EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52018SC0117

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR a ghabhann leis an doiciméad Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cosaint do dhaoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais

SWD/2018/117 final

An Bhruiséil,23.4.2018

SWD(2018) 117 final

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN

ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR

a ghabhann leis an doiciméad

Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cosaint do dhaoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais

{COM(2018) 218 final}
{SEC(2018) 198 final}
{SWD(2018) 116 final}


Bileog Achoimre Feidhmiúcháin

Measúnú tionchair ar thogra le haghaidh Treorach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear íoschaighdeáin chomhchoiteanna chun daoine a thuairiscíonn ar sháruithe i réimsí sonracha dlí an AE a chosaint         

A. An gá atá le beart

Cén fáth? Cén fhadhb a bhfuiltear ag díriú uirthi?

Laghdaíonn an easpa cosanta éifeachtaí do sceithirí laistigh den AE forfheidhmiú éifeachtach dhlí an Aontais. Cé go bhfuil meicníochtaí faireacháin agus comhlachtaí forfheidhmithe AE agus náisiúnta á dtreisiú trí ghníomhaíocht shonrach AE (i.e. cruthú gníomhaireachtaí AE, tacaíocht do chórais bhreithiúnacha náisiúnta, etc.), is dúshlán fós é sáruithe ar dhlí an Aontais a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh. I gcásanna áirithe, tá sé deacair sáruithe ar dhlí an Aontais a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh don leas poiblí a thabhairt chun solais ós rud é go bhfuil sé deacair fianaise a bhailiú. D'fhéadfadh sé go mbeadh tuairiscí ag sceithirí ríthábhachtach sna cásanna a bhfuil rochtain acu ar fhianaise den sórt sin ón taobh istigh. Dá bhrí sin, trína áirithiú go mbraitheann sceithirí go bhfuil siad sásta tuairisc a thabhairt ar sháruithe féadfar cur le gníomhaíocht forfheidhmithe agus a héifeachtúlacht a fheabhsú. Le blianta beaga anuas, thug an reachtóir AE aitheantas don ghá atá le cosaint do sceithirí mar chuid d'fhorfheidhmiú dhlí AE agus tá roinnt eilimintí de bhealaí cosanta agus tuairiscithe tugtha isteach i roinnt gníomhartha earnáilsonracha an Aontais. Tá cosaint fós an-teoranta agus earnálach, áfach, agus ní chuimsítear leis na príomhréimsí uile i gcásanna a mbíonn tearcthuairisciú ar sháruithe ar dhlí an Aontais a d'fhéadfadh díobháil thromchúiseach a dhéanamh don leas poiblí i gceist mar thoradh ar easpa cosanta a bheith ann do sceithirí. Ar an gcuma chéanna, cuireann formhór na mBallstáit cosaint ar fáil ach ar bhonn treallach agus athraíonn an leibhéal cosanta. Mar thoradh ar an easpa cosanta leordhóthanaí agus comhsheasmhaí ar leibhéal AE agus náisiúnta bíonn tearcthuairisciú sceithirí agus ionann sin agus 'deiseanna caillte’ chun sáruithe ar dhlí an Aontais a bhrath agus a chosc agus déantar éifeachtacht a fhorfheidhmithe a lagú. 

Cad leis a bhfuiltear ag súil ón tionscnamh seo?

Is é an cuspóir ginearálta aghaidh a thabhairt ar thearcthuairisciú ar shárú ar dhlí an Aontais a fhágann díobháil thromchúiseach don leas poiblí i réimsí ina bhféadfaidh cosaint láidir do sceithirí cur go mór leis an díobháil sin a nochtadh, a chosc agus a dhíspreagadh.

Is iad a leanas na cuspóirí sonracha: (i) Cosaint sceithirí a neartú agus frithbheart ina gcoinne a sheachaint; (ii) soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar; agus (iii) tacú le feasacht a ardú agus aghaidh a thabhairt ar thosca soch-chultúrtha a bhfuil an tearcthuairisciú mar thoradh air.

Cad é breisluach na gníomhaíochta ar leibhéal AE (coimhdeacht)

Tá gá le gníomhaíocht AE chun cosaint do sceithirí a thabhairt isteach sna réimsí sin i) ina bhfuil gá le forfheidhmiú a neartú, ii) ina bhfuil tearcthuairisciú ag sceithirí mar ghné thábhachtach a dhéanann difear d'fhorfheidhmiú, agus iii) ina bhféadfaidh sáruithe ar dhlí an Aontais díobháil thromchúiseach a dhéanamh don leas poiblí. Bunaithe ar na critéir seo, tá gá le cosaint do sceithirí chun forfheidhmiú na rialacha a neartú maidir le: (i) soláthar poiblí; (ii) seirbhísí airgeadais, cosc ar sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta; (iii) sábháilteacht táirgí; (iv) sábháilteacht iompair; (v) cosaint an chomhshaoil; (vi) sábháilteacht núicléach; (vii) sábháilteacht bia agus beatha, sláinte agus leas ainmhithe; (viii) sláinte phoiblí; (ix) cosaint tomhaltóirí; (x) cosaint príobháideachais agus sonraí pearsanta agus slándáil na gcóras gréasán agus faisnéise. Baineann sé freisin le sáruithe maidir le rialacha iomaíochta an Aontais, sáruithe a dhéanann díobháil do leasanna airgeadais an Aontais agus, i bhfianaise a n-iarmhairt dhiúltach ar fheidhmiú ceart an mhargaidh inmheánaigh, agus ar sheachaint cánach corparáidí. Is féidir go mbeidh drochthionchar ag easpa cosanta a sholáthar do sceithirí i mBallstát ar leith, ní hamháin ar fheidhmiú bheartais AE sa Bhallstát sin, ach freisin ar éifeachtaí iarmharta i mBallstáit eile agus san AE ina iomláine. Déanann cosaint neamh-chomhionann do sceithirí ar fud an Aontais dochar don gcothroime iomaíochta mar aon leis an bpáirc imeartha atá ag teastáil chun an margadh aonair a fheidhmiú i gceart agus chun gnó a oibriú i dtimpeallacht shláintiúil iomaíoch. Go háirithe, méadaíonn éilliú agus calaois sa soláthar poiblí nach ndéantar a bhrath na costais chun gnó a dhéanamh, déanann sé an iomaíocht a shaobhadh agus baineann sé de tharraingteacht na hinfheistíochta. Déanann scéimeanna pleanála ionsaithí cánach gan bhrath ag cuideachtaí a n-éiríonn leo gan a gcion cothrom de chánacha a íoc an chothroime iomaíochta a shaobhadh agus mar thoradh air sin bíonn cailliúint ann san ioncam cánach do Bhallstáit aonair agus don AE ina iomláine (e.g. "Luxleaks"). Bíonn tuilleadh éifeachtaí iarmharta ann i rioscaí trasteorann a eascraíonn as bearta a dhéanann an iomaíocht a shaobhadh, táirgí neamhshábháilte, táirgí bia agus beatha, a chuirtear ar an margadh aonair, truailliú an chomhshaoil nó rioscaí don tsábháilteacht núicléach, sláinte phoiblí, sláinte agus leas ainmhithe, cosaint tomhaltóirí, cosaint príobháideachais agus sonraí pearsanta, slándáil na gcóras gréasán agus faisnéise agus sábháilteacht an iompair i mBallstát amháin a mbíonn éifeachtaí iarmharta eile aige ar Bhallstáit eile, agus bearnaí maidir leis an gcosaint do sceithirí i gcásanna trasteorann, a bhfuil an baol ann ‘go dtitfidh siad trí na scoilteanna'. Ní fhéadfaidh ach gníomhaíocht AE aghaidh a thabhairt ar an éagothroime i leibhéal na cosanta, chun a áirithiú go mbeidh leibhéal cosanta ard comhsheasmhach ar fud AE, trí chaighdeáin íosta comhchuibhithe a sholáthar. Thairis sin, is le gníomhaíocht AE amháin is féidir na rialacha atá ann faoi láthair maidir le cosaint do sceithirí a ailíniú i ngníomhartha earnáilsonracha an Aontais.  



B. Réitigh

Cad iad na roghanna beartais reachtacha agus neamhreachtacha a breithníodh? An bhfuil rogha thosaíochta ann nó nach bhfuil? Cén fáth? 

·Rogha 1: An status quo a choinneáil.

·Rogha 2: Moladh ón gCoimisiún lena gcuirtear treoir ar fáil do na Ballstáit maidir le príomhghnéithe a bhaineann le cosaint do sceithirí arna gcomhlánú ag bearta tionlacain chun tacú le húdaráis náisiúnta.

·Rogha 3: Treoir a thugann isteach cosaint do sceithirí i réimse leasanna airgeadais an Aontais, arna comhlánú ag Teachtaireacht a leagann síos creat beartais ar leibhéal AE, lena n-áirítear bearta tionlacain chun tacú le húdaráis náisiúnta;

·Rogha 4: Treoir a thugann isteach cosaint do sceithirí i réimsí áirithe de dhlí AE.

·Rogha 4 fo-rogha 1: Treoir faoi rogha beartais 4 arna comhlánú ag Teachtaireacht a leagann síos creat beartais ar leibhéal AE, lena n-áirítear bearta tionlacain chun tacú le húdaráis náisiúnta. Seo é an rogha thosaíochta.

Na páirtithe leasmhara éagsúla agus na bearta is rogha leo

Níl ach roinnt de na páirtithe leasmhara a ndeachthas i gcomhairle leo (údaráis náisiúnta) den tuairim go dtabharfadh rogha neamhrialála aghaidh go hiomlán ar shainmhíniú na faidhbe agus a tionscnóirí. I measc na gcomhlachas gnó, tacaíonn leath de na freagróirí ar chomhairliúchán poiblí an Choimisiúin le híoschaighdeáin cheangailteacha AE agus bheadh an chuid eile sásta leis na caighdeáin náisiúnta nó leis an status quo. Measann tromlach mór na bhfreagróirí chomh maith leis an tsochaí shibhialta, ceardchumainn agus Parlaimint na hEorpa (Rún Dheireadh Fómhair 2017) gurb é an rogha thosaíochta é creat reachtaíochta leathan AE maidir le cosaint do sceithirí.

C. Tionchar na rogha tosaíochta

Cad iad buntáistí na rogha tosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad buntáistí na bpríomhroghanna)? 

Beidh leas eacnamaíoch, sochaíoch agus comhshaoil ag an rogha thosaíochta. Cabhróidh sé le calaois agus éilliú a nochtadh agus a dhíspreagadh ar bhuiséad an AE (meastar go bhfuil an riosca reatha maidir le caillteanas ioncaim idir €179 agus € 256 billiún). I réimse an tsoláthair phoiblí, meastar go bhfuil an leas a bhaineann le cosaint éifeachtach do sceithirí san AE idir €5.8 agus €9.6 billiún gach bliain. Cabhróidh an rogha thosaíochta leis an gcomhrac in aghaidh seachaint cánach. Meastar go bhfuil cuntais aistrithe brabúis ina siocair le caillteanas thart ar €50-70 bn in ioncam cánach do na Ballstáit agus don AE.
 

Ina theannta sin táthar ag súil go mbeidh tionchar dearfach ag iarmhairtí leathana sóisialta ar dhaoine agus ar ghnólachtaí . Feabhsóidh tabhairt isteach cosaint láidir do sceithirí dálaí oibre 40% d'fhórsa oibre an Aontais a bheadh gan chosaint murach é (thart ar 60 milliún oibrí). Feabhsóidh sé ionracas agus trédhearcacht na hearnála príobháidí agus poiblí, agus cuirfidh sé le hiomaíocht chothrom sa mhargadh aonair. Cé nach féidir na buntáistí a chainníochtú, léiríonn fianaise go bhféadfadh sceithirí cabhrú le faillí agus míchleachtas le drochthionchar a chosc, maidir le cosaint an chomhshaoil, sábháilteacht táirgí,bia agus iompair, cosaint tomhaltóirí agus sláinte phoiblí.

Cad iad costais na rogha tosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad costais na bpríomhroghanna)? 

Déantar achoimre ar na costais cur chun feidhme (i.e. comhlíonadh na hoibleagáide maidir le bealaí tuairiscithe inmheánacha agus costais ghaolmhara a bhunú) mar a leanas:

·Maidir le costas iomlán na hearnála poiblí tá 204.9 milliún mar chostas aonuaire agus costais bhliantúla €319.9 milliún.

·Maidir leis an earnáil phríobháideach (cuideachtaí meánmhéide agus móra) is é an costas iomlán réamh-mheasta ná € (€ 542.9 milliún mar chostas aonuaire agus €1 016.7 milliún de chostais bhliantúla).

·Is é €1 312.4 milliún an costas iomlán don earnáil phoiblí agus phríobháideach araon.

Cén difear a dhéanfar do ghnólachtaí, do FBManna agus do mhicrifhiontair?

Ní chumhdóidh an rogha thosaíochta ach na gnólachtaí meánmhéide agus móra agus ní bheidh costais shuntasacha ann – i.e. neaschostas cur chun feidhme (aonuaire) a mheastar ag EUR 1,374 agus an meánchostas bliantúil oibriúcháin measta ag EUR 1,054.6 (cuimsítear leis sin na costais a bhaineann le hoiliúint bhliantúil d'fhostaithe, nach bhféadfar a bheith ag teastáil). Tabharfaidh an rogha thosaíochta díolúine do ghnólachtaí beaga agus micrifhiontair ón oibleagáid bealaí tuairiscithe inmheánacha a bhunú (seachas iad siúd i réimse na seirbhísí airgeadais nó atá leochaileach i leith sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta, agus i gcás ina gceanglaítear ar na Ballstáit tar éis measúnaithe riosca bunaithe ar chineál gníomhaíochtaí na n-eintiteas agus leibhéal na rioscaí ina dhiaidh sin).

An imreofar tionchar suntasach ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta? 

Bheifí ag súil leis an méadú ar chostas a bhaineann le caiteachas cur chun feidhme na gceanglas dlíthiúla don rogha thosaíochta a bheith ag €34 mhilliún (thart ar €15 mhilliún níos airde ná an cás bunlíne).



An mbeidh aon tionchar suntasach eile i gceist? 

Cuirfidh an rogha cearta bunúsacha chun cinn, go háirithe an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus dálaí oibre cothroma, ceanglais tuairiscithe a mhéadú agus sáruithe ar cearta bunúsacha a dhíspreagadh i gcur chun feidhme dhlí an Aontais.

D. Iarobair

Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas?

Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil cur chun feidhme agus tuarascáil mheastóireachta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, faoi seach, dhá bhliain agus sé bliana (ar a dhéanaí) tar éis don spriocdháta do thrasuíomh dul in éag.

Top