach raibh le dréachtú i nGaeilge ach na Rialacháin sin amháin a ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle go comhpháirteach. Glacadh an maolú ar feadh 5 bliana agus, tar éis athbhreithniú a dhéanamh air in 2010, cuireadh síneadh 5 bliana eile leis go dtí an 31 Nollaig 2016 3 . Mar chuid de bheartas rialtas na hÉireann maidir le húsáid na Gaeilge agus eolas ar an nGaeilge a spreagadh, in 2015 d’iarr an rialtas ar an gComhairle raon feidhme an mhaolaithe a laghdú de réir a chéile d’fhonn deireadh a chur leis faoin 1 Eanáir 2022. Dá bhrí sin, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE, Euratom) 2015/2264 4 i Nollaig 2015. Bhí de thoradh air sin cás nach raibh ann riamh roimhe – is é sin go raibh ar na hinstitiúidí córas nua teanga a chur ar bun do Bhallstát a bhí ann cheana.
San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE, Euratom) 2015/2264, leagtar amach clár ama i gcomhair an maolú a laghdú de réir a chéile mar a leanas:
-an chéad incrimint (ón 1 Eanáir 2017) – Treoracha ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
-an dara hincrimint (ón 1 Eanáir 2018) – Cinntí ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
-an tríú hincrimint (ón 1 Eanáir 2020) – Rialacháin agus Treoracha ón gComhairle, agus Cinntí ón gComhairle nach sonraítear iontu cé orthu a ndírítear iad; agus
-an ceathrú hincrimint (ón 1 Eanáir 2021) – Rialacháin agus Treoracha ón gCoimisiún, agus Cinntí ón gCoimisiún nach sonraítear iontu cé orthu a ndírítear iad.
Leis an Rialachán sin ceanglaítear ar an gCoimisiún dhá thuarascáil a chur faoi bhráid na Comhairle ar chur chun feidhme an mhaolaithe sula scoirfidh sé d’fheidhm a bheith aige. Faoi Dheireadh Fómhair 2019 ar a dhéanaí, ní mór don Choimisiún tuarascáil a thabhairt ar dhul chinn na n‑institiúidí maidir leis an maolú a laghdú de réir a chéile. Tar éis an tuarascáil a mheas, féadfaidh an Chomhairle a chinneadh go ndéanfar athbhreithniú ar an amchlár a leagtar amach san Iarscríbhinn.
Ní mór don Choimisiún a thuairisciú arís, faoi Mheitheamh 2021 ar a dhéanaí, i dtaobh an bhfuil fáil ag na hinstitiúidí ar acmhainneacht leordhóthanach, i gcomparáid leis na teangacha eile, chun Rialachán Uimh. 1 lena gcinntear na teangacha atá le húsáid ag Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Rialachán Uimh. 1 lena gcinntear na teangacha atá le húsáid ag an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach a chur i bhfeidhm gan mhaolú ón 1 Eanáir 2022 ar aghaidh. In éagmais Rialachán ón gComhairle lena bhforáiltear a mhalairt, scoirfidh an maolú d’fheidhm a bheith aige ón 1 Eanáir 2022 ar aghaidh.
Sa chéad tuarascáil cur chun feidhme seo, déantar an dul chun cinn idir Eanáir 2016 agus lár 2019 a mheas.
II.An dul chun cinn maidir leis an maolú a laghdú de réir a chéile
a.Comhar le hÉirinn
Tá na hinstitiúidí agus Éire ag obair i gcomhar le chéile chun Rialachán (AE, Euratom) 2015/2264 a chur chun feidhme. Faoi Airteagal 2 den Rialachán, tiocfaidh údaráis na hÉireann agus an Coimisiún, i gcomhar le hinstitiúidí eile de chuid an Aontais, le chéile ar bhonn rialta chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn ó thaobh earcú an lín pearsanra Gaeilge is gá chun déileáil go héifeachtach leis an maolú a laghdú de réir a chéile, agus chun faireachán a dhéanamh ar acmhainneacht na soláthraithe seirbhíse seachtracha agus ar a n‑úsáid chun riar do riachtanais Ghaeilge institiúidí an Aontais.
Dá réir sin, bunaíodh grúpa faireacháin maidir le maolú na Gaeilge, ina bhfuil ionadaithe ó sheirbhísí teanga institiúidí an Aontais agus ionadaithe ó rialtas na hÉireann. Chuir an grúpa tús leis an obair in 2016 agus leanfar léi go dtí go scoirfidh an Rialachán d’fheidhm a bheith aige. Tá struchtúr dhá leibhéal ann:
-ar an leibhéal stiúrtha, is iad an Coimisiún (a ndéanann Ard‑Stiúrthóireacht an Aistriúcháin ionadaíocht thar a cheann), i gcomhar le hinstitiúidí eile, agus Éire (a ndéanann an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ionadaíocht thar a ceann sin) a thagann le chéile gach bliain chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn agus chun tosaíochtaí gach bliana sna réimsí seo a leanas a ghlacadh:
oearcaíocht ábhartha sna hinstitiúidí;
oacmhainneacht na soláthraithe seirbhíse seachtracha;
ocomhar méadaithe maidir le hacmhainní teanga ;
osaincheisteanna a bhaineann leis an acquis a bheith ar fáil; agus
-ar an leibhéal oibriúcháin, tagann ionadaithe ó sheirbhísí teanga na n‑institiúidí agus ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta le chéile ar a laghad dhá uair sa bhliain agus bíonn siad ag obair ar thosaíochtaí na bliana agus tuairiscíonn siad faoin dul chun cinn don lucht stiúrtha.
Ó glacadh an Rialachán, tá trí chomhdháil bhliantúla faoin nGaeilge eagraithe i mBaile Átha Cliath ag an gCoimisiún agus ag Éirinn go comhpháirteach.
Tugtar achoimre ar an gcéad leathanach eile ar an dul chun cinn go dtí seo sna príomhréimsí.
b. Aistriúcháin go Gaeilge a sholáthar
Is é an t‑aistriúchán reachtaíochta is mó a theastaíonn ó na hinstitiúidí agus, dá éis sin, aistriúchán doiciméad eile neamhreachtach de réir riachtanais pholaitiúla agus riachtanais cumarsáide eile. Ó cuireadh an chéad dá incrimint i bhfeidhm in 2017 agus 2018 (cuireadh Treoracha agus Cinntí arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle leis na doiciméid a bhí le haistriú), thosaigh na hinstitiúidí ag méadú raon na reachtaíochta a aistrítear go Gaeilge. Cuireadh an chéad dá incrimint chun feidhme ina n‑iomláine.
I gcomhréir le haithris 4 de Rialachán (AE, Euratom) 2015/2264, d'aistrigh na hinstitiúidí inneachar eile freisin chun cur leis an eolas a bhí ar fáil i nGaeilge faoi ghníomhaíochtaí an Aontais. Má chuirtear an t‑ábhar reachtaíochta agus an t‑inneachar breise sin le chéile, tá níos mó ná a dhá oiread aistrithe ag na hinstitiúidí 5 go Gaeilge ó bhí 2016 ann.
Chun ullmhúchán a dhéanamh le haghaidh na gcéad mhéaduithe incrimintí eile atá beartaithe in 2020 agus 2021, tá anailís déanta ag an gCoimisiún ar réamhaisnéisí ar an éileamh de réir chineál an doiciméid. Léirítear sna réamhaisnéisí sin go bhféadfadh sé, mar gheall ar incrimintí 2020 agus 2021, go n‑aistreodh institiúidí áirithe a dhá oiread arís go Gaeilge idir deireadh 2018 agus 2021. Nuair a thiocfaidh deireadh leis an maolú in 2022, meastar go dtiocfaidh méadú breise 40 % ar an éileamh foriomlán a bheidh ar an aistriúchán go Gaeilge sa Choimisiún 6 mar gheall ar an gcuid dheireanach den éileamh (e.g. teachtaireachtaí, comhairliúcháin agus tuarascálacha). Dá thoradh sin, tiocfaidh méadú nach beag ar an éileamh ar an nGaeilge i ngach seirbhís teanga eile freisin.
c. Baill foirne Ghaeilge a earcú
I ndáil leis an acmhainneacht chun Rialachán (AE, Euratom) 2015/2264 a chur chun feidhme, is é is tábhachtaí líon leordhóthanach de bhaill foirne Ghaeilge a earcú. In 2015, d'aithin na hinstitiúidí agus Éire an dúshlán is mó a bheadh amach rompu sula gcuirfí deireadh leis an maolú: an líon beag saineolaithe Gaeilge atá ar fáil. Chun cur leis an acmhainneacht táirgeachta faoin 1 Eanáir 2022, chinn na hinstitiúidí sraith de chomórtais EPSO a phleanáil do 2016, 2018 agus 2020.
Rinneadh meastachán ar riachtanais earcaíochta na n‑institiúidí uile ar bhonn figiúirí soláthair foirne 2014 7 . Rinneadh athbhreithniú ar na hacmhainní ó shin agus táthar ag coigeartú líon na n‑acmhainní éagsúla i rith an ama, mar atá foireann intí, acmhainneacht saoraistriúcháin agus acmhainní teicneolaíochta teanga. Chun gur féidir riar don mhéadú ar an aistriúchán go Gaeilge, tá sé ríthábhachtach cur leis na trí phríomhghné sin a bhaineann leis an acmhainneacht Ghaeilge agus iad sin a chur le chéile, de réir riachtanais na n‑institiúidí éagsúla.
Leanann na hinstitiúidí de bheith ag leithdháileadh post ar na ranna Gaeilge atá acu. Ó dheireadh 2015, tá an líon foirne intí Gaeilge méadaithe ó 58 go 102.
Seoladh comórtais EPSO le haghaidh aistritheoirí agus cúntóirí teanga GA 8 in 2016. Chuir 210 n‑iarrthóir isteach ar chomórtas na n‑aistritheoirí agus d'éirigh le 10 n‑iarrthóir – 62 an sprioc a bhí ann. Bhí ochtar aistritheoirí as an deichniúr sin fostaithe cheana féin ar conradh sealadach ag na hinstitiúidí 9 agus mar sin, ó thaobh gnóthachan glan acmhainneachta de, beirt a fuarthas. Ó thaobh chomórtas na gcúntóirí teanga de, 13 an sprioc earcaíochta a bhí ann. D'éirigh le naonúr as 118 n‑iarrthóir a raibh seisear acu fostaithe ar chonradh sealadach ag na hinstitiúidí cheana féin 10 , rud a d'fhág, ó thaobh gnóthachan glan acmhainneachta de, gur triúr a fuarthas.
Seoladh comórtas EPSO le haghaidh dlítheangeolaithe in 2017. Chuir 26 iarrthóir isteach ar an gcomórtas agus d'éirigh le triúr.
Chuir 190 iarrthóir isteach ar chomórtas EPSO na n‑aistritheoirí in 2018 agus d'éirigh le 15. Chun an seans is fearr a thabhairt do na hiarrthóirí sa phróiseas roghnúcháin, cuireadh síneadh 2 sheachtain le spriocdháta na n‑iarratas agus rinneadh athrú ar sheicheamh na tástála sa dóigh gur cuireadh na trialacha aistriúcháin ar siúl roimh na trialacha ar ríomhaire.
Leanann líon measartha iarrthóir de bheith ag cur spéis i gcomórtais EPSO le haghaidh teangeolaithe Gaeilge ach is dúshlán fós é ráta ard earcaíochta a bhaint amach de réir na riachtanas réamh‑mheasta.
Tábla 1: Comórtais EPSO, 2016-2018
Bliain |
Comórtas |
An líon iarrthóirí |
An líon ar tugadh cuireadh dóibh chuig na trialacha aistriúcháin |
An líon ar tugadh cuireadh dóibh chuig an ionad measúnaithe |
Painéal EPSO |
Sprioc |
2016 |
Aistritheoirí |
210 |
43* |
10 |
10 |
62 |
Cúntóirí |
118 |
28 |
9 |
13 |
||
2017 |
Dlítheangeolaithe |
26 |
8 |
5 |
3 |
8 |
2018 |
Aistritheoirí |
190 |
114** |
17** |
15 |
72 |
* ar tugadh cuireadh dóibh ar bhonn na dtrialacha ar ríomhaire
**ar tugadh cuireadh dóibh ar bhonn iarratas amháin
***bhí na trialacha ar ríomhaire mar chuid den ionad measúnaithe
Mar chúiteamh ar an líon beag iarrthóirí a earcaíodh ó chomórtais EPSO, is go dian dícheallach a rinne na hinstitiúidí infheistíocht in earcú agus oiliúint ball foirne sealadach chun cur leis an acmhainneacht aistriúcháin. Mar bheart malartach, sheol siad 14 phróiseas roghnúcháin le haghaidh baill foirne shealadacha 11 idir 2015 agus lár 2019. Mar gheall ar na deiseanna oiliúna breise a chuir Éire ar fáil agus an oiliúint a chuir na hinstitiúidí ar an bhfoireann shealadach, bhíothas in ann aghaidh a thabhairt ar bhealach pragmatach ar a laghad iarrthóirí ar éirigh leo i gcomórtais EPSO. Ina theannta sin, sheol EPSO próiseas roghnúcháin chun aistritheoirí a earcú ina ngníomhairí ar conradh go luath in 2019.
Cé nach luaitear an ateangaireacht sa mhaolú, ní mór é sin a chur san áireamh mar gur ón linn chéanna daoine atá ar fáil lena n-earcú a earcaítear idir aistritheoirí agus ateangairí. Ní mór d’institiúidí uile an Aontais Eorpaigh líon leordhóthanach ateangairí a fhostú chun riar don éileamh ar an nGaeilge tar éis an mhaolaithe. Go dtí seo, bhí siad in ann riar don éileamh, atá teorannaithe don ateangaireacht ón nGaeilge ("Gaeilge éighníomhach"). Rinne seirbhís ateangaireachta an Choimisiúin, AS SCIC, amhlaidh trí úsáid a bhaint as triúr ateangairí ón bhfoireann bhuan (beirt a bhfuil Gaeilge éighníomhach acu agus duine amháin a bhfuil Gaeilge ghníomhach aige) agus trí úsáid a bhaint as an líon leordhóthanach saorateangairí creidiúnaithe a bhféadfar a iarraidh orthu a bheith ag obair don Choimisiún, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa nó do Choiste na Réigiún. Tá laghdú tagtha ar na hiarrataí ar ateangaireacht ón nGaeilge sna ceithre institiúid a riarann AS SCIC dóibh, ó 20 in 2011 go 4 in 2018 agus go 2 go dtí seo in 2019. Go n‑uige seo, níor iarradh ar AS SCIC ateangaireacht go Gaeilge ("Gaeilge ghníomhach") a dhéanamh, rud a d'aithin AS SCIC agus an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta go sainráite i gcomhfhreagras eatarthu. I bParlaimint na hEorpa, mar a dhéantar i nDáil Éireann, is ón nGaeilge amháin a chuirtear ateangaireacht ar fáil i seisiúin iomlánacha (lena n‑áirítear seisiún na hoíche), ach ní chuirtear ateangaireacht go Gaeilge ar fáil iontu, agus i gcás cruinnithe eile, cuirtear an ateangaireacht ar fáil ach réamhfhógra a fháil. Ní gá don Chúirt Bhreithiúnais ateangairí foirne Gaeilge a fhostú mar nár tugadh aon chás i nGaeilge os comhair na cúirte riamh.
Teastaíonn cúntóirí Gaeilge ó Oifig na bhFoilseachán chun eagarthóireacht teanga agus profléitheoireacht a dhéanamh. I láthair na huaire, tá gníomhaire sealadach amháin ag obair in Oifig na bhFoilseachán agus táthar ag iarraidh cur le hacmhainneacht Ghaeilge na hoifige de réir a chéile ionas go mbeidh sí i gcomhréir le hacmhainneacht fhormhór na dteangacha eile. Mar gheall ar an líon beag post agus a sainiúlacht, níl sé costéifeachtach comórtas EPSO a reáchtáil le haghaidh Oifig na bhFoilseachán amháin.
Tá iarrachtaí móra déanta ag Éirinn freisin chun iarrthóirí a ullmhú do ghairmeacha sna hinstitiúidí agus borradh a chur faoin earcaíocht. Tá sraith de chúrsaí Gaeilge ar leibhéal na hollscoile agus cúrsaí ina n‑úsáidtear an Ghaeilge forbartha ag Éirinn ó 2007, go sonrach faoi chuimsiú an Tionscnaimh Ardscileanna Gaeilge. In 2015, bhunaigh sí Ionad Barr Feabhais do Ghairmeacha Gaeilge san Aontas Eorpach chun an comhordú a éascú idir na hinstitiúidí oideachais tríú leibhéal atá páirteach sa tionscnamh. In 2015 freisin, chuir sí buiséad €4.7 milliún i leataobh chun 15 chúrsa nua speisialaithe a bhunú sna hinstitiúidí rannpháirteacha faoi cheann 8 mbliana. Tá tríú teanga de theangacha oifigiúla oibre an Aontais Eorpaigh á teagasc anois sna cúrsaí go léir a fhaigheann maoiniú faoin tionscnamh agus tá modúil ar scileanna síciméadracha iontu le mic léinn a ullmhú le haghaidh chomórtais EPSO. Thug an Coimisiún cuidiú cúrsa máistreachta san Ateangaireacht Chomhdhála a bhunú in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus tacaíonn sé leis i gcónaí.
Le linn na mblianta 2016-2018, chuir Éire agus na hinstitiúidí féin gairmeacha do theangeolaithe Gaeilge sna hinstitiúidí chun cinn trí fheachtais fógraíochta, aontaí gairmeacha, cuairteanna ar ollscoileanna agus cuairteanna mac léinn Éireannach ar na hinstitiúidí, imeachtaí seolta tiomnaithe, ailt i nuachtáin agus agallaimh raidió. Sna comhdhálacha bliantúla i mBaile Átha Cliath tugadh aghaidh ar shaincheisteanna a bhaineann leis an aistriúchán agus an ateangaireacht i nGaeilge, agus tugadh eolas faoi na deiseanna agus faoi phróifílí na foirne Gaeilge a theastaíonn ó na hinstitiúidí. Chun aird chainteoirí óga Gaeilge an lae inniu a tharraingt ar ghairm an aistriúcháin, sheol an Coimisiún agus Éire comórtas ar leith le haghaidh Aistritheoirí Óga do dhaltaí meánscoileanna Gaeilge (an tsraith shinsearach) in 2017. In 2018, ghlac 21 scoil ar an iomlán páirt sa chomórtas.
Mar sin, in ainneoin roinnt bearta pragmatacha sui generis a rinneadh chun borradh a chur faoin acmhainneacht aistriúcháin agus ateangaireachta Gaeilge, is léir ón taithí a fuarthas go dtí seo go bhfuil gá le hiarrachtaí móra eile as seo go ceann trí bliana chun riar do na riachtanais réamh‑mheasta.
d. Acmhainneacht na soláthraithe seirbhíse seachtracha
Déanann na hinstitiúidí sciar éigin den obair aistriúcháin atá acu a eisfhoinsiú. Is é an Coimisiún an institiúid is mó a bhaineann úsáid as eisfhoinsiú ó thaobh mhéid na hoibre de. Tá na hinstitiúidí ag súil le go mbeidh siad ag baint níos mó úsáid as margadh na saoraistritheoirí Gaeilge chun a n‑acmhainneacht intí a chomhlánú.
D'eagraigh an Coimisiún agus Parlaimint na hEorpa glaonna breise ar thairiscintí le haghaidh seirbhísí aistriúcháin sa tréimhse tuairiscithe chun borradh a chur faoin acmhainneacht agus chun líon na n‑iarratas sin a mhéadú agus feabhas a chur ar an gcáilíocht. Tháinig conarthaí nua saoraistriúcháin an Choimisiúin i bhfeidhm in Iúil 2018. Is ábhar misnigh iad na torthaí tosaigh ach, mar sin féin, is cuid fhíorbheag den mhéid iomlán is gá chun riar don éileamh gan mhaolú é an méid a eisfhoinsítear. Sheol Parlaimint na hEorpa, i gcomhpháirt leis an gComhairle, Cúirt na nIniúchóirí, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún, glao ar thairiscintí i Samhain 2018. I Márta 2019, sheol Parlaimint na hEorpa glao eile ar thairiscintí chun saoraistriúchán a sholáthar, an Ghaeilge san áireamh. I mBealtaine 2019, d'fhoilsigh an Coimisiún glao nua ar thairiscintí freisin chun saoraistriúchán a sholáthar, an Ghaeilge san áireamh. Tá na próisis sin ar siúl fós. Eagraíodh imeachtaí múscailte feasachta le haghaidh soláthraithe seirbhíse seachtracha maidir le bheith ag obair don Choimisiún le linn na tréimhse tuairiscithe. Chun a oiread daoine a rochtain agus is féidir, eagraíodh seimineáir ghréasáin agus imeachtaí beo mar chuid de na himeachtaí sin. I gcomhdháil bhliantúil 2018 i mBaile Átha Cliath, díríodh ar na riachtanais saoraistriúcháin atá ann anois agus a bheidh ann amach romhainn.
Tá rochtain ag na seirbhísí ateangaireachta sa Choimisiún (AS SCIC), ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gCúirt Bhreithiúnais ar aon saorateangaire creidiúnaithe dhéag ón nGaeilge; níl Gaeilge ghníomhach ach ag cúigear acu sin. Níor éirigh le haon iarrthóir sna trialacha creidiúnúcháin in 2016, 2017 ná 2019.
In Aibreán 2019, d'eisigh Oifig na bhFoilseachán glao ar thairiscintí le haghaidh soláthraithe seirbhíse seachtracha; ós rud é nach bhfuarthas aon tairiscint, déanfar an glao ar thairiscintí a athsheoladh.
e. Acmhainní Gaeilge
Cuimsítear acmhainní teanga san acmhainneacht aistriúcháin. Lean na hinstitiúidí agus Éire ar aghaidh le tionscadal téarmaíochta GA IATE 12 atá ar an bhfód le 11 bhliain agus ar cheadaigh Éire maoiniú go deireadh 2021 dó. 65 592 iontráil a soláthraíodh mar chuid den tionscadal (i gcomparáid le 56 860 iontráil in 2015). Thosaigh na hinstitiúidí ag obair le hÉirinn chun líonra de shaineolaithe réimsí téarmeolaíochta Gaeilge a chur ar bun in Éirinn.
Tá uirlisí aistriúcháin ríomhchuidithe agus an meaisínaistriúcháin ríthábhachtach le go mbeidh na seirbhísí aistriúcháin éifeachtach. Cuirtear corpais dhátheangacha nó ilteangacha isteach iontu sin, ar corpais iad atá go minic i bhfoirm cuimhní aistriúcháin bunaithe ar aistriúcháin a rinneadh cheana. Tá tuairim agus 5.8 milliún deighleog ón nGaeilge nó go Gaeilge (i gcomparáid le 3.5 milliún in 2015) anois in Euramis, an banc cuimhní aistriúcháin idirinstitiúideach. Is é sin tuairim agus an deichiú cuid de na 30 – 50 milliún deighleog atá ann d'fhormhór na bpéirí teanga eile.
Tá sé geallta ag Éirinn go soláthróidh sí do na hinstitiúidí cuimhní aistriúcháin ina bhfuil ailíniú de théacsanna Béarla agus Gaeilge na reachtaíochta náisiúnta. Ullmhaíodh comhaontú idir na hinstitiúidí agus Éire; tá bailchríoch le cur air sin.
Ceapadh inneall meaisínaistriúcháin Gaeilge bunaithe ar theicneolaíocht an mheaisínaistriúcháin néaraigh i Márta 2018 mar chuid de chóras eTranslation an Choimisiúin 13 agus tá sé ar fáil do na hinstitiúidí agus do na húdaráis Éireannacha freisin. Mar sin féin, ós rud é go bhfuil an meaisínaistriúchán bunaithe ar shonraí, agus gur as Euramis a thagann na sonraí sin, níl na torthaí ón meaisínaistriúchán Gaeilge chomh maith leis na torthaí a thairgtear do theangacha eile mar gheall ar an méid measartha beag de shonraí a úsáidtear chun na hinnill Ghaeilge a thraenáil. Sa tionscnamh maidir le Comhordú Eorpach Acmhainní Teanga, táthar ag iarraidh níos mó sonraí teanga a bhailiú chun feabhas a chur ar na hinnill.
D’oibrigh Oifig na bhFoilseachán le rialtas na hÉireann agus leis an ngrúpa teangeolaíochta Gaeilge idirinstitiúideach chun an Treoir Stíle Idirinstitiúideach a chur i gcomhréir leis an gcaighdeán nua oifigiúil don Ghaeilge. Tá uirlisí ríomhchuidithe profléitheoireachta ag Oifig na bhFoilseachán arb uirlisí iad a cuireadh in oiriúint lena n‑úsáid ar théacsanna Gaeilge san Iris Oifigiúil. Tá a bhfeidhm á leathnú amach chun cás‑dlí Gaeilge a chumhdach.
f. Saincheisteanna a bhaineann leis an acquis a bheith ar fáil
Ní dhearnadh corpas dlí an Aontais Eorpaigh (an acquis) a aistriú go Gaeilge roimhe seo agus ba é seo an chéad uair i gcás teanga oifigiúil agus oibre nach ndearnadh amhlaidh. Tá tuairim agus 160 000 leathanach de théacs dlí (an Iris Oifigiúil) san acquis i láthair na huaire agus is cuid thábhachtach de chuimhní aistriúcháin na n‑institiúidí na leathanaigh sin agus is foinse shaibhir théarmaíochta iad. Chun aghaidh a thabhairt ar an leagan Gaeilge a bheith in easnamh, tharraing Seirbhís Dlí an Choimisiúin liosta tosaíochtaí suas ina bhfuil tuairim agus 11 000 leathanach de na bunghníomhartha agus de na leaganacha comhdhlúite de na gníomhartha agus dá n‑aistreofaí iad sin, bheadh luach mór leo. Tá na leathanaigh sin á n‑aistriú ag na hinstitiúidí go comhpháirteach de réir a n‑acmhainní féin; tá 4 697 leathanach aistrithe acu go dtí seo. Níl na haistriúcháin deimhnithe, áfach, agus níl de chuspóir acu sin ach cur leis na cuimhní aistriúcháin agus cuidiú leis an éifeachtúlacht oibriúcháin. Tá an Chúirt Bhreithiúnais ag aistriú cás‑dlí agus deighleoga téacs/frásaí a bhíonn go minic ina téacsanna.
Ó Mheán Fómhair 2018, tá Éire ag maoiniú clár intéirneachta a cuireadh ar bun chun an acquis a aistriú d’fhonn cur le hiarrachtaí na n‑institiúidí. Glacadh buiséad a bheidh á leithdháileadh go dtí 2021 chun 12 iarrthóir a mhaoiniú gach bliain d’fhonn 5 mhí a chaitheamh ar socrúchán i seirbhísí aistriúcháin na bpríomhinstitiúidí (beirt i bParlaimint na hEorpa, beirt sa Chomhairle agus beirt sa Choimisiún, iarrthóirí le ceapadh dhá uair in aghaidh na bliana). Níor thosaigh ach ceathrar intéirneach as an seisear a raibh súil leo sa chéad bhabhta (beirt i bParlaimint na hEorpa, duine amháin sa Chomhairle agus duine amháin sa Choimisiún) i Meán Fómhair/Deireadh Fómhair 2018 agus, dá éis sin, tháinig triúr sa dara babhta i Márta 2019 (beirt go dtí an Coimisiún agus duine amháin go dtí an Chomhairle). D'aontaigh Éire Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún a áireamh sa chlár agus thosaigh intéirneach amháin ag obair sna coistí comhpháirteacha i Márta 2019. In Aibreán 2019, chuir Éire leis an deontas 14 chun deichniúr intéirneach ar fad a chumhdach d’fhonn 10 mí a chaitheamh ar socrúchán agus iad le tosú i nDeireadh Fómhair 2019 (beirt intéirneach sa Choimisiún, triúr intéirneach agus léitheoir profaí amháin do Pharlaimint na hEorpa san áireamh, beirt intéirneach don Chomhairle, beirt intéirneach do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún agus léitheoir profaí amháin d'Oifig na bhFoilseachán).
III.Conclúidí
Tá na hinstitiúidí lántiomanta do Rialachán (AE, Euratom) 2015/2264 a chur chun feidhme. De bharr a gcomhair le hÉirinn rinneadh dul chun cinn i ngach réimse a leagtar amach sa Rialachán. D'éirigh go maith leo an chéad dá incrimint a chur chun feidhme (lenar cumhdaíodh Treoracha agus Cinntí arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle) agus d'aistrigh siad níos mó ná a dhá oiread go Gaeilge ó bhí 2016 ann.
Chun cur le hacmhainneacht intí chobhsaí leordhóthanach, eagraíodh ceithre chomórtas EPSO sa tréimhse tuairiscithe; níor fostaíodh as na comórtais sin ach deichniúr aistritheoirí agus naonúr cúntóirí in 2017, agus 15 aistritheoir agus triúr dlítheangeolaithe in 2019. Ó dheireadh 2015, tá an líon foirne intí Gaeilge méadaithe ag na hinstitiúidí ó 58 go 102. In ainneoin iarracht mhór chomhpháirteach na n‑institiúidí, tá an dul chun cinn á dhéanamh níos moille ná mar a bhíothas ag súil leis mar gheall ar an líon beag teangeolaithe Gaeilge atá ar fáil agus a laghad iarrthóirí a earcaíodh ó chomórtais EPSO. Eagraíodh 14 phróiseas roghnúcháin le haghaidh foireann shealadach chun an t‑easnamh iarrthóirí nár éirigh leo i gcomórtais EPSO a chúiteamh, próisis lenar cuireadh poist shealadacha ar fáil ar lena linn a chuirtear oiliúint intí ar an bhfoireann.
Chun an acmhainneacht intí a chomhlánú agus chun an líon soláthraithe seachtracha a mhéadú a thig leis na hinstitiúidí a úsáid, d'eagraigh an Coimisiún agus Parlaimint na hEorpa glaonna breise ar thairiscintí do sheirbhísí saoraistriúcháin i nGaeilge, agus trialacha creidiúnaithe do shaorateangairí.
Rinneadh dul chun cinn maidir le hacmhainní teicneolaíochta Gaeilge a mhéadú agus cuireadh inneall nua don mheaisínaistriúchán néarach Gaeilge ar bun mar chuid de chóras eTranslation cé nach bhfuil ach méid measartha beag de chorpais agus cuimhní ann i láthair na huaire. Chun na hacmhainní sonraí teanga atá ar fáil a mhéadú, ullmhaíodh comhaontú idir na hinstitiúidí agus Éire chun corpais dhátheangacha reachtaíocht náisiúnta na hÉireann a chomhroinnt. Tá bailchríoch le cur air sin. Lean na hinstitiúidí agus Éire de bheith ag obair ar thionscadal téarmaíochta IATE.
Léirítear sna réamhaisnéisí ar an éileamh ar an aistriúchán gur gá i bhfad níos mó acmhainneachta chun aghaidh a thabhairt ar incrimintí 2020 agus 2021. Ní hamháin go gcumhdaítear aistriúchán na reachtaíochta san éileamh foriomlán gan maolú ar Rialachán Uimh. 1, ach cumhdaítear ábhar polaitiúil, teachtaireachtaí, comhairliúcháin agus tuarascálacha chomh maith. Ní mór riachtanais ateangaireachta a chur san áireamh freisin. Is gá do na hinstitiúidí iarrachtaí móra a dhéanamh agus iad ag obair i gcomhar le hÉirinn chun acmhainneacht leordhóthanach a bhaint amach agus riar do na riachtanais réamh‑mheasta. Rinneadh athbhreithniú ar na hacmhainní ón am a rinneadh meastachán ar na riachtanais in 2015; táthar ag déanamh coigeartuithe ar na hacmhainní éagsúla agus tá na riachtanais shonracha foirne á n‑athbhreithniú i rith an ama. Chun gur féidir riar don mhéadú ar an aistriúchán go Gaeilge, tá sé ríthábhachtach cur le gach príomhghné a bhaineann leis an acmhainneacht agus iad sin a chur le chéile, de réir riachtanais na n‑institiúidí éagsúla: foireann intí, saoraistriúchán, agus acmhainní teicneolaíochta teanga.
Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid na Comhairle arís faoi Mheitheamh 2021 i dtaobh an bhfuil acmhainneacht leordhóthanach ag na hinstitiúidí, i gcomparáid leis na teangacha oifigiúla eile, chun Rialachán Uimh. 1 a chur i bhfeidhm gan mhaolú ón 1 Eanáir 2022.
Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle an 15 Aibreán 1958 lena gcinntear na teangacha atá le húsáid ag Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (IO 17, 6.10.1958, lch. 385) agus Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle an 15 Aibreán 1958 lena gcinntear na teangacha atá le húsáid ag an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO 17, 6.10.1958, lch. 401).
Rialachán (CE) Uimh. 920/2005 ón gComhairle lena leasaítear Rialachán Uimh. 1 an 15 Aibreán 1958 lena gcinntear an teanga atá le húsáid ag Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle an 15 Aibreán 1958 lena gcinntear an teanga atá le húsáid ag an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus lena dtugtar isteach bearta maolaithe sealadacha ó na Rialacháin sin (IO L 156, 18.6.2005, lch. 3).
Rialachán (CE) Uimh. 1257/2010 ón gComhairle lena gcuirtear síneadh leis na bearta maolaithe sealadacha maidir le Rialachán Uimh. 1 an 15 Aibreán 1958 lena gcinntear na teangacha atá le húsáid ag Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle an 15 Aibreán 1958 lena gcinntear na teangacha atá le húsáid ag an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, ar bearta iad a thugtar isteach le Rialachán (CE) Uimh. 920/2005 (IO L 343, 29.12.2010, lch. 5).
Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2015/2264 ón gComhairle lena gcuirtear síneadh agus deireadh de réir a chéile leis na bearta maolaithe sealadacha maidir le Rialachán Uimh. 1 an 15 Aibreán 1958 lena gcinntear na teangacha atá le húsáid ag Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle an 15 Aibreán 1958 lena gcinntear na teangacha atá le húsáid ag an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, ar bearta iad a thugtar isteach le Rialachán (CE) Uimh. 920/2005 (IO L 322, 8.12.2015, lch. 1).
Institiúidí de chuid an Aontais Eorpaigh a bhfuil na seirbhísí aistriúcháin is mó acu, i.e. an Coimisiún, Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle.
Ó thaobh an Choimisiúin féin de, tháinig méadú tuairim agus 8 000 go 19 000 ar an éileamh idir 2016 agus 2018, agus meastar go dtiocfaidh méadú air sin ó 19 000 go dtí tuairim agus 50 000 idir 2018 agus 2021, agus ó 50 000 go dtí tuairim agus 83 000 ó 2022 ar aghaidh.
An Ráiteas Airgeadais a d'ullmhaigh an Coimisiún chun Rialachán (AE, Euratom) 2015/2264 a ghlacadh.
Is é GA cód teanga ISO don Ghaeilge.
Ceathrar fostaithe i bParlaimint na hEorpa, beirt sa Chomhairle agus beirt sa Choimisiún.
Beirt fostaithe i bParlaimint na hEorpa, triúr sa Chomhairle agus duine amháin sa Choimisiún (an tSeirbhís Dlí).
Parlaimint na hEorpa: duine amháin a earcaíodh mar aistritheoir in 2016 agus 2019 faoi seach, agus duine amháin a earcaíodh mar chúntóir in 2017; duine amháin a earcaíodh mar dhlítheangeolaí in 2017; An Chomhairle: duine amháin a earcaíodh mar aistritheoir in 2016, 2017 agus 2018 faoi seach, agus duine amháin a earcaíodh mar chúntóir in 2017; duine amháin a earcaíodh mar dhlítheangeolaí in 2017; An Coimisiún: duine amháin a earcaíodh mar aistritheoir in 2017, 2018 agus 2019 faoi seach; An Chúirt Bhreithiúnais: duine amháin a earcaíodh mar dhlítheangeolaí Gaeilge‑in 2017 agus duine amháin a earcaíodh mar léitheoir profaí in 2018.
Tá an bunachar téarmaíochta in úsáid ag gach institiúid, agus tá sé ar fáil don phobal freisin go pointe áirithe.
Cuireann eTranslation (ar tugadh MT@EC air roimhe seo) meaisínaistriúchán ar fáil d'Ard-Stiúrthóireachtaí an Choimisiúin agus do na hinstitiúidí eile agus do na Ballstáit (comhlachtaí poiblí) freisin.
Idir €120 000 agus €200 000.