EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52018PC0368

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 1967/2006, (CE) Uimh. 1005/2008, agus Rialachán (AE) Uimh. 2016/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialú ar iascach

COM/2018/368 final

An Bhruiséil,30.5.2018

COM(2018) 368 final

2018/0193(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 1967/2006, (CE) Uimh. 1005/2008, agus Rialachán (AE) Uimh. 2016/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialú ar iascach

{SEC(2018) 267 final}
{SWD(2018) 279 final}
{SWD(2018) 280 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Is é is cuspóir don Chomhbheartas Iascaigh (CBI) 1 a áirithiú go mbeidh gníomhaíochtaí iascaireachta agus dobharshaothraithe inbhuanaithe san fhadtéarma ó thaobh an chomhshaoil de agus go mbainisteofar iad ar bhealach comhsheasmhach le go bhféadfar sochair eacnamaíocha, shóisialta agus fostaíochta a bhaint amach. Bíonn rath CBI ag brath go mór ar chóras éifeachtach rialaithe agus forfheidhmiúcháin a bheith curtha chun feidhme. Is i gceithre ghníomh dlí dhifriúla a fhoráiltear do na bearta lena mbunaítear Córas Rialaithe Iascaigh de chuid an Aontais le haghaidh comhlíonadh rialacha CBI a áirithiú: 1) an Rialachán maidir le Rialú ar Iascach 2 ; 2) an Rialachán lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach (EFCA) 3 ; 3) an Rialachán lena mbunaítear córas chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chomhrac (Rialachán NNN) 4 ; agus 4) an Rialachán maidir le bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar chabhlaigh iascaireachta sheachtracha (SMEF) 5 . Is é aidhm an togra athbhreithniú a dhéanamh ar Chóras Rialaithe Iascaigh an Aontais, gan Rialachán SMEF, a athbhreithníodh le déanaí, a áireamh.

Cé is moite de Rialachán SMEF, a athbhreithníodh le déanaí, ceapadh Córas Rialaithe Iascaigh reatha an Aontais sular athchóiríodh an Comhbheartas Iascaigh 6 (CBI) agus, mar sin de, níl sé lán-chomhleanúnach leis. Ina theannta sin, is iad na straitéisí, na modheolaíochtaí agus na dúshláin rialaithe a bhí ann breis agus 10 mbliana ó shin atá i gceist sa chóras, agus níl sé in ann aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar riachtanais atá ann san am i láthair agus a bheidh ann san am atá le teacht ó thaobh sonraí iascaigh agus rialú cabhlaigh de, níl sé in ann freastal ar an síorathrú a thagann ar na cleachtais agus na teicnící iascaireachta a shaothraítear agus níl sé in ann leas a bhaint as teicneolaíochtaí rialaithe agus córais malartaithe sonraí atá nua-aimseartha agus níos éifeachtaí ó thaobh costais de. Ní chuirtear san áireamh sa chóras reatha ach oiread beartais nua chomhaimseartha de chuid an Aontais a glacadh le déanaí, amhail an straitéis maidir le plaistigh, an straitéis maidir le margadh aonair digiteach, agus rialachas idirnáisiúnta na naigéan.

I meastóireacht REFIT ón gCoimisiún le déanaí 7 , 8 , i dtuarascáil speisialta ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa 9 agus i Rún ó Pharlaimint na hEorpa 10 , léiríodh go bhfuil easnaimh ar Chóras Rialaithe Iascaigh an Aontais agus gurb amhlaidh, tríd is tríd, nach bhfuil sé oiriúnach don fheidhm atá leis.

Ó foilsíodh na doiciméid sin go léir, rinneadh roinnt díospóireachta agus malartaíodh tuairimí sa Chomhairle 11 , sa Pharlaimint, i mBord Riaracháin na Gníomhaireachta Eorpaí um Rialú ar Iascach (EFCA) 12 , leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara. Deimhníodh sna díospóireachtaí sin go bhfuil comhaontú d’aon ghuth ann i measc na nInstitiúidí Eorpacha agus i measc páirtithe leasmhara a bhfuil leas díreach acu ann nach éifeachtach ná éifeachtúil atá an Córas Rialaithe Iascaigh agus gurb amhlaidh, mar sin de, nach bhfuil sé lánoiriúnach don fheidhm atá leis leanúint de chuspóirí CBI a ghnóthú. Ina theannta sin, sa tuairim uaidh i mí an Mheithimh 2017 faoin aighneacht ó shuirbhé ar rialú iascaigh an Aontais i measc pháirtithe leasmhara Rialtas na Fionlainne 13 , shainaithin Ardán REFIT easnaimh ar an gcreat rialála reatha.

Is iad seo a leanas cuspóirí sonracha an togra: 1) Na bearnaí idir CBI agus beartais eile de chuid an Aontais a dhúnadh; 2) An creat reachtach a shimpliú agus an tualach riaracháin neamhriachtanach a laghdú; 3) Feabhas a chur ar infhaighteacht, iontaofacht agus iomláine na sonraí iascaigh agus na faisnéise iascaigh, go háirithe maidir le sonraí ar ghabhálacha, agus malartú agus comhroinnt faisnéise a éascú; agus 4) Deireadh a chur leis na bacainní a chuireann cosc ar chultúr comhlíontachta a fhorbairt agus ar chaitheamh go cothrom le hoibreoirí laistigh de na Ballstáit agus idir na Ballstáit.

Tá an togra ar cheann de na tionscnaimh reachtacha faoi REFIT a bhfuil sé beartaithe a ghlacadh sa bhliain 2018.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá an togra comhsheasmhach leis an gcreat dlíthiúil foriomlán a bunaíodh leis an leagan athchóirithe de CBI agus tá sé mar aidhm leis bearnaí reatha atá sa chreat sin a dhúnadh, ar bearnaí iad a bhaineann go príomha le rialú éifeachtach ar an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír agus le rialú ar an acmhainneacht iascaireachta. De bhreis air sin, tá an togra comhsheasmhach freisin le Comheagrú na Margaí 14 , a mhéid a leagtar síos ann sraith forálacha do rialuithe i slabhra an tsoláthair, lena náirítear forálacha inrianaitheachta atá bunriachtanach maidir le ceanglais faisnéise do thomhaltóirí a chomhlíonadh. Tá sé mar aidhm leis an togra cur chun feidhme a dhéanamh ar ghealltanais a thug an Coimisiún le déanaí, gealltanais a bhaineann go háirithe leis an gcomhrac in aghaidh na hiascaireachta neamhdhleathaí a tugadh sa Teachtaireacht Chomhpháirteach maidir le Rialachas na nAigéan 15 .

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Ní hé amháin go bhfágann an togra go gcoinnítear comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais, ach cuirtear feabhas freisin ar na sineirgíochtaí atá ann trí thacú le cur chun feidhme na nithe seo a leanas: 1) an Straitéis Eorpach maidir le hÁbhar Plaisteach i nGeilleagar Ciorclach 16 , a mhéid atá trealamh iascaireachta i gceist; 2) an Straitéis maidir le Margadh Aonair Digiteach 17 , trí réitigh dhigiteacha agus córais idir-inoibritheacha a chur chun cinn; agus 3) an chomhpháirtíocht straitéiseach athnuaite níos láidre leis na réigiúin is forimeallaí de chuid an Aontais 18 , trí bhearta rialaithe níos déine a dhéanamh. Ina theannta sin, is é aidhm an togra feabhas a chur ar shineirgíochtaí le dlí an bhia agus na beatha, trí shainmhínithe a chur de réir a chéile ar bhealach níos fearr, agus feabhas a chur ar shineirgíochtaí leis an reachtaíocht um an gcomhshaol (an Treoir maidir le Gnáthóga), a mhéid a chuirtear ar chumas na mBallstát gníomhaíochtaí iascaireachta a rialú go héifeachtach i limistéir srianta iascaireachta.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tá an togra bunaithe ar Airteagal 43(2) CFAE maidir le forálacha is gá a leagan síos chun cuspóirí CBI a shaothrú, ar réimse é a bhfuil inniúlacht eisiach ag an Aontas ann de bhun Airteagal 3(d) den Chonradh.

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Neamhbhainteach

Comhréireacht

Foráiltear leis an togra go ndéanfar athruithe spriocdhírithe gan dul thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí atá leagtha síos a ghnóthú. Pléitear i Roinn 7.4.2 den Mheasúnú Tionchair a ghabhann leis an togra a chomhréirí atá roghanna beartais an togra.

An rogha ionstraime

An ionstraim atá beartaithe: na Rialacháin reatha a leasú.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Mar chuid de chleachtadh REFIT, rinneadh meastóireacht chuimsitheach ar chur chun feidhme an Rialacháin maidir le Rialú agus ar an tionchar atá aige ar CBI, ar meastóireacht í inar cumhdaíodh an tréimhse ón mbliain 2010 go dtí an bhliain 2016, agus foilsíodh torthaí na meastóireachta sin sa Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle 19 agus sa Doiciméad Inmheánach Oibre a ghabhann léi dar teideal 'Meastóireacht REFIT ar thionchar an rialaithe iascaigh' 20 .

Deimhníodh sa mheastóireacht go bhfuil an Rialachán maidir le Rialú fíor-ábhartha le haghaidh comhlíonadh rialacha CBI a áirithiú. Sa téacs a glacadh sa bhliain 2009, chuathas i ngleic le príomheasnaimh an chórais a bhí ann roimhe, rud a chabhraigh leis an méid atá CBI á chomhlíonadh, ar an iomlán, a mhéadú, le feabhas a chur ar chumarsáid, le malartú sonraí agus comhroinnt sonraí i measc na bpáirtithe leasmhara éagsúla, le cáilíocht agus cainníocht na sonraí iascaigh a fheabhsú go ginearálta, agus le cothrom iomaíochta a chothú i measc oibreoirí. Léiríodh sa mheastóireacht freisin, áfach, nach mór tuilleadh oibre a dhéanamh agus nach lánoiriúnach don fheidhm atá leis atá an creat reachtach reatha, rud as a dtagann an gá an creat a athbhreithniú:

·Ní leor na rialacha forfheidhmiúcháin mar dhíspreagadh;

·Ní leor na forálacha maidir le sonraí iascaigh;

·Castacht an chreata reachtaigh agus athbhrí na bhforálacha dlíthiúla;

·An easpa beart atá ann chun forálacha nua an leagain athchóirithe de CBI a rialú agus an easpa sineirgíochtaí le beartais eile.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Reáchtáladh comhairliúchán poiblí fairsing sa bhliain 2016 faoi chuimsiú mheastóireacht REFIT. Foilsíodh na torthaí ar leathanach gréasáin Europa 21 . Reáchtáladh comhairliúcháin spriocdhírithe bhreise ina dhiaidh sin, agus é mar aidhm leo (i) teacht ar chomhaontú faoi na fadhbanna ar shainaithin an Coimisiún Eorpach iad i meastóireacht REFIT; (ii) teacht ar chomhaontú faoin ngá atá le beart a dhéanamh; agus (iii) ionchur a bhailiú agus aiseolas a fháil ón oiread páirtithe leasmhara agus ab fhéidir maidir leis na heilimintí réamhbhreathnaitheacha den mheasúnú ar an tionchar tionscanta agus maidir leis na bearta sonracha ar chuir an Coimisiún ar aghaidh iad chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a sainaithníodh.

Ar na páirtithe leasmhara a ghlac páirt sna comhairliúcháin bhí údaráis inniúla na mBallstát, Comhairlí Comhairleacha, eagraíochtaí agus cumainn náisiúnta agus eagraíochtaí agus cumainn de chuid an Aontais, eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil, an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach (EFCA) agus a Bord Riaracháin, an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA), agus FRONTEX (rialú teorainneacha muirí). Cuireadh díospóireachtaí ar siúl i roinnt fóram éagsúil chun a áirithiú go gcuirfí an réimse is leithne de pháirtithe leasmhara san áireamh, lena náirítear Meitheal na Comhairle um Beartas Iascaigh Inmheánach agus Seachtrach, agus Coiste Pharlaimint na hEorpa um Iascach (PECH).

Bhí comhaontú coiteann ann i measc na bpáirtithe leasmhara faoin ngá le córas rialaithe iascaigh an Aontais a athbhreithniú. Sna haighneachtaí agus san aiseolas a fuarthas, leagadh béim ar na heasnaimh atá ann ar chur chun feidhme an Rialacháin maidir le Rialú ar Iascach agus ar roinnt d’fhorálacha an Rialacháin. Tríd is tríd, sheas na páirtithe leasmhara leis an gCoimisiún maidir le dul i ngleic leis na mór-shaincheisteanna seo a leanas: na rialacha a chur in oiriúint do CBI; neamhréireachtaí idir cur i bhfeidhm na rialacha ag na Ballstáit; castacht an chreata reachtaigh agus an easpa soiléire i roinnt forálacha maidir leis an gcóras smachtbhannaí; infhaighteacht, cáilíocht agus comhroinnt sonraí; an rialú ar shoithí beaga agus ar an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír; agus an gá le feabhas a chur ar shineirgíochtaí le cineálacha eile reachtaíochta, go háirithe Rialachán NNN, dlí an chomhshaoil agus dlí an bhia.

Leagadh béim sna haighneachtaí freisin ar shaincheisteanna amhail simpliú, réigiúnú, cothrom iomaíochta agus an gá le réitigh atá éifeachtach ó thaobh costais de. Bhí páirtithe leasmhara i bhfách go mór le simpliú agus soiléiriú dlíthiúil a dhéanamh ar na rialacha rialaithe reatha, cé go meastar gur gá díolúintí áirithe ó na príomhrialacha a dheonú ó am go chéile. Cé gur mheas roinnt páirtithe leasmhara gur coincheap tábhachtach é an réigiúnú, mheas páirtithe leasmhara eile gur coincheap é nach bhfuil ag teacht leis an meon agus na cuspóirí atá ag baint le beartas rialaithe de chuid an Aontais. Maidir leis an ngá le cothrom iomaíochta a chruthú i measc oibreoirí iascaigh agus i measc na mBallstát ar fud an Aontais, mheas gach páirtí leasmhar go mbaineann ríthábhacht leis. Ar deireadh, chuir páirtithe leasmhara in iúl gur cheart, nuair is féidir, laghdú ar an ualach riaracháin agus éifeachtacht ó thaobh costais de a bheith ar threoirphrionsabail an phróisis athbhreithniúcháin.

Maidir leis na roghanna beartais atá beartaithe, bhí formhór mór na bpáirtithe leasmhara i bhfách go mór le leasú spriocdhírithe a dhéanamh ar an gCóras Rialaithe Iascaigh, lena náirítear an Rialachán maidir le Rialú ar Iascach, Rialachán NNN agus an Rialachán lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach, nó tharla sé gurbh fhearr leo an rogha beartais sin.

In Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an Measúnú Tionchair, tugtar achoimre ar na conclúidí ó na comhairliúcháin sin go léir agus tugtar in Iarscríbhinn 10 liosta de na haighneachtaí i scríbhinn a fuarthas ó pháirtithe leasmhara. Foilsíodh ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh na haighneachtaí bunaidh i scríbhinn ar chuir páirtithe leasmhara isteach iad agus miontuairiscí na gceardlann agus na seimineár a luaitear thuas 22 .

Bailiú agus úsáid saineolais

Tá an togra dlíthiúil agus an measúnú tionchair bunaithe ar chorpas mór ábhair agus staidéar, dá dtagraítear in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Measúnú Tionchair 23 .

Baineadh úsáid as saineolas seachtrach freisin chun tacú leis an Measúnú Tionchair maidir le measúnú a dhéanamh ar thionchar na roghanna beartais atá beartaithe agus comparáid a dhéanamh eatarthu. Rinneadh an staidéar seachtrach i bhfómhar na bliana 2017 24 chun measúnú a dhéanamh ar thionchar comhshaoil, eacnamaíoch agus sóisialta na roghanna beartais, ar athruithe san ualach riaracháin agus ar shochair shimplithe agus chun comparáid a dhéanamh idir na roghanna éagsúla i dtaca le héifeachtúlacht, éifeachtacht agus comhleanúnachas le moltaí na ninstitiúidí ábhartha.

Measúnú tionchair

Rinneadh anailís ar thrí rogha beartais trí phróiseas an Mheasúnaithe Tionchair: (1) An rogha bhonnlíne, i.e. forfheidhmiú iomlán ar na rialacha reatha, gan athrú a dhéanamh ar an mbeartas; (2) Rogha 1: leasuithe spriocdhírithe ar an Rialachán maidir le Rialú ar Iascach; (3) Rogha 2: leasuithe spriocdhírithe ar an gCóras Rialaithe Iascaigh (go háirithe na Rialacháin a bhaineann leis: Rialú ar Iascach; Iascaireacht Neamhdhleathach, Neamhthuairiscithe agus Neamhrialáilte; agus an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach). Léiríodh gurbh fhearr i bhfad a d’éireodh le Rogha 2 i gcomparáid leis na roghanna eile agus, mar sin de, roghnaíodh mar rogha thosaíochta í.

Bheadh na nithe seo a leanas i gceist leis an dea-thionchar a bheadh ag an rogha thosaíochta ar an gcomhshaol: laghdú ar ró-iascaireacht, deireadh a chur le hábhar aischurtha ar muir, stoic éisc níos sláintiúla agus rialú cuí ar limistéir mhuirí faoi chosaint. Áirítear na nithe seo a leanas leis sna príomhshochair shocheacnamaíocha: méadú ar phá agus ar iomaíochas an tionscail iascaireachta, go háirithe don chabhlach beag; cruthú fostaíochta a chur chun cinn (go háirithe poist TFC); comhlíonadh níos fearr ar rialacha CBI agus caitheamh go cothrom le hiascairí.

Bheadh na costais ‘comhréireach’ leis na sochair a bhainfí amach (go háirithe tar éis laghdú costais a chur san áireamh) agus bheadh siad éifeachtach ó thaobh costais de freisin, áit ar mhó na sochair ná na hathruithe costais measartha beag a bheadh ann. Ina theannta sin, bhainfeadh údaráis na mBallstát tairbhe as laghdú costais (€157 milliún thar thréimhse cúig bliana i gcomparáid leis an gcás bonnlíne) a thiocfadh as simpliú agus idir-inoibritheacht.

Ní mheastar go mbeidh aon drochthionchar sóisialta ná comhshaoil ann mar thoradh ar an rogha thosaíochta.

Cuireadh an measúnú tionchair faoi bhráid an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála an 8 Eanáir 2018 le haghaidh athbhreithniú cáilíochta. Rinne an Bord anailís ar an dréacht-tuarascáil agus d’eisigh sé Tuairim dhearfach agus moltaí le haghaidh feabhais an 9 Feabhra 2018 25 .

Tugtar in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Measúnú Tionchair forbhreathnú ar na moltaí ón mBord agus ar na hathruithe a rinneadh ar an dréacht a bhí ann roimhe.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Leis na gníomhartha agus na leasuithe a bheartaítear faoin rogha thosaíochta, thacófaí go mór leis an ualach riaracháin neamhriachtanach ar na húdaráis phoiblí a laghdú agus, toisc go mbaineann formhór na gcostas nua le forbairt TFC agus le hinfheistíochtaí aonuaire, thacófaí go mór leis an ualach sin a laghdú san fhadtéarma don Aontas ar fad. Meastar gurb é an toradh a bheidh ar an rogha thosaíochta go laghdófar ualach riaracháin an chórais reatha go mór, áit a meastar go mbeidh laghdú costais €157 milliún ann thar thréimhse 5 bliana i gcomparáid leis an gcás bonnlíne. Cé go rabhthas in ann figiúr a chur le roinnt de na laghduithe costais, ba cheart a thabhairt faoi deara gur aithníodh roinnt laghduithe eile nach rabhthas in ann aon fhigiúr a chur leo.

Seachnófar aon ualach breise ar oibreoirí beaga (iascairí beagscála) trí chórais tuairiscithe atá éasca agus éifeachtach ó thaobh costais de a thabhairt isteach le haghaidh sonraí iascaigh, agus leas á bhaint as teicneolaíochtaí fón póca atá ar phraghas réasúnta agus ar fáil go forleathan. Ina theannta sin, is é an toradh a bheidh ar chineálacha nua TFC a thabhairt isteach go gcuirfear borradh faoin nuálaíocht agus go soláthrófar bealaí nua a bhféadfadh fiontair bheaga agus mheánmhéide agus gnólachtaí nuathionscanta poist a chruthú.

Cearta bunúsacha

Níl aon iarmhairtí ag an togra maidir le cosaint na gceart bunúsach. Soiléirítear leis an togra an rochtain ar shonraí agus na cuspóirí a bpróiseáiltear sonraí pearsanta maidir leo. Déanfar sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhealach ina dtugtar aird ar na hoibleagáidí maidir le cosaint sonraí pearsanta a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 agus an rialachán a chuirtear in ionad Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon tionchar aige ar leithreasuithe gealltanais ós rud é nach bhfuil sé beartaithe aon mhionathrú a dhéanamh ar uasmhéideanna an mhaoiniúcháin ó Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa dá bhforáiltear sna cláir oibriúcháin don chlárthréimhse 2014-2020.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Foráiltear cheana féin leis an Rialachán reatha maidir le Rialú ar Iascach go ndéanfaidh an Coimisiún measúnú gach 5 bliana ar chur chun feidhme an Rialacháin, bunaithe ar thuarascálacha a chuireann na Ballstáit isteach. Ní dhéanfar aon athrú ar an riail sin. Tugtar míniú mionsonraithe i roinn 9 den mheasúnú tionchair ar an dóigh a ndéanfar faireachán agus meastóireacht ar an tionchar iarbhír.

Doiciméid mhíniúcháin (le haghaidh treoracha)

Neamhbhainteach.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Tá an togra leagtha amach mar seo a leanas:

Airteagal 1: Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009

Airteagal 2: Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 768/2005

Airteagal 3: Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006

Airteagal 4: Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008

Airteagal 5: Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 2016/1139

Is féidir na leasuithe a achoimriú mar seo a leanas, de réir na príomhthopaice, na bhfothopaicí agus na nAirteagal lena mbaineann agus de réir fhorálacha sonracha an togra:

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle lena mbunaítear córas rialaithe Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú

TOPAIC 1: FORFHEIDHMIÚ

Fothopaic

Airteagail

Forálacha sonracha an togra

Cigireacht agus faireachas

Arna leasú: 73, 74, 75, 76, 77, 78, 79, 80

Soiléirítear an próiseas cigireachta, dualgais na gcigirí agus dualgais na máistrí agus na noibreoirí le linn cigireachtaí.

Déanfar tuarascálacha cigireachta a dhigitiú trí úsáid éigeantach a bhaint as Córas Leictreonach Tuarascálacha Cigireachta, rud lena gcuirfear feabhas ar úsáid agus malartú sonraí idir údaráis ábhartha agus na Ballstáit.

Soiléirítear ról agus dualgais na mbreathnóirí rialaithe.

Smachtbhannaí

Nua:

89a, 91a, 91b, 92a, 92b, Iarscríbhinní III agus IV

Arna leasú:

82, 85, 90, 91, 92

Tugtar sainmhínithe nua isteach chun críche “an chaibidil forfheidhmiúcháin” a shoiléiriú agus a fheabhsú.

Tugtar liosta nua isteach de sháruithe ar rialacha CBI, ar sáruithe iad ba cheart a cháiliú mar sháruithe atá tromchúiseach de réir nádúir (gan aon chritéir a chur i bhfeidhm).

Tugtar liosta nua mionsonraithe uileghabhálach isteach de na critéir a chuirtear i bhfeidhm chun sáruithe áirithe eile ar rialacha CBI a cháiliú mar sháruithe tromchúiseacha. Éascófar leis na critéir sin cothrom iomaíochta agus áiritheofar leo comhréireacht ag an am céanna.

Tugtar smachtbhannaí riaracháin éigeantacha agus íosleibhéil fíneálacha isteach i leith sáruithe tromchúiseacha ar rialacha CBI, chun cur lena athchomhairlí agus lena éifeachtaí atá an córas smachtbhannaí i ngach Ballstát agus chun cothrom iomaíochta a áirithiú.

Soiléirítear na bearta forfheidhmiúcháin (nó na bearta coisctheacha) a dhéanfaidh na Ballstáit láithreach i gcás sáruithe tromchúiseacha.

Soiléirítear gur cheart pointí a shannadh do sealbhóir an cheadúnais iascaireachta agus don mháistir araon i gcás nach ionann an dá eintiteas sin.

Soiléirítear go bhféadfaidh an Ballstát cósta na himeachtaí a thionscnamh agus na pointí a shannadh i gcás sáruithe tromchúiseacha ach gur cheart don Bhallstát brataí na himeachtaí nó na pointí sin a fhorfheidhmiú go córasach.

Soiléirítear go gcuirfear pointí i bhfeidhm go córasach, i dteannta na bpríomhsmachtbhannaí, i gcás sáruithe tromchúiseacha (gan ach dornán díolúintí a bheith ann i gcás inarb amhlaidh nach ndearna sealbhóir an cheadúnais iascaireachta nó máistir an sárú, e.g. iascach áineasa).

Beidh na Ballstáit in ann sonraí faoi sháruithe agus smachtbhannaí a úsáid agus a mhalartú ar bhealach níos fearr.

TOPAIC 2: INFHAIGHTEACHT, CÁILÍOCHT AGUS COMHROINNT SONRAÍ

Fothopaic

Airteagail

Forálacha sonracha an togra

Soithí a rianú

Arna leasú: 4, 9, 10, 12

Nua: 9a

Tugtar solúbthacht isteach maidir le sonraíochtaí an chórais rianaithe soithí (nach gá gur córas satailítbhunaithe é).

Tugtar soiléiriú maidir leis na lárionaid faireacháin soithí.

Ní mór córas rianaithe a bheith ann i ngach soitheach, lena náirítear na soithí sin ar lú ná 12 mhéadar a bhfad.

Cuirfear sonraí ábhartha ar fáil do Ghníomhaireachtaí atá ag gabháil d’oibríochtaí faireachais.

Logleabhar

Arna leasú: 14

I gcás gach catagóire soithí, cuirtear deireadh leis an díolúine maidir le gabhálacha ar lú ná 50 kg a meáchan a thaifeadadh i logleabhair.

Soiléirítear na rialacha maidir leis an rud ar a dtugtar an 'corrlach lamháltais' agus oiriúnaítear iad do chásanna sonracha/d’iascach sonrach.

Déantar inneachar an logleabhair a chur de réir na forála nua maidir le hinrianaitheacht (úsáid shainaitheantóir uathúil an turais iascaireachta) agus leasaítear é chun cáilíocht na sonraí taifeadta a fheabhsú.

Soithí ar lú ná 12 mhéadar a bhfad

Arna leasú: 9, 14, 15

Nua: 15a

Cuirtear deireadh leis na díolúintí reatha agus ní shainmhínítear ach dhá chatagóir soithí iascaireachta, is iad sin: soithí ar mó ná 12 mhéadar a bhfad agus soithí ar lú ná 12 mhéadar a bhfad.

Ní mór do gach soitheach iascaireachta ar lú ná 12 mhéadar a bhfad a ngabhálacha a thuairisciú go leictreonach.

Dearbhuithe trasloingsithe agus dearbhuithe gabhála

Arna leasú:

20, 21, 22,

23, 24

Arna scriosadh:

16, 25, 28

Déanfar na sonraí uile a thaifeadadh go digiteach agus cuirfear isteach go leictreonach iad. Cuirtear inneachar na ndoiciméad de réir na forála nua maidir le hinrianaitheacht (úsáid shainaitheantóir uathúil an turais iascaireachta) agus leasaítear é chun cáilíocht na sonraí taifeadta a fheabhsú.

Cuirtear deireadh leis na díolúintí reatha maidir leis an dearbhú gabhála.

Beidh gá údarú ón mBallstát brataí a fháil le haghaidh trasloingsithe lasmuigh d’uiscí an Aontais nó i gcalafoirt tríú tír.

Réamhfhógra

Arna leasú: 17, 19

Arna scriosadh: 18

Nua: 19a

Tabharfar isteach réamhfhógraí maidir le gach soitheach ar mó ná 12 mhéadar a bhfad agus ní stoic faoi phleananna ilbhliantúla amháin a mbeidh gá réamhfhógraí a thabhairt maidir leo.

Beidh gá réamhfhógra a thabhairt faoi shoithí iascaireachta de chuid an Aontais a bhfuil gabhálacha á dtabhairt i dtír acu i gcalafoirt tríú tír.

Iascach áineasa a rialú

Arna leasú: 4, 55

Ceanglaítear ar na Ballstáit córas a bheith i bhfeidhm acu chun rannpháirtithe in iascach áineasa (clárú nó ceadúnú) a rialú agus chun faisnéis a bhailiú faoi ghabhálacha.

I gcás speiceas atá faoi réir bearta caomhnaithe Aontais is infheidhme maidir le hiascach áineasa, ní mór dearbhuithe gabhála a sheoladh chuig na húdaráis inniúla agus ní mór córas clárúcháin nó ceadúnúcháin a bhunú do shoithí.

Coimeádtar an toirmeasc ar ghabhálacha a dhíol agus cuirtear deireadh leis na díolúintí reatha sa Mheánmhuir (féach na leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006).

Socraítear coinníollacha le haghaidh forálacha sonracha a leagan síos i dtaca leis an trealamh iascaireachta is infheidhme maidir le hiascach áineasa a rialú agus a mharcáil, maidir le soithí a rianú, maidir le córais chlárúcháin nó cheadúnúcháin agus maidir le gabhálacha a thaifeadadh. Cumhdaítear gníomhaíochtaí iascaigh áineasa arna neagrú ag fiontair thráchtála.

Inrianaitheacht

Arna leasú: 4, 56, 57, 58

Nua: 56a

Soiléirítear na forálacha maidir le hinrianaitheacht agus tugtar Airteagal nua maidir le baisceanna isteach.

Soiléirítear an fhaisnéis inrianaitheachta ionas gur féidir baisc shonrach táirgí iascaigh a nascadh le gabháil ar leith ag soitheach iascaireachta de chuid an Aontais.

Taifeadtar faisnéis go leictreonach chun cur lena éifeachtaí agus lena éifeachtúla atá na rialuithe i slabhra an tsoláthair laistigh den mhargadh inmheánach.

Cuirtear deireadh leis an díolúine maidir le táirgí allmhairithe.

Déantar raon feidhme chur i bhfeidhm na forála maidir le hinrianaitheacht a theorannú do tháirgí áirithe iascaigh agus dobharshaothraithe.

Déantar an maolú do tháirgí a dhíoltar le tomhaltóirí a chur de réir na bhforálacha eile sa Rialachán (táirgí iascaigh ina bhfuil 5 kg ar a mhéad, seachas táirgí is fiú 50 euro ar a mhéad iad, a dhíol in aghaidh an lae). 

Nósanna imeachta agus sonraí na meáite, an iompair agus an díolacháin

Arna leasú: 59, 60, 62, 64, 65, 66, 68

Nua: 59a,

60a

Arna scriosadh: 61, 63, 67

Déantar na díolúintí reatha a dhéanann dochar do mheá agus clárú gabhálacha go cruinn a chuíchóiriú.

Cuirtear córas simplí éifeachtach ar bun chun meá chruinn a chinntiú agus gabhálacha á dtabhairt i dtír, ar córas é ina meáfaidh oibreoir cláraithe na gabhálacha.

Cuirtear nósanna imeachta spriocdhírithe ar bun le haghaidh gabhálacha neamhshórtáilte.

Leasaítear na díolúintí reatha maidir le cainníochtaí a dhíoltar le ceannaitheoirí neamhchláraithe/a dháiltear ar cheannaitheoirí neamhchláraithe le haghaidh tomhaltas príobháideach agus cuirtear iad de réir na bhforálacha maidir le rialú i slabhra an tsoláthair.

Soiléirítear freagrachtaí agus cuntasacht na noibreoirí i slabhra an tsoláthair.

Tugtar ceanglais isteach maidir le nótaí díolacháin, nótaí glactha freagrachta agus doiciméid iompair a thaifeadadh go digiteach agus iad a chur isteach go leictreonach. Simplítear na ceanglais tuairiscithe atá ar oibreoirí i leith údaráis inniúla (an stát brataí, stát na gabhála, stát an díola).

Infhaighteacht agus malartú sonraí

Arna leasú:

33, 34, 109, 110, 111, 112, 114 agus 115

Nua: 111a; 112a

Arna scriosadh: 116

Cuirtear digitiú an chórais sonraí i gcrích agus cuirtear feabhas foriomlán ar infhaighteacht, iontaofacht agus malartú sonraí.

Cuíchóirítear na forálacha maidir le taifeadadh sonraí ag na Ballstáit agus maidir le sonraí a chur isteach chuig an gCoimisiún agus cuirtear iad de réir leasuithe eile.

Soiléirítear leis na leasuithe na sonraí a bhaileoidh na Ballstáit, na céimeanna bailíochtaithe agus an rochtain a bheidh ag an gCoimisiún ar na sonraí a bhailítear agus cuspóir na sonraí sin.

Soiléirítear leis na leasuithe freisin na bearta a dhéanfar maidir le sonraí pearsanta a chosaint agus slándáil na próiseála a áirithiú.

Scriostar an tAirteagal maidir leis an gcuid shlán den suíomh gréasáin.

TOPAIC 3: NA BEARNAÍ IDIR AN RIALACHÁN AGUS CBI A DHÚNADH

Fothopaic

Airteagail

Forálacha sonracha an togra

Sainmhíniú ar ‘rialacha an chomhbheartais iascaigh’

Arna leasú: 4

Soiléirítear an sainmhíniú ar ‘rialacha an chomhbheartais iascaigh’ agus cuirtear de réir CBI é.

Ceadúnas iascaireachta agus údarú iascaireachta

Arna leasú:

6, 7

Cuirtear na forálacha de réir CBI.

An oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír

Nua: 25a

Údaraítear leis na leasuithe úsáid a bhaint as uirlisí cianfhaireacháin leictreonaigh, go háirithe CCTV, le haghaidh an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a rialú. De réir an mheasúnaithe riosca, beidh tionchar ag na forálacha nua ar shoithí aonair agus ar chodanna de chabhlaigh, agus cuirfidh na Ballstáit chun feidhme iad ar leibhéal réigiúnach.

Acmhainneacht iascaireachta

Nua: 39a

Arna leasú: 38, 41

Tugtar Airteagal nua isteach lena gceanglaítear go ndéanfar gléas lena ndéantar faireachán agus taifeadadh ar chumhacht innill a shuiteáil i soithí áirithe a bhfuil trealamh iascaireachta gluaisteach iontu.

Simplítear na forálacha reatha maidir le cumhacht innill a fhíorú. Tugtar forálacha isteach maidir le tonnáiste soithí iascaireachta a fhíorú.

Cláir rialaithe náisiúnta agus tuarascálacha bliantúla

Arna scriosadh: 46, Iarscríbhinn 1

Arna leasú: 55

Nua: 93a

Cuirtear le raon feidhme na gclár rialaithe náisiúnta chun go gcumhdófar iontu an rialú ar rialacha CBI, agus ní an rialú ar chláir ilbhliantúla amháin. Dá bharr sin, scriostar Iarscríbhinn 1 maidir le tagarmharcanna cigireachta le haghaidh pleananna ilbhliantúla. Cuimseofar an rialú ar iascach áineasa sna cláir rialaithe náisiúnta freisin.

Beidh gá tuarascálacha bliantúla a dhéanamh ar chigireachtaí náisiúnta agus ar rialuithe náisiúnta.

TOPAIC 4: SINEIRGÍOCHTAÍ LE BEARTAIS EILE

Trealamh iascaireachta

Arna leasú: 14, 43, 55

Éascaítear agus feabhsaítear an tuairisciú ar threalamh iascaireachta caillte trí logleabhair (leictreonacha) a úsáid le haghaidh gach catagóire soithigh.

Cuirtear deireadh leis an díolúine reatha is infheidhme maidir le soithí ar lú ná 12 mhéadar a bhfad i dtaca leis an trealamh is gá dóibh a iompar ar bord chun trealamh caillte a aisghabháil.

Socraítear coinníollacha le haghaidh forálacha de chuid an Aontais a leagan síos maidir le trealamh iascaireachta a mharcáil agus a rialú d’iascach áineasa.

Limistéir srianta iascaireachta

Arna leasú: 4, 50

Déantar an sainmhíniú ar 'limistéir srianta iascaireachta' agus forálacha Airteagal 50 a leasú chun aird a thabhairt ar limistéir srianta iascaireachta atá faoi cheannasacht nó faoi dhlínse na mBallstát agus iad sin lasmuigh d’uiscí an Aontais.

TOPAIC 5: AILÍNIÚ LE CONRADH LIOSPÓIN

Ailíniú le Conradh Liospóin

Leasaítear nó tugtar isteach roinnt Airteagal

Déantar na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún faoi Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 a ailíniú le hAirteagal 290 agus Airteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Ina theannta sin, déantar forálacha lena dtugtar cumhachtaí cinnteoireachta don Chomhairle amháin a oiriúnú chun iad a chur ar aon dul leis na nósanna imeachta nua is infheidhme maidir leis an gComhbheartas Iascaigh.

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 768/2005 ón gComhairle lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach

Topaic

Airteagail

Forálacha sonracha an togra

Ailíniú le CBI

Arna leasú: 2 agus 3

Arna leasú: 17

Déantar cuspóir agus misin na Gníomhaireachta a ailíniú go hiomlán leis an leagan nua de CBI.

Ní dhéantar raon feidhme geografach chumhachtaí cigireachta na Gníomhaireachta a theorannú a thuilleadh d’uiscí idirnáisiúnta amháin.

Malartú sonraí

Arna leasú: 16

Soiléirítear leis na leasuithe na rialacha maidir le malartú agus próiseáil faisnéise agus na bearta a dhéanfar maidir le sonraí pearsanta a chosaint.

Ailíniú leis an gCur Chuige Coiteann i ndáil le Gníomhaireachtaí díláraithe an Aontais

Arna leasú: 26, 29, 39

Tugtar roinnt leasuithe isteach chun an Rialachán lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach a ailíniú níos fearr leis an gCur Chuige Coiteann.

Buiséad

Arna leasú: 35

Déantar na féidearthachtaí atá ann ó thaobh ioncaim de a leathnú chun comhaontuithe tarmligin agus deontais ad hoc a cheadú, ar aon dul le forálacha den chineál céanna atá i bhfeidhm le haghaidh Gníomhaireachtaí eile (e.g. Frontex).

Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscthe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú

Topaic

Airteagail

Forálacha sonracha an togra

An deimhniú gabhála iascaireachta neamhdhleathaí, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a dhigitiú (CATCH)

Nua: 12a go 12e

Ós rud é gur scéim pháipéarbhunaithe í an Scéim Deimhnithe Gabhála, mar a leagtar amach i gCaibidil III de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008, tarlaíonn sé nach scéim éifeachtúil í. Foráiltear leis na leasuithe ar Scéim Deimhnithe Gabhála an Aontais go mbunófar bunachar sonraí le haghaidh deimhnithe gabhála a bhainistiú, rud a bheidh bunaithe ar an gCóras Bainistíochta Faisnéise do Rialuithe Oifigiúla, lena bhféadfar rialuithe rioscabhunaithe a dhéanamh, rud a laghdóidh na deiseanna atá ann le haghaidh allmhairí calaoiseacha agus lena maolófar an tualach riaracháin ar na Ballstáit.

Is i gcéimeanna difriúla a fhorbrófar feidhmeanna oibríochtúla an bhunachair sonraí. Tugtar cumhachtaí cur chun feidhme agus cumhachtaí tarmligthe don Choimisiún maidir le feidhmiú agus forbairt an bhunachair sonraí.

Cigireachtaí

Arna leasú: 10

Cuirtear iad de réir na bhforálacha nua atá i Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

Soithí iascaireachta atá i mbun iascaireacht NNN

Arna leasú: 2, 3, 11

Cuirtear iad de réir na bhforálacha nua atá i Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 agus tugtar crostagairtí ábhartha isteach.

Imeachtaí agus bearta forfheidhmiúcháin (lena náirítear sáruithe tromchúiseacha)

Nua: 42a, Arna leasú: 27, 42, 43

Arna scriosadh: 44 go 47

Tugtar crostagairtí isteach chun ailíniú a áirithiú leis na forálacha nua maidir le himeachtaí agus forfheidhmiú, lena náirítear na smachtbhannaí i Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009. Scriostar na hAirteagail atá as feidhm anois.

Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle maidir le bearta bainistíochta i leith saothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir

Leasú ar Rialachán (AE) 2016/1139 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na stoic troisc, scadáin agus saláin i Muir Bhailt agus don iascach a shaothraíonn na stoic sin

Topaic

Airteagail

Forálacha sonracha an togra

Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006

Arna leasú: 17

Arna scriosadh: 21, 23

Chun comhoiriúnacht do Rialachán 1224/2009 a áirithiú, scriostar roinnt forálacha maidir le hiascach áineasa agus na forálacha maidir le trasloingsiú.

Rialachán (AE) Uimh. 2016/1139

Arna scriosadh: 12, 13

Chun comhoiriúnacht do Rialachán 1224/2009 a áirithiú, scriostar na forálacha maidir le logleabhair agus maidir leis an gcorrlach lamháltais.

2018/0193 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 1967/2006, (CE) Uimh. 1005/2008, agus Rialachán (AE) Uimh. 2016/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialú ar iascach

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Tar éis dul i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 26 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 27 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Rinneadh athchóiriú ar an gcomhbheartas iascaigh le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 28 . Tá cuspóirí an chomhbheartais iascaigh agus na ceanglais i dtaca le rialú ar iascach agus fordheimhniú leagtha amach in Airteagal 2 agus in Airteagal 36 den Rialachán sin. Braitheann a chur chun feidhme rathúil ar an gcóras rialaithe agus fordheimhniú a bheith éifeachtach agus bord ar bhord leis an aimsir.

(2)Bunaíodh, le Rialachán (AE) Uimh. 1224/2009 29 ón gComhairle, córas rialaithe iascaigh don Aontas lena bhforáiltear inter alia maidir le hionaid faireacháin, soithigh iascaireachta a rianú, oibleagáidí maidir le tuairisciú gabhálacha, réamhfhógraí, údaruithe le haghaidh trasloingsiú i dtríú tíortha, tréimhsí choiscthe iascaireachta a fhógairt, acmhainneacht iascaireachta a rialú, cláir náisiúnta um rialú, iascach áineasa a rialú, rialuithe sa slabhra soláthair táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, táirgí iascaigh a mheá, doiciméid maidir le hiompar, dearbhuithe maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír, nótaí maidir le díolacháin agus dearbhuithe glactha freagrachta, cigireachtaí agus iniúchtaí, smachtbhannaí i leith sáruithe agus rochtain ar shonraí.

(3)Mar sin féin, ceapadh Rialachán (AE) Uimh. 1224/2009 sular glacadh leis an gcomhbheartas iascaigh nua. Ba cheart, dá bhrí sin, é a leasú chun freastal níos fearr ar na ceanglais maidir le rialú agus forfheidhmiú an chomhbheartais iascaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 agus chun leas a bhaint as teicneolaíochtaí atá nua-aimseartha agus níos costéifeachtaí.

(4)I Rialachán (AE) Uimh. 1224/2009, ba cheart tagairt a dhéanamh do na sainmhínithe i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 agus i Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 30 . Ar mhaithe le soiléireacht agus comhsheasmhacht, ba cheart sainmhínithe ar leith atá leagtha síos i Rialachán (AE) Uimh. 1224/2009 a scriosadh nó a leasú agus ba cheart sainmhínithe nua a chur leis.

(5)Ba cheart an sainmhíniú ar ‘rialacha an chomhbheartais iascaigh’ a leasú chun a shoiléiriú go gcomhdaíonn a raon feidhme dlíthe uile an Aontais atá infheidhme san earnáil iascaigh, lena náirítear rialacha maidir le bearta teicniúla agus caomhnaithe i ndáil le hacmhainní bitheolaíochta na mara, rialacha maidir le bainistiú agus rialú ar chabhlaigh an Aontais a shaothraíonn na hacmhainní sin, rialacha maidir le próiseáil agus margaíocht táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, córas an Aontais le haghaidh iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN) a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú mar aon le comhaontuithe idirnáisiúnta arna dtabhairt chun críche ag an Aontas

(6)Ba cheart an téarma ‘sonraí suímh an tsoithigh’ a chur in áit ‘sonraí an chórais um fhaireachán soithí’ óir tá an fhoclaíocht sin níos soiléire. Ní cheart go dtagródh a thuilleadh an sainmhíniú ar ‘sonraí suímh an tsoithigh’ do tharchur trí mheán ghléasanna rianaithe satailíte, óir tá teicneolaíochtaí difriúla ar fáil anois chun rianú a dhéanamh ar shoithí agus sonraí faoi shuíomh soithí a tharchur.

(7)Ba cheart sainmhíniú ar ‘beart’ a ailíniú leis an sainmhíniú ar ‘beart’ mar a leagtar síos sa dlí bia.

(8)Ba cheart na sainmhínithe ar ‘pleananna ilbhliantúla’ a nuashonrú chun forálacha Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir le pleananna ilbhliantúla a chur san áireamh.

(9)I gcás na sainmhínithe ar ‘ceadúnas iascaireachta’, ‘limistéir iascaireachta srianta’ agus ‘iascach áineasa’, ba cheart an téarma ‘acmhainní bitheolaíocha mara’ a chur in áit ‘beo-acmhainní uisceacha na mara’ chun an sainmhíniú sin a ailíniú le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

(10)Soláthraítear, le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, sainmhíniú ar ‘soitheach iascaireachta’ agus cumhdaítear ann soithí atá feistithe le haghaidh saothrú tráchtála a dhéanamh ar acmhainní bitheolaíocha na mara, amhail soithí gabhála, soithí tacaíochta, soithí próiseála éisc, soithí a ghabhann don trasloingsiú agus soithí iompair atá feistithe chun táirgí iascaigh a iompar, seachas soithí coimeádán. Dá bhrí sin, ba cheart an sainmhíniú ar ‘soitheach iascaireachta’ i Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 a scriosadh.

(11)Chun forfheidhmiú rialacha an Chomhbheartais iascaigh a fheabhsú, ba cheart sainmhínithe nua a thabhairt isteach ar ‘soitheach gabhála’ agus ar ‘sciorradh’.

(12)Tá ról tábhachtach san Aontas ag iascach ar an mionchóir, ó thaobh cúrsaí bitheolaíochta, cúrsaí eacnamaíocha agus cúrsaí sóisialta de. I bhfianaise thionchar féideartha iascaigh ar an mionchóir ar stoic éisc, tá sé tábhachtach rialú a dhéanamh ionas go mbeidh gníomhartha iascaireachta agus iarrachtaí iascaireachta soithí beaga i gcomhréir le rialacha an chomhbheartais iascaigh. Chun na críche sin, tá sé riachtanach sonraí suíomh na soithí sin a fháil. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann gach soitheach iascaireachta a rianú, lena náirítear soithí iascaireachta atá níos lú ná 12 méadar ar fad. I gcás soithí atá 12 méadar ar fad, is féidir gléasanna móibíleacha a úsáid feasta atá níos saoire agus atá éasca a úsáid.

(13)Chun ról na nionad faireacháin iascaigh a shoiléiriú, ba cheart forálacha Rialachán (AE) Uimh. 1224/2009 maidir leis na hionaid sin a chur in Airteagal ar leith.

(14)Le Rialachán (AE) 2015/812 ón bParlaimint agus ón gComhairle 31 , leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1224/2009 chun cuid dá bhforálacha a ailíniú leis an oibleagáid maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír, mar a leagtar amach in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Chun gur féidir rialú a dhéanamh i gceart ar an oibleagáid maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír, tá sé riachtanach, ar bhonn measúnú riosca, céatadán áirithe soithí iascaigh a fheistiú le gléasanna faireacháin leictreonacha a dhéanann taifead ar bhonn leanúnach, lena náirítear teilifís chiorcaid iata (TCI). Féadfar sonraí TCI a chomhlánú le sonraí ó ghléasanna faireacháin leictreonacha eile. Tabharfaidh sonraí ó na gléasanna sin, lena náirítear ó TCI, tabharfaidh siad ar a gcumas d'oifigigh Ballstát an oibleagáid maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír a rialú ar muir. Ní cheart go mbeadh aon rud eile sna taifid ach comhpháirteanna agus trealamh na soithí sin ar a dtugtar táirgí iascaigh ar bord, ar a ionramháiltear iad agus ar a ndéantar iad a stóráil. Ba cheart taifid ó cheamaraí TCI a choinneáil go háitiúil agus ba cheart iad a chur ar fáil d'oifigigh na mBallstát nó do chigireachtaí an Aontais go heisiach, arna iarraidh sin, go háirithe i gcomhthéacs cigireachtaí, imscrúduithe nó iniúchtaí.

(15)Chun cuspóirí an chomhbheartais iascaigh a bhaint amach, leagtar tábhacht mhór ar shonraí a bhailiú go cuimsitheach agus ar iontaofacht na sonraí sin.

(16)Tuairisciú neamhiomlán neamhiontaofa a rinne oibreoirí de dheasca sonraí maidir le clárú gabhálacha a thíolacadh i bhformáidí páipéir, agus i deireadh na dála, is neamhleor na tuarascálacha gabhála a chuir siad faoi bhráid na mBallstát agus a chuir na Ballstát faoi bhráid an Coimisiún faoi seach, rud a chuir isteach ar mhalartú faisnéise idir na Ballstáit. Dá bhrí sin, meastar go bhfuil sé riachtanach go ndéanfaidh máistrí sonraí a thaifeadadh maidir le gabhálacha i bhfoirm dhigiteach agus go ndéanfaidh siad iad a thíolacadh go leictreonach, go háirithe i gcás na logleabhar, dearbhuithe trasloingsithe agus dearbhuithe maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír.

(17)De cheal oibleagáidí ar mháistrí soithí níos lú ná 10 méadar ar fad maidir le ghabhálacha a thuairisciú, fágadh gur neamhiomlán agus neamhiontaofa atá na sonraí maidir le soithí sin toisc gur bunaithe ar phleananna samplála a bhí bailiú na faisnéise maidir leis na soithí céanna. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach a éileamh go ndéanfaí tuairisciú maidir le gabhálacha i gcás gach soithigh gan beann ar a mhéid. Sa chaoi sin a dhéanfar na rialacha a shimpliú agus a déanfar comhlíonadh agus rialuithe a fheabhsú.

(18)I gcás soithí atá 12 mhéadar ar fad nó níos mó, tá sé tábhachtach an fhaisnéis sa logleabhar a bheith níos cruinne ná mar atá agus go náirítear inti sonraí maidir le gabhálacha in aghaidh an choir nó in aghaidh na hoibríochta, toisc go bhfeabhsóidh sin éifeachtacht na rialuithe. I gcás soithí atá níos lú ná 12 mhéadar ar fad, ba cheart na hoibleagáidí a bhaineann le líonadh agus tíolacadh an logleabhair a shimpliú agus ní cheart go mbeadh ceangal ar mháistrí an fhaisnéis atá sa logleabhar a thíolacadh ach uair amháin, roimh theacht isteach i gcalafort.

(19)Na forálacha maidir leis an an gcorrlach lamháltais sna meastacháin logleabhair ar chainníocht éisc a choimeádtar ar bord, ba cheart iad a leasú chun na rialacha nua a bhaineann le tuairisciú sna logleabhair ar ghabhálacha faoi bhun 50 kg a chur san áireamh. Ina theannta sin, ba cheart na forálacha maidir leis an gcorrlach lamháltais a leasú chun sainiúlacht gabhálacha a thugtar i dtír gan sórtáil a chur san áireamh.

(20)Nuair a thugann soitheach iascaireachta cúl ar an gcalafort, ba cheart go gcuirfí tús le logleabhar leictreonach agus sanntar uimhir chéannachta uathúil turais iascaireachta don turas sin. Sa logleabhar, sna dearbhuithe trasloingsithe agus sna dearbhaithe maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír, ba cheart tagairt a dhéanamh don uimhir chéannachta uathúil turais iascaireachta sin ar mhaithe le feabhas a chur ar rialuithe agus chun dearbhú na sonraí ag na Ballstáit a fheabhsú agus chun inrianaitheacht na dtáirgí iascaigh sa slabhra soláthair a éascú. Chun aistriú faisnéise go dtí údaráis inniúla na mBallstát maidir le caillteanais trealaimh iascaireachta a fheabhsú, ba cheart faisnéis ar threalamh caillte a bheith i bhformaid an logleabhair.

(21)Leis an réamhfhógra maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír, is fearr a rialóidh oifigigh an comhlíonadh a dhéantar ar na rialacha maidir le gabhálacha a chlárú agus maidir le gníomhaíochtaí iascaigh. Chun feabhas a chur ar chomhlíonadh na rialacha maidir le gabhálacha a chlárú, ba cheart na forálacha maidir le réamhfhógraí a bheith infheidhme i gcás gach soithigh atá os cionn 12 mhéadar ar fad agus ní amháin i gcás soithí iascaireachta a dhírionn ar stoic faoi phleananna ilbhliantúla. Ba cheart go mbeadh na Ballstáit i dteideal tréimhse níos giorra réamhfhógartha a leagan amach maidir le soithí a bhfuil a mbratach ar foluain orthu a oibríonn go heisiach laistigh dá gcuid uiscí teorann, a fhad is nach gcuireann sin isteach ar a gcumas cigireacht a dhéanamh ar shoithí ar theacht isteach i gcalafort dóibh.

(22)Soithí iascaireachta de chuid an Aontais a thugann táirgí iascaigh i dtír i dtríú tíortha nó a dhéanann táirgí iascaigh a thrasloingsiú in uiscí tríú tíortha nó san fharraige mhór, ba cheart dóibh réamhfhógra a thíolacadh nó údarú a fháil ó na Ballstáit bhrataí. Tá na réamhfhógraí agus na húdaruithe sin riachtanach, ag cur san áireamh freagrachtaí na mBallstát i dtaca le táirgí iascaigh a eascraíonn as iascaireacht NNN a chosc ar theacht isteach sna margaí idirnáisiúnta.

(23)Forálacha maidir le sonraí gabhálacha agus iarrachtaí iascaireachta a dhéanann na Ballstáit a thaifeadadh, ba cheart iad a leasú le sonraí a luaitear i dtaifid meáite, nótaí glactha freagrachta agus doiciméid iompair a chur san áireamh.

(24)Rialacha maidir le sonraí comhiomlánaithe gabhála agus iarrachtaí iascaireachta a thíolacadh chun an Choimisiúin, ba cheart iad a shimpliú trí fhoráil a dhéanamh maidir le dáta amháin i gcás gach iarratais.

(25)Forálacha maidir le tréimhsí coiscthe iascaireachta a fhoilsíonn an Coimisiún i ndiaidh na cuótaí iascaireachta nó i ndiaidh uasmhéid iarrachtaí incheadaithe iascaireachta a shroicheadh, ba cheart iad a shimpliú chun gur féidir na tréimhsí coiscthe sin a fhoilsiú in am is i dtráth. Thairis sin, ba cheart na forálacha sin a bheith comhsheasmhach leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

(26)Ba cheart forálacha maidir le hacmhainneacht iascaireachta a nuashonrú ionas go ndéanfar tagairt iontu do Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

(27)Ba cheart forálacha maidir le tonnáiste soithí iascaireachta a fhíorú chun críocha rialuithe acmhainneachta iascaireachta, ba cheart sin a shimpliú agus ba cheart forálacha maidir le fíorú ar chumhacht innill a shoiléiriú. Má tá soithí atá feistithe le trealamh iascaireachta gluaisteach i mbun feidhme le hinnill a sháraíonn an cumhacht innill a luaitear ina gclárú, ní féidir a áirithiú go gcomhlíonfar na huasteorainneacha le haghaidh acmhainne a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Dá bhrí sin tá sé tábhachtach cumhacht innill soithí iascaireachta atá feistithe le trealamh iascaireachta gluaisteach a rialú, agus é sin a dhéanamh le gléasanna a dhéanann faireachán leanúnach ar an gcumhacht innill.

(28)Chun a áirithiú go gcomhlíonfar rialacha an chomhbheartais iascaigh, ba cheart go mbeadh ceangal ar gach Ballstát clár rialaithe náisiúnta a chur ar bun ar bhonn bliantúil nó ar bhonn ilbhliantúil, clár a chumhdóidh rialacha uile an chomhbheartais iascaigh. Ba cheart do Bhallstáit a áirithiú go gcuirfear rialuithe oifigiúla i bhfeidhm ar bhealach rioscabhunaithe. Ba cheart tuarascálacha bliantúla ar chigireachtaí náisiúnta agus rialuithe a éileamh freisin.

(29)Cuirfear limistéir iascaireachta srianta ar bun faoi rialachán an Aontais, faoi rialachán náisiúnta agus faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh feidhm ag na forálacha i dtaobh limistéar iascaireachta srianta atá á rialú ag na Ballstáit, ba cheart go mbeadh feidhm acu sin maidir le limistéir iascaireachta srianta cibé áit a bhfuil siad lonnaithe. Ina theannta sin, ba cheart soithí áineasa i limistéir iascaireachta srianta a rialú i gcás inarb iomchuí.

(30)Tá ról tábhachtach ag iascach áineasa san Aontas, ó thaobh cúrsaí bitheolaíochta de, ó thaobh cúrsaí eacnamaíochta de agus ó thaobh cúrsaí sóisialta de. I bhfianaise an tionchar mór a imríonn iascaireacht áineasa ar stoic áirithe, is gá foráil a dhéanamh maidir le huirlisí áirithe a chuireann ar a gcumas do na Ballstáit iascach áineasa a rialú go héifeachtach. Le córas clárúcháin nó ceadúnaithe, ba cheart go bhféadfaí áireamh cruinn a dhéanamh ar dhaoine fisiciúla agus ar dhaoine dlíthiúla atá ag glacadh páirt in iascach áineasa agus ba cheart go bhféadfaí sonraí iontaofa a bhailiú maidir le gabhálacha agus cleachtais. Tá sé riachtanach go mbaileofaí sonraí iontaofa agus leordhóthanacha maidir le hiascaireacht áineasa chun tionchar na hiascaireachta sin ar stoic a mheas agus chun an fhaisnéis iomchuí a chur ar fáil do na Ballstáit le gur féidir acmhainní bitheolaíocha mara a bhainistiú agus a rialú go héifeachtach.

(31)Bunaíodh cheana féin, faoin gcomhbheartas iascaigh, roinnt beart sonrach caomhnaithe atá infheidhme maidir le hiascach áineasa. Leis an gcóras clárúcháin nó ceadúnaithe agus leis an gcóras clárúcháin gabhála, ba cheart go bhféadfaí na bearta sonracha caomhnaithe sin a rialú go héifeachtach.

(32)Ba cheart forálacha maidir leis na rialuithe sa slabhra soláthair a shoiléiriú chun go bhféadfaidh na Ballstáit rialuithe agus cigireachtaí a dhéanamh ag gach céim a bhaineann le margaíocht táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, ón gcéad díolachán go dtí an miondíolachán, iompar san áireamh.

(33)Na rialacha atá infheidhme maidir le táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a roinnt de réir luchtóg, ba cheart iad sin a shoiléiriú. Ba cheart a shoiléiriú gur cheart go mbeadh táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a bhaineann le speiceas amháin a bheith i ngach luchtóg, ach amháin nuair is cainníocht an-bheag ata ann.

(34)I gcomhréir leis na ceanglais inrianaitheachta a leagtar amach in Airteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 32 , leagtar síos le Rialachán Cur chun Feidhme (AE) Uimh. 931/2011 ón gCoimisiún 33 rialaithe áirithe inrianaitheachta i ndáil le hearnáil shonrach an bhia de bhunadh ainmhíoch, eadhon gur cheart d'oibreoirí taifead ar thacar áirithe faisnéise a choimeád, gur cheart é a chur ar fáil d'údaráis inniúla arna iarraidh sin dóibh, agus gur cheart é a aistriú go dtí an toibreoir ar soláthraíodh an táirge iascaigh dó. Tá inrianaitheacht tábhachtach san earnáil iascaigh, ní amháin chun críocha sábháilteachta bia ach chun rialuithe a éascú agus chun leas na dtomhaltóirí a chosaint freisin.

(35)Is iomchuí, dá bhrí sin, cur leis na rialacha atá ann cheana maidir le inrianaitheacht mar a leagtar síos in Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 931/2011 ón gCoimisiún. Ba cheart d'oibreoirí taifead ar thacar áirithe faisnéise maidir le táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a choimeád, é a chur ar fáil d'údaráis inniúla arna iarraidh sin dóibh, agus é a aistriú go dtí an toibreoir ar soláthraíodh an táirge iascaigh dó. I gcás táirgí iascaigh nár allmhairíodh iad, ba cheart a áireamh san fhaisnéis inrianaitheachta sin sainaitheantóir uathúil an turais iascaireachta mar fágfaidh sin gur féidir nasc a dhéanamh idir tacar áirithe táirgí iascaigh agus gabháil áirithe arna tabhairt i dtír ag soitheach de chuid an Aontais nó roinnt soithí de chuid an Aontais san aon limistéir ábhartha amháin.

(36)I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 931/2011 ba cheart an fhaisnéis inrianaitheachta ábhartha maidir le rialú táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a bheith ar fáil ón gcéad díolachán go dtí céim an mhiondíolacháin. Fágfaidh sé sin go háirithe gur faisnéis chruinn a chuirfear ar fáil don tomhaltóir maidir le speiceas an táirge iascaigh nó dobharshaothraithe agus maidir leis an áit as ar tháinig sé.

(37)Ba cheart go mbeadh na rialacha céanna infheidhme maidir le táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a allmhairítear ó thríú tíortha. I gcás táirgí allmhairithe, ba cheart a áireamh san fhaisnéis éigeantach inrianaitheachta tagairt don dearbhú gabhála dá bhforáiltear le Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 34 .

(38)Chun a áirithiú go dtraschuirfear an fhaisnéis inrianaitheachta maidir le táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, ba cheart an fhaisnéis sin a thaifead go digiteach agus í a thraschur go leictreonach laistigh den slabhra soláthair agus go dtí na húdaráis inniúla arna iarraidh sin dóibh.

(39)I gcás táirgí iascaireachta a dhíoltar go díreach ó shoithí iascaireachta le tomhaltóirí, níl feidhm ag rialacha a bhaineann le hinrianaitheacht, ceannaitheoirí cláraithe, agus nótaí díolacháin maidir le cainníochtaí faoi bhun tairseacha áirithe. Ba cheart na tairseacha sin a chomhchuibhiú agus a ísliú ionas go laghdófar líon na dtáirgí iascaigh a chuirtear ar an margadh nach féidir a rianú agus nach féidir a rialú dá bhrí sin.

(40)Chun cuspóirí an chomhbheartais iascaigh a bhaint amach, leagtar tábhacht as cuimse ar bhailiúchán cuimsitheach sonraí agus ar iontaofacht na sonraí sin. Go háirithe, ba cheart an taifead a dhéanfar ar ghabhálacha an uair a thabharfar i dtír iad a chur i gcrích ar an mbealach is iontaofa is féidir. Chun na críche sin, is gá na nósanna imeachta maidir le meá na dtáirgí iascaigh a threisiú ar thabhairt i dtír dóibh.

(41)Ba cheart an táirge a mheá ar chórais arna bhformheas ag na húdaráis inniúla agus ag na hoibreoirí ata cláraithe ag na mBallstáit chun an tasc sin a dhéanamh. Ba cheart gach táirge a mheá de réir an speicis ar thabhairt i dtír dó toisc go ndéanfaidh sin tuairisciú níos cruinne ar na gabhálacha a áirithiú. Thairis sin, ba cheart taifid mheáite a bheith déanta go leictreonach agus iad a choimeád ar feadh trí bliana.

(42)Ní cheart a cheadú go dtabharfaí speicis neamhshórtáilte i dtír ach amháin má chomhlíonfar coinníollacha diana, lena náirítear iad a mheá ar chórais atá á noibriú nó á rialú ag údaráis na mBallstát.

(43)Chun rialuithe a fheabhsú agus chun gur féidir sonraí maidir le clárú gabhálacha a bhailíochtú go pras agus chun faisnéis a mhalartú idir Ballstáit a mhalartú go pras, is gá go ndéanfaidh gach oibreoir sonraí a thaifeadadh go digiteach agus na sonraí sin a thíolacadh go leictreonach laistigh de 24 uair go dtí na Ballstáit. Baineann sé sin go háirithe le dearbhuithe maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír, le nótaí díolacháin agus le nótaí glactha freagrachta.

(44)Toisc go bhfuil uirlisí teicneolaíochta leordhóthanacha ar fáil, ba cheart go mbeadh feidhm ag an gceanglas sonraí a thaifead go digiteach agus iad a thíolacadh go leictreonach laistigh de 24 uair, ba cheart go mbeadh feidhm air sin maidir le gach ceannaitheoir táirgí iascaigh.

(45)Ba cheart traschur na ndoiciméad iompair go dtí na Ballstáit ábhartha a shimpliú agus ba cheart é a dhéanamh roimh imeacht do na táirgí chun go ndéanfadh na húdaráis inniúla rialuithe orthu.

(46)Sna dearbhuithe maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír, sna dearbhuithe glactha freagrachta agus sna doiciméid iompair, ba cheart tagairt a dhéanamh don uimhir chéannachta uathúil turais iascaireachta ar mhaithe le feabhas a chur ar rialuithe agus chun bailíochtú na sonraí ag na Ballstáit a fheabhsú agus chun inrianaitheacht na dtáirgí iascaigh sa slabhra soláthair a éascú.

(47)Níl feidhm a thuilleadh ag forálacha Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 maidir le faireachán a dhéanamh ar eagraíochtaí tairgeoirí agus ar shocruithe idirghabhála agus praghsanna agus ba cheart iad a scriosadh toisc go bhforáiltear maidir leis an bhfaireachán sin le Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013.

(48)Chun feabhas a chur ar an measúnú riosca a dhéanann údaráis náisiúnta agus iad i mbun gníomhaíochtaí rialaithe a phleanáil agus chun feabhas a chur ar éifeachtacht na gcigireachtaí, ba cheart barr feabhais a chur ar na ceanglais a bhaineann le clár náisiúnta na sáruithe.

(49)Chun a áirithiú go mbeidh cothrom na féinne ann sna Ballstáit maidir leis an gcóir bhreithiúnach a chuirfear ar lucht sáraithe rialacha an chomhbheartais iascaigh, ba cheart forálacha lena naithneofar na hiompraíochtaí arb ionann iad agus sáruithe tromchúiseacha ar na rialacha sin, ba cheart na forálacha sin a shoiléiriú agus a dhaingniú.

(50)Chun bacadh éifeachtach in aghaidh na niompraíochtaí is díobhálaí a áirithiú, i gcomhréir le ceanglais idirnáisiúnta an Aontais, is gá liosta cuimsitheach a chur i dtoll a chéile de na sáruithe a meastar a bheith tromchúiseach gan beann ar dhálaí. Sa bhreis air sin, chun comhréireacht a áirithiú, is gá liosta cuimsitheach a chur i dtoll a chéile de na critéir a bheidh le húsáid ag na húdaráis inniúla náisiúnta agus tromchúis sáruithe áirithe eile á meas acu.

(51)Chun freagairt níos tapúla, níos éifeachtaí agus níos athchomhairlí ar sháruithe tromchúiseacha a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit imeachtaí riaracháin in aghaidh na sáruithe tromchúiseacha sin a thabhairt isteach gan dochar d'imeachtaí coiriúla atá ann cheana. Má leagtar amach íosleibhéil caighdeánaithe fíneálacha agus má fheabhsaítear an córas pointí lena bhféadfar ceadúnais iascaireachta nó an ceart a bheith i gceannas ar shoithí a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, treiseoidh sin éifeacht dhíspreagthach chórais smachtbhannaí na mBallstát uile agus cuirfidh sé cosc ar atitimeachas.

(52)Eintitis náisiúnta atá i gceannas ar ghníomhaíochtaí rialaithe iascaigh mar aon le gach comhlacht breithiúnach ábhartha, ba cheart go mbeadh fáil acu sin ar chlár náisiúnta na sáruithe. Ina theannta sin, maidir le gníomhaíochtaí rialaithe, cuirfear feabhas ar a néifeachtacht agus déanfar a gcothromaíocht a áirithiú ach malartú faisnéise atá go hiomlán trédhearcach a bheith i gcláir náisiúnta idir na Ballstáit.

(53)Céim thábhachtach is ea bailíochtú chun a áirithiú gur iontaofa agus críochnaitheach iad na sonraí a bhaileoidh na Ballstáit de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009. An tacar sonraí a bheidh le bailíochtú agus oibleagáidí na mBallstát i gás neamhréireachtaí, ba cheart iad sin go léir a shoiléiriú.

(54)Chun a gcuid dualgas faoi rialacha an chomhbheartais iascaigh a chomhlíonadh, ní foláir fáil a bheith ag an gCoimisiún ar shonraí éagsúla arna mbailiú ag na Ballstáit. Ba cheart a áirithiú cé na sonraí ba cheart go mbeadh fáil ag an gCoimisiún orthu agus cé na tascanna a bheidh le déanamh ag an gCoimisiún agus é ag baint úsáide as na sonraí céanna.

(55)Ina theannta sin, is mór chun sochair na heolaíochta a rachaidh na sonraí arna mbailiú ag na Ballstáit. Ba cheart a shoiléiriú go bhféadfar rochtain a thabhairt do chomhlachtaí eolaíocha de chuid na mBallstát agus do chomhlachtaí eolaíocha an Aontais ar shonraí arna mbailiú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, go háirithe maidir le sonraí suímh soithí agus maidir le sonraí faoi ghníomhaíocht iascaireachta. Ar deireadh, na sonraí faoi ghníomhaíocht iascaireachta arna mbailiú ag na Ballstáit, rachaidh siad chun sochair d'Oifig Staidrimh an Aontais Eorpaigh (Eurostat) óir is féidir léi iad a úsáid chun staidreamh a chur ar fáil maidir le hiascach.

(56)Ó tharla an malartú faisnéise idir na Ballstáit a bheith ríthábhachtach chun oibleagáidí faoi rialacha an chomhbheartais iascaigh a rialú agus a fhordheimhniú, ba cheart na forálacha a bhaineann leis na malartuithe sin a shoiléiriú. Go háirithe, ba cheart do Bhallstáit rochtain a thabhairt dá chéile ar a gcláir sháruithe mar cuirfidh sé sin ar a gcumas uile feabhas a chur ar fhordheimhniú na rialacha maidir le soithí iascaireachta de chuid an Aontais a bhfuil bratach Ballstáit eile ar foluain orthu in uiscí an Aontais agus maidir le soithí iascaireachta a bhfuil bratach ar foluain acu a rinne sáruithe in uiscí Ballstát eile.

(57)Féadfaidh sé go mbeidh sonraí pearsanta mar chuid de thacar na sonraí arna mbailiú ag na Ballstáit ar cheart go mbeadh fáil ag an gCoimisiún orthu, amhail sonraí faoi ghníomhaíocht iascaireachta, sonraí maidir le rialú, bunachair leictreonacha iascaigh eile agus clár náisiúnta na sáruithe. Ó tharla go bhféadfaí, le sainaitheantóir an tsoithigh nó le hainm an tsoithigh iascaireachta, go sainaithneofaí daoine nádúrtha amhail úinéir nó máistir soithigh iascaireachta ar leith, i gcúinsí áirithe d'fhéadfaí na sonraí sin a áireamh mar shonraí pearsanta.

(58)Is gá sonraí pearsanta a phróiseáil ó thaobh rialaithe agus forfheidhmithe iascaigh de. Go háirithe, chun críche faireachán a dhéanamh ar dheiseanna iascaireachta, lena náirítear ídiú cuóta, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann sonraí ó logleabhair, ó dhearbhuithe maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír, ó nótaí díolacháin agus sonraí eile maidir le gníomhaíocht iascaireachta, ba cheart go mbeadh sé in ann iad a phróiseáil chun bailíochtú a dhéanamh ar na sonraí comhiomlánaithe arna dtíolacadh ag na Ballstáit. Chun fíoruithe agus iniúchtaí a dhéanamh agus chun faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí rialaithe na mBallstát, ba cheart go mbeadh fáil ag an gCoimisiún ar shonraí próiseála amhail tuarascálacha cigireachta agus tuarascálacha breathnóirí rialaithe agus ar bhunachar na sáruithe. I gcomhthéacs ullmhúchán agus chomhlíonadh na gcomhaontuithe idirnáisiúnta agus beart caomhnuithe, ba cheart go ndéanfadh an Coimisiún a phróiseáil, nuair is gá, sonraí maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta soithí iascaireachta de chuid an Aontais laistigh d'uiscí an Aontais, lena náirítear sainaitheantóirí na soithí, ainm úinéir an tsoithigh agus ainm mháistir an tsoithigh.

(59)Ba cheart sonraí pearsanta arna bpróiseáil ar mhaithe le rialú agus fordheimhniú iascaigh a stóráil ar feadh tréimhse 5 bliana go ginearálta, óir, chun críche faireachán a dhéanamh ar dheiseanna iascaireachta, déanann an Coimisiún bailíochtú ar na sonraí comhiomlána arna dtíolacadh ag na Ballstáit laistigh de 5 bliana tar éis a dtarchur. I gcás ina ndéanfar iniúchadh breise ar sháruithe, ar chigireachtaí, ar fhíoruithe, ar ghearáin nó ar iniúchtaí nó i gcás imeachtaí breithiúnacha nó riaracháin leantacha, tá tréimhse choinneála 10 mbliana ag teastáil mar gheall ar an bhfad a bhaineann leis na próisis sin agus mar gheall ar an ngá atá leis na sonraí sin a úsáid le linn na tréimhse ina bhfuil na próisis sin ar bun.

(60)Ba cheart a áirithiú i gcónaí agus ar gach leibhéal go nurramófar na hoibleagáidí maidir le sonraí pearsanta mar a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 35 , Rialachán (AE) 2018/XX 36 , agus, nuair is infheidhme, na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear Rialachán (AE) 2016/680 37 .

(61)Le Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 tugtar cumhachtaí don Choimisiún chun cuid de na forálacha sa Rialachán sin a chur chun feidhme.

(62)De bharr theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, ní mór na cumhachtaí arna dtabhairt le Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 a ailíniú le hAirteagal 290 agus le hAirteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

(63)An chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ba cheart an chumhacht sin a tharmligean chuig an gCoimisiún chun Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 a chomhlánú le rialacha sonracha lena rialaítear rialuithe, i ndáil leis na nithe seo a leanas:

soithí iascaireachta áirithe a dhíolmhú ón oibleagáid réamhfhógra a thabhairt;

forálacha a bhfuil feidhm leo i gcás ina gcloiseann ar chórais taifeadta agus tuarascála leictreonacha, maidir le córais rianaithe, logleabhar, réamhfhógraí, trasloingsiú, dearbhuithe maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír;

catagóirí áirithe soithí iascaireachta a dhíolmhú ón oibleagáid réamhfhógra agus dearbhú trasloingsithe a líonadh agus a chur isteach;

na rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú chórais inrianaitheachta;

na critéir agus an nós imeachta maidir le meádóirí a chlárú agus maidir le hinneachar thaifead na meáite;

na rialacha maidir le nósanna imeachta meáite agus rialacha speisialta maidir le speicis pheiligeacha bheaga;

na rialacha maidir le breathnóirí rialaithe;

na rialacha maidir le cigireachtaí d'údaráis agus d'oibreoirí inniúla na mBallstát;

sainmhíniú ar thairseach a fhágann go gcuirtear an ceadúnas iascaireachta ar fionraí nó go dtarraingítear siar é, an nós imeachta a leanann an fionraí nó an tarraingt siar, pointí a bhaint;

na híoscheanglais a bhaineann le cláir ghníomhaíochta náisiúnta um rialú, tuarascálacha bliantúla agus tagarmharcanna a leagan amach;

sprioc-am a leagan amach do Bhallstáit chun a léiriú gur féidir na stoic a shaothrú gan bhaol;

Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016 (1). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, ba cheart go bhfaigheadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile i gcomhthráth leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ullmhú na ngníomhartha tarmligthe mar chúram orthu.

(64)Chun coinníollacha comhionanna a áirithiú le haghaidh chur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir leis an méid seo a leanas:

ceadúnais iascaireachta agus údaruithe iascaireachta;

marcáil agus sainaithint soithí, trealaimh agus árthaí iascaireachta;

ceanglais theicniúla agus tréithe na ngléasanna rianaithe;

an corrlach lamháltais;

fachtóirí coinbhéartachta chun iasc stóráilte nó phróiseáilte a choinbhéartú ina mheáchan éisc bheo;

ábhar shonraí suímh na soithí agus an tábhar agus an fhormaid, rialacha maidir le logleabhair a chríochnú, a thaifeadadh go digiteach agus a tharchur, réamhfhógraí, dearbhuithe trasloingsithe, agus dearbhuithe maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír;

ceanglais theicniúla agus tréithe maidir le gléasanna leictreonacha faireacháin lena náirítear TCI;

formaid maidir le sonraí cláraithe gabhálacha agus iarracht iascaireachta a chur faoi bhráid an Choimisiúin;

an leigheas atá ann i gcás dochar a bheith déanta do Bhallstát;

cumhacht innill, tonnáiste an tsoithigh iascaireachta, cineál, líon, agus saintréithe na bpíosaí trealaimh iascaireachta a fhíorú;

ceanglais theicniúla agus tréithe gléasanna um faireachán leanúnach ar chumhacht innill;

cumhacht innill a dheimhniú;

córas cláraithe nó ceadúnaithe, soithí a rianú, trealamh a rianú i ndáil le hiascach áineasa áirithe;

pleananna samplála maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír gan sórtáil;

ceannaitheoirí cláraithe;

Tuarascálacha faireachais agus tuarascálacha cigireachta;

An bunachar a oibriú i ndáil le tuarascáil cigireachta agus faireachais;

cainníochtaí a shocrú in aghaidh cuótaí i gcás beart ceartaitheach;

córas pointí a oibriú do shealbhóirí ceadúnais iascaireachta agus máistrí;

cláir shainiúil rialaithe agus cigireachta;

cuótaí a asbhaint;

rochtain ar shonraí agus sonraí a mhalartú;

tuairisciú ag na Ballstáit;

cúnamh frithpháirteach,

Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 38 .

(65)De bharr theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, ní mór roinnt forálacha lena dtugtar cumhachtaí cinnteoireachta don Chomhairle amháin a oiriúnú lena gcur i gcomhréir leis na nósanna imeachta nua is infheidhme maidir leis an gcomhbheartas iascaigh. Dá bhrí sin ba cheart na forálacha de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 a athdhréachtú maidir leis na gnéithe seo a leanas:

tairsí gabhálacha a ghlacadh i ngach plean ilbhliantúil nach mór calafort ainmnithe nó ionad gar don chladach a úsáid má théitear os a cionn agus a mhinice a tharchuirtear sonraí;

scéim breathnóirí rialaithe a bhunú.

(66) Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 a leasú dá réir sin.

(67)Ar mhaithe le comhsheasmhacht a áirithiú le raon feidhme Rialachán (CE) Uimh 1224/2009, ba cheart cuspóirí Rialachán (CE) Uimh. 768/2005 39 ón gComhairle a mhéadú. Ba cheart go gcumhdódh misin na Gníomhaireachta Eorpaí um Rialú ar Iascach comhchuibhiú chur chun feidhme an chomhbheartais iascaigh ina iomláine. Ba cheart go náireofaí iontu taighde agus forbairt maidir le teicnící rialaithe agus cigireachta agus cúnamh a sholáthar don Choimisiún i réimsí áirithe.

(68)Ba cheart a áirithiú go nurramóidh an Ghníomhaireacht sa chreat maidir le próiseáil agus malartú sonraí na hoibleagáidí maidir le sonraí pearsanta mar a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/XX.

Ba cheart go mbeadh an deis ag ionadaithe thar ceann na ninstitiúidí páirt a ghlacadh i dteacht le chéile Bord Riaracháin na Gníomhaireachta.

(69)Ba cheart a shoiléiriú go bhfuil dréachtchlár oibre bliantúil agus dréachtchlár oibre ilbhliantúil na Gníomhaireachta a d'ullmhaigh a Stiúrthóir Feidhmiúcháin le tíolacadh go dtí Bord Riarachán na Gníomhaireachta.

(70)Ba cheart a shoiléiriú go bhféadfaidh an Ghníomhaireacht maoiniú a ghlacadh i bhfoirm comhaontuithe tarmligin nó deontais ad-hoc gan dochar do chineálacha eile ioncaim.

(71)Ar deireadh, ba cheart na forálacha maidir le meastóireacht a dhéanfadh an Coimisiún ar an nGníomhaireacht a shoiléiriú.

(72)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 768/2005 a leasú dá réir sin.

(73)Chun comhsheasmhacht idir forálacha rialaithe a áirithiú, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 40 ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 2016/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 41 a leasú. Ba cheart, go háirithe, na forálacha maidir le hiascach áineasa a rialú, maidir le trasloingsiú agus clárú gabhálacha a thaifeadadh agus a thuairisciú mar a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle agus na forálacha maidir le logleabhair agus an corrlach lamháltais idir i meastacháin arna dtaifeadadh sa logleabhar iascaireachta a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 2016/1139, ba cheart iad sin go léir a scriosadh ionas go mbeidh feidhm leis le forálacha ábhartha i Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ina nionad.

(74)Páipearbhunaithe is ea an Scéim Deimhnithe Gabhála, mar a leagtar síos i gCaibidil III de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008, agus de thoradh sin níl sí éifeachtach agus níl sí i gcomhréir le córas inrianaitheachta digitithe i ndáil le táirgí iascaigh. I gcomhréir lena ngealltanais idirnáisiúnta agus chun cur chun feidhme éifeachtach na scéime a áirithiú, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 a leasú chun bunachar a bhunú chun deimhnithe gabhála a bhainistiú (CATCH) bunaithe ar an gCóras Bainistíochta Faisnéise le haghaidh Rialuithe Oifigiúla, lena gceadófaí rialaithe rioscabhunaithe, i dtreo is go laghdófaí ar na deiseanna allmhairí a thabhairt isteach go calaoiseach agus go laghdófaí ar an ualach riaracháin do na Ballstáit. Déanfar feidhmeanna oibríochtúla CATCH a fhorbairt de réir céimeanna éagsúla.

(75)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008, le go gceadófaí, go háirithe, bainistiú comhtháite, ionramháil, stóráil agus malartú faisnéise agus doiciméad a bhaineann le seiceálacha oifigiúla, fíoruithe, rialuithe agus gníomhaíochtaí oifigiúla ábhartha eile a bhaineann le hallmhairiú agus onnmhairiú táirgí iascaigh dá bhforáiltear faoi Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme agus cumhachtaí tarmligthe a thabhairt de chumhacht don Choimisiún maidir le feidhmiú agus forbairt CATCH, bunaithe ar an gCóras Bainistíochta Faisnéise le haghaidh Rialuithe Oifigiúla.

(76)Chun comhsheasmhacht a áirithiú i measc ionstraimí dlí an Aontais lena rialaítear rialú ar iascach, ba cheart forálacha áirithe maidir le sáruithe tromchúiseacha mar a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 a scriosadh agus más gá, iad a aistriú go Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, arb é an phríomhionstraim dlí i réimse an rialaithe iascaigh. Ba cheart, dá bhrí sin, tagairt a dhéanamh i Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 d'fhorálacha maidir le sáruithe tromchúiseacha a luaitear i Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

(77)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 a leasú dá réir sin.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 mar seo a leanas:

(1)Leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:

“Chun críocha an rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhíniúcháin a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, agus in Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 mura bhforáiltear dá mhalairt sa rialachán seo.”

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2:

"2. Ciallaíonn ‘rialacha an chomhbheartais iascaigh’ gníomhartha an Aontais Eorpaigh atá ceangailteach de réir an dlí, lena náirítear comhaontuithe idirnáisiúnta arna dtabhairt chun críche ag an Aontas, maidir le hacmhainní bitheolaíocha mara a chaomhnú, a bhainistiú agus a shaothrú, maidir le dobharshaothrú agus maidir le táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a phróiseáil, a iompar agus a mhargú;”

(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 9:

"9. ciallaíonn ‘ceadúnas iascaireachta’ doiciméad oifigiúil lena mbronntar an ceart ar a shealbhóir, de réir mar atá cinntithe ag rialacha náisiúnta, acmhainneacht iascaireachta áirithe a úsáid chun acmhainní bitheolaíocha mara a shaothrú ar bhonn tráchtála. Cuimsítear ann ceanglais íosta maidir le céannacht soithí iascaireachta, a threalmhú agus tréithe teicniúla de;”

(d)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 12:

“12. ciallaíonn ‘sonraí maidir le suíomh an tsoithigh’ sonraí maidir le céannacht soithigh iascaireachta, suíomh geografach, dáta, am, cúrsa agus luas a tharchuirtear, le gléasanna rianaithe satailíte suiteáilte ar bord soithí iascaireachta, chuig ionad faireacháin iascaigh sa Bhallstát brataí;”

(e)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 14:

"14.ciallaíonn 'limistéar iascaireachta srianta' aon limistéar muirí ina bhfuil gníomhaíochtaí iascaireachta srianta nó toirmiscthe go sealadach nó ar bhonn buan;”

(f)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 20:

"20.ciallaíonn ‘baisc’ baiste aonaid táirgí iascaireachta nó dobharshaothraithe;”

(g)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 24:

"24.ciallaíonn ‘pleananna ilbhliantúla’ pleananna dá dtagraítear in Airteagal 9 agus 10 de Rialachán (AE) 1380/2013, pleananna bainistíochta arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 1380/2013 agus le bearta eile an Aontais a glacadh ar bhonn Airteagal 43(3) den Chonradh agus lena ndéantar foráil maidir le bainistíocht shonrach nó téarnamh ar stoic éisc áirithe ar feadh breis agus bliain;”

(h)scriostar pointe 23.

(i)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 28:

"28. ciallaíonn ‘iascach áineasa’ gníomhaíochtaí iascaireachta neamhthráchtála lena saothraítear acmhainní bitheolaíocha farraige chun críocha áineasa, turasóireachta nó spóirt.”

(j)scriostar pointe 31.

(k)cuirtear pointe 33 agus pointe 34 isteach:

"33. ciallaíonn 'sleamhnú’ an cleachtas nuair a scaoiltear saor le héisc d'aon ghnó ó threalamh iascaireachta sula ndéantar an trealamh sin a thabhairt ar ais ar bord soitheach iascaireachta;

34. ciallaíonn ‘soitheach gabhála’ soitheach iascaireachta a úsáidtear chun acmhainní bitheolaíocha mara a ghabháil.”

(2)In Airteagal 5, scriostar mír 6.

(3)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

“Airteagal 6

Ceadúnas iascaireachta

1. Ní cheadaítear soitheach iascaireachta ón Aontas a úsáid chun acmhainní bitheolaíocha mara a shaothrú ar bhonn tráchtála ach amháin má tá ceadúnas iascaireachta bailí ag gabháil leis.

2. Áiritheoidh an Ballstát brataí go bhfuil an fhaisnéis atá sa cheadúnas iascaireachta cruinn agus comhsheasmhach lena bhfuil i gclár chabhlach iascaireachta an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 24 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

3. Cuirfidh an Ballstát brataí ceadúnas iascaireachta soithigh ar fionraí go sealadach má tá sé faoi réir ag bac gluaiseachta sealadach arna chinneadh ag an mBallstát sin nó ar cuireadh a údarú iascaireachta ar ceal i gcomhréir le hAirteagal 91b.

4. Tarraingeoidh an Ballstat brataí ceadúnas iascaireachta soithigh siar go buan má tá sé faoi réir ag beart coigeartaithe cumais dá dtagraítear in Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 nó a ndearnadh a údarú iascaireachta a tharraingt siar i gcomhréir le hAirteagal 91b.

5.D’fhéadfadh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir le bailíocht na gceadúnas iascaireachta arna neisiúint ag an mBallstát brataí agus maidir leis an bhfaisnéis íosta atá cuimsithe iontu. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 119(2).”

(4)Leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2. Sa chás go bhfuil scéim shonrach náisiúnta um údarú iascaireachta ag Ballstát le haghaidh soithí iascaireachta a mbíonn bratach an Bhallstáit sin ar foluain acu, cuirfidh sé achoimre ar an bhfaiséis atá cuimsithe san údarú sin a eisíodh mar aon leis na figiúirí comhiomlánaithe gaolmhara maidir leis an iarracht iascaireachta.”

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

"5.D’fhéadfadh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir le bailíocht na núdaruithe iascaireachta arna neisiúint ag an mBallstát brataí agus maidir leis an bhfaisnéis íosta atá cuimsithe iontu. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 119(2).

(c)cuirtear isteach mír 6:

"6. Tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 119a lena bhforáiltear maidir le maoluithe ón oibleagáid údaruithe iascaireachta a fháil do shoithí iascaireachta an Aontais atá níos lú ná 10 méadar i bhfad ar an iomlán.”

(5)Leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad cheannteideal Airteagal 8:

“Airteagal 8

Marcáil agus aitheantas ar shoithí agus ar threalamh iascaireachta an Aontais"

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir leis na nithe a leanas:

(a)marcáil agus aitheantas ar shoithí

(b)doiciméid aitheantais soitheach atá le hiompar ar bord;

(c)marcáil agus aitheantas ar árthaí agus ar ghléasanna comhiomlánaithe iascaireachta;

(d)marcáil agus aitheantas ar threalamh iascaireachta;

(e)lipéid chun trealamh a mharcáil;

(f)baoithe a mharcáil agus cordaí a shocrú.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 119(2).”

(6)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

Airteagal 9

Córas um fhaireachán soithí

1.Oibreoidh na Ballstáit córais um fhaireachán soithí chun faireachán éifeachtach a dhéanamh ar staid agus ar ghluaiseacht soithí iascaireachta a mbíonn bratach na mBallstát sin ar foluain acu pé áit a mbíonn siad, agus soithí iascaireachta i bhfarraigí na mBallstát trí shonraí suímh na soitheach a bhailiú agus a anailísiú. Áiritheoidh gach Ballstát brataí go ndéanfar faireachán leanúnach agus córasach ar shonraí suímh na soitheach agus go ndéanfar cruinneas shonraí suímh na soitheach a rialú.

2.Déanfar soithí iascaireachta an Aontais a shuiteáil ar bord gléas lánfheidhmiúil a ligfidh don soitheach sin a bheith aimsithe agus aitheanta go huathoibríoch ag córas um fhaireachán soithigh trí sonraí suímh soithigh a tharchur go tráthrialta.

Cuirfidh na córais um fhaireachán soithí ar chumas an ionaid faireacháin iascaigh dá dtagraítear in Airteagal 9a de chuid an Bhallstáit bhrataí faireachán a dhéanamh ar an soitheach iascaireachta i ngach tráth. Cuirfear tarchur shonraí suímh an tsoithigh agus an fhaireacháin trí nasc saitilíte nó trí líonra móibíleach talamh-bhunaithe nuair a bhíonn rochtain ar líonra dá leithéid.

3.De mhaolú ar mhír 2, is féidir le máistrí shoithí iascaireachta an Aontais atá níos giorra ná 12 mhéadar i bhfad san iomlán gléas móibíleach a choimeád ar bord ionas gur féidir le córas um fhaireachán soithí an soitheach a aimsiú agus a aithint go huathoibríoch trí shonraí suímh soithigh a thaifeadadh agus a tharchur go tráthrialta. Sa chás go bhfuil an gléas rófhada ó líonra móibíleach, taifeadfar sonraí suímh an tsoithigh le linn na tréimhse ama sin agus déanfar iad a tharchur chomh luath agus a fhaigheann an soitheach teacht ar líonra dá leithéid agus sula théann se isteach i gcalafort ar a dhéanaí.

4.Nuair a bhíonn soitheach iascaireachta an Aontais in uiscí de Bhallstát eile, ní mór don Bhallstát brataí sin sonraí suímh an tsoithigh sin a chur ar fáil trí tharchur uathoibríoch chuig ionad faireacháin iascaigh na mBallstát cósta. Cuirfear sonraí suímh an tsoithigh ar fáil don Bhallstát sin inar dhócha go ndéanfaidh soitheach iascaireachta a ghabhálacha a thabhairt i dtír nó sna huiscí inar dhócha go leanfaidh an soitheach iascaireachta ar aghaidh lena ghníomhaíochtaí iascaireachta.

5.Má oibríonn soitheach iascaireachta an Aontais in uiscí de thríú tír nó in uiscí ina ndéanann eagraíocht bainistithe iascaigh réigiúnaigh, dá dtagraítear in Airteagal 3(1), na hacmhainní iascaireachta a bhainistiú, agus más foráil de chuid an chomhaontaithe leis an tríú tír sin nó de chuid rialacha is infheidhme na heagraíochta sin, déanfar sonraí suímh an tsoithigh a chur ar fáil freisin don tír nó don eagraíocht sin.

6.Déanfar soithí iascaireachta tríú tíortha a oibríonn in uiscí an Aontais a shuiteáil ar bord gléas lánfheidhmiúil a ligfidh don soitheach sin a bheith aimsithe agus aitheanta go huathoibríoch ag córas um fhaireachán soithí trí shonraí suímh an tsoithigh a tharchur go tráthrialta.

7.Tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 119a lena mbunaítear rialacha mionsonraithe maidir le faireachán ar ghníomhaíochtaí iascaireachta agus ar an iarracht iascaireachta ag na hionaid faireacháin iascaireachta, go háirithe maidir le dualgais na máistrí a bhaineann leis na gléasanna faireacháin soithí.

8. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le

(a)formáid agus ábhar na sonraí faoi shuíomh an tsoithigh;

(b)ceanglais agus sonraíochtaí teicniúla na ngléasanna um fhaireachán soithí;

(c)chomh minic agus a dhéantar sonraí maidir le suíomh agus gluaiseacht soithí iascaireachta, lena náirítear i limistéir iascaireachta shrianta, a tharchur;

(d)tarchur na sonraí chuig Ballstáit chósta.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 119(2).”

(7)Cuirtear isteach Airteagal 9a seo a leanas:

Airteagal 9a

Ionaid faireacháin iascaigh

1.Déanfaidh na Ballstáit ionaid faireacháin iascaigh a bhunú agus a oibriú ina ndéanfar faireachán ar ghníomhaíochtaí iascaireachta agus ar iarracht iascaireachta. Déanfaidh an tionad faireacháin iascaigh de Bhallstát áirithe faireachán ar na soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu, beag beann ar na huiscí ina bhfuil siad ag obair nó ar an gcalafort ina bhfuil siad, agus ar shoithí iascaireachta an Aontais a bhfuil bratacha na mBallstát eile ar foluain acu agus ar shoithí iascaireachta tríú tíortha lena mbaineann forálacha an chórais um fhaireachán soithí agus iad ag obair in uiscí faoi cheannasacht nó faoi dhlínse an Bhallstáit áirithe sin.

2.Ceapfaidh gach Ballstát brataí na húdaráis inniúla atá freagrach as an ionad faireacháin iascaigh agus ní mór na bearta cuí a ghlacadh chun a áirithiú go bhfuil na hacmhainní soláthair foirne ag a ionad faireacháin iascaigh agus go bhfuil sé feistithe le crua-earraí agus le bogearraí ríomhaire ionas gur féidir uathphróiseáil sonraí agus tarchur sonraí leictreonacha a dhéanamh. Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le nósanna imeachta cúltacaithe agus athshlánaithe sa chás go gclistear ar chóras. D’fhéadfadh Ballstáit ionad comhpháirteach faireacháin iascaigh a oibriú.

3.Áiritheoidh na Ballstáit brataí go bhfuil rochtain ag na hionaid faireacháin iascaigh ar na sonraí ábhartha go léir agus go háirithe de réir mar atá liostaithe in Airteagal 109 agus Airteagal 110 agus go noibreoidh siad 7 lá sa tseachtain 24 huaire sa lá.

4.Tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 119a lena mbunaítear rialacha mionsonraithe maidir le faireachán ar ghníomhaíochtaí iascaireachta agus ar an iarracht iascaireachta ag na hionaid faireacháin iascaireachta, go háirithe maidir le

(a)faireachán ar dhul isteach i limistéir shonracha agus ar imeacht as;

(b)faireachán ar ghníomhaíochtaí iascaireachta agus taifeadadh na ngníomhaíochtaí sin;

(c)na forálacha is infheidhme i gcás cliseadh teicniúil nó cumarsáide nó i gcás nach bhfeidhmíonn gléas faireacháin an tsoithigh;

(d)bearta atá le déanamh i gcás nach bhfaightear sonraí maidir le staid agus gluaiseacht soithí iascaireachta.”

(8)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

“Airteagal 10

Córas aitheantais uathoibríoch

I gcomhréir le Treoir 2002/59/CE, feisteofar soitheach iascaireachta atá níos faide ná 15 mhéadar ar fhad iomlán le córas sainaitheantais uathoibríoch a thiocfaidh leis na caighdeáin feidhmíochta arna ndréachtú ag an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta agus ní mór é a choimeád i mbun oibríochta.”

(9)Leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:

“Airteagal 12

Tarchur sonraí le haghaidh oibríochtaí faireachais

Déanfar sonraí ón gcóras/ó na córais faireacháin soithí, ón gcóras sainaitheantais uathoibríoch agus ón gcóras braite soithí arna mbailiú i gcreat an Rialacháin seo a chur ar fáil don Choimisiún, do ghníomhaireachtaí an Aontais agus d’údaráis inniúla na mBallstát atá bainteach le hoibríochtaí faireachais chun críocha sábháilteachta agus slándála muirí, rialaithe teorann, an timpeallacht mhuirí a chosaint agus fhorfheidhmiú an dlí i gcoitinne.”

(10)Scriostar Airteagal 13.

(11)Leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:

“Airteagal 14

An logleabhar iascaireachta a chomhlánú

1.Coimeádfaidh an máistir de gach soitheach gabhála de chuid an Aontais logleabhar iascaireachta leictreonach chun gníomhaíochtaí iascaireachta a thaifeadadh.

2.Beidh an fhaisnéis seo a leanas sa logleabhar iascaireachta dá dtagraítear i mír 1:

(a)sainaitheantóir uathúil an turais iascaireachta;

(b)uimhreacha sainaitheantais soitheach agus ainm an tsoithigh iascaireachta;

(c)cód alfa-3 EBT (Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe) de gach speiceas agus den limistéar geografach ábhartha inar ndearnadh gabhálacha;

(d)an dáta agus, nuair is iomchuí, am na ngabhálacha;

(e)dáta agus am maidir le himeacht ón gcalafort agus teacht ar ais agus tréimhse an turais iascaireachta;

(f)an cineál trealaimh, na sonraíochtaí teicniúla agus na toisí;

(g)na cainníochtaí measta de gach speiceas i gcileagraim de bheomheáchan, nó, más iomchuí, líon na naonán, lena náirítear na cainníochtaí nó aonáin atá faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe is infheidhme, mar iontráil ar leithligh; cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil in aghaidh na gabhála nó in aghaidh na hoibríochta iascaireachta i gcás soithí iascaireachta an Aontais dar fhad 12 mhéadar ar an iomlán nó níos mó sin;

(h)aischuir mheasta ar choibhéis bheomheáchain de réir méid in aghaidh gach speicis nach bhfuil faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír;

(i)aischuir mheasta de réir méid in aghaidh gach speicis nach bhfuil faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír de bhun Airteagal 15(4) agus (5) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(j)na fachtóirí coinbhéartachta arna núsáid;

(k)na sonraí atá chun na comhaontuithe iascaigh dá dtagraítear i mír 1 d’Airteagal 3 a fheidhmiú.

3.Sa chás go gcailltear trealamh iascaireachta ar muir, cuimseofar an méid seo a leanas sa logleabhar freisin:

(a)an cineál trealaimh atá caillte;

(b)an dáta agus am ina raibh an trealamh caillte;

(c)an suíomh ina raibh an trealamh caillte;

(d)na bearta arna ndéanamh chun an trealamh a fháil ar ais.

4.I gcomparáid leis na cainníochtaí a thugtar i dtír nó le toradh cigireachta, is é 10 % in aghaidh an speicis a bheidh sa chorrlach ceadaithe lamháltais i meastacháin a thaifeadtar sa logleabhar iascaireachta de chainníochtaí éisc i gcileagraim a choimeádtar ar bord. I gcás speiceas a choimeádtar ar bord nach sáraíonn an choibhéis bheomheáchain 50kg, is é 20 % in aghaidh an speicis a bheidh sa chorrlach ceadaithe lamháltais.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír le haghaidh iascaigh dá dtagraítear sa chéad agus sa tríú fleasc d’Airteagal 15(1) (a) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a thugtar i dtír gan iad a bheith sórtáilte, ní bhainfidh na teorainneacha lamháltais atá leagtha amach sa mhír seo leis na gabhálacha speiceas a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:

(a)is ionann iad agus níos lú ná 1 % i meáchan de na speicis go léir arna dtabhairt i dtír; agus

(b)tá a meáchan iomlán níos lú ná 100 kg.

5.In iascaigh atá faoi réir ag réimeas iarrachta iascaireachta de chuid an Aontais, déanfaidh máistrí shoithí gabhála an Aontais an seal a chaitear i limistéar ina logleabhair iascaireachta mar seo a leanas:

(a)maidir le trealamh tarraingthe:

(i)    dul isteach, agus imeacht amach as an gcalafort atá suite sa limistéar sin;

(ii)    gach iontráil isteach, agus imeacht amach as limistéir mhuirí lena mbaineann rialacha sonracha maidir le rochtain ar uiscí agus ar acmhainní;

(iii)    an ghabháil a choimeádtar ar bord de réir speicis i mbeomheáchan i gcileagraim tráth a imítear ón limistéar sin nó roimh dhul isteach i gcalafort atá suite sa limistear sin;

(b)maidir le trealamh statach:

(i)    dul isteach, agus imeacht amach as an gcalafort atá suite sa limistéar sin;

(ii)    gach dul isteach, agus imeacht amach as limistéir mhuirí lena mbaineann rialacha sonracha maidir le rochtain ar uiscí agus ar acmhainní;

(iii)    an dáta agus an tam nuair dhéantar an trealamh statach a shocrú nó a athshocrú sna limistéir sin;

(iv)    an dáta agus an tam nuair a dhéantar oibríochtaí iascaireachta ina núsáidtear trealamh statach a thabhairt chun críche;

(v)    an ghabháil a choimeádtar ar bord de réir speicis i mbeomheáchan i gcileagraim tráth a imítear ón limistéar sin nó roimh dhul isteach i gcalafort atá suite sa limistear sin.

6.Chun meáchan éisc stóráilte nó phróiseáilte a choinbhéartú ina mheáchan éisc bheo, úsáidfidh máistrí soithí gabhála an Aontais fachtóir coinbhéartachta arna bhunú i gcomhréir le mír 9.

7.Taifeadfaidh máistrí soithí gabhála tríú tíre a oibríonn in uiscí an Aontais an fhaisnéis dá dtagraítear san Airteagal sin ar an dóigh chéanna agus a dhéanann máistrí shoithí iascaireachta an Aontais.

8.Is dualgas an mháistir é cruinneas na sonraí arna dtaifeadadh sa logleabhar iascaireachta.

9.Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme,

(a)rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis an gcorrlach lamháltais a chur chun feidhme de réir mar atá sainithe i mír 3;

(b)mionrialacha a leagan síos maidir le fachtóirí coinbhéartachta a úsáid;

(c)fachtóirí coinbhéartachta a shocrú.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 119(2).”

(12)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15:

Airteagal 15

An logleabhar a chur isteach go leictreonach

1.Déanfaidh máistrí shoithí gabhála an Aontais dar fhad 12 mhéadar ar fhad iomlán nó níos mó ná sin an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 14 a chur isteach go leictreonach chuig údarás inniúil a mBallstáit bhrataí:

(a)uair sa lá, agus nuair is infheidhme, tar éis gach gabháil; agus

(b)tar éis don oibríocht iascaireachta deiridh a bheith curtha i gcrích agus roimh dhul isteach sa chalafort.

2.Déanfaidh máistrí shoithí gabhála an Aontais dar fhad níos lú ná 12 mhéadar ar fhad iomlán an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 14 a chur isteach go leictreonach chuig údarás inniúil a mBallstáit bhrataí tar éis don oibríocht iascaireachta deiridh a bheith curtha i gcrích agus roimh dhul isteach sa chalafort.

3.Seolfaidh máistrí shoithí gabhála an Aontais an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 14 go leictreonach freisin tráth aon chigireachta agus ar iarratas ó údarás inniúil a mBallstáit bhrataí.

4.Glacfaidh na húdaráis inniúla de Bhallstát cósta tuairiscí leictreonacha, arna bhfáil ón mBallstát brataí, ina gcuimsítear ina gcuimsítear na sonraí ó shoithí iascaireachta dá dtagraítear i mír 1, 2 agus 3.

5. Déanfaidh máistrí soithí gabhála tríú tíre a oibríonn in uiscí an Aontais an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 14 a chur isteach trí mhodh leictreonach chuig údarás inniúil an Bhallstáit chósta.”

(13)cuirtear isteach an tAirteagal 15a seo a leanas:

Airteagal 15 a

Gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme maidir le ceanglais logleabhair

1.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 119 a a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(a)na forálacha is infheidhme i gcás cliste theicniúil nó chumarsáide mura noibríonn na córais leictreonach taifeadta agus tuairiscithe le haghaidh sonraí an logleabhair;

(b)bearta le glacadh i gcás nach bhfaightear sonraí logleabhair;

(c)rochtain ar shonraí agus ar bhearta atá le déanamh má tharlaíonn nach bhfuil rochtain ar shonraí.

2.Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le:

(a)formáid, ábhar agus cur isteach an logleabhair iascaireachta;

(b)cur i gcrích agus taifeadadh digiteach faisnéise sa logleabhar iascaireachta;

(c)feidhmiú an chórais leictreonaigh taifeadta agus tuairiscithe le haghaidh sonraí logleabhair;

(d)na ceanglais le haghaidh sonraí logleabhair a tharchur ó shoitheach iascaireachta de chuid an Aontais chuig údaráis inniúla a Stáit bhrataí;

(e)na ceanglais agus an fhormáid ina malartófar faisnéis idir na Ballstáit;

(f)tascanna an údaráis aonair dá dtagraítear in Airteagal 5(5) maidir leis an logleabhar iascaireachta;

(g)chomh minic agus a dhéantar na sonraí logleabhair a tharchur.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 119(2).”

(14)Scriostar Airteagal 16.

(15)Leasaítear Airteagal 17 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.Gan dochar do na forálacha sonracha atá cuimsithe sna pleananna ilbhliantúla, cuirfidh máistrí shoithí iascaireachta an Aontais dar fhad 12 mhéadar nó níos mó ná sin ar fhad iomlán an fhaisnéis a leanas in iúl go leictreonach d’údaráis inniúla a mBallstáit bhrataí ceithre huaire an chloig ar a laghad roimh am measta a dteacht ar an gcalafort:

(a)sainaitheantóir uathúil an turais iascaireachta de réir mar atá léirithe sa logleabhar;

(b)uimhreacha aitheantais soitheach agus ainm an tsoithigh iascaireachta;

(c)ainm chalafort an chinn scríbe agus cuspóirí an ghlao, amhail gabháil a thabhairt i dtír, trasloingsiú nó rochtain ar sheirbhísí;

(d)dátaí an turais iascaireachta agus na limistéir gheografacha ábhartha inar ndearnadh gabhálacha;

(e)dáta agus am nuair a imíodh ón gcalafort agus dáta agus am measta nuair a shroichfear an calafort;

(f)cód alfa-3 EBT de gach speiceas;

(g)na cainníochtaí de gach speiceas arna thaifeadadh sa logleabhar iascaireachta, lena náirítear, mar mhír faisnéise ar leith, iad siúd atá faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe;

(h)na cainníochtaí de gach speiceas atá le tabhairt i dtír nó le trasloingsiú, lena náirítear, mar iontráil ar leith, iad siúd atá faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe."

(b)cuirtear isteach mír 1a:

"1a.D’fhéadfadh an Ballstát cósta tréimhse níos giorra de réamhfhógra a shocrú do shoithí a chuireann a bhratach ar foluain agus a oibríonn go heisiach laistigh a uiscí críochacha ar an gcoinníoll nach gcuireann sé isteach ar chumas na mBallstát cigireachtaí a chur i gcrích.”

(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

"6.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 119a maidir leis an méid seo a leanas:

(a)díolúine do chatagóirí áirithe soithí iascaireachta ón oibleagáid atá leagtha amach i mír 1, ag tabhairt san áireamh na cainníochtaí agus an cineál táirgí iascaigh atá le tabhairt i dtír;

(b)síneadh ar an réamhfhógra oibleagáide atá leagtha amach i mír 1 i leith soithí iascaireachta nach mó ná 12 mhéadar i bhfad ar an iomlán le haghaidh iascaigh shonracha;

(c)na forálacha is infheidhme i gcás cliste theicniúil nó chumarsáide mura noibríonn na córais leictreonach taifeadta agus tuairiscithe don réamhfhógra;

(d)bearta le déanamh i gcás nach bhfaightear sonraí réamhfhógra;

(e)rochtain ar shonraí réamhfhógra agus na bearta atá le déanamh má tharlaíonn nach bhfuil rochtain ar shonraí."

(16)Scriostar Airteagal 18.

(17)in Airteagal 19, cuirtear na focail “in Airteagal 17” in ionad na bhfocal “in Airteagal 17 agus in Airteagal 18”.

(18)Cuirtear isteach Airteagal 19 a:

“Airteagal 19a

Réamhfhógra maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír i gcalafoirt i dtríú tíortha

1.Ní bheidh soithí iascaireachta an Aontais údaraithe gabhálacha a thabhairt i dtír i gcalafoirt lasmuigh d’uiscí an Aontais ach amháin má tá an fhaisnéis atá liostaithe i mír 3 curtha in iúl go leictreonach acu d’údaráis inniúla a mBallstáit bhrataí 3 lá ar a laghad roimh an am measta nuair a shroichfidís an calafort agus nach bhfuil údarú chun gabhálacha a thabhairt i dtír diúltaithe ag an mBallstát brataí laistigh den tréimhse ama sin.

2. Féadfaidh an Ballstát brataí tréimhse níos giorra a shocrú, tráth nach lú ná ceithre huaire, don réamhfhógra dá dtagraítear i mír 1 i gcás soithí iascaireachta a mbíonn a mbratach ar foluain acu agus a dhéanann gníomhaíochtaí iascaireachta in uiscí tríú tíortha, ag tabhairt san áireamh an cineál táirgí iascaigh agus an tachar idir na fearainn iascaireachta agus an calafort.

3.Cuirfidh máistrí shoithí iascaireachta an Aontais an fhaisnéis a leanas isteach chuig an mBallstát brataí:

(a)sainaitheantóir uathúil an turais iascaireachta de réir mar atá luaite sa logleabhar i gcomhréir le hAirteagal 14(2)(a);

(b)uimhir shainaitheantais soitheach agus ainm an tsoithigh iascaireachta;

(c)ainm chalafort an chinn scríbe agus cuspóirí an ghlao, amhail gabhálacha a thabhairt i dtír nó rochtain ar sheirbhísí;

(d)na limistéir gheografacha ábhartha inar ndearnadh na gabhálacha;

(e)dáta agus am nuair a imíodh ón gcalafort agus dáta agus am measta nuair a shroichfear an calafort;

(f)cód alfa-3 EBT de gach speiceas;

(g)cainníochtaí gach speicis arna dtaifeadadh sa logleabhar iascaireachta.

(h)na cainníochtaí de gach speiceas atá le tabhairt i dtír.

4.I gcás go bhfuil, ar bhonn na hanailíse ar an bhfaisnéis arna cur isteach agus ar fhaisnéis eile atá ar fáil, forais réasúnacha ann chun a chreidiúint nach bhfuil rialacha an chomhbheartais iascaigh á gcomhlíonadh ag soitheach iascaireachta iarrfaidh an Ballstát brataí comhar ón tríú tír a bhfuil sé i gceist ag an soitheach gabhálacha thabhairt i dtír ann ag féachaint d’fhéideartacht de chigireacht. Chun na críche sin d’fhéadfadh an Ballstát brataí a cheangal ar an soitheach iascaireachta gabhálacha a thabhairt i dtír i gcalafort eile, nó moill a chur ar an am gur féidir leo an calafort a shroichint nó gabhálacha a thabhairt i dtír.”

(19)Cuirtear mír 2 a agus mír 2b le hAirteagal 20 mar a leanas:

"2 a. Gan dochar d’Airteagal 4(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle agus d’Airteagal 43(3) den Rialachán seo, ní thabharfar údarú do shoithí deontóra an Aontais ná do shoithí fála an Aontais trasloingsiú ar muir lasmuigh d’uiscí an Aontais nó i gcalafoirt tríú tíortha faoi réir ag údarú atá faighte óna mBallstát brataí.

2b. D’fhonn iarratas a chur isteach ar údarú trasloingsiú a dhéanamh faoi mhír 2a, cuirfidh máistrí shoithí an Aontais an fhaisnéis seo a leanas in iúl go leictreonach dá mBallstát brataí, 3 lá ar a laghad roimh an oibríocht trasloingsithe arna beartú:

(a)sainaitheantóir uathúil an turais iascaireachta de réir mar atá luaite sa logleabhar i gcomhréir le hAirteagal 14(2)(a);

(b)uimhreacha sainaitheantais soitheach agus ainm na soithí iascaireachta deontóra agus fála;

(c)cód alfa-3 EBT (Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe) de gach speiceas agus den limistéar geografach ábhartha inar ndearnadh gabhálacha;

(d)na cainníochtaí measta de gach speiceas i gcileagraim táirgemheáchain agus i mbeomheáchan, arna miondealú de réir cur i láthair táirge;

(e)calafort cinn scríbe an tsoithigh iascaireachta fhála;

(f)dáta agus am an trasloingsithe atá beartaithe;

(g)suíomh geografach nó ainm sonrach an chalafoirt a bhfuil sé beartaithe go ndéanfaí an oibríocht trasloingsithe ann.”

(20)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 21:

Airteagal 21

An dearbhú trasloingsithe a dhéanamh

1.Déanfaidh máistrí shoithí iascaireachta an Aontais atá 10 méadar nó níos mó ná sin ar fad ar an iomlán agus atá rannpháirteach in oibríocht trasloingsithe dearbhú trasloingsithe leictreonach.

2.Cuimseofar an fhaisnéis a leanas ar a laghad sa dearbhú trasloingsithe dá dtagraítear i mír 1:

(a)sainaitheantóir uathúil an turais iascaireachta de réir mar atá luaite sa logleabhar i gcomhréir le hAirteagal 14(2)(a);

(b)uimhreacha sainaitheantais soitheach agus ainm na soithí iascaireachta deontóra agus fála araon;

(c)cód alfa-3 EBT (Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe) de gach speiceas agus den limistéar geografach ábhartha inar ndearnadh gabhálacha;

(d)na cainníochtaí measta de gach speiceas i gcileagraim táirgemheáchain agus i mbeomheáchan, arna miondealú de réir cur i láthair táirge, nó, más iomchuí, líon na naonán, lena náirítear, mar iontráil ar leithligh, na cainníochtaí nó na haonáin atá faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe;

(e)calafort cinn scríbe an tsoithigh iascaireachta fála agus dáta agus am measta a shroichte;

(f)dáta agus am an trasloingsithe;

(g)an limistéar geografach nó calafort ainmnithe an trasloingsithe;

(h)na fachtóirí coinbhéartachta arna núsáid.

3.I gcomparáid leis na cainníochtaí a thugtar i dtír nó le toradh cigireachta, is é 10 % in aghaidh an speicis a bheidh sa chorrlach ceadaithe lamháltais i meastacháin a thaifeadtar sa dearbhú trasloingsithe de chainníochtaí éisc i gcileagraim a choimeádtar ar bord.

4.Beidh máistrí an tsoithigh iascaireachta deontóra agus an tsoithigh iascaireachta fála araon freagrach as cruinneas na sonraí arna dtaifeadadh ina ndearbhuithe trasloingsithe faoi seach.

5.Chun meáchan éisc stóráilte nó phróiseáilte a choinbhéartú ina mheáchan éisc bheo chun críocha dearbhaithe trasloingsithe, úsáidfidh máistrí soithí iascaireachta fachtóir coinbhéartachta arna bhunú de bhun Airteagal 14(9).

6.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 119a chun catagóirí áirithe sothí iascaireachta a dhíolmhú ón oibleagáid atá leagtha síos i mír 1, ag tabhairt san áireamh na cainníochtaí nó an cineál táirgí iascaigh.”

(21)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 22, Airteagal 23 agus Airteagal 24:

"Airteagal 22

Sonraí an dearbhaithe trasloingsithe a tharchur go leictreonach

1.Déanfaidh máistrí shoithí gabhála an Aontais atá 10 méadar ar fad iomlán nó níos mó ná sin an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 21 a chur in iúl go leictreonach d’údarás inniúil a mBallstáit bhrataí laistigh de 24 huaire tar éis an oibríocht trasloingsithe a chur i gcrích.

2.Glacfaidh na húdaráis inniúla de Bhallstát cósta tuairiscí leictreonacha, arna bhfáil ón mBallstát brataí, ina gcuimsítear na sonraí ó shoithí iascaireachta dá dtagraítear i mír 1.

3.Nuair a dhéanann soitheach iascaireachta an Aontais a ghabhálacha a thrasloingsiú i mBallstát seachas ina Bhallstát brataí, déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit bhrataí na sonraí ón dearbhú trasloingsithe a chur ar aghaidh go leictreonach, chomh luath agus a fhaigheann siad iad, chuig údaráis inniúla an Bhallstáit inar ndearnadh an ghabháil a thrasloingsiú agus an Bhallstáit atá mar cheann scríbe don ghabháil.

4.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 119 a a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(a)na forálacha is infheidhme i gcás cliste theicniúil nó chumarsáide mura noibríonn na córais leictreonach taifeadta agus tuairiscithe le haghaidh na sonraí trasloingsithe;

(b)bearta le déanamh i gcás nach bhfaightear sonraí trasloingsithe;

(c)rochtain ar shonraí trasloingsithe agus na bearta atá le déanamh má tharlaíonn nach bhfuil rochtain ar shonraí.

5.Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le:

(a)formáid agus ábhar an dearbhaithe trasloingsithe;

(b)sonraí trasloingsithe a chomhlánú agus a thaifeadadh go leictreonach;

(c)feidhmiú an chórais leictreonaigh taifeadta agus tuairiscithe le haghaidh na sonraí trasloingsithe;

(d)na ceanglais le haghaidh sonraí trasloingsithe a tharchur ó shoitheach iascaireachta de chuid an Aontais chuig údaráis inniúla a Bhallstáit bhrataí agus le haghaidh teachtaireachtaí a chur ar ais ó údaráis an Bhallstáit bhrataí;

(e)na ceanglais agus an fhormáid chun faisnéis trasloingsithe a mhalartú idir na Ballstáit;

(f)tascanna an údaráis aonair dá dtagraítear in Airteagal 5(5) maidir le trasloingsithe;

(g)chomh minic agus a dhéantar na sonraí trasloingsithe a tharchur.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 119(2).

Airteagal 23

An dearbhú trasloingsithe a dhéanamh

1.Déanfaidh máistir an tsoithigh iascaireachta de chuid an Aontais, nó a ionadaí, dearbhú leictreonach um thabhairt i dtír.

2.Cuimseofar an fhaisnéis a leanas ar a laghad sa dearbhú maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír dá dtagraítear i mír 1:

(a)sainaitheantóir uathúil an turais iascaireachta;

(b)uimhreacha aitheantais soitheach agus ainm an tsoithigh iascaireachta;

(c)cód alfa-3 EBT (Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe) de gach speiceas agus den limistéar geografach ábhartha inar ndearnadh gabhálacha;

(d)na cainníochtaí de gach speiceas a tugadh i dtír i gcileagraim táirgemheáchain i gcomhréir le hAirteagal 60 agus i mbeomheáchan, arna miondealú de réir cur i láthair táirge, nó, más iomchuí, líon na naonán, lena náirítear, mar iontráil ar leithligh, na cainníochtaí nó aonáin faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe;

(e)an calafort inar ndearnadh gabháil a thabhairt i dtír;

(f)dáta agus am inar ndearnadh gabháil a thabhairt i dtír;

(g)uimhir chlárúcháin na meá;

(h)na fachtóirí coinbhéartachta arna núsáid.

3.Is dualgas an mháistir é cruinneas na sonraí arna dtaifeadadh sa dearbhú maidir le gabháil a thabhairt i dtír.

5.Chun meáchan éisc stóráilte nó phróiseáilte a choinbhéartú ina mheáchan éisc bheo, úsáidfidh máistrí soithí gabhála fachtóir coinbhéartachta arna bhunú de bhun Airteagal 14(9).

 Airteagal 24

Sonraí an dearbhaithe maidir le gabháil a thabhairt i dtír a tharchur go leictreonach

1.Déanfaidh máistir shoitheach iascaireachta de chuid an Aontais nó a ionadaí an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 23 a chur isteach go leictreonach chuig údarás inniúil a Bhallstáit bhrataí laistigh de 24 huaire i ndiaidh gabháil a thabhairt i dtír.

2.Mar mhaolú i gcás tairgí iascaigh, atá le bheith tomhalta ag daoine, a thugtar i dtír gan a bheith sórtáilte agus a mheáitear i gcomhréir le hAirteagal 60(5)(c), cuirfidh an máistir an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 23 isteach de réir mar a nuashonraítear í i ndiaidh an dara meá, chun toradh an dara meá a chur san áireamh.

3.Nuair a dhéanann soitheach iascaireachta an Aontais a ghabhálacha a thabhairt i dtír i mBallstát seachas ina Bhallstát brataí, déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit bhrataí na sonraí ón dearbhú maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír a chur ar aghaidh go leictreonach, chomh luath agus a fhaigheann siad iad, chuig údaráis inniúla an Bhallstáit inar ndearnadh an ghabháil a thabhairt i dtír.

4.Glacfaidh na húdaráis inniúla de Bhallstát cósta tuairiscí leictreonacha, arna bhfáil ón mBallstát brataí, ina gcuimsítear na sonraí ó shoithí iascaireachta dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2.

5.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 119 a a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(a)maoluithe i dtaobh chur isteach an dearbhaithe maidir le gabháil a thabhairt i dtír;

(b)na forálacha is infheidhme i gcás cliste theicniúil nó chumarsáide mura noibríonn na córais leictreonacha taifeadta agus tuairiscithe le haghaidh shonraí an dearbhaithe maidir le gabháil thabhairt i dtír;

(c)bearta le déanamh i gcás nach bhfaightear sonraí an dearbhaithe maidir le gabháil a thabhairt i dtír;

(d)rochtain ar shonraí an dearbhaithe maidir le gabháil a thabhairt i dtír agus na bearta atá le déanamh má tharlaíonn nach bhfuil rochtain ar shonraí.

6.Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le:

(a)formáid agus ábhar an dearbhaithe maidir le gabhálacha;

(b)sonraí maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír a chomhlánú agus a thaifeadadh go digiteach;

(c)feidhmiú an chórais leictreonaigh taifeadta agus tuairiscithe le haghaidh sonraí maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír;

(d)na ceanglais le haghaidh sonraí ó dhearbhú maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír a tharchur ó shoitheach iascaireachta de chuid an Aontais chuig údaráis inniúla a Stáit bhrataí agus maidir le freagraí ó na húdaráis;

(e)na ceanglais agus an fhormáid ina malartófar sonraí ó dhearbhú maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír idir na Ballstáit;

(f)tascanna an údaráis aonair dá dtagraítear in Airteagal 5(5), i ndáil le dearbhuithe maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír;

(g)chomh minic agus a dhéantar sonraí ó dhearbhú maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír a tharchur.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 119(2).”

(22)Scriostar Airteagal 25.

(23)I Roinn 1 de Chaibidil 1 de Theideal IV, cuirtear isteach an tAirteagal 25a a leanas:

Airteagal 25a

An oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a rialú

1.Áiritheoidh na Ballstáit rialú éifeachtach ar an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír. Chun na críche sin feisteofar céatadán íosta de shoithí iascaireachta a dhéanann iascaireacht ar speicis atá faoi réir ag oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír agus a chuireann a mbratach ar foluain i gcomhréir le mír 2, le córais Teilifíse Ciorcaid Iata (CTI) a dhéanann taifeadadh go leanúnach lena gcorpraítear stóráil sonraí.

2.Cinnfear an céatadán soithí iascaireachta dá dtagraítear i mír 1 le haghaidh catagóirí riosca éagsúla i gcláir shainiúla maidir le rialú agus cigireacht arna nglacadh de bhun Airteagal 95. Cinnfear sna cláir sin freisin na catagóirí riosca agus na cineálacha soithí iascaireachta a áirítear i gcatagóirí dá leithéid.

3. Anuas ar na córais CTI dá dtagraítear i mír 1, d’fhéadfadh Ballstáit ceangal a dhéanamh de go núsáidfí córais faireacháin leictreonacha eile d’fhonn an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a rialú.

4.D’fhéadfadh an Coimisiún, trí ghníomhartha cur chun feidhme, mionrialacha a leagan síos maidir leis na ceanglais, na sonraíochtaí teicniúla, suiteáil agus feidhmiú na gcóras faireacháin leictreonach le haghaidh oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a rialú, lena náirítear córais CTI a dhéanann taifeadadh ar bhonn leanúnach.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 119(2).”

(24)Scriostar Airteagal 28.

(25)in Airteagal 29(3), scriostar an abairt dheireanach.

(26)Scriostar Airteagal 32.

(27)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 33:

Airteagal 33

Gabhálacha agus iarracht iascaireachta a thaifeadadh

1.Déanfaidh gach Ballstát brataí na sonraí go léir a bhaineann le gabhálacha agus leis an iarracht iascaireachta dá dtagraítear sa Rialachán seo a thaifeadadh, go háirithe na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 14, 21, 23, 55, 59a, 62, 66 agus 68, agus coimeádfaidh siad bunchóipeanna na sonraí siúd ar feadh trí bliana ar a laghad i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta.

2.Roimh an 15ú de gach mí, déanfaidh gach Ballstát brataí na sonraí comhiomlánaithe a chur isteach go leictreonach chuig an gCoimisiún nó chuig an gcomhlacht arna ainmniú aige:

(a)maidir leis na cainníochtaí de gach stoc nó de gach grúpa stoc arna ghabháil agus a choimeádtar ar bord, agus maidir leis na cainníochtaí de gach speiceas arna dhiúscairt, i gcoibhéis bheomheáchana, le linn na míosa roimhe sin, lena náirítear, mar iontrálacha ar leith, na cinn sin faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe is infheidhme;

(b)maidir leis an iarracht iascaireachta arna imlonnú le linn na míosa roimhe sin le haghaidh gach limistéar iascaireachta atá faoi réir ag réimeas um iarracht iascaireachta nó, nuair is iomchuí, le haghaidh gach iascach atá faoi réir ag réimeas iarrachta iascaireachta.

3.I gcásanna ina bhfuil na sonraí arna gcur isteach ag Ballstáit i gcomhréir le mír 2 bunaithe ar mheastacháin le haghaidh stoic nó grúpa stoc, cuirfidh an Ballstát na cainníochtaí ceartaithe arna gcinneadh ar bhonn na ndearbhuithe maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír, cuirfidh sé na cainníochtaí sin ar fáil don Choimisiún chomh luath agus a bheidh siad ar fáil agus tráth nach déanaí ná 12 mhí tar éis an dáta ar a ndéantar na gabhálacha a thabhairt i dtír.

4.I gcás ina mbraitheann Ballstát neamhréireachtaí idir an fhaisnéis arna cur isteach chuig an gCoimisiún i gcomhréir le mír 2 agus 3 agus le torthaí an bhailíochtaithe arna fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 109, déanfaidh an Ballstát na cainníochtaí ceartaithe a chur ar fáil don Choimisiún bunaithe ar bhonn an bhailíochtaithe chomh luath agus a bheidh siad ar fáil agus tráth nach déanaí ná 12 mhí tar éis an dáta ar a ndéantar na gabhálacha a thabhairt i dtír.

5.Ríomhfar na gabhálacha stoc uile nó na gabhálacha ar ghrúpa stoc, atá faoi réir ag cuóta, a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais in aghaidh na cuótaí is infheidhme maidir lena mBallstát brataí a bhaineann leis an stoc nó leis an ngrúpa stoc atá i gceist, is cuma cá dtabharfar i dtír iad.

6.Déanfaidh na Ballstáit gabhálacha arna ngabháil faoi chuimsiú taighde eolaíochta agus a chuirtear ar an margadh agus a dhíoltar, lena náirítear, más iomchuí, iad siúd a bhíonn faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe is infheidhme, a thaifeadadh agus cuirfear na sonraí maidir leis na gabhálacha sin chuig an gCoimisiún. Ríomhfar iad i gcoinne an chuóta is infheidhme i leith an Bhallstáit bhrataí sa mhéid agus go sáraíonn siad 2 % de na cuótaí lena mbaineann. Ní bhainfidh an mhír seo le gabhálacha arna ndéanamh le linn suirbhéanna taighde ar muir dá dtagraítear in Airteagal 5(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*).

7.Ach amháin iarracht arna himlonnú ag soithí iascaireachta atá eisiata ó fheidhmiú de réimeas iarrachta iascaireachta, áireofar an iarracht iascaireachta ar fad arna himlonnú ag soithí iascaireachta an Aontais agus trealamh iascaireachta á iompar ar bord acu nó, nuair is iomchuí, á úsáid acu faoi réir ag réimeas iarrachta iascaireachta nó iad ag oibriú in iascach atá faoi réir ag réimeas iarrachta iascaireachta i limistéar geografach atá faoi réir ag réimeas iarrachta iascaireachta, áireofar an méid sin i gcoinne na hiarrachta iascaireachta incheadaithe uasta a bhaineann le limistéar geografach dá leithéid agus le trealamh iascaireachta dá leithéid sin nó le hiascach dá leithéid sin atá ar fáil don Bhallstát brataí.

8.Áireofar iarracht iascaireachta arna himlonnú i gcreat taighde eolaíoch ag soitheach a iompaíonn trealamh iascaireachta atá faoi réir ag réimeas iarrachta iascaireachta nó atá ag oibriú in iascach atá faoi réir ag réimeas iarrachta iascaireachta i limistéar geografach atá faoi réir ag réimeas iarrachta iascaireachta, áireofar an méid sin i gcoinne na hiarrachta iascaireachta incheadaithe uasta a bhaineann le trealamh iascaireachta dá leithéid sin nó le hiascach dá leithéid sin agus le limistéar geografach dá leithéid sin de chuid an Bhallstáit bhrataí má dhéantar na gabhálacha arna bhfáil le linn imlonnú na hiarrachta sin a mhargú agus a dhíol sa mhéad agus go bhfuil níos mó i gceist ná 2 % den iarracht iascaireachta arna dáileadh. Ní bhainfidh an mhír seo le gabhálacha arna ndéanamh le linn suirbhéanna taighde ar muir dá dtagraítear in Airteagal 5(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1004.

9.Féadfaidh an Coimisiún formáidí le haghaidh tharchur na sonraí dá dtagraítear san Airteagal seo a leagan síos trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 119(2).

(*)Rialachán (AE) 2017/1004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 maidir le creat Aontais a bhunú le haghaidh sonraí in earnáil an iascaigh a bhailiú, a bhainistiú agus a úsáid agus chun tacú le comhairle eolaíoch maidir leis an gcomhbheartas iascaigh agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 199/2008 ón gComhairle (IO L 157, 20.6.2017, lch. 1).”

(28)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 34:

Airteagal 34

Sonraí maidir le hídiú deiseanna iascaireachta

Féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar Bhallstát faisnéis níos mionsonraithe a chur isteach ar bhonn níos minice ná mar a fhoráiltear in Airteagal 33 sa chás go gcinntear go bhfuil 80 % de chuóta le haghaidh stoic nó grúpa stoc ídithe.”

(29)in Airteagal 35, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 agus mhír 3:

“2.Ón dáta dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann cosc ar ghníomhaíochtaí iascaireachta don stoc nó don ghrúpa stoc a bhfuil an cuóta ina leith ídithe, san iascach ábhartha, nó nuair a iompraítear an trealamh iascaireachta ábhartha ar bord sa limistéar geografach ina bhfuil an iarracht iascaireachta uasta incheadaithe bainte amach, ag gach ceann de na soithí iascaireachta nó ag cuid acu a bhfuil a bhratach ar foluain acu agus déanfaidh sé cinneadh faoin dáta deireanach a mbeidh trasloingsithe, aistrithe agus tabhairt i dtír gabhálacha nó dearbhuithe deireanacha gabhálacha incheadaithe roimhe.

3.Fógróidh an Ballstát lena mbaineann an cinneadh dá dtagraítear i mír 2 go poiblí agus cuirfear in iúl é láithreach don Choimisiún. Cuirfear in iúl go poiblí é freisin ar láithreán gréasáin poiblí an Choimisiúin. Áiritheoidh na Ballstáit, ón dáta ar a bhfógróidh an Ballstát lena mbaineann an cinneadh go poiblí, nach ndéanfaidh soithí iascaireachta nó grúpa soithí a bhfuil bratach an Bhallstáit lena mbaineann ar foluain acu, gníomhaíocht iascaireachta ar bith maidir leis an stoc nó an grúpa stoic lena mbaineann, ina nuiscí ná ina gcríoch.”

(30)in Airteagal 36, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2.I gcás ina gcinneann an Coimisiún go bhfuil deiseanna iascaireachta a bhí ar fáil don Aontas, do Bhallstát nó do ghrúpa Ballstát ídithe, cuirfidh an Coimisiún sin in iúl do na Ballstáit lena mbaineann agus coiscfidh sé, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, gníomhaíochtaí iascaireachta maidir leis an limistéar, an trealamh, an stoc, an grúpa stoc nó an flít ar leith atá i mbun na ngníomhaíochtaí iascaireachta áirithe sin."

(31)Leasaítear Airteagal 37 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2.Murar cealaíodh an dochar a bhain don Bhallstát ar toirmisceadh iascaireacht air sular ídíodh a áraigh iascaireachta, glacfaidh an Coimisiún bearta i dtreo an dochar sin a leigheas ar mhodh iomchuí, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 119(2). I measc na mbeart sin, d’fhéadfaí asbhaintí a ghearradh de áraigh iascaireachta aon Bhallstáit a rinne ró-iascaireacht agus na cainníochtaí a gearradh ar an modh sin a leithdháileadh go hiomchuí ar na Ballstáit ar toirmisceadh a ghníomhaíochtaí iascaireachta sular ídíodh a náraigh iascaireachta."

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

"4.Féadfaidh an Coimisiún an méid a leanas a leagan síos, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme:

(a) dochar a fulaingíodh a chur in iúl,

(b)sainaithint ar Bhallstát a d’fhulaing dochar agus méid an dochair,

(c)sainaithint ar Bhallstáit a rinne ró-iascaireacht agus na cainníochtaí éisc a ndearnadh an iomarca gabhála ina leith,

(d) asbhaintí a dhéanamh ó dheiseanna iascaireachta na mBallstát a rinne ró-iascaireacht i gcomparáid leis na deiseanna iascaireachta arna sárú,

(e)na breiseáin atá le cur le deiseanna iascaireachta na mBallstát ar ndearnadh dochar dóibh i gcomhréir leis an dochar a fulaingíodh,

(f)na dátaí ar a dtiocfaidh na breiseáin agus na hasbhaintí i bhfeidhm agus,

(g)nuair is iomchuí, aon bheart eile atá riachtanach faoin dóigh ar cheart an dochar a fulaingíodh a réiteach.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 119(2).”

(32)i dTeideal IV, cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chaibidil II:

“CAIBIDIL II

An acmhainn iascaireachta a rialú"

(33)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 38:

"Airteagal 38

An acmhainn iascaireachta

" 1.Beidh na Ballstáit freagrach as na seiceálacha riachtanacha a chur i gcrích d’fhonn a áirithiú nach bhfuil an cumas iomlán a chomhfhreagraíonn do na ceadúnais iascaireachta arna neisiúint ag Ballstát, in olltonáiste agus in kW, níos mó ag am ar bith ná na huasleibhéil acmhainne don Bhallstat sin, arna gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

2.Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo i ndáil leis an méid seo a leanas:

(a)cumhacht innill soithí iascaireachta a fhíorú;

(b)tonnáiste soithí iascaireachta a fhíorú;

(c)cineál, líon, agus saintréithe na bpíosaí trealaimh iascaireachta a fhíorú.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 119(2).”

(34)i gCaibidil II de Theideal IV, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil ar Roinn 2:

“Roinn 2

Cumhacht innill agus tonnáiste

(35)cuirtear isteach an tAirteagal 39a seo a leanas:

Airteagal 39a

Faireachán leanúnach ar chumhacht innill

1.Áiritheoidh na Ballstáit i leith soithí a úsáideann an trealamh iascaireachta gluaisteach a leanas: tráil, saighníú agus eangacha timpeallúcháin, go bhfuil siad feistithe le gléasanna arna suiteáil ar bhonn buan lena ndéantar cumhacht innill a thomhas agus a thaifeadadh i gcásanna ina mbíonn:

(a)na soithí feistithe le hinnill thiomántacha agus cumhacht innill dheimhnithe acu atá níos mó ná 221 chileavata; nó

(b)na soithí feistithe le hinnill thiomántacha agus cumhacht innill dheimhnithe acu idir 120 agus 221 chileavata agus iad ag oibriú i limistéir atá faoi réir ag réimis iarrachta nó ag srianta ar chumhacht innill.

2.Áiritheoidh na gléasanna dá dtagraítear i mír 1, go háirithe straidhntomhsairí seafta atá feistithe go buan agus áiritheoirí imrothluithe, go ndéanfar tomhas leanúnach ar chumhacht innill thiomáinteachta i gcileavatanna.

3.Áiritheoidh na máistrí go bhfeidhmíonn na gléasanna dá dtagraítear i mír 1 i ngach tráth agus go bhfuil an fhaisnéis ón tomhas leanúnach ar chumhacht innill thiomántach taifeadta agus stóráilte ar bord agus í ar fáil d’oifigigh i ngach tráth.

4.Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le ceanglais theicniúla agus thréithe na ngléasanna dá dtagraítear i mír 1. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 119(2).”

(36)in Airteagal 40, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

"6.Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le deimhniú na cumhachta innill tiomántaí. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 119(2).”

(37)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 41:

"Airteagal 41

Cumhacht innill agus tonnáiste a fhíordheimhniú

I gcásanna ina mbíonn táscanna ó na sonraí arna mbailiú amhail sonraí suímh an tsoithigh, sonraí an logleabhair iascaireachta, nó tomhas leanúnach ar chumhacht innill thiomáinteach, go bhfuil cumhacht innill de shoitheach iascaireachta níos mó ná an chumhacht atá luaite sa cheadúnas iascaireachta, nó i gclár fhlít an Aontais/sa chlár flít náisiúnta, tabharfaidh na Ballstáit faoi fhíorú fisiciúil ar an gcumhacht innill.

I gcásanna ina mbíonn táscanna ó na sonraí arna mbailiú amhail sonraí an logleabhair iascaireachta, dearbhuithe maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír nó faisnéis ábhartha eile, go bhfuil tonnáiste de shoitheach iascaireachta níos mó ná sin atá luaite sa cheadúnas, nó i gclár fhlít an Aontais/sa chlár flít náisiúnta, tabharfaidh na Ballstáit faoi fhíorú fisiciúil ar an tonnáiste.”

(38)i mír 3 d’Airteagal 42 cuirtear “Airteagal 60” in ionad na bhfocal a leanas "Airteagal 60 agus Airteagal 61”.

(39)Leasaítear Airteagal 43 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1.I gcás ina nglacfar plean ilbhliantúil i gcomhréir leis an gConradh, féadfar a chinneadh go mbeidh tairseach ann is infheidhme maidir le meáchan beo speiceas a bheidh faoi réir an phlean sin, agus go gceanglófar ar shoitheach iascaireachta a bhfuil meáchan os a cionn sin ann a ghabhálacha a thabhairt i dtír i gcalafort ainmnithe nó in ionad gar don chladach."

(b)scriostar mír 7.

(40)Scriostar Airteagal 45.

(41)Scriostar Airteagal 46.

(42)Leasaítear Airteagal 48 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

"3.Mura féidir an trealamh arna chailliúint a fháil ar ais, breacfaidh Máistir an tsoithigh an fhaisnéis faoin trealamh caillte sa logleabhar de bhun Airteagal 14(3). Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit bhrataí é sin in iúl d’údarás inniúil an Bhallstáit chósta.”

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

"5.Déanfaidh na Ballstáit faisnéis a bhailiú agus a thaifeadadh maidir le trealamh caillte agus cuirfidh siad an fhaisnéis sin ar fáil don Choimisiún má iarrtar í.”

(43)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 50:

“Airteagal 50

Limistéir iascaireachta shrianta a rialú

1.Rialóidh an Ballstát cósta gníomhaíochtaí iascaireachta i limistéir iascaireachta shrianta atá suite in uiscí an Aontais. Beidh córas ag an mBallstát cósta chun teacht, taisteal agus imeacht soithí iascaireachta i limistéir iascaireachta shrianta faoina dhlínse nó faoina cheannasacht a bhrath agus a thaifeadadh.

2.Rialóidh na Ballstáit bhrataí gníomhaíochtaí iascaireachta shoithí iascaireachta an Aontais i limistéir iascaireachta shrianta atá suite sa mhórmhuir nó in uiscí tríú tír.

3.Ceadaítear idirthuras trí limistéar iascaireachta srianta i gcás na soitheach iascaireachta go léir nach bhfuil údaraithe iascaireacht a dhéanamh i limistéir dá leithéid ach iad a bheith faoi réir ag na coinníollacha a leanas:

(a)beidh an trealamh ar fad a iompraítear ar bord fáiscthe agus stuáilte le linn an idirthurais; agus

(b)níl an luas le linn an idirthuras níos lú ná sé mhuirmhíle san uair seachas i gcás force majeure nó dálaí drochaimsire. I gcásanna dá leithéid, cuirfidh an máistir é sin in iúl láithreach d’ionad faireacháin iascaigh a Bhallstáit bhrataí agus cuirfidh an tionad sin an méid sin in iúl ansin d’údaráis inniúla an Bhallstáit chósta.

(c)tá an gléas inrianaitheachta a chuireann suíomh na soitheach ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 9 ag feidhmiú.”

(44)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 55:

“Airteagal 55

Iascaigh áineasa

1.Áiritheoidh na Ballstáit go rialaítear iascaigh áineasa ina gcríoch agus in uiscí an Aontais i modh atá comhoiriúnach le cuspóirí agus le rialacha an chomhbheartais iascaigh.

Chun na críche sin déanfaidh na Ballstáit:

(a)córas clárúcháin nó ceadúnais a chur i bhfeidhm lena ndéanfar faireachán ar líon na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha atá bainteach le hiascaigh áineasa; agus

(b)sonraí a bhailiú maidir le gabhálacha ó na hiascaigh sin trí ghabhálacha a thuairisciú nó trí shásraí bailithe sonraí eile atá bunaithe ar mhodheolaíocht arna cur in iúl don Choimisiún.

2.Maidir le stoic, grúpaí stoc agus speiceas atá faoi réir ag bearta caomhnaithe an Aontais is infheidhme d’iascaigh áineasa, déanfaidh na Ballstáit

(a)a áirithiú go ndéanfaidh daoine nádúrtha agus dlítheanacha atá bainteach le hiascaigh áineasa do stoic nó do speicis dá leithéid na dearbhuithe gabhála a thaifeadadh agus a sheoladh go leictreonach chuig na húdaráis inniúla ar bhonn laethúil nó i ndiaidh gach turas iascaireachta; agus

(b)córas clárúcháin nó ceadúnaithe a chur i bhfeidhm le haghaidh soithí a úsáidtear in iascaigh áineasa dá leithéid sin, anuas ar an gcóras clárúcháin nó ceadúnúcháin le haghaidh daoine nádúrtha agus dlítheanacha dá dtagraítear i mír 1.

3.Cuirfear cosc ar dhíol gabhálacha ó iascaigh áineasa.

4.Áireofar i gcláir rialaithe náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 93a gníomhaíochtaí rialaithe sonracha a bhaineann le hiascaigh áineasa.

5.Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir leis an méid a leanas:

(a)na córais chlárúcháin nó cheadúnúcháin le haghaidh iascaigh áineasa i gcas speicis nó stoic shonracha,

(b)sonraí a bhailiú agus sonraí gabhálacha a thaifeadadh agus a chur isteach,

(c)soithí a úsáidtear le haghaidh iascaigh áineasa a rianú, agus

(d)trealamh a úsáidtear le haghaidh iascaigh áineasa a rialú agus a mharcáil.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 119(2).

6.Bainfidh an tAirteagal seo le haon ghníomhaíocht iascaireachta áineasa, lena náireofar gníomhaíochtaí iascaireachta arna neagrú ag aonáin tráchtála san earnáil turasóireachta agus san earnáil um chomórtas spóirt.”

(45)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Theideal V:

“TEIDEAL V

RIALUITHE SA tSLABHRA SOLÁTHAIR".

(46)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Caibidil I de Theideal V:

“Caibidil I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 56

Prionsabail le haghaidh margaíocht a rialú

1.Beidh gach Ballstát freagrach as cur i bhfeidhm rialacha an chomhbheartais iascaigh a rialú ina chríoch féin ag gach céim a bhaineann le margaíocht táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, óna gcur ar an margadh go dtí an miondíolachán, iompar san áireamh. Táirgí iascaigh atá faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe is infheidhme agus atá faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a leagtar amach in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, áiritheoidh na Ballstáit go háirithe go bhfuil a núsáid srianta do chríocha eile seachas do chríocha a gcaite go díreach ag an duine.

2.Nuair atá méid íosta socraithe le haghaidh speiceas áirithe i reachtaíocht an Aontais, beidh oibreoirí atá freagrach as ceannachán, díolachán, stocáil nó iompar ábalta limistéar geografach tionscnaimh ábhartha na dtáirgí a chruthú.

Airteagal 56a

Baisceanna

1.Cuirfear táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe arna bhfáil de bhun gabhála nó buainte ina mbaisceanna sula gcuirfear ar an margadh iad.

2.Ní chuimseoidh baisc ach táirgí iascaigh nó dobharshaothraithe ó speiceas aonair, den chur i láthair céanna agus ag teacht ón limistéar geografach ábhartha céanna agus ón soitheach iascaireachta céanna, nó ó ghrúpa soithí iascaireachta, nó ag teacht ón aonad táirgthe dobharshaothraithe céanna.

3.De mhaolú ar mhír 2, is féidir le hoibreoir an tsoithigh, leis an eagraíocht táirgeora dá bhfuil oibreoir an tsoithigh iascaireachta ina bhall nó le ceannaitheoir cláraithe cainníochtaí táirgí iascaigh dar mhéid níos lú ná 30kg ar an iomlán de tháirgí iascaigh lena mbaineann roinnt speiceas agus ag teacht ón limistéar geografach ábhartha céanna agus iad den chur i láthair céanna, in aghaidh an tsoithigh agus in aghaidh an lae, a chur sa bhaisc chéanna, sula gcuirtear ar an margadh iad.

4.De mhaolú ar mhír 2, féadfar cainníochtaí de tháirgí iascaigh de roinnt speiceas, ina bhfuil aonáin atá faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe is infheidhme agus a thagann ón limistéar geografach ábhartha céanna agus ón soitheach iascaireachta céanna, nó ón ngrúpa soithí iascaireachta céanna, féadfar iad a chur i mbaisceanna sula gcuirtear ar an margadh iad chun críocha seachas tomhaltas díreach ag daoine.

5.Tar éis iad a chur ar an margadh, ní féidir baisc táirgí iascaigh nó dobharshaothraithe a chumasc le baisc eile nó a roinnt ach amháin má chomhlíonann an bhaisc, arna cruthú trí bhíthin cumaisc, nó na baisceanna, arna gcruthú trí bhíthin roinnte, na coinníollacha a leanas:

(a)cuimsíonn siad táirgí iascaigh nó dobharshaothraithe de speiceas aonair agus den chur i láthair céanna;

(b)cuirtear an fhaisnéis inrianaitheachta atá liostaithe i mír 5 agus i mír 6 d’Airteagal 58 ar fáil don bhaisc/do na baisceanna nua-chruthaithe;

(c)tá an toibreoir atá freagrach as an mbaisc nua-chruthaithe a chur ar an margadh ábalta an fhaisnéis maidir le comhdhéanamh na baisce nua-chruthaithe a chur ar fáil, go háirithe an fhaisnéis a bhaineann le gach ceann de na baisceanna táirgí iascaigh nó dobharshaothraithe atá cuimsithe inti mar aon leis na cainníochtaí táirgí iascaigh nó dobharshaothraithe a thagann ó gach ceann de na baisceanna lena bhfabhraítear an bhaisc nua.

6.Ní bhainfidh an tAirteagal seo ach le táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a thagann faoi Chaibidil 3 agus faoi cheannteidil 1604 agus 1605 de Chaibidil 16 den Ainmníocht Chomhcheangailte arna bunú le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87* ón gComhairle.

Airteagal 57

Comhchaighdeáin mhargaíochta

1.Déanfaidh na Ballstáit seiceáil go gcuirtear na táirgí lena mbaineann na comhchaighdeáin mhargaíochta ar fáil ar an margadh i gcomhréir leis na caighdeáin sin.

2.Féadfar seiceálacha a dhéanamh ag gach céim den slabhra soláthair, céimeanna iompair san áireamh. I gcás táirgí lena mbaineann comhchaighdeáin mhargaíochta amháin ag an bpointe nuair a chuirtear ar an margadh iad, d’fhéadfadh seiceálacha arna gcur i gcrích ag céimeanna níos faide anonn sa tslabhra soláthair a bheith de chineál doiciméadach.

3.Beidh oibreoirí ag gach céim den slabhra soláthair freagrach as baisceanna táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a cheannach, a dhíol, a stocáil nó a iompar ábalta cruthúnas a thabhairt go gcomhlíonann na táirgí leis na híoschaighdeáin mhargaíochta.

Airteagal 58

Inrianaitheacht

1.Gan dochar do na ceanglais inrianaitheachta atá leagtha amach i Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, beidh na baisceanna táirgí iascaigh nó dobharshaothraithe inrianaithe ag gach céim an táirgthe, na próiseála agus an dáileacháin, ó ghabháil nó ó bhuain go dtí an céim mhiondíola, lena náirítear táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe atá ceaptha le haghaidh onnmhairiúcháin.

2.Áiritheoidh oibreoirí ag gach céim den táirgeadh, den phróiseáil agus den dáileadh, ón ngabháil nó ón mbaint go dtí an chéim mhiondíola, go ndéanfar, i gcás gach baisce táirgí iascaigh nó dobharshaothraithe, an fhaisnéis atá liostaithe i mír 5 agus 6:

(a)a choinneáil ar taifead ar dhóigh dhigiteach;

(b)a chur ar fáil ar bhonn iarratais chuig na húdaráis inniúla;

(c)a tharchur nó a chur ar fáil, go leictreonach, chuig an oibreoir gnó a ndéantar an táirge iascaigh nó an táirge dobharshaothraithe a sholáthar dó.

3.Déanfar baisceanna táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe arna gcur ar an margadh nó a bhfuil cosúlacht ann go gcuirfear ar an margadh iad san Aontas, nó a ndéanfar iad a onnmhairiú nó a bhfuil cosúlacht ann go ndéanfar iad a onnmhairiú, déanfar na baisceanna sin a mharcáil nó a lipéadú go cuí chun inrianaitheacht gach baisc a áirithiú.

4.Seiceálfaidh na Ballstáit go mbeidh córais dhigitithe agus nósanna imeachta digitithe i bhfeidhm ag oibreoirí chun oibreoir ar bith ar ndearna sé baisceanna táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a sholáthar dóibh agus ar ndearnadh na táirgí sin a sholáthar dó a shainaithint. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil do na húdaráis inniúla ar bhonn éilimh.

5.Faisnéis maidir le baisceanna táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, seachas táirgí arna nallmhairiú isteach san Aontas, áireofar leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 2 an méid a leanas:

(a)sainaitheantóir na baisce;

(b)sainaitheantóir uathúil/sainaitheantóirí uathúla an turais iascaireachta dá dtagraítear in Airteagal 14(2)(a) le haghaidh na táirgí iascaigh go léir atá san áireamh sa bheart, nó ainm agus chláruimhir an aonaid táirgthe dobharshaothraithe;

(c)cód alfa-3 EBT (Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe) an speicis agus an ainm eolaíoch;

(d)an limistéar geografach ábhartha/na limistéir gheografacha ábhartha le haghaidh táirgí iascaigh arna ngabháil ar muir, nó an limistéar gabhála nó táirgthe de réir mar atá sainithe in Airteagal 38(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 le haghaidh táirgí iascaigh arna ngabháil i bhfionnuisce agus le haghaidh táirgí dobharshaothraithe;

(e)le haghaidh táirgí iascaigh, an chatagóir de threalamh iascaireachta de réir mar atá leagtha síos sa chéad cholún d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013;

(f)dáta na ngabhálacha le haghaidh táirgí iascaigh nó an dáta buainte le haghaidh táirgí dobharshaothraithe, agus dáta an táirgthe nuair is infheidhme;

(g)na cainníochtaí i gcileagraim arna sloinneadh i nglanmheáchan nó, nuair is iomchuí, líon na naonán;

(h)má tá táirgí iascaigh atá faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe is infheidhme ann sna cainníochtáí dá dtagraítear i bpointe (g), faisnéis ar leith faoi chainníochtaí de gach speiceas arna sloinneadh i gcileagraim i nglanmheáchan, nó líon na naonán faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe;

(i)le haghaidh baisceanna táirgí atá faoi réir ag comhchaighdeáin mhargaíochta, méid nó meáchan aonair, an chatagóir mhéide, an cur i láthair agus úire.

6.Faisnéis maidir le baisceanna táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe arna nallmhairiú isteach san Aontas, áireofar leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 2 an méid a leanas:

(a)sainaitheantóir na baisce;

(b)tagairt dheimhniú/dheimhnithe na gabhála a chuirtear isteach i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 le haghaidh na táirgí iascaigh go léir atá san áireamh leis an mbainsc, nuair is infheidhme, nó ainm agus cláruimhir an aonaid táirgthe dobharshaothraithe;

(c)cód alfa-3 EBT (Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe) an speicis agus an ainm eolaíoch;

(d)an limistéar geografach ábhartha/na limistéir gheografacha ábhartha le haghaidh táirgí iascaigh arna ngabháil ar muir, nó an limistéar gabhála nó táirgthe de réir mar atá sainithe in Airteagal 38(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 le haghaidh táirgí iascaigh arna ngabháil i bhfionnuisce agus le haghaidh táirgí dobharshaothraithe;

(e)an chatagóir de threalamh iascaireachta de réir mar atá leagtha síos sa chéad cholún d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 le haghaidh táirgí iascaigh;

(f)dáta na ngabhálacha le haghaidh táirgí iascaigh nó an dáta buainte le haghaidh táirgí dobharshaothraithe, agus dáta an táirgthe nuair is infheidhme;

(g)na cainníochtaí i gcileagraim arna sloinneadh i nglanmheáchan nó, nuair is iomchuí, líon na naonán;

(h)le haghaidh baisceanna táirgí atá faoi réir ag comhchaighdeáin mhargaíochta, mar is iomchuí, méid nó meáchan aonair, an chatagóir mhéide, an cur i láthair agus úire.

7.Féadfaidh na Ballstáit mionchainníochtaí táirgí a dhíoltar go díreach ó shoithí iascaireachta le tomhaltóirí a dhíolmhú ó na ceanglais atá leagtha amach san Airteagal seo, ar choinníoll nach mó ná 5 kg de tháirge iascaigh iad in aghaidh an tomhaltóra sa lá.

8.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 119a maidir leis an méid seo a leanas:

(a)digitiú na faisnéise inrianaitheachta agus ar an tarchur leictreonach;

(b)faisnéis inrianaitheachta a ghreamú go fisiciúil ar an-chuid táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe;

(c)an comhar idir na Ballstáit maidir leis an rochtain ar fhaisnéis a ghabhann le baisc agus maidir leis na modhanna chun baisceanna a mharcáil nó a lipéadú;

(d)na ceanglais inrianaitheachta le haghaidh baisceanna cion agus go ndearnadh baisceanna éagsúla dá dtagraítear in Airteagal 56(5) agus baisceanna ina gcuimsítear roinnt speiceas dá dtagraítear in Airteagal 56(3) a chomhcheangal nó a scoilteadh;

(e)an fhaisnéis maidir leis an limistéar geografach ábhartha.

9.Ní bhainfidh an tAirteagal seo ach le táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a thagann faoi Chaibidil 3 agus faoi cheann teideal 1604 agus 1605 de Chaibidil 16 den Ainmníocht Chomhcheangailte arna bhunú le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87* ón gComhairle.

10.Ní bhainfidh an tairteagal seo le héisc ornáideacha, le crústach agus le moileasc.”

(47)in Airteagal 59, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

"3.Díolmhófar ón Airteagal sin tomhaltóirí a fhaigheann suas le 5kg de tháirgí iascaigh in aghaidh an lae, nach gcuirtear dá éis sin ar an margadh ach a úsáidtear le haghaidh tomhaltas príobháideach amháin.”

(48)cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 59a

Meá-chórais

1.Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil nósanna imeachta i bhfeidhm ionas gur féidir na táirgí iascaigh go léir a mheá nuair a thugtar i dtír iad ar chórais arna bhfaomhadh ag na húdaráis inniúla agus nach ndéanfar an mheá ach ag oibreoirí atá cláraithe chun táirgí iascaigh a mheá.

2.Sula gcláraítear oibreoir chun táirgí iascaigh a mheá, áiritheoidh na Ballstait go bhfuil an toibreoir inniúil agus feistithe go cuí chun gníomhaíochtáí meáite a dhéanamh. Beidh córas i bhfeidhm ag na Ballstáit freisin ionas nach mbeidh oibreoirí nach gcomhlíonann na coinníollacha chun gníomhaíochtaí meáite a chur i gcrích, cláraithe a thuilleadh.

3.D’fhéadfadh Ballstáit a iarraidh go gcuirfí taifid ar an meá isteach go tráthrialta.

4.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 119a maidir leis na critéir um chlárú oibreoirí atá i dteideal táirgí iascaigh a mheá, agus maidir le hábhar na dtaifead ar an meá.”

(49)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 60:

"Airteagal 60

Táirge iascaigh a mheá

1.Áiritheoidh máistrí go meáfar cainníochtaí uile na dtáirgí iascaigh in aghaidh an speicis ar mheáchórais agus ag oibreoirí atá cláraithe de bhun Airteagal 59a láithreach i ndiaidh na gabhálacha a thabhairt i dtír, sula ndéantar na táirgí iascaigh a choinneáil i stóras, a iompar nó a chur ar an margadh.

2.Comhlánfaidh oibreoirí atá cláraithe táirgí iascaigh a mheá taifead ar an meá maidir le gach gabháil a thugtar i dtír agus beidh siad freagrach as cruinneas na meáite. Coimeádfaidh an meádóir cláraithe na taifid ar an meá ar feadh treimhse trí bliana.

3.Déanfar an figiúr ón taifead ar an meá a tharchur chuig an máistir agus úsáidfear é chun an dearbhú maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír agus an doiciméad iompair a chomhlánú.

4.D’fhéadfadh na húdaráis inniúla de Bhallstát a éileamh go ndéanfadh oifigigh aon chainníocht de tháirgí iascaigh arna dtabhairt i dtír i dtús báire sa Bhallstát sin a mheá nó go mbeadh na táirgí sin meáite ina láthair sula ndéantar na táirgí sin a iompar áit éigin eile ón láthair inar dtugadh i dtír iad.

5.De mhaolú ar mhír 1, d’fhéadfadh Ballstáit cead a thabhairt go ndéanfaí táirgí iascaigh a mheá gan a bheith sórtáilte nuair a thugtar na gabhálacha i dtír má chomhlíontar na coinníollacha a leanas:

(a)Déantar na táirgí iascaigh nach bhfuil sórtáilte a mheá nuair a thugtar i dtír iad ar chóras a fheidhmítear nó a rialaítear ag na húdaráis inniúla sula ndéantar iad a iompar, a stóráil nó a chur ar an margadh;

(b)I gcás gabhálacha a thugtar i dtír gan a bheith sórtáilte nach bhfuil ceaptha le bheith tomhailte ag daoine: ghlac an Ballstát plean samplála riosca-bhunaithe agus tá an plean sin faofa ag an gCoimisiún;

(c)I gcás táirgí iascaigh atá ceaptha le bheith tomhailte ag daoine: déanann meádóir cláraithe dara meá in aghaidh an speicis ar tháirgí iascaigh. D’fhéadfadh an dara meá sin tarlú, i ndiaidh iompair, ag ionad ceant, ag an áitreabh de cheannaitheoir cláraithe nó d’eagraíocht táirgeoirí. Tarchuirfear toradh an dara meá chuig an máistir.

6.D’fhéadfadh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, modheolaíocht riosca-bhunaithe a chinneadh chun na pleananna samplála dá dtagraítear i mír 5(b) a bhunú agus na pleananna sin a fhaomhadh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 119(2).”

(50)cuirtear isteach Airteagal 60a mar seo a leanas:

"Airteagal 60a

Rialacha mionsonraithe maidir leis an meá

1.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 119a chun rialacha sonracha a shocrú don mheá. D'fhéadfadh baint a bheith ag na rialacha sin leis na nithe seo a leanas:

(a)nósanna imeachta na meáite a chinneadh;

(b)taifid ar an meá;

(c)am na meáite

(d)na córais mheáite

(e)meá táirgí iascaigh reoite;

(f)asbhaint oighir agus uisce ón meáchan

(g)rochtain na núdarás inniúil ar na córais mheáite, ar thaifid mheáite, ar na dearbhuithe scríofa agus ar an áitreabh ina stóráiltear nó ina bpróiseáiltear na táirgí iascaigh;

2.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 119a chun rialacha sonracha a leagan síos maidir le speicis pheiligeacha áirithe a mheá. D'fhéadfadh baint a bheith ag na rialacha sin leis na nithe seo a leanas:

(a)an nós imeachta meáite a shocrú maidir le gabhála scadán, ronnach agus bolmán;

(b)na calafoirt ina ndéantar na gabhálacha a mheá;

(c)fógra a thabhairt d’údaráis inniúla roimh dhul isteach i gcalafort;

(d)díluchtú;

(e)an logleabhar iascaireachta;

(f)saoráidí meáite a oibríonn an pobal;

(g)saoráidí meáite a oibrítear go príobháideach;

(h)éisc reoite a mheá;

(i) taifid a choinneáil ar an meá;

(j)nóta díolacháin agus dearbhú maidir le haistriú gabhála;

(k)cros-seiceálacha;

(l)faireachán ar an meá.”

(51)Scriostar Airteagal 61.

(52)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 62:

"Airteagal 62

Nótaí díolacháin a chur i gcrích agus a chur isteach

1.Déanfaidh ceannaitheoirí cláraithe, ceantanna cláraithe nó comhlachtaí eile nó daoine atá údaraithe ag Ballstáit atá freagrach as táirgí iascaigh, arna dtabhairt i dtír i mBallstát, a chur ar an margadh, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 64(1) a thaifeadadh go leictreonach agus cuirfidh siad nóta díolacháin ina gcuimseofar an fhaisnéis sin a chur isteach go leictreonach, laistigh de 24 uair an chloig tar éis do na táirgí a bheith curtha ar an margadh, chuig údaráis inniúla an Bhallstáit a ndéantar an chéad díolachán ar a chríoch. Beidh na ceannaitheoirí, na ceantanna nó comhlachtaí nó daoine eile sin freagrach as cruinneas an nóta díolacháin.

2.Murab ionann an Ballstát ina ndéantar an táirge iascaigh a chur ar an margadh agus Ballstát brataí an tsoithigh iascaireachta a rinne na héisc a thabhairt i dtír, áiritheoidh sé go gcuirfear cóip den nóta díolacháin go leictreonach chuig údaráis inniúla an Bhallstáit bhrataí tar éis dó an fhaisnéis ábhartha a fháil.

3.I gcás nach ndéantar táirgí iascaigh a chur ar an margadh sa Bhallstát inar tugadh na táirgí i dtír, áiritheoidh an Ballstát atá freagrach as an gcur ar an margadh a rialú go gcuirfear cóip den nóta díolacháin isteach go leictreonach chuig na húdaráis inniúla atá freagrach as tabhairt i dtír na dtáirgí lena mbaineann a rialú agus chuig údaráis inniúla Bhallstát brataí an tsoithigh iascaireachta tar éis an nóta díolacháin a fháil.

4.I gcás nuair a dhéantar na gabhálacha a thabhairt i dtír lasmuigh den Aontas agus nuair a dhéantar an chéad díolacháin i dtríú tír, déanfaidh máistir an tsoithigh iascaireachta nó a nionadaí cóip den nóta díolacháin, nó aon doiciméad coibhéiseach ina gcuimsítear an leibhéal céanna faisnéise, a chur ar aghaidh go leictreonach chuig údarás inniúil an Bhallstáit bhrataí laistigh de 48 nuair an chloig tar éis an chéad díolacháin.

5.I gcás nach gcomhfhreagraíonn nóta díolacháin don sonrasc nó do dhoiciméad a úsáidtear ina ionad, dá dtagraítear in Airteagal 218 agus 219 de Threoir 2006/112/CE(*) ón gComhairle, glacfaidh an Ballstát na forálacha riachtanacha le háirithiú go bhfuil an fhaisnéis faoi na cainníochtaí agus faoin bpraghas, seachas cáin ar sheachadtaí earraí chuig an gceannaitheoir, comhionann leis sin atá léirithe ar an sonrasc.

6.D’fhéadfadh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, mionrialacha a leagan síos maidir le clárú ceannaitheoirí, tásc an phraghais i nótaí díolacháin, formáid na nótaí díolacháin, an taifeadadh leictreonach agus cur isteach leictreonach nótaí díolacháin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 119(2).

(*)Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcóras comhchoiteann cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1.”

(53)Scriostar Airteagal 63.

(54)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 64, Airteagal 65 agus Airteagal 66:

"Airteagal 64

Ábhar na nótaí díolacháin

Beidh sainaitheantóir uathúil ag na nótaí díolacháin dá dtagraítear in Airteagal 62 agus cuimseofar ann na sonraí a leanas:

(a)sainaitheantóir uathúil an turais iascaireachta, dá dtagraítear in Airteagal 14(2)(a);

(b)ainm oibreoir nó máistir an tsoithigh iascaireahta agus, más éagsúil é, ainm an díoltóra;

(c)ainm an cheannaitheora agus uimhir CBL an cheannaitheora, sainaitheantóir cánach an cheannaitheora, nó sainaitheantóir eile;

(d)cód alfa-3 EBT (Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe) de gach speiceas agus den limistéar geografach ábhartha inar ndearnadh gabhálacha;

(e)cainníochtaí gach speicis a chuirtear ar an margadh nó a chláraítear ag ceant i gcileagraim de tháirgemheáchan, arna miondealú de réir chur i láthair agus chaomhnú na dtáirgí nó, nuair is iomchuí, líon na naonán;

(f)i gcás na dtáirgí go léir atá faoi réir ag caighdeáin mhargaíochta, de réir mar is iomchuí, méid nó meáchan aonair, an chatagóir mhéide, an cur i láthair agus úire;

(g)i gcás inarb iomchuí, na cainníochtaí a cuireadh ar an margadh nó a cláraíodh ag ceant i gcileagraim arna sloinneadh i nglanmheáchan, nó mar líon na naonán atá faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe is infheidhme, agus an ceann scríbe díobh;

(h)uimhir chlárúcháin na meá;

(i)láthair agus dáta an díolacháin;

(j)nuair is féidir, an uimhir thagartha agus dáta an tsonraisc agus, nuair is iomchuí, an conradh díolacháin;

(k)nuair is infheidhme, tagairt don dearbhú glactha freagrachta dá dtagraítear in Airteagal 66 nó don doiciméad iompair dá dtagraítear in Airteagal 68;

(l)an praghas gan chánacha ná airgeadra san áireamh.

Airteagal 65

Díolúintí ó cheanglais maidir le nótaí díolacháin

Tomhaltóir a fhaigheann táirgí nach mó ná 5 kg de tháirge iascaigh in aghaidh an tomhaltóra sa lá agus nach gcuirtear ar an margadh dá éis sin ach a úsáidtear mar thomhaltas príobháideach, beidh sé díolmhaithe ó na forálacha atá leagtha síos in Airteagail 62 agus 64.

Airteagal 66

Dearbhú glactha freagrachta a chomhlánú agus a chur isteach

1.Nuair a bhíonn na táirgí iascaigh ceaptha le bheith ar díol ag céim níos déanaí, déanfaidh ceannaitheoirí cláraithe, ceantanna cláraithe nó comhlachtaí nó daoine eile atá freagrach as táirgí iascaigh, arna dtabhairt i dtír i mBallstát, a stóráil nó a chur ar an margadh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 a thaifeadadh go leictreonach agus cuirfidh siad dearbhú glactha freagrachta isteach go leictreonach, laistigh de 24 uair an chloig tar éis na gabhálacha a thabhairt i dtír, chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ina ndéantar an glacadh freagrachta. Beidh na ceannaitheoirí, na ceantanna nó comhlachtaí nó daoine eile freagrach as cur isteach agus cruinneas an dearbhaithe glactha freagrachta.

2.Murab ionann an Ballstát ina ndéantar an glacadh freagrachta agus Ballstát brataí an tsoithigh iascaireachta a rinne na héisc a thabhairt i dtír, áiritheoidh sé go gcuirfear cóip den dearbhú glactha freagrachta go leictreonach chuig údaráis inniúla an Bhallstáit bhrataí tar éis dó an fhaisnéis ábhartha a fháil.

3.Beidh sainaitheantóir uathúil ag an dearbhú glactha freagrachta dá dtagraítear i mír 1 agus cuimseofar ann an fhaisnéis a leanas ar a laghad:

(a)sainaitheantóirí uathúla na dturas iascaireachta dá dtagraítear in Airteagal 14(2)(a);

(b)an calafort agus an dáta ar a ndearnadh gabhálacha a thabhairt i dtír;

(c)ainm oibreoir nó máistir an tsoithigh;

(d)cód alfa-3 EBT (Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe) de gach speiceas agus a limistéar geografach ábhartha inar ndearnadh gabhálacha;

(e)cainníochtaí gach speicis a stóráiltear i gcileagraim de tháirgemheáchan, arna miondealú de réir chur i láthair agus chaomhnú na dtáirgí nó, nuair is iomchuí, líon na naonán;

(f)i gcás na dtáirgí go léir atá faoi réir ag caighdeáin mhargaíochta, de réir mar is iomchuí, méid nó meáchan aonair, an chatagóir mhéide, an cur i láthair agus úire;

(g) uimhir chlárúcháin na meá;

(h)ainm agus seoladh na saoráidí ina stóráiltear na táirgí agus an sainaitheantóir uathúil lena mbaineann;

(i)nuair is infheidhme, tagairt don doiciméad iompair atá sonraithe in Airteagal 68;

(j)i gcás inarb iomchuí, na cainníochtaí i gcileagraim, arna sloinneadh i nglanmheáchan nó mar líon na naonán, atá faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe is infheidhme.”

(55)Scriostar Airteagal 67.

(56)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 68:

"Airteagal 68

Táirgí iascaigh a iompar agus an doiciméad iompair a chomhlánú agus a chur isteach

1.Beidh doiciméad iompair lena gclúdófar na táirgí iascaigh agus na cainníochtaí arna niompar i dteannta le táirgí iascaigh nuair a dhéantar iad a iompar sula gcuirtear ar an margadh iad nó sula ndéantar an chéad díolachán i dtríú tír.

2.Sula ndéantar an tiompar, cuirfidh an tiompróir an doiciméad iompair go leictreonach chuig údaráis inniúla an Bhallstáit bhrataí, údaráis inniúla an Bhallstáit inar ndearnadh na gabhálacha a thabhairt i dtír, chuig an mBallstát/chuig na Ballstáit idirthurais, chuig an mBallstát atá mar cheann scríbe na dtáirgí iascaigh, de réir mar is iomchuí.

3.Beidh an tiompróir freagrach as cruinneas an doiciméid iompair.

4.Léireofar an méid a leanas sa doiciméad iompair:

(a)an áit/áiteanna cinn scríbe na coinsíneachta/na gcoinsíneachtaí agus sainaitheantóir na feithicle iompair agus an iompróra;

(b)sainaitheantóir uathúil an turais iascaireachta, dá dtagraítear in Airteagal 14(2)(a);

(c)cód alfa-3 EBT (Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe) de gach speiceas agus den limistéar geografach ábhartha inar ndearnadh gabhálacha;

(d)na cainníochtaí de gach speicis arna niompar i gcileagraim táirgemheáchain, arna miondealú de réir cur i láthair táirge, nó, más iomchuí, líon na naonán agus más iomchuí de réir na náiteanna cinn scríbe;

(e)i gcás na dtáirgí go léir atá faoi réir ag caighdeáin mhargaíochta, de réir mar is iomchuí, méid nó meáchan aonair, an chatagóir mhéide, an cur i láthair agus úire;

(f)uimhir chlárúcháin na meá;

(g)ainm/ainmeacha, uimhir chlárúcháin uathúil agus seoladh/seoltaí an choinsíní/na gcoinsínithe agus láthair agus seoladh an chinn scríbe;

(h)láthair agus dáta agus am an luchtaithe;

(i)i gcás inarb iomchuí, na cainníochtaí i gcileagraim arna sloinneadh mar ghlanmheáchan nó mar líon na naonán, atá faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe is infheidhme.

5.Féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát díolúintí a dhámhachtain ón oibleagáid atá leagtha amach i mír 1 má iompraítear na táirgí iascaigh laistigh de limistéar calafoirt nó laistigh de limistéar nach mó ná 20 km ón áit ina ndéantar na gabhálacha a thabhairt i dtír.

6.I gcás ina niompraítear táirgí iascaigh arna bhfógairt go bhfuil siad díolta i nóta díolacháin chuig láthair seachas an áit ina ndéantar gabhálacha a thabhairt i dtír, beidh an tiompróir ábalta a chruthú gur tharla idirbheart díolacháin.”

(57)Scriostar Caibidil III de Theideal V.

(58)in Airteagal 71, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

"5.Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir le formáid na tuarascála faireachais. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 119(2).”

(59)Leasaítear Airteagal 73 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mhír 2:

"1.I gcás ina bhfuil scéim breathnóirí rialaithe bunaithe i gcomhréir leis an gConradh, déanfaidh breathnóirí rialaithe ar bord soithí iascaireachta a d’ainmnigh Ballstáit faireachán ar chomhlíonadh an tsoithigh iascaireachta le rialacha an chomhbheartais iascaigh. Cuirfidh siad chun feidhme cúraimí go léir na scéime breathnóirí agus go háirithe taifeadfaidh siad gníomhaíochtaí iascaireachta an tsoitigh agus scrúdóidh siad na doiciméid ábhartha.

2.Bainfidh an méid a leanas le breathnóirí rialaithe:

(a)déanfaidh Ballstát iad a dheimhniú agus a oiliúint dá dtascanna;

(b)beidh siad neamhspleách ó úinéir, shealbhóir ceadúnais, mháistir na soithí iascaireachta agus ó bhall criú ar bith;

(c)ní bheidh nasc eacnamaíoch ar bith acu leis an oibreoir;

(d)bainfidh siad a dtascanna amach ar dhóigh neamh-idirdhealaitheach;

(e)beidh siad feistithe le gléas cumarsáide dhá bhealach atá neamhspleách ón soitheach ar muir.”

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

"4.I gcás go dtugann breathnóirí rialaithe sárú tromchúiseach faoi deara, lena náirítear bac nó cosc ar na breathnóirí rialaithe a gcuid dualgas a fheidhmiú, cuirfidh siad é sin in iúl gan mhoill d’údaráis inniúla an Bhallstáit bhrataí.”

(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 9:

"9.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 119 a a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(a)sainaithint soithí chun scéim breathnóirí rialaithe a chur i bhfeidhm;

(b)formáid agus ábhar thuairiscí na mbreathnóirí;

(c)an córas cumarsáide le haghaidh breathnóirí rialaithe;

(d)rialacha maidir le slándáil breathnóirí rialaithe ar shoithí;

(e)bearta chun neamhspleáchas breathnóirí rialaithe a áirithiú lena náirítear módúlachtaí a luacha saothair;

(f)dualgais breathnóirí rialaithe lena náirítear sa chás go bhfuil amhras ann gur tharla sárú tromchúiseach.”

(60)i dTeideal VII, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chaibidil I:

“CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 74

Cigireachtaí a dhéanamh

1.Bunóidh na Ballstáit liosta de na hoifigigh sin atá freagrach as cigireachtaí a dhéanamh agus coimeádfaidh siad an liosta sin cothrom le dáta.

2.Cuirfidh na hoifigigh a ndualgais i gcrích i gcomhréir le dlí an Aontais. Is ar shlí neamh-idirdhealaitheach a dhéanfaidh siad cigireachtaí a ullmhú agus a dhéanamh ar muir, i gcalafoirt, le linn iompair, ar áitreabh próiseála agus feadh shlabhra soláthair na dtáirgí iascaigh.

3.Fíoróidh na hoifigigh go mbeidh na gníomhaíochtaí arna gcur i gcrích ag na hoibreoirí agus na máistrí i gcomhréir le rialacha an chomhbheartais iascaigh, agus go háirithe:

(a)dlíthiúlacht na dtáirgí iascaigh a choinnítear ar bord, a stóráiltear, a iompraítear, a thrasloingsítear, a aistrítear, a thugtar i dtír, a phróiseáiltear nó a mhargaítear agus cruinneas na ndoiciméad nó an tarchuir leictreonaigh a bhaineann leo;

(b)dlíthiúlacht an trealaimh iascaireachta a úsáidtear do na spriocspeicis agus do na gabhálacha a choinnítear ar bord agus an trealaimh a úsáidtear chun trealamh iascaireachta a fháil ar ais mar a thagraítear dó in Airteagal 48;

(c)más iomchuí, pleananna stuála agus stuáil ar leithligh na speiceas;

(d)na marcanna ar na soithí agus ar an trealamh;

(e)an fhaisnéis faoin inneall dá dtagraítear in Airteagal 40;

(f)úsáid córas teilifíse ciorcaid iata (CCTV) agus gléasanna eile faireacháin leictreonacha;

(g)comhlíonadh beart teicniúil maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint.

4.Beidh oifigigh in ann na limistéir, na deiceanna agus na seomraí ábhartha uile a scrúdú. Lena chois sin, beidh siad in ann a scrúdú gabhálacha, bídís próiseáilte nó ná bíodh, líonta nó trealamh iascaireachta eile, trealamh, coimeádáin agus pacáistí ina bhfuil éisc nó táirgí iascaigh agus aon doiciméid nó tarchur leictreonach ábhartha eile a mheasann siad is gá chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a fhíorú. Beidh siad in ann daoine a mheastar a bhfuil faisnéis acu faoi ábhar na cigireachta a cheistiú freisin.

5.Is i gcaoi a chruthóidh an cur isteach nó an ciotaí is lú don soitheach nó don fheithicil iompair agus dá ghníomhaíochtaí nó dá gníomhaíochtaí, agus do stóráil, do phróiseáil agus do mhargú na gabhála, a dhéanfaidh na hoifigigh cigireachtaí. Seachnóidh siad, a mhéid is féidir, aon dhíghrádú a dhéanamh ar an ngabháil le linn na cigireachta.

6.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 119a chun rialacha sonracha a leagan síos maidir leis na cigireachtaí a dhéanamh. D'fhéadfadh baint a bheith ag na rialacha sin leis na nithe seo a leanas:

(a)údarú agus cáiliú na noifigeach sin atá freagrach as an gcigireacht a dhéanamh ar muir nó ar tír;

(b)go bhfuil ar na Ballstáit cur chuige rioscabhunaithe a ghlacadh chun spriocanna cigireachta a roghnú;

(c)gníomhaíochtaí rialaithe, cigireachta agus forghníomhaithe a chomhordú i measc na mBallstát;

(d)dualgais na noifigeach le linn ullmhú na cigireachta;

(e)dualgais na noifigeach atá údaraithe cigireachtaí a dhéanamh;

(f)oibleagáidí na mBallstát, an Choimisiúin agus na Gníomhaireachta Eorpaí um Rialú ar Iascach maidir le cigireachtaí a dhéanamh;

(g)cigireachtaí ar muir agus i gcalafoirt, cigireachtaí iompair, agus cigireachtaí margaidh.

Airteagal 75

Dualgais an oibreora agus an mháistir

1.Oibreoidh an toibreoir agus an máistir i gcomhar leis na hoifigigh agus iad i mbun a gcuid dualgas. Éascóidh siad rochtain shábháilte ar an soitheach, ar an bhfeithicil iompair nó ar an seomra ina stóráiltear, ina bpróiseáiltear nó ina margaítear na táirgí iascaigh. Áiritheoidh siad sábháilteacht na noifigeach agus ní chuirfidh siad bac ná imeagla orthu ná ní chuirfidh siad isteach orthu agus iad i mbun a gcuid dualgas.

2.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 119a maidir le dualgais na noibreoirí agus na máistrí le linn na gcigireachtaí.

Airteagal 76

Tuarascáil chigireachta

1.Déanfaidh na hoifigigh tuarascáil chigireachta a tharraingt suas tar éis gach cigireachta agus cuirfidh siad ar aghaidh chuig a núdaráis inniúla í. Déanfar na sonraí atá sa tuarascáil sin a thaifeadadh agus a tharchur go leictreonach. I gcás cigireacht ar shoitheach iascaireachta a bhfuil bratach Ballstáit eile ar foluain aige, déanfar cóip den tuarascáil chigireachta a chur go leictreonach agus gan mhoill chuig an mBallstát brataí.

I gcás cigireacht ar shoitheach iascaireachta a bhfuil bratach tríú tír ar foluain aige, déanfar cóip den tuarascáil chigireachta a chur go leictreonach agus gan mhoill chuig údaráis inniúla an tríú tír lena mbaineann agus chuig an gCoimisiún má bhraitear sáruithe tromchúiseacha.

I gcás cigireacht a dhéanfar in uiscí nó i gcalafoirt atá faoi dhlínse Ballstáit nach é Ballstát na cigireachta é nó faoi dhlínse tríú tír i gcomhréir le comhaontuithe idirnáisiúnta, déanfar cóip den tuarascáil chigireachta a chur go leictreonach agus gan mhoill chuig an mBallstát sin nó an tríú tír sin.

2.Cuirfidh na hoifigigh torthaí na cigireachta in iúl don oibreoir nó don mháistir agus beidh an deis aige a bharúil a thabhairt faoin gcigireacht agus faoi na torthaí. Cuirfear barúlacha an oibreora nó an mháistir san áireamh sa tuarascáil chigireachta. Tabharfaidh na hoifigigh le fios sa logleabhar iascaireachta go ndearnadh cigireacht.

3.Déanfar cóip den tuarascáil chigireachta a chur, a luaithe is féidir, chuig an oibreoir nó an máistir, agus, ar aon chaoi, tráth nach déanaí ná 15 lá oibre tar éis an chigireacht a chríochnú.

4.Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha comhchoiteanna a leagan síos maidir le formáid agus inneachar íosta na dtuarascálacha cigireachta, maidir le críochnú na dtuarascálacha cigireachta agus maidir le tarchur na dtuarascálacha cigireachta. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 119(2).

Airteagal 77

Inghlacthacht na dtuarascálacha cigireachta agus faireachais

Tuarascálacha cigireachta agus faireachais arna dtarraingt suas ag cigirí an Aontais nó ag oifigigh Ballstáit eile nó ag oifigigh an Choimisiúin nó ag údaráis inniúla tríú tír, beidh siad inghlactha mar fhianaise in imeachtaí riaracháin nó breithiúnacha Ballstáit ar bith. Maidir le fíorais a shuíomh, caithfear leo amhail is dá mba thuarascálacha cigireachta agus faireachais de chuid na mBallstát iad.

Airteagal 78

Bunachar sonraí leictreonach

1.Bunóidh na Ballstáit bunachar sonraí leictreonach ina nuaslódálfaidh siad na tuarascálacha cigireachta agus na tuarascálacha faireachais uile a bhaineann leis na soithí iascaireachta sin a bhfuil a mbratach ar foluain acu agus ar tharraing a noifigigh féin nó oifigigh Ballstáit eile nó oifigigh tríú tír suas iad, mar aon le tuarascálacha cigireachta agus tuarascálacha faireachais eile ar tharraing a noifigigh féin suas iad.

2.Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le hoibriú an bhunachair sonraí. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 119(2).

Airteagal 79

Cigirí an Aontais

1.Déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún fógra a chur chuig an nGníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach (dá ngairtear ‘an Ghníomhaireacht’ ina dhiaidh seo) ina mbeidh liosta de na hoifigigh a bheidh le háireamh ar an liosta de chigirí an Aontais. Déanfaidh an Ghníomhaireacht an liosta de chigirí an Aontais, lena náirítear oifigigh na mBallstát, an Choimisiúin agus na Gníomhaireachta, a choimeád agus a thabhairt cothrom le dáta. Cuirfidh an Ghníomhaireacht an liosta sin ar fáil don Choimisiún agus do na Ballstáit.

2.Gan dochar do phríomhfhreagracht na mBallstát cósta, féadfaidh cigirí an Aontais cigireachtaí a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo i gcríoch na mBallstát agus in uiscí an Aontais, agus ar shoithí iascaireachta de chuid an Aontais lasmuigh d'uiscí an Aontais.

3. Féadfar cigirí an Aontais a shannadh, go háirithe, le haghaidh na gcúraimí seo a leanas:

(a)cur chun feidhme na gclár sainiúil rialaithe agus cigireachta arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 95;

(b)cláir rialaithe iascaigh idirnáisiúnta, i gcás ina bhfuil sé d’oibleagáid ar an Aontas fóráil a dhéanamh maidir le rialuithe.

4.Chun a gcúraimí a chomhlíonadh agus faoi réir mhír 5, beidh rochtain gan mhoill ag cigirí an Aontais ar an méid seo a leanas:

(a)ar gach áit ar bord soithí iascaireachta an Aontais agus aon soithí eile atá i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta, ar áitribh nó ionaid phoiblí agus ar mhodhanna iompair; agus

(b)ar gach faisnéis agus doiciméad is gá chun a gcúraimí a chomhlíonadh, go háirithe na logleabhair iascaireachta, an ceadúnas iascaireachta, deimhniú chumhacht an innill, sonraí CCTV, dearbhuithe maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír, deimhnithe gabhála, dearbhuithe trasloingsithe, nótaí díolacháin agus doiciméid agus faisnéis ábhartha eile;

an méid céanna agus faoi na coinníollacha céanna le hoifigigh an Bhallstáit ina ndéantar an chigireacht.

5.Ní bheidh aon chumhachtaí póilíneachta agus forghníomhaithe ag cigirí an Aontais lasmuigh de chríoch a mBallstáit tionscnaimh, nó lasmuigh d'uiscí an Aontais atá faoi cheannasacht agus faoi dhlínse a mBallstáit tionscnaimh.

6.Nuair a cheaptar mar chigirí de chuid an Aontais iad, ní bheidh aon chumhachtaí póilíneachta nó forghníomhaithe ag oifigigh de chuid an Choimisiúin nó de chuid an chomhlachta arna ainmniú aige.

7.Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir leis an méid seo a leanas:

(a)fógra a thabhairt don Ghníomhaireacht faoi chigirí an Aontais;

(b)an liosta de chigirí an Aontais a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta;

(c)fógra faoi chigirí an Aontais a thabhairt d’Eagraíochtaí Réigiúnacha um Bainistíocht Iascaigh;

(d)cumhachtaí agus dualgais chigirí an Aontais;

(e)tuarascálacha chigirí an Aontais;

(f)an obair a leanann tuarascálacha chigirí an Aontais.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 119(2).”

(61)in Airteagal 80, leasaítear mír 4 mar seo a leanas:

“4.Féadfaidh Ballstát, i gcomhréir le comhaontuithe idirnáisiúnta, cigireacht a dhéanamh ar shoithí iascaireachta de chuid an Aontais a bhfuil bratach an Bhallstáit sin nó bratach Ballstáit eile ar foluain acu in uiscí nó i gcalafoirt tríú tíortha.”

(62)cuirtear an méid seo a leanas in ionad cheannteideal Chaibidil III:

“Imeachtaí i gcás sáraithe”

(63)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 82:

“Airteagal 82

Dualgais na noifigeach i gcás sáraithe

1.Má fhágann an fhaisnéis a bhailítear le linn cigireachta nó aon sonraí nó faisnéis ábhartha eile go gcreideann an toifigeach go ndearnadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a shárú, déanfaidh an toifigeach an méid seo a leanas:

(a)an sárú a bhraitear sa tuarascáil chigireachta a thaifeadadh;

(b)gach beart is gá lena áirithiú go gcosnófar an fhianaise a bhaineann le sárú den sórt sin a bhraitear;

(c)an tuarascáil chigireachta a chur láithreach chuig a údarás inniúil;

(d)an duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil amhras faoi go ndearna sé an sárú nó a gabhadh agus é i mbun an tsáraithe a chur ar an eolas go bhféadfaí, de thoradh an tsáraithe sin, smachtbhannaí a fhorchur agus líon cuí pointí i gcomhréir le hAirteagal 92 a shannadh. Déanfar an fhaisnéis sin a thaifeadadh sa tuarascáil chigireachta.

2.I gcás ina mbraitear sárú tromchúiseach, beidh oifigigh in ann fanacht ar bord soithigh iascaireachta go dtí go mbeidh an chigireacht dá dtagraítear in Airteagal 85 curtha i gcrích.”

(64)scriostar Airteagal 84.

(65)i dTeideal VII, déanfar na focail:

“CAIBIDIL IV

Imeachtaí maidir le sáruithe a bhraitear le linn cigireachtaí”

a scriosadh.

(66)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 85 agus Airteagal 86:

Airteagal 85

Imeachtaí

1.Gan dochar d’Airteagal 72, d’Airteagal 83(2) agus d’Airteagal 86, déanfaidh an Ballstát inniúil cigireacht láithreach i gcás ina mbraitear aon sárú le linn cigireachta atá á déanamh ag a noifigigh, ag oifigigh Ballstáit eile, ag cigirí an Aontais nó ag oifigigh tríú tíortha, nó i gcás ina bhfágann sonraí nó faisnéis ábhartha go gcreideann údaráis inniúla na mBallstát go bhfuil sárú déanta ar rialacha an chomhbheartais iascaigh.

2.Déanfaidh na Ballstáit bearta láithreach de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 91.

Airteagal 86

Imeachtaí a aistriú

1.Féadfaidh an Ballstát atá i gcríoch nó in uiscí ina mbraitear sárú na himeachtaí a bhaineann leis an sárú sin a aistriú chuig údaráis inniúla an Bhallstáit brataí nó an Bhallstáit ar saoránach de an ciontóir, le comhaontú an Bhallstáit lena mbaineann agus ar choinníoll gur dóchúla go mbeidh an toradh dá dtagraítear in Airteagal 89 ar na himeachtaí má aistrítear iad.

2.Féadfaidh an Ballstát brataí na himeachtaí a bhaineann le sárú a aistriú chuig údaráis inniúla an Bhallstáit sin a bhraith an sárú, le comhaontú an Bhallstáit lena mbaineann agus ar choinníoll gur dóchúla go mbeidh an toradh dá dtagraítear in Airteagal 89 ar na himeachtaí má aistrítear iad.”

(67)scriostar Airteagal 87.

(68)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 88:

“Airteagal 88

Bearta ceartaitheacha i gcás nach gcuireann Ballstát an tabhairt i dtír nó Ballstát an trasloingsithe imeachtaí ar bun

1.I gcás nach é an Ballstát brataí Ballstát an tabhairt i dtír nó Ballstát an trasloingsithe agus nach ndéanfaidh a údaráis inniúla bearta iomchuí i gcoinne na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha atá freagrach, nó nach naistreoidh siad na himeachtaí i gcomhréir le hAirteagal 86, féadfar na cainníochtaí éisc a gabhadh, a tugadh i dtír nó a trasloingsíodh sa sárú ar rialacha an chomhbheartais iascaigh a chur san áireamh sa chuóta a leithdháileadh ar Bhallstát an tabhairt i dtír nó Ballstát an trasloingsithe.

2.Tar éis dul i gcomhairle leis an mBallstát brataí nó Ballstát an tabhairt i dtír nó Ballstát an trasloingsithe, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na cainníochtaí éisc a chuirfear san áireamh i gcuóta Bhallstát an tabhairt i dtír nó Ballstát an trasloingsithe a chinneadh tar éis dó dul i gcomhairle leis an dá Bhallstát lena mbaineann.

3.I gcás nach bhfuil cuóta comhfhreagrach ar fáil a thuilleadh ag Ballstát an tabhairt i dtír nó Ballstát an trasloingsithe, beidh feidhm ag Airteagal 37. Chuige sin, measfar go bhfuil na cainníochtaí éisc a gabhadh, a tugadh i dtír nó a trasloingsíodh sa sárú ar rialacha an chomhbheartais iascaigh i gcoibhéis le méid an dochair a rinneadh, de réir mar a luaitear san Airteagal sin, don Bhallstát brataí.”

(69)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Theideal VIII:

“TEIDEAL VIII

FORFHEIDHMIÚ

Airteagal 89

Bearta lena náiritheofar comhlíonadh

1.Gan dochar do chumhachtaí na mBallstát imeachtaí coiriúla a thionscnamh agus smachtbhannaí coiriúla a fhorchur, déanfaidh na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir le bearta riaracháin agus smachtbhannaí agus áiritheoidh siad go gcuirfear i bhfeidhm go córasach iad, i gcomhréir lena ndlí náisiúnta féin, maidir leis an duine nádúrtha a sháraigh rialacha an chomhbheartais iascaigh nó leis an duine dlítheanach atá faoi dhliteanas mar gheall ar shárú na rialacha sin.

2.Déanfaidh na Ballstáit na forálacha náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 a chur in iúl don Choimisiún faoin [24 mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus cuirfidh sé aon leasú a dhéanfar orthu ina dhiaidh sin a chur in iúl dó gan mhoill.

Airteagal 89a

Smachtbhannaí

1.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh duine nádúrtha a sháraíonn rialacha an chomhbheartais iascaigh nó duine dlítheanach atá faoi dhliteanas mar gheall ar shárú na rialacha sin inphionóis le smachtbhannaí riaracháin éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha.

2.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh leibhéal foriomlán na smachtbhannaí agus na smachtbhannaí coimhdeacha a leagtar síos leis an Rialachán seo agus na forálacha ábhartha sa dlí náisiúnta dian go leor chun go ndíspreagfar sáruithe breise agus go ndéanfar na sochair eacnamaíocha a eascraíonn as an sárú sin nó a bhfuil súil go neascróidh siad as a bhaint go héifeachtach ó na daoine sin atá freagrach as an sárú gan dochar don cheart dlisteanach a ngairm a chleachtadh. Chun na críche sin, cuirfear san áireamh bearta a rinneadh láithreach de bhun Airteagal 91.

3.Agus na smachtbhannaí sin á gcinneadh ag na Ballstáit, cuirfidh siad san áireamh, go háirithe, tromchúis an tsáraithe, lena náirítear an méid damáiste a rinneadh don chomhshaol, luach an dochair a rinneadh do na hacmhainní iascaireachta, cineál agus méid an tsáraithe, fad an tsáraithe nó cé chomh minic a tharla sé, nó carnadh sáruithe a rinneadh le chéile.

4.Féadfaidh na Ballstáit córas a chur i bhfeidhm le go mbeidh fíneáil i gcomhréir le láimhdeachas an duine dhlítheanaigh, nó leis an sochar eacnamaíoch a fuarthas nó a bhfuil súil leis tríd an sárú a dhéanamh.

Airteagal 90

Sáruithe tromchúiseacha

1.Chun críche an Rialacháin seo, is é a chiallaíonn “sárú tromhchúiseach” aon sárú tromchúiseach a liostaítear i mír 2 nó a mheastar gur sárú tromchúiseach é de bhun mhír 3.

2.Beidh na gníomhaíochtaí seo a leanas ina sáruithe tromchúiseacha:

(a)a bheith ag iascaireacht gan ceadúnas, údarú nó cead bailí a d’eisigh an Stát brataí nó an Stát cósta ábhartha; nó

(b)marcanna ar an soitheach iascaireachta nó ar an trealamh iascaireachta, nó sainaithint nó clárú soithigh iascaireachta, a bhrionnú nó a cheilt; nó

(c)fianaise maidir le himscrúdú a cheilt, an fhianaise sin a chur as a riocht nó í a scriosadh; nó

(d)bac a chur ar obair oifigeach nó breathnóirí agus iad i mbun a gcuid dualgas; nó

(e)trasloingsiú gan an túdarú is gá nó i gcás ina bhfuil an trasloingsiú sin toirmiscthe; nó

(f)oibríochtaí aistrithe a chur i gcrích a sháraíonn rialacha an chomhbheartais iascaigh nó na mbeart caomhnaithe agus bainistíochta is infheidhme a ghlac na heagraíochtaí réigiúnacha um bainistíocht iascaigh; nó

(g)trasloingsiú a dhéanamh chuig soithigh nó ó shoithigh a bhfuil iascaireacht NNN mar a shainmhínítear i Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle ar bun acu, go háirithe na soithigh sin a liostaítear ar liosta an Aontais de shoithigh NNN nó ar liosta de chuid eagraíocht réigiúnach um bainistíocht iascaigh, dá dtagraítear in Airteagal 29 agus Airteagal 30 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle, nó dul i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta i gcomhar leis na soithí sin, páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí iascaireachta comhpháirteacha leo, nó tacaíocht a thabhairt dóibh nó iad a sholáthar; nó

(h)a bheith páirteach in oibriú nó i mbainistiú soithigh a bhfuil iascaireacht NNN mar a shainmhínítear i Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle ar bun aige, go háirithe na soithí sin a liostaítear ar liosta an Aontais de shoithí NNN nó ar liosta de chuid eagraíocht réigiúnach um bainistíocht iascaigh, dá dtagraítear in Airteagal 29 agus Airteagal 30 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle, nó úinéireacht soithigh den sórt sin, nó a bheith fostaithe ar shoitheach den sórt sin, nó seirbhísí a sholáthar d’oibreoirí a bhfuil baint acu le soiteach atá i mbun iascaireacht NNN; nó

(i)a bheith ag iascaireacht i limistéar srianta nó coiscthe, nó i limistéar athbhunaithe stoic éisc, nó le linn séasúr coiscthe, nó a bheith gan chuóta nó tar éis cuóta a bheith ídithe nó thar dhoimhneacht choiscthe; nó

(j)a bheith i mbun iascaireacht dhírithe speiceas atá faoi réir moratóra, faoi réir séasúr coiscthe nó a bhfuil sé toirmiscthe iascaireacht a dhéanamh orthu, na speicis sin a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a aistriú nó a thabhairt i dtír; nó

(k)soitheach a bheith gan náisiúntacht agus é ina shoitheach gan stát, dá bhrí sin, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta; nó

(l)trealamh iascaireachta toirmiscthe a úsáid; nó

(m)teacht i dtír i gcalafoirt tríú tíortha gan réamhfhógra mar a thagraítear dó in Airteagal 19a den Rialachán seo nó táirgí iascaigh a thagann as gníomhaíochtaí iascaireachta NNN a thabhairt i dtír; nó

(n)gan dearbhú maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír ná nóta díolacháin a tharchur chuig an mBallstát brataí i gcás inar tugadh an ghabháil i dtír i gcalafort tríú tír, nó gan dearbhú trasloingsithe nó dearbhú aistrithe a tharchur i gcás ina ndearnadh an oibríocht lasmuigh d’uiscí an Aontais; nó

(o)doiciméid, sonraí nó faisnéis is gá faoi rialacha an chomhbheartais iascaigh a bhrionnú nó doiciméid, sonraí nó faisnéis bhrionnaithe nó neamhbhailí a úsáid, lena náirítear doiciméid, sonraí agus faisnéis dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle; nó

(p)dul i mbun gnó a bhaineann go díreach le hiascaireacht NNN, lena náirítear táirgí iascaigh a thagann as gníomhaíochtaí iascaireachta NNN a thrádáil, a allmhairiú, a onnmhairiú, a phróiseáil nó a mhargú; nó

(q)inneall nó gléasanna faireacháin na cumhachta innill leanúnaí a ionramháil d’fhonn cumhacht an innill a mhéadú thar an gcumhacht innill leanúnach uasta a luaitear ar dheimhniú chumhacht an innill.

3.Beidh na gníomhaíochtaí seo a leanas ina sáruithe tromchúiseacha ag brath ar dhéine an tsáraithe atá i gceist, déine a chinnfidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann agus cuirfear ceann amháin nó níos mó de na critéir mhalartacha seo a leanas a shainítear i gcomhréir le hIarscríbhinn IV san áireamh:

(a)gan na hoibleagáidí a chomhlíonadh maidir le sonraí a bhaineann le gníomhaíochtaí iascaireachta a thaifeadadh agus a thuairisciú, lena náirítear sonraí a bheidh le tarchur tríd an gcóras um fhaireachán soithí agus le réamhfhógraí, mar a cheanglaítear le rialacha an chomhbheartais iascaigh; nó

(b)gan dearbhú gabhála nó dearbhú maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír a chur ar fáil don tríú tír agus gan cóip leictreonach de a sheoladh chuig na Ballstáit bhrataí mar a cheanglaítear le mír 1 d’Airteagal 30 de Rialachán (AE) 2017/2403(*); nó

(c)trealamh iascaireachta nach gcomhlíonann na rialacha a úsáid; nó

(d)gan na hoibleagáidí a bhaineann le trealamh iascaireachta a leagtar amach i rialacha an chomhbheartais iascaigh a úsáid; nó

(e)mainneachtain a dhéanamh aon cheann de na gabhálacha róbheaga de shárú ar an reachtaíocht atá i bhfeidhm nó gabhálacha de speiceas atá faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a leagtar amach in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a thabhairt nó a choinneáil ar bord an tsoithigh iascaireachta, lena náirítear trí shleamhnú, agus iad a thrasloingsiú, a aistriú agus a thabhairt i dtír, mura rud é go mbeadh tabhairt agus coinneáil ar bord agus tabhairt i dtír na ngabhálacha sin ag teacht salach ar oibleagáidí, lena náirítear i gcás limistéir eagraíochtaí réigiúnacha um bainistíocht iascaigh, nó dá mbeidís faoi réir díolúintí dá bhforáiltear i rialacha an chomhbheartais iascaigh maidir leis an iascach nó na limistéir iascaireachta a bhfuil feidhm ag na rialacha sin iontu; nó

(f)dul i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta i limistéar de chuid eagraíocht réigiúnach um bainistíocht iascaigh ar shlí nach bhfuil i gcomhréir le bearta caomhnaithe agus bainistíochta na heagraíochta sin, nó a sháraíonn na bearta sin, i gcás ina meastar nach sárú tromchúiseach faoi mhír 2 den Airteagal seo na gníomhaíochtaí sin; nó

(g)táirgí iascaigh a sháraíonn rialacha an chomhbheartais iascaigh a chur ar fáil ar an margadh i gcás ina meastar nach sárú tromchúiseach faoi mhír 2 den Airteagal seo an ghníomhaíocht sin; nó

(h)dul i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta áineasa a sháraíonn rialacha an chomhbheartais iascaigh nó gabhálacha iascaigh áineasa a dhíol; nó

(i)a lán sáruithe a dhéanamh atá, le chéile, ina neamhaird thromchúiseach ar rialacha an chomhbheartais iascaigh.

Airteagal 91

Bearta forfheidhmiúcháin a dhéanfar láithreach i gcás sáruithe tromchúiseacha

1.I gcás ina bhfuil amhras faoi dhuine nádúrtha go ndearna sé sárú tromchúiseach nó gur gabhadh é agus é i mbun sárú tromchúiseach nó amhras faoi dhuine dlítheanach go bhfuil sé faoi dhliteanas mar gheall ar shárú tromchúiseach den sórt sin, déanfaidh na Ballstáit, sa bhreis ar an imscrúdú ar an sárú i gcomhréir le forálacha Airteagal 85, na bearta ábhartha seo a leanas a dhéanamh láithreach i gcomhréir lena ndlí náisiúnta:

(a)stop a chur láithreach leis na gníomhaíochtaí iascaireachta;

(b)an soitheach a atreorú láithreach chuig calafort;

(c)an fheithicil iompair a atreorú chuig suíomh eile le cigireacht a dhéanamh uirthi;

(d)banna a ordú;

(e)an trealamh iascaireachta, na gabhálacha nó na táirgí iascaigh, nó an brabús a rinneadh as díol na ngabhálacha nó na dtáirgí iascaigh, a úrghabháil;

(f)srian nó toirmeasc a chur le margú na dtáirgí iascaigh;

(g)bac gluaiseachta sealadach a chur ar an soitheach iascaireachta nó ar an bhfeithicil iompair lena mbaineann;

(h)an túdarú iascaireachta a chur ar fionraí;

(i)stop a chur go sealadach le gníomhaíochtaí gnó.

2.Na bearta forfheidhmiúcháin a dhéanfar láithreach dá dtagraítear i mír 1, beidh siad de chineál lena gcoscfar go leanfar den sárú tromchúiseach braite lena mbaineann, agus lena ndéanfar gach beart is gá lena áirithiú go gcosnófar an fhianaise a bhaineann leis an sárú tromchúiseach amhrasta sin agus lena bhfágfar go mbeidh na húdaráis inniúla in ann a gcigireacht a chríochnú.

3.Déanfaidh an Ballstát, i gcomhréir lena nósanna imeachta faoin dlí náisiúnta, an Ballstát brataí lena mbaineann a chur in iúl láithreach faoi na bearta dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 91a

Smachtbhannaí i leith sáruithe tromchúiseacha

1.Gan dochar do na smachtbhannaí a chuirfear i bhfeidhm i gcomhréir leis an Rialachán seo agus an dlí náisiúnta, déanfaidh na Ballstáit, i gcás sárú tromchúiseach a suíodh agus go bhfuarthas táirgí iascaigh de thoradh an tsáraithe thromchúisigh sin, fíneálacha a fhorchur arb é:

ar a laghad trí huaire luach na dtáirgí iascaigh a fuarthas de thoradh an tsáraithe thromchúisigh a bheidh sna fíneálacha íosta, agus

ar a laghad cúig huaire luach na dtáirgí iascaigh a fuarthas de thoradh an tsáráithe thromchúisigh a bheidh sna fíneálacha uasta.

2.I gcás aon athsháraithe thromchúisigh a bhfaightear táirgí iascaigh dá thoradh laistigh de thréimhse trí bliana, déanfaidh na Ballstáit fíneálacha a fhorchur arb é:

ar a laghad cúig huaire luach na dtáirgí iascaigh a fuarthas de thoradh an tsáraithe thromchúisigh a bheidh sna fíneálacha íosta, agus

ar a laghad ocht nuaire luach na dtáirgí iascaigh a fuarthas de thoradh an tsáráithe thromchúisigh a bheidh sna fíneálacha uasta.

3.Déanfar na méideanna dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 a ríomh ar bhonn luach na dtáirgí iascaigh de réir phraghsanna ardán Fhaireachlann an Mhargaidh Eorpaigh um Iascach agus um Tháirgí Dobharshaothraithe (EUMOFA) tráth a aithníodh an sárú, i gcás ina bhfuil siad ar fáil. I gcás nach bhfuil luachanna EUMOFA ar fáil nó nach bhfuil siad ábhartha, beidh feidhm ag praghsanna náisiúnta i hallaí ceantála nó praghsanna a aithnítear ar phríomh-mhargaí idirnáisiúnta ábhartha maidir leis an speiceas agus an limistéar iascaireachta lena mbaineann agus is é an praghas is airde a úsáidfear.

4.I gcás nach bhfuarthas táirgí iascaigh de thoradh sárú tromchúiseach, déanfaidh na Ballstáit na fíneálacha a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 89a, ar leibhéal a mbeidh éifeacht díspreagtha den chineál céanna aige agus a bheidh ag na fíneálacha a leagtar síos i mír 1 agus mír 2.

Airteagal 91b

Smachtbhannaí coimhdeacha

Féadfar smachtbhannaí nó bearta athchomhairleacha eile a bheith ag dul leis na smachtbhannaí dá bhforáiltear in Airteagal 89, Airteagal 89a agus Airteagal 91a agus na bearta dá bhforáiltear in Airteagal 91, agus an méid seo a leanas go háirithe:

(1)seilbh a ghabháil ar an soitheach nó na soithí iascaireachta a raibh baint aige nó acu leis an sárú;

(1)bac gluaiseachta sealadach a chur ar an soitheach iascaireachta;

(2)an soitheach nó na soithí, agus an trealamh iascaireachta, na gabhálacha nó na táirgí iascaigh toirmiscthe a choigistiú;

(3)an ceadúnas iascaireachta nó an túdarú iascaireachta a chur ar fionraí nó a tharraingt siar;

(4)cearta iascaireachta a laghdú nó a tharraingt siar;

(5)eisiamh sealadach nó buan ón gceart cearta iascaireachta nua a fháil;

(6)toirmeasc sealadach nó buan ar an rochtain ar chúnamh poiblí nó ar fhóirdheontais;

(7)stádas an oibreora eacnamaíoch fhormheasta a bronnadh de bhun Airteagal 16(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 a chur ar fionraí nó a tharraingt siar;

(8)deimhniú clárúcháin náisiúnta na loinge a tharraingt siar;

(9)an ghníomhaíocht eacnamaíoch a chur ar fionraí go sealadach nó deireadh buan a chur léi;

(10)an túdarú chun dul i mbun gníomhaíochtaí trádála éisc a tharraingt siar go sealadach nó go buan.

Airteagal 92

Córas pointí le haghaidh sáruithe tromchúiseacha

1.Cuirfidh na Ballstáit córas pointí i bhfeidhm maidir le sáruithe dá dtagraítear in Airteagal 90, ach amháin maidir le sáruithe tromchúiseacha dá dtagraítear i bpointe (k) agus pointe (p) de mhír 1 agus i bpointe (g) agus pointe (h) de mhír 2 san Airteagal sin.

2.I gcás ina ndearna duine nádúrtha sárú tromchúiseach nó ina bhfuil duine dlítheanach faoi dhliteanas mar gheall ar shárú tromchúiseach, déanfar líon pointí a ríomhfar i gcomhréir le hIarscríbhinn III a shannadh do shealbhóir an cheadúnais iascaireachta sin a bhfhuil baint ag an soitheach iascaireachta lena mbaineann leis.

3.Cé go bhfanfaidh na pointí faoi ainm an tsealbhóra ceadúnais a dhíol an soitheach iascaireachta, déanfar pointí a shannadh freisin d’aon sealbhóir nua den cheadúnas iascaireachta sin a bhfuil baint ag an soitheach iascaireachta lena mbaineann leis i gcás ina ndéanfar an soitheach a dhíol, a aistriú nó a úinéireacht a athrú ar shlí eile tar éis dháta an tsáraithe.

4.Bunóidh na Ballstáit córas pointí freisin faoina ndéanfar an líon céanna pointí agus a sannadh do shealbhóir an cheadúnais iascaireachta a shannadh do mháistir an tsoithigh má rinneadh sárú tromchúiseach ar bord an tsoithigh a bhí faoina cheannas.

5.I gcás ina mbraitear, le linn cigireachta, go ndearna duine nádúrtha nó duine dlítheanach a bhfuil an ceadúnas ina sheilbh aige dhá shárú thromchúiseacha nó níos mó, déanfar pointí maidir le gach sárú tromchúiseach lena mbaineann a shannadh i gcomhréir le mír 2 go dtí líon uasta 12 phointe maidir leis na sáruithe sin uile.

6.I gcás ina bhfuil an líon iomlán pointí cothrom le, nó níos airde ná, 18 bpointe, déanfar an ceadúnas iascaireachta agus/nó an ceart bheith i gceannas ar shoitheach iascaireachta a chur ar fionraí láithreach ar feadh tréimhse dhá mhí ar a laghad. Tréimhse ceithre mhí a bheidh sa tréimhse sin más don dara huair a tharla an fionraí agus go bhfuil an líon pointí cothrom le, nó níos airde ná, 36 phointe, tréimhse ocht mí más don tríú huair a tharla an fionraí agus go bhfuil an líon pointí cothrom le, nó níos airde ná, 54 phointe agus tréimhse bliana más don cheathrú huair a tharla an fionraí agus go bhfuil an líon pointí cothrom le, nó níos airde ná, 72 phointe. I gcás inar tharla an fionraí don chúigiú huair agus go bhfuil líon na bpointí cothrom le, nó níos airde ná, 90 pointe, déanfar an ceadúnas iascaireachta a tharraingt siar go buan agus ní bhainfear úsáid a thuilleadh as an soitheach iascaireachta chun acmhainní bitheolaíocha na mara a shaothrú ar bhonn tráchtála.

7.I gcás ina gcarnaíonn sealbhóir ceadúnais iascaireachta nó máistir 90 pointe, déanfar an ceadúnas iascaireachta nó an ceart bheith i gceannas i gcáil máistir ar shoitheach iascaireachta a tharraingt siar go buan láithreach.

8.I gcás nach ndearna sealbhóir ceadúnais iascaireachta nó máistir sárú tromchúiseach laistigh de thrí bliana ón dáta a rinneadh an sárú tromchúiseach is déanaí a dearbhaíodh, déanfar na pointí go léir a chealú.

9.Tá an chumhacht ag an Stát cósta a chinneadh faoina dhlíthe náisiúnta féin an ina chuid uiscí a rinneadh sárú tromchúiseach nó nach ea agus a chinneadh cén líon pointí a shannfar i gcomhréir le hIarscríbhinn III.

10.I gcás ina mbraitear an sárú tromchúiseach i mBallstát eile seachas an Ballstát brataí, déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit brataí na pointí a shannfar i gcomhréir leis an Airteagal seo a aithint.

11.Déanfaidh na Ballstáit na húdaráis inniúla náisiúnta a ainmniú a bheidh freagrach as an gcóras a bhunú chun pointí le haghaidh sáruithe tromchúiseacha a shannadh, as an líon cuí pointí a shannadh do shealbhóir ceadúnais iascaireachta agus don mháistir agus as na pointí a aistriú i gcomhréir le mír 3.

12.Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú nach bhfágfaidh imeachtaí náisiúnta a chuirfear i bhfeidhm go mbeidh an córas pointí neamhéifeachtach.

13.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 119a maidir leis an méid seo a leanas:

(a)an tairseach pointí a fhágann go ndéanfar an ceadúnas iascaireachta nó an ceart bheith i gceannas i gcáil máistir ar shoitheach iascaireachta a chur ar fionraí nó a tharraingt siar go buan a leasú;

(b)an cás ina ndearnadh ceadúnas iascaireachta nó an ceart dul i mbun gníomhaíocht iascaireachta i gcáil máistir a chur ar fionraí nó a tharraingt siar go buan a fhiosrú;

(c)na bearta atá le déanamh i gcás ina dtarlaíonn gníomhaíochtaí iascaireachta neamhdhleathacha le linn na tréimhse ar fionraí nó tar éis ceadúnas iascaireachta nó ceart dul i mbun gníomhaíocht iascaireachta i gcás máistir a tharraingt siar go buan;

(d)dálaí ar leor iad mar údar le pointí a chealú;

(e)na máistrí sin a bhfuil cead faighte acu dul i mbun gníomhaíocht iascaireachta a chlárú.

14.Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir leis an méid seo a leanas:

(a) na cinntí maidir le sannadh pointí a chur in iúl;

(b)pointí a aistriú i gcás ina naistrítear úinéireacht soithigh ar sannadh pointí dó;

(c)ceadúnas iascaireachta, nó an ceart bheith i gceannas i gcáil máistir ar shoitheach iascaireachta, a bhaint de na liostaí ábhartha maidir leis an duine atá freagrach as sárú tromchúiseach;

(d)na hoibleagáidí faisnéis a thabhairt maidir leis an gcóras pointí le haghaidh máistrí soithí iascaireachta arna bhunú ag na Ballstáit.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 119(2).

Airteagal 92a

Dliteanas daoine dlítheanacha

1.Beidh daoine dlítheanacha faoi dhliteanas mar gheall ar sháruithe tromchúiseacha i gcás ar chun tairbhe an duine dhlítheanaigh a rinne duine nádúrtha na sáruithe sin, ag gníomhú dó ina aonar nó mar chuid de chomhlacht de chuid an duine dhlítheanaigh, agus a bhfuil post ceannaireachta aige laistigh den duine dlítheanach, atá bunaithe ar na nithe seo a leanas:

(a)cumhacht ionadaíoch an duine dhlítheanaigh;

(b)údarás chun cinntí a dhéanamh thar ceann an duine dhlítheanaigh, nó

(c)údarás chun smacht a fheidhmiú laistigh den duine dlítheanach.

2.Féadfaidh duine dlítheanach a bheith faoi dhliteanas i gcás ina bhfágann easpa maoirseachta nó rialaithe ag duine nádúrtha dá dtagraítear i mír 1 gur féidir le duine nádúrtha atá faoi smacht an duine dhlítheanaigh sárú tromchúiseach a dhéanamh chun tairbhe an duine dhlítheanaigh sin.

3.Ní fhágfaidh dliteanas duine dhlítheanaigh nach bhféadfar imeachtaí a thionscnamh i gcoinne daoine nádúrtha a rinne nó a thionscain na sáruithe lena mbaineann nó a bhí ina gcúlpháirtithe sna sáruithe sin.

Airteagal 92b

Oibleagáid rialú críochnaitheach a chur in iúl

1.Déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit a bhfuil dlínse aige i gcás sáraithe aon rialú críochnaitheach a bhaineann leis an sárú sin, lena náirítear líon na bpointí a sannadh i gcomhréir le hAirteagal 92, a chur in iúl, gan mhoill agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta faoin dlí náisiúnta, do na Stáit bhrataí, don Stát ar saoránach de an ciontóir nó ina bhfuil sé corpaithe, nó d’aon Stát eile a bhfuil leas aige sna himeachtaí riaracháin agus coiriúla ábhartha eile nó sna bearta eile a rinneadh.

Déanfaidh siad, freisin, rialuithe críochnaitheacha a chur in iúl gan mhoill don Choimisiún Eorpach i gcás ina mbraitear sáruithe tromchúiseacha in uiscí an Aontais nó i gcalafoirt de chuid an Aontais maidir le soithí iascaireachta a bhfuil bratach tríú tíortha ar foluain acu.

2.I gcás fógra a fháil ó Bhallstát dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Ballstát brataí an líon cuí pointí a shannadh do shealbhóir an chéadúnais iascaireachta agus do mháistir an tsoithigh iascaireachta lena mbaineann.

Airteagal 93

Clár náisiúnta na sáruithe

1.Déanfaidh na Ballstáit na sáruithe amhrasta agus dearbhuithe uile ar rialacha an comhbheartais iascaigh a rinne soithí a bhfuil a mbratach nó bratach tríú tír ar foluain acu nó soithí de chuid a gcuid náisiúnach, lena náirítear na cinntí agus na smachtbhannaí uile a thabhaigh siad agus an líon pointí a sannadh, a iontráil i gclár náisiúnta. Déanfaidh na Ballstáit sáruithe a rinne soithí a bhfuil a mbratach ar foluain acu nó soithí de chuid a gcuid náisiúnach a ionchúisíodh i mBallstáit eile a iontráil, freisin, ina gclár náisiúnta sáruithe, ar fhógra maidir le rialú críochnaitheach a fháil, de bhun Airteagal 92b, ón mBallstát sin a bhfuil dlínse aige maidir leis an gcás.

2.Agus fiosrú á dhéanamh ag Ballstát ar shárú rialacha an chomhbheartais iascaigh, féadfaidh sé a iarraidh ar Bhallstáit eile faisnéis a thabhairt atá ina gclár náisiúnta faoi na soithí iascaireachta agus na daoine a bhfuil amhras fúthu go ndearna siad an sárú lena mbaineann nó a gabhadh agus iad i mbun an sárú lena mbaineann.

3.I gcás ina niarrann Ballstát faisnéis ar Bhallstát eile maidir le sárú, déanfaidh an Ballstát eile an fhaisnéis ábhartha faoi na soithí iascaireachta agus na daoine nádúrtha nó dlítheanacha a raibh baint acu leis an sárú a chur ar fáil gan mhoill.

4.Na sonraí atá i gclár náisiúnta na sáruithe, ní stórálfar iad ach a fhad is gá chun críche an Rialacháin seo, ach ar feadh cúig bliana féilire ar a laghad i gcónaí, tréimhse a thosóidh an bhliain tar éis na bliana sin ina dtaifeadtar an fhaisnéis.

(*) Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar chabhlaigh iascaireachta sheachtracha, agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1006/2008 ón gComhairle (IO L 347, 28.12.2017, lch. 81).”

(70)i dTeideal IX, cuirtear isteach Airteagal 93a mar seo a leanas:

“Airteagal 93a

Cláir náisiúnta um rialú agus tuarascálacha bliantúla

1.Bunóidh na Ballstáit cláir náisiúnta bhliantúla nó ilbhliantúla um rialú na gcigireachtaí agus rialacha an chomhbheartais iascaigh.

Cláir rioscabhunaithe a bheidh sna cláir náisiúnta um rialú agus déanfar iad a thabhairt cothrom le dáta uair sa bhliain agus cuirfear san áireamh, go háirithe, na bearta caomhnaithe agus rialaithe nua a glacadh.

Déanfar na cláir náisiúnta um rialú a chur in iúl don Choimisiún roimh an 31 Nollaig gach bliain agus clúdófar an bhliain féilire ina dhiaidh sin ar a laghad.

2.Faoin 30 Meitheamh gach bliain, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin ar na cigireachtaí agus na rialuithe a rinneadh an bhliain roimhe sin, i gcomhréir leis na cláir náisiúnta um rialú agus leis an Rialachán seo.

3.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 119a chun ceanglais íosta a ghlacadh maidir leis na cláir náisiúnta um rialú agus na tuarascálacha bliantúla agus chun tagarmharcanna na rialuithe a shocrú, agus cuirfear san áireamh cuspóirí an chomhbheartais iascaigh agus an dul chun cinn teicniúil agus an tascnamh eolaíoch.”

(71)in Airteagal 95, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.Féadfaidh iascach áirithe a bheith faoi réir cláir shainiúla rialaithe agus chigireachta. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, agus i gcomhar leis na Ballstáit lena mbaineann, a chinneadh cén tiascach a bheidh faoi réir na gclár sainiúil rialaithe agus cigireachta ar bhonn an ghá le rialú sainiúil comhordaithe ar an iascach lena mbaineann. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 119(2).”

(72)in Airteagal 102, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3 agus mhír 4:

“3.Cuirfidh na Ballstáit lena mbaineann torthaí an imscrúdaithe in iúl don Choimisiún agus déanfaidh siad tuarascáil a tharraingeofar suas roimh dheireadh tréimhse trí mhí tar éis iarraidh an Choimisiúin a chur chuig an gCoimisiún. Féadfaidh an Coimisiún cur leis an tréimhse sin, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, tar éis dó iarraidh chuí-réasúnaithe ar mhoill réasúnta a fháil ón mBallstát.

4.Mura gcealaítear na míréireachtaí de bharr an imscrúdaithe riaracháin dá dtagraítear i mír 2 nó má thugann an Coimisiún faoi deara, le linn na bhfíorúchán nó na gcigireachtaí neamhspleácha dá dtagraítear in Airteagal 98 agus in Airteagal 99 nó san iniúchadh dá dtagraítear in Airteagal 100, go bhfuil easpaí ann i gcóras rialaithe Ballstáit, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, plean gníomhaíochta a bhunú leis an mBallstát sin. Déanfaidh an Ballstát na bearta go léir is gá chun an plean gníomhaíochta sin a chur chun feidhme.”

(73)leasaítear Airteagal 104 mar a leanas:

(a)    cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad mhír 1:

“1.I gcás nach gcomhlíonann Ballstát a chuid oibleagáidí maidir le cur chun feidhme plean ilbhliantúil, agus go bhfuil fianaise ag an gCoimisiún gurb ionann neamhchomhlíonadh na noibleagáidí sin agus baol tromchúiseach do chaomhnú stoic nó grúpa stoc, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an tiascach a ndéanann na heaspaí sin difear dó a chosc go sealadach ar an mBallstát lena mbaineann.”

(b)    cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad mhír 4:

“4.Cuirfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, deireadh leis an gcosc tar éis don Bhallstát a léiriú i scríbhinn agus chun sástacht an Choimisiúin gur féidir an tiascach a shaothrú gan bhaol.”

(74)leasaítear Airteagal 105 mar a leanas:

(a)i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad abairt tosaigh na chéad fhomhíre:

“I gcás ina ndéanfar iascaireacht thar chuóta, thar leithdháileadh nó thar sciar de stoc nó de ghrúpa stoc atá ar fáil do Bhallstát i mbliain áirithe, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, asbhaintí a dhéanamh an bhliain nó na blianta dar gcionn ó chuóta bliantúil, ó leithdháileadh bliantúil nó ó sciar bliantúil an Bhallstáit a rinne ró-iascaireacht trí fhachtóir iolraithe a chur i bhfeidhm de réir an tábla seo a leanas:”

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4, mhír 5 agus mhír 6:

“4.I gcás ina ndéanfar iascaireacht thar chuóta, thar leithdháileadh nó thar sciar de stoc nó de ghrúpa stoc atá ar fáil do Bhallstát sna blianta tosaigh, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cuótaí a bhaint as cuótaí an Bhallstáit sin amach anseo chun leibhéal na ró-iascaireachta a chur san áireamh.

5.Mura féidir asbhaint de réir mhír 1 agus mhír 2 a dhéanamh ó chuóta, ó leithdháileadh nó ó sciar de stoc nó de ghrúpa stoc a ndearnadh ró-iascaireacht air sa cháil sin ós rud é nach bhfuil an cuóta, an leithdháileadh nó an sciar sin de stoc nó de ghrúpa stoc ar fáil don Bhallstát lena mbaineann nó nach leor an méid de atá ar fáil, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cuótaí a bhaint an bhliain nó na blianta dar gcionn as stoic nó as grúpaí stoc eile a bheidh ar fáil don Bhallstát sin sa limistéar geografach céanna, nó a bhfuil an luach tráchtála céanna orthu i gcomhréir le mír 1.

6.Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis an gcuóta oiriúnaithe a ndéanfar an róshaothar a ríomh lena ais a mheas. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 119(2).”

(75)leasaítear Airteagal 106 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad mhír 1:

“1.I gcás ina bhfuil sé suite ag an gCoimisiún go ndeachaigh Ballstát thar an iarracht iascaireachta a leithdháileadh dó, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, asbhaintí a dhéanamh ó iarracht iascaireachta an Bhallstáit sin amach anseo.” 

(b)i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:

“Má théitear thar iarracht iascaireachta i limistéar geografach nó in iascach ar a bhfuil rochtain ag an mBallstát, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, asbhaintí a dhéanamh, an bhliain nó na blianta dar gcionn, ón iarracht iascaireachta a bheidh ar fáil don Bhallstát sin sa limistéar geografach nó san iascach lena mbaineann trí fhachtóir iolraithe a chur i bhfeidhm de réir an tábla seo a leanas:”

(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3 agus mhír 4:

“3.Mura féidir asbhaint de réir mhír 2 a dhéanamh ón iarracht iascaireachta incheadaithe uasta maidir le stoc a ndearnadh ró-iascaireacht air sa cháil sin ós rud é nach bhfuil an iarracht iascaireachta incheadaithe uasta sin don stoc sin ar fáil don Bhallstát lena mbaineann nó nach leor an méid de atá ar fáil, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, asbhaintí a dhéanamh, an bhliain nó na blianta dar gcionn, ón iarracht iascaireachta a bheidh ar fáil don Bhallstát sin sa limistéar geografach céanna i gcomhréir le mír 2.

4.Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis an iarracht incheadaithe uasta a ndéanfar an róshaothar a ríomh lena ais a mheas. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 119(2).”

(76) leasaítear Airteagal 107 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad mhír 1:

“1.I gcás ina bhfuil fianaise ann nach bhfuil rialacha an chomhbheartais iascaigh á gcomhlíonadh ag Ballstát agus go bhféadfadh baol tromchúiseach do chaomhnú na stoc sin atá faoi réir deiseanna iascaireachta teacht as sin, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, asbhaintí a dhéanamh, an bhliain nó na blianta dar gcionn, ó na cuótaí, ó na leithdháiltí nó ó na sciartha bliantúla de stoc nó de ghrúpa stoc a bheidh ar fáil don Bhallstát sin, agus cuirfear prionsabal na comhréireachta i bhfeidhm tríd an dochar a rinneadh do na stoic a chur san áireamh.”

(b)cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad mhír 4:

“4.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 119a maidir leis an sprioc-am faoina gcaithfidh Ballstáit a thabhairt le fios gur féidir an tiascach a shaothrú gan bhaol, an tábhar atá le cur ina bhfreagra ag Ballstáit agus an cinneadh maidir leis na cainníochtaí atá le hasbhaint tríd an méid seo a leanas a chur san áireamh:

(a)méid agus cineál an neamhchomhlíonta,

(b)tromchúiseacht an bhaoil atá ann don chaomhnú,

(c)an dochar a rinne an neamhchomhlíonadh don stoc.”

(77)leasaítear Airteagal 109 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mhír 2:

“1.Bunóidh na Ballstáit bunachar sonraí ríomhairithe chun críche sonraí a thaifeadtar i gcomhréir leis an Rialachán seo a bhailíochtú. Beidh cros-seiceáil, anailísiú agus fíorú na sonraí ina gcuid den bhailíochtú a dhéanfar ar na sonraí a thaifeadtar.

2.Áiritheoidh na Ballstáit gur sonraí cruinne iomlána a bheidh sna sonraí uile a thaifeadtar i gcomhréir leis an Rialachán agus go ndéanfaidh na hoibreoirí iad a thíolacadh faoi na sprioc-amanna a leagtar síos i rialacha an chomhbheartais iascaigh. Go háirithe:

(a)Bainfidh na Ballstáit leas as algartaim agus as sásraí ríomhairithe uathoibrithe chun na sonraí seo a leanas a bhailíochtú:

(i) sonraí suímh an tsoithigh;

(ii) sonraí na ngníomhaíochtaí iascaireachta, lena náirítear an logleabhar iascaireachta, an dearbhú maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír, an dearbhú trasloingsithe agus an réamhfhógra;

(iii) sonraí na ndearbhuithe glactha freagrachta, na ndoiciméad iompair agus na nótaí díolacháin;

(b)Déanfaidh na Ballstáit, más infheidhme, na sonraí a liostaítear thuas a bhailíochtú in éineacht leis na sonraí seo a leanas:

(i) sonraí ón gcóras braite soithí;

(ii) sonraí maidir le hamhairc ar shoithí;

(iii) sonraí a bhaineann le gníomhaíochtaí iascaireachta maidir leis na comhaontuithe iascaigh dá dtagraítear i mír 1 d’Airteagal 3;

(iv) sonraí maidir le soithí a chuaigh isteach i limistéir iascaireachta agus a d’fhág limistéir iascaireachta;

(v) sonraí an chórais sainaitheanta uathoibríoch;

(vi) sonraí as ceadúnais iascaireachta agus údaruithe iascaireachta;

(vii) sonraí as tuarscálacha cigireachta agus sonraí atá i gclár náisiúnta na sáruithe;

(viii) sonraí faoi chumhacht an innill;

(ix) tuarascálacha na mbreathnóirí rialaithe;

(x) sonraí as córais teilifíse ciorcaid iata atá ar bord soithí iascaireachta agus as faireachán leictreonach eile ar an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír i gcomhréir le hAirteagal 25a.”

(b)cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad mhír 5:

“5.I gcás inar aithníodh neamhréireacht sna sonraí, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann na himscrúduithe, na hanailísí agus na cros-seiceálacha is gá agus déanfaidh sé iad a thaifeadadh. Arna iarraidh sin dó ag an gCoimisiún, cuirfidh an Ballstát torthaí na nimscrúduithe sin agus na doiciméid chomhfhreagracha chuige. I gcás ina bhfuil cúiseanna amhrasta ann go ndearnadh sárú, déanfaidh an Ballstát imscrúdú agus déanfaidh sé na bearta is gá láithreach i gcomhréir le hAirteagal 85 agus Airteagal 91.”

(c)cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad mhír 8:

“8.Déanfaidh na Ballstáit plean náisiúnta a bhunú agus a thabhairt cothrom le dáta chun an córas bailíochtaithe lena gcumhdaítear na sonraí a liostaítear faoi phointe (a) agus faoi phointe (b) de mhír 2 a chur chun feidhme agus chun a áirithiú go ndéanfar neamhréireachtaí a fhiosrú. Saineofar sa phlean sin na tosaíochtaí atá ag an mBallstát maidir le sonraí a bhailíochtú agus neamhréireachtaí a fhiosrú ina dhiaidh sin, trí chur chuige rioscabhunaithe a úsáid.”

(78)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 110 agus Airteagal 111:

Airteagal 110

Rochtain ar shonraí agus sonraí a stóráil agus a phróiseáil

1.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cianrochtain, i gcónaí agus gan réamhfhógra, ag an gCoimisiún nó ag an gcomhlacht arna ainmniú aige ar na sonraí seo a leanas i bhfoirm neamh-chomhiomlánaithe:

(a)sonraí na ngníomhaíochtaí iascaireachta:

(i)    sonraí suímh an tsoithigh;

(ii)    sonraí na ngníomhaíochtaí iascaireachta, lena náirítear na logleabhair iascaireachta, na dearbhuithe maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír, na dearbhuithe trasloingsithe agus na réamhfhógraí;

(iii)    sonraí na ndearbhuithe glactha freagrachta, na ndoiciméad iompair agus na nótaí díolacháin;

(iv)    sonraí na niarrachtaí iascaireachta.

(b)sonraí eile a bhaineann le rialú:

(i)    sonraí maidir le hamhairc ar shoithí;

(ii)    sonraí a bhaineann le gníomhaíochtaí iascaireachta maidir leis na comhaontuithe iascaigh dá dtagraítear i mír 1 d’Airteagal 3;

(iii)    sonraí maidir le soithí a chuaigh isteach i limistéir iascaireachta agus a d’fhág limistéir iascaireachta;

(iv)    sonraí as ceadúnais iascaireachta agus údaruithe iascaireachta;

(v)    tuarascálacha cigireachta;

(vi)    sonraí faoi chumhacht an innill;

(vii)    tuarascálacha na mbreathnóirí rialaithe;

(viii)    cláir ghníomhaíochta náisiúnta um rialú;

(ix)    liosta na noifigeach náisiúnta.

(c)an bunachar leictreonach chun críche iomláine agus cáilíocht na sonraí a bhailítear de réir Airteagal 109 a fhíorú;

(d)clár náisiúnta na sáruithe dá dtagraítear in Airteagal 93.

2.Féadfaidh an Coimisiún nó an comhlacht arna ainmniú aige sonraí a bhailiú, i gcás inar gá agus lena náirítear sonraí pearsanta, d’fhonn a ndualgais a chomhlíonadh faoi rialacha an chomhbheartais iascaigh, go háirithe maidir le cigireachtaí, fíorúcháin, iniúchtaí agus fiosrúcháin a dhéanamh, nó faoi rialacha na gcomhaontuithe le tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta.

3.Déanfaidh na Ballstáit rochtain ar na sonraí dá dtagraítear i mír 1 a thabhairt d’oifigigh an Choimisiúin agus d’fhoireann an chomhlachta arna ainmniú ag an gCoimisiún.

4. Féadfar sonraí suímh na soitheach a chur ar fáil do chomhlachtaí eolaíocha na mBallstát agus do chomhlachtaí eolaíocha an Aontais agus féadfaidh na comhlachtaí sin na sonraí sin a úsáid d’fhonn taighde eolaíoch a dhéanamh agus comhairle eolaíoch a chur ar fáil más rud é nach bhfuil an tagairt do shainaitheantóirí na soitheach sna sonraí sin a thuilleadh agus go bhfágann na sonraí sin nach féidir daoine nádúrtha a shainaithint.

Féadfar na sonraí a liostaítear i mír 1(a)(ii) agus (iii) a chur ar fáil do chomhlachtaí eolaíocha na mBallstát, do chomhlachtaí eolaíocha an Aontais agus do Eurostat.

5. Déanfaidh na Ballstáit na bunachair sonraí ábhartha iascaigh ina bhfuil na sonraí dá dtagraítear i mír 1 a bhunú, a chur chun feidhme agus a óstáil. Déanfar an rochtain ar na bunachair sonraí sin a thabhairt trí shlánrochtain a fhágann gur féidir an rochtain agus próifílí sonracha na núsáideoirí a rialú, chun críche sáruithe a thuairisciú, a anailísiú, a imscrúdú agus cigireacht a dhéanamh orthu agus chun na críche sin amháin.

(79)Airteagal 111

Sonraí a mhalartú

1. Áiritheoidh gach Ballstát brataí go ndéanfar an fhaisnéis ábhartha seo a leanas a mhalartú go leictreonach díreach leis na Ballstáit eile, agus más iomchuí, leis an gCoimisiún nó leis an gcomhlacht arna ainmniú aige, go háirithe:

(a)sonraí suímh na soitheach i gcás ina bhfuil a chuid soitheach in uiscí Ballstáit eile;

(b)faisnéis as na logleabhair iascaireachta i gcás ina bhfuil a chuid soitheach i mbun iascaireachta, i mbun gabhálacha a thabhairt i dtír nó i mbun trasloingsithe in uiscí Ballstáit eile;

(c)dearbhuithe maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír agus dearbhuithe trasloingsithe i gcás ina dtarlaíonn na hoibríochtaí sin i gcalafoirt Ballstáit eile;

(d)réamhfhógra i gcás ina bhfuil an calafort atá beartaithe i mBallstát eile;

(e)nótaí díolacháin, doiciméid iompair agus dearbhuithe glactha freagrachta i gcás ina dtarlaíonn ceann amháin nó níos mó de na hoibríochtaí sin i mBallstát eile;

(f) tuarascálacha cigireachta agus faireachais;

(g)clár náisiúnta na sáruithe.

2.Áiritheoidh gach Ballstát cósta go ndéanfar an fhaisnéis ábhartha seo a leanas a mhalartú go leictreonach díreach leis na Ballstáit eile, agus más iomchuí, leis an gCoimisiún nó leis an gcomhlacht arna ainmniú aige, go háirithe:

(a)faisnéis as na nótaí díolacháin a chur chuig an mBallstát brataí i gcás ina dtagann an chéad díol as soitheach iascaireachta de chuid Ballstáit eile;

(b)faisnéis as an dearbhú glactha freagrachta i gcás ina stóráiltear an tiasc i mBallstát seachas an Ballstát brataí nó Ballstát an teacht i dtír;

(c)faisnéis as na nótaí díolacháin agus as an dearbhú glactha freagrachta a chur chuig an mBallstát sin inar tugadh na gabhálacha i dtír;

(d)doiciméid iompair a chur chuig an mBallstát brataí, chuig an mBallstát is ceann scríbe agus chuig an mBallstát idirthurais;

(e)tuarascálacha cigireachta agus faireachais;

(f)clár náisiúnta na sáruithe.”

---------------------------------------------------------------------------------------

(*) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).”

(80)cuirtear isteach an tAirteagal 111a seo a leanas:

Airteagal 111a

Rialacha aonfhoirmeacha maidir le forálacha i dtaobh sonraí a chur chun feidhme

Chun críche Airteagal 110 agus Airteagal 111 a chur chun feidhme, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis an méid seo a leanas:

cáilíocht na sonraí, comhlíonadh na sprioc-amanna faoina ndéanfaidh oibreoirí sonraí a thíolacadh, bailíochtú na sonraí, lena náirítear cros-seiceálacha, anailísí agus fíorú;

sonraí a mhalartú idir na Ballstáit;

rochtain ar na sonraí a bheith ag an gCoimisiún agus ag an gcomhlacht arna ainmniú aige;

rochtain ar na sonraí a bheith ag comhlachtaí eolaíocha an Aontais agus ag Eurostat;

idir-inoibritheacht agus caighdeánú na mbunachar sonraí;

na sonraí a liostaítear in Airteagal 110(1) agus (2), lena náirítear coimircí sonracha breise maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus rialacha slándála is infheidhme maidir leis na bunachair sonraí.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 119(2).”

(81)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 112:

Airteagal 112

Sonraí pearsanta a chosaint

1.Féadfaidh sonraí pearsanta a bheith sna sonraí dá dtagraítear in Airteagal 110(1) ach amháin sna sonraí dá dtagraítear i mír 1(b)(viii) agus in Airteagal 110(2).

2. Féadfaidh an Coimisiún sonraí pearsanta a bhfuil rochtain aige orthu de bhun Airteagal 110(1) agus (2) a phróiseáil chun na gcríoch seo a leanas:

(a)faireachán a dhéanamh ar dheiseanna iascaireachta, lena náirítear ídiú an chuóta;

(b)sonraí a bhailíochtú;

(c)faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí iascaireachta atá ar bun ag soithí iascaireachta de chuid an Aontais, nó ar ghníomhaíochtaí iascaireachta atá ar bun ag soithí in uiscí an Aontais;

(d)faireachán a dhéanamh ar an rialú a dhéanann na Ballstáit ar ghníomhaíochtaí iascaireachta agus sa slabhra soláthair;

(e)cigireachtaí, fíorúcháin, iniúchtaí agus fiosrúcháin;

(f)comhaontuithe idirnáisiúnta agus bearta caomhnaithe a ullmhú agus iad a chomhlíonadh;

(g)meastóireachtaí ar bheartais agus measúnuithe tionchair;

(h)taighde eolaíoch agus comhairle eolaíoch;

(i)fiosrúcháin a bhfuil baint acu le gearáin agus le sáruithe.

3.Sonraí pearsanta atá san fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 110(1) agus (2), ní dhéanfar iad a stóráil ar feadh tréimhse níos faide ná 5 bliana, ach amháin i gcás sonraí pearsanta is gá le go bhféadfar gearán, sárú, cigireacht, fíorú nó iniúchadh nó imeachtaí riaracháin nó breithiúnacha atá ar siúl a fhiosrú, sonraí a fhéadfar a choinneáil ar feadh 10 mbliana. Má dhéantar an fhaisnéis a liostaítear in Airteagal 110(1) agus (2) a choinneáil ar feadh tréimhse níos faide, ba cheart na sonraí sin a dhéanamh anaithnid.

4.Measfar gur rialaitheoir mar a shainmhínítear in Airteagal 4(7) de Rialachán (AE) 2016/679(*) iad na Ballstáit maidir le sonraí pearsanta a bhailíonn siad de bhun an Rialacháin seo a phróiseáil.

5.Measfar gur rialaitheoir mar a shainmhínítear i bpointe (b) d’Airteagal 3(2) de Rialachán (AE) 2018/2018 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(**) é an Coimisiún maidir le sonraí pearsanta a bhailíonn sé de bhun Airteagal 110(1) agus (2) den Rialachán seo a phróiseáil.

6. Déanfaidh an Coimisiún nó an comhlacht arna ainmniú aige agus údaráis an Bhallstáit slándáil na próiseála a dhéanfar ar shonraí pearsanta de bhun chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a áirithiú. Oibreoidh an Coimisiún nó an comhlacht arna ainmniú aige agus údaráis an Bhallstáit i gcomhar le chéile maidir leis na cúraimí a bhaineann leis an tslándáil.

7.Glacfaidh an Coimisiún, go háirithe, na bearta is gá, lena náirítear plean slándála, plean leanúnachais gnó agus plean athshlánaithe ó thubaiste, chun an méid seo a leanas a bhaint amach:

(a)sonraí a chosaint go fisiciúil, lena náirítear trí phleananna teagmhasacha a dhéanamh chun bonneagar criticiúil a chosaint;

(b)léamh, cóipeáil, modhnú nó scriosadh neamhúdaraithe ar mheáin ar a mbeidh sonraí stóráilte a chosc;

(c)iontráil neamhúdaraithe sonraí maille le hiniúchadh, modhnú nó scriosadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta atá ar taifead, a chosc;

(d)próiseáil neamhúdaraithe sonraí, maille le cóipeáil, modhnú nó scriosadh neamhúdaraithe sonraí, a chosc;

(e)a áirithiú nach mbeidh rochtain ag na daoine a bhfuil údarú rochtana acu ar na bunachair sonraí ábhartha iascaigh ach ar na sonraí sin atá cumhdaithe faoina núdarú rochtana, trí chéannacht úsáideora ar leithligh agus modhanna rochtana rúnda amháin a úsáid;

(f)a áirithiú gur féidir é a fhíorú agus a shuíomh cé na comhlachtaí a fhéadfar sonraí pearsanta a chur chucu, cé na sonraí a próiseáladh sna bunachair sonraí ábhartha iascaigh, cén uair a próiseáladh iad, cé a phróiseáil iad agus cad chuige;

(g)léamh, cóipeáil, modhnú nó scriosadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta, go háirithe le teicnící criptithe iomchuí, agus sonraí pearsanta á dtarchur chuig na bunachair sonraí ábhartha iascaigh nó uathu, nó le linn iompar meán sonraí;

(h)faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht na mbeart slándála dá dtagraítear sa mhír seo agus na bearta eagrúcháin um fhaireachán inmheánach is gá a dhéanamh chun a áirithiú go bhfuil siad i gcomhréir leis an Rialachán seo.

8.Déanfaidh na Ballstáit bearta atá coibhéiseach leis na bearta sin dá dtagraítear i mír 7 maidir le slándáil i leith próiseáil sonraí pearsanta ag na húdaráis a bhfuil an ceart acu aon cheann de na bunachair sonraí ábhartha iascaigh comhpháirteanna a rochtain.

(*) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(**)Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (COM (2017)8 final, 10.1.2017)”

(82)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 114 agus Airteagal 115:

Airteagal 114

Suíomh gréasáin oifigiúil

“Chun críche an Rialacháin seo, déanfaidh gach Ballstát suíomh gréasáin oifigiúil a bhunú agus a thabhairt cothrom le dáta le haghaidh oibreoirí agus an phobail i gcoitinne agus beidh an fhaisnéis a liostaítear in Airteagal 115 ar a laghad tugtha ar an suíomh gréasáin sin.

Airteagal 115

Inneachar an tsuímh gréasáin

Déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis seo a leanas a fhoilsiú gan mhoill ar a suíomh gréasáin, nó cuirfidh siad nasc díreach leis an bhfaisnéis sin ar fáil ar a suíomh gréasáin:

(a)ainmneacha agus seoltaí na núdarás inniúil atá freagrach as ceadúnais iascaireachta, agus údaruithe iascaireachta dá dtagraítear in Airteagal 7, a eisiúint;

(b)liosta de na calafoirt a ainmníodh chun críche trasloingsithe, ar a sonrófar a nuaireanta oibre, dá dtagraítear in Airteagal 20;

(c)mí amháin tar éis theacht i bhfeidhm plean ilbhliantúil, agus tar éis an plean sin a bheith formheasta ag an gCoimisiún, liosta de na calafoirt a ainmníodh, ar a sonrófar a nuaireanta oibre dá dtagraítear in Airteagal 43, agus faoi cheann 30 lá ina dhiaidh sin, na coinníollacha gaolmhara maidir le cainníochtaí na speiceas a thaifeadadh agus a thuairisciú faoin bplean ilbhliantúil maidir le gach tabhairt i dtír;

(d)an cinneadh lena mbunaítear an cosc fíor-ama, agus lena sainítear limistéar geografach na meánna sin a ndéanfaidh an cosc difear dóibh, an fad a mhairfidh an cosc agus na coinníollacha lena rialófar an tiascach sa limistéar sin le linn an choisc, dá dtagraítear in Airteagal 53(2);

(e)na sonraí teagmhála maidir le logleabhair iascaireachta, réamhfhógraí, dearbhuithe trasloingsithe, dearbhuithe maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír, nótaí díolacháin, dearbhuithe glactha freagrachta agus doiciméid iompair dá dtagraítear in Airteagail 14, 17, 20, 23, 55, 62, 66 agus 68 a tharchur nó a thíolacadh;

(f)léarscáil ar a bhfuil comhordanáidí an limistéir ina bhfuil cosc fíor-ama sealadach dá dtagraítear in Airteagal 54 i bhfeidhm, ar a sonrófar an fad a mhairfidh an cosc agus na coinníollacha lena rialófar an tiascach sa limistéar sin le linn an choisc;

(g)an cinneadh maidir le hiascach a chosc faoi Airteagal 35 agus na mionsonraí uile is gá;

(h)liosta de na limistéir srianta iascaireachta agus na srianta comhfhreagracha;

(i)liosta de na meádóirí cláraithe, ar a sonrófar an calafort agus an tsaoráid mheáite i gcomhréir le hAirteagal 59a.”

(83)scriostar Airteagal 116.

(84)in Airteagal 117, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir le cúnamh frithpháirteach a bhaineann leis na nithe a leanas:

(a)comhar riaracháin idir na Ballstáit, tríú tíortha, an Coimisiún agus an comhlacht arna ainmniú aige;

(b)na costais maidir le hiarrataí a dhéanamh ar chúnamh;

(c)ainmniú údarás aonair na mBallstát;

(d)bearta leantacha arna ndéanamh ag údaráis náisiúnta maidir le malartú faisnéise a chur in iúl;

(e)iarrataí ar chúnamh, lena náirítear iarrataí ar fhaisnéis, iarrataí ar bhearta agus iarrataí ar fhógraí riaracháin agus socrú sprioc-amanna maidir le freagraí;

(f)faisnéis gan réamh-iarraidh;

(g)caidreamh na mBallstát leis an gCoimisiún agus le tríú tíortha.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 119(2).”

(85)in Airteagal 118, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir le hinneachar agus formáid na dtuarascálacha ó na Ballstáit.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 119(2).”

(86)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 119:

Airteagal 119

Nós imeachta coiste

1.Tabharfaidh an Coiste um Iascach agus Dobharshaothrú a bunaíodh le hAirteagal 47 de Rialachán (AE) 1380/2013 cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*).

2.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(*)Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13)”

(87)cuirtear isteach an tAirteagal 119a seo a leanas:

Airteagal 119a

An tarmligean a fheidhmiú

1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.Déanfar tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagail 7(6), 9(7), 9a(4), 15a(1), 17(6), 21(6), 22(4), 24(5), 39a(4), 58(9), 59a(4), 60a(1) agus (2), 73(9), 74(6), 75(2), 92(10), 93a(3), agus 107(4) a thabhairt ar feadh tréimhse neamhchinntithe.

3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagail 7(6), 9(7), 9a(4), 15a(1), 17(6), 21(6), 22(4), 24(5), 39a(4), 58(9), 59a(4), 60a(1) agus (2), 73(9), 74(6), 75(2), 92(10), 93a(3), agus 107(4) a chúlghairm am ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagail 7(6), 9(7), 9a(4), 15a(1), 17(6), 21(6), 22(4), 24(5), 39a(4), 58(9), 59a(4), 60a(1) agus (2), 73(9), 74(6), 75(2), 92(10), 93a(3), agus 107(4) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó, más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear 2 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.”

(88)scriostar Iarscríbhinn I.

(89)cuirtear na téacsanna a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo isteach mar Iarscríbhinn III agus Iarscríbhinn IV.

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 768/2005

(1)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

Airteagal 1

Cuspóir

1.Is é a bhunaítear leis an Rialachán seo Gníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach (“an Ghníomhaireacht”) chun rialú ardleibhéil aonfhoirmeach éifeachtach agus comhlíonadh rialacha an Chomhbheartais Iascaigh, lena náirítear an ghné sheachtrach de, a áirithiú.

2.Chuige sin, oibreoidh an Ghníomhaireacht i gcomhar leis na Ballstáit agus leis an gCoimisiún agus cuirfidh sé cúnamh teicniúil, oibríochtúil agus eolaíoch ar fáil dóibh maidir leis na réimsí a luaitear i mír 1 den Airteagal seo laistigh de theorainneacha na misean agus na gcúraimí a leagtar amach i gCaibidil II.”

(2)leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

“(e)cabhrú leis na Ballstáit agus leis an gCoimisiún cur i bhfeidhm an chomhbheartais iascaigh a chuíchóiriú;”

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):

“(f)cabhrú le hobair na mBallstát agus an Choimisiúin maidir le taighde agus forbairt teicnící rialaithe agus cigireachta agus taighde a thionscnamh i bhforbairt teicnící rialaithe agus cigireachta;”

(c)cuirtear isteach an pointe (k) seo a leanas:

“(k)cabhrú leis an gCoimisiún cúraimí a chur i gcrích a sannadh dó i ngníomhartha reachtacha de chuid an Aontais maidir le cuspóirí na Gníomhaireachta.”

(3)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16:

“Airteagal 16

Sonraí agus faisnéis a mhalartú agus a phróiseáil

1. Déanfaidh an Coimisiún, an Ghníomhaireacht agus údaráis inniúla na mBallstát sonraí agus faisnéis ábhartha atá ar fáil dóibh maidir le gníomhaíochtaí comhpháirteacha rialaithe agus cigireachta in uiscí an Aontais agus in uiscí idirnáisiúnta a mhalartú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

2.Déanfaidh an Ghníomhaireacht, i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha an Aontais, bearta chun a áirithiú go ndéanfar rúndacht na faisnéise a fhaightear de bhun an Rialacháin seo a chosaint go cuí i gcomhréir le hAirteagal 113 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

3.Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2018/XX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(*) maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag an nGníomhaireacht.

4.Maidir le próiseáil sonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 110(1) agus (2) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, measfar gur rialaitheoir mar a shainmhínítear i bpointe (b) d’Airteagal 3(2) de Rialachán (AE) 2018/XX í an Ghníomhaireacht.

5.Déanfaidh an Ghníomhaireacht sonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 110(1) agus (2) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 a phróiseáil chun críche rialuithe agus cigireachtaí a chomhordú, cabhrú leis na Ballstáit agus leis an gCoimisiún a gcúraimí a chur i gcrích faoin gcomhbheartas iascaigh, agus oibríochtaí a chomhordú chun an iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chomhrac.

6.Sonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 110(1) agus (2) de Rialachán (CE) 1224/2009, ní dhéanfar iad a stóráil ar feadh tréimhse níos faide ná 5 bliana, ach amháin i gcás sonraí pearsanta is gá le go bhféadfar gearán, sárú, cigireacht, fíorú nó iniúchadh nó imeachtaí riaracháin nó breithiúnacha atá ar siúl a fhiosrú, sonraí a fhéadfar a choinneáil ar feadh 10 mbliana.

Má dhéantar an fhaisnéis a choinneáil ar feadh tréimhse níos faide, ba cheart na sonraí sin a dhéanamh anaithnid.

7.Ní dhéanfar na sonraí pearsanta seo a leanas atá i sonraí maidir le gníomhaíochtaí iascaigh a tharchur chuig tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta ach amháin i gcomhréir le Caibidil V de Rialachán (AE) 2018/XX agus i gcomhréir le comhaontú leis an tríú tír sin nó leis na rialacha is infheidhme atá ag an eagraíocht idirnáisiúnta sin.

(*)Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (COM (2017)8 final, 10.1.2017)”

(4)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17a:

Airteagal 17a

Oifigigh na Gníomhaireachta a cheapadh mar chigirí de chuid an Aontais

Féadfar oifigigh de chuid na Gníomhaireachta a cheapadh mar chigirí de chuid an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 79 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.”

(5)in Airteagal 23, leasaítear mír 2 mar seo a leanas:

(a)i bpointe (b), cuirtear ‘30 Meitheamh’ in ionad ‘30 Aibreán’.

(b)cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(i) a áirithiú go ndéanfar na torthaí agus na moltaí a thagann as na meastóireachtaí a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 39 a fhiosrú go cuí in imscrúduithe de chuid na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF) agus in iniúchtaí inmheánacha agus seachtracha.”

(6)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 26:

Airteagal 26

Cruinnithe

1.Is é an Cathaoirleach a chomórfaidh cruinnithe an Bhoird Riaracháin. Is é an Cathaoirleach a chinnfidh an clár oibre, agus cuirfidh sé san áireamh na tograí ó chomhaltaí an Bhoird Riaracháin agus Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta.

2.Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus an tionadaí arna cheapadh ag an mBord Comhairleach páirteach sa phlé ach ní bheidh ceart vótála acu.

3.Beidh gnáthchruinniú ag an mBord Riaracháin uair amháin sa bhliain ar a laghad. Lena chois sin, tiocfaidh an Bord le chéile ar thionscnamh an Chathaoirligh nó arna iarraidh sin don Choimisiún nó d’aon trian de na Ballstáit a bhfuil ionadaíocht acu ar an mBord Riaracháin.

4.Féadfaidh an Bord Riaracháin a iarraidh ar ionadaí institiúidí ábhartha de chuid an Aontais freastal ar na cruinnithe.

5.Féadfaidh an Bord Riaracháin a iarraidh ar aon duine ar díol spéise a thuairim freastal ar a chuid cruinnithe i gcáil breathnóra.

6.I gcás ina mbeidh ceist rúndachta ann nó coinbhleacht leasa, féadfaidh an Bord Riaracháin a chinneadh míreanna sonracha ar chlár oibre a scrúdú gan an tionadaí arna cheapadh ag an mBord Comhairleach, na hionadaithe arna gceapadh ag na hinstitiúidí ábhartha de chuid an Aontais dá dtagraítear i mír 4 agus an duine nó na daoine dá dtagraítear i mír 5, a bheith i láthair. Déanfar rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm na forála seo a leagan síos sna rialacha nós imeachta.

7.Faoi réir fhorálacha rialacha nós imeachta an Bhoird Riaracháin, féadfaidh comhaltaí an Bhoird Riaracháin cúnamh a fháil ó chomhairleoirí nó ó shaineolaithe.

8.Cuirfidh an Ghníomhaireacht rúnaíocht ar fáil don Bhord Riaracháin.”

(7)in Airteagal 29(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a) ullmhóidh sé an dréachtchlár oibre bliantúil agus an dréachtchlár oibre ilbhliantúil agus cuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird Riaracháin iad tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit. Déanfaidh sé na bearta is gá chun an clár oibre bliantúil agus an clár oibre ilbhliantúil a chur chun feidhme laistigh de na teorainneacha atá sonraithe sa Rialachán seo, sna rialacha cur chun feidhme agus in aon dlí is infheidhme;”

(8)in Airteagal 35, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.Is é a bheidh in ioncam na Gníomhaireachta, gan dochar do chineálacha eile ioncaim:

(a)ranníocaíocht ón Aontas, arna hiontráil i mbuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh (roinn an Choimisiúin);

(b)na muirir i leith seirbhísí arna soláthar ag an nGníomhaireacht do na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 6;

(c)muirir ar fhoilseacháin, ar oiliúint agus/nó ar aon seirbhísí eile arna soláthar ag an nGníomhaireacht;

(d)cistiú ón Aontas i bhfoirm comhaontuithe tarmligin nó deontais ad hoc i gcomhréir le rialacha airgeadais na Gníomhaireachta dá dtagraítear in Airteagal 38 agus le forálacha na nionstraimí ábhartha a thacaíonn le beartais an Aontais.”

(9)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 39:

Airteagal 39

Meastóireacht

1.Déanfar meastóireacht ar an nGníomhaireacht laistigh de thréimhse cúig bliana ón dáta a thosaigh sí ar a cuid dualgas a chomhlíonadh, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin. Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht sheachtrach neamhspleách a choimisiúnú chun an méid seo a leanas, go háirithe, a mheas:

(a)na torthaí a bhain an Ghníomhaireacht amach ag féachaint dá cuspóirí, dá misean agus dá cúraimí;

(b)tionchar, éifeachtacht agus éifeachtúlacht fheidhmíocht na Gníomhaireachta agus a cleachtas oibre i ndáil lena cuspóirí, lena misean agus lena cúraimí.

2.Déanfaidh an Coimisiún an tuarascáil mheastóireachta, agus a chonclúidí maidir leis an tuarascáil, a chur chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an mBord Riaracháin. Féadfaidh an Bord Riaracháin moltaí a eisiúint chun an Choimisiúin maidir le hathruithe ar an Rialachán seo. Poibleofar an tuarascáil mheastóireachta agus na conclúidí maidir leis an tuarascáil.”

Airteagal 3

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 mar seo a leanas:

(1)in Airteagal 17, scriostar mír 2 go mír 6.

(2)in Airteagal 20(1), scriostar an dara habairt.

(3)scriostar Airteagal 21.

Airteagal 4

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 mar a leanas:

(1)i dteideal an Rialacháin, sna hAirteagail, i gceannteidil na nAirteagal agus na gCaibidlí agus sna hIarscríbhinní, cuirtear ‘an tAontas’, agus aon athruithe gramadaí ba cheart a dhéanamh air, in ionad ‘an Comhphobal’ nó na haidiachta comhfhreagraí.

(2)in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 17:

“17.ciallaíonn ‘amharc’ aon soitheach iascaireachta atá i mbun gníomhaíochtaí ar féidir a mheas gur gníomhaíochtaí iascaireachta NNN iad i gcomhréir le forálacha Airteagal 3 atá tugtha faoi deara ag údarás inniúil Ballstáit atá freagrach as cigireachtaí a dhéanamh ar muir, nó ag máistir soithigh iascaireachta Comhphobail nó tríú tír.”

(3)leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

“Airteagal 3

Soithí iascaireachta atá i mbun iascaireacht NNN

Glacfar leis go bhfuil soitheach iascaireachta i mbun iascaireacht NNN más léir, ainneoin na mbeart caomhnaithe agus bainistíochta is infheidhme sa limistéar iascaireachta lena mbaineann, go ndearna sé ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas:

gníomhaíochtaí a liostaítear i bpointe (a) go pointe (n) d’Airteagal 90(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, nó

gníomhaíochtaí a meastar gur sáruithe tromchúiseacha iad de bhun phointí (a), (c), (e), (f) agus (i) d’Airteagal 90(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.”

(4)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

Airteagal 10

Nós imeachta cigireachta

Chun críche chomhlíonadh na ndlíthe, na rialachán agus na mbeart caomhnaithe agus bainistíochta idirnáisiúnta ábhartha a fhíorú, cuirfidh na Ballstáit forálacha Chaibidil I de Theideal VII de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 i bhfeidhm.”

(5)in Airteagal 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mhír 2:

“1.Más rud é go dtugann an fhaisnéis a bhailítear le linn cigireachta fianaise a fhágann go gcreideann an toifigeach go raibh soitheach iascaireachta i mbun iascaireacht NNN i gcomhréir le hAirteagal 3, déanfaidh an toifigeach an méid seo a leanas:

(1)an sárú amhrasta a thaifeadadh sa tuarascáil chigireachta;

(2)gach beart is gá a dhéanamh lena áirithiú go gcosnófar an fhianaise a bhaineann le sárú amhrasta den sórt sin;

(3)an tuarascáil chigireachta a chur láithreach chuig an údarás inniúil.

2.Más rud é go dtugann torthaí na cigireachta fianaise go raibh soitheach iascaireachta tríú tír i mbun iascaireacht NNN i gcomhréir le hAirteagal 3, ní thabharfaidh údarás inniúil Bhallstát an chalafoirt cead do na soithí sin a ngabhálacha a thabhairt i dtír ná a thrasloingsiú ná rochtain a thabhairt dóibh ar sheirbhísí an chalafoirt.”

(6)cuirtear isteach Airteagal 12a go hAirteagal 12e mar seo a leanas:

Airteagal 12a

Córas ríomhairithe comhtháite chun faisnéis a mhalartú, a bhainistiú agus a stóráil, a thíolacadh agus a bhailíochtú agus bainistiú cainníochtaí faoin scéim deimhnithe gabhála maidir le táirgí iascaigh a allmhairiú agus a onnmhairiú (CATCH)

1.Chun go bhféadfar bainistiú, láimhsiú, stóráil agus malartú comhtháite a dhéanamh ar fhaisnéis agus ar dhoiciméid atá ábhartha maidir le seiceálacha oifigiúla, fíorúcháin, rialuithe agus gníomhaíochtaí oifigiúla ábhartha eile a bhaineann le táirgí iascaigh a allmhairiú agus a onnmhairiú, bunóidh an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 12b go hAirteagal 12d, córas digiteach bainistíochta faisnéise (CATCH) don scéim deimhnithe gabhála. Déanfar CATCH a chomhtháthú sa Chóras Bainistíochta Faisnéise le haghaidh Rialuithe Oifigiúla (CBFRO) a bhunaítear le Rialachán 2017/625(*).

2.Bainfear leas as CATCH chun na malartuithe faisnéise uile a dhéanamh idir an tallmhaireoir agus údaráis inniúla na mBallstát, idir údaráis inniúla na mBallstát nó idir údaráis inniúla na mBallstát agus an Coimisiún, mar a fhoráiltear sa Rialachán seo, maidir le hallmhairiú táirgí iascaigh agus na seiceálacha gaolmhara, bainistiú riosca, fíorúcháin agus rialuithe, doiciméid amhail dearbhuithe an allmhaireora, deimhnithe gabhála, dearbhuithe agus údaruithe trasloingsithe, ráitis, iarratais nó cinntí maidir le próiseáil.

3.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 54b maidir leis na cásanna inar féidir díolúintí sealadacha ó chur i bhfeidhm mhír 3 den Airteagal seo a bhunú agus maidir leis na coinníollacha faoina mbunófar iad.

4.Bainfidh údaráis inniúla na mBallstát leas as an bhfaisnéis a dhéanfaidh allmhaireoirí a thíolacadh trí chóras CATCH, a bhunaítear faoi mhír 16(1), chun bainistiú a dhéanamh ar chainníochtaí agus, bunaithe ar bhainistiú riosca, seiceálacha agus fíorúcháin a dhéanamh agus chun cinntí a dhéanamh mar a fhoráiltear sa Chaibidil seo agus chun gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme a ghlacadh dá dtagraítear sa Chaibidil seo agus in Airteagal 54a den Rialachán seo.

Airteagal 12b

Feidhmiúlachtaí ginearálta CATCH

Fágfaidh CATCH:

(a)    go bhféadfar faisnéis, sonraí agus doiciméid is gá le haghaidh seiceálacha, bainistiú riosca, fíorúcháin, rialuithe agus cinntí dá dtagraítear sa Chaibidil seo, sna rialacha gaolmhara i Rialachán (CE) Uimh. 1010/2009 ón gCoimisiún, agus i ngníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme dá dtagraítear sa Chaibidil seo agus in Airteagal 54a den Rialachán seo, a thíolacadh, a láimhsiú, a bhainistiú agus a mhalartú go leictreonach idir údaráis inniúla na mBallstát, idir údaráis inniúla na mBallstát agus an Coimisiún agus, más iomchuí, idir údaráis inniúla na mBallstát agus an Coimisiún agus údaráis inniúla na Stát brataí, tíortha próiseála agus tríú tíortha eile lena mbaineann, allmhaireoirí agus onnmhaireoirí;

(b)    go mbeidh sásra bainistíochta cainníochtaí ann, lena náiritheofar nach mbeidh an táirgemheáchan arna dhearbhú ag allmhaireoirí maidir le hallmhairí faoi dheimhniú gabhála amháin níos airde ná an meáchan a thaifeadtar agus a bhailíochtaítear sa deimhniú gabhála sin;

(c)    go mbeidh deis ann faisnéis, sonraí agus doiciméid atá ábhartha maidir le táirgí iascaigh a allmhairiú agus a onnmhairiú i gcomhréir le forálacha na Caibidle seo, agus leis na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme dá dtagraítear sa Chaibidil seo agus in Airteagal 54a den Rialachán seo, a mhalartú le húdaráis Ballstát eile agus le húdaráis chustaim na mBallstát trí ionad ilfhreastail an Aontais Eorpaigh;

(d)    go mbeidh deis ann rioscaí a bhainistiú agus a anailísiú go leictreonach.

Airteagal 12c

An chaoi a bhfeidhmeoidh CATCH

I gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos maidir le CBFRO, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir leis an gcaoi a bhfeidhmeoidh CATCH agus is é a leagfar síos iontu:

(a)sonraíochtaí teicniúla CATCH mar chomhpháirt de chóras CBFRO, lena náirítear an sásra do mhalartú leictreonach sonraí lena ndéantar sonraí a mhalartú le córais náisiúnta atá ann cheana, sainaithint na gcaighdeán is infheidhme, sainmhíniú ar struchtúir teachtaireachtaí, foclóirí sonraí, malartú prótacal agus nósanna imeachta;

(b)na rialacha sonracha maidir le feidhmiú CATCH agus feidhmiú chomhpháirteanna an chórais chun a áirithiú go ndéanfar sonraí pearsanta agus malartú faisnéise a chosaint;

(c)socruithe teagmhasacha atá le cur i bhfeidhm i gcás nach bhfuil aon cheann d'fheidhmiúlachtaí CATCH ar fáil;

(d)na cásanna inar féidir páirt-rochtain ar fheidhmiúlachtaí CATCH a thabhairt do thríú tíortha agus d’eagraíochtaí réigiúnacha um bainistíocht iascaigh dá dtagraítear in Airteagal 13 den Rialachán seo, na coinníollacha faoinar féidir sin a dhéanamh agus na socruithe praiticiúla maidir le rochtain den sórt sin;

(e)na rialacha faoina bhféadfaidh na húdaráis inniúla glacadh le doiciméid leictreonacha, lena náirítear an síniú leictreonach, arna mbailíochtú nó arna bhformhuiniú ag údaráis tríú tíortha;

(f)na teimpléid, na foirmeacha agus na rialacha, lena náirítear na foirmeacha leictreonacha, chun doiciméid oifigiúla dá bhforáiltear faoin Rialachán seo a eisiúint, seachas an múnla dá bhforáiltear in Iarscríbhinn II agus san Aguisín a ghabhann léi, agus an fhoirm dá bhforáiltear in Iarscríbhinn IV den Rialachán seo.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 54(2).

Airteagal 12d

Sonraí pearsanta a chosaint

1.Maidir leis an méid sonraí pearsanta mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2016/679 a bheidh san fhaisnéis a phróiseáiltear trí CATCH, beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(**) agus Rialachán (AE) 2018/XX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(***).

2.Measfar gur rialaitheoirí mar a shainmhínítear in Airteagal 4(7) de Rialachán (AE) 2016/679 iad údaráis inniúla na mBallstát maidir leis an bhfreagracht atá orthu an fhaisnéis ábhartha a tharchur chuig CATCH agus aon sonraí pearsanta a bheadh ann de thoradh na gníomhaíochta sin a phróiseáil.

3.Measfar gur rialaitheoir mar a shainmhínítear i bpointe (b) d’Airteagal 3(2) de Rialachán (AE) 2018/XX é an Coimisiún maidir leis an bhfreagracht atá air CATCH a bhainistiú agus aon sonraí pearsanta a bheadh ann de thoradh na gníomhaíochta sin a phróiseáil.

Áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún go gcomhlíonfaidh CATCH na rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta a leagtar síos faoi Airteagal 134 agus Airteagal 135 de Rialachán (AE) 2017/625.

Airteagal 12e

Slándáil sonraí

(7)Áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún go gcomhlíonfaidh CATCH na rialacha maidir le slándáil sonraí a leagtar síos faoi Airteagal 134 agus Airteagal 136 de Rialachán (AE) 2017/625.

(8)in Airteagal 14, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.D’fhonn táirgí iascaigh ar aon choinsíneacht amháin iad, agus a próiseáladh i dtríú tír, a allmhairiú, déanfaidh an tallmhaireoir ráiteas arna shuíomh ag an monarcha phróiseála sa tríú tír sin agus arna fhormhuiniú ag na húdaráis inniúla i gcomhréir leis an bhfoirm in Iarscríbhinn IV a chur faoi bhráid údaráis an Bhallstáit is allmhaireoir agus beidh an teolas seo a leanas sa ráiteas sin:

(a)tuairisc bheacht ar na táirgí próiseáilte agus neamhphróiseáilte agus na cainníochtaí díobh faoi seach;

(b)ráiteas ina dtabharfar le fios go ndearnadh na táirgí próiseáilte a phróiseáil sa tríú tír sin as gabhálacha a bhfuil deimhnithe gabhála atá bailíochtaithe ag an Stát brataí ag gabháil leo; agus

(c)beidh ag gabháil leo:

(i)    an deimhniú gabhála nó na deimhnithe gabhála bunaidh i gcás inar úsáideadh iomlán na ngabhálacha lena mbaineann chun na táirgí iascaigh a onnmhairíodh in aon choinsíneacht amháin a phróiseáil; nó

(ii)    an deimhniú gabhála nó na deimhnithe gabhála bunaidh i gcás inar úsáideadh cuid de na gabhálacha lena mbaineann chun na táirgí iascaigh a onnmhairíodh in aon choinsíneacht amháin a phróiseáil.

Chun críocha éascaithe trádála, ní gá d’údaráis inniúla an ráiteas a fhormhuiniú más rud é:

(d)gur soithí iascaireachta a bhfuil bratach na tíre inar próiseáladh na táirgí sin ar foluain orthu a ghabh na táirgí iascaigh lena mbaineann, agus;

(e)go bhfuil údarás inniúil an fhormhuinithe díreach mar an gcéanna le húdarás inniúil an Stáit brataí maidir le deimhniú gabhála a bhailíochtú mar a cuireadh in iúl don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 20(1) den Rialachán seo.

I gcás ina bhfuil na speicis lena mbaineann faoi réir scéim doiciméadaithe gabhálacha de chuid eagraíochtaí réigiúnacha um bainistíocht iascaigh atá aitheanta faoi Airteagal 13, féadfar deimhniú ath-onnmhairithe na scéime doiciméadaithe gabhálacha sin a chur in ionad an ráitis, ar choinníoll go bhfuil na ceanglais fógartha comhlíonta, dá réir, ag tríú tír na próiseála.

(*) Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1).

(**) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(***) Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (COM (2017)8 final, 10.1.2017).”

(9)in Airteagal 16, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.Allmhaireoir a allmhaireoidh táirgí iascaigh isteach san Aontas, déanfaidh sé an deimhniú gabhála a bhunaítear in Airteagal 12(4), na mionsonraí iompair a ghabhann leis a shonraítear san aguisín a ghabhann le hIarscríbhinn II, ráiteas na monarchan próiseála a bhunaítear in Airteagal 14(2) agus aon fhaisnéis eile a cheanglaítear in Airteagal 12, Airteagal 14 agus Airteagal 17, a chur go leictreonach trí CATCH chuig údaráis inniúla an Bhallstáit sin ina bhfuil sé beartaithe an táirge a allmhairiú. Is gá an deimhniú gabhála agus na mionsonraí iompair a ghabhann leis, ráiteas na monarchan próiseála agus aon fhaisnéis eile a cheanglaítear in Airteagal 12 agus Airteagal 14 a thíolacadh trí lá oibre, ar a laghad, roimh an am a mheastar a thiocfaidh na táirgí isteach ag an bpointe iontrála i gcríoch an Aontais. Féadfar an sprioc-am trí lá oibre a oiriúnú de réir an chineáil táirge iascaigh, an fhaid go dtí an pointe iontrála i gcríoch an Aontais nó na modhanna iompair a úsáidtear. Déanfaidh na húdaráis inniúla sin, ar bhonn bainistithe riosca, na doiciméid uile a thíolactar a sheiceáil, go háirithe an deimhniú gabhála i bhfianaise na faisnéise a tugadh san fhógra a fuarthas ón Stát brataí i gcomhréir le hAirteagal 20 agus Airteagal 22.”

(10)in Airteagal 27, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:

“8.Ní dhéanfar soithí iascaireachta Comhphobail a áireamh ar an liosta de shoithí NNN an Chomhphobail más rud é go bhfuil beart déanta ag an mBallstát brataí de bhun an Rialacháin seo agus Rialachán 1224/2009 i gcoinne sáruithe atá ina sáruithe tromchúiseacha mar a leagtar síos in Airteagal 42(1) gan dochar don bheart a rinne eagraíochtaí réigiúnacha um bainistíocht iascaigh.”

(11)cuirtear an méid seo a leanas in ionad cheannteideal Chaibidil IX:

“CAIBIDIL IX

IMEACHTAÍ AGUS FORFHEIDHMIÚ”

(12)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 42:

Airteagal 42

Sáruithe tromchúiseacha

“Chun críche an Rialacháin seo, is é a chiallaíonn “sárú tromchúiseach” aon sáruithe a liostaítear i bpointe (a) go pointe (n), pointe (o) agus pointe (p) d’Airteagal 90(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 nó a meastar gur sáruithe tromchúiseacha iad de bhun phointí (a), (c), (e), (f) agus (i) d’Airteagal 90(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.”

(13)cuirtear isteach an tAirteagal 42a seo a leanas:

Airteagal 42a

Imeachtaí i gcás sáruithe tromchúiseacha

Gan dochar d’Airteagal 11(4) agus Airteagal 50 den Rialachán seo, déanfaidh na Ballstáit forálacha Airteagal 85 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 a chur i bhfeidhm i gcás ina mbraitear sárú tromchúiseach.”

(14)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 43:

“Airteagal 43

Bearta lena náiritheofar comhlíonadh

1.Gan dochar do chumhachtaí na mBallstát imeachtaí coiriúla a thionscnamh agus smachtbhannaí coiriúla a fhorchur, déanfaidh na Ballstáit, i gcomhréir lena ndlí náisiúnta, bearta riaracháin agus smachtbhannaí a chur i bhfeidhm go córasach maidir leis an duine nádúrtha a rinne sáruithe tromchúiseacha, nó an duine dlítheanach atá faoi dhliteanas mar gheall ar sháruithe tromchúiseacha, mar a shainmhínítear sa Rialachán seo.

2.I gcás ina bhfuil amhras faoi dhuine nádúrtha go ndearna sé sárú tromchúiseach nó gur gabhadh é agus é i mbun sárú tromchúiseach, nó amhras faoi dhuine dlítheanach go bhfuil sé faoi dhliteanas mar gheall ar shárú tromchúiseach, i gcomhréir leis an Rialachán seo, déanfaidh na Ballstáit, i gcomhréir lena ndlí náisiúnta, na bearta ábhartha láithreach i gcomhréir le hAirteagal 91 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

3.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh duine nádúrtha a rinne sárú tromchúiseach, nó duine dlítheanach atá faoi dhliteanas mar gheall ar shárú tromchúiseach, inphionóis le smachtbhannaí éifeachtacha comhréireacha agus athchomhairleacha, i gcomhréir le forálacha Airteagail 89a, 91a, 91b agus 92a de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009. Déanfaidh na Ballstáit bearta a chur i bhfeidhm freisin i gcomhréir le hAirteagal 92 de Rialachán (AE) Uimh. 1224/2009.”

(15)scriostar Airteagal 44 go hAirteagal 47.

(16)cuirtear isteach an tAirteagal 54a agus an tAirteagal 54b seo a leanas:

Airteagal 54a

Na hIarscríbhinní a leasú

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 54b lena leasaítear Iarscríbhinn II agus an tAguisín a ghabhann léi agus Iarscríbhinn IV d’fhonn forbairtí idirnáisiúnta sna scéimeanna deimhnithe gabhálacha, ascnamh eolaíoch agus dul chun cinn teicniúil a chur san áireamh, lena náirítear oiriúnuithe maidir le CATCH a chur chun feidhme.

Airteagal 54b

An tarmligean a fheidhmiú

1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.Déanfar tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 12a(3) agus Airteagal 54a a thabhairt ar feadh tréimhse neamhchinntithe.

3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 12a(3) agus in Airteagal 54a a chúlghairm am ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 12a(3) agus Airteagal 54a i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó, más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear 2 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.”

(17)Cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn II agus an Aguisín a ghabhann léi.

(18)in Iarscríbhinn IV, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:

“Dearbhaím go ndearnadh na táirgí iascaigh próiseáilte: ... (tuairisc ar an táirge agus an cód san Ainmníocht Chomhcheangailte) a fháil ó ghabhálacha faoin deimhniú gabhála nó faoi na deimhnithe gabhála seo a leanas:”

Airteagal 5
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 2016/1139

I Rialachán (CE) Uimh. 2016/1139, scriostar Airteagal 12 agus Airteagal 13.

Airteagal 6
Teacht i bhfeidhm 

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagail 1, 3, 4 agus 5 ón [24 mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, IO L 354 28.12.2013, lch. 22.
(2)    Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle, IO L 343, 22.12.2009, lch. 1.
(3)    Rialachán (CE) Uimh. 768/2005 ón gComhairle, IO L 128, 21.5.2005, lch. 1.
(4)    Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle, IO L 268, 29.10.2008, lch. 1.
(5)    Rialachán (AE) Uimh. 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, IO L 347, 28.12.2017, lch. 1.
(6)    Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, IO L 354, 28.12.2013, lch. 22.
(7)    COM(2017) 192 final.
(8)    SWD(2017) 134 final.
(9)    Tuarascáil speisialta ón gCúirt Iniúchóirí, 'Rialuithe iascaigh an Aontais Eorpaigh: tuilleadh oibre ag teastáil'.
(10)    Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Deireadh Fómhair 2016 maidir le conas rialuithe iascaigh san Eoraip a dhéanamh aonfhoirmeach -http://www.europarl.europa.eu/sides/getDoc.do?pubRef=-//EP//TEXT+TA+P8-TA-2016-0407+0+DOC+XML+V0//EN.
(11)    Conclúidí ón gComhairle maidir le Tuarascáil Speisialta Uimh. 8/2017 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa - http://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-13323-2017-INIT/en/pdf.
(12)    https://www.efca.europa.eu/sites/default/files/EFCA %20Evaluation %20- %20Issuing %20of %20Recommendations.pdf
(13)     https://ec.europa.eu/info/sites/info/files/xiv3acontrol_of_eu_fisheries.pdf  
(14)    Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013, IO L 354, 28.12.2013, lch. 1.
(15)    JOIN(2016) 49 final.
(16)     COM(2018) 28 final 16.01.2018
(17)    SWD(2017) 155 final: Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Straitéis maidir le Margadh Aonair Digiteach don Eoraip.
(18)    COM(2017) 623 final - http://ec.europa.eu/regional_policy/sources/policy/themes/outermost-regions/pdf/rup_2017/com_rup_partner_en.pdf.
(19)    COM(2017) 192 final, http://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=COM:2017:192:FIN  
(20)    SWD(2017) 134 final  http://eur-lex.europa.eu/resource.html?uri=cellar:2c2f2554-0faf-11e7-8a35-01aa75ed71a1.0017.02/DOC_1&format=PDF  
(21)    https://ec.europa.eu/info/consultations/evaluation-fisheries-control-regulation_en
(22)    https://ec.europa.eu/fisheries/cfp/control_en
(23)    Ar fáil anseo : http://ec.europa.eu/transparency/regdoc/?fuseaction=ia.
(24)     Ar fáil anseo: https://ec.europa.eu/fisheries/cfp/control_en
(25)    Déanfar an Tuairim ón mBord um Ghrinnscrúdú Rialála i dteannta na tuarascála ar an measúnú tionchair agus an togra ón gCoimisiún a fhoilsiú i gClár Dhoiciméid an Choimisiúin, ar clár ar líne é (ar fáil anseo : http://ec.europa.eu/transparency/regdoc/?fuseaction=ia ).
(26)    IO C , , p. .
(27)    IO C , , p. .
(28)    Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).
(29)    Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe don Aontas d'fhonn comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 847/96, Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002, Rialachán (CE) Uimh. 811/2004, Rialachán (CE) Uimh. 768/2005, Rialachán (CE) Uimh. 2115/2005, Rialachán (CE) Uimh. 2166/2005, Rialachán (CE) Uimh. 388/2006, Rialachán (CE) Uimh. 509/2007, Rialachán (CE) Uimh. 676/2007, Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007, Rialachán (CE) Uimh. 1300/2008, Rialachán (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93, Rialachán (CE) Uimh. 1627/94 agus Rialachán (CE) Uimh. 1966/2006 (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1).
(30)    Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1184/2006 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 104/2000 ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 1).
(31)    Rialachán (AE) 2015/812 an 20 Bealtaine 2015 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2187/2005, (CE) Uimh. 1967/2006, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 2347/2002 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle, agus Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, maidir leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1434/98 ón gComhairle (IO L 133, 29.5.2015, p. 1).
(32)    Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1).
(33)    Rialachán cur chun feidhme (CE) Uimh. 931/2011 ón gCoimisiún an 19 Meán Fómhair 2011 maidir le gceanglais inrianaitheachta a leagtar amach le Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bia de bhunadh ainmhíoch (IO L 242, 20.9.2011, lch. 2).
(34)    Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun an iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93, Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001 agus Rialachán (CE) Uimh. 601/2004 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1093/94 agus Rialachán (CE) Uimh. 1447/1999 (IO L 286, 29.10.2008, lch. 1).
(35)    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí), (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(36)    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (COM (2017)8 críochnaitheach, 10.1.2017)
(37)    Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le cosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun críocha cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle, IO L 119, 4.5.2016, lch. 89.
(38)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(39)    Rialachán (CE) Uimh. 768/2005 ón gComhairle an 26 Aibreán 2005 lena mbunaítear Gníomhaireacht Chomhphobail um Rialú ar Iascach agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93 ón gComhairle lena mbunaítear córas um rialú is infheidhme maidir leis an gcomhbheartas iascaigh (IO L 128, 21.5.2005, lch. 1).
(40)    Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle an 21 Nollaig 2006 maidir le bearta bainistithe i leith saothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1626/94 (IO L 409, 30.12.2006, lch. 11).
(41)    Rialachán (AE) 2016/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na stoic troisc, scadáin agus saláin i Muir Bhailt agus don iascach a shaothraíonn na stoic sin, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007 (IO L 191, 15.7.2016, lch. 1).
Top

An Bhruiséil,30.5.2018

COM(2018) 368 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 1967/2006, (CE) Uimh. 1005/2008, agus Rialachán (AE) Uimh. 2016/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialú ar iascach

{SEC(2018) 267 final}
{SWD(2018) 279 final}
{SWD(2018) 280 final}


IARSCRBHINN I

Cuirtear Iarscríbhinn III agus Iarscríbhinn IV seo a leanas le Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009

"IARSCRÍBHINN III

POINTÍ A SHANNFAR DO SHEALBHÓIRÍ CHEADÚNAS IARCAIREACHTA AN AONTAIS NÓ DO MHÁISTRÍ DE CHUID AN AONTAIS I gCÁS SÁRUITHE TROMCHÚISEACHA

Líon

Sáruithe tromchúiseacha

Pointí

1

Gan na hoibleagáidí a chomhlíonadh maidir le sonraí a bhaineann le gníomhaíochtaí iascaireachta a thaifeadadh agus a thuairisciú, lena náirítear sonraí a bheidh le tarchur tríd an gcóras um fhaireachán soithí agus le réamhfhógraí, mar a cheanglaítear le rialacha an chomhbheartais iascaigh.

3

2 

Gan dearbhú gabhála nó dearbhú maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír a chur ar fáil don tríú tír agus gan cóip leictreonach de a sheoladh chuig na Ballstáit bhrataí mar a cheanglaítear le mír 1 d'Airteagal 30 de Rialachán (AE) 2017/2403.

3

3

Gan dearbhú maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír nó nóta díolacháin a tharchur chuig an mBallstát brataí i gcás inar tugadh an ghabháil i dtír i gcalafort tríú tír, nó gan dearbhú trasloingsithe nó dearbhú aistrithe a tharchur i gcás ina ndearnadh an oibríocht lasmuigh d'uiscí an Aontais.

3

4

Trealamh iascaireachta nach gcomhlíonann na rialacha a úsáid.

4

5

Gan na hoibleagáidí a bhaineann le trealamh iascaireachta a leagtar amach i rialacha an chomhbheartais iascaigh a úsáid.

4

6

Inneall nó gléasanna faireacháin na cumhachta innill leanúnaí a ionramháil d'fhonn cumhacht an innill a mhéadú thar an gcumhacht innill leanúnach uasta a luaitear ar dheimhniú chumhacht an innill.

5

7

Marcanna ar an soitheach iascaireachta nó ar an trealamh iascaireachta, nó sainaithint nó clárú soithigh iascaireachta, a bhrionnú nó a cheilt.

5

8

Doiciméid, sonraí nó faisnéis is gá faoi rialacha an chomhbheartais iascaigh a bhrionnú nó doiciméid, sonraí nó faisnéis bhrionnaithe nó neamhbhailí a úsáid, lena náirítear doiciméid, sonraí agus faisnéis dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle.

5

9

Fianaise maidir le himscrúdú a cheilt, an fhianaise sin a chur as a riocht nó í a scriosadh.

5

10

A lán sáruithe a dhéanamh atá, le chéile, ina neamhaird thromchúiseach ar bhearta caomhnaithe agus bainistíochta.

5

11

Mainneachtain a dhéanamh aon cheann de na gabhálacha róbheaga de shárú ar an reachtaíocht atá i bhfeidhm nó gabhálacha de speiceas atá faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a leagtar amach in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a thabhairt nó a choinneáil ar bord an tsoithigh iascaireachta, lena náirítear trí shleamhnú, agus iad a thrasloingsiú, a aistriú agus a thabhairt i dtír, mura rud é go mbeadh tabhairt agus coinneáil ar bord agus tabhairt i dtír na ngabhálacha sin ag teacht salach ar oibleagáidí, lena náirítear i gcás limistéir eagraíochtaí réigiúnacha um bainistíocht iascaigh, nó dá mbeidís faoi réir díolúintí dá bhforáiltear i rialacha an chomhbheartais iascaigh maidir leis an iascach nó na limistéir iascaireachta a bhfuil feidhm ag na rialacha sin iontu.

5

12

Dul i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta i limistéar de chuid eagraíochta réigiúnaí um bainistíocht iascaigh ar shlí nach bhfuil i gcomhréir le bearta caomhnaithe agus bainistíochta na heagraíochta sin.

5

13

Oibríochtaí aistrithe a chur i gcrích a sháraíonn rialacha an chomhbheartais iascaigh nó na bearta caomhnaithe agus bainistíochta is infheidhme arna nglacadh ag na heagraíochtaí réigiúnacha um bainistíocht iascaigh.

5

14

Teacht i dtír i gcalafoirt tríú tíortha gan réamhfhógra mar a thagraítear dó in Airteagal 19a den Rialachán seo; nó táirgí iascaigh a thagann as gníomhaíochtaí iascaireachta NNN a thabhairt i dtír.

5

15

Trealamh iascaireachta toirmiscthe a úsáid.

6

16

A bheith ag iascaireacht i limistéar srianta nó coiscthe, nó i limistéar athbhunaithe stoic éisc, nó le linn séasúr coiscthe, nó a bheith gan chuóta nó tar éis cuóta a bheith ídithe nó thar dhoimhneacht choiscthe.

6

17

A bheith ag iascaireacht gan ceadúnas, údarú nó cead bailí arna eisiúint ag an Stát brataí nó an Stát cósta ábhartha.

7

18

A bheith i mbun iascaireacht dhírithe speiceas atá faoi réir moratóra, faoi réir séasúr coiscthe nó a bhfuil sé toirmiscthe iascaireacht a dhéanamh orthu, na speicis sin a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a aistriú nó a thabhairt i dtír.

7

19

Bac a chur ar obair oifigeach nó breathnóirí agus iad i mbun a ndualgais a chomhlíonadh.

7

20

Trasloingsiú a dhéanamh chuig soithí nó ó shoithí a bhfuil iascaireacht NNN mar a shainmhínítear i Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle ar bun acu, go háirithe na soithí sin a liostaítear ar liosta an Aontais de shoithí NNN nó ar liosta de chuid eagraíocht réigiúnach um bainistíocht iascaigh, dá dtagraítear in Airteagal 29 agus Airteagal 30 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle, nó dul i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta i gcomhar leis na soithí sin, páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí iascaireachta comhpháirteacha leo, nó tacaíocht a thabhairt dóibh nó iad a sholáthar.

7

21

Trasloingsiú gan an túdarú is gá nó i gcás ina bhfuil an trasloingsiú sin toirmiscthe.

7

22

A bheith páirteach in oibriú nó i mbainistiú soithigh a bhfuil iascaireacht NNN mar a shainmhínítear i Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle ar bun aige, go háirithe na soithí sin a liostaítear ar liosta an Aontais de shoithí NNN nó ar liosta de chuid eagraíocht réigiúnach um bainistíocht iascaigh, dá dtagraítear in Airteagal 29 agus Airteagal 30 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle.

7



IARSCRÍBHINN IV 1

Critéir mhalartacha chun sárú a cháiliú mar shárú tromchúiseach, i gcomhréir le hAirteagal 90(3) den Rialachan seo

Gníomhaíochtaí

Critéir

Airteagal 90(3)(a)    

Gan na hoibleagáidí a chomhlíonadh maidir le sonraí a bhaineann le gníomhaíochtaí iascaireachta a thaifeadadh agus a thuairisciú, lena náirítear sonraí a bheidh le tarchur tríd an gcóras um fhaireachán soithí agus le réamhfhógraí, mar a cheanglaítear le rialacha an chomhbheartais iascaigh;

Airteagal 90(3)(b)    

Gan dearbhú gabhála nó dearbhú maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír a chur ar fáil don tríú tír agus gan cóip leictreonach de a sheoladh chuig na Ballstáit bhrataí mar a cheanglaítear le mír 1 d'Airteagal 30 de Rialachán (AE) 2017/2403;

Airteagal 90(3)(e)    

Mainneachtain a dhéanamh aon cheann de na gabhálacha róbheaga de shárú ar an reachtaíocht atá i bhfeidhm nó gabhálacha de speiceas atá faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a leagtar amach in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a thabhairt nó a choinneáil ar bord an tsoithigh iascaireachta, lena náirítear trí shleamhnú, agus iad a thrasloingsiú, a aistriú agus a thabhairt i dtír, mura rud é go mbeadh tabhairt agus coinneáil ar bord agus tabhairt i dtír na ngabhálacha sin ag teacht salach ar oibleagáidí, lena náirítear i gcás limistéir eagraíochtaí réigiúnacha um bainistíocht iascaigh, nó dá mbeidís faoi réir díolúintí dá bhforáiltear i rialacha an chomhbheartais iascaigh maidir leis an iascach nó na limistéir iascaireachta a bhfuil feidhm ag na rialacha sin iontu;

Airteagal 90(3)(f)    

Dul i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta i limistéar de chuid eagraíocht réigiúnach um bainistíocht iascaigh ar shlí nach bhfuil i gcomhréir le bearta caomhnaithe agus bainistíochta na heagraíochta sin.

- tharla na gabhálacha a bhaineann leis an sárú amhrasta:

i limistéar coiscthe; nó

thar dhoimhneacht choiscthe;

- is é an dara sárú a braitheadh sa dá mhí dhéag roimhe sin é;

- is ionann gabhálacha a bhaineann leis an sárú amhrasta agus cainníochtaí atá cothrom le, nó níos mó ná, dhá oiread na gcorrlach lamháltais ceadaithe dá dtagraítear in Airteagal 14(3) agus Airteagal 21(3) den Rialachán seo;

- freagraíonn na gabhálacha a bhaineann leis an sárú amhrasta dóibh seo a leanas:

a) cainníochtaí níos mó ná 100 cileagram nó 20 % de na cainníochtaí iomlána dá dtagraítear sa logleabhar nó sa dearbhú maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír nó sa dearbhú trasloingsithe, nó

b) luach 10 % de luach iomlán na dtáirgí iascaigh,

nuair a bhaineann an sárú le ceann amháin de na speicis seo a leanas:

 gach speiceas atá faoi réir na híosmhéide tagartha caomhnaithe faoi rialacha an chomhbheartais iascaigh;

 gach speiceas atá faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír dá dtagraítear in Airteagal 15 de Rialachán 1380/2013;

 gach speiceas atá faoi réir deiseanna iascaireachta faoi rialacha an chomhbheartais iascaigh;

 gach speiceas atá faoi réir pleananna ilbhliantúla;

 gach speiceas atá faoi réir moratóra, atá faoi réir séasúr coiscthe nó a bhfuil sé toirmiscthe iascaireacht a dhéanamh orthu;

 gach speiceas atá á rialú ag eagraíocht réigiúnach um bainistíocht iascaigh.

Airteagal 90(3)(g)    

Táirgí iascaigh a sháraíonn rialacha an chomhbheartais iascaigh a chur ar fáil ar an margadh

- is é an dara sárú a braitheadh sa dá mhí dhéag roimhe sin an sárú amhrasta;

- baineann an sárú amhrasta le táirgí NNN a cuireadh ar fáil go feasach ar an margadh nó de shárú ar Rialachán NNN;

- nuair a rinneadh na táirgí a dhíol go díreach le hionad ceantála neamhchláraithe nó le ceannaitheoir neamhchláraithe, dá dtagraítear in Airteagal 59 den Rialachán seo;

- níl cur i gcrích nó tíolacadh nótaí díolacháin i gcomhréir le hAirteagal 62 den Rialachán seo, lena nairítear an oibleagáid na sonraí uile a thaifeadadh go leictreonach;

- freagraíonn na gabhálacha a bhaineann leis an sárú amhrasta do chainníochtaí níos mó ná 100 cileagram nó do 20 % de na cainníochtaí iomlána a luaitear sa logleabhar nó sa dearbhú maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír nó sa dearbhú trasloingsithe, nó freagraíonn siad do luach 10 % de luach iomlán na dtáirgí iascaigh, nuair a bhaineann an sárú le ceann ar bith de na speicis seo a leanas:

 gach speiceas atá faoi réir na híosmhéide tagartha caomhnaithe faoi rialacha an chomhbheartais iascaigh;

 gach speiceas atá faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír dá dtagraítear in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

 gach speiceas atá faoi réir deiseanna iascaireachta faoi rialacha an chomhbheartais iascaigh;

 gach speiceas atá faoi réir plean ilbhliantúil;

 gach speiceas atá faoi réir moratóra, atá faoi réir séasúr coiscthe nó a bhfuil sé toirmiscthe iascaireacht a dhéanamh orthu;

 gach speiceas atá á rialú ag eagraíocht réigiúnach um bainistíocht iascaigh.

Airteagal 90(3)(c)    

Trealamh iascaireachta nach gcomhlíonann na rialacha a úsáid.

Airteagal 90(3)(d)

Gan na hoibleagáidí a bhaineann le trealamh iascaireachta a leagtar amach i rialacha an chomhbheartais iascaigh a úsáid.

- tharla na gabhálacha a bhaineann leis an sárú amhrasta:

i limistéar coiscthe; nó

thar dhoimhneacht choiscthe;

- tá an trealamh a úsáidtear ar cheann de na nithe seo a leanas:

 Iascaireacht le pléascán

 Sruth-eangacha geolbhaigh toirmiscthe

- líon na naonad trealaimh atá ceadaithe a bheith 2 aonad níos mó ná líon na naonad trealaimh a cheadaítear ar bord na soithí iascaireachta;

- is é an dara sárú a braitheadh sa dá mhí dhéag roimhe sin an sárú amhrasta;

- is ionann gabhálacha a bhaineann leis an sárú amhrasta agus cainníochtaí atá cothrom le, nó níos mó ná, dhá oiread na gcorrlach lamháltais ceadaithe dá dtagraítear in Airteagal 14(3) den Rialachán seo;

- freagraíonn na gabhálacha a bhaineann leis an sárú amhrasta do chainníochtaí níos mó ná 100 cileagram nó do 20 % de na cainníochtaí iomlána a luaitear sa logleabhar nó sa dearbhú maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír nó sa dearbhú trasloingsithe, nó freagraíonn siad do luach 10 % de luach iomlán na dtáirgí iascaigh, nuair a bhaineann an sárú le ceann ar bith de na speicis seo a leanas:

 gach speiceas atá faoi réir na híosmhéide tagartha caomhnaithe faoi rialacha an chomhbheartais iascaigh;

 gach speiceas atá faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír dá dtagraítear in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

 gach speiceas atá faoi réir deiseanna iascaireachta faoi rialacha an chomhbheartais iascaigh;

 gach speiceas atá faoi réir plean ilbhliantúil;

 gach speiceas atá faoi réir moratóra, atá faoi réir séasúr coiscthe nó a bhfuil sé toirmiscthe iascaireacht a dhéanamh orthu;

 gach speiceas atá á rialú ag eagraíocht réigiúnach um bainistíocht iascaigh.

Airteagal 90(3)(h)

Dul i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta áineasa a sháraíonn rialacha an chomhbheartais iascaigh nó gabhálacha iascaigh áineasa a dhíol.

- tharla na gabhálacha a bhaineann leis an sárú amhrasta:

 i limistéar coiscthe; nó

 thar dhoimhneacht choiscthe;

- is é an tríú sárú a braitheadh sa sé mhí roimhe sin an sárú amhrasta;

- freagraíonn na gabhálacha a bhaineann leis an sárú amhrasta do chainníochtaí níos mó ná 5 chileagram, nuair a bhaineann an sárú le ceann ar bith de na speicis seo a leanas:

 gach speiceas atá faoi réir na híosmhéide tagartha caomhnaithe dá dtagraítear faoi rialacha an chomhbheartais iascaigh;

 gach speiceas atá faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír dá dtagraítear in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

 gach speiceas atá faoi réir deiseanna iascaireachta faoi rialacha an chomhbheartais iascaigh;

 gach speiceas atá faoi réir plean ilbhliantúil;

gach speiceas atá faoi réir moratóra, atá faoi réir séasúr coiscthe nó a bhfuil sé toirmiscthe iascaireacht a dhéanamh orthu.

Airteagal 90(3)(i)    

A lán sáruithe a dhéanamh atá, le chéile, ina neamhaird thromchúiseach ar bhearta caomhnaithe agus bainistíochta.

Líon na sáruithe a rinneadh le chéile nach meastar iad a bheith tromchúiseach ina naonar a bheith níos airde ná 3 shárú.

"

IARSCRÍBHINN II

Cuirtear an méid a leanas in ionad Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1005/2008 agus an Aguisín a ghabhann leis an Iarscríbhinn sin:

IARSCRÍBHINN II – Deimhniú Gabhála agus Deimhniú Ath-Onnmhairithe an Aontais Eorpaigh

   (i) DEIMHNIÚ GABHÁLA AN AONTAIS EORPAIGH

Uimhir an doiciméid

An tÚdarás Bailíochtaithe

1. Ainm

Seoladh

Teil.
Facs

2. Ainm an tSoithigh Iascaireachta

Bratach - Calafort Baile & Uimhir Chlárúcháin

Comhartha Aitheantais Raidió

Uimhir IMO/Lloyd’s (i gcás ina neiseofar í)

Uimhir ceadúnais iascaireachta - Bailí go dtí

Uimh. Inmarsat Uimh. Teileafacs Uimh. Teileafóin Seoladh Ríomphoist (i gcás ina neiseofar iad)

3. Tuairisc ar an táirge

Cineál próiseála a cheadaítear ar bord:

4. Tagairtí na mbeart caomhnaithe agus bainistíochta is infheidhme

Speicis

Cód táirge

Limistéir ghabhála agus dátaí

Beomheácan measta (glanmheácan éisc i gcileagraim)

Beomheácan measta a bheidh le tabhairt i dtír (glanmheácan éisc i gcileagraim)

Meáchan fíoraithe a thugtar i dtír (glanmheácan éisc i gcileagraim)

5. Ainm mháistir an tsoithigh iascaireachta - Síniú - Séala:

6. Dearbhú Trasloingsithe ar Muir
Ainm Mháistir an tSoithigh Iascaireachta

Síniú agus Dáta

Dáta Trasloingsithe/Limistéar/Suíomh

Meáchan measta (kg)

Máistir an tsoithigh ghlactha

Síniú

Ainm an tsoithigh

Comhartha Aitheantais Raidió

Uimhir IMO/Lloyd’s
(I gcás ina neiseofar í)

7. Údarú trasloingsithe agus/nó údarú gabhálacha a thabhairt i dtír laisitigh de limistéar calafoirt:

Ainm

Údarás

Síniú

Seoladh

Teil.

Calafort inar tugadh an ghabháil éisc i dtír (mar is iomchuí)

Dáta a tugadh an ghabháil éisc i dtír (mar is iomchuí)

Séala (Stampa)

Calafort an trasloingsithe (mar is iomchuí)

Dáta an trasloingsithe (mar is iomchuí) 

Séala (Stampa)

8. Ainm agus seoladh an onnmhaireora

Síniú

Dáta

Séala

9. Bailíochtú Údarás an Stáit Brataí:

Ainm/Teideal

Síniú

Dáta

Séala (Stampa)

10. Mionsonraí iompair: Féach Iarscríbhinn

11. Dearbhú an allmhaireora:

Cuideachta, ainm, seoladh, uimhir EORI agus sonraí teagmhála an allmhaireora (tabhair sonraí)

Síniú

Dáta

Séala

Cuideachta, ainm, seoladh, uimhir EORI agus sonraí teagmhála ionadaí an allmhaireora (tabhair sonraí)

Síniú

Dáta

Séala

Tuairisc ar an táirge:

Cód CN

Tuairisc ar an táirge

Glanmheáchan i gcileagraim

Glanmheáchan éisc i gcileagraim

Doiciméad faoi Airteagal 14(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008:

Tá/Níl (mar is iomchuí)

Tagairtí

Doiciméad faoi Airteagal 14(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008:

Tá/Níl (mar is iomchuí)

Tagairtí

Ballstát agus oifig allmhairiúcháin

Modh iompair ar theacht isteach dó (eitleán, feithicil, long, traein)

Tagairt don doiciméad iompair

An tam a mheastar a bhainfear an ceann scríbe amach (más faoi Airteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 a tíolacadh an deimhniú gabhála)

Uimhir dearbhúcháin custaim (i gcás ina neiseofar í)

Uimhir CVED (má tá fáil uirthi)

12. Rialú ar ollmhairí: Údarás

Láthair

Allmhairiú údaraithe(*)

Allmhairiú curtha ar fionraí(*)

Fíorú arna iarraidh - dáta

13. Deimhniú gabhála arna dhiúltú

Deimhniú gabhála arna dhiúltú ar bhonn:

(*)

Airteagal 18(1a)

Airteagal 18(1b)

Airteagal 18(1c)

Airteagal 18(1d)

Airteagal 18(1e)

Airteagal 18(1f)

Airteagal 18(1g)

Airteagal 18(2a)

Airteagal 18(2b)

Airteagal 18(2c)

Airteagal 18(2d)

(*) Cuir tic mar is iomchuí

3. Údarás

4. Rialú ar ath-onnmhairiú

(*) Cuir tic mar is iomchuí



Foscríbhinn

MIONSONRAÍ IOMPAIR

1. Tír onnmhairiúcháin

Calafort/aerfort/áit imeachta eile

2. Síniú an onnmhaireora 

Ainm agus bratach an tsoithigh

Uimhir eitilte/ uimhir an tsonraisc aeriompair

Náisiúntacht agus uimhir chlárúcháin trucaile

Uimhir sonraisc iarnróid

Doiciméad iompair eile

Uimhir an choimeádáin/ na gcoimeádán

liosta faoi iamh

Ainm

Seoladh

Síniú

(1)

Déanfar na méideanna dá dtagraítear san iarscríbhinn seo a ríomh ar bhonn luach na dtáirgí iascaigh a fuarthas de thoradh an sárú a dhéanamh agus iad de réir phraghsanna ardán Fhaireachlann an Mhargaidh Eorpaigh um Iascach agus um Tháirgí Dobharshaothraithe (EUMOFA) tráth a aithníodh an sárú, i gcás ina bhfuil siad ar fáil. I gcás nach bhfuil luachanna EUMOFA ar fáil nó nach bhfuil siad ábhartha, beidh feidhm ag praghsanna náisiúnta nó praghsanna a aithnítear ar phríomh-mhargaí idirnáisiúnta ábhartha maidir leis an speiceas lena mbaineann agus is é an praghas is airde a úsáidfear.

Top