EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52018PC0231

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le cur chun feidhme agus feidhmiú an ainm fearainn barrleibhéil .eu agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 733/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 874/2004 ón gCoimisiún

COM/2018/231 final - 2018/0110 (COD)

An Bhruiséil,27.4.2018

COM(2018) 231 final

2018/0110(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le cur chun feidhme agus feidhmiú an ainm fearainn barrleibhéil .eu agus lena n
x001e
aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 733/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 874/2004 ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SEC(2018) 205 final}
{SWD(2018) 120 final}
{SWD(2018) 121 final}
{SWD(2018) 122 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Cuireadh an fearann barrleibhéil (TLD) .eu ar bun le Rialachán (CE) Uimh. 733/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Aibreán 2002 maidir le cur chun feidhme an fhearainn barrleibhéil .eu. An 22 Márta 2005 rinne an Chorparáid Idirlín um Shannadh Ainmneacha agus Uimhreacha (ICANN) an TLD .eu a tharmligean 1 agus an 2 Bealtaine 2005 uaslódáladh é chuig fréamhchrios an idirlín 2 Tá an fearann barrleibhéil (TLD) .eu á rialú freisin ag na rialacha dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 874/2004 ón gCoimisiún an 28 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha beartais phoiblí maidir le cur chun feidhme agus feidhmeanna an TLD .eu agus na prionsabail a rialaíonn an clárú.

Is é fearann barrleibhéil .eu ainm fearainn an Aontais Eorpaigh agus a shaoránaigh. Is bunchloch thábhachtach tógála agus luachmhar é don fhéiniúlacht Eorpach ar líne gurb ann d’ainm fearainn sainiúil don Aontas Eorpach faoi lipéad coiteann atá an-soiléir agus inaitheanta . I gcomhréir le cuspóirí Straitéis an Mhargaidh Aonair Dhigitigh 3 , cuireann an TLD .eu ar chumas gnólachtaí agus saoránaigh na hEorpa a bheith rannpháirteach sa ríomhthráchtáil agus méadaítear a rannpháirtíocht sa mhargadh aonair ar líne.

Ó glacadh leis na Rialacháin maidir le .eu, tá athrú an-mhór tagtha ar an gcomhthéacs polaitiúil agus reachtach san Aontas agus ar an timpeallacht agus an margadh ar líne. Mar shampla, in 2013, rinneadh leathnú an-mhór ar mhargadh na nainmneacha fearainn, rud ba chúis le níos mó ná 1 300 cineálacha nua d’fhearainn bharrleibhéil (gTLDanna) ar nós .shop, .design nó .wine. Chun a áirithiú go gcomhlíonann an creat dlíthiúil .eu go fóill an cuspóir agus na luachanna dá bhfuil sé beartaithe, cuireadh athbhreithniú an Chláir um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT) ar na Rialacháin maidir le .eu san áireamh i gClár Oibre an Choimisiúin. Áiríodh sa tionscnamh meastóireacht agus measúnú tionchair a rinneadh ceann i ndiaidh a chéile. De réir na dtreoirlínte maidir le Rialáil Níos Fearr, rinneadh sa mheastóireacht measúnú ar éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, comhleanúnachas agus breisluach na Rialachán maidir le .eu atá i bhfeidhm faoi láthair don Aontas Eorpach. Léiríodh sa mheasúnú tionchair freagraí beartais ar na dúshláin a sainaithníodh sa mheastóireacht, agus iad mar bhunús le hathbhreithniú ar chreat rialála an .eu.

Ba é conclúid na meastóireachta 4 go bhfuil an TLD .eu seanbhunaithe agus leanann sé de bheith ag feidhmiú go maith. Mar sin féin tá sé faoi rialú ag creat dlíthiúil dhocht atá as dáta, sa chiall (i) tá forálacha ann atá tite as feidhm nó atá ródhocht nach féidir a nuashonrú go héasca, agus sa chiall (ii) ní dhéantar foráil ann maidir leis an struchtúr rialachais is fearr is féidir i dtaobh maoirseachta agus cuntasachta i gcomhréir le cur chuige sonraithe an Choimisiúin maidir le bainistíocht an idirlín, ionas gur féidir (iii) foráil a dhéanamh maidir leis na deacrachtaí atá ag méadú don TLD .eu agus na margaí ag athrú go tapa.

Ní fadhb mhór í seo go fóill, feictear é i bhfeidhmiú agus i mbainistiú an TLD .eu agus, dá bhrí sin, faoi láthair tá tionchar aige ar na gníomhaithe atá rannpháirteach sna feidhmeanna sin go príomha. Mar sin féin, mura ndéanfar beart réamhchúraim, is dócha go néireoidh an fhadhb mór go leor chun tionchar a imirt ar na húsáideoirí deiridh, ó thaobh inbhuanaitheacht an bhreisithe .eu agus tarraingteacht an .eu i gcomparáid le hainmneacha fearainn iomaíocha eile.

Is é atá i gceist leis an tionscnamh ná a áirithiú go leanann TLD atá tar éis oibriú go réasúnta maith de bheith ag oibriú mar sin sa todhchaí. I bhfianaise na meastóireachta sin, tá sé mar aidhm ag an togra:

a) ceanglais dhlíthiúla agus riaracháin atá as dáta a bhaint, agus a áirithiú go seasfaidh an creat rialála nua an aimsir agus go ligfidh sé don TLD .eu oiriúnú d’athruithe tapa ar an margadh fearainn barrleibhéil agus ar an tírdhreach digiteach dinimiciúil;

b) leanúint de thosaíochtaí an Aontais Eorpaigh sa domhan ar líne a ionchorprú agus a chur chun cinn, lena náiritheofar struchtúr rialachais a léiríonn dea-chleachtais theicniúla agus rialachais, rud a fhreastalaíonn ar leas poiblí an Aontais;

c) na critéir incháilitheachta reatha maidir le fearainn .eu a chlárú a mhaolú d’fhonn ligean do shaoránaigh an Aontais ainm fearainn .eu a chlárú, beag beann ar a náit chónaithe;

d) deireadh a chur leis na toirmisc dhiana ar dheighilt cheartingearach agus forálacha soiléire á gcur ar fáil a chosnaíonn cur chun feidhme na rialacha maidir le hiomaíocht chóir i gcomhréir leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

Freagraíonn an togra d’uaillmhian níos mó maidir le húsáid an .eu TLD agus áirithíonn sé go mbainfidh na sochair a ghabhann leis an oiread saoránach de chuid an Aontais agus is féidir amach go luath amach anseo. Trí chreat rialála atá prionsabailbhunaithe agus a sheasfaidh an aimsir a bhunú, nach gá athbhreithniú ar an reachtaíocht chun nuálaíochtaí thionscal na nainmneacha fearainn a chur chun feidhme, cothóidh an togra nuálaíocht san éiceachóras .eu, ar leibhéal na Clárlainne agus i margaí iartheachtacha cláraitheoirí agus cláraithe.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá an togra seo comhsheasmhach le cuspóirí na Straitéise maidir le Margadh Aonair Digiteach chun gníomhaíochtaí trasteorann ar líne a spreagadh san Eoraip, slándáil agus iontaofacht a threisiú sa timpeallacht ar líne, fiontraíocht Eorpach agus gnólachtaí nuathionscanta Eorpacha a chur chun cinn agus cearta na saoránach, lena náirítear príobháideachas a áirithiú, sa ré dhigiteach. Trí chreat rialála athbhreithnithe, simplithe agus sruthlínithe a sholáthar don TLD .eu, leis an togra seo beifear in ann an TLD .eu a bhainistiú agus a fheidhmiú níos fearr, rud a rannchuideoidh chun beartais an Aontais Eorpaigh a chomhlánú go dearfach, go háirithe i réimse an mhargaidh aonair dhigitigh, iontaofacht agus slándáil ar an idirlíon, ilteangachas, bainistíocht an idirlín, cur chun cinn fiontraíochta Eorpaí agus gnólachtaí nuathionscanta Eorpacha agus digitiú gheilleagar agus shochaí na hEorpa.

I gConclúidí ón gComhairle maidir le Rialachas Idirlín an 27 Samhain 2014 5 , d’athdhearbhaigh an tAontas a thiomantas maidir le struchtúir rialachais le haghaidh páirtithe leasmhara éagsúla a chur chun cinn bunaithe ar shraith chomhleanúnach de phrionsabail dhomhanda i dtaobh bhainistíocht an idirlín, ag teacht le cearta an duine agus saoirse bhunúsach ar líne. I gcomhréir leis na Conclúidí sin, cruthaítear leis an togra Comhairle páirtithe leasmhara éagsúla chun comhairle a thabhairt don Choimisiún maidir le hionchur a neartú agus a leathnú ar mhaithe le dea-rialachas Chlárlann .eu. Bheadh an tsamhail, ar an gcaoi sin, i gcomhréir le beartas dearbhaithe an Choimisiúin maidir le bainistíocht an idirlín, mar a léirítear é ina Theachtaireacht maidir le “Beartas Idirlín agus Bainistíocht: Ról na hEorpa i bainistíocht an idirlín sa todhchaí a mhúnlú” 6 .

Tá sé mar aidhm leis an togra seo freisin a áirithiú go sroichfidh na sochair a bhaineann leis an TLD .eu an oiread saoránach de chuid an Aontais agus is féidir. Cuirfidh sásraí nuálacha, freagrúla, a sheasfaidh an aimsir in iúl do na húsáideoirí go bhfuil úinéir fearainn an .eu bunaithe san Aontas nó nasctha leis, agus go bhfuil aon ghnóthas tráchtála a bhaineann úsáid as fearann .eu faoi réir dhlí an Aontais.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é Airteagal 172 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) an bunús dlí le gníomhaíocht an Aontais, agus cumhdaíonn sin bearta a thacaíonn le bunú agus forbairt gréasán tras-Eorpach i réimsí an iompair, na teileachumarsáide agus an bhonneagair fuinnimh.

Tá ainmneacha fearainn riachtanach chun rochtain ar líonraí agus seirbhísí idirlín agus idir-inoibritheacht eatarthu a chur chun cinn. De réir Airteagal 170 agus Airteagal 171 den CFAE, ba cheart don fhearann barrleibhéil .eu leanúint, de réir mar a bhí sé á dhéanamh ó bunaíodh é, le hidir-inoibritheacht gréasán tras-Eorpach a fheabhsú trí fhearann clárúcháin comhlántach breise a chur ar fáil do na fearainn bharrleibhéil náisiúnta (ccTLDanna) atá ann faoi láthair i mBallstáit an Aontais (amhail .es, .fr, .de) agus clárú domhanda a chur ar fáil dona fearainn bharrleibhéil chineálacha (gTLDanna).

Coimhdeacht agus comhréireacht

Baineann gné trasteorann, faoi mar a thuigfí, leis an bhfearann barrleibhéil .eu. Is é fearann barrleibhéil an Aontais Eorpaigh é agus is siombail é d’fhéiniúlacht Eorpach ar líne saoránach, institiúidí agus gnólachtaí. Cruthaíonn sé ceangal sonrach Eorpach a aithnítear go domhanda d’úsáideoirí ar mian leo oibriú ar fud an Mhargaidh Aonair.

Is é an tAontas Eorpach atá freagrach as beartas poiblí an TLD .eu. Cé go ndéantar ccTLDanna Bhallstáit an Aontais Eorpaigh a bhainistiú i gcomhréir leis an dlínse náisiúnta mar aon leis na sásraí maoirseachta agus rialachais ábhartha, ní féidir leis na Ballstáit beart rialaitheach a dhéanamh go leordhóthanach maidir leis an TLD .eu agus is ar leibhéal an Aontais amháin is féidir sin a bhaint amach.

Ní bheadh beart rialála a dhéanfaí ar leibhéal na mBallstát in ann na cuspóirí bunúsacha a bhaint amach ar bonn iad le cruthú agus bainistiú ainmspáis iontaofa agus nuálach don Aontas, chun tosaíochtaí an Aontais Eorpaigh a chur chun cinn ar an idirlíon agus chun breisluach a thabhairt i dtéarmaí rogha níos mó d’úsáideoirí, agus do na ccTLDanna náisiúnta. Dá bhrí sin, tagann rialáil an TLD .eu faoi inniúlachtaí an Aontais agus ní féidir í a tharmligean chuig na Ballstáit.

Tá creat rialála ar leibhéal aon Aontais don TLD .eu úsáideach chun leanúint ar aghaidh ag soláthar agus ag leathnú ainmspás fearainn ar an idirlíon faoin TLD .eu, ina bhfuil feidhm le dlí ábhartha an Aontas agus rialacha maidir le cosaint sonraí agus tomhaltóirí.

Ní dhéanfaidh an Rialachán atá beartaithe difear don chaoi a mbainisteoidh na Ballstáit a bhfearann leibhéil náisiúnta féin (ccTLDanna). Dá bhrí sin, tá bonn cirt le beart ar leibhéal an Aontais ar bhonn na coimhdeachta agus na comhréireachta. Ní théann an Rialachán atá beartaithe thar a bhfuil riachtanach chun a chuspóirí beartais a bhaint amach agus, dá bhrí sin, urramaítear prionsabal na comhréireachta.

An rogha ionstraime

Déantar athbhreithniú sa togra seo ar chreat dlíthiúil an TLD .eu atá comhdhéanta de dhá ionstraim éagsúla: Rialachán (CE) Uimh. 733/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 874/2004 ón gCoimisiún (‘na Rialacháin maidir le .eu’)

Rialachán atá á mholadh ag an gCoimisiún chun comhsheasmhacht agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú d’úsáideoirí agus do ghnólachtaí araon. Soláthróidh Rialachán bunús dlí láidir chun a áirithiú go mbeidh an tAontas freagrach as an TLD .eu agus as a oibreoir a ainmniú. Seachnaítear leis aon léirmhíniú éagsúil a d’fhéadfadh a bheith ag na Ballstáit.

Ach bainistiú an TLD .eu a leagan síos i Rialachán de chuid an Aontais, áiritheofar cosaint láidir do chearta bunúsacha, go háirithe maidir le cosaint sonraí, príobháideacht, slándáil agus ilteangachas, chomh maith le cearta maoine intleachtúla.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Rinneadh scrúdú le linn an chleachtais REFIT féachaint an bhfónann creat dlí an .eu fós ar a chuspóir go fóill. Rinne an Coimisiún, de réir an staidéir meastóireachta, measúnú ar éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, comhleanúnachas agus ar bhreisluach AE an chreata dlíthiúil reatha .eu faoi chúinsí reatha, atá athraithe ó tugadh isteach an TLD. Is iad seo a leanas príomhthorthaí na meastóireachta:

·Éifeachtacht: bhí na Rialacháin maidir le .eu éifeachtach ag cur ainmneacha fearainn .eu ar fáil go forleathan ar fud an Aontais , ar chostas íseal do thomhaltóirí. Cé go raibh na Rialacháin maidir le .eu éifeachtach i dtaca le tacú le ríomhthráchtáil agus leis an margadh inmheánach, tá comharthaí ann go bhfuil meath coibhneasta tagtha ar fheidhmíocht an TLD .eu.

·Éifeachtúlacht: tá neamhéifeachtúlacht áirithe ag baint leis na Rialacháin maidir le .eu, rud a chuireann an TLD .eu ar mhíbhuntáiste iomaíoch sa mhargadh, agus a laghdaíonn na sochair a d’fhéadfadh sé a bhaint amach i dtaca le ríomhthráchtáil agus an margadh aonair. Le forálacha mionsonraithe, atá fadálach agus costasach le hathrú, ní féidir leis an TLD .eu athruithe oibríochtúla ná teicniúla a chur chun feidhme tapa go leor le héilimh an mhargaidh a shásamh, ná chomh tapa agus a bhíonn a iomaitheoirí in ann a dhéanamh.

·Ábharthacht: tá cuspóirí na Rialachán .eu fós ábhartha do shaoránaigh an Aontais, mar a léirítear in ardleibhéal an ghlactha, an úsáid ghníomhach, agus athnuachan fearann .eu ag gnólachtaí agus institiúidí ar fud an Aontais. Is siombail láidir an TLD .eu do shaoránaigh agus do chuideachtaí an Aontais ina neispéireas digiteach a léiríonn go bhfuil siad “Eorpach”. Mar sin féin, tá na Rialacháin maidir le .eu róchasta chun nuashonruithe teicniúla tapa a áirithiú (mar shampla i gcás na gcaighdeán teicniúil a bhaineann le hAinmneacha Fearainn Idirnáisiúnaithe 7 ) agus níl siad ag teacht a thuilleadh le dea-chleachtais idirnáisiúnta.

·Comhleanúnachas: is léir nach bhfuil an beart comhleanúnach a thuilleadh: cuireann creat rialála ró-dhocht an Chlárlann .eu faoi mhíbhuntáiste iomaíoch fad agus atá coinníollacha an mhargaidh ag éirí níos déine; ní léiriú an creat dlíthiúil TLD .eu ar thosaíochtaí reatha an Aontais amhail an Margadh Aonair Digiteach; agus ní léiriú iad na Rialacháin maidir le .eu ar na dea-chleachtais idirnáisiúnta maidir le rialachas páirtithe leasmhara éagsúla.

·Breisluach AE: tá gné trasteorann, faoi mar a thuigfí, ag an bhfearann .eu. Is bunchloch thábhachtach agus luachmhar é d’fhéiniúlacht ar líne an Aontais gurb ann d’ainm fearainn sainiúil don Aontas faoi lipéad coiteann atá an-soiléir agus inaitheanta.

Bhí an creat dlíthiúil .eu bunaidh ríthábhachtach chun ainmspás tiomnaithe a chruthú don Aontas ach toisc go bhfuil sé anois as dáta agus ródhocht, níl sé éifeachtach, éifeachtúil ná comhleanúnach a thuilleadh i dtimpeallacht mhargaidh teicneolaíochta an lae inniu atá ag athrú go tapa.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Mar chuid den athbhreithniú REFIT ar chreat dlíthiúil TLD .eu, rinne an Coimisiún Eorpach comhairliúcháin chuimsitheacha le páirtithe leasmhara. Leis na comhairliúcháin sin féachadh le hionchur a bhailiú don mheastóireacht, measúnú a dhéanamh ar chreat dlíthiúil an TLD .eu in aghaidh na gcritéar meastóireachta, mar atá éifeachtacht, éifeachtúlacht, comhleanúnachas, ábharthacht agus breisluach AE. Bhí sé mar aidhm leis freisin ionchur a bhailiú ar shaincheisteanna a bhféadfadh gá a bheith lena nathbhreithniú faoin gcreat dlíthiúil .eu atá ann faoi láthair trí thionscnaimh reachtacha agus/nó tionscnaimh neamhreachtacha iarbhíre.

Déanann an straitéis chomhairliúcháin a thacaíonn le hathbhreithniú ar na Rialacháin maidir le .eu idirdhealú idir trí ghrúpa de pháirtithe leasmhara: páirtithe a raibh tionchar díreach ag na Rialacháin orthu ina ngníomhaíochtaí ó lá go lá, i.e. an Chlárlann .eu agus na Cláraitheoirí .eu; úsáideoirí an TLD .eu agus páirtithe leasmhara eile in éiceachóras an Chórais Ainmneacha Fearainn (DNS); agus páirtithe leasmhara a d’fhéadfadh leas a bhaint as an ranníocaíocht a dhéanann an TLD .eu leis an Margadh Aonair Digiteach agus le féiniúlacht an Aontais ar líne, agus a bhfuil tionchar ag an Rialachán maidir .eu orthu go hindíreach, dá bhrí sin. Áiríodh sa straitéis freisin comhairliúchán poiblí, for-rochtain dhíreach agus cruinnithe ad hoc le páirtithe leasmhara, plé comhchéime le clárlanna Eorpacha, suirbhé ar chlárlanna Eorpacha ccTLDanna, agus suirbhé a dhíríonn ar na cláraitheoirí reatha .eu. D’eascair roinnt tuairimí scríofa ó pháirtithe leasmhara sa chomhairliúchán poiblí freisin. Tionóladh an ‘Comhairliúchán poiblí maidir le meastóireacht agus athbhreithniú ar Rialacháin maidir leis an bhfearann barrleibhéil .eu idir 12 Bealtaine agus 4 Lúnasa 2017 agus fuarthas 43 fhreagra ó fhreagróirí i 17 mBallstát. Foilsíodh torthaí na gcomhairliúchán poiblí ar líne 8 .

Bailiú agus úsáid saineolais

Bhailigh an Coimisiún fianaise cháilíochtúil agus chainníochtúil ó fhoinsí éagsúla, lena náirítear:

·Comhairliúchán poiblí: comhairliúchán poiblí maidir le meastóireacht agus athbhreithniú ar an Rialachán maidir leis an bhfearainn barrleibhéil .eu.

·Suirbhéanna: Suirbhé cláraitheora EURid agus suirbhé CENTR ar chlárlanna fearainn barrleibhéil náisiúnta (ccTLD).

·Cruinnithe le páirtithe leasmhara: seisiún smaointeoireachta le EURid ar an gcreat rialála .eu; cruinniú le Bord Comhairleach an Chláraitheora EURid maidir le critéir incháilitheachta agus comhtháthú ingearach; seisiún ag an gComhghrúpa Ardleibhéil maidir le Rialachas Idirlín (HLIG)/CENTR maidir le ról na bhFearann Barrleibhéil náisiúnta (ccTLDanna) i mbainistíocht an idirlín; cruinniú le Clárlann an fhearainn barrleibhéil náisiúnta Eorpach .at maidir leis an gcreat rialála/Fondúireacht na hEorpa um an Idirlíon; cruinniú le ICANN ar an gcreat rialála agus ar bhainistíocht an idirlín.

·Freagraí scríofa ó pháirtithe leasmhara: Xchange Oscailte ar shlándáil DNS, DNSSEC; MARQUES, Cumann Eorpach na nÚinéirí Trádmharcanna maidir le ról na bainistíochta idirlín agus an creat rialála; Cumann Úinéirí Tradmharcanna na gComhphobal Eorpach; EURid ar an gcreat rialála; Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh maidir leis an gcreat rialála agus na peirspictíochtaí oibríochta.

Measúnú tionchair

Sainaithníodh na cuspóirí sonracha beartais a leanas sa mheasúnú tionchair :

(1)ceanglais dhlíthiúla/riaracháin atá as dáta a bhaint amach chun a áirithiú go soláthróidh an TLD .eu ar iomlán a chumais d’fhonn rannchuidiú go dearfach le cuspóirí an Aontais, go háirithe i réimse na mbeartas digiteach;

(2)a áirithiú go seasfaidh na rialacha an aimsir agus go ligfidh siad don TLD .eu oiriúnú d’athruithe tapa ar mhargadh an fhearainn barrleibhéil agus ar an tírdhreach digiteach dinimiciúil agus ag an am céanna úsáid an TLD .eu mar fheithicil chun tosaíochtaí an Aontais a chur chun cinn sa domhan ar líne a éascú;

(3)struchtúr rialachais a áirithiú a léiríonn an na dea-chleachtais theicniúla agus rialachais is fearr agus a fhreastalaíonn ar leas an Aontais;

(4)tarraingteacht an TLD .eu a chur chun cinn.

Sa mheasúnú tionchair rinneadh scrúdú breise ar shraith roghanna beartas féideartha:

(a)an cás bunlíne: an creat rialála reatha atá ann don .eu a choinneáil;

(b)tráchtálú: an creat rialála a shimpliú agus oibriú agus bainistiú na Clárlainne a sheachfhoinsiú chuig soláthraí seirbhíse seachtrach brabúis;

(c)an creat dlíthiúil a nuachóiriú: aon ionstraim dlí prionsabail-bhunaithe amháin a chur in ionad an chreata dhlíthiúil reatha. Choimeádfaí córas bainistíochta seachtrach don TLD .eu, bunaithe ar chonradh;

(d)rialachas ar leithligh: rogha an nuachóirithe a chomhcheangal le cruthú chomhlacht comhairleach ar leithligh na bpáirtithe leasmhara éagsúla don Choimisiún chun ionchur i rialachas maith na Clárlainne .eu a neartú agus a leathnú go héifeachtach; bheadh an comhlacht sin neamhspleách ar an gClárlann.

(e)institiúidiú: bainistiú agus oibriú na Clárlainne laistigh de roinn den Choimisiún nó de Ghníomhaireacht de chuid an Aontais.

Ba é toradh na hanailíse ná gurb í an rogha “rialachas ar leithligh” an rogha thosaíochta mar aon le deireadh a chur le ceanglais dhiana maidir le clárú díreach, critéar saoránachta do dhaoine nádúrtha agus critéar cónaitheachta d’eagraíochtaí agus do chuideachtaí.

Leis an rogha thosaíochta bheadh an creat dlíthiúil níos sruthlínithe agus prionsabailbhunaithe. Sholáthródh sé an tsolúbthacht atá riachtanach don TLD .eu chun oiriúnú d’fheabhsuithe teicniúla atá ag athrú go tapa ar an gCóras Ainmneacha Fearainn. Dá bhrí sin, bheadh úsáideoirí deiridh in ann tairbhe a bhaint as na buntáistí a bhaineann le feabhsuithe teicniúla gan fanacht leis an am a thógann sé na Rialacháin a leasú. Ina theannta sin, d’fheabhsódh an rogha thosaíochta feidhmiú an TLD .eu agus, dá bhrí sin, chuirfí lena tharraingteacht sa mhargadh fearann barrleibhéil. Bheadh TLD .eu atá níos inoiriúnaithe agus níos sofhreagraí níos fearr in ann, san fhadtéarma, a bheith nuálach, caighdeáin theicniúla nua a ghlacadh go tapa agus, dá bhrí sin, táirge níos fearr agus níos iomaíche a thairiscint ar an margadh.

An 16 Feabhra 2018, thug an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála tuairim dhearfach le forchoimeádais. I gcomhréir le moltaí an Bhoird, chuir an Coimisiún tuilleadh feabhais ar a thuarascáil um measúnú tionchair chun torthaí na meastóireachta sa chuid a bhaineann le sainiú fadhbanna a shruthlíniú agus rinneadh soiléiriú ar mhéid na faidhbe agus ar leas na bpáirtithe leasmhara sa cheist seo. Tugadh bunús níos fearr ar an gcás bunlíne mar rogha. Rinneadh an cur síos ar na roghanna a shruthlíniú chun staonadh ó anailís a dhéanamh ar an tionchar nó ó luath-chonclúidí a leagan amach. Tugadh tuilleadh eolais faoin rogha rialachais chun a mhíniú cén cineál ceanglas dlíthiúil a thabharfar isteach maidir le cruthú agus feidhmiú chomhlacht comhairleach na bpáirtithe leasmhara éagsúla agus na cúraimí agus na cumhachtaí atá ag an gCoimisiún. Rinneadh athdhréachtú ar an téacs ar na roghanna luatha a cuireadh i leataobh d’fhonn argóint níos láidre a chur ar fáil ag míniú cén fáth a bhfuarthas réidh leis na roghanna sin. Tugadh soiléiriú breise ar an gclárú díreach agus ar na critéir incháilitheachta, lena náirítear sa rogha thosaíochta. Sa rannóg faireacháin, rinneadh soiléiriú breise ar phríomhtháscairí a bhaineann leis an tionscal ainmneacha fearainn agus rinneadh an nasc le cuspóirí oibríochta níos trédhearcaí. Ina dhiaidh sin, nascadh iad le ceithre chuspóir sonracha an tionscnaimh. Shoiléiríodh sa tuarascáil go ndéanfar meastóireacht rialta ar chritéir na rathúlachta don rogha thosaíochta, tríd an tuarascáil a mbeidh ar an gCoimisiún a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme, éifeachtacht agus feidhmiú an TLD .eu. Sa chreat nua, feidhmeoidh an tuairisciú seo freisin mar uirlis mheasúnaithe chun rath na rogha tosaíochta a thástáil, trí scrúdú agus tuairisciú a dhéanamh ar na príomhtháscairí lárnacha ar fad.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Áirítear leis an tionscnamh seo simpliú agus cuspóirí éifeachtúlachta feabhsaithe. Léirítear iad seo go soiléir i gcuspóir sonrach (a) “ceanglais dhlíthiúla/riaracháin atá as dáta” a bhaint amach agus i gcuspóir sonrach (b) “rialacha a sheasfaidh an aimsir a chruthú don .eu TLD”. Cruthaíonn an togra creat éadrom, prionsabailbhunaithe. Ní bheidh sa reachtaíocht phríomha ach na prionsabail a bhaineann le feidhmiú an TLD .eu agus bainfear amach gach ceanglas riaracháin agus teicniúil neamhriachtanach mionsonraithe nach bhfuil gá leo má tá siad as dáta, nó déanfar iad a mhionsonrú sa chonradh atá le tabhairt i gcrích idir an Coimisiún Eorpach agus oibreoir na Clárlainne ceaptha. Cuirfidh sé seo ar chumas an TLD .eu oiriúnú d’athruithe tapa sa mhargadh TLD agus sa timpeallacht dhigiteach dhinimiciúil.

Áiritheofar leis an togra go mbeidh amanna feithimh laghdaithe do shealbhóirí an TLD .eu maidir le hinfhaighteacht nuálaíochtaí teicniúla agus margaidh in earnáil na nainmneacha fearainn. Déanfar an laghdú sna hamanna feithimh sin a thomhas i dtéarmaí na tréimhse feithimh is gá chun an creat dlí .eu a leasú d’fhonn nuálaíochtaí den sórt sin a chumasú maidir leis an TLD .eu.

Trí reachtaíocht a sheasfaidh an aimsir a bhunú i dteannta le sraith beartas mionsonraithe maidir le bainistiú agus riar an TLD .eu, tá sé mar aidhm ag an togra an tainm fearainn .eu a dhéanamh réidh chun aghaidh a thabhairt ar thimpeallacht idirlín atá ag athrú go tapa.

Cearta bunúsacha

Cé go dtugann an togra seo den chuid is mó ar cheist shainiúil earnála a bhaineann leis an tionscal córais ainmneacha fearainn, coimeádfaidh sé cosaint láidir do chearta bunúsacha san Aontas Eorpach in oibriú agus i mbainistiú an TLD .eu, i gcomhréir le rialacha an Aontais Eorpaigh maidir le cosaint sonraí, príobháideachas, slándáil agus ilteangachas.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Caithfear acmhainní cuí a thabhairt don Chomhairle páirtithe leasmhara éagsúla .eu. Meastar gur chostas thart ar EUR 50 000 in aghaidh na bliana a bheadh i gceist. Déanfaidh an Coimisiún an comhlacht nua a mhaoiniú.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Déanfaidh an Coimisiún faireachán agus maoirseacht ar eagrú, riar agus bainistiú an TLD .eu ag an gClárlann.

Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chur chun feidhme, éifeachtacht agus feidhmiú an TLD .eu tráth nach déanaí ná cúig bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus gach trí bliana ina dhiaidh sin.

Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoi thorthaí an mheasúnaithe sin.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Tá na forálacha ginearálta i gCaibidil I den Rialachán: an tábhar agus na cuspóirí (Airteagal 1) agus na sainmhínithe (Airteagal 2).

I gCaibidil II den Rialachán tá na príomhfhorálacha maidir le cur chun feidhme an ainm fearainn barrleibhéil .eu.

Leagtar amach i Roinn I den Chaibidil sin na prionsabail ghinearálta maidir le clárú ainm fearainn barrleibhéil .eu: leagtar amach na critéir incháilitheachta (Airteagal 3), na coinníollacha ginearálta maidir le clárú agus cúlghairm ainmneacha fearainn (Airteagal 4), na teangacha, an dlí is infheidhme agus an dlínse (Airteagal 5), na nósanna imeachta maidir leis an gClárlann, an Coimisiún agus na Ballstáit ainmneacha fearainn a fhorchoimeád(Airteagal 6), agus na nósanna imeachta creidiúnúcháin do Chláraitheoirí (Airteagal 7).

Baineann Roinn II le ceapachán agus le feidhmiú ginearálta na Clárlainne. Ar na forálacha sin tá ainmniúchán ón gCoimisiún (Airteagal 8), na saintréithe (Airteagal 9) agus na príomhoibleagáidí (Airteagal 10). Leagtar síos sa roinn sin freisin liosta de na prionsabail agus na nósanna imeachta maidir le feidhmiú an TLD .eu atá le háireamh sa chonradh leis an gClárlann a bhfuil sé mar aidhm leo an creat beartais a chur ar fáil ina mbeidh feidhm ag an gClárlann (Airteagal 11). Ar deireadh, tá foráil shonrach ann maidir le feidhmiú agus cuspóir bhunachar sonraí WHOIS (Airteagal 12).

Baineann Roinn III le cúraimí maoirseachta oibreoir na Clárlainne. Sna forálacha maidir le cumhachtaí maoirseachta an Choimisiúin (Airteagal 13) agus bunú Comhairle páirtithe leasmhara .eu (Airteagal 14), déantar foráil maidir le bunús don ghrúpa seo chun comhairle a thabhairt don Choimisiún maidir le hionchur a neartú agus a leathnú i dtaca le dea-rialachas na Clárlainne .eu agus maidir le trédhearcacht a feidhmithe a mhéadú.

Ar deireadh, leagtar síos na forálacha críochnaitheacha i gCaibidil III den Rialachán: forchoimeád ceart (Airteagal 15), meastóireacht agus athbhreithniú (Airteagal 16), an nós imeachta coiste (Airteagal 17) i gcomhréir le hAirteagal 5 agus Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. Ina theannta sin, sa chaibidil seo tá na forálacha idirthréimhseacha don chonradh (Airteagal 18) agus na forálacha maidir le haisghairm an chreata dhlíthiúil reatha (Airteagal 19) agus an teacht i bhfeidhm (Airteagal 20). Táthar ag súil go mbeidh teorainn uasta de thrí bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin chun é a chur i bhfeidhm. Tá sé sin amhlaidh chun teorainn a chur le haon rioscaí a bhaineann le cur isteach ar sheirbhísí an TLD .eu le linn an athraithe idir an seanchreat rialála agus an creat rialála nua, agus aird á tabhairt ar an ngá atá leis an gCoimisiún conradh nua a ainmniú agus a dhéanamh leis an gClárlann agus don Chlárlann d’fhonn ullmhú le haghaidh eagrú, riar agus bainistiú an TLD .eu.

2018/0110 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le cur chun feidhme agus feidhmiú an ainm fearainn barrleibhéil .eu agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 733/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 874/2004 ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 172 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 9 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 10 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Bunaíodh an fearann barrleibhéil náisiúnta .eu (ccTLD) le Rialachán (CE) Uimh. 733/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 11 agus le Rialachán (CE) Uimh. 874/2004 ón gCoimisiún 12 . Ó glacadh Rialachán (CE) Uimh. 733/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 874/2004, tá athrú mór tagtha ar an gcomhthéacs polaitiúil agus reachtach san Aontas agus ar an timpeallacht agus an margadh ar líne.

(2)Is cuid riachtanach de struchtúr ordlathach an chórais ainmneacha fearainn (DNS) iad TLDanna a áirithíonn córas idir-inoibritheach déanta d’aitheantóirí uathúla, atá ar fáil ar fud an domhain, ar aon fheidhmchlár agus ar aon líonra.

(3)Ba cheart don TLD .eu úsáid líonraí idirlín agus rochtain ar na líonraí idirlín i gcomhréir le hAirteagal 170 agus Airteagal 171 den CFAE a chur chun cinn, trí chlárú comhlántach a chur ar fáil d’fhearainn barrleibhéil náisiúnta (ccTLDanna) atá ann cheana féin nó clárú domhanda a chur ar fáil do na fearainn bharrleibhéil chineálacha.

(4)Ba cheart a bheith sa TLD .eu nasc leis an Aontas agus leis an margadh Eorpach atá sainaitheanta go soiléir. Ba cheart go gcuirfeadh sé ar chumas gnóthais, eagraíochtaí agus daoine nádúrtha laistigh den Aontas ainm fearainn a chlárú faoin TLD .eu. Ba cheart go gceadófaí do shaoránaigh an Aontais ainm fearainn .eu a chlárú, beag beann ar a náit chónaithe.

(5)Ba cheart ainmneacha fearainn sa TLD .eu a leithdháileadh ar na páirtithe incháilithe ach iad a bheith ar fáil.

(6)Chun cosaint níos fearr a áirithiú ar chearta na bpáirtithe chun conradh a dhéanamh leis an gClárlann agus le Cláraitheoirí faoi seach, ba cheart na díospóidí maidir le clárú ainmneacha fearainn sa TLD .eu a bheith á réiteach ag comhlachtaí atá lonnaithe san Aontas a chuireann i bhfeidhm dlíthe ábhartha na mBallstát, gan dochar do na cearta agus na hoibleagáidí a aithníonn na Ballstáit nó an tAontas a eascraíonn as ionstraimí idirnáisiúnta.

(7)Ba cheart na prionsabail agus na nósanna imeachta maidir le feidhmiú an TLD .eu a chur i gceangal leis an gconradh idir an Coimisiún agus an Chlárlann atá ceaptha.

(8)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún na liostaí d’ainmneacha fearainn atá forchoimeádta agus atá blocáilte ag na Ballstáit a ghlacadh, chun na critéir agus an nós imeachta maidir le hainmniú na Clárlainne a bhunú agus chun an Chlárlann a ainmniú i gcás mórfhorais práinne a bhfuil údar cuí leo. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún. Ba cheart na liostaí sin a thiomsú faoi réir infhaighteacht na nainmneacha fearainn agus ainmneacha fearainn ar an dara leibhéal atá forchoimeádta nó cláraithe cheana féin ag na Ballstáit á gcur san áireamh .

(9)Ba cheart don Choimisiún, ar bhonn nós imeachta roghnúcháin oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, Clárlann a ainmniú don TLD .eu. Ba cheart don Choimisiún conradh a dhéanamh leis an gClárlann roghnaithe agus ba cheart a áireamh sa chonradh sin na prionsabail agus na nósanna imeachta mionsonraithe a bhaineann leis an gClárlann maidir le heagrú, riar agus bainistiú an TLD .eu. Ba cheart teorainn ama a bheith leis an gconradh agus é a bheith in-athnuaite.

(10)Tá an Rialachán seo gan dochar do chur i bhfeidhm na rialacha maidir le hiomaíocht a chuirtear ar fáil in Airteagal 101 agus in Airteagal 102 CFAE.

(11)Ba cheart don Chlárlann na prionsabail a bhaineann le neamh-idirdhealú agus trédhearcacht a chomhlíonadh agus bearta a chur chun feidhme chun iomaíocht chothrom a chosaint, le húdarú roimh ré ag an gCoimisiún, go háirithe nuair a chuireann sé seirbhísí ar fáil do ghnóthais a théann in iomaíocht léi ar mhargaí iartheachtacha.

(12)Is í an Chorparáid Idirlín um Shannadh Ainmneacha agus Uimhreacha (ICANN) atá freagrach faoi láthair as comhordú a dhéanamh ar tharmligean cód ccTLD chuig na Clárlanna. Ba cheart don Chlárlann conradh iomchuí a dhéanamh le ICANN lena ndéantar foráil maidir leis an gcód ccTLD .eu a tharmligean ag cur san áireamh na prionsabail ábhartha atá glactha ag Coiste Comhairleach an Rialtais (GAC).

(13)Ba cheart don Chlárlann comhaontú iomchuí eascró a dhéanamh chun leanúnachas seirbhíse a áirithiú, agus go háirithe lena áirithiú go bhféadfar leanúint de bheith ag soláthar seirbhísí don phobal idirlín áitiúil, lena laghad cur isteach is féidir, i gcás tarmligean in athuair nó imthosca eile gan choinne a bheith ann,. Ba cheart don Chlárlann cóip leictreonach d’inneachar reatha an bhunachair sonraí a chur faoi bhráid an ghníomhaire eascró .eu gach lá.

(14)Ba cheart a áireamh i nósanna imeachta um réiteach malartach díospóidí na dea-chleachtais idirnáisiúnta sa réimse seo agus go háirithe moltaí ábhartha na hEagraíochta Domhanda um Maoin Intleachtúil (WIPO), d’fhonn a áirithiú go seachnófar cláruithe amhantracha agus míchuí chomh fada agus is féidir. Ba cheart líon íosta rialacha nósanna imeachta aonfhoirmeacha a urramú agus réiteach malartach díospóidí ar siúl, i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach sa bheartas um réiteach aonfhoirmeach díospóidí a ghlac ICANN.

(15)Ba cheart foráil a dhéanamh sa bheartas maidir le clárú míchuí ainmneacha fearainn .eu go ndéanfaidh an Chlárlann na sonraí a fhaigheann sé a fhíorú, go háirithe maidir le céannacht na gcláraithe, agus maidir le hainmneacha fearainn a mheasann cinneadh deiridh cúirt Ballstáit a bheith clúmhillteach, ciníoch nó contrártha le dlí an Bhallstáit ar bhealach eile, go ndéanfar foráil maidir le clárú na nainmneacha fearainn sin a chúlghairm nó a bhlocáil sa todhchaí. Ba cheart don Chlárlann a bheith rí-chúramach maidir le cruinneas na sonraí a fhaigheann sí agus atá ina seilbh aici a áirithiú.

(16)Ba cheart don Chlárlann tacú leis na gníomhaireacht forfheidhmithe dlí sa chomhrac in aghaidh na coireachta trí bhearta teicniúla agus eagraíochtúla a chur chun feidhme atá dírithe ar rochtain a thabhairt do na húdaráis inniúla ar na sonraí atá sa Chlárlann chun críocha coireanna a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, dá bhforáiltear i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta.

(17)Ba cheart an Rialachán seo a chur chun feidhme i gcomhréir leis na prionsabail a bhaineann le príobháideachas agus le cosaint sonraí pearsanta. Ba cheart don Chlárlann rialacha, prionsabail agus treoirlínte ábhartha cosanta sonraí an Aontais a chomhlíonadh agus, go háirithe ceanglais slándála ábhartha, na prionsabail maidir le riachtanas, comhréireacht, teorannú de réir cuspóra agus tréimhse coinneála sonraí chomhréireach. Ina theannta sin, ba cheart cosaint sonraí pearsanta trí dhearadh agus cosaint sonraí mar réamhshocrú a bheith leabaithe i ngach córas próiseála sonraí agus i ngach bunachar sonraí arna fhorbairt agus/nó arna chothabháil.

(18)D’fhonn maoirseacht thréimhsiúil éifeachtach a áirithiú, ba cheart do chomhlacht neamhspleách iniúchadh a dhéanamh ar an gClárlann, ar chostas na Clárlainne, gach dhá bhliain ar a laghad d’fhonn a dhearbhú go gcomhlíonann an Chlárlann na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo. Ba cheart don Chlárlann an tuarascáil ar an measúnú comhréireachta a thiomsaítear mar thoradh air sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos sa chonradh leis an gClárlann.

(19)Ba cheart foráil a dhéanamh sa chonradh a thugtar i gcrích leis an gClárlann maidir le nósanna imeachta don Chlárlann eagrú, riar agus bainistiú an TLD .eu a fheabhsú i gcomhréir le treoracha an Choimisiúin a eascraíonn as na gníomhaíochtaí maoirseachta dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

(20)Athdhearbhaíodh sna Conclúidí ón gComhairle maidir le bainistíocht an idirlín an 27 Samhain 2014 tiomantas an Aontais Eorpaigh struchtúir rialachais páirtithe leasmhara éagsúla a chur chun cinn atá bunaithe ar shraith chomhleanúnach de phrionsabail dhomhanda i dtaobh bhainistíocht an idirlín. Tagraíonn bainistíocht chuimsitheach an idirlín d’fhorbairt agus d’iarratais ó rialtais, ón earnáil phríobháideach, ón tsochaí shibhialta, ó eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ón bpobal teicneolaíochta, ina róil faoi seach, ar phrionsabail chomhroinnte, noirm, rialacha, nósanna imeachta cinnteoireachta agus cláir a chruthaíonn éabhlóid agus úsáid an idirlín.

(21)Ba cheart Comhairle áirithe leasmhara éagsúla .eu a chur ar bun a mbeidh ról comhairleach aige i dtaca leis an gCoimisiún d’fhonn an tionchur a neartú agus a leathnú i dtaca le dea-rialachas na Clárlainne agus na nithe a chumhdaítear leis na prionsabail agus na nósanna imeachta maidir le feidhmiú an TLD .eu , agus chun trédhearcacht cleachtas tráchtála agus oibríochta na Clárlainne a mhéadú. Ba cheart do chomhaltaí an ghrúpa samhail bainistíochta idirlín na bpáirtithe leasmhara éagsúla a léiriú agus ba cheart don Choimisiún iad a cheapadh ar bhonn nós imeachta oscailte agus trédhearcach.

(22)Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht agus ar fheidhmiú an TLD .eu. Ba cheart don mheastóireacht féachaint do chleachtais oibre na Clárlainne ainmnithe agus ábharthacht a cuid cúraimí.

(23)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon TLD uile-Eorpach a chur chun feidhme sa bhreis ar na ccTLDanna náisiúnta, a ghnóthú go leordhóthanach, agus de bharr a scála agus a néifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(24)D’fhonn aon rioscaí a bhaineann le cur isteach ar sheirbhísí an TLD .eu a theorannú maidir le hathrú idir an seanchreat rialála agus an creat rialála nua, tá forálacha idirthréimhseacha beartaithe leis an Rialachán seo.

(25)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 733/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 874/2004 ón gCoimisiún a aisghairm.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Ábhar agus cuspóirí

1.    Leis an Rialachán seo cuirtear chun feidhme an fearann barrleibhéil náisiúnta (‘ccTLD’) .eu agus leagtar síos na coinníollacha lena chur chun feidhme, lena náirítear ainmniú agus saintréithe na Clárlainne. Bunaítear leis an Rialachán seo freisin an creat beartais dlíthiúil agus ginearálta ina mbeidh feidhm ag an gClárlann ainmnithe.

2.    Beidh feidhm ag an Rialachán seo gan dochar do shocruithe sna Ballstáit maidir lena ccTLDanna náisiúnta.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo:

(a) ciallaíonn “Clárlann” an teintiteas a gcuirtear de chúram air eagrú, riar agus bainistiú an TLD .eu, lena náirítear cothabháil na mbunachar sonraí comhfhreagrach agus na seirbhísí um cheisteanna poiblí a bhaineann leo, clárú ainmneacha fearainn, feidhmiú Chlárlann na nainmneacha fearainn, oibriú freastalaithe ainmneacha TLS na Clárlainne agus scaipeadh comhad creasa TLD;

(b) ciallaíonn “Cláraitheoir” duine nádúrtha nó dlítheanacha a sholáthraíonn, ar bhonn conartha leis an gClárlann, seirbhísí cláraithe ainm fearainn do chláraithe;

(c) ciallaíonn “prótacail ainmneacha fearainn idirnáisiúnaithe (IDNanna)” caighdeáin agus prótacail a thacaíonn le húsáid na nainmneacha fearainn i gcarachtair nach carachtair den Chód Caighdeánach Meiriceánach um Idirmhalartú Faisnéise (ASCII) iad;

(d) ciallaíonn “bunachar sonraí WHOIS” bailiúchán sonraí ina bhfuil faisnéis maidir le gnéithe teicniúla agus riaracháin chláruithe na bhfearann barrleibhéil .eu;

(e) ciallaíonn “prionsabail agus nósanna imeachta maidir le feidhmiú an TLD .eu” rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú agus bainistiú an TLD .eu;

(f) ciallaíonn “clárú” sraith beart agus céimeanna nós imeachta, ó thionscnamh go críoch, arna nglacadh ag Cláraitheoirí agus/nó ag an gClárlann arna iarraidh sin do dhuine nádúrtha nó dlítheanach, atá dírithe ar chlárú ainm fearainn a chur chun feidhme ar feadh tréimhse sonraithe.

CAIBIDIL II

Cur chun feidhme an TLD .eu

Roinn 1

PRIONSABAIL GHINEARÁLTA

Airteagal 3

Critéir incháilitheachta

Is féidir le haon cheann acu seo a leanas clárú ainm fearainn amháin nó níos mó faoin TLD .eu a iarraidh:

(i) saoránach de chuid an Aontais, beag beann ar a áit chónaithe; nó

(ii) duine nádúrtha nach saoránach de chuid an Aontais é agus atá ina chónaí i mBallstát; nó

(iii) gnóthas a bunaíodh laistigh den Aontas; nó

(iv) eagraíocht a bunaíodh laistigh den Aontas gan dochar d’fheidhmiú an dlí náisiúnta.

Airteagal 4

Clárú agus cúlghairm ainmneacha fearainn

1.    Déanfar ainm fearainn a leithdháileadh ar an bpáirtí incháilithe a bhfuil iarraidh faighte uaidh ar dtús ag an gClárlann ar an mbealach ceart go teicniúil mar a leagtar síos sna nósanna imeachta maidir le hiarrataí ar chlárú ar bhonn phointe (b) d’Airteagal 11.

2.    Ní bheidh ainm fearainn cláraithe ar fáil lena chlárú arís go dtí go néagfaidh an clárú gan athnuachan, nó go dtí go ndéanfar an tainm fearainn a chúlghairm.

3.    Féadfaidh an Chlárlann ainm fearainn a chúlghairm ar a tionscnamh féin agus gan an díospóid a chur faoi bhráid aon socrú seachbhreithiúnach ar choinbhleachtaí, ar na forais seo a leanas:

(a) fiacha gan íoc atá dlite don Chlárlann;

(b) ní chomhlíonann sealbhóir ainm fearainn na critéir incháilitheachta de bhun Airteagal 3;

(c) sárú ag sealbhóir an ainm fearainn ar na ceanglais maidir le hiarrataí ar chlárú arna leagan síos ar bhonn phointe (b) d’Airteagal 11.

4.    Féadfar ainm fearainn a chúlghairm freisin agus, más gá, é a aistriú ina dhiaidh sin chuig páirtí eile, faoi réir nós imeachta um réiteach malartach díospóidí nó nós imeachta breithiúnach, i gcás ina bhfuil an tainm sin comhionann nó ina bhfuil cosúlacht mhearbhallach idir é agus ainm a mbunaítear ceart ina leith ag dlí náisiúnta nó dlí an Aontais, agus i gcás ina bhfuil sé:

(a) cláraithe ag a shealbhóir gan chearta nó leas dlisteanach san ainm; nó

(b) cláraithe nó in úsáid de mheon mímhacánta.

5.    I gcás ina measfaidh cúirt Ballstáit go bhfuil ainm fearainn clúmhillteach, ciníoch nó contrártha do bheartas poiblí, blocálfaidh an Chlárlann é nuair a gheobhaidh sé fógra faoi chinneadh na cúirte, agus déanfar é a chúlghairm nuair a gheofar an fógra faoi chinneadh críochnaitheach na cúirte. Blocálfaidh an Chlárlann clárú sa todhchaí na nainmneacha sin a bhí faoi réir ordú cúirte den sórt sin chomh fada agus a bheidh an tordú sin fós bailí.

Airteagal 5

Teangacha, dlí agus dlínse infheidhme

1.    Déanfar clárú ainmneacha fearainn i gcarachtair aibítreacha uile theangacha oifigiúla an Aontais i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta atá ar fáil de réir mar a cheadaítear leis na prótacail ábhartha Ainmneacha Fearainn Idirnáisiúnta (IDN).

2.    Gan dochar do Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ná do chearta agus oibleagáidí a aithníonn na Ballstáit nó an tAontas a eascraíonn as ionstraimí idirnáisiúnta, ní dhéanfaidh conarthaí idir an Chlárlann agus Cláraitheoirí ná conarthaí idir cláraitheoirí agus cláraithe dlí seachas dlí de chuid na mBallstát a ainmniú mar an dlí is infheidhme, ná ní ainmneoidh siad mar chomhlacht um réiteach díospóide, cúirt, cúirt eadrána nó comhlacht eile atá suite lasmuigh den Aontas.

Airteagal 6

Forchoimeád ainmneacha fearainn

1.    Féadfaidh an Chlárlann roinnt ainmneacha fearainn a fhorchoimeád a mheastar a bheith riachtanach dá cuid feidhmeanna oibriúcháin i gcomhréir leis an gconradh dá dtagraítear in Airteagal 8(3).

2.    Féadfaidh an Coimisiún treoir a thabhairt don Chlárlann ainmneacha fearainn a thabhairt isteach go díreach faoin TLD .eu lena núsáid ag institiúidí agus comhlachtaí an Aontais.

3.    Féadfaidh na Ballstáit, gan dochar d’ainmneacha fearainn a bheidh forchoimeádta nó cláraithe cheana féin, liosta de na hainmneacha fearainn seo a chur in iúl don Choimisiún:

(a) ainmneacha fearainn nach bhféadfar a chlárú, ar bhonn an dlí náisiúnta; nó

(b) ainmneacha fearainn a fhéadfaidh na Ballstáit a chlárú nó a fhorchoimeád faoi fhearann dara leibhéal amháin. Ní mór na hainmneacha fearainn sin a bheith teoranta do théarmaí geografacha agus/nó geopholaitiúla a aithnítear go forleathan a dhéanann difear d’eagraíocht pholaitiúil nó chríochach na mBallstát.

4.    Glacfaidh an Coimisiún na liostaí a chuirfidh na Ballstáit in iúl dóibh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17(2).

Airteagal 7

Cláraitheoirí

1.    Déanfaidh an Chlárlann cláraitheoirí a chreidiúnú i gcomhréir le nósanna imeachta creidiúnúcháin réasúnta, trédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha arna gceadú ag an gCoimisiún roimh ré. Cuirfidh an Chlárlann na nósanna imeachta creidiúnúcháin ar fáil go poiblí i bhfoirm atá inrochtana go héasca.

2.    Cuirfidh an Chlárlann coinníollacha coibhéiseacha i bhfeidhm in imthosca coibhéiseacha i ndáil leis na cláraitheoirí creidiúnaithe .eu a sholáthraíonn seirbhísí coibhéiseacha, agus soláthróidh sí seirbhísí agus faisnéis dóibh faoi na coinníollacha céanna agus ar an gcaighdeán céanna a sholáthraíonn sí a sheirbhísí coibhéiseacha féin.

Roinn 2

CLÁRLANN

Airteagal 8

Ainmniú na Clárlainne

1.    Bunóidh an Coimisiún na critéir agus an nós imeachta chun an Chlárlann a ainmniú trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17(2).

2.    Ainmneoidh an Coimisiún an Chlárlann tar éis críochnú an nós imeachta dá dtagraítear i mír 1.

3.    Déanfaidh an Coimisiún conradh leis an gClárlann ainmnithe. Sonrófar sa chonradh na rialacha, na beartais agus na nósanna imeachta maidir le soláthar seirbhísí ag an gClárlann agus na coinníollacha dá réir a mhaoirseoidh an Coimisiún eagrú, riar agus bainistiú an TLD .eu ag an gClárlann. Beidh teorainn ama leis an gconradh agus beidh sé in-athnuaite, agus beidh san áireamh ann na prionsabail agus na nósanna imeachta maidir le feidhmiú an TLD .eu arna leagan síos ar bhonn Airteagal 11.

4.    De mhaolú ar na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún an Chlárlann a ainmniú trí ghníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 17(3).

Airteagal 9

Saintréithe na Clárlainne

1.    Beidh oifig chláraithe, riarachán lárnach agus príomháit ghnó laistigh de chríoch an Aontais ag an gClárlann.

2.    Féadfaidh an Chlárlann táillí a bhaineann go díreach le costais a thabhaítear a ghearradh, a mhéid a údaraítear leis an gconradh arna thabhairt i gcrích de bhun Airteagal 8 (3).

Airteagal 10

Oibleagáidí na Clárlainne

Déanfaidh an Chlárlann:

(a) na rialacha, na beartais agus na nósanna imeachta a leagtar síos sa Rialachán seo agus sa chonradh dá dtagraítear in Airteagal 8(3) a chomhlíonadh;

(b) an TLD .eu a eagrú, a riar agus a bhainistiú ar mhaithe leis an leas ginearálta agus ar bhonn prionsabail cáilíochta, éifeachtachta, iontaofachta, trédhearcachta, inrochtaineachta agus neamh-idirdhealaithe agus trí dhálaí córa iomaíochta a áirithiú;

(c) conradh iomchuí a dhéanamh lena bhforáiltear do roghnú an chóid TLD .eu , faoi réir toiliú roimh ré ón gCoimisiún;

(d) clárú ainmneacha fearainn a dhéanamh sa TLD .eu nuair a iarrann aon pháirtí incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 3 amhlaidh;

(e) a áirithiú, gan dochar d’aon imeachtaí cúirte agus faoi réir ráthaíochtaí leordhóthanacha nós imeachta do na páirtithe lena mbaineann, an fhéidearthacht do Chláraitheoirí agus cláraithe aon díospóid chonarthach leis an gClárlann a thabhairt os comhair an chomhlachta um réiteach malartach díospóidí ;

(f) infhaighteacht agus barántúlacht bhunachair shonraí na nainmneacha fearainn a áirithiú;

(g) comhaontú a dhéanamh, ar a chostas féin agus le toiliú an Choimisiúin, le hiontaobhaí creidiúnach nó le gníomhaire eascró eile atá bunaithe laistigh de chríoch an Aontais, ina nainmnítear an Choimisiúin mar thairbhí an chomhaontaithe eascró, agus cóip leictreonach d’inneachar bhunachar sonraí an TLD .eu a chur faoi bhráid an ghníomhaire eascró nó an iontaobhaí lena mbaineann gach lá;

(h) na liostaí dá dtagraítear in Airteagal 6(3) a chur chun feidhme;

(i) cuspóirí an Aontais a chur chun cinn i réimse bhainistíocht an idirlín;

(j) na prionsabail agus na nósanna imeachta maidir le feidhmiú an TLD .eu a leagan síos ar bhonn Airteagal 11 i ngach teanga oifigiúil de chuid an Aontais;

(k) comhlacht neamhspleách a fháil le hiniúchadh a dhéanamh, ar chostas na Clárlainne,gach dhá bhliain ar a laghad chun a dheimhniú go gcomhlíontar an Rialachán seo agus an toradh a sheoladh chuig an gCoimisiún;

(l) páirt a ghlacadh, arna iarraidh sin don Choimisiún, in obair na Comhairle páirtithe leasmhara éagsúla .eu agus comhoibriú leis an gCoimisiún chun feidhmiú agus bainistiú an TLD .eu a fheabhsú.

Airteagal 11

Prionsabail agus nósanna imeachta maidir le feidhmiú an TLD .eu

Beidh sa chonradh a thabharfar i gcrích idir an Coimisiún agus an Chlárlann ainmnithe i gcomhréir le hAirteagal 8(3), na prionsabail agus na nósanna imeachta maidir le feidhmiú an TLD .eu, i gcomhréir leis an Rialachán seo, lena náirítear na nithe seo a leanas:

(a) beartas um réiteach malartach díospóidí;

(b) ceanglais agus nósanna imeachta i dtaobh iarrataí ar chlárú, beartas maidir le sonraí cláraithe a fhíorú agus clárú amhantrach ainmneacha fearainn;

(c) beartas maidir le clárú míchuí ar ainmneacha fearainn;

(d) beartas maidir le hainmneacha fearainn a chúlghairm;

(e) an chaoi a gcaitear le cearta maoine intleachtúla;

(f) bearta atá dírithe ar rochtain a thabhairt do na húdaráis inniúla ar na sonraí atá sa Chlárlann chun críocha coireanna a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, dá bhforáiltear i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta.

(g) nósanna imeachta mionsonraithe chun an conradh a leasú.

Airteagal 12

Bunachar sonraí WHOIS

1.    Déanfaidh an Chlárlann saoráid bhunachar sonraí WHOIS a bhunú agus a bhainistiú chun faisnéis chruinn agus cothrom le dáta a sholáthar faoi na hainmneacha fearainn a chláraítear faoin TLD .eu.

2.    Beidh faisnéis ábhartha sa bhunachar sonraí WHOIS, nach bhfuil iomarcach maidir le cuspóir an bhunachair sonraí, faoi na pointí teagmhála a riarann na hainmneacha fearainn faoin TLD .eu agus faoi shealbhóirí na nainmneacha fearainn. Nuair is duine nádúrtha é sealbhóir an ainm fearainn, beidh an fhaisnéis atá le cur ar fáil go poiblí faoi réir thoiliú shealbhóir an ainm fearainn de réir bhrí Rialachán 2016/679.

Roinn 3

FORMHAOIRSEACHT AR AN gCLÁRLANN

Airteagal 13

Maoirseacht

1.    Déanfaidh an Coimisiún faireachán agus maoirseacht ar eagrú, riar agus bainistiú an TLD .eu ag an gClárlann.

2.    Déanfaidh an Coimisiún fón tacht na bainistíochta airgeadais a fhionnadh, mar aon le comhlíonadh an Rialacháin agus na bprionsabal agus na nósanna imeachta maidir le feidhmiú an TLD .eu dá dtagraítear in Airteagal 11 ag an gClárlann, agus féadfaidh sé faisnéis a iarraidh chun na críche sin.

3.    I gcomhréir lena chuid gníomhaíochtaí maoirseachta, féadfaidh an Coimisiún treoracha sonracha a chur in iúl don Chlárlann d’fhonn eagrú, riar agus bainistiú an TLD .eu a cheartú agus/nó a fheabhsú.

4.    Féadfaidh an Coimisiún, de réir mar is iomchuí, dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara agus comhairle saineolaithe a lorg maidir le torthaí na ngníomhaíochtaí maoirseachta dá bhforáiltear san Airteagal seo agus ar bhealaí chun eagrú, riar agus bainistiú an TLD .eu ag an gClárlann a fheabhsú.

Airteagal 14

Comhairle na bpáirtithe leasmhara éagsúla .eu

1.    Bunófar Comhairle na bpáirtithe leasmhara .eu chun comhairle a thabhairt don Choimisiún maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo.

2.    I gComhairle na bpáirtithe leasmhara .eu beidh ionadaithe arna dtarraingt ón earnáil phríobháideach, ón bpobal teicneolaíochta, ó na Ballstáit agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, ón tsochaí shibhialta agus acadúil agus arna gceapadh ag an gCoimisiún ar bhonn nós imeachta oscailte trédhearcach.

3.    Beidh na cúraimí seo a leanas ar Chomhairle na bpáirtithe leasmhara .eu:

(a) cuidiú agus comhairle a thabhairt don Choimisiún maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo;

(b) tuairimí a eisiúint maidir le cúrsaí bainistíochta, eagrúcháin agus riaracháin an TLD .eu;

(c) comhairle a thabhairt don Choimisiún maidir le cúrsaí faireacháin agus maoirseachta ar an gClárlann.

CAIBIDIL III

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 15

Cearta a áirithint

Coinníonn an tAontas gach ceart a bhaineann leis an TLD .eu lena náirítear, go háirithe, cearta maoine intleachtúla agus cearta eile ar bhunachair sonraí na Clárlainne a theastaíonn chun a áirithiú go gcuirtear an Rialachán seo chun feidhme agus an ceart chun an Chlárlann a athainmniú.

Airteagal 16

Meastóireacht agus athbhreithniú

1.    Tráth nach déanaí ná cúig bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus gach trí bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chur chun feidhme, éifeachtacht agus feidhmiú an TLD .eu.

2.    Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoi thorthaí an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 17

Nós imeachta coiste

1.    Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.    I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.    I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 5 de.

Airteagal 18

Forálacha idirthréimhseacha

1.    Coinneoidh sealbhóirí ainmneacha fearainn a bhfuil ainmneacha fearainn a cláraíodh de bhun phointe (b) d’Airteagal 4(2) de Rialachán (CE) Uimh. 733/2002 na cearta ar na hainmneacha fearainn atá cláraithe cheana faoin TLD .eu.

2.    De réir [dáta - tráth nach déanaí ná dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm] glacfaidh an Coimisiún na bearta is gá chun conradh a ainmniú agus a dhéanamh leis an gClárlann de bhun an Rialacháin seo. Tabharfaidh an conradh éifeachtaí ón [dáta - ar chur i bhfeidhm an rialacháin reatha: tráth nach déanaí ná trí bliana tar éis theacht i bhfeidhm].

3.    Beidh éifeachtaí ag an gconradh a tugadh chun críche idir an Coimisiún agus an Chlárlann de bhun phointe (c) d’Airteagal 3 (1) de Rialachán (CE) Uimh. 733/2002 go dtí an [dáta - lúide 1 lá ón dáta a gcuirtear an rialachán seo i bhfeidhm: tráth nach déanaí ná trí bliana tar éis theacht i bhfeidhm].

Airteagal 19

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 733/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 874/2004 ón gCoimisiún le héifeacht ón [dáta cur i bhfeidhm an rialacháin seo: tráth nach déanaí ná trí bliana tar éis theacht i bhfeidhm]. 

Airteagal 20

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón [dáta- tráth nach déanaí ná trí bliana tar éis don Rialachán teacht i bhfeidhm].

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    Sa chóras ainmneacha fearainn (DNS), tarmligtear ainmneacha fearainn i gcás ina bhfoilsíonn ICANN an fearann barrleibhéil ábhartha (sa chás seo, .eu) i mbunachar sonraí an fhréamhchreasa. Is ionann é a fhoilsiú sa bhunachar sonraí fréamhchreasa agus cód (e.g. .eu) a chumasú d’fhonn oibriú mar fhearann barrleibhéil mar chuid den chóras ainmneacha fearainn.
(2)    Tá an fréamhchrios i gcrios bharrleibhéil an chórais ainmneacha fearainn (DNS) in ainmspás ordlathach DNS ar an idirlíon.
(3)    COM/2015/0192 final
(4)     https://ec.europa.eu/digital-single-market/en/news/summary-report-public-consultation-evaluation-and-revision-eu-top-level-domain-regulations
(5)    16200/14
(6)    COM/2014/072 final
(7)    Cumasaíonn Ainmneacha Fearainn Idirnáisiúnaithe (IDNanna) úsáid na n-ainmneacha fearainn i dteangacha áitiúla agus i scripteanna. Tá IDNanna bunaithe ar charachtair ó scripteanna éagsúla, amhail Araibis, Sínis, Coireallach nó Déiveanágraí. Tá siad sin ionchódaithe ag an gcaighdeán Unicode agus úsáidtear iad de réir mar a cheadaítear le prótacail ábhartha IDN. Tacaíonn an TLD .eu le gach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais, lena n-áirítear an Bhulgáiris agus an Ghréigis, a dteastaíonn ainmneacha fearainn i scripteanna Coireallacha agus Gréigise dóibh.
(8)     https://ec.europa.eu/digital-single-market/en/news/summary-report-public-consultation-evaluation-and-revision-eu-top-level-domain-regulations
(9)    IO C , , lch. .
(10)    IO C , , lch. .
(11)    Rialachán (CE) Uimh. 733/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Aibreán 2002 maidir leis an bhfearann barrleibhéil .eu a chur chun feidhme (IO L 113, 30.4.2002, lch. 1).
(12)    Rialachán (CE) Uimh. 874/2004 ón gCoimisiún an 28 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha beartais phoiblí maidir le cur chun feidhme agus feidhmeanna an fhearainn barrleibhéil .eu agus na prionsabail lena rialaítear clárú (IO L 162, 30.4.2004, lch. 40).
Top