Accept Refuse

EUR-Lex Access to European Union law

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52018PC0173

Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le cleachtais éagóracha trádála sa chaidreamh gnólacht le gnólacht i slabhra an tsoláthair bia

COM/2018/173 final - 2018/0082 (COD)

An Bhruiséil,12.4.2018

COM(2018) 173 final

2018/0082(COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le cleachtais éagóracha trádála sa chaidreamh gnólacht le gnólacht i slabhra an tsoláthair bia

{SWD(2018) 91 final}
{SWD(2018) 92 final}
{SWD(2018) 93 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.    COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Feirmeoirí, próiseálaithe, trádálaithe, mórdhíoltóirí, miondíoltóirí agus tomhaltóirí, tá siad go léir ina ngníomhaithe i slabhra an tsoláthair bia. Is mó an baol d'oibreoirí beaga i slabhra an tsoláthair bia ó chleachtais éagóracha trádála toisc gur lú, tríd is tríd, an chumhacht mhargála atá acu ná an chumhacht mhargála atá ag na hoibreoirí móra sa slabhra. Is mór an baol do tháirgeoirí talmhaíochta go háirithe iad na cleachtais éagóracha trádála toisc gurb annamh cumhacht mhargála na dtáirgeoirí sin ar chomhchéim le cumhachta na gcomhpháirtithe iartheachtacha a cheannaíonn a dtáirgí. Tá sin amhlaidh mar gur beag bealach eile inar féidir leo a dtáirgí a sheachadadh chuig tomhaltóirí.

Tá mórán den tuairim gurb ann do chleachtais éagóracha trádála feadh shlabhra an tsoláthair bia. Díríodh i dtrí theachtaireacht ón gCoimisiún ón mbliain 2009 i leith ar shlabhra an tsoláthair bia, lena náirítear cleachtais éagóracha trádála.

I mí an Mheithimh 2016, ba le rún ó Pharlaimint na hEorpa 1 a iarradh ar an gCoimisiún togra a chur síos le haghaidh creat dlíthiúil de chuid an Aontais maidir le cleachtais éagóracha trádála. I mí na Nollag 2016, thug an Chomhairle cuireadh don Choimisiún tabhairt, ar bhealach prapúil, faoi mheasúnú tionchair d’fhonn creat dlíthiúil de chuid an Aontais nó bearta neamhreachtacha a mholadh chun aghaidh a thabhairt ar chleachtais éagóracha trádála 2 . I mí Mheán Fómhair 2016, d’fhoilsigh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa tuarascáil inar iarradh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit gníomhaíocht thapa a dhéanamh chun cleachtais éagóracha trádála a chosc trí líonra comhchuibhithe údarás forfheidhmiúcháin a bhunú san Aontas ar mhaithe le cothrom iomaíochta a chruthú laistigh den mhargadh aonair 3 .

Sa tuarascáil uaidh sa bhliain 2016, shainaithin an Coimisiún roinnt réimsí nár mhór tuilleadh feabhais a chur orthu i reachtaíocht na mBallstát maidir le cleachtais éagóracha trádála agus i dtionscnaimh dheonacha thionscail maidir le cleachtais éagóracha trádála araon. Ghabh an Coimisiún air féin athmheasúnú a dhéanamh, roimh dheireadh a shainordaithe, ar an ngá atá le gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar chleachtais éagóracha trádála i bhfianaise na bhforbairtí a tháinig chun cinn ina dhiaidh sin. Níor baineadh na hionchais maidir le feabhsuithe amach ina niomláine, áfach, mar a phléitear ar bhealach níos mine sa mheasúnú tionchair (cuid 3.3).

Nuair is ann dóibh, is féidir le cleachtais éagóracha trádála brabúis agus corrlaigh oibreoirí a chur faoi bhrú, rud ar féidir leis a bheith ina chúis le míleithdháileadh acmhainní agus rannpháirtithe atá inmharthana agus iomaíoch ar shlí eile a chur as gnó, fiú. Mar shampla, nuair a dhéantar laghdú aontaobhach aisghníomhach ar an gcainníocht d'earraí meatacha i gconradh, ceiltear ioncam ar an oibreoir agus d’fhéadfadh nach mbeadh sé in ann na hearraí sin a dhíol gan dua in áit eile. Costas airgeadais breise ar an soláthraí atá ann nuair a íoctar go déanach é as táirgí meatacha tar éis dó iad a sheachadadh chuig an gceannaitheoir agus tar éis don cheannaitheoir iad a dhíol. D’fhéadfaí riosca a aistriú go míchuí chuig soláthraithe i gcás ina gcuirtear oibleagáid orthu táirgí nár dhíol an ceannaitheoir a ghlacadh ar ais agus is riosca é sin a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm ar shlándáil pleanála agus infheistíochta soláthraithe. Má chuirtear iallach ar sholáthraí rannchuidiú le promóisin inmheánacha de chineál coiteann a chuireann dáileoir ar bun cé nach bhfuil tairbhe de réir a rannchuidithe le baint aige as, is féidir corrlach an tsoláthraí a laghdú go míchuí.

I dtimpeallacht beartais talmhaíochta atá i bhfad níos dírithe ar an margadh anois ná mar a bhí san am atá thart, tá méadú tagtha ar a thábhachtaí atá dea-rialachas shlabhra an tsoláthair bia d’oibreoirí, go háirithe do tháirgeoirí talmhaíochta. Ba cheart a áirithiú leis an togra seo go mbeidh na hoibreoirí sin in ann dul in iomaíocht ar théarmaí córa le hoibreoirí eile, rud a chuirfidh le héifeachtúlacht fhoriomlán an tslabhra ansin. Má thugann oibreoirí a bhfuil cumhacht mhargála acu faoi iompar éagórach gnó nach bhfuil aon toirmeasc air, nó más ann d’fhéidearthachtaí sásaimh nach bhfuil sách éifeachtach, tá baol ann go mbainfí an bonn d’inmharthanacht eacnamaíoch oibreoirí sa slabhra. Is dóigh go mbainfidh rialachas lag den sórt sin den mhuinín as cothroime agus feidhmiú shlabhra an tsoláthair bia i gcoitinne freisin.

Contanam de mhargaí a bhfuil gaol ingearach eatarthu is ea slabhra an tsoláthair bia. Saintréith den slabhra is ea na difríochtaí suntasacha atá ann idir an chumhacht mhargála atá ag fiontair bheaga agus mheánmhéide agus an chumhacht mhargála atá ag fiontair níos mó. Tá ardleibhéil chomhchruinnithe ann sna Ballstáit uile ag na céimeanna a thagann tar éis an táirgthe phríomhúil. I gcásanna áirithe, is ar na táirgeoirí is laige, amhail táirgeoirí talmhaíochta, a chuireann cleachtais éagóracha trádála isteach fiú nuair nach orthusan a chuirtear i bhfeidhm go díreach iad, má chuirtear na costais arb iad na cleachtais éagóracha trádála is cúis leo siar feadh shlabhra an tsoláthair bia chuig an bpáirtí is laige, arb é an feirmeoir go minic é. Dá bhrí sin, éifeacht dhiúltach an chleachtais éagóraigh trádála arb ann dó níos faide síos sa slabhra, idir an miondíoltóir agus an próiseálaí mar shampla, is féidir go gcuirfear an éifeacht dhiúltach sin siar sa slabhra sa dóigh go rachaidh sé i bhfeidhm ar fheirmeoirí ar deireadh.

Fianaise ar an imní shuntasach atá ann faoi chleachtais éagóracha trádála ar leibhéal náisiúnta is ea na rialacha sonracha atá i bhfeidhm i 20 Ballstát maidir le cleachtais éagóracha trádála. Tá éagsúlacht nach beag le fáil sa dóigh a láimhseáiltear cleachtais éagóracha trádála sna Ballstáit, áfach. I mBallstáit áirithe, ní thugtar aon chosaint shonrach in aghaidh cleachtais éagóracha trádála nó is neamhéifeachtach atá an chosaint a thugtar.

Féadfar le dlí ginearálta (na gconarthaí) cleachtais áirithe a thoirmeasc agus féadfaidh daoine ar imríodh cleachtais éagóracha trádála orthu sásamh a lorg os comhair cúirt dlí shibhialta dá bharr sin. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé gur dhoiligh dlí ginearálta na gconarthaí a fhorfheidhmiú de facto, a mhéid a chumhdaítear leis an dlí an cleachtas atá i gceist: is annamh a bhíonn an páirtí is laige in idirbheart tráchtála toilteanach gearán a chur isteach ar eagla go gcuirfeadh sé sin caidreamh tráchtála reatha leis an bpáirtí is láidre i mbaol (“toisc na heagla”).

Toradh eile atá ar na difríochtaí atá ann sna cineálacha cur chuige rialála a ghlacann na Ballstáit i leith cleachtais éagóracha trádála is ea go gcruthaítear dálaí iomaíochta difriúla d’oibreoirí. Faoin gcur chuige treallach atá ann faoi láthair, is ag brath ar an mBallstát lena mbaineann atá an méid cosanta a thugtar d’oibreoirí ar chleachtais éagóracha trádála. Tá baol ann go dtiocfaidh difríochtaí sna dálaí iomaíochta chun cinn mar gheall ar na rialacha difriúla atá i réim.

Tá fíorbheagán comhordaithe ann i measc údaráis forfheidhmiúcháin na mBallstát freisin mar thoradh ar struchtúir chomhordaithe fhoirmiúla a bheith in easnamh ar leibhéal an Aontais. D’fhéadfadh comhordú den sórt sin feabhas a chur ar na cleachtais forfheidhmiúcháin sna Ballstáit.

Tionscnamh príobháideach deonach de chuid an tionscail is ea Tionscnamh Shlabhra an tSoláthair 4 a bhfuil sé mar aidhm aige cleachtais éagóracha trádála a rialú. Tá tionscnaimh náisiúnta ar aon dul leis le fáil sna Ballstáit, chomh maith le bearta éigeantacha náisiúnta. Ó bhunú an Tionscnaimh i leith, tá ról tábhachtach imeartha aige sna Ballstáit maidir le feasacht a mhúscailt ar chleachtais éagóracha trádála agus maidir le hiompar gnó cothrom a chur chun cinn. Bíonn an Tionscnamh i gcónaí ag forbairt agus ainmníodh cathaoirleach neamhspleách le déanaí. Is fóram é trínar féidir díospóidí a réiteach go luath agus ar bhealach neamhdhlíthíoch. Ní dóigh, áfach, go bhforbróidh an Tionscnamh ina chreat cuimsitheach rialachais lena gcuirfí deireadh leis an ngá atá ann le bearta rialachais phoiblí, lena náirítear forfheidhmiú. Ar bhonn deonach a bhítear rannpháirteach i dTionscnamh Shlabhra an tSoláthair agus ní chumhdaíonn an Tionscnamh na hoibreoirí uile i slabhra an tsoláthair bia. Cé go bhfuil miondíoltóirí ina mbaill den Tionscnamh, mar shampla, is amhlaidh nach nglacann comhaontais cheannaigh mhiondíoltóirí ná eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht do tháirgeoirí talmhaíochta páirt ann. I gcás eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht do tháirgeoirí talmhaíochta, ní dheachaigh siad isteach sa Tionscnamh mar go measann siad nach náirithíonn sé leordhóthain rúndachta do pháirtithe a dhéanann gearán agus nach gcuireann sé imscrúduithe ná smachtbhannaí neamhspleácha ar fáil 5 . Bíonn eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht do tháirgeoirí talmhaíochta páirteach i dtionscnaimh náisiúnta i ndáil le slabhra an tsoláthair, áfach.

D’fhéadfadh sé go mbeadh laigí struchtúracha ag baint le cód deonach freisin. Níl aon inniúlacht ag an Tionscnamh smachtbhannaí a fhorchur agus ní fhoilsítear na cinntí uaidh ach oiread (a fhágann nach mbíonn aon éifeacht dhíspreagthach ann). Ní dhéileáiltear le díospóidí duine le duine ar bhealach a d’áiritheodh rúndacht na ngearán, fiú amháin sna luathchéimeanna den nós imeachta. Níl aon chumas ag an Tionscnamh imscrúduithe a sheoladh ar a thionscnamh féin ach oiread. Tá na hábhair imní faoi fhorfheidhmiú éifeachtach freagrach as an leibhéal íseal leanúnach rannpháirtíochta i measc táirgeoirí talmhaíochta sa Tionscnamh. Ina theannta sin, ní féidir le tionscnamh deonach aghaidh a thabhairt ina aonar ar ilroinnt na rialacha maidir le cleachtais éagóracha trádála sna Ballstáit.

Dá réir sin, is é an aidhm atá leis an togra seo le haghaidh Treorach laghdú a dhéanamh ar a mhinice a úsáidtear cleachtais éagóracha trádála i slabhra an tsoláthair bia trí íoschaighdeán coiteann cosanta a thabhairt isteach ar fud an Aontais, rud a mbeidh liosta gearr cleachtas éagórach trádála ar leith atá toirmiscthe i gceist leis. Cumhdaítear leis an gcosaint sin soláthraithe beaga agus meánmhéide i slabhra an tsoláthair bia a mhéid a dhíolann siad táirgí bia le ceannaitheoirí nach ceannaitheoirí beaga agus meánmhéide iad. Is é an aidhm atá leis an raon feidhme sin rannchuidiú le caighdeán cóir maireachtála a áirithiú don lucht talmhaíochta, rud atá ar cheann de na cuspóirí atá leis an gcomhbheartas talmhaíochta faoi Airteagal 39 CFAE.

Le forálacha lena ndírítear ar íoscheanglais forfheidhmiúcháin a bhfuil feidhm acu maidir le húdaráis inniúla náisiúnta, cuirtear arís eile le nádúr díspreagthach an chórais a bheartaítear. Ar deireadh, is é an toradh a bheidh ar shásra comhordaithe a néascóidh an Coimisiún é idir na húdaráis forfheidhmiúcháin go gcumasófar malartú sonraí a bhaineann leis an líon agus an cineál imscrúduithe a dhéantar ar sháruithe agus go soláthrófar fóram inar féidir dea-chleachtais a mhalartú d’fhonn feabhas a chur ar a éifeachtaí atá an forfheidhmiú.

Comhlánaíonn na bearta a bheartaítear na bearta atá ann cheana féin sna Ballstáit agus cód iompair Thionscnamh Shlabhra an tSoláthair (cur chuige comhchuibhithe íosta).

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Ní ann d’aon rialacha cothrománacha de chuid an Aontais go fóill maidir le cleachtais éagóracha trádála idir gnólachtaí. Is é cothroime i ngníomhaíochtaí margaidh sa chomhthéacs gnólacht le gnólacht an cuspóir sonrach atá le Treoir 2006/114/CE, rud a dhéileálann le cleachtais mhíthreoracha agus le ceanglais na fógraíochta comparáidí. Mar sin féin, leis na forálacha a leagtar amach sa Treoir sin ní thugtar aghaidh ar na cleachtais trádála gnólacht le gnólacht a shainaithnítear sa togra seo.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Ní hionann raon feidhme dhlí na hiomaíochta agus raon feidhme na rialacha maidir le cleachtais éagóracha trádála. Tá cleachtais éagóracha trádála ina gcleachtais aontaobhacha nach mbaineann, i bhformhór na gcásanna, aon sárú ar rialacha iomaíochta leo, ós rud é, le sárú den sórt sin a dhéanamh, go dteastaíonn ceannasacht i margadh ar leith agus go gcaithfidh míúsáid na ceannasacht sin ar bhealach a théann i bhfeidhm ar an margadh foriomlán a aithint. I gcomparáid le rialacha eile, le rialacha maidir le cleachtais éagóracha trádála tugtar aghaidh ar aon chás inarb ann do chumhacht mhargála éagothrom (gan ceannasacht sa mhargadh a bheith i gceist i bhformhór na gcásanna) agus cuirtear toirmeasc ar ghnóthais téarmaí agus coinníollacha a meastar nach bhfuil údar leo, a mheastar a bheith díréireach nó a meastar nach ndearnadh breithniú orthu a fhorchur ar a gcomhpháirtithe trádála nó na téarmaí agus na coinníollacha sin a fháil uathu nó iarracht a dhéanamh na téarmaí agus na coinníollacha sin a fháil uathu (gan é a bheith riachtanach go raibh éifeacht aige sin ar an margadh foriomlán). Dá réir sin, beidh na rialacha maidir le cleachtais éagóracha trádála comhoiriúnach do rialacha iomaíochta an Aontais agus comhlánóidh siad na rialacha iomaíochta.

Tá tionscnaimh de chuid an Aontais i réimse na cosanta gnólacht le tomhaltóir tagtha chun cinn mar thoradh ar an éagsúlacht rialála atá ann agus ar an tearc-chosaint a thugtar in aghaidh cleachtais atá cosúil le cleachtais éagóracha trádála. Rinne roinnt Ballstát rialacha den sórt sin a leathnú chuig cásanna náisiúnta gnólacht le gnólacht. Go deimhin, is ionann eilimintí ábhartha den chur chuige coincheapúil a ghlactar faoi na rialacha gnólacht le tomhaltóir de chuid an Aontais agus eilimintí de rialacha reatha na mBallstát maidir le cleachtais éagóracha trádála lena rialaítear idirbhearta gnólacht le gnólacht, go háirithe an bhéim a chuirtear ar na páirtithe is laige in idirbheart tráchtála.

Beartaítear leis an Treoir maidir le hÍocaíocht Dhéanach (2011/7/AE) gurb amhlaidh, i gcás idirbhearta tráchtála idir gnólachtaí ("gnóthais"), nár cheart an téarma íocaíochta a bhunófar sa chonradh a bheith níos faide ná 30 lá féilire, ar téarma é a fhéadfar a fhadú go 60 lá, ach amháin i gcás ina gcomhaontófar a mhalairt go sainráite sa chonradh agus ar choinníoll nach mbeidh sé sin fíoréagórach don chreidiúnaí. Toisc nach ann d’aon uastéarma íocaíochta ceangailteach in idirbhearta gnólacht le gnólacht, is minic a bhaintear leas as sin chun téarmaí íocaíochta a fhorchur atá i bhfad níos faide ná iad sin a bhfuil an creidiúnaí compordach leo nó chun téarmaí íocaíochta a fhorchur nach bhfuil údar leo de réir chleachtais na ceirde nó de réir chineál an chonartha. Dá bhrí sin, is é aidhm an togra uastéarma íocaíochta 30 lá féilire a leagan síos le haghaidh idirbhearta tráchtála a bhaineann le ceannach agus díol táirgí bia idir gnólachtaí. Beidh an téarma sin ceangailteach agus ní fhéadfar é a shárú in aon chás. Cé gurb ionann an togra seo agus lex specialis maidir le téarmaí íocaíochta le haghaidh na gconarthaí a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo, beidh feidhm ag na forálacha eile den Treoir maidir le hÍocaíocht Dhéanach go fóill in aon chás ina ndéanfar íocaíocht dhéanach, go háirithe na gnéithe a bhaineann le híocaíochtaí agus rátaí úis, cúiteamh, téarmaí conarthacha éagóracha agus cleachtais chonarthacha éagóracha, nósanna imeachta brostaithe le haghaidh orduithe íocaíochtaí a fháil, sceidil íocaíochtaí, coinneáil teidil.

2.    BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Ceann de phríomhchuspóirí an chomhbheartais talmhaíochta is ea caighdeán cóir maireachtála a áirithiú don lucht talmhaíochta (Airteagal 39 CFAE). Rud a bhaineann leis an earnáil talmhaíochta amháin is ea an bhéim bhunreachtúil a chuireann an tAontas ar leas táirgeoirí, rud a thugann le fios go bhfuil freagracht chuimsitheach ar an gcomhbheartas talmhaíochta as talmhaíocht na hEorpa. Liostaítear sa Chonradh ceithre chuspóir eile don chomhbheartas talmhaíochta, i.e. táirgiúlacht na talmhaíochta a mhéadú, margaí a chobhsú, a chinntiú go mbíonn soláthairtí ar fáil agus praghsanna réasúnta a áirithiú do thomhaltóirí.

Sonraítear in Airteagal 39 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) go ndéanfar leis an gcomhbheartas talmhaíochta caighdeán cóir maireachtála a áirithiú don lucht talmhaíochta, mar aon le táirgiúlacht na talmhaíochta a mhéadú, margaí a chobhsú, a chinntiú go mbíonn soláthairtí ar fáil agus praghsanna réasúnta a áirithiú do thomhaltóirí. Sonraítear in Airteagal 40 CFAE nach ndéanfaidh comheagrú na margaí aon idirdhealú idir táirgeoirí. Sonraítear in Airteagal 43 CFAE go náiritheoidh comheagrú na margaí dálaí trádála san Aontas mar atá i margadh náisiúnta.

Mar gheall ar an meascán rialacha atá i bhfeidhm sna Ballstáit maidir le cleachtais éagóracha trádála nó mar gheall ar na rialacha sin a bheith in easnamh, tá baol ann go gcuirfí as don chuspóir atá ann caighdeán cóir maireachtála a áirithiú don lucht talmhaíochta. Cuireann cleachtais éagóracha trádála brabúsacht táirgeoirí talmhaíochta i mbaol agus cruthaíonn siad brú anuas ar a nioncam margaidh. Dá bhrí sin, tagann a rialachas faoi shainchúram an chomhbheartais talmhaíochta.

Ní hionann an staid i réimse na gcleachtas éagórach trádála, nach bhfuil aon chreat coiteann i bhfeidhm dóibh, agus an staid i réimsí eile a rialaítear leis an gcomhbheartas talmhaíochta agus a bhaineann go díreach le hoibreoirí, amhail rialacha iomaíochta, rialacha státchabhrach agus caighdeáin mhargaíochta. Sna réimsí sin, is é comheagrú na margaí (Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013) a leagann rialacha coiteanna síos a bhaineann leis na dálaí margaidh a bhíonn roimh oibreoirí san Aontas chun rannchuidiú le comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta agus le cothrom iomaíochta sa mhargadh aonair.

De réir Airteagal 38(2) agus (3) CFAE, cumhdaítear go príomha leis an gcomhbheartas talmhaíochta na táirgí talmhaíochta a liostaítear in Iarscríbhinn 1 a ghabhann le CFAE. Mar sin féin, dheimhnigh Cúirt Bhreithiúnais na hEorpa go sainráite gur féidir táirgí bia nach liostaítear in Iarscríbhinn I CFAE (meastar faoin gConradh gur “táirgí talmhaíochta” iad na táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I) a chumhdach le gníomhartha arna nglacadh faoi Airteagal 43 CFAE más rud é go gcuireann sé sin le ceann amháin nó níos mó de chuspóirí an chomhbheartais talmhaíochta a ghnóthú agus go gcumhdaítear táirgí talmhaíochta go príomha leo 6 .

Ina theannta sin, maidir le haon chur chuige lena dtugtar cosaint do tháirgeoirí talmhaíochta agus dá gcumainn (comharchumainn agus eagraíochtaí táirgeoirí eile), ní mór aird a thabhairt freisin ar na héifeachtaí diúltacha indíreacha a d’fhéadfaidís a fhulaingt i gcás ina núsáidtear cleachtais éagóracha trádála i gcuid iartheachtach de shlabhra an tsoláthair bia, i.e. na héifeachtaí ar oibreoirí nach feirmeoirí iad ach atá leochaileach i leith cleachtais éagóracha trádála mar gheall ar an seasamh lag margála atá acu sa slabhra iartheachtach. Cuireann cosaint in aghaidh cleachtais éagóracha trádála a bhaineann le soláthraithe iartheachtacha cosc ar iarmhairtí neamhbheartaithe d’fheirmeoirí de bharr trádáil a bheith á hatreorú chuig a niomaitheoirí atá faoi úinéireacht infheisteoirí – mar shampla ag céim na próiseála – nach dtabharfaí cosaint dóibh (e.g. bheadh riosca dlíthiúil laghdaithe ann go gcuirfí cleachtais éagóracha trádála in aghaidh ceannaitheoirí).

Ina fhianaise sin, is féidir Airteagal 43 CFAE, lena dtugtar cumhachtaí dlíthiúla do reachtóir an Aontais chun comheagrú margaí talmhaíochta a bhunú san Aontas, a úsáid i bprionsabal mar bhunús dlí do bhearta a chumhdaíonn cleachtais éagóracha trádála a úsáidtear i slabhra an tsoláthair bia i ndáil le trádáil táirgí bia a thagann ó tháirgeoirí talmhaíochta.

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Ní ann d’aon rialacha coiteanna ar leibhéal an Aontais lena bhforálfaí d’íoschaighdeán cosanta san Eoraip trí chomhfhogasú nó comhchuibhiú a dhéanamh ar na bearta éagsúla atá i bhfeidhm ag na Ballstáit maidir le cleachtais éagóracha trádála. In éagmais bearta ar leibhéal an Aontais, tá sásraí comhordaithe chun comhfhogasú den sórt sin a bhaint amach in easnamh sna Ballstáit agus níl aon dreasachtaí follasacha acu ach oiread chun a mbearta a ailíniú as a stuaim féin. Ní ann d’aon íoschaighdeán cosanta in aghaidh cleachtais éagóracha trádála sna Ballstáit go fóill, beag beann ar na moltaí a rinne an Coimisiún sna teachtaireachtaí uaidh.

I gcás Ballstáit áirithe, níl aon rialacha sonracha acu lena dtabharfaí cosaint in aghaidh cleachtais éagóracha trádála. I gcás Ballstáit eile, ní thugann siad aghaidh ar na gnéithe tábhachtacha d’fhorfheidhmiú éifeachtach in aghaidh cleachtais éagóracha trádála. Tagann tearc-chosaint d’oibreoirí leochaileacha, go háirithe táirgeoirí talmhaíochta, as sin. Ina theannta sin, beag beann ar na héifeachtaí dearfacha a baineadh amach sa réimse um rialachas príobháideach cleachtas éagórach trádála, níor éirigh le cóid dheonacha, Tionscnamh Shlabhra an tSoláthair – a mhéid atá feidhm aige sna Ballstáit – san áireamh, ionad na mbeart rialachais phoiblí a ghlacadh go héifeachtach.

Fágann sé sin go dteastaíonn bearta ar leibhéal an Aontais lena ndíreofar ar an bhfadhb a bhaineann le tearc-chosaint in aghaidh cleachtais éagóracha trádála trí fhoráil a dhéanamh maidir le híoschaighdeán coiteann ar fud an Aontais. Tar éis roinnt blianta a chaitheamh i mbun plé, anailís agus moltaí ar an ábhar, gan ach feabhas beag a chur ar an staid ar an talamh lena linn, is le reachtaíocht an Aontais is féidir a áirithiú go dtabharfar íoschaighdeán cosanta den sórt sin isteach ar fud an Aontais, lena náirítear maidir le comhordú agus forfheidhmiú.

Is é atá i gceist le héifeachtacht rialacha an Aontais íoschaighdeán atá coiteann sna Ballstáit agus lena dtabharfaí cosaint isteach sna Ballstáit sin ina bhfuil rialacha lena dtugtar cosaint in aghaidh cleachtais éagóracha trádála in easnamh faoi láthair. Tá an cur chuige a roghnaítear comhréireach leis an bhfadhb atá i gceist agus leis na bearta atá ann sna Ballstáit cheana féin. Ní leagtar síos leis creat cuimsitheach ar leibhéal an Aontais lena rialaítear cleachtais éagóracha trádála sna Ballstáit. Ina ionad sin, ar aon dul le cur chuige comhchuibhithe íosta, téitear i ngleic le liosta gearr cleachtas trádála atá éagórach go follasach, ach tugtar deis do na Ballstáit bearta níos leithne a choinneáil ar bun nó foráil a dhéanamh maidir leo freisin. Ní chuirfí aon ní in ionad rialacha náisiúnta níos leithne maidir le cleachtais éagóracha trádála ná in ionad cóid dheonacha amhail Tionscnamh Shlabhra an tSoláthair ach is amhlaidh go gcomhlánófaí iad. Dá bhrí sin, táthar ag súil gurb iad sineirgí, agus ní cealú na mbuntáistí a bhaineann leis na córais atá ann cheana, an toradh a bheidh ar íoschaighdeán a bheith i bhfeidhm ar leibhéal an Aontais. Ar an dara dul síos, leagtar síos leis an Treoir a bheartaítear cumhachtaí forfheidhmiúcháin a bhí éifeachtach cheana féin maidir le dul i ngleic le toisc na heagla, mar aon leis an éifeacht dhíspreagthach a mhéadú agus féidearthachtaí sásaimh a fheabhsú sna Ballstáit. Is é comhchuibhiú íosta atá i gceist arís eile leis an gcur chuige a leantar, rud atá ag brath ar údaráis forfheidhmiúcháin na mBallstát seachas aon údarás forfheidhmiúcháin láraithe ar leith. Ar an tríú dul síos, áirítear leis an Treoir a bheartaítear líonra comhordúcháin d'údaráis forfheidhmiúcháin a néascóidh an Coimisiún é a chur ar bun, rud a chumasóidh an malartú dea-chleachtas forfheidhmiúcháin agus a bheidh ina ardán trínar féidir cur i bhfeidhm na rialacha maidir le cleachtais éagóracha trádála a phlé agus a fheabhsú. Léiríonn an teispéireas le forfheidhmiú na rialacha maidir le cleachtais éagóracha trádála ag Breithneoir Cód Grósaeireachta na Ríochta Aontaithe gur féidir le córas éifeachtach cosanta laghdú a dhéanamh ar a mhinice a úsáidtear cleachtais éagóracha trádála agus feabhas a chur ar an sásamh éifeachtach ina naghaidh.

Maidir leis na bearta a dhéanfar ar leibhéal an Aontais agus a chomhlánóidh córais na mBallstát agus Tionscnamh Shlabhra an tSoláthair, cuimsíonn siad rialacha coiteanna maidir le cleachtais éagóracha trádála a mbeadh sé mar aidhm leo feabhas a chur ar rialachas shlabhra an tsoláthair bia agus lena saothrófaí an cuspóir atá ann caighdeáin chóra mhaireachtála a áirithiú don lucht talmhaíochta (Airteagal 39 CFAE). Maidir leis an gcur chuige a ghlactar, saothraítear i bhfoirm comhchuibhithe i bpáirt (íosta) é agus cuirtear san áireamh ann na héifeachtaí dearfacha a bhaineann le socruithe conarthacha margadhthiomáinte idir na páirtithe. Toisc go núsáidtear cleachtais éagóracha trádála ar feadh shlabhra an tsoláthair bia agus go mbíonn iarmhairtí acu ar dóigh go gcuirfear iad ar aghaidh chuig táirgeoirí talmhaíochta, is ceart aghaidh a thabhairt orthu ar bhealach cuimsitheach agus díriú orthu feadh an tslabhra.

Comhréireacht

Tá na pacáistí rogha a phléitear sa mheasúnú tionchair éagsúil lena chéile maidir lena uaillmhianaí atá siad. Maidir lena oiriúnaí atá siad d’aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar an tsaincheist, tá gach ceann díobh oiriúnach, i bprionsabal, do na cuspóirí sonraithe a ghnóthú, is é sin, laghdú a dhéanamh ar a mhinice a úsáidtear cleachtais éagóracha trádála agus aghaidh a thabhairt ar an tearc-chosaint. É sin ráite, ní féidir le moltaí ón Aontas ach méid áirithe a dhéanamh i ndáil leis na cuspóirí atá á saothrú. Níor tugadh lánéifeacht do na moltaí a rinne an Coimisiún do na Ballstáit agus do Thionscnamh Shlabhra an tSoláthair sna blianta 2014 agus 2016, agus is amhlaidh sin i bpáirt toisc go bhféadfadh torthaí áirithe a bheith ag brath ar chur chuige coiteann éigeantach a úsáid. Dá réir sin, tá an cur chuige a roghnaítear sa Treoir reatha níos éifeachtaí maidir le híosleibhéal coiteann cosanta a áirithiú sna Ballstáit agus is féidir é a úsáid, mar a chonacthas i mBallstáit áirithe, chun aghaidh a thabhairt ar roinnt de na fadhbanna sainaitheanta a bhaineann le cleachtais éagóracha trádála, lena náirítear na heasnaimh forfheidhmiúcháin. Mar an gcéanna, ba chosúil nár dhóigh go mbeadh modhanna nach bhfuil chomh dian céanna in ann an cuspóir a ghnóthú ar bhealach atá chomh héifeachtach céanna.

Tá an cur chuige a ghlactar faichilleach ar roinnt bealaí agus tá sé comhréireach, mar sin, leis an gcuspóir atá á shaothrú. Is é comhchuibhiú páirteach, agus ní comhchuibhiú iomlán, an rud a bheartaítear. Leanfaidh na Ballstáit le bheith in ann rialacha maidir le cleachtais éagóracha trádála a cheapadh ar mó an caighdeán cosanta a ghabhann leo ná an tíoschaighdeán cosanta a bheartaítear leis an Rialachán seo (faoi réir dhlí infheidhme an Aontais). Ina theannta sin, moltar sa Treoir go nglacfaí cur chuige atá bunaithe ar fhorfheidhmiú díláraithe ag na Ballstáit. Comhlánaíonn an Treoir na rialacha reatha, lena náirítear rialacha ar bhunaigh tionscnaimh dheonacha amhail Tionscnamh Shlabhra an tSoláthair iad. Dá réir sin, níl sé mar aidhm leis an Treoir na cleachtais uile a d’fhéadfadh a bheith ina gcleachtais éagóracha trádála a shainiú, ach bunaítear léi liosta gearr cleachtas éagórach trádála atá toirmiscthe. Tá raon feidhme na cosanta teoranta do sholáthraithe ar fiontair bheaga agus mheánmhéide iad i slabhra an tsoláthair bia agus, dá bhrí sin, ní chuirtear isteach ar an gcaidreamh tráchtála de chuid mórghníomhaithe ar lú an seans go ndéanfaidh cleachtais éagóracha trádála difear dóibh nó orthu sin ar dóigh dóibh bheith in ann forchúiteamh a dhéanamh ar aon bhrú míchuí a chuirtear orthu cleachtais éagóracha trádála “a fhulaingt” agus nach mbeadh i ngreim thoisc na heagla a phléitear sa tuarascáil ar an measúnú tionchair ar an mbealach céanna agus a bheadh oibreoirí ar fiontair bheaga agus mheánmhéide iad.

Pléitear le comhréireacht i gcodanna 3.2 agus 3.3 den mheasúnú tionchair. Is i gcodanna 5 agus 6 a phléitear saintréithe na rogha tosaíochta, a fhágann go bhfuil an togra comhréireach de réir na brí thuas, agus pléitear iad arís i gcuid 8, áit a gcuirtear an rogha thosaíochta i láthair.

An rogha ionstraime

Treoir an ionstraim atá roghnaithe, toisc go bhfuil baol ann nach mbeadh cur chuige dlí bhoig éifeachtach maidir leis an íoschothrom iomaíochta atá á lorg a áirithiú. Tugadh aird ar choimhdeacht freisin agus Treoir á formhuiniú mar rogha iomchuí le haghaidh bearta a bhaineann le cleachtais éagóracha trádála: is le Treoir a chumasaítear do na Ballstáit an íoschosaint a chomhtháthú isteach ina ndlíchóras náisiúnta ar bhealach atá ag teacht leis na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin a roghnaíonn siad.

3.    TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Toisc nach ann d’aon chreat reachtach ar leibhéal an Aontais go fóill chun aghaidh a thabhairt ar chleachtais éagóracha trádála, ní féidir meastóireacht fhianaisebhunaithe ar fheidhmíocht bhearta an Aontais a chur i láthair ag an am seo. Rinne roinnt Ballstát meastóireachtaí ex ante nó ex post, áfach, ar a éifeachtaí agus a éifeachtúla atá a mbeartais maidir le cleachtais éagóracha trádála.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Áiríodh leis an bpróiseas comhairliúcháin comhairliúcháin ar an measúnú tionchair bunaidh, comhairliúchán poiblí oscailte, comhairliúcháin spriocdhírithe le páirtithe leasmhara i slabhra an tsoláthair bia (gnóthais i slabhra an tsoláthair bia agus eagraíochtaí tomhaltóirí), comhairliúchán leis na Ballstáit, ceardlann acadúil maidir le cleachtais éagóracha trádála i slabhra an tsoláthair bia (rud ar eagraigh an tAirmheán Comhpháirteach Taighde é), cruinnithe ad hoc le páirtithe leasmhara i slabhra an tsoláthair bia, agus cruinnithe le grúpaí Comhphlé Sochaí Sibhialta an Chomhbheartais Talmhaíochta. Ba é príomhaidhm an phróisis chomhairliúcháin fianaise a bhailiú chun bonn eolais a chur faoin tuarascáil ar an measúnú tionchair.

Tugadh cuireadh do na páirtithe leasmhara tuairimí agus fianaise a thabhairt ar shainiú na faidhbe, na cuspóirí beartais, an gá atá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais, na roghanna beartais, an tionchar ar dóigh do na roghanna beartais a bheith acu, agus saincheisteanna cur chun feidhme, lena náirítear faireachán agus forfheidhmiú.

Luaigh formhór na bpáirtithe leasmhara go mbíonn cleachtais éagóracha trádála dhochracha á núsáid go minic i slabhra an tsoláthair bia agus bhí na páirtithe leasmhara (seachas an earnáil mhiondíola) i bhfách le gníomhaíocht dhlíthiúil ar leibhéal an Aontais, lena náirítear íoschaighdeáin forfheidhmiúcháin. Níor aontaigh miondíoltóirí (móra) go mbíonn cleachtais éagóracha trádála á núsáid go forleathan agus chuir siad i gcoinne bearta ar leibhéal an Aontais. Cé gur bheag rannpháirtíocht a bhí ag eagraíochtaí tomhaltóirí sa phróiseas comhairliúcháin, chuir siad in iúl go mbeadh spéis acu i bpáirt a ghlacadh sa chéim reachtach.

Maidir le 90% de na freagróirí ar an gcomhairliúchán poiblí oscailte, d’aontaigh siad, nó d’aontaigh siad i bpáirt, gurb ann do chleachtais i slabhra an tsoláthair bia a d’fhéadfaí a mheas a bheith ina gcleachtais éagóracha trádála. Fuarthas figiúr den chineál sin i gcás gach grúpa páirtithe leasmhara (táirgeoirí, próiseálaithe, trádálaithe, taighdeoirí, etc.), ach amháin i gcás na hearnála miondíola (áit a ndearna 12% de na freagróirí a aontú nó a aontú i bpáirt gurb ann do chleachtais éagóracha trádála sa soláthar bia). Bhí na cleachtais ba dhochraí a sainaithníodh sa chomhairliúchán ag teacht, tríd is tríd, leis na cleachtais sin a shainaithin Tionscnamh Shlabhra an tSoláthair sna Prionsabail Dea-Chleachtais uaidh. Ar an iomlán, chreid 87% de na freagróirí gur cheart don Aontas Eorpach gníomhú (chreid 58% díobh gur i gcomhar leis na Ballstáit ba cheart don Aontas an ghníomhaíocht sin a dhéanamh; agus chreid 29% díobh gur ina aonar ba cheart don Aontas an ghníomhú). Maidir lena éifeachtaí atá an forfheidhmiú, ba iad seo a leanas na gnéithe ba thábhachtaí ar ainmnigh na freagróirí iad: a thrédhearcaí atá imscrúduithe agus torthaí (94%), an fhéidearthacht atá ann fíneálacha a fhorchur i gcás sáruithe ar na rialacha (93%), an fhéidearthacht atá ann gearáin chomhchoiteanna a chomhdú (92%), an cumas chun gearáin faoi rún a fháil agus a láimhseáil (89%), údarás inniúil a ainmniú (89%), agus an cumas atá ag comhlachtaí chun imscrúduithe a sheoladh ar a dtionscnamh féin (73%).

Cuireadh ionchur na bpáirtithe leasmhara san áireamh san anailís don mheasúnú tionchair ar fud an téacs agus breithníodh sa togra le haghaidh Treorach é. Cé gur iarr formhór na bpáirtithe leasmhara go ndéanfaí rialáil fhairsing ar roinnt cineálacha cleachtas éagórach trádála i slabhra an tsoláthair bia, is cur chuige teoranta a chuirtear ar aghaidh sa togra ón gCoimisiún, rud nach gcumhdaítear leis ach líon beag cineálacha cleachtas éagórach trádála atá an-dochrach. Tríd is tríd, tá an Coimisiún ar aon intinn le formhór na bpáirtithe leasmhara maidir leis an tábhacht a bhaineann le hinniúlacht láidir forfheidhmiúcháin a bheith ag údaráis na mBallstát agus leis an bhforfheidhmiú a chomhordú ar leibhéal an Aontais.

Bailiú agus úsáid saineolais

I dteannta na gcomhairliúchán leis na páirtithe leasmhara a gcuirtear síos orthu thuas, braitheadh ar raon leathan eolais – eolas eolaíoch, eolas dlíthiúil agus eolas feidhmeach – freisin le linn na hanailíse don mheasúnú tionchair. Chun an bhonnlíne a shainiú, bailíodh faisnéis ó na Ballstáit agus rinne saineolaithe dlí seachtracha próiseáil agus anailís uirthi; rinneadh faisnéis bhreise maidir leis na cineálacha tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag na roghanna a bhailiú ó na Ballstáit agus ó fhoinsí faisnéise a bhí ar fáil go poiblí freisin. Rud ba ghinearálta fós, áirítear le bonn fianaise an mheasúnaithe tionchair sonraí agus faisnéis a bailíodh trí na comhairliúcháin thuasluaite, trí cheardlann acadúil agus tuarascáil theicniúil, trí athbhreithnithe neamhspleácha ar an litríocht, agus trí mhalartuithe leis na Ballstáit agus tríú tíortha a bhfuil taithí acu ar chleachtais éagóracha trádála a rialáil. Mar shampla, ina thuarascáil dar teideal “The supply of groceries in the UK market investigation” sa bhliain 2008, fuair Coimisiún Iomaíochta na Ríochta Aontaithe amach go bhféadfadh sé go mbeadh éifeacht dhiúltach ag cleachtais éagóracha trádála áirithe ar an iomaíocht agus ar leas tomhaltóirí. I staidéar a rinne sé thar ceann na hArd-Stiúrthóireachta um an Margadh Inmheánach, Tionsclaíocht, Fiontraíocht agus Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide sa bhliain 2016, phléigh Areté na laigí atá ag Tionscnamh Shlabhra an tSoláthair i ndáil le haghaidh a thabhairt ar chleachtais éagóracha trádála. Anuas air sin, i dtuarascáil uaidh maidir le cleachtais éagóracha trádála sa bhliain 2013, dheimhnigh SEO an ról a imríonn an eagla go mbainfí díoltas amach i gcásanna a bhaineann le cleachtais éagóracha trádála.

Le linn an mheasúnaithe tionchair, baineadh leas freisin as an saineolas inmheánach atá ag na taighdeoirí san Airmheán Comhpháirteach Taighde, go háirithe san Aonad um Eacnamaíocht na Talmhaíochta, agus as an saineolas inmheánach atá ag na saineolaithe eacnamaíochta agus dlí in Ard-Stiúrthóireacht na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe.

Ceardlann acadúil ar chleachtais éagóracha trádála i slabhra an tsoláthair bia

In éineacht le hArd-Stiúrthóireacht na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe, d’eagraigh an tAirmheán Comhpháirteach Taighde ceardlann ar “Cleachtais éagóracha trádála i slabhra an tsoláthair bia” i mí Iúil 2017. Ghlac níos mó ná dosaen rannpháirtithe ó ollscoileanna ar fud an Aontais agus ó na Stáit Aontaithe páirt inti.

Bunaithe ar thorthaí na ceardlainne, agus le tacaíocht ó rapóirtéirí acadúla na ceardlainne, chuir an tAirmheán tuarascáil theicniúil le chéile inar deimhníodh gurb ann do chleachtais éagóracha trádála i slabhra an tsoláthair bia agus inar tagraíodh don obair fhairsing rialála agus anailíseach a rinneadh ar an topaic sin.

Staidéar ar rialacha náisiúnta na mBallstát maidir le cleachtais éagóracha trádála

Agus cur chuige bunaithe ar cheistneoir á úsáid aige, spreag an Coimisiún aiseolas ó na Ballstáit i ndáil lena neispéireas le rialacha maidir le cleachtais éagóracha trádála agus i ndáil leis na sonraí agus an fhaisnéis a d’fhéadfaidís a chomhroinnt ina leith sin. Go háirithe, iarradh ar na Ballstáit (i) faisnéis faoina reachtaíocht náisiúnta maidir le cleachtais éagóracha trádála agus faoi chur chun feidhme agus forfheidhmiú na reachtaíochta sin a thabhairt cothrom le dáta, ar faisnéis í a bailíodh i staidéar a rinneadh roimhe sin sa bhliain 2015, (ii) faisnéis a chomhroinnt ó aon mheasúnuithe tionchair a rinne siad le haghaidh cinnteoireacht ar rialacha náisiúnta maidir le cleachtais éagóracha trádála, agus (iii) sonraí agus faisnéis a sholáthar faoi na costais riaracháin d’údaráis phoiblí a bhí ag baint le rialacha náisiúnta maidir le cleachtais éagóracha trádála a thabhairt isteach.

Úsáideadh na freagraí ó na Ballstáit i bhforbhreathnú a tugadh ar na “Rialacháin shonracha maidir le cleachtais éagóracha trádála i slabhra an tsoláthair miondíola gnólacht le gnólacht sna Ballstáit” (Cafaggi, F. agus P. Iamiceli, Iarscríbhinn F a ghabhann leis an measúnú tionchair). Ina theannta sin, bhain Ard-Stiúrthóireacht na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe úsáid as na meastacháin ó na Ballstáit ar na costais riaracháin a bhí ag baint lena rialacha náisiúnta maidir le cleachtais éagóracha trádála a thabhairt isteach agus a fhorfheidhmiú le linn di an measúnú tionchair a dhréachtú agus na roghanna difriúla a dhearadh.

Anailís ar an tionchar a bheadh ag cleachtais éagóracha trádála a rialáil

Thug Príomheacnamaí Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta anailís ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag cleachtais trádála i slabhra an tsoláthair bia a rialáil, lenar áiríodh sainaithint a dhéanamh ar na buntáistí agus na míbhuntáistí (d’oibreoirí agus tomhaltóirí) a d’fhéadfadh a bheith ag baint le cineálacha difriúla cleachtas a rialáil.

Measúnú tionchair

Chuir Ard-Stiúrthóireacht na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe an measúnú tionchair faoi bhráid an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála an 21 Feabhra 2018. D’eisigh an Bord tuairim dhiúltach ina leith an 23 Feabhra 2018. D’iarr an Bord go ndéanfaí tuilleadh oibre ar an measúnú agus go gcuirfí an tuarascáil ar an measúnú tionchair isteach an athuair. Shainaithin an Bord roinnt easnamh ar ghá aghaidh a thabhairt orthu i leagan athbhreithnithe den tuarascáil. Cuireadh leagan athbhreithnithe den tuarascáil ar an measúnú tionchair faoi bhráid an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála an 5 Márta 2018 agus d’eisigh an Bord tuairim dhearfach, inar cuireadh ábhair amhrais in iúl, ina leith an 12 Márta 2018. Tugtar in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an measúnú tionchair forbhreathnú ar na moltaí ón mBord agus ar na hathruithe a rinneadh.

Déantar na roghanna beartais difriúla a chur i láthair agus a phlé i gcuid 5 den mheasúnú tionchair. Déantar meastóireacht ar na roghanna ansin agus comhcheanglaítear iad ina bpacáistí rogha difreáilte atá inghlactha (cuid 6.4). Cuirtear pacáiste rogha tosaíochta i láthair i gcuid 8. Cuirtear síos in Iarscríbhinn E ar an modheolaíocht a úsáideadh agus ar an measúnú a rinneadh ar a éifeachtaí agus a éifeachtúla atá na pacáistí agus na heilimintí atá taobh thiar díobh.

Maidir le heilimintí na roghanna, tá tábhacht ag baint leis na tosca seo a leanas. Bunaithe ar an bhfianaise atá ar fáil, ní cosúil go bhfuil údar ann le comhchuibhiú mionsonraithe a dhéanamh ar na rialacha maidir le cleachtais éagóracha trádála i slabhra soláthair bia an Aontais. Is féidir le cur chuige comhchuibhithe pháirtigh lena ngabhann rialacha substainteacha maidir le cleachtais éagóracha trádála freastal ar rialacha níos doichte na mBallstát maidir le cleachtais éagóracha trádála agus, ag an am céanna, is féidir leis íoschaighdeán coiteann cosanta a thabhairt isteach san Aontas, ar caighdeán é lena dtacaítear leis an gcuspóir atá ann laghdú a dhéanamh ar a mhinice a úsáidtear cleachtais éagóracha trádála.

Le clásal ginearálta lena dtoirmisctear cleachtais éagóracha trádála, sholáthrófaí caighdeán coiteann cosanta in aghaidh cleachtais éagóracha trádála sna Ballstáit. Cé go léirmhíneodh údaráis na mBallstát an clásal ar bhonn cáis, bheifí ag súil go gcuirfí i bhfeidhm ar bhealach aonfhoirmeach é. D’fhéadfaí a mheas de facto ansin go bhfuil roinnt comhchuibhithe i gceist leis an gclásal ginearálta agus, dá bharr sin, d’fhéadfadh teannas teacht chun cinn i ndáil le córais reatha na mBallstát, ar córais iad a bhíonn ag brath ar thoirmisc ghinearálta náisiúnta go minic. Níl aon éifeacht leathan comhchuibhithe de facto den sórt sin ag baint le toirmisc ar chleachtais éagóracha trádála shonracha, arb é an cur chuige a ghlactar sa togra seo le haghaidh Treorach é. Toradh eile a bheidh ar fhorálacha dea-cheaptha lena ndírítear ar chleachtais éagóracha trádála shonracha is ea go laghdófar an éiginnteacht dhlíthiúil le haghaidh idirbhearta tráchtála a d’fhéadfaí a bheith ann dá mbeadh an toirmeasc níos ginearálta. Mar gheall ar a shainiúla atá siad, is é is aidhm do na rialacha a bheith intuartha ag oibreoirí agus a bheith inoibrithe ag na húdaráis a bhfuil de chúram orthu iad a fhorfheidhmiú.

Tá sé riachtanach idirdhealú a dhéanamh idir cleachtais a bheartaítear i dtéarmaí atá glan soiléir sa chomhaontú soláthair idir na páirtithe roimh thús an idirbhirt agus cleachtais a thagann chun cinn tar éis thús an idirbhirt agus nár comhaontaíodh roimh ré i dtéarmaí a bhí glan soiléir. Cé gur dóigh go nginfear éifeachtúlachtaí do na páirtithe sa chéad chatagóir cleachtas, ní dóigh go nginfear aon éifeachtúlachtaí sa dara catagóir. Dá bhrí sin, freastalaíonn an sainiú ar chleachtais éagóracha trádála áirithe sa togra seo ar shocruithe conarthacha idir páirtithe ach amháin i gcás nach féidir a mheas le réasún go gcruthaítear éifeachtúlachtaí leo, mar shampla, i gcás ina dtugtar leo cumhachtaí doiléire neamhshonraithe don pháirtí is láidre chun cinneadh aontaobhach a dhéanamh ar chleachtais den sórt sin tar éis thús an idirbhirt (dothuarthacht) nó mar gur de chineál éagórach cleachtais áirithe.

Leis na rialacha a bheartaítear maidir le cleachtais éagóracha trádála, dírítear ar na táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I CFAE lena núsáid mar bhia agus ar tháirgí talmhaíochta próiseáilte a thrádáiltear feadh shlabhra an tsoláthair bia, rud a fhágann go gcumhdaítear leo gach táirge bia trádáiltear. Beidh sé riachtanach go ndéanfaidh ceannaitheoirí nach fiontair bheaga agus mheánmhéide iad rialacha an Aontais maidir le cleachtais éagóracha trádála a urramú agus táirgí den sórt sin á gceannach acu. Tá an raon feidhme cuimsitheach sin comhsheasmhach le cur chuige Thionscnamh Shlabhra an tSoláthair agus leis na bearta atá i bhfeidhm sna Ballstáit maidir le cleachtais éagóracha trádála. Mura gcumhdófaí ach táirgí talmhaíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I amháin, bheadh baol ann go gcruthófaí saobhadh i slabhra an tsoláthair a d’fhéadfadh tionchar diúltach a imirt ar deireadh ar an trádáil táirgí talmhaíochta agus ar tháirgeoirí talmhaíochta.

Tá údar ann le cosaint spriocdhírithe a thabhairt do sholáthraithe beaga agus meánmhéide i slabhra an tsoláthair bia toisc gur minic is iad sin na soláthraithe nach féidir leo iad féin a chosaint in aghaidh cleachtais éagóracha trádála mar gheall ar an easpa cumhachta margála a bhíonn acu. Tá baol ann freisin go dtiocfadh iarmhairtí diúltacha neamhbheartaithe chun cinn a bhaineann le bearta a théann i bhfeidhm ar an gcaidreamh conarthach idir oibreoirí níos mó. Dá bhrí sin, cé go sainítear cleachtais éagóracha trádála i dtéarmaí tosca cothroime iomláine sa mheasúnú tionchair, tá sé níos comhréirí ag an am seo cosaint spriocdhírithe a thabhairt ina naghaidh. Mar an gcéanna, beidh feidhm ag na rialacha maidir le ceannaitheoirí nach ceannaitheoirí beaga agus meánmhéide iad i slabhra an tsoláthair bia, is é sin, ceannaitheoirí a d’fhéadfadh a bheith in ann a gcumhacht mhargála a úsáid in aghaidh oibreoirí beaga ar bhealach a ligfeadh dóibh cleachtais éagóracha trádála a úsáid.

Na cumhachtaí áirithe nós imeachta atá ag údaráis a bhfuil inniúlacht acu faireachán a dhéanamh ar rialacha maidir le cleachtais éagóracha trádála – agus údarás den sórt sin a bheith ann ar chor ar bith – tá sé cruthaithe go bhfuil siad tábhachtach maidir lena léiriú d’oibreoirí gurb ann d’fhorfheidhmiú éifeachtach agus go bhfuil an forfheidhmiú sin oiriúnach d’aghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna atá acu sin ar cuireadh faoi réir cleachtais éagóracha trádála gan sásamh a lorg (toisc na heagla). Dá bhrí sin, ceanglaítear ar na Ballstáit údarás inniúil a ainmniú le haghaidh forfheidhmiú maidir le cleachtais éagóracha trádála, ar údarás é dá dtabharfar íoschumhachtaí forfheidhmiúcháin áirithe a bheidh bunaithe ar dhea-chleachtais i gcórais reatha na mBallstát.

Ba cheart sásra comhordaithe idir na húdaráis inniúla a bheith ag gabháil le rialacha an Aontais agus ba cheart cur i bhfeidhm comhordaithe na rialacha a áirithiú agus an malartú dea-chleachtas a éascú leis an sásra sin. Rud tábhachtach, ba cheart an sásra a úsáid chun sonraí a bhailiú ó thuairisciú na mBallstát, ar sonraí iad is féidir a úsáid mar bhonn eolais faoi athbhreithniú amach anseo ar na bearta. D’éascódh an Coimisiún an líonra trí chruinnithe a óstáil gach bliain bunaithe ar thuarascálacha bliantúla maidir le cur i bhfeidhm, ar tuarascálacha iad a chuirfidh údaráis inniúla na mBallstát isteach.

Maidir leis na cineálacha tionchair a bheidh ag na rialacha maidir le cleachtais éagóracha trádála, is deacair meastachán beacht cainníochtúil a thabhairt ar na tairbhí a bhainfidh oibreoirí astu. Mar sin féin, imríonn gach ceann de na cleachtais éagóracha trádála spriocdhírithe tionchar diúltach soiléir ar a mbunlíne mar go naistríonn siad riosca agus go ngineann siad éiginnteacht go míchuí, i.e. trí chostais a chruthú nach mbeadh mar chuid dá ngníomhaireacht fiontraíochta i margaí iomaíocha. Tá beagnach gach duine de na freagróirí sna suirbhéanna éagsúla a luadh sa mheasúnú tionchair ar aon intinn maidir leis an imní atá orthu faoina mhinice a úsáidtear cleachtais éagóracha trádála agus faoin dochar a dhéanann siad agus maidir leis na hionchais atá acu go mbainfear éifeachtaí dearfacha amach ó rialacha poiblí (ar leibhéal an Aontais) maidir le cleachtais éagóracha trádála agus ó fhorfheidhmiú éifeachtach na rialacha sin. Tuairiscíonn Breithneoir Cód Grósaeireachta na Ríochta Aontaithe, mar shampla, gur éirigh leis an bhforfheidhmiú laghdú a dhéanamh ar a mhinice a úsáidtear cleachtais éagóracha trádála.

Tugtar meastacháin ar an dochar a dhéanann cleachtais éagóracha trádála i gcodanna 2.5 agus 6.2.1 den mheasúnú tionchair. De réir suirbhé ar shainiú leathan ar chleachtais éagóracha trádála a rinneadh i measc táirgeoirí talmhaíochta agus comharchumainn talmhaíochta sa bhliain 2013, measadh go raibh costas os cionn EUR 10 billiún in aghaidh na bliana ar an dochar a dhéanann cleachtais éagóracha trádála. Thuairiscigh déantóirí táirgí bia a ghlac páirt i suirbhé sa bhliain 2011 ar shainiú leathan ar chleachtais éagóracha trádála gurbh ionann costais a bhí orthu de dheasca cleachtais éagóracha trádála agus 0.5% dá láimhdeachas, rud a bheadh cothrom le EUR 4.4 billiún dá ndéanfaí é a eachtarshuí chuig láimhdeachas foriomlán an tionscail bhia sa bhliain sin.

Na tairbhí ionchasacha atá ag baint le laghdú a dhéanamh ar a mhinice a úsáidtear cleachtais éagóracha trádála, d’fhéadfaí a mheas gur costais iad do na hoibreoirí is láidre sin a bhfuil cleachtais éagóracha trádála á gcur i bhfeidhm acu agus nach ceadmhach dóibh iad a chur i bhfeidhm a thuilleadh de bharr na rialacha maidir le cleachtais éagóracha trádála. De bharr cúinsí sochaíocha a bhaineann leis an gcothroime, áfach, ní mheastar go bhfuil údar ann le tairbhí den sórt sin sa chéad áit, tairbhí arb éard is bunús leo sa chéad áit cleachtais éagóracha trádála a chur i bhfeidhm ar sholáthraithe. Mar sin, is mó na tairbhí a thagann as cleachtais éagóracha trádála a thoirmeasc ná iad sin a thagann as an gcineál sonrach “dochair” sin.

Is iad costais chomhlíonta a bheidh sna príomhchostais d’oibreoirí a chuirfear faoi réir na rialacha maidir le cleachtais éagóracha trádála. Is gnách gurb iad na costais chomhlíonta ina leith sin na costais a bhaineann le hoiliúint agus le cloí leis na rialacha agus na costais sin amháin. Ní cheanglaítear leis na rialacha a bheartaítear maidir le cleachtais éagóracha trádála ar oibreoirí gníomhaíochtaí áirithe a chur i gcrích, agus is amhlaidh nach dtoirmisctear leo ach iompraíocht áirithe a mheastar a bheith éagórach. Ina theannta sin, is amhlaidh, maidir le sínitheoirí Thionscnamh Shlabhra an tSoláthair ar a laghad, gur thabhaigh siad costais chomhlíonta cheana féin i ndáil le cód deonach an Tionscnaimh. Chaith miondíoltóir mór amháin, mar shampla, EUR 200,000 ar bhearta oiliúna aonuaire a sholáthar do bhaill foirne i ndáil le cód iompair an Tionscnaimh.

Meastar gur beag éifeacht a bheidh ann ar thomhaltóirí mar thoradh ar na rialacha maidir le cleachtais éagóracha trádála a chomhchuibhiú i bpáirt ar leibhéal an Aontais. Sa chomhairliúchán poiblí oscailte, níor mhaígh na hoibreoirí, tríd is tríd, go gcruthaíonn cleachtais éagóracha trádála (e.g. trí Thionscnamh Shlabhra an tSoláthair) buntáistí do thomhaltóirí, mar shampla trí phraghsanna do thomhaltóirí a laghdú mar thoradh ar chorrlaigh a baineadh ó sholáthraithe réamhtheachtacha trí chleachtais éagóracha trádála a úsáid. Áitítear uaireanta go nimríonn toirmisc ar dhíolacháin faoi bhun costais tionchar diúltach ar phraghsanna do thomhaltóirí, ach ní chumhdaítear an méid sin sa mheasúnú tionchair. Maidir leis na heagraíochtaí tomhaltóirí a ghlac páirt sa chomhairliúchán, tá siad i bhfách le rialacha poiblí maidir le cleachtais éagóracha trádála toisc go bhfuil siad ag súil go mbeidh éifeacht dhiúltach fhadtéarmach ag cleachtais éagóracha trádála ar phraghsanna do thomhaltóirí.

Beidh ar na Ballstáit na rialacha maidir le cleachtais éagóracha trádála a thrasuí sa dlí náisiúnta. Toisc go bhfuil Treoir roghnaithe anseo, beidh lamháltas áirithe ag na Ballstáit maidir leis an dóigh a gcuirfidh siad an trasuí sin chun feidhme. Níl aon chosc ar na Ballstáit dlíthe náisiúnta níos déine a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm ina gcríoch féin chun cosaint a thabhairt do ceannaitheoirí beaga agus meánmhéide, chomh maith leis na soláthraithe a luaitear go sonrach sa Treoir seo. Bhí cleachtais éagóracha trádála faoi réir raon beart reachtach ilchineálach sna Ballstáit thar na blianta. Dá réir sin, tá creat rialachais le haghaidh cleachtais éagóracha trádála i bhfeidhm i bhformhór na mBallstát cheana féin. Is ag brath ar (raon feidhme) na rialacha náisiúnta reatha a bheidh an tionchar a bheidh ag rialacha an Aontais maidir le cleachtais éagóracha trádála ar reachtaíocht na mBallstát. I gcás nach bhfuil aon chreat ar bith i bhfeidhm sa Bhallstát, beidh air na bearta nua a chur chun feidhme, lena náirítear údarás forfheidhmiúcháin a ainmniú. É sin ráite, agus mar atá léirithe ag roinnt Ballstát, is féidir an sainordú atá ag údarás reatha (e.g. údarás iomaíochta náisiúnta) a leathnú. Dá bhrí sin, is féidir leis na struchtúir reatha sna Ballstáit costais chur chun feidhme a iompar go méid áirithe agus bheadh na costais sin teoranta dá bharr sin. Mar shampla, bhí costais reatha Bhreithneoir Cód Grósaeireachta na Ríochta Aontaithe cothrom le GBP 1,786,000 sa bhliain airgeadais 2015/2016 agus le GBP 622,000 sa bhliain airgeadais 2016/2017. Tá an chuid is mó den difríocht idir an dá fhigiúr inchurtha i leith imscrúdú mórscála a rinneadh ar mhiondíoltóir amháin sa bhliain 2015/2016.

Ar deireadh, níltear ag súil go mbeidh tionchar díreach suntasach ag na rialacha maidir le cleachtais éagóracha trádála ar an gcomhshaol, cé gurb amhlaidh, maidir le hoibreoirí nach mbeidh cleachtais éagóracha trádála á gcur i bhfeidhm orthu, go bhféadfadh sé go mbeadh corrlach eacnamaíoch níos mó acu chun infheistiú i nithe a tháirgeadh ar bhealach atá cobhsaí ó thaobh an chomhshaoil de agus atá neamhdhíobhálach don aeráid agus i gcur amú bia a chosc nó go bhféadfadh sé nach mbeidís faoin mbrú céanna chun an corrlach caillte a chúiteamh trí dhul timpeall ar an reachtaíocht comhshaoil nó an reachtaíocht maidir le sábháilteacht bia.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Táthar ag súil go mbainfidh fiontair bheaga agus mheánmhéide tairbhe as an togra. Cé go bhféadfadh sé go mbeadh costais chomhlíonta i gceist d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, níor tarraingíodh an tsaincheist sin anuas sna freagraí ar an gcomhairliúchán. Ina theannta sin, tá feidhm ag rialacha deonacha cheana féin, cosúil leo sin atá ag Tionscnamh Shlabhra an tSoláthair, beag beann ar mhéid an fhiontair.

Cearta bunúsacha

Tá an tAontas tiomanta d’ardchaighdeáin a chothú ó thaobh cearta bunúsacha de. A bhuí le córas cothrom éifeachtach cosanta in aghaidh cleachtais éagóracha trádála a bheith i bhfeidhm, cuirfear leis an gcumas atá ag páirtithe leasmhara chun gnó a sheoladh (féach Airteagal 16 de Chairt an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha). Ní mór na cearta a chumhdaítear sa Chairt a urramú i reachtaíocht an Aontais (Airteagail 51, 52 den Chairt um Chearta Bunúsacha). Dá bhrí sin, ní mór cumhachtaí forfheidhmiúcháin a mhúnlú ar bhealach atá ag teacht leis na cearta chun cosaint a fháil (Airteagal 48 den Chairt um Chearta Bunúsacha), e.g. trí leigheas éifeachtach a sholáthar in aghaidh an chinnidh ó údarás forfheidhmiúcháin a mbíonn pionóis á bhforchur aige. Ní mór cothromaíocht a bhaint amach i ndáil leis na cearta chun cosaint a fháil, go háirithe má táthar chun gearáin a láimhseáil ar bhealach rúnda.

4.    IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Is beag tionchar a bheadh ag an togra ar bhuiséad an Aontais. Is é a bheadh i gceist leis cruinniú comhordaithe amháin de chuid údaráis forfheidhmiúcháin na mBallstát a reáchtáil sa Bhruiséil gach bliain agus suíomh gréasáin bunúsach a chruthú agus a bhainistiú le haghaidh malartú faisnéise ag an gCoimisiún.

5.    EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Níl aon staitisticí ábhartha ar fáil ar leibhéal an Aontais i mbunachar sonraí Eurostat a bhféadfaí iad a úsáid mar phríomhfhoinsí sonraí le haghaidh faireachán agus meastóireacht ar an Treoir seo. Staitisticí maidir le praghsanna táirgeoirí, praghsanna próiseálaithe agus praghsanna do thomhaltóirí a bhaileofar trí Eurostat nó go díreach faoi chuimsiú chreat Chomheagrú na Margaí, bainfidh an Coimisiún úsáid astu mar bhonn le hobair eacnaiméadrach lena dtacófar le faireachán agus meastóireacht ar an Treoir.

Is amhlaidh, mar sin, go mbeidh faireachán agus meastóireacht ag brath ar shonraí a bhaileofar faoi chuimsiú chreat na Treorach reatha, go háirithe trí bhíthin thuarascálacha bliantúla na núdarás inniúil náisiúnta. Tabharfar sonraí sna tuarascálacha sin faoi ghníomhaíocht na núdarás ar na rialacha faoin Treoir seo a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú, e.g. i dtaca leis an líon gearán a fuarthas (is cuma cé acu a fuarthas iad faoi rún nó nach bhfuarthas), an líon imscrúduithe a seoladh (is cuma cé acu a seoladh iad ar a dtionscnamh féin nó ar iarratas) nó an sciar de chásanna ar cinneadh iontu go raibh sárú ann. Pléifear sna tuarascálacha bliantúla freisin cleachtais agus eispéiris nithiúla d’fhonn glacadh dea-chleachtas a éascú. Comhlánóidh suirbhéanna ar ghnóthais san Aontas (idir tháirgeoirí talmhaíochta agus mhiondíoltóirí) an obair sin a thuilleadh trí thuairimí a scrúdú, mar atá déanta cheana ag roinnt Ballstát agus tionscnaimh deonacha áirithe. Tosca tábhachtacha a théann i bhfeidhm ar iompraíocht gnólachtaí sa Mhargadh Aonair atá in eispéiris agus i dtuairimí araon. Ar deireadh, déanfaidh an Coimisiún staidéir eacnamaíocha a chur i gcrích go díreach nó a choimisiúnú a bhfuil sé mar aidhm leo tomhas a dhéanamh ar thionchar na gcleachtas difriúil a bhaineann le rialacha náisiúnta agus tionscnaimh dheonacha ar leibhéal micreacnamaíoch agus ar leibhéal maicreacnamaíoch.

De réir na dtáscairí a shainaithnítear sa mheasúnú tionchair, measfaidh an Coimisiún a éifeachtaí, a éifeachtúla, a ábhartha agus a chomhleanúnaí atá an beartas seo agus an breisluach atá aige don Aontas agus d’fhéadfadh sé go measfadh sé critéir mheastóireachta ábhartha eile amhail fóntas, cothromas agus inghlacthacht nó comhordú (maidir le rialacha na mBallstát agus le tionscnaimh dheonacha féinrialála). Is féidir na táscairí sin a úsáid mar bhonn leis an meastóireacht ba cheart a chur i láthair tráth nach luaithe ná trí bliana tar éis dháta cur i bhfeidhm na Treorach chun a áirithiú go mbeidh tacar sonraí leordhóthanach ar fáil.

Níl plean cur chun feidhme ag teastáil le haghaidh na Treorach seo, rud a bhfuil raon feidhme teoranta aige, nach mbeartaítear comhchuibhiú iomlán leis agus nach bhfuil aon dúshláin theicniúla, chomhlíonta ná ama ar leith i gceist leis. De bhreis air sin, foráiltear maidir le roinnt gníomhartha tacaíochta leis an Treoir í féin, rud lena leagtar síos sásra comhair idir údaráis forfheidhmiúcháin agus bunú suímh ghréasáin chun na críche sin.

Doiciméid mhíniúcháin (le haghaidh Treoracha)

Ar na cúiseanna a thugtar thuas sa roinn ina bpléitear pleananna cur chun feidhme, ní iarrfaidh an Coimisiún ar na Ballstáit doiciméid mhíniúcháin a thabhairt a bhaineann leis an trasuí.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Tá 14 Airteagal sa Treoir atá beartaithe.

Sainítear in Airteagal 1 ábhar na Treorach, a ghlacann cur chuige comhchuibhithe pháirtigh (íosta) i leith íoschaighdeán cosanta a thabhairt isteach maidir le cleachtais éagóracha trádála sna mBallstát trí chéile. Níl feidhm ag an gcosaint ach le soláthraithe ar fiontair bheaga agus mheánmhéide iad i slabhra an tsoláthair bia maidir lena ndíolacháin le ceannaitheoirí nach fiontair bheaga agus mheánmhéide iad.

Tugtar sainmhínithe in Airteagal 2 ar théarmaí a úsáidtear arís agus arís eile i bhforálacha na Treorach: “ceannaitheoir”, “soláthraí”, “fiontar beag agus meánmhéide”, “táirgí bia”, agus “somheatacht”. Leis na sainmhínithe sin, rannchuidítear le raon feidhme chur i bhfeidhm na Treorach a shainiú.

I dtaca leis na táirgí a chumhdaítear, cumhdaítear 'táirgí bia' leis an Treoir, is é sin, táirgí talmhaíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I CFAE lena núsáid mar bhia, lena náirítear táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe agus táirgí talmhaíochta próiseáilte lena núsáid mar bhia – i.e. táirgí bia próiseáilte nach gcumhdaítear le hIarscríbhinn I CFAE cheana féin.

Is é an toradh atá ar an gcaidreamh idir soláthraithe agus ceannaitheoirí agus ar an gcumhdach táirgí go bhfuil feidhm ag na bearta feadh shlabhra an tsoláthair bia agus go gcumhdaíonn siad cleachtais éagóracha trádála ar féidir leo druidim siar sa slabhra agus feirmeoirí a chur faoi bhrú sa deireadh, bíodh sé go díreach nó go hindíreach. Cumhdaítear leis an gcosaint táirgeoirí talmhaíochta beaga agus meánmhéide (lena náirítear a neagraíochtaí táirgeoirí amhail comharchumainn) agus soláthraithe eile sa slabhra ar fiontair bheaga agus mheánmhéide iad, agus cuirtear srian le hiompraíocht ceannaitheoirí nach fiontair bheaga agus mheánmhéide iad leis na rialacha maidir le cleachtais éagóracha trádála.

Cuirtear san áireamh sa togra gurb amhlaidh nach leagtar cleachtais éagóracha trádála síos i gconradh scríofa i ngach cás agus d’fhéadfaidís, i bprionsabal, teacht chun cinn ag céim ar bith den idirbheart tráchtála idir an ceannaitheoir agus an soláthraí i slabhra an tsoláthair bia, lena náirítear ex post tar éis conradh a thabhairt chun críche.

Ós rud é go mbíonn slabhra an tsoláthair bia comhdhéanta de chaidrimh ingearach soláthair atá idirnasctha, agus ós rud é go bhféadfadh cleachtais éagóracha trádála a thagann chun cinn ina dhiaidh sin sa slabhra tionchar diúltach a imirt ar tháirgeoirí talmhaíochta agus ar a éifeachtúla atá slabhra an tsoláthair bia i gcoitinne, ní hé amháin go gcumhdaítear táirgeoirí talmhaíochta agus a neagraíochtaí leis an téarma “soláthraí” sa togra, ach cumhdaítear leis freisin soláthraí ar bith, i.e. déantóirí agus dáileoirí, feadh shlabhra an tsoláthair bia ar choinníoll gur gnóthais bheaga agus mheánmhéide iad.

Tá líon suntasach fiontar beag agus meánmhéide ann san earnáil déantúsaíochta go háirithe. Cuirtear san áireamh i gcumhdach an togra go bhféadfadh idirghabhálaithe beaga agus meánmhéide, a d’fhéadfadh gan a bheith in ann cur in aghaidh cleachtais éagóracha trádála a mbaineann ceannaitheoirí nach fiontair bheaga agus mheánmhéide iad úsáid astu, na costais a eascraíonn as na cleachtais sin a leagan ar a soláthraithe féin, mar atá táirgeoirí talmhaíochta. Ina theannta sin, féadfaidh soláthraithe eachtracha atá bunaithe lasmuigh den Aontas leas a bhaint as an toirmeasc má dhíolann siad le ceannaitheoirí atá bunaithe san Aontas.

Liostaítear in Airteagal 3 cleachtais éagóracha trádála atá toirmiscthe. Cé go bhfágann mír 2 go bhfuil sé sin faoi réir shaoirse chonarthach na bpáirtithe, is é sin le rá ar shlí eile go bhfágann sí go bhfuil cáiliú an chleachtais éagóraigh trádála faoi réir lánrogha na bpáirtithe a mhalairt a chinneadh de bhua comhaontaithe, is amhlaidh, toisc go bhfuil siad de chineál éagórach “iontu féin”, nach bhfuil na cleachtais éagóracha trádála a liostaítear i mír 1 faoi réir lánrogha chonarthach na bpáirtithe.

Cumhdaítear leis an ngrúpa cleachtas i mír 1 an toirmeasc atá ar cheannaitheoirí a soláthraithe a íoc tar éis 30 lá i gcás ina mbaineann an soláthar le táirgí meatacha. Ní bheidh an fhoráil seo ina lex specialis don earnáil bia ach amháin i gcás na bhforálacha a bhaineann le téarmaí íocaíochta na Treorach maidir le hÍocaíocht Dhéanach, rud is infheidhme maidir le gach earnáil den gheilleagar. Cumhdaítear leis an ngrúpa sin freisin cealú orduithe ar gearrfhógra do tháirgí somheata agus athruithe aontaobhacha agus aisghníomhacha sna téarmaí i gcomhaontú soláthair: is léiriú ar leithdháileadh díréireach riosca i bhfabhar an cheannaitheora iad na cleachtais sin, tá siad éagórach go follasach, agus ba cheart iad a bheith toirmiscthe.

Cleachtais eile atá éagórach i gcás ina gcuirtear i bhfeidhm iad gan chomhaontú, d’fhéadfadh sé go mbeidís inghlactha agus d’fhéadfadh sé fiú go gcruthófaí leo éifeachtúlacht atá tairbhiúil don dá pháirtí dá gcumhdófaí iad le comhaontú idir na páirtithe. Dá bhrí sin, ba cheart caitheamh leis na cleachtais sin ar bhealach difriúil i rialacha maidir le cleachtais éagóracha trádála chun go néascófaí cleachtais feabhsaithe éifeachtúlachta lena gcruthófaí soláthairtí cuí agus praghsanna cuí sa deireadh.

Ní mór téarmaí aon chomhaontaithe den sórt sin a bheith glan soiléir. Ba chorrach a bheadh comhaontú doiléir lena dtabharfaí údarás do pháirtí amháin cinneadh a dhéanamh ar na coinníollacha a bhaineann leis na cleachtais sin agus ní féidir a mheas, mar sin, go gcúiteofaí leo cinneadh nó cleachtas ar bith ina dhiaidh sin agus ní féidir leo cosc a chur ar an gcleachtas lena mbaineann a cháiliú mar chleachtas éagórach trádála.

Áirítear tabhairt ar ais táirgí neamhdhíolta nó táirgí diomailte leis an dara grúpa. Dá ndéanfaí íocaíochtaí as táirgí bia an tsoláthraí a stocáil, a chur ar taispeáint nó a liostú, d’fhéadfadh sé go gcruthófaí éifeachtúlachtaí i bhfabhar an dá chomhpháirtí sa chonradh, rud as a dtiocfadh cásanna atá le leas an dá chomhpháirtí. Baineann sé sin le gníomhaíochtaí promóisin agus gníomhaíochtaí margaíochta freisin. Ní mór don cheannaitheoir meastachán ar an íocaíocht a thabhairt don soláthraí má iarrtar air déanamh amhlaidh. I gcás gníomhaíochtaí margaíochta agus stocála, cur ar taispeáint nó liostaithe freisin, ní mór don cheannaitheoir meastachán ar an gcostas a thabhairt don soláthraí má iarrtar air déanamh amhlaidh.

Beidh siad inghlactha más rud é go gcomhaontaíonn na páirtithe iad agus go bhfuil meastacháin oibiachtúla réasúnacha chostais mar bhonn leis an íocaíocht as táirgí a stocáil agus a liostú. Má chomhaontaíonn na páirtithe iad, is féidir leis na ranníocaíochtaí a dhéanann na soláthraithe le haghaidh promóisin táirgí nó le haghaidh mhargaíocht na gceannaitheoirí a bheith éifeachtúil freisin.

Ceanglaítear ar na Ballstáit in Airteagal 4 údarás inniúil forfheidhmiúcháin a ainmniú le haghaidh na gcleachtas éagórach trádála atá toirmiscthe. D’fhéadfaí údaráis forfheidhmiúcháin atá ann cheana, mar shampla iad sin i réimse dhlí na hiomaíochta (údaráis iomaíochta náisiúnta), a roghnú mar údarás inniúil chun barainneacht réimse a bhaint amach.

In Airteagal 5, pléitear le gearáin agus leagtar síos go mbeidh an túdarás forfheidhmiúcháin in ann déileáil le gearáin faoi rún agus, nuair a iarrfar é, aitheantas an ghearánaigh a chosaint. Ina theannta sin, ba cheart d’eagraíochtaí táirgeoirí agus do chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí bheith in ann gearán a chur faoi bhráid an údaráis forfheidhmiúcháin, ní hé amháin ina gcáil féin mar chomhpháirtí conartha ach freisin le linn dóibh ionadaíocht a dhéanamh do leas a mball (nó leas bhaill a mball) i gcás inar fiontair bheaga agus mheánmhéide iad na baill sin.

Faoi Airteagal 6, tugtar d’údaráis forfheidhmiúcháin na cumhachtaí a theastaíonn chun imscrúdú a thosú ar a dtionscnamh féin nó ar bhonn gearáin, chun faisnéis a bhailiú, chun deireadh a chur le sárú, chun fíneálacha a ghearradh agus chun foilsiú a dhéanamh ar na cinntí a dhéantar chun éifeacht dhíspreagthach a bhaint amach.

Beartaítear in Airteagal 7 go mbeidh comhordú agus comhar ann idir údaráis forfheidhmiúcháin. Cumhdaítear leis sin cruinnithe bliantúla a néascóidh an Coimisiún iad agus tuarascálacha bliantúla a chuirfidh na húdaráis forfheidhmiúcháin isteach. A mhéid is féidir, ba cheart d’údaráis forfheidhmiúcháin na mBallstát cúnamh frithpháirteach a thabhairt dá chéile agus iad i mbun imscrúduithe.

Tugtar soiléiriú in Airteagal 8 den togra go bhféadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh do rialacha breise a bhfuil sé mar aidhm leo dul i ngleic le cleachtais éagóracha trádála agus a théann thar an íoschaighdeán seo de chuid an Aontais fad is gur leis na rialacha sin a chloítear leis na rialacha a bhaineann leis an margadh inmheánach.

Leagtar oibleagáidí tuairiscithe na mBallstát síos in Airteagal 9. Foráiltear go bhféadfadh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh sa réimse tuairiscithe sin, ar gníomh é a bhféadfadh sé go sonrófaí módúlachtaí úsáideacha ann.

Foráiltear le hAirteagal 10 maidir leis an nós imeachta coiste lena dtabharfar cabhair don Choimisiún ina leith sin.

Foráiltear le hAirteagal 11 go ndéanfaidh an Coimisiún meastóireacht tráth nach luaithe ná trí bliana tar éis chur i bhfeidhm na Treorach agus go nullmhóidh sé tuarascáil eatramhach ar thrasuí na Treorach.

Cuimsítear in Airteagal 12 forálacha a bhaineann le trasuí na Treorach. An gnáthnós imeachta a bhíonn ann i gcás Treoracha atá sna forálacha.

In Airteagal 13, pléitear le teacht i bhfeidhm na Treorach. Ar deireadh, leagtar síos in Airteagal 14 go ndírítear an Treoir chuig na Ballstáit.

2018/0082 (COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le cleachtais éagóracha trádála sa chaidreamh gnólacht le gnólacht i slabhra an tsoláthair bia

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 7 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 8 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Díríodh i dtrí theachtaireacht ón gCoimisiún a eisíodh ón mbliain 2009 9 i leith ar fheidhmiú shlabhra an tsoláthair bia, lena náirítear cleachtais éagóracha trádála a bheith le fáil ann. Sa chomhthéacs sin, is é an sainmhíniú atá ar chleachtais éagóracha trádála cleachtais a imíonn go mór ó dhea-iompar tráchtála, a thagann salach ar mheon macánta agus cóirdhéileáil agus a ghearrann comhpháirtí trádála amháin go haontaobhach ar chomhpháirtí eile. Mhol an Coimisiún gnéithe a bheadh inmhianaithe sna creataí rialachais náisiúnta agus rialachais dheonaigh maidir le cleachtais éagóracha trádála i slabhra an tsoláthair bia. Níor cuireadh gach ceann de na gnéithe sin san áireamh sa chreat dlíthiúil ná sna córais rialachais dheonaigh sna Ballstáit, rud a fhágann go mbítear ag díriú ar úsáid na gcleachtas sin sa díospóireacht pholaitiúil san Aontas go fóill.

(2)I mí an Mheithimh 2016, tugadh le rún ó Pharlaimint na hEorpa 10 cuireadh don Choimisiún togra a chur isteach le haghaidh creat dlíthiúil ón Aontas maidir le cleachtais éagóracha trádála. I mí na Nollag 2016, thug an Chomhairle cuireadh don Choimisiún tabhairt, ar bhealach prapúil, faoi mheasúnú tionchair d’fhonn creat dlíthiúil ón Aontas nó bearta neamhreachtacha a mholadh chun aghaidh a thabhairt ar chleachtais éagóracha trádála 11 . Tá measúnú tionchair ullmhaithe ag an gCoimisiún, tar éis comhairliúchán poiblí oscailte agus comhairliúcháin spriocdhírithe a reáchtáil.

(3)Tá oibreoirí difriúla gníomhach i slabhra an tsoláthair bia ag na céimeanna difriúla de tháirgí bia a tháirgeadh, a phróiseáil, a mhargú, a dháileadh agus a mhiondíol. Tá slabhra an tsoláthair bia i bhfad níos tábhachtaí ná aon bhealach eile le haghaidh táirgí bia a thabhairt “ón bhfeirm chuig an bhforc”. Trádálann na hoibreoirí sin táirgí bia, is é sin le rá táirgí talmhaíochta príomhúla lena náirítear táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, mar a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh, lena núsáid mar bhia, mar aon le táirgí bia eile nach liostaítear san Iarscríbhinn sin ach a phróiseáiltear ó tháirgí talmhaíochta lena núsáid mar bhia.

(4)Cé go bhfuil riosca gnó ina chuid dhílis de gach gníomhaíocht eacnamaíoch, baineann éiginnteacht mhór leis an táirgeadh talmhaíochta go háirithe toisc go mbraitheann sé ar phróisis bhitheolaíocha, toisc gur meatach agus gur séasúrach táirgí talmhaíochta, tríd is tríd, agus toisc go ndéanann dálaí aimsire difear don sórt sin táirgthe. Toisc go bhfuil i bhfad níos mó béime ar chúrsaí margaidh anois sa bheartas talmhaíochta ná a bhí san am atá thart, tá méadú tagtha ar a thábhachtaí atá cosaint in aghaidh cleachtais éagóracha trádála d’oibreoirí atá gníomhach i slabhra an tsoláthair bia agus go háirithe do tháirgeoirí talmhaíochta agus a neagraíochtaí.

(5)Tá éagsúlacht ann maidir le líon agus méid na noibreoirí sna céimeanna difriúla de shlabhra an tsoláthair bia. Is leis na leibhéil dhifriúla de chomhchruinniú oibreoirí a bhaineann na difríochtaí sa chumhacht mhargála agus, dá bharr sin, is féidir go mbainfear leas éagórach as cumhacht mhargála trí chleachtais éagóracha trádála a úsáid. Is mór an dochar a dhéanann cleachtais éagóracha trádála d’oibreoirí beaga agus meánmhéide go háirithe i slabhra an tsoláthair bia. Tríd is tríd, is oibreoirí beaga agus meánmhéide iad táirgeoirí talmhaíochta, a sholáthraíonn táirgí talmhaíochta príomhúla.

(6)Tá rialacha náisiúnta sonracha i bhfeidhm i bhformhór na mBallstát, ach ní iontu uile, lena dtugtar cosaint do sholáthraithe in aghaidh cleachtais éagóracha trádála sa chaidreamh gnólacht le gnólacht i slabhra an tsoláthair bia. I gcásanna ina bhféadfaí leas a bhaint as dlí na gconarthaí nó tionscnaimh féinrialála, bíonn teorainn le fiúntas praiticiúil na modhanna sásaimh sin mar gheall ar an eagla go mbainfí díoltas amach ar an ngearánach. I dtaca le roinnt Ballstát a bhfuil rialacha sonracha i bhfeidhm acu maidir le cleachtais éagóracha trádála, cuireann siad de chúram ar údaráis riaracháin iad a fhorfheidhmiú. Tá éagsúlacht shuntasach le sonrú ar na rialacha atá ag na Ballstáit maidir le cleachtais éagóracha trádála, má tá siad acu in aon chor.

(7)Ba cheart íoschaighdeán cosanta in aghaidh cleachtais áirithe trádála atá éagórach go follasach a thabhairt isteach ar leibhéal an Aontais chun laghdú a dhéanamh ar a mhinice a úsáidtear cleachtais den sórt sin agus chun rannchuidiú le caighdeán cóir maireachtála a áirithiú do tháirgeoirí talmhaíochta. Ba cheart an caighdeán sin dul chun tairbhe do na táirgeoirí talmhaíochta uile nó d'aon duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn táirgí bia, lena náirítear eagraíochtaí táirgeoirí agus comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí, ar choinníoll go sásaíonn na daoine sin uile an sainmhíniú ar mhicrifhiontair, agus ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún 12 . Baol ar leith atá i gcleachtais éagóracha trádála do na micreasholáthraithe agus do na soláthraithe beaga agus meánmhéide sin agus is iad is lú atá in ann na cleachtais sin a fhulaingt gan tionchar diúltach ar a ninmharthanacht eacnamaíoch. Ós rud é gur minic a chuirtear an brú airgeadais a chuireann cleachtais éagóracha trádála ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide ar aghaidh tríd an slabhra go dtagann sé go dtí táirgeoirí talmhaíochta, ba cheart na rialacha maidir le cleachtais éagóracha trádála cosaint a thabhairt freisin do sholáthraithe idirmheánacha beaga agus meánmhéide atá ag na céimeanna i ndiaidh an táirgthe phríomhúil. Leis an gcosaint do sholáthraithe idirmheánacha ba cheart iarmhairtí neamhbheartaithe a sheachaint freisin (go háirithe i dtaca le praghsanna a ardú go míchuí) de thoradh trádáil a atreorú ar shiúl ó tháirgeoirí talmhaíochta agus a gcumainn, a tháirgeann táirgí próiseáilte, chuig soláthraithe neamhchosanta.

(8)Ba cheart na soláthraithe atá bunaithe lasmuigh den Aontas bheith in ann brath ar íoschaighdeán an Aontais agus iad ag díol táirgí bia le ceannaitheoirí atá bunaithe san Aontas chun go seachnófaí éifeachtaí saofa neamhbheartaithe a d’eascródh as an gcosaint do sholáthraithe san Aontas.

(9)Ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha ábhartha maidir le seoladh a ngnó ag na hoibreoirí móra i slabhra an tsoláthair bia, is é sin, oibreoirí nach oibreoirí beaga agus meánmhéide iad, toisc gur acusan de ghnáth a bhíonn formhór na cumhachta margála agus iad ag trádáil le soláthraithe beaga agus meánmhéide.

(10)Toisc go bhfuil rialacha náisiúnta maidir le cleachtais éagóracha trádála i bhfeidhm i bhformhór na mBallstát, cé go bhfuil difríochtaí ann sna rialacha sin, is cuí Treoir a úsáid mar uirlis chun íoschaighdeán cosanta a thabhairt isteach faoi dhlí an Aontais. Ba cheart a chumasú do na Ballstáit leis sin na rialacha iomchuí a chomhtháthú isteach ina ndlíchóras náisiúnta ar bhealach a chuirfeadh córas comhtháite ar bun. Níor cheart cosc a chur ar na Ballstáit dlíthe náisiúnta níos doichte a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm ina gcríoch féin chun cosaint a thabhairt do sholáthraithe beaga agus meánmhéide agus ceannaitheoirí in aghaidh cleachtais éagóracha trádála sa chaidreamh gnólacht le gnólacht i slabhra an tsoláthair bia, faoi réir na dteorainneacha de chuid dhlí an Aontais is infheidhme maidir le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

(11)Ós rud é go bhféadann cleachtais éagóracha trádála bheith ann ag céim ar bith de dhíolachán táirge bia, i.e. roimh idirbheart díolacháin, lena linn nó ina dhiaidh, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeadh feidhm ag forálacha na Treorach seo maidir leis na cleachtais sin gach uair a úsáidtear iad.

(12)Nuair atáthar ag cinneadh cé acu a mheastar nó nach meastar cleachtas trádála aonair a bheith éagórach, tá sé tábhachtach laghdú a dhéanamh ar an riosca go gcuirfí teorainn leis an úsáid a bhaintear as comhaontuithe a dtagann páirtithe orthu atá cóir agus a gcruthaítear éifeachtúlacht leo. Mar thoradh air sin, is cuí idirdhealú a dhéanamh idir cleachtais a bheartaítear i dtéarmaí atá glan soiléir i gcomhaontuithe soláthair idir páirtithe agus cleachtais a úsáidtear tar éis thús an idirbhirt agus nár comhaontaíodh roimh ré i dtéarmaí a bhí glan soiléir, ionas nach gcuirfear toirmeasc ach ar athruithe aontaobhacha aisghníomhacha ar na téarmaí ábhartha sin sa chomhaontú soláthair. Meastar cleachtais trádála áirithe a bheith éagórach de bharr a gcineáil féin, áfach, agus níor cheart iad a bheith faoi réir shaoirse chonarthach na bpáirtithe imeacht uathu.

(13)Chun forfheidhmiú éifeachtach na dtoirmeasc a leagtar síos sa Treoir seo a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit údarás a ainmniú a gcuirfear de chúram air iad a fhorfheidhmiú. Ba cheart don údarás bheith in ann gníomhú ar a thionscnamh féin nó trí bhíthin gearáin ó pháirtithe a ndéanann cleachtais éagóracha trádála i slabhra an tsoláthair bia difear dóibh. I gcás ina niarrfaidh gearánach go gcoinneofaí a aitheantas faoi rún de bharr eagla go mbainfí díoltas amach, ba cheart d’údaráis forfheidhmiúcháin na mBallstát an iarraidh sin a chomhlíonadh.

(14)Le gearáin ó eagraíochtaí táirgeoirí nó comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí is féidir aitheantas ball aonair den eagraíocht a chosaint, ar baill iad atá ina soláthraithe beaga agus meánmhéide agus a mheasann go bhfuil siad neamhchosanta ar chleachtais éagóracha trádála. Dá bhrí sin, ba cheart d’údaráis forfheidhmiúcháin na mBallstát bheith in ann glacadh le gearáin a dhéanann na heintitis sin agus gníomhú ina leith, agus cearta nós imeachta an chosantóra á gcosaint acu ag an am céanna.

(15)Ba cheart d’údaráis forfheidhmiúcháin na mBallstát na cumhachtaí riachtanacha a bheith acu chun cur ar a gcumas aon fhaisnéis fhíorasach a bhailiú go héifeachtach trí bhíthin iarrataí faisnéise. Ba cheart an chumhacht a bheith acu chun a ordú go gcuirfí deireadh le cleachtas toirmiscthe, nuair is infheidhme. Trí dhíspreagadh a bheith ann, amhail an chumhacht chun fíneálacha a ghearradh agus torthaí imscrúdaithe a fhoilsiú, is féidir athrú iompraíochta agus réitigh réamhdhlíthíochta a spreagadh idir na páirtithe agus, dá bhrí sin, ba cheart sin a bheith ar chumhachtaí na núdarás forfheidhmiúcháin. Ba cheart don Choimisiún agus d’údaráis forfheidhmiúcháin na mBallstát dul i mbun dlúthchomhair le chéile chun a áirithiú go nglacfaí cur chuige coiteann i leith chur i bhfeidhm na rialacha a leagtar amach sa Treoir seo. Go háirithe, ba cheart do na húdaráis forfheidhmiúcháin cúnamh frithpháirteach a thabhairt dá chéile, mar shampla trí fhaisnéis a chomhroinnt agus trí chabhrú le himscrúduithe a bhfuil gné trasteorann ag baint leo.

(16)Chun forfheidhmiú éifeachtach a éascú, ba cheart don Choimisiún cabhrú le cruinnithe a eagrú idir údaráis forfheidhmiúcháin na mBallstát, ar lena linn is féidir dea-chleachtais a mhalartú agus faisnéis ábhartha a chomhroinnt. Ba cheart don Choimisiún suíomh gréasáin a bhunú agus a bhainistiú le haghaidh na malartuithe sin a éascú.

(17)Níor cheart na rialacha a leagtar síos sa Treoir seo cur isteach ar an deis a bheidh ag na Ballstáit rialacha reatha atá níos fadréimsí a choinneáil ar bun nó rialacha den sórt sin a ghlacadh sa todhchaí, faoi réir na dteorainneacha de chuid dhlí an Aontais is infheidhme maidir le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Bheadh feidhm ag na rialacha sin in éineacht le bearta rialachais dheonaigh.

(18)Ba cheart don Choimisiún forbhreathnú a bheith aige ar chur chun feidhme na Treorach seo sna Ballstáit. De bhreis air sin, ba cheart don Choimisiún bheith in ann éifeachtacht na Treorach seo a mheas. Chuige sin, ba cheart d’údaráis forfheidhmiúcháin na mBallstát tuarascálacha bliantúla a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an oibleagáid tuairiscithe a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 13 . Ba cheart don Choiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta cúnamh a thabhairt don Choimisiún leis an nós imeachta sin.

(19)Ar mhaithe le cur chun feidhme éifeachtach a dhéanamh ar an mbeartas maidir le cleachtais éagóracha trádála sa chaidreamh gnólacht le gnólacht i slabhra an tsoláthair bia, ba cheart don Choimisiún cur i bhfeidhm na Treorach seo a athbhreithniú agus tuarascáil ina leith a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún. Thairis sin, ba cheart aird ar leith a thabhairt san athbhreithniú sin ar an mbeadh údar le cosaint a thabhairt amach anseo do cheannaitheoirí beaga agus meánmhéide táirgí bia i slabhra an tsoláthair bia, de bhreis ar na soláthraithe beaga agus meánmhéide a chosaint,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.Leis an Treoir seo, bunaítear liosta íosta de chleachtais éagóracha trádála atá toirmiscthe idir ceannaitheoirí agus soláthraithe i slabhra an tsoláthair bia agus leagtar síos rialacha íosta maidir lena bhforfheidhmiú agus socruithe le haghaidh an chomhordaithe idir údaráis forfheidhmiúcháin.

2.Tá feidhm ag an Treoir seo maidir le cleachtais éagóracha trádála áirithe a úsáidtear nuair atá táirgí bia á ndíol ag soláthraí ar fiontar beag agus meánmhéide é le ceannaitheoir nach fiontar beag agus meánmhéide é.

3.Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir le comhaontuithe soláthair a thabharfar chun críche tar éis dháta infheidhmeachta na bhforálacha lena dtrasuitear an Treoir seo dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 12(1).

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)ciallaíonn “ceannaitheoir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas agus a cheannaíonn táirgí bia trí bhíthin trádála. Féadfaidh an téarma “ceannaitheoir” grúpa de dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha den sórt sin a chuimsiú;

(b)ciallaíonn “soláthraí” aon táirgeoir talmhaíochta nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach a dhíolann táirgí bia, is cuma cén áit a bhfuil sé bunaithe. Féadfaidh an téarma “soláthraí” grúpa de tháirgeoirí talmhaíochta den sórt sin nó daoine nádúrtha agus dlítheanacha den sórt sin, lena náirítear eagraíochtaí táirgeoirí agus comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí, a chuimsiú;

(c)ciallaíonn “fiontar beag agus meánmhéide” fiontar a thagann faoi bhrí an tsainmhínithe ar mhicrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ón gComhairle 14 ;

(d)ciallaíonn “táirgí bia” táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh atá ceaptha lena núsáid mar bhia, chomh maith le táirgí nach liostaítear san Iarscríbhinn sin a phróiseáiltear ó na táirgí sin lena núsáid mar bhia;

(e)ciallaíonn “táirgí bia meatacha” táirgí bia a éireoidh míoiriúnach mar bhia don duine mura ndéantar iad a stóráil, a chóireáil, a phacáistiú nó a chaomhnú ar shlí eile chun cosc a chur leo éirí míoiriúnach.

Airteagal 3

Toirmeasc ar chleachtais éagóracha trádála

1.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh toirmeasc ar na cleachtais trádála seo a leanas:

(a)íocann an ceannaitheoir an soláthraí as táirgí bia meatacha níos mó ná 30 lá féilire tar éis dó sonrasc an tsoláthraí a fháil nó níos mó ná 30 lá féilire tar éis an dáta a seachadadh na táirgí bia meatacha, cibé acu is déanaí. Beidh an toirmeasc sin gan dochar:

- do na hiarmhairtí a ghabhann le híocaíochtaí déanacha agus leigheasanna a leagtar síos i dTreoir 2011/7/AE;

15 - don rogha atá ag an gceannaitheoir agus ag an soláthraí clásal comhroinnte luacha a chomhaontú de réir bhrí Airteagal 172 a) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(b)déanann an ceannaitheoir orduithe táirgí bia meatacha a chealú le fógra atá chomh gearr sin nach féidir a bheith ag súil le réasún go naimseodh an soláthraí bealach eile chun brabús a dhéanamh ar na táirgí sin nó chun iad a úsáid;

(c)déanann an ceannaitheoir athrú aontaobhach aisghníomhach ar théarmaí an chomhaontaithe soláthair maidir le minicíocht, am nó méid an tsoláthair nó an tseachadta, maidir leis na caighdeáin cháilíochta nó maidir le praghsanna na dtáirgí bia;

(d)íocann an soláthraí as diomailt táirgí bia ar áitreabh an cheannaitheora nuair nach é faillí ná locht an tsoláthraí is cúis léi.

2.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh toirmeasc ar na cleachtais trádála seo a leanas, mura bhfuil siad comhaontaithe i dtéarmaí atá glan soiléir tráth thabhairt i gcrích an chomhaontaithe soláthair:

(a)seolann an ceannaitheoir aon táirgí bia nár díoladh ar ais chuig soláthraí;

(b)gearrann an ceannaitheoir muirear ar an soláthraí mar choinníoll ar a ndéanfar táirgí an tsoláthraí a stocáil, a chur ar taispeáint nó a liostú;

(c)íocann an soláthraí as cur chun cinn na dtáirgí bia a dhíolann an ceannaitheoir. Sula dtosóidh aon phromóisean agus i gcás inarb é an ceannaitheoir atá á thionscnamh, sonróidh an ceannaitheoir tréimhse an phromóisin agus an chainníocht de na táirgí bia a bhfuiltear ag súil leis go nordófar;

(d)íocann an soláthraí as an margaíocht a dhéanann an ceannaitheoir ar na táirgí bia.

3.I gcás ina niarrfaidh an ceannaitheoir íocaíocht as na cásanna a bhfuil tuairisc orthu i bpointí (b), (c) agus (d) de mhír 2, tabharfaidh an ceannaitheoir don soláthraí, má iarrann an soláthraí air é, meastachán ar na híocaíochtaí in aghaidh an aonaid nó na híocaíochtaí san iomlán, cibé acu is iomchuí, agus a mhéid a bhaineann na cásanna a bhfuil tuairisc orthu i bpointí (b) agus (d) de mhír 2 le hábhar, meastachán ar na costais agus an bonn leis an meastachán sin.

4.Áiritheoidh na Ballstáit gurb éard atá sna toirmisc a leagtar síos i mír 1 agus i mír 2 forálacha éigeantacha sáraitheacha is infheidhme maidir le haon chás atá ina raon feidhme, beag beann ar an dlí is infheidhme ar shlí eile maidir leis an gcomhaontú soláthair idir na páirtithe.

Airteagal 4

Údarás forfheidhmiúcháin ainmnithe

Ainmneoidh gach Ballstát údarás poiblí a fhorfheidhmeoidh na toirmisc a leagtar síos in Airteagal 3 ar leibhéal náisiúnta ("údarás forfheidhmiúcháin").

Airteagal 5

Gearáin agus rúndacht

1.Má táthar in amhras ar cheannaitheoir go ndeachaigh sé i mbun cleachtas trádála toirmiscthe, is le húdarás forfheidhmiúcháin an Bhallstáit ina bhfuil an ceannaitheoir sin bunaithe a dhéanfaidh an soláthraí gearán.

2.Má mheasann ball nó baill d'eagraíocht táirgeoirí nó ball nó baill d'eagraíocht is ball de chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí go bhfuil cleachtas trádála toirmiscthe ag cur isteach orthu, beidh sé de cheart ag an eagraíocht nó ag an gcomhlachas sin gearán a chur isteach.

3.Má iarrann an gearánach é, áiritheoidh an túdarás forfheidhmiúcháin go gcoimeádfar faoi rún aitheantas an ghearánaigh agus aon fhaisnéis eile a mheasann an gearánach a dhéanfadh dochar dá leasanna dá nochtfaí í. Cuirfidh an gearánach an fhaisnéis sin in iúl in aon iarraidh ar rúndacht.

4.I gcás ina measfaidh an túdarás forfheidhmiúcháin nach bhfuil foras leordhóthanach ann le gníomhú ar ghearán, cuirfidh sé na cúiseanna leis sin in iúl don ghearánach.

Airteagal 6

Cumhachtaí an údaráis forfheidhmiúcháin

Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil ag an údarás forfheidhmiúcháin na córacha cuí chun a dhualgas a chomhlíonadh agus tabharfaidh siad na cumhachtaí seo a leanas dó:

(a)imscrúduithe a thionscnamh nó a dhéanamh ar a thionscnamh féin nó ar bhonn gearáin;

(b)ceangal a chur ar cheannaitheoirí agus ar sholáthraithe an fhaisnéis ar fad a sholáthar a theastaíonn chun imscrúduithe a dhéanamh ar na cleachtais trádála atá toirmiscthe;

(c)cinneadh a dhéanamh lena ndeimhnítear go raibh sárú ann ar na toirmisc a leagtar síos in Airteagal 3 agus ceangal a chur ar an gceannaitheoir deireadh a chur leis an gcleachtas trádála atá toirmiscthe. Féadfaidh an túdarás staonadh ó chinneadh ar bith den sórt sin a dhéanamh i gcás ina mbeadh an riosca ann de thoradh an chinnidh sin go nochtfaí aitheantas gearánaigh nó go nochtfaí aon fhaisnéis eile a mheasann an gearánach a dhéanfadh dochar dá leasanna dá nochtfaí í, ar choinníoll gur chuir an gearánach an fhaisnéis sin in iúl i gcomhréir le hAirteagal 5(3);

(d)fíneáil airgid a ghearradh ar údar an tsáraithe. Beidh an fhíneáil éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach, agus tabharfar aird inti ar chineál, fad agus tromchúis an tsáraithe;

(e)a chinntí i ndáil le pointí (c) agus (d) a fhoilsiú;

(f)ceannaitheoirí agus soláthraithe a chur ar an eolas faoina ghníomhaíochtaí, trí bhíthin tuarascálacha bliantúla, ina dtabharfar tuairisc inter alia ar an líon gearán a fuair sé agus ar na himscrúduithe a thionscain sé agus a dhún sé. I gcás gach imscrúdaithe, beidh tuairisc achomair sa tuarascáil ar an ábhar agus ar thoradh an imscrúdaithe.

Airteagal 7

Comhar idir údaráis forfheidhmiúcháin

1.Áiritheoidh na Ballstáit go noibreoidh údaráis forfheidhmiúcháin i gcomhar lena chéile go héifeachtach agus go dtabharfaidh siad cúnamh frithpháirteach dá chéile in imscrúduithe a bhfuil gné trasteorann ag baint leo.

2.Tiocfaidh na húdaráis forfheidhmiúcháin le chéile uair sa bhliain chun cur i bhfeidhm na Treorach seo a phlé ar bhonn na dtuarascálacha bliantúla dá dtagraítear in Airteagal 9(1) agus na ndea-chleachtas sa réimse a chumhdaíonn sí. Éascóidh an Coimisiún na cruinnithe sin.

3.Déanfaidh an Coimisiún suíomh gréasáin a bhunú agus a bhainistiú lena gcuirfear an deis ar fáil faisnéis a mhalartú idir na húdaráis forfheidhmiúcháin agus an Coimisiún, go háirithe i dtaca leis na cruinnithe bliantúla.

Airteagal 8

Rialacha náisiúnta

Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le rialacha atá ceaptha cleachtais éagóracha trádála a chomhrac a rachaidh níos faide ná na rialacha sin a leagtar amach in Airteagail 3, 5, 6 agus 7, ar choinníoll go bhfuil na rialacha náisiúnta sin comhoiriúnach do na rialacha ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

Airteagal 9

Tuairisciú ag na Ballstáit

1.Faoin 15 Márta gach bliain, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil chuig an gCoimisiún maidir le cleachtais éagóracha trádála sa chaidreamh gnólacht le gnólacht i slabhra an tsoláthair bia. Cuimseofar go háirithe sa tuarascáil sin na sonraí ábhartha uile faoi chur i bhfeidhm agus forfheidhmiú na rialacha faoin Treoir seo sa Bhallstát lena mbaineann sa bhliain roimhe.

2.Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos an méid seo a leanas:

(a)rialacha maidir leis an bhfaisnéis a theastaíonn le haghaidh mír 1 a chur i bhfeidhm;

(b)socruithe le haghaidh an fhaisnéis atá le seoladh a bhainistiú agus rialacha maidir le hinneachar agus foirm;

(c)socruithe le haghaidh faisnéis agus doiciméid a tharchur chuig na Ballstáit, eagraíochtaí idirnáisiúnta, na húdaráis inniúla i dtríú tíortha nó an pobal, nó le haghaidh faisnéis agus doiciméid a chur ar fáil dóibh, faoi réir sonraí pearsanta a chosaint chomh maith le leas dlisteanach táirgeoirí talmhaíochta agus gnóthas a rún gnó a chosaint.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 10(2).

Airteagal 10

Nós imeachta coiste

1.Déanfaidh an Coiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta a bunaíodh le hAirteagal 229 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 11

Meastóireacht

1. Tráth nach luaithe ná trí bliana tar éis dháta cur i bhfeidhm na Treorach seo, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Treoir agus cuirfidh sé tuarascáil ar na príomhchinntí chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún.

2. Soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún an fhaisnéis a theastaíonn chun an tuarascáil sin a ullmhú.

3. Sé mhí tar éis dháta trasuí na Treorach seo, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil idirmheánach ar staid a trasuí agus a cur chun feidhme chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún.

Airteagal 12

Trasuí

1.Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoi shé mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ó 12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 13

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an cúigiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 14

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

1.4.Cuspóirí

1.5.Forais an togra/tionscnaimh

1.6.Fad agus tionchar airgeadais

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le cleachtais éagóracha trádála sa chaidreamh gnólacht le gnólacht i slabhra an tsoláthair bia.

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann 

Beartas Talmhaíochta

Beartas Iomaíochta

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

X Baineann an togra/tionscnamh le beart nua 

 Baineann an togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 16  

 Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar bheart atá ann cheana 

 Baineann an togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo beart nua 

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

Is é aidhm an togra teorainn a chur le cleachtais éagóracha trádála a eascraíonn as cumhacht mhargála éagothrom i slabhra an tsoláthair bia chun rannchuidiú leis an 4ú tosaíocht de chuid Choimisiún Juncker le haghaidh “margadh inmheánach níos doimhne agus níos cothroime a bhfuil bonn tionsclaíoch níos láidre aige”, rud atá cuimsithe sa chuspóir ginearálta a bhaineann le “táirgeadh inmharthana bia” sa Chomhbheartas Talmhaíochta.

1.4.2.Cuspóirí sonracha

Cuspóir sonrach Uimh.

Cobhsaíocht margaidh a choinneáil ar bun

Ioncam táirgeoirí talmhaíochta a mhéadú

Iomaíochas talmhaíochta a fheabhsú

1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

1. Cásanna de chleachtais éagóracha trádála a laghdú

2. Cur leis an gcothrom iomaíochta

3. Sásamh níos fearr a chumasú

Tionchar: staid níos fearr do tháirgeoirí talmhaíochta i slabhra an tsoláthair bia, rud a mbeidh éifeacht dhearfach aige ar ioncam na dtáirgeoirí talmhaíochta.

1.4.4.Táscairí lena léireofar toradh agus tionchar

Sonraigh na táscairí lena léireofar an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

Ad 1. Na cásanna arna ndearbhú ag gnóthais de gach cleachtas éagórach trádála lena mbaineann (an sciar de ghnóthais a dhearbhaigh agus a mhinice a dearbhaíodh é, costais mheasta ar chleachtais éagóracha trádála)

Ad 1. Costais chomhlíonta do ghnóthais

Ad 1. Éifeachtaí díobhálacha féideartha an atreoraithe trádála ar pháirtithe faoi chosaint

Ad 2. Ailíniú chur i bhfeidhm na rialacha maidir le cleachtais éagóracha trádála (e.g. líon na nathruithe ar rialacha náisiúnta chun cleachtais a chomhfhogasú)

Ad 2. An líon moltaí dea-chleachtais a glacadh

Ad 2. Na costais riaracháin arna ndearbhú i gcás na mBallstát

Ad 2. Athruithe coibhneasta ar phraghsanna táirgthe agus ar phraghsanna do thomhaltóirí

Ad 3. An líon gearán a fuarthas (go hanaithnid nó le hainm)

Ad 3. An líon cruinnithe idirghabhála, más infheidhme

Ad 3. An líon imscrúduithe a seoladh (ar thionscnamh an údaráis é féin nó ar iarratas a fháil)

Ad 3. An sciar de chásanna inar cinneadh go raibh sárú ann

1.5.Forais an togra/tionscnaimh

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Is é aidhm an togra seo teorainn a chur le cleachtais éagóracha trádála i slabhra an tsoláthair bia trí íosleibhéal cosanta a áirithiú ar fud an Aontais trí bhíthin creat lena dtoirmisctear na cleachtais éagóracha trádála is tromchúisí agus lena soláthraítear féidearthachtaí le haghaidh sásaimh. Trí dheireadh a chur le bac ar éifeachtúlacht, chuirfí feabhas ar fheidhmiú shlabhra an tsoláthair bia i gcoitinne mar thoradh ar an togra freisin.

1.5.2.Breisluach a éiríonn as rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh sé sin éirí as tosca éagsúla, e.g. gnóthachain ó chomhordú, deimhneacht dhlíthiúil, éifeachtacht mhéadaithe nó comhlántachtaí). Chuige seo is é is ciall le 'breisluach a éiríonn as rannpháirteachas an Aontais' an luach a bhíonn mar thoradh ar idirghabháil ón Aontas atá sa bhreis ar an luach a bheadh murach sin le hidirghabháil na mBallstát dá mbeidís ag feidhmiú astu féin.

Cúiseanna leis an ngníomhaíocht ar leibhéal an Aontais (ex ante)

Sonraítear in Airteagal 39 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) go ndéanfaidh an comhbheartas talmhaíochta caighdeán cóir maireachtála a áirithiú don lucht talmhaíochta. Sonraítear in Airteagal 40 CFAE nach ndéanfaidh comheagrú na margaí aon idirdhealú idir táirgeoirí talmhaíochta. Sonraítear in Airteagal 43 CFAE go náiritheoidh comheagrú na margaí dálaí trádála san Aontas a bheidh inchurtha leis na dálaí i margadh náisiúnta.

Chuir formhór na mBallstát rialacha maidir le cleachtais éagóracha trádála i bhfeidhm, ach níorbh ionann cur chuige dóibh i leith na faidhbe agus níl na bearta gaolmhara de réir a chéile; Níl sásraí comhordaithe ag na Ballstáit, ná níl aon spreagadh ann dóibh ailíniú as a stuaim féin. Chun íosleibhéal cosanta a ghnóthú in aghaidh cleachtais éagóracha trádála ar fud an Aontais agus chun cothrom iomaíochta a áirithiú do gach táirgeoir, tá gá le bearta ón Aontais.

Breisluach an Aontais (ex post) a bhfuiltear ag súil go gcruthófar

Íoschosaint in aghaidh cleachtais éagóracha trádála i slabhra an tsoláthair bia ar fud na mBallstát agus, dá bhrí sin, slabhra soláthair bia a fheidhmeoidh níos fearr agus a bheidh níos éifeachtúla. Cothrom iomaíochta do tháirgeoirí talmhaíochta.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Ní hionann na cumhachtaí margála atá ag ceannaitheoirí agus soláthraithe, rud a d’fhéadfadh cleachtais éagóracha trádála a chruthú lena gcuirfí brú ar na soláthraithe lena mbaineann agus a bhféadfadh a bheith ina chúis le míleithdháileadh acmhainní, rud a laghdaíonn a éifeachtúla atá slabhra an tsoláthair bia.

Bíonn soláthraithe talmhaíochta leochaileach go háirithe toisc gur minic a bhíonn siad ag brath ar chomhpháirtithe iartheachtacha móra chun a dtáirgí a thabhairt chuig tomhaltóirí agus toisc go gcuirtear teorainn lena saoirse de thoradh moilleanna fada ar tháirgeadh agus a shomheata atá an-chuid dá dtáirgí.

Toradh mórán plé is ea an togra seo. Sa bhliain 2013, rinne an Coimisiún comhairliúchán poiblí ar an ábhar agus, sa bhliain 2016, d’iarr Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa go ndéanfaí gníomhaíocht ar chleachtais éagóracha trádála.

1.5.4.Comhoiriúnacht d'ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann

Comhlánaíonn an togra rialacha reatha an Aontais maidir le cleachtais éagóracha tráchtála sa chaidreamh gnólacht le tomhaltóir; go dtí seo, níor cuireadh aon rialacha cothrománacha de chuid an Aontais i bhfeidhm maidir le cleachtais éagóracha trádála idir gnólachtaí. Comhlánaíonn an togra réimsí eile freisin atá ábhartha d’oibreoirí atá faoi réir rialacha coiteanna, amhail iomaíocht, státchabhair, agus caighdeáin mhargaíochta.

1.6.Fad agus tionchar airgeadais

 Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse theoranta

   Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

   Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB

Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 17  

X Bainistíocht dhíreach ag an gCoimisiún

X ina ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin;

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas::

tríú tíortha nó na comhlachtaí a d'ainmnigh siad;

eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 agus Airteagal 209 den Rialachán Airgeadais;;

comhlachtaí dlí poiblí;

comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil.

Nótaí

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo

Uair amháin sa bhliain:

Faoin 15 Márta gach bliain, seolfaidh na Ballstáit tuarascálacha bliantúla chuig an gCoimisiún Eorpach trí bhíthin córas atá bunaithe ar theicneolaíocht faisnéise. Cuimseofar go háirithe sna tuarascálacha na sonraí ábhartha go léir faoi chur i bhfeidhm agus forfheidhmiú na rialacha faoin Treoir seo.

2.2.Córa(i)s b(h)ainistíochta agus rialaithe

2.2.1.An bonn cirt atá leis an modh bainistíochta/na modhanna bainistíochta, an sásra/na sásraí cur chun feidhme cistiúcháin, na módúlachtaí íocaíochta agus an straitéis rialaithe a bheartaítear

Is lena éifeachtaí atá an togra a bhaineann na rioscaí ginearálta is féidir a shainaithint maidir leis na rialacha sa togra, agus ní le caiteachas an Aontais, toisc gur measartha beag atá na méideanna atá i gceist.

D’fhéadfadh rioscaí a bheith nasctha le heasnaimh san údarás forfheidhmiúcháin riaracháin, lena náirítear déileáil le gearáin agus rúndacht, tuairisciú ag na Ballstáit agus maoirseacht ag an gCoimisiún.

Leis na tuarascálacha bliantúla, an cruinniú bliantúil agus an suíomh gréasáin tiomnaithe ba cheart a áirithiú go ndéanfaí measúnú leantach cuí ar chur chun feidhme na Treorach i mBallstáit an Aontais.

2.2.2.Faisnéis maidir leis na rioscaí a sainaithníodh agus leis an gcóras/na córais rialaithe inmheánaigh a bunaíodh chun iad a mhaolú

Is faoi bhainistíocht dhíreach ag an gCoimisiún a dhéanfar an caiteachas atá i gceist leis an togra seo a chur chun feidhme, i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 32 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais – an Rialachán Airgeadais.

Mar a cheanglaítear leis an Rialachán Airgeadais, rinne an tArd-Stiúrthóir um Thalmhaíocht agus Forbairt Tuaithe cur i bhfeidhm ar an struchtúr eagrúcháin agus na próisis rialaithe inmheánaigh atá oiriúnach do ghnóthú na gcuspóirí beartais agus rialaithe, i gcomhréir leis na caighdeáin rialaithe inmheánaigh a ghlac an Coimisiún agus trí aird a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann leis an timpeallacht ina noibríonn an beartas.

2.2.3.Meastachán ar chostas-éifeachtúlacht na rialuithe agus léiriú air sin (cóimheas “costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú“), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis (ar íoc agus ar dhúnadh)

Is leis na forálacha atá ann cheana do bhainistíocht dhíreach sa Choimisiún a chumhdófar na rialuithe do dhlíthiúlacht agus rialtacht íocaíochtaí tar éis chur i bhfeidhm na treorach nua.

Ní bheidh an caiteachas atá i gceist leis an togra seo ina chúis le méadú sa ráta earráide don Chiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta, i bhfianaise na méideanna beaga atá i gceist agus an mhodha cur chun feidhme (bainistíocht dhíreach).

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frith-Chalaoise.

Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí chun a áirithiú, nuair a chuirtear gníomhartha arna maoiniú faoin Rialachán seo chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne na calaoise, an éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis a ghearradh a bheidh éifeachtach, comhréireach agus díspreagthach, i gcomhréir le hAirteagal 325 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, Rialachán (CE) Uimh. 2988/95 ón gComhairle maidir le cosaint leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach, agus teideal IV den Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais.

Beidh cumhacht ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí, iniúchtaí a dhéanamh, ar bhonn doiciméad agus seiceálacha ar an láthair, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí ón Aontas. Tabharfar údarás don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí a dhéanamh ar oibreoirí eacnamaíocha a mbaineann cistiú den sórt sin go díreach nó go hindíreach leo, i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 d’fhonn a fháil amach ar tharla calaois. Maidir le cinntí, comhaontuithe agus conarthaí a eascraíonn as cur chun feidhme an Rialacháin, tabharfar de chumhacht go sainráite iontu don Choimisiún, lena náirítear OLAF, agus don Chúirt Iniúchóirí iniúchtaí, seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí den sórt sin a dhéanamh.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

·Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Saghas
caiteachais

Ranníocaíocht

Ceannteideal 2: Fás inbhuanaithe: acmhainní nádúrtha

Ceannteideal 5: Riarachán

LD/LN 18 .

ó thíortha CSTE 19

ó thíortha is iarrthóirí 20

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

05 01 02 11 – Pearsanra seachtrach agus caiteachas bainistíochta eile mar thaca leis an réimse beartais ‘Forbairt Talmhaíochta agus Tuaithe’Caiteachas bainistíochta eile

05 08 09 – An Ciste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) – Cúnamh teicniúil oibríochtúil

LN

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:

2

Fás inbhuanaithe: acmhainní nádúrtha

DG AGRI

Bliain
2020 21

Bliain
2021

Bliain
2022

Bliain
2023

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

• Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

05 08 09 – An Ciste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) – Cúnamh teicniúil oibríochtúil.

Gealltanais

(1)

0,05

0,05

0,05

0,05

A fhad a bheidh an treoir i bhfeidhm

Lena innéacsú

Íocaíochtaí

(2)

0,05

0,05

0,05

0,05

A fhad a bheidh an treoir i bhfeidhm

Lena innéacsú

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach clár sonrach 22  

(3)

-

-

-

-

IOMLÁN leithreasuithe
do AS AGRI

Gealltanais

=1+3

0,05

0,05

0,05

0,05

A fhad a bheidh an treoir i bhfeidhm

Lena innéacsú

Íocaíochtaí

=2+3

0,05

0,05

0,05

0,05

A fhad a bheidh an treoir i bhfeidhm

Lena innéacsú






IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Gealltanais

(4)

0,05

0,05

0,05

0,05

A fhad a bheidh an treoir i bhfeidhm

Lena innéacsú

Íocaíochtaí

(5)

0,05

0,05

0,05

0,05

A fhad a bheidh an treoir i bhfeidhm

Lena innéacsú

• IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as clúdach clár sonrach

(6)

-

-

-

-

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 2
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Gealltanais

=4+ 6

0,05

0,05

0,05

0,05

A fhad a bheidh an treoir i bhfeidhm

Lena innéacsú

Íocaíochtaí

=5+ 6

0,05

0,05

0,05

0,05

A fhad a bheidh an treoir i bhfeidhm

lena innéacsú





Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:

5

"Caiteachas riaracháin"

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
2020

Bliain
2021

Bliain
2022

Bliain
2023

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

Ard-Stiúrthóireacht: AGRI

• Acmhainní daonna

0,215

0,215

0,215

0,215

A fhad a bheidh an treoir i bhfeidhm

Lena innéacsú

• Caiteachas riaracháin eile (1 chruinniú sa bhliain le saineolaithe ó údaráis forfheidhmiúcháin)

0,017

0,017

0,017

0,017

A fhad a bheidh an treoir i bhfeidhm

Lena innéacsú

IOMLÁN DG AGRI

Leithreasuithe

0,232

0,232

0,232

0,232

0,232

Lena innéacsú

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
 

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

0,232

0,232

0,232

0,232

0,23

Lena innéacsú

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
2020 23

Bliain
2021

Bliain
2022

Bliain
2023

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
 

Gealltanais

0,282

0,282

0,282

0,282

A fhad a bheidh an treoir i bhfeidhm

Lena innéacsú

Íocaíochtaí

0,282

0,282

0,282

0,282

A fhad a bheidh an treoir i bhfeidhm

Lena innéacsú

3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

X    Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

Bliain
2020

Bliain
2021

Bliain
2022

Bliain
2023

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

ASCHUIR

Saghas 24

Meánchostas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon iomlán

Costas iomlán

Le haghaidh gach ceann de na trí CHUSPÓIR SHONRACHA 25

Tógáil agus cothabháil an tsuímh gréasáin

Úsáid an tsuímh gréasáin

0,05

1

0,05

1

0,05

1

0,05

1

0,05

A fhad a bheidh an treoir ann

Lena innéacsú

Fo-iomlán do chuspóirí sonracha

1

0,05

1

0,05

1

0,05

1

0,05

A fhad a bheidh an treoir ann

Lena innéacsú

COSTAS IOMLÁN

1

0,05

1

0,05

1

0,05

1

0,05

A fhad a bheidh an treoir ann

Lena innéacsú

3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.3.1.Achoimre

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

X    Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
2020 26

Bliain
2021

Bliain
2022

Bliain
2023

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

0,215

0,215

0,215

0,215

A fhad a bheidh an treoir i bhfeidhm

Lena innéacsú

Caiteachas riaracháin eile

0,017

0,017

0,017

0,017

A fhad a bheidh an treoir i bhfeidhm

Lena innéacsú

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil

0,232

0,232

0,232

0,232

0,232

Lena innéacsú

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 27
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas eilede chineál riaracháin

Fo-iomlánlasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil

IOMLÁN

0,232

0,232

0,232

0,232

0,232

Lena innéacsú

Cumhdófar na hacmhainní daonna is gá agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha

3.2.3.2.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.

X    Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos: 

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

Bliain
2020

Bliain
2021

Bliain 2022

Bliain 2023

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

• Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

05 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

1,5

1,5

1,5

1,5

A fhad a bheidh an treoir i bhfeidhm

XX 01 01 02 (Toscaireachtaí)

XX 01 05 01 (Taighde indíreach)

10 01 05 01 (Taighde díreach)

Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) 28

XX 01 02 01 (CA, SNE, INT ón gclúdach iomlánaíoch)

XX 01 02 02 (CA, LA, SNE, INT agus JED sna toscaireachtaí)

XX 01 04 yy  29

- sa cheanncheathrú

- toscaireachtaí

XX 01 05 02 (CA, SNE, INT – taighde indíreach)

10 01 05 02 (CA, INT, SNE – taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

1,5

1,5

1,5

1,5

A fhad a bheidh an treoir i bhfeidhm

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath-imlonnófar laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

3 oifigeach AD ar chonradh páirtaimseartha - 50%

Pearsanra seachtrach

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

X    Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha.

   Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil.

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe.

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

X    Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

(1)    Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Meitheamh 2016 maidir le cleachtais éagóracha trádála i slabhra an tsoláthair bia (2015/2065(INI)).
(2)     Conclúidí ón gComhairle an 12 Nollaig 2016, Seasamh feirmeoirí i slabhra an tsoláthair bia a neartú agus dul i ngleic le cleachtais éagóracha trádála.
(3)     COM(216) 32 final , 30 Meán Fómhair 2016.
(4)     http://www.supplychaininitiative.eu/ . Cé gur bunaíodh an Tionscnamh go foirmiúil sa bhliain 2013, ba sa bhliain 2011 a eisíodh na “Prionsabail Dea-Chleachtais” dá chuid, rud a úsáidtear mar chód iompair.
(5)    An Coimisiún Eorpach, Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cleachtais éagóracha trádála gnólacht le gnólacht i slabhra an tsoláthair bia, Eanáir 2016, lch. 8.
(6)    Breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais na hEorpa, C-343/07 , an 2 Iúil 2009, míreanna 50-51.
(7)    IO C, , lch. .
(8)    IO C, , lch. .
(9)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Feidhmiú níos fearr shlabhra an tsoláthair bia, COM(2009) 591.    
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Dul i ngleic le cleachtais éagóracha trádála i slabhra an tsoláthair bia gnólacht le gnólacht, COM(2014)472 final.

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cleachtais éagóracha trádála gnólacht le gnólacht i slabhra an tsoláthair bia, COM(2016)032 final.
(10)    Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Meitheamh 2016 maidir le cleachtais éagóracha trádála i slabhra an tsoláthair bia (2015/2065(INI)).
(11)     Conclúidí na Comhairle an 12 Nollaig 2016, Seasamh feirmeoirí i slabhra an tsoláthair bia a neartú agus dul i ngleic le cleachtais éagóracha trádála.
(12)    IO L 124, 20.5.2003, lch. 36.
(13)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(14)    Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).
(15)    Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena naisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).
(16)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 54(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(17)    Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid: https://myintracomm.ec.europa.eu/budgweb/EN/man/budgmanag/Pages/budgmanag.aspx  
(18)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte
(19)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(20)    Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh bheith ina niarrthóirí.
(21)    Is í an bhliain 2020 an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
(22)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte "BA") a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(23)    Is í an bhliain 2020 an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
(24)    Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).
(25)    Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. ‘Cuspóir sonrach/Cuspóirí sonracha..’ Tá an suíomh gréasáin tiomanta do mhalartú faisnéise idir údaráis na mBallstát agus seirbhísí an Choimisiúin agus, mar sin de, cuireann sé le feabhsú sheasamh na bhfeirmeoirí i slabhra an tsoláthair bia ar fud an Aontais, lena niomaíochas a fheabhsú, lena nioncam a mhéadú agus le cobhsaíocht margaidh a choinneáil ar bun.
(26)    Is í an bhliain 2020 an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
(27)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte "BA") a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(28)    CA = Ball foirne ar conradh; LA= Ball foirne áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JED = Saineolaí sóisearach i dtoscaireacht.
(29)    Fo-uasteorainn d'fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").
Top