Accept Refuse

EUR-Lex Access to European Union law

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52016PC0493

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na stoic ghrinnill sa Mhuir Thuaidh agus don iascach a shaothraíonn na stoic sin, lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 676/2007 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1342/2008 ón gComhairle

COM/2016/0493 final - 2016/0238 (COD)

An Bhruiséil,3.8.2016

COM(2016) 493 final

2016/0238(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na stoic ghrinnill sa Mhuir Thuaidh agus don iascach a shaothraíonn na stoic sin, lena n
x001e
aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 676/2007 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1342/2008 ón gComhairle

{SWD(2016) 267 final}
{SWD(2016) 272 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Tá na hiascaigh sa Mhuir Thuaidh agus sa limistéar máguaird anchasta, áit a bhfuil baint ag soithí as seacht gcinn de Bhallstáit chósta leo, chomh maith leis an Iorua, agus éagsúlacht leathan de threalaimh dhifriúla iascaireachta in úsáid acu chun díriú ar réimse leathan de speicis dhifriúla éisc agus de speicis dhifriúla sliogéisc. Na stoic ghrinnill is tábhachtaí (i.e. iad sin a mhaireann ar ghrinneall na farraige nó gar dó), gabhtar cuid mhór díobh in iascaigh mheasctha, ábhar atá ríthábhachtach. Go praiticiúil mar sin, gach uair a thugann soitheach a threalamh iascaireachta ar bord, beidh meascán de speicis dhifriúla ina ghabháil dá bharr. Beidh éagsúlacht ar chomhdhéanamh an mheascáin sin ag brath ar an gcineál trealaimh a úsáidtear, agus ar cén uair a úsáidtear é agus cén áit a núsáidtear é.

Maidir leis na soithí a ghabhann stoic éisc atá faoi réir gabhálacha iomlána is incheadaithe (TACanna), fágann sé gur cheart dóibh stad de bheith ag iascaireacht a luaithe a gcuóta den stoc sin ídithe. Sular glacadh Rialachán 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaireachta (CBI) 1 (Bunrialachán), ní raibh ar shoithí stad de bheith ag iascaireacht a luaithe a gcuóta féin de cheann amháin de na speicis sin ídithe. Ina ionad sin, bhí siad in ann leanúint den iascaireacht ar spriocspeicis eile agus, dá thoradh sin, lean siad de bheith ag gabháil na speiceas sin a raibh a gcuótaí ídithe cheana féin acu, fiú amháin mura raibh siad in ann na gabhálacha sin a thabhairt i dtír go dleathach. Na gabhálacha sin a chuaigh thar an gcuóta, b'éigean iad a aischur.

A luaithe an Bunrialachán i bhfeidhm go hiomlán lena dtugtar isteach an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír, éireoidh sé mídhleathach aon ghabhálacha thar an gcuóta a aischur. Dá réir sin, b'fhéidir go mbeadh ar shoithí stad de bheith ag iascaireacht go luath sa bhliain a luaithe a gcuóta ídithe don stoc is mó a chuireann teorainn ar a ghabháil. Sa chás sin, an stoc is mó a bhfuil teorainn ar a ghabháil, d'éireodh sé ina 'thachtspeiceas' mar, a luaithe cuóta an stoic sin ídithe, chuirfeadh sé bac ar na deiseanna leanúint den iascaireacht ar stoic eile. Dá thairbhe sin, ba mhaith an rud a chur san áireamh go ngabhtar roinnt stoc le chéile in iascaigh mheasctha agus TACanna á leagan síos maidir leis na stoic sin. Ba cheart buntáistí a bheith ag baint le cur chuige den sórt sin le haghaidh caomhnú stoc agus le haghaidh saothrú na stoc sin araon. Is é an cur chuige sin atá glactha ag an togra seo.

Is é is aidhm leis an mBunrialachán na fadhbanna a bhaineann le róiascaireacht agus le haischur iasc a réiteach ar bhonn níos éifeachtaí ná mar a rinneadh sa reachtaíocht roimhe. Mar sin féin, in éagmais reachtaíochta breise, d'fhéadfadh sé tarlú nach núsáidfí an cuóta ar fad sna hiascaigh mheasctha sa Mhuir Thuaidh agus ní cheadófaí aon díolúine ón oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír, a bheidh le glacadh tar éis do na pleananna trí bliana maidir le hábhar muirí a aischur dul in éag. Dá bhrí sin, mura ndéantar aon bhearta iomchuí ina leith, b'fhéidir go mbeadh iarmhairtí eacnamaíocha agus sóisialta ag an mBunrialachán a bheadh diúltach do thionscal na hiascaireachta sna blianta atá romhainn.

Ag féachaint d'idirghníomhaíochtaí sna hiascaigh mheasctha in iascaigh ghrinnill sa Mhuir Thuaidh, ba mhaith an rud deiseanna iascaireachta a bheith bunaithe ar shamhail an iascaigh mheasctha, agus i bhfianaise an dul chun cinn eolaíoch a rinneadh le déanaí, tá an cur chuige sin ar fáil anois. Bheadh cur chuige den sórt sin ag teacht freisin leis an gcur chuige éiceachórais i leith bainistíochta iascaigh. Ba é an chéad chéim i dtreo bainistíocht oiriúnaitheach den chineál sin na stoic ábhartha go léir a thabhairt le chéile faoi aon phlean bainistíochta amháin. D'áireofaí faoin bplean sin spriocrátaí básmhaireachta iascaireachta arna sloinneadh i raonta do na stoic sin, más infheidhme, a bheadh mar bhonn le socrú na TACanna bliantúla do na stoic sin. Leis sin, bheadh solúbthacht áirithe ann ó thaobh TACanna a leagan síos, rud a d'fhéadfadh cuidiú chun deacrachtaí a shárú, deacrachtaí a éiríonn aníos i gcomhthéacs na niascach measctha. Ina theannta sin, dhéanfadh an plean bearta coimirce a ionchorprú le go mbeidh creat ann chun ligean do stoic téarnamh aon tráth a thiteann siad faoi bhun teorainneacha bitheolaíocha slána.

Is é cuspóir an togra creat a bhunú le haghaidh stoic ghrinnill agus a gcuid iascach sa Mhuir Thuaidh. Déanfaidh an plean saothrú inbhuanaithe na stoc sin a áirithiú, trína áirithiú go ndéanfar iad a shaothrú de réir phrionsabail na huastáirgeachta inbhuanaithe agus de réir an chur chuige éiceachórais maidir le hiascaigh a bhainistiú. Áiritheoidh an plean an tseasmhacht ó thaobh deiseanna iascaireachta de, mar aon lena áirithiú go mbeidh an bainistiú bunaithe ar an bhfaisnéis eolaíoch is deireanaí maidir le stoic, iascaigh mheasctha agus gnéithe eile den éiceachóras agus den chomhshaol. Déanfaidh an plean tabhairt isteach na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a éascú.

Ní tionscnamh é an togra atá faoi chuimsiú an Chláir um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT). Mar sin féin, chuideodh sé chun an reachtaíocht is infheidhme de chuid an Aontais a shimpliú. Tá sé beartaithe an dá phlean ilbhliantúla atá ann faoi láthair agus atá bunaithe ar speiceas aonair, arna nglacadh ag rialacháin ar leith 2 , 3 ionadú trí bhíthin gach plean ilbhliantúil le haghaidh na stoc grinneall a thabhairt le chéile in aon rialachán amháin. Le tabhairt isteach an chur chuige nua seo, beifear in ann na cuspóirí maidir le caomhnú a bhaint amach agus, ag an am céanna, chuideodh sé chun deireadh a chur le teorainneacha ar an iarracht iascaireachta, rud a d'fhágfadh nach mbeadh aon ghá le roinnt mhaith de na hoibligeáidí maidir le tuairisciú agus rialáil. Dá thoradh sin, bheadh laghdú mór ar an ualach riaracháin.

Beidh feidhm ag an bplean maidir le soithí iascaireachta uile an Aontais sa Mhuir Thuaidh beag beann ar an bhfad foriomlán atá iontu, mar tá sin i gcomhréir le rialacha CBI agus le héifeacht na soithí ar na stoic éisc lena mbaineann.

Le feidhm ón 1 Eanáir 2014 amach, tá rialacha an Chomhbheartais Iascaireachta leagtha amach sa Bhunrialachán, lena náirítear na forálacha maidir le pleananna ilbhliantúla, lena mbunaítear an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír maidir leis na stoic atá faoi réir TAC agus an réigiúnaithe, mar a thugtar air. Seo a leanas na forálacha sin sa phlean:

I gcomhréir le prionsabail agus le cuspóirí na bpleananna ilbhliantúla atá leagtha amach in Airteagal 9 den Bhunrialachán, is plean le haghaidh iascaigh mheasca atá sa phlean sin, agus é bunaithe go príomha ar chuspóir na huastáirgeachta inbhuanaithe;

Tá inneachar na bpleananna ilbhliantúla liostaithe in Airteagal 10 den Bhunrialachán. Dá réir sin, na spriocanna inchainníochtaithe, más infheidhme, a fhreagraíonn don uastáirgeacht inbhuanaithe, sloinntear mar raonluachanna iad ar chomhairle ón gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (CITM). Fágann na raonta sin gur féidir córas bainistíochta atá bunaithe ar uastáirgeacht inbhuanaithe a chur i bhfeidhm ar na stoic sin, agus dealraíonn sé go bhféadfaí oiriúnuithe a dhéanamh dá nathródh an chomhairle eolaíoch, agus go bhféadfaí ardleibhéal intuarthachta a choinneáil ag an am céanna. Mar thacaíocht leis na spriocanna sin tá forálacha coimirce ann atá nasctha le spreagphointe tagartha caomhnaithe. I dtaca leis na stoic éisc sin a bhfuil siad ar fáil dóibh, sloinntear na pointí tagartha sin mar bhithmhais sceite, a fhaightear ó CITM, tríd an tagarmharcáil de ghnáth. Mar a gcéanna, i dtaca le haonaid fheidhmiúla áirithe de ghliomaigh ón Iorua, sloinntear pointí tagartha dá sórt i dtéarmaí flúirse, más infheidhme. In éagmais comhairle maidir leis an leibhéal bithmhaise sceite nó an leibhéal flúirse, ba cheart gníomhú má thugann comhairle eolaíoch le fios go bhfuil stoc i mbaol. Ní mór a thabhairt faoi deara, cé gur ceapadh an plean le freastal ar ghnéithe ar leith a bhaineann leis na stoic ghrinnill agus a niascaigh sa Mhuir Thuaidh, is é Airteagal 10 den Bhunrialachán bunús leis agus mar sin is mar a gcéanna a bheidh struchtúr agus eilimintí áirithe de na pleananna ilbhliantúla a bheidh ann amach anseo. Dá réir sin, leanadh den chur chuige céanna chun cuspóirí, spriocanna agus coimircí an phlean a chinneadh agus chun an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a chur chun feidhme mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 2016/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an xxx lena mbunaítear plean ilbhliantúil maidir leis na stoic trosc, scadán agus salán i Muir Bhailt agus maidir leis na hiascaigh ina saothraítear na stoic sin, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007 ón gComhairle 4 ;

De bhun Airteagal 15 den Bhunrialachán, beidh feidhm ag an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír sa Mhuir Thuaidh maidir le hiascaigh ghrinnill áirithe agus speicis ar bunús an iascaigh iad ó 2016 amach, agus maidir le gach speiceas eile faoi réir teorainneacha gabhála ón 1 Eanáir 2019 amach. I gcomhréir le hAirteagal 16(7) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, tá sé de cheangal ar na Ballstáit TACanna a leithdháileadh ar shoithí a bhfuil a mbratach ar foluain acu, ag cur san áireamh chomhdhéanamh dóchúil na gabhála agus na hoibleagáide na gabhálacha ar fad a thabhairt i dtír. Chun an méid sin a bhaint amach, féadfaidh na Ballstáit bearta náisiúnta a ghlacadh, amhail cuid de na taiscí den TAC náisiúnta atá ar fáil a choinneáil siar nó cuótaí a mhalartú le Ballstáit eile;

I gcomhréir le hAirteagal 18 den Bhunrialachán, féadfaidh na Ballstáit a bhfuil leas díreach bainistíochta acu moltaí comhpháirteacha a chur isteach le haghaidh beart áirithe, i measc rudaí eile, atá le glacadh i gcás inar tugadh an chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme nó tarmligthe a ghlacadh chun cuspóirí plean ilbhliantúil a bhaint amach. Chuige sin, bunaítear leis an bplean comhar réigiúnach i measc na mBallstát maidir le forálacha a ghlacadh le haghaidh na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír agus bearta caomhnúcháin sonracha le haghaidh stoic áirithe.

I gcomhréir le comhairle eolaíoch ón gCoiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach 5 6 (CETEI), níl teorainneacha bliantúla leis an iarracht iascaireachta (an líon laethanta ar muir) san áireamh sa phlean.

Ní chumhdaítear doingean mara sa phlean seo, stoc atá le fáil sa Mhuir Thuaidh, ós rud é go saothraítear an stoc sin taobh amuigh den Mhuir Thuaidh den chuid is mó. Mar sin féin, aithníonn an Coimisiún gur gá plean bainistíochta a bheith ann a chuireann doingean mara san áireamh. Is gá feidhm a bheith aige maidir leis na hiascaigh ina saothraítear an stoc sin i limistéir IVb agus c, VIIa, agus VIId–h de chuid CITM. Bheadh feidhm aige freisin i leith iascaigh áineasa doingean mara.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá ann cheana sa réimse beartais

Leagtar amach creat ginearálta an Chomhbheartais Iascaigh agus sainítear na cásanna ina nglacfaidh an Chomhairle agus Parlaimint n hEorpa pleananna ilbhliantúla i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Parlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus i gCinneadh 204/585/CE ón gComhairle1.

Leagtar amach na rialacha maidir le saothrú inbhuanaithe na stoc trosc sa Mhuir Thuaidh agus sna huiscí máguaird i Rialachán (CE) Uimh. 1342/2008 ón gComhairle an 18 Nollaig 2008 lena mbunaítear plean fadtéarmach do stoic trosc agus do na hiascaigh ina saothraítear na stoic sin, agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 423/20042.

Leagtar amach na rialacha maidir le saothrú inbhuanaithe na stoc leathóg agus sól sa Mhuir Thuaidh i Rialachán (CE) Uimh. 676/2007 ón gComhairle an 11 Meitheamh 2007 lena mbunaítear plean ilbhliantúil le haghaidh iascach ina saothraítear stoic leathóg agus sól sa Mhuir Thuaidh3.

Leagtar amach bearta teicniúla caomhnúcháin i Rialachán (EC) Uimh. 580/98 ón gComhairle an 30 Márta 1998 maidir le acmhainní iascaigh a chaomhnú trí bhearta teicniúla chun ógorgánaigh mhuirí a chosaint 7 , i.e. na rialacha maidir le comhdhéanamh gabhála, íosmhéid na mogall, íosmhéid na niasc is féidir a thabhairt i dtír, limistéir choiscthe agus séasúir choiscthe i gcás iascaigh áirithe. Bunaítear sa Rialachán sin freisin srian ar shruthlíonta. Tá athbhreithniú á dhéanamh air faoi láthair agus cuirfear Rialachán nua ina ionad má ghlactar Togra an Choimisiúin le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa ón gComhairle maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006, (CE) Uimh. 1098/2007 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) Uimh. 1343/2011 agus (AE) Uimh. 1380/2013 ón gComhairle agus ó Pharlaimint na hEorpa agus lena naisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle 8 . 

Sna Rialacháin bhliantúla ón gComhairle lena gcinntear na deiseanna iascaireachta agus na coinníollacha gaolmhara is infheidhme sa Mhuir Thuaidh le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí de stoc éisc áirithe, leagtar amach leibhéil na TACanna i gcás na stoc lena mbaineann (is é Rialachán (AE) Uimh. 2016/72 ón gComhairle an 22 Eanáir 2016 an Rialachán is deireanaí agus is é atá ceangailteach faoi láthair. Leis an Rialachán sin, cinntear na deiseanna iascaireachta ar stoic éisc áirithe agus ar ghrúpaí de stoc éisc is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta an Aontais, in uiscí áirithe taobh amuigh den Aontas, agus leasaítear Rialachán (AE) 2015/104 9 leis).

Leagtar amach na ceanglais rialaithe ghinearálta le haghaidh iascaigh mar aon le ceanglais rialaithe shonracha le haghaidh pleananna ilbhliantúla i Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail d'fhonn comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena naisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 10 (dá ngairtear Rialachán 1224/2009 ón gComhairle anseo feasta). 

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an togra agus a chuspóirí i gcomhréir le beartais an Aontais, go háirithe na beartais chomhshaoil, shóisialta, mhargaidh agus trádála.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Prionsabal na coimhdeachta

Baineann forálacha an togra le hacmhainní bitheolaíocha mara a chaomhnú, bearta a thagann faoi inniúlacht eisiach an Aontais. Dá bhrí sin, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta.

Prionsabal na comhréireachta

Comhlíonann na bearta arna mbeartú prionsabal na comhréireachta toisc go bhfuil siad iomchuí, riachtanach agus toisc nach bhfuil aon bhearta eile nach bhfuil chomh sriantach sin le fáil chun na cuspóirí inmhianaithe beartais a bhaint amach.

An rogha ionstraime

An ionstraim atá beartaithe: Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Rinneadh comhairliúchán ar leibhéil éagsúla, lena náirítear páirtithe leasmhara, eolaithe, pobal (lena náirítear riaracháin phoiblí) agus seirbhísí an Choimisiúin. Rinneadh sin tar éis próiseas meastóireachta iomlán, próiseas a bunaíodh ionas go mbeadh na cúraimí agus na ceisteanna nach mór aghaidh a thabhairt orthu sonraithe ag an Ard-Stiúrthóireacht um Ghnóthaí Muirí agus Iascach, ach is ó eolaithe agus ó shaineolaithe eile, agus ó pháirtithe leasmhara a raibh baint acu leis an bpróiseas ar fad, a fuarthas an teolas is ríthábhachtaí.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Chuathas i gcomhairle le páirtithe leasmhara ar bhealach dírithe le linn an ullmhúcháin agus trí chomhairliúchán a dhéanamh leis an gComhairle Chomhairleach don Mhuir Thuaidh 11 (CCMT). Eagraíochtaí leasmhara is ea Comhairlí Comhairleacha 12 (CCanna), a bunaíodh mar chuid den athchóiriú ar CBI in 2002, lena dtugtar le chéile lucht tionscail (iascaireacht, próiseáil agus earnálacha margaíochta) agus grúpaí sainleasa eile, amhail eagraíochtaí comhshaoil agus eagraíochtaí tomhaltóirí. Imchuacha Farraige a scarann na CCanna óna gcéile. Déantar foráil in Iarscríbhinn III den Bhunrialachán do CC do limistéar na Mara Thuaidh – Comhairle Chomhairleach don Mhuir Thuaidh - agus línítear ann an limistéar beacht a chumhdaítear de réir Fo-limistéar IV agus Muircheantar IIIa de chuid CITM 13 .

Rinne DG MARE dhá cheardlann ullmhúcháin a eagrú. Rinneadh an chéad cheann sa Bhruiséil an 27 Feabhra 2014 14 . Ar na rannpháirtithe bhí saineolaithe eolaíocha ar tugadh cuireadh dóibh agus ionadaithe ó Bhallstáit na Mara Thuaidh agus CC na Mara Thuaidh agus CC na niasc peiligeach. Thionscain an cheardlann sin comhphlé faoi phlean ilbhliantúil le haghaidh iascach measctha a fhorbairt agus a chur chun feidhme le haghaidh na Mara Thuaidh.

Bhí an dara ceardlann ullmhúcháin ann ina dhiaidh sin sa Bhruiséil ón 29 go dtí an 30 Meán Fómhair 2014 15 . Ar na rannpháirtithe bhí saineolaithe eolaíocha a tugadh cuireadh dóibh, ionadaithe ó Bhallstáit na Mara Thuaidh agus ó CC na Mara Thuaidh. Ba iad na príomhchuspóirí a bhain léi teacht ar chomhthuiscint maidir leis an gcreat nua dlí agus polaitiúil le haghaidh pleananna ilbhliantúla, dréachtachoimre a phlé maidir leis an gcuma a d'fhéadfadh bheith ar an léarscáil amach anseo sa Mhuir Thuaidh agus, trí ghrúpaí beaga oibre, smaointeoireacht chomhpháirteach a chur chun cinn maidir le "bunchlocha" an phlean a bheidh ann.

Ina theannta sin, bhí comhphlé ann le CCMT, trína Ghrúpa Fócais le haghaidh Iascaigh Mheasctha, ag cruinnithe i nDeireadh Fómhair 2015 in Amstardam agus i Márta 2015 i gCóbanhávan11.

Rinneadh comhairliúchán poiblí fadréimseach ar an idirlíon idir an 9 Feabhra agus an 4 Bealtaine 2015 16 . Fuarthas 25 fhreagra mhionsonraithe ó na Ballstáit, na CCanna, eagraíochtaí ionadaíocha de chuid an tionscail, Eagraíochtaí Neamhrialtasacha agus ón bpobal. Seo a leanas na príomhchonchlúidí:

Tá na pleananna bainistíochta atá ann faoi láthair róshaintreorach agus róchasta. Is gá reachtaíocht atá bunaithe ar chuspóirí straitéiseacha agus ar phrionsabail ghinearálta a chur ina nionad;

Ba cheart idirghníomhaíochtaí in iascaigh mheasctha a chur san áireamh in aon phlean nua bainistíochta;

Is mór an dúshlán an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír, ní amháin don tionscal iascaireachta ach do na Ballstáit ó thaobh shannadh na gcuótaí do na cabhlaigh de;

Ba cheart rialacha a bhainistiú ar leibhéal réigiúnach, ach ní mór dóibh a bheith comhleanúnach le pleananna bainistíochta le haghaidh limistéir comharsanachta;

Chomhaontaigh cuid mhór de na freagróirí gurb iad trosc, cadóg, faoitín, sól, leathóg agus Nephrops na príomh-spriocspeicis. Is iomaí dearcadh atá ann maidir le spriocspeicis bhreise a chur san áireamh agus maidir leis an leibhéal cosanta le haghaidh speicis eile. Ar an iomlán, is fearr leis na Ballstáit agus leis an tionscal iascaireachta díriú ar na príomh-spriocspeicis, ach os a choinne sin, is cuspóirí ar leith atá ag teastáil ó na heagraíochtaí neamhrialtasacha le haghaidh gach ceann de na speicis a shaothraítear sa Mhuir Thuaidh;

Ba cheart bearta teicniúla a thugtar isteach ar bhonn an phlean bainistíochta a chomhaontú ar leibhéal réigiúnach.

Bailiú agus úsáid saineolais 

Is iad eolaithe a bhí ag obair faoi choimirce an Choiste Eolaíoch, Theicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach 17 (CETEI) agus faoi choimirce CITM 18 , chomh maith leis an nGrúpa um Measúnú ar Acmhainní Mara (GMAM) a rinne tromlach na hoibre agus an chomhairliúcháin is gá chun an reachtaíocht atá ann faoi láthair a chumhdach, agus sin faoi chreatchonradh leis an gCoimisiún.

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar reachtaíocht atá ann cheana

Bhí roinnt meastóireachtaí ar an bplean bainistíochta reatha déanta ag CETEI, CITM agus GMAM, plean atá ann faoi láthair maidir le stoic trosc2 (dá ngairtear "an plean do throisc" anseo feasta) agus ar an bplean bainistíochta le haghaidh sóil agus leathóige sa Mhuir Thuaidh3 (dá ngairtear "an plean d'éisc leathógacha" anseo feasta) sula ndearnadh an comhbheartas iascaigh a athchóiriú. I gcás an phlean d'éisc leathógacha, rinne an Grúpa um Measúnú ar Acmhainní Mara 19 measúnú tionchair ar na roghanna idir an chéad "chéim aisghabhála" agus an dara "céim bhainistíochta" den phlean in 2009, mar go bhfuil foráil déanta d'athbhreithniú den sórt sin sa phlean é féin a luaithe a bhreathnaítear an dá stoc sin a bheith laistigh de theorainneacha slána bitheolaíochta ar feadh dhá bhliain as a chéile. Rinne grúpa saineolaithe ó CETEI meastóireacht ar an bplean d'éisc leathógacha freisin, grúpa a tháinig le chéile in Vigo i nDeireadh Fómhair 2010 20 .

Bhí dhá chruinniú ann in 2011 chun athbhreithniú siarghabhálach a dhéanamh ar roinnt pleananna bainistíochta, lena náirítear an plean do throisc2: grúpa saineolaithe ó CETEI agus ó CITM le chéile a bhí ag an gcéad chruinniú i gCóbanhávan i bhFeabhra agus i Márta 2011 21 agus ag an dara cruinniú in Hamburg i Meitheamh 20115. Bhí an dá chruinniú oscailte do rannpháirtithe ó CCMT agus do riaracháin ó na Ballstáit. Ar na conclúidí a baineadh as na hanailísí sin, bhí an chonclúid go rachadh sé chun tairbhe don phlean do throisc2 dá ndéanfaí é a nascadh le pleananna do Nephrops agus do chadóg, d'fhaoitín, do ghlasán, do shól agus do leathóg sa Mhuir Thuaidh agus nár éirigh leis básmhaireacht iascaireachta a rialú mar a bhí beartaithe acu roimhe sin.

Ní dhearna Seirbhísí an Choimisiúin gníomhaíocht ar bith chun ceachtar den dá phlean a athbhreithniú ag an am sin de dheasca díospóid idirinstitiúideach maidir le hinniúlachtaí na bainistíochta. A luaithe agus a chuir Tascfhórsa IdirInstitiúideach le haghaidh díospóidí a réiteach a chuid conclúidí i láthair 22 , agus tar éis an comhbheartas nua iascaigh a ghlacadh, bhíothas in ann an comhthéacs nua polaitíochta a chur san áireamh san obair ar na meastóireachtaí.

In 2014, tháinig grúpa saineolaithe ó CETEI le chéile in Varese, san Iodáil, ón 10 go dtí an 14 Márta, chun meastóireacht shiarghabhálach a ullmhú maidir leis an bplean d'éisc leathógacha7. Rinne CETEI athbhreithniú ar an mheastóireacht ag a gcruinniú iomlánach sa Bhruiséil níos faide anonn i Márta 2014. 23

Meastar i measc na mBallstát, an tionscail iascaireachta, eolaithe 24 , 25 , 26 , 27 , 28 , 29 , 30 , 31 , 32 , 33 , 34  agus eagraíochtaí comhshaoil go bhfuil na pleananna míéifeachtach, róshaintreorach, go bhfuil ualach oibre ag gabháil leo nach bhfuil aon ghá leis agus go ndéanann siad díobháil eacnamaíoch do thionscal iascaireachta an Aontais Eorpaigh. Go háirithe, bhí an córas maidir le "laethanta ar muir" ag croílár na cáinte. Sa mheastóireacht a rinne sé ar an bplean do throisc2, thug CETEI conclúid uaidh nár éirigh leis an bplean básmhaireacht iascaireachta a rialú mar a bhí beartaithe agus nár léir dóibh na tionchair eacnamaíocha a bheadh ag an bplean bainistíochta sa ghearrthéarma. I dtaca leis an bplean d'éisc leathógacha, thug CETEI conclúid uaidh gur beag an dóchúlacht go dtiocfadh téarnamh sól agus leathóg as teorainneacha a chur ar laethanta ar muir25.

Rinneadh géarcháineadh ar an bplean do throisc2 freisin de dheasca foráil a bheith déanta ann maidir le srianta breise, fiú amháin i gcás inar thosaigh na stoic éisc ag téarnamh sa Mhuir Thuaidh le blianta beaga anuas. Is é an éifeacht a bhí leis, ní amháin gur chuir sé teorainn ar iascaireacht trosc sa Mhuir Thuaidh, iascaireacht ar fiú isteach is amach le 5 % de luach iomlán na niasc a thugtar i dtír, ach chuir sé cosc ar shoithí iascaireachta an calafort a fhágáil fiú má bhaineann 95 % de na cuótaí iascaireachta atá ina seilbh acu le héisc eile. Cáineadh an cur chuige sin mar chleachtas thar a bheith éagothrom agus díréireach ar fud na hearnála iascaireachta.

Cháin roinnt páirtithe leasmhara an córas maidir le laethanta ar muir freisin de dheasca éifeachtaí saobha a bheith aige a dhéanann díobháil don chomhshaol in ionad stoic éisc a chaomhnú, mar shampla, na soithí nach bhfuil ach buiséad teoranta de laethanta iascaireachta acu, ní mór dóibh dul ag iascaireacht gar don chladach, áit a mbíonn dlús mór d'éisc óga. Ar an mbonn céanna, d'áitigh tionscal iascaireachta na Mara Thuaidh sa Chomhairliúchán Poiblí faoin tionscnamh seo, go dtéann sé crua orthu limistéar iascaireachta a chuardach nach bhfuil an trosc chomh flúirseach céanna ann má chuirtear srianta géara ar an am is féidir leo a chaitheamh ar muir, agus mar sin cuireann na srianta leis an bhfadhb gabhálacha trosc a ghabhtar de thaisme sna hiascaigh mheasctha. Ina theannta sin, tá ualach mór riaracháin don Choimisiún agus d'údaráis na mBallstát cruthaithe ag an gcóras maidir le laethanta ar muir.

Measúnú tionchair

Rinneadh an measúnú tionchair le haghaidh plean ilbhliantúil don Mhuir Thuaidh i gcomhthéacs an chomhbheartais iascaigh nua agus athdhréachtú na rialachán maidir le Bearta Teicniúla. San áireamh sa chomhbheartas iascaigh nua tá, inter alia, oibleagáid nua gabhálacha a thabhairt i dtír, amlíne chun uastáirgeacht inbhuanaithe a bhaint amach agus Réigiúnú. Ina fhianaise sin, tá cúlra maidir leis na saincheisteanna sin curtha ar fáil i roinnt tuarascálacha, staidéar agus conarthaí. Áirítear orthu sin:

an tathchóiriú ar CBI;24

tabhairt isteach na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír - na tionchair a bhain leis;25,26

gnéithe soch-eacnamaíocha CBI;27,28

rialachán nua maidir le bearta teicniúla a fhorbairt;29

saincheisteanna faoi iascaigh mheasctha san Aontas Eorpach30, lena náirítear dul i ngleic le éifeachtaí tachta;31

ceisteanna maidir le limistéir bhainistíochta le haghaidh na bpleananna ilbhliantúla nua;32 

ceisteanna maidir le bainistiú trí uastáirgeacht inbhuanaithe a úsáid.33

Rinneadh dhá rogha reachtacha a imscrúdú go mion: (Rogha 1 - bainistiú tríd an mBunrialachán a úsáid agus Rogha 2 - plean ilbhliantúil amháin le haghaidh iascach measctha a bhunú). Ina theannta sin, rinneadh fo-roghanna éagsúla le haghaidh Rogha 2 a mheas, a bhain leis an méid seo a leanas: (i) na limistéir a leagan amach, (ii) an rogha modha i dtaca le tabhairt isteach na hoibleagáide a éascú maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír, (iii) rogha na raonta FUTI, (iv) rogha na speiceas a chumhdaítear sa phlean, (v) an dáta faoina mbainfear amach an FUTI, agus (vi) an tréimhse ama chun stoic a thabhairt ar ais chuig leibhéil réamhchúraim. D'fhéadfadh rogha na tosaíochta a dhéanamh le haghaidh na gcéad cheithre athróg bunaithe ar anailís cháilíochtúil. Rinneadh imscrúdú ar an dá athróg dheireanacha trí anailís tionchair chainníochtúil agus cuireadh i gcomparáid le Rogha 1 iad.

Is é Rogha 2 rogha na tosaíochta (plean ilbhliantúil amháin le haghaidh iascach measctha), lena mbaintear FUTI amach faoi 2020 ar a dhéanaí agus lena dtugtar stoic ar ais chuig leibhéil réamhchúraim go tapa. A luaithe FUTI bainte amach i dtaca le stoc áirithe, níor cheart saothrú FUTI a shárú maidir leis an stoc sin. Is éifeachtaí i bhfad rogha na tosaíochta (plean ilbhliantúil amháin le haghaidh iascaigh ghrinnill sa Mhuir Thuaidh) ná Rogha 1 (an Bunrialachán) ó thaobh aon cheann de chuspóirí an tionscnaimh seo a bhaint amach. Tá dea-thionchar ar an gcomhshaol ag baint le Rogha 2 i gcomparáid le Rogha 1. Ar an meán, tá dea-thionchar geilleagrach agus sóisialta ag baint léi freisin i gcomparáid le Rogha 1. Déantar na héifeachtaí dearfacha a fheabhsú tuilleadh tríd na fo-roghanna tosaíochta "FUTI a bhaint amach faoi 2020 ar a dhéanaí" agus "tréimhse téarnaimh thapa". Ó thaobh an gheilleagair de, ar an meán, beidh sé níos brabúsaí, a bhuí sin ar an iomlán le laghdú ar chostais athraitheacha agus a bhuí le hacmhainní iascaireachta a bheith ar fáil. Go sóisialta, is lú a bheidh an tualach riaracháin ar Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide (FBManna) agus caomhnófar poist. Ó thaobh an chomhshaoil de, laghdaíonn "tréimhse téarnaimh thapa" an baol a bhaineann le cliseadh stoic agus cuireann sé leis an meánbhithmhais.

Ina theannta sin, má fhaightear réidh leis an gcóras maidir le laethanta ar muir, córas nach bhfuil ráchairt air, agus leis an gceanglas maidir le hiascaireacht i limistéar amháin, is simplí a bheidh an creat dlíthiúil, agus is lú a bheidh an tualach riaracháin ar na Ballstáit agus ar lucht tionscail.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Cé nach bhfuil an plean seo nasctha leis an gClár um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT), laghdaíonn sé ualaigh rialála mar go ndéanann sé dhá rialachán a aisghairm chun iad a chumaisc sa phlean seo.

Leagtar amach na rialacha maidir le saothrú inbhuanaithe na stoc trosc sa Mhuir Thuaidh agus sna huiscí máguaird i Rialachán (CE) Uimh. 1342/2008 ón gComhairle an 18 Nollaig 2008 lena mbunaítear plean fadtéarmach do stoic trosc agus do na hiascaigh ina saothraítear na stoic sin, agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 423/20042.

Leagtar amach na rialacha maidir le saothrú inbhuanaithe na stoc leathóg agus sól sa Mhuir Thuaidh i Rialachán (CE) Uimh. 676/2007 ón gComhairle an 11 Meitheamh 2007 lena mbunaítear plean ilbhliantúil le haghaidh iascach ina saothraítear stoic leathóg agus sól sa Mhuir Thuaidh3.

Is FBManna nó micreaghnólachtaí iad tromlach mór na ngnólachtaí (98 %) in earnáil gabhála agus próiseála na niascach grinnill sa Mhuir Thuaidh. Sa chóras atá ann faoi láthair, déantar costas mór eacnamaíoch a bhrú ar ghnólachtaí agus go háirithe ar FBManna; is é rialáil róchasta is cúis leis na caillteanais sin agus seachnófar iad amach anseo (na leasanna díreacha a bhaineann le simpliú). A bhuí le saothrú inbhuanaithe, beidh tuilleadh brabúis á dhéanamh agus beidh feidhmíocht fheabhsaithe eacnamaíoch ann dá bharr. Beidh tuilleadh saoirse ag iascairí a chinneadh cén áit ar féidir dul i mbun iascaireachta agus cén uair. Agus deireadh á chur leis an gcóras don iarracht iascaireachta, ní amháin go laghdaítear ualach riaracháin an tionscail, lena náirítear ceanglais throma tuairiscithe, ach an tualach ar riaracháin náisiúnta faireachán agus próiseáil a dhéanamh ar thuarascálacha den sórt sin.

Cearta bunúsacha

Neamhbhainteach

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon impleachtaí buiséadacha ann

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

I Rialachán 1224/2009 ón gComhairle10 déantar foráil do chreat reachtach um rialú, cigireacht agus forfheidhmiú chun a áirithiú go ndéantar rialacha maidir leis an gcomhbheartas iascaireachta a chomhlíonadh. I gcomhréir le hAirteagal 43 den Rialachán seo, ba cheart, sna pleananna ilbhliantúla, go ndéanfaí tairseacha a chinneadh agus gabhálacha de stoic atá faoi réir pleananna ilbhliantúla a thabhairt i dtír i gcalafoirt ainmnithe má tá siad os cionn na dtairseach sin. Ina theannta sin, tugtar isteach rialacha maidir le limistéar ar leith agus maidir le hiascaigh ar leith i dtaca leis na ceanglais réamhfhógra a thabhairt a leagtar síos in Airteagal 17 de Rialachán 1224/2009 ón gComhairle.

Déantar foráil sa phlean do mheastóireacht thréimhsiúil ar a thionchar ar na stoc lena mbaineann bunaithe ar chomhairle eolaíoch. Tá sé ríthábhachtach tréimhse iomchuí a shainaithint le haghaidh meastóireacht dá sórt: tréimhse inar féidir bearta réigiúnaithe a ghlacadh, a chur chun feidhme agus éifeachtaí ar na stoic agus ar an iascach a thaispeáint. Ba cheart modh oibre comhlachtaí eolaíochta a chur san áireamh, lena náirítear an tagarmharcáil rialta a dhéanann siad. Le gairid, níorbh fhéidir comhairle eolaíoch a sholáthar de dheasca easpa sonraí nó treochtaí a bhféadfaí meastóireacht a dhéanamh orthu, i gcás inar bhain sé le tréimhse meastóireachta trí bliana. Dá réir sin, ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar an bplean gach cúig bliana.

Ar an mbonn sin, ní mór a thabhairt faoi deara nach gcuireann meastóireacht thréimhsiúil ar thionchar an phlean cosc ar reachtóirí an plean a leasú, i gcás inar gá sin i ngeall ar fhorbairt nua eolaíoch, pholaitiúil nó shocheacnamaíoch.

Míniú mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

I gcomhréir le cuspóir foriomlán CBI maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus ag féachaint go sonrach d'Airteagal 9 agus d'Airteagal 10 den Bhunrialachán lena gceanglaítear pleananna ilbhliantúla a fhorbairt, is iad seo a leanas príomheilimintí an phlean:

Baineann raon feidhme an phlean le stoic ghrinnill agus leis na hiascaigh ina saothraítear na stoic sin sa Mhuir Thuaidh;

Cuspóirí agus spriocanna (leibhéil bhásmhaireachta iascaireachta a bhaint amach a bheidh ag teacht le prionsabal na huastáirgeachta inbhuanaithe). I gcomhréir le hAirteagal 10 den Bhunrialachán, ba cheart bheith in ann na spriocanna a chainníochtú. Sloinntear na spriocanna atá beartaithe mar spriocraonta básmhaireachta iascaireachta bunaithe ar FUTI, de réir comhairle CITM. Fágann na raonta FUTI sin gur féidir córas bainistíochta atá bunaithe ar uastáirgeacht inbhuanaithe a chur i bhfeidhm ar na stoic lena mbaineann, agus dealraíonn sé go bhféadfaí oiriúnuithe a dhéanamh dá nathródh an chomhairle eolaíoch, agus go bhféadfaí ardleibhéal intuarthachta a choinneáil ag an am céanna;

Is é CITM a chinneann pointí tagartha caomhnúcháin atá san áireamh sa phlean, a sloinntear i dtonaí bithmhaise sceite nó i leibhéal flúirse, agus de ghnáth is lena dtagarmharcáil a dhéantar sin. In éagmais comhairle maidir le leibhéal bithmhaise sceite nó pointí tagartha maidir leis an leibhéal flúirse, ba cheart gníomhú má thugann comhairle eolaíoch le fios go bhfuil stoc i mbaol.

Tá coimircí agus bearta sonracha caomhnúcháin nasctha leis na pointí tagartha caomhnúcháin. I gcás inar léir ón gcomhairle eolaíoch atá faighte go bhfuil aon cheann de na stoic lena mbaineann faoi bhun an phointe sin, ba cheart an TAC a laghdú i leith an stoic sin. Is féidir an beart sin a chomhlánú de réir mar is gá le bearta amhail bearta teicniúla, bearta an Choimisiúin nó bearta éigeandála Ballstáit.

Is gá forálacha a bheith ann maidir leis an oibleagáid atá le glacadh faoi réigiúnú le gur féidir díolúintí ón gceanglas gabhálacha a thabhairt i dtír a cheadú maidir le speicis ar léirigh fianaise eolaíoch fúthu go bhfuil ráta arda marthanais ann maidir leo, agus díolúintí "de minimis" a cheadú, i gcomhréir le forbairt na comhairle eolaíche.

Tá forálacha ann maidir le réamhfhógraí, logleabhair agus calafoirt ainmnithe. I dtaca leis na ceanglais maidir le réamhfhógraí agus logleabhair, is gá rialacha ginearálta Rialachán 1224/2009 a chur in oiriúint do shaintréithe na Mara Thuaidh agus a cuid iascach grinnill. Maidir le calafoirt ainmnithe, le Rialachán 1224/2009 ceanglaítear tairseacha a ghlacadh sna pleananna ilbhliantúla nach féidir gabhálacha de stoic ghrinnill a thabhairt i dtír ach amháin i gcalafoirt ina bhfuil rialú feabhsaithe má tá na gabhálacha os cionn na tairseacha sin.

Meastóireacht thréimhsiúil ar an bplean bunaithe ar chomhairle eolaíoch: ba cheart an plean a mheasúnú gach cúig bliana. Is féidir, de bhíthin na tréimhse ama sin, an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a chur i bhfeidhm go hiomlán ar an gcéad dul síos, agus bearta réigiúnacha a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm, agus a thionchar sin ar na stoic agus ar an iascach a léiriú. Is é sin freisin an íostréimhse is gá dar leis na comhlachtaí eolaíochta. Le gairid, níorbh fhéidir comhairle eolaíoch a sholáthar de dheasca easpa sonraí nó treochtaí a bhféadfaí meastóireacht a dhéanamh orthu, i gcás inar bhain sé le tréimhse meastóireachta trí bliana.

2016/0238 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na stoic ghrinnill sa Mhuir Thuaidh agus don iascach a shaothraíonn na stoic sin, lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 676/2007 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1342/2008 ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí Náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 35 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)I gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe an 10 Nollaig 1982 maidir le Dlí na Farraige, a bhfuil an tAontas ina pháirtí conarthach ann, déantar foráil maidir le hoibleagáidí caomhnaithe, lena náirítear an líon speiceas atá á saothrú a choinneáil ar leibhéil nó a thabhairt ar ais chuig leibhéil ar ar féidir an uastáirgeacht inbhuanaithe (UTI) a bhaint amach.

(2)Ag an gCruinniú Mullaigh Domhanda um Fhorbairt Inbhuanaithe i Nua-Eabhrac in 2015, gheall an tAontas agus a Bhallstáit go ngníomhóidís faoi 2020 chun saothrú an éisc a rialú go héifeachtach, agus cosc a chur leis an róiascaireacht, an iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe, neamhrialáilte, mar aon le cleachtais iascaireachta díobhálacha, agus pleananna bainistithe eolaíochtbhunaithe a chur chun feidhme chun stoic éisc a athbhunú, a luaithe is féidir, chuig na leibhéil sin lenar féidir UTI a tháirgeadh ar a laghad, arna gCinneadh ag a saintréithe bitheolaíocha.

(3)Bunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 36 rialacha an Chomhbheartais Iascaigh (CBI) i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais. Is ann don CBI chun cur le cosaint na muirthimpeallachta, le bainistiú inbhuanaithe na speiceas uile sin a ndéantar saothrú tráchtála orthu, agus go háirithe le dea-stádas comhshaoil a bhaint amach faoi 2020, mar a leagtar amach in Airteagal 1(1) de Threoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 37 .

(4)Is iad cuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh, inter alia, a áirithiú go ndéantar iascaireacht agus dobharshaothrú inbhuanaithe san fhadtéarma ó thaobh an chomhshaoil de, go mbeidh cur chuige réamhchúraim á chur i bhfeidhm i ndáil le bainistiú iascaigh agus cur chuige bunaithe ar an éiceachóras á chur chun feidhme i ndáil le bainistiú iascaigh.

(5)D'fhonn cuspóirí CBI a bhaint amach, glacfar roinnt beart caomhnúcháin agus iad iomchuí mar theaglaim ar bith de na bearta sin, mar atá pleananna ilbhliantúla, bearta teicniúla, chomh maith le deiseanna iascaireachta a shocrú agus a leithdháileadh.

(6)De bhun Airteagal 9 agus Airteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, is bunaithe ar chomhairle eolaíoch, theicniúil agus eacnamaíoch a bheidh gach plean ilbhliantúil, a mbeidh san áireamh ann cuspóirí, spriocanna inchainníochtaithe is gá a bhaint amach laistigh de thréimhse shoiléir, pointí tagartha caomhnaithe agus coimircí.

(7)Leagadh amach i Rialachán (CE) Uimh. 1342/2008 38 ón gComhairle agus i Rialachán (CE) Uimh. 676/2007 ón gComhairle 39 na rialacha le haghaidh shaothrú inbhuanaithe na stoc trosc, leathóg agus sól sa Mhuir Thuaidh agus sna huiscí máguaird. Is in iascaigh mheasctha a thógtar iad seo agus stoic ghrinnill eile. Dá bhrí sin, is iomchuí plean ilbhliantúil amháin a bhunú ina dtabharfar san áireamh idirghníomhaíochtaí teicniúla den chineál sin.

(8)Ina theannta sin, is ceart go mbeadh feidhm ag an bplean ilbhliantúil sin maidir le gach stoc grinnill agus don iascach a shaothraíonn na stoic sin sa Mhuir Thuaidh.

(9)Tá roinnt stoc grinnill ann a shaothraítear sa Mhuir Thuaidh agus sna huiscí máguaird araon (stoc éisc traslimistéir). Dá bhrí sin, is ceart raon na bhforálacha sin atá sa phlean i dtaca le spriocanna agus coimircí stoic a shaothraítear sa Mhuir Thuaidh den chuid is mó a leathadh amach d'fhonn na limistéir sin lasmuigh den Mhuir Thuaidh a chuimsiú ann. Ina theannta sin, i gcás stoic traslimistéir a shaothraítear lasmuigh den Mhuir Thuaidh, ní mór na spriocanna agus na coimircí a bhunú i bpleananna ilbhliantúla do na limistéir sin lasmuigh den Mhuir Thuaidh ina saothraítear iad, den chuid is mó, agus a raon a leathnú isteach sa Mhuir Thuaidh féin.

(10)Is é is ceart a bheith ina chuspóir ag an bplean seo cuidiú le cuspóirí an CBI a bhaint amach, agus go háirithe an uastáirgeacht inbhuanaithe (UTI) a bhaint amach agus a choinneáil ar bun do na stoic sin atá i gceist, cuidiú le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír i gcás stoic ghrinnill faoi réir teorainneacha gabhála, agus cuidiú le cur chuige atá bunaithe ar an éiceachóras i ndáil le bainistiú iascaigh a chur chun feidhme.

(11)Ceanglaítear faoi Airteagal 16(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 go socrófar deiseanna iascaireachta i gcomhréir leis na spriocanna a leagtar amach sna pleananna ilbhliantúla.

(12)Is iomchuí go mbunófaí an spriocráta básmhaireachta iascaireachta (F), a fhreagraíonn don chuspóir sin UTI a bhaint amach agus a choinneáil ar bun, mar raonta luachanna atá i gcomhréir le baint amach na huastáirgeachta inbhuanaithe (FUTI). Tá gá leis na raonta sin, ar luachanna iad atá bunaithe ar chomhairle eolaíoch, chun go mbeidh an tsolúbthacht ann le forbairtí ar an gcomhairle eolaíoch a chur san áireamh, chun cuidiú le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír, agus chun saintréithe an iascaigh mheasctha a chur san áireamh. Is í an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (CITM) a ríomh na raonta luachanna FUTI, agus déantar iad a dhíorthú ionas nach mbeidh ann laghdú nach mó ná 5 % ar an táirgeacht fhadtéarmach i gcomórtas leis an UTI 40 . Cuirtear uasteorainn leis an raon, ionas nach mó ná 5 % an dóchúlacht go dtitfidh an stoc faoi Bteorainn nó Flúirseteorainn. Cloíonn an uasteorainn sin freisin le riail chomhairle ó CITM 41 , ina leagtar síos: má tá drochbhail ar an mbithmhais sceite nó ar an bhflúirse, laghdófar F go luach nach mó ná uasteorainn is ionann agus luach phointe FUTI arna iolrú faoin mbithmhais stoic sceite i mbliain TAC arna roinnt ar UBI Bspreagphointe nó Flúirseteorainn. Úsáideann CITM na comaoineacha sin maille leis an riail chomhairle agus comhairle eolaíoch á tabhairt aici faoi bhásmhaireacht iascaigh agus roghanna gabhála.

(13)Chun críocha deiseanna iascaireachta a shocrú, ba cheart go mbeadh uastairseach ann do na raonta FUTI sa ghnáthúsáid agus, uasteorainn i gcásanna áirithe ach an stoc atá i gceist a bheith i gcaoi mhaith. Níor cheart go mbeifí in ann deiseanna iascaireachta a shocrú ach a fhad leis an uasteorainn, más rud é – ar bhonn comhairle nó fianaise eolaíoch – gur gá sin chun na cuspóirí a leagtar síos sa Rialachán seo i dtaca le hiascaigh mheasctha a bhaint amach, nó más gá sin chun díobháil a dhéanfadh dinimic stoic ionspeiceas nó idirspeiceas do stoc a sheachaint, nó chun na hathruithe sin a tharlódh do dheiseanna iascaireachta ó bhliain go bliain a theorannú.

(14)Nuair nach mbíonn fáil ar na spriocanna a bhaineann le UTI, is ceart an cur chuige réamhchúraim a chur i bhfeidhm.

(15)I gcás na stoc sin a mbíonn fáil ar na spriocanna a bhaineann leo, agus d'fhonn na bearta coimirce a chur i bhfeidhm, ní mór pointí tagartha caomhnúcháin a bhunú arna sloinneadh mar spreagleibhéil bhithmhaise sceite do na stoic éisc, agus mar spreagleibhéil flúirse don ghliomach Lochlannach.

(16)Maidir leis an ngliomach Lochlannach agus leis na haonaid fheidhmiúla sin a bhfuil fáil orthu ina leith, is iomchuí na spreagleibhéil flúirse seo a leanas a úsáid: an íosluach flúirse (Flúirsemaolánach)a fhreagraíonn do thagarphointe Bmaolánach – mar a shainmhínítear sa Phlean Bainistithe Fadtéarmach don Mhuir Thuaidh Nephrops leis an gComhairle Chomhairleach don Mhuir Thuaidh 42 – agus an uasflúirse (Flúirseteorainn) a fhreagraíonn do fhlúirse UTI Bspreagphointe (arb ionann é agus Bteorainn) mar a shainmhíníonn CITM sin7.

(17)Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le bearta coimirce ar fhaitíos go dtitfeadh méid an stoic faoi bhun na leibhéal seo. Ba cheart go náireofaí sna bearta cosanta laghdú ar dheiseanna iascaireachta agus bearta caomhnúcháin sonracha nuair is den riachtanas bearta ceartaitheacha, de réir comhairle eolaíoch. Is ceart na bearta sin a fhorlíonadh le gach beart eile, nuair is iomchuí, amhail bearta de chuid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 nó bearta de chuid na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh, 1380/2013.

(18)D'fhonn a áirithiú nach sáraítear na TACanna leithdháilte i gcás gach cineál stoic in iascaigh mheasctha, ní mór bearta breise áirithe a ghlacadh.

(19)I gcás an ghliomaigh Lochlannaigh, is iomchuí an TAC a shocrú i muircheantair CITM IIa agus IV de réir líon na dteorainneacha gabhála sin a bunaíodh i gcás gach aonaid fheidhmiúil agus de réir na ndronuilleog staidrimh atá lasmuigh d'aonaid fheidhmiúla an limistéir TAC sin. Ach ní choisctear leis sin bearta a ghlacadh chun aonaid fheidhmiúla áirithe a chosaint.

(20)Chun an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír arna bunú le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a chomhlíonadh, ba cheart foráil a dhéanamh sa phlean maidir le bearta bainistithe breise.

(21)An spriocdháta maidir le moltaí comhpháirteacha a thíolacadh ó na Ballstáit a mbaineann leas díreach bainistíochta leo, ba cheart é a leagan síos, mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. 

(22)D'fhonn comhlíonadh na mbeart a leagtar síos sa Rialachán seo a áirithiú, ba cheart bearta rialaithe sonracha a ghlacadh sa bhreis ar na bearta sin dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle 43 .

(23)I bhfianaise gurb iomaí sin soitheach beag a dhéanann turais ghearra iascaireachta sa Mhuir Thuaidh, ba cheart úsáid an réamhfhógra faoi mar a iarrtar in Airteagal 17 de Rialachán (CE) 1224/2009 a shíneadh chun gach soitheach dar fad foriomlán ocht méadar nó níos mó a chumhdach, agus ba cheart na réamhfhógraí sin a chur isteach uair an chloig ar a laghad roimh an am a meastar go mbainfear an calafort amach. Ach i bhfianaise na héifeachta a bhíonn ag turais iascaireachta nach ngabhann ach méideanna anbheag éisc ar na stoic lena mbaineann agus ualach riaracháin na réamhfhógraí a bhaineann leo sin, is iomchuí tairseach a leagan síos do na réamhfhógraí sin.

(24)Ar an gcuma chéanna, ní mór an úsáid atá le baint as an logleabhar iascaireachta faoi mar a iarrtar in Airteagal 14 de Rialachán (CE) 1224/2009 a leathadh amach chun soithí dar fad foriomlán ocht méadar nó níos mó ar fad a chumhdach.

(25)Ba cheart tairseacha a leagan síos i gcomhair na stoc grinnill sin a bhfuil ceangal ar shoitheach iascaireachta iad a thabhairt i dtír i gcalafort ainmnithe nó in áit atá i ngar don chladach, i gcomhréir le hAirteagal 43 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009. Ina theannta sin, nuair atáthar ag ainmniú na gcalafort nó na náiteanna sin atá i ngar don chladach, ba cheart do na Ballstáit na critéir dá bhforáiltear in Airteagal 43(5) den Rialachán sin a chur i bhfeidhm ar mhodh lena náiritheofar rialú éifeachtach na stoc a chumhdaítear faoin Rialachán seo.

(26)I gcomhréir le hAirteagal 10(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ba cheart forálacha a bhunú le go ndéanfaí an Coimisiún measúnú tréimhsiúil ar leordhóthanacht agus éifeachtúlacht chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ba cheart an measúnú sin a dhéanamh ina dhiaidh sin agus a bheith bunaithe ar mheastóireacht thréimhsiúil an phlean, bunaithe ar chomhairle eolaíoch: ba cheart an plean a mheasúnú gach cúig bliana. Is féidir, de bhíthin na tréimhse ama sin, an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a chur i bhfeidhm go hiomlán, agus bearta réigiúnacha a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm, agus an tionchar ar na stoic agus ar an iascach a léiriú. Is é sin an íostréimhse is gá dar leis na comhlachtaí eolaíocha freisin.

(27)Chun teacht chun oiriúna leis an dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch ar bhealach prap agus comhréireach agus chun solúbthacht a áirithiú agus chun ligean do bhearta áirithe forbairt, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an Rialachán seo a fhorlíonadh i ndáil le bearta ceartaitheacha agus le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír. Is den tábhacht, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna le saineolaithe na mBallstát, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(28)Is iomchuí Rialachán (CE) Uimh. 1342/2008 agus Rialachán (CE) Uimh. 676/2007 a aisghairm.

(29)I gcomhréir le hAirteagal 9(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, rinneadh measúnú ar thionchar geilleagrach agus sóisialta dóchúil an phlean sular dréachtaíodh é.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I
ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1. Bunaítear, leis an Rialachán seo, plean ilbhliantúil (''plean'') i dtaca le stoic ghrinnill sna huiscí sin de chuid an Aontais ina bhfuil muircheantair CITM IIa, IIIa agus IV (''An Mhuir Thuaidh'') agus i dtaca leis na hiascaigh ina saothraítear na stoic sin.

2. D’ainneoin mhír 1, beidh feidhm ag Airteagail 4, 5, 6 agus 8 i dtaca leis na limistéir stoic a bhaineann le stoic atá i nGrúpaí 1 go 4 mar a shainmhínítear in Airteagal 2.

Airteagal 2 

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, i dteannta na sainmhínithe a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus in Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 850/98 ón gComhairle, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) ciallaíonn ''stoic ghrinnill'' na speicis sin d'iasc iomlán agus d'iasc leathógach, mar aon le gliomach na hIorua, a mhaireann ar ghrinneall an cholúin uisce nó i ngar dó.

(2) "Grúpa 1": ciallaíonn seo stoic ghrinnill dár bunaíodh spriocanna mar raonta FUTI agus mar choimircí arna gceangal le bithmhais, sa phlean seo mar seo a leanas:

(a)Trosc (Gadus morhua) i bhFolimistéar IV agus i Muircheantair VIId agus IIIa Thiar (An Mhuir Thuaidh, Muir nIocht, Skagerrak), dá ngairtear trosc Mara Thuaidh anseo feasta;

(b)Cadóg (Melanogrammus aeglefinus) i bhFolimistéar IV agus Muircheantair VIa agus IIIa Thiar (An Mhuir Thuaidh, muir thiar na hAlban, Skagerrak) dá ngairtear cadóg anseo feasta;

(c)Plás (Pleuronectes platessa) i bhFolimistéar IV (An Mhuir Thuaidh) agus Muircheantar IIIa (Skagerrak), dá ngairtear leathóg Mara Thuaidh anseo feasta;

(d)Glasán (Pollachius virens) i bhFolimistéir IV agus VI agus Muircheantar IIIa (An Mhuir Thuaidh, Rocal agus muir thiar na hAlban, Skagerrak agus Kattegat), dá ngairtear glasán anseo feasta;

(e)Sól (Solea solea) i bhFolimistéar IV (An Mhuir Thuaidh), dá ngairtear sól Mara Thuaidh anseo feasta;

(f)Sól (Solea solea) i Muircheantar IIIa agus i bhFolimistéir 22–24 (Skagerrak agus Kattegat, Muir Bhailt Thiar), dá ngairtear sól Kattegat anseo feasta;

(g)Faoitín (Merlangius merlangus) i bhFolimistéar IV agus i Muircheantar VIId (An Mhuir Thuaidh, Oirthear Mara Iocht), dá ngairtear faoitín Mara Thuaidh anseo feasta.

(3)    Ciallaíonn ''Grúpa 2'' aonaid fheidhmiúla (AF) sin ghliomach na hIorua (Nephrops norvegicus) dá mbunaítear sa phlean seo spriocanna mar raonta FUTI agus mar choimircí arna gceangal leis an bhflúirse, mar seo a leanas:

(i)Nephrops i Muircheantar IIIa (AF 3-4); 

(ii)Nephrops i bhFolimistéar IV (An Mhuir Thuaidh) de réir AF:

-Nephrops in Farn Deeps (AF 6);

-Nephrops in Fladen Ground (AF 7);

-Nephrops i Linne Foirthe (AF 8);

-Nephrops i Linne Mhoireibh (AF 9).

(4) Ciallaíonn ''Grúpa 3'' stoic ghrinnill atá faoi réir teorainneacha gabhála seachas iad siúd a liostaítear i nGrúpa 1 sa Mhuir Thuaidh.

(5) Ciallaíonn ''Grúpa 4'' na haonaid fheidhmiúla agus dronuilleoga staidrimh sin a bhaineann le gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus) lasmuigh de na haonaid fheidhmiúla i muircheantair CITM IIa agus Folimistéar IV faoi réir teorainneacha gabhála, teorainneacha nach liostaítear i nGrúpa 2.

(6)Ciallaíonn ''Grúpa 5'' stoic ghrinnill nach bhfuil faoi réir teorainneacha gabhála sa Muir Thuaidh.

(7)Ciallaíonn ''Grúpa 6'' speicis a bhfuil lánchosc iascaireachta ina leith agus a shainaithnítear mar sin i ngníomh dlí de chuid an Aontais a glacadh i réimse CBI na Mara Thuaidh.

(8) Ciallaíonn ''Grúpa 7'' stoic ghrinnill dár bunaíodh, i reachtaíocht an Aontais seachas sa Rialachán seo, spriocanna mar raonta FUTI agus mar choimircí arna gceangal le bithmhais.

(9) ciallaíonn "an ghabháil iomlán is incheadaithe" (TAC) líon gach stoic ar ceadmhach a ghabháil in imeacht bliana.

(10) Ciallaíonn "UTI Bspreagphointe" an pointe tagartha bithmhaise stoc sceite is ísle ar faoina bhun ba cheart gur thrúig le gníomhaíocht shonrach agus iomchuí bainistíochta d'fhonn a áirithiú go dtugann na rátaí saothraithe i dteannta athruithe nádúrtha na stoic go leibhéal is airde ná na leibhéil sin arb acmhainn dóibh an uastáirgeacht inbhuanaithe a tháirgeadh san fhadtéarma.

CAIBIDIL II
CUSPÓIRÍ

Airteagal 3

Cuspóirí

1. Beidh an plean ina chuidiú le cuspóirí an chomhbheartais iascaigh a liostaítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a bhaint amach, go háirithe tríd an gcur chuige réamhchúraim a chur i bhfeidhm i leith bainistiú iascaigh, agus é d'aidhm aige a áirithiú go ndéanfaidh saothrú bheo-acmhainní bitheolaíocha na mara líon na speiceas atá á saothrú a athbhunú agus a choinneáil ar bun ag leibhéil lenar féidir an uastáirgeacht inbhuanaithe a bhaint amach.

2. Cuideoidh an plean le deireadh a chur le haischur i bhfarraige, trí ghabhálacha neamhbheartaithe a sheachaint agus a laghdú, a mhéid is féidir; cuideoidh sé freisin le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a bunaíodh in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 i gcás na stoc atá faoi réir teorainneacha gabhála a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

3. Cuirfidh an plean cur chuige chun feidhme i dtaca le bainistiú iascaigh, a bheidh bunaithe ar éiceachórais, chun a áirithiú go ndéanfar tionchair dhiúltacha gníomhaíochtaí iascaireachta ar éiceachóras na mara a laghdú oiread agus is féidir. Beidh sé i gcomhréir le reachtaíocht chomhshaoil an Aontais, go háirithe maidir leis an gcuspóir dea-stádas comhshaoil a bhaint amach faoi 2020 mar a leagtar amach in Airteagal 1(1) de Threoir 2008/56/CE.

4. Go háirithe, beidh sé d'aidhm ag an bplean:

(a)a áirithiú go gcomhlíonfar na coinníollacha a thuairiscítear i dtuairisceoir 3 atá in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/56/CE; agus

(b)cuidiú le comhlíonadh na dtuairisceoirí ábhartha eile atá in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/56.CE i gcomhréir leis an ról atá ag an iascach ina gcomhlíonadh.

CAIBIDIL III
SPRIOCANNA

Airteagal 4

Spriocanna do Ghrúpa 1 agus do Ghrúpa 2

1. Bainfear amach, a luaithe is féidir, an spriocbhásmhaireacht iascaireachta – bainfear amach í ar bhonn forchéimneach incriminteach faoi 2020 do stoic na nGrúpaí 1 agus 2 – agus coinneofar ar bun í uaidh sin amach laistigh de na raonta a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

2. I gcomhréir le hAirteagal 16(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, beidh deiseanna iascaireachta i gcomhréir leis na spriocraonta básmhaireachta iascaireachta a leagtar amach in Iarscríbhinn I, Colún A, a ghabhann leis an Rialachán seo.

3. D'ainneoin mhír 1 agus mhír 2, féadfar deiseanna iascaireachta a shocrú ar leibhéil a chomhfhreagraíonn do leibhéil bhásmhaireachta iascaireachta is ísle ná iad siúd a leagtar amach in Iarscríbhinn I, colún A.

4. D'ainneoin mhír 2 agus mhír 3, féadfar deiseanna iascaireachta a shocrú don stoc de réir na raonta básmhaireachta iascaireachta a leagtar amach in Iarscríbhinn I, colún B, ar choinníoll go bhfuil an stoc lena mbaineann os cionn na bpointí tagartha bithmhaise sceite íosta a leagtar amach in Iarscríbhinn II, colún A:

(a)más rud é, ar bhonn comhairle nó fianaise eolaíoch, gur gá sin chun na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 3 i dtaca leis an iascach measctha a shroicheadh;

(b)más rud é, ar bhonn comhairle nó fianaise eolaíoch, gur gá sin chun díobháil thromchúiseach a dhéanfadh dinimic stoic ionspeiceas nó idirspeiceas don stoc a sheachaint; nó

(c)chun athruithe i ndeiseanna iascaireachta ó bhliain go bliain a theorannú go leibhéal nach mó ná 20 %.

Airteagal 5

Spriocanna do Ghrúpa 3 agus do Ghrúpa 4

1. Beidh na deiseanna iascaireachta do stoic na nGrúpaí 3 agus 4 i gcomhréir leis an gcomhairle eolaíoch a bhaineann leis an uastáirgeacht inbhuanaithe.

2. I gcás nach mbeidh aon chomhairle eolaíoch ar fáil i dtaca leis an ráta básmhaireachta iascaireachta agus í i gcomhréir leis an uastáirgeacht inbhuanaithe, beidh na deiseanna iascaireachta i gcomhréir le comhairle eolaíoch chun a áirithiú go mbeidh inbhuanaitheacht na stoc i gcomhréir leis an gcur chuige réamhchúraim.

Airteagal 6

Spriocanna do Ghrúpa 5

Is de réir an chur chuige réamhchúraim, arna bhunú ar chomhairle eolaíoch, a bhainisteofar stoic Ghrúpa 5.

CAIBIDIL IV
COIMIRCÍ

Airteagal 7

Pointí tagartha caomhnúcháin do Ghrúpaí 1 agus 2

Leagtar amach in Iarscríbhinn II pointí tagartha caomhnúcháin d'fhonn acmhainn iomlán atáirgthe na stoc lena mbaineann a chosaint:

(a)    an íos-bhithmhais sceite (UTI Bspreagphointe) do stoic éisc;

(b)    an teorainnbhithmhais sceite (Bteorainn) do stoic éisc;

(c)    íosluach flúirse (Flúirsemaolánach) do ghliomach na hIorua;

(d)    teora-luach flúirse (Flúirselim) do ghliomach na hIorua.

Airteagal 8

Coimircí do Ghrúpa 1 agus do Ghrúpa 2

1. I gcás ina léiríonn comhairle eolaíoch gur ísle, i mbliain ar leith, ná an UTI Bspreagphointe an bhithmhais sceite ag aon cheann de na stoic atá i nGrúpa 1 nó gur ísle ná an Flúirsemaolánach a leagtar amach in Iarscríbhinn II, colún A, flúirse aon cheann de na haonaid fheidhmiúla i nGrúpa 2, glacfar gach beart iomchuí ceartaitheach chun a áirithiú go bhfillfidh an stoc nó an taonad feidhmiúil atá i gceist ar leibhéal is airde ná na leibhéil sin arb acmhainn dóibh an uastáirgeacht inbhuanaithe a sholáthar. Go háirithe, de mhaolú ar Airteagal 4(2) – agus an laghdú ar an mbithmhais nó ar an bhflúirse á thabhairt san áireamh – déanfar deiseanna iascaireachta a shocrú ag leibhéil a bheidh ag teacht le ráta básmhaireachta iascaigh arna laghdú faoi bhun an raoin a leagtar síos in Iarscríbhinn I, colún A.

2. I gcás ina léiríonn comhairle eolaíoch gur ísle ná Bteorainn, i mbliain ar leith, an bhithmhais sceite ag aon cheann de na stoic atá i gceist nó gur ísle ná an Flúirselim a leagtar amach in Iarscríbhinn II, colún B, a ghabhann leis an Rialachán seo, flúirse aon cheann d'aonaid fheidhmiúla ghliomach na hIorua, glacfar bearta ceartaitheacha breise d'fhonn a áirithiú go bhfillfidh an stoc nó an taonad feidhmiúil atá i gceist ar leibhéal is airde ná na leibhéil sin arb acmhainn dóibh an uastáirgeacht inbhuanaithe a sholáthar. Go háirithe, áireofar leis na bearta ceartaitheacha sin, de mhaolú ar mhír 2 agus ar mhír 4 d'Airteagal 4, spriociascaireacht an stoic atá i gceist a chur ar fionraí agus deiseanna iascaireachta a laghdú go leordhóthanach.

Airteagal 9

Bearta caomhnúcháin ar leith do Ghrúpaí 3 go 7

I gcás ina léiríonn comhairle eolaíoch gur gá gníomhaíocht cheartaitheach chun aon cheann de na stoic ghrinnill atá sna Grúpaí 3 go 7 a chaomhnú, nó i gcás inar ísle ná na pointí tagartha caomhnúcháin a leagtar amach in Iarscríbhinn II, colún B, a ghabhann leis an Rialachán seo, an bhithmhais sceite atá ag aon cheann de na stoic atá i nGrúpa 1 nó flúirse aon cheann de na haonaid fheidhmiúla atá i nGrúpa 2, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 18 den Rialachán seo agus i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, i dtaca le:

(a)saintréithe trealaimh iascaireachta, go háirithe méid mogall, méid duáin, déanamh an trealaimh, tiús sreinge, méid an trealaimh nó úsáid feistí roghnaíochta, chun roghnaíocht a áirithiú nó a fheabhsú;

(b)úsáid trealaimh iascaireachta, go háirithe an tachar a mbeidh sé ar maos, an doimhneacht ag a núsáidfear é, chun an roghnaíocht a áirithiú nó a fheabhsú;

(c)toirmeasc nó teorainn ar iascaireacht i limistéir shonracha chun cosaint a thabhairt d'éisc sceite agus d'éisc óga, d'éisc atá faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnúcháin nó do speicis nach spriocspeicis iad;

(d)toirmeasc nó teorannú ar iascaireacht nó úsáid cineálacha áirithe trealaimh iascaireachta i rith tréimhsí ama áirithe, chun iasc sceite nó iasc faoin íosmhéid tagartha caomhnaithe nó iasc nach spriocspeicis a chosaint;

(e)íosmhéideanna tagartha caomhnúcháin ar aidhm dóibh cosaint a áirithiú do na hóg-orgánaigh mhuirí.

(f)saintréithe eile a bhaineann leis an roghnaíocht.

Airteagal 10

An ghabháil iomlán is incheadaithe

1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh comhdhéanamh na gcuótaí (de réir speiceas) a bheidh ar fáil do shoithí iascaireachta a bhíonn ag saothrú in iascaigh mheasctha ag teacht le comhdhéanamh dóchúil na ngabhálacha a dhéanfaidh na soithí sin.

2. Gan dochar d'Airteagal 8, ríomhfar TAC an stoic sin de ghliomach na hIorua atá i muircheantair CITM IIa agus IV mar líon na dteorainneacha gabhála atá ag na haonaid fheidhmiúla arna suimiú leis na dronnuilleoga staidrimh sin atá lasmuigh de na haonaid fheidhmiúla.

CAIBIDIL V
FORÁLACHA ATÁ NASCTHA LEIS AN OIBLEAGÁÍD GABHÁLACHA A THABHAIRT I dTÍR

Airteagal 11

Forálacha a nasctar leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír do Ghrúpaí 1 go 7

Maidir le stoic ghrinnill atá i nGrúpaí 1 go 7, tugtar de chead don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 18 den Rialachán seo agus i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, i dtaca le:

(a)díolúintí ó chur i bhfeidhm na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír maidir le speicis a léiríonn fianaise eolaíoch rátaí arda marthanais a bheith acu, agus saintréithe an trealaimh, na gcleachtas iascaireachta agus an éiceachórais á gcur san áireamh, chun go néascófar cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír; agus

(b)díolúintí de minimis chun cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a éascú; forálfar díolúintí de minimis den sórt sin i gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 15(5)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, agus i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach ansiúd;

(c)forálacha sonracha maidir le gabhálacha a dhoiciméadú, go háirithe chun críocha faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír; agus

(d)íosmhéideanna tagartha caomhnúcháin a shocrú ar aidhm dóibh cosaint a áirithiú do na hóg-orgánaigh mhuirí.

CAIBIDIL VI
RÉIGIÚNÚ

Airteagal 12

An comhar réigiúnach

1. Beidh feidhm ag Airteagal 18(1) go (6) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir leis na bearta dá dtagraítear in Airteagal 8 agus Airteagal 10 den Rialachán seo.

2. Chun críche mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit sin ag a bhfuil leas díreach bainistíochta moltaí comhpháirteacha a thíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 18(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 den chéad uair tráth nach déanaí ná dhá mhí dhéag tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm agus ina dhiaidh sin, dhá mhí dhéag tar éis gach meastóireacht ar an bplean a chuirfear isteach i gcomhréir le hAirteagal 17. Féadfaidh siad na moltaí sin a thíolacadh freisin nuair a mheasfaidh na Ballstáit lena mbaineann gur gá sin, go háirithe i gcás athrú tobann ar staid aon cheann de na stoic a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leis. Ní mór gach moladh comhpháirteach i ndáil leis na bearta a bhaineann le bliain féilire ar leith a thíolacadh tráth nach déanaí ná an 1 Iúil, an bhliain roimhe sin.

3. Beidh na cumhachtuithe a dheonaítear in Airteagal 9 agus Airteagal 11 den Rialachán seo gan dochar do na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún faoi fhorálacha eile de dhlí an Aontais, lena náirítear i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

CAIBIDIL VII
BEARTA RIALAITHE

Airteagal 13

An gaol le Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009

Beidh feidhm leis na bearta rialaithe dá bhforáiltear sa Chaibidil seo mar aon leo sin dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 i dtaca le stoic ghrinnill atá sna Grúpaí 1-7, seachas i gcás ina bhforáiltear dá mhalairt sa Chaibidil seo.

Airteagal 14

Réamhfhógraí

1. De mhaolú ar Airteagal 17(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, tabharfar an réamhfhógra dá dtagraítear san Airteagal uair an chloig ar a laghad roimh an am a meastar go mbainfear an calafort amach. Beidh sé de chead ag údaráis inniúla na mBallstát cósta cead a thabhairt, ar bhonn cás ar chás, teacht i dtír níos luaithe ná sin sa chalafort.

2. I dteannta na hoibleagáide an réamhfhógra a thabhairt, a leagtar síos in Airteagal 17(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1224/2009, cuirfidh máistrí shoithí uile an Aontais ar idir ocht méadar agus dhá mhéadar déag fad foriomlán an tsoithigh acu in iúl d'údaráis inniúla na mBallstát cósta, uair an chloig ar a laghad sula meastar go mbainfear an calafort amach, an teolas sin a liostaítear i bpointí (a) go (f) in Airteagal 17(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1224/2009 i gcás go gcoimeádfaidh siad ar bord aon cheann de na méideanna éisc seo a leanas:

(a)Grúpa 1: 1000 kg; agus/nó

(b)Grúpaí 2 agus 4: 500 kg; agus/nó

(c)Grúpa 3: 1000 kg; agus/nó

(d)Grúpa 7: 1000 kg.

Airteagal 15 
Ceanglais logleabhair do Ghrúpaí 1 go 7

De mhaolú ar Airteagal 14(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, máistrí shoithí uile an Aontais ar ocht méadar níos mó is fad foriomlán don soitheach acu agus a bhíonn ag gabháil d’iascaireacht ar stoic ghrinnill, coinneoidh siad logleabhar dá gcuid oibríochtaí i gcomhréir le hAirteagal 14 den Rialachán sin.

Airteagal 16

Calafoirt ainmnithe do Ghrúpaí 1, 2, 3, 4 agus 7

Seo a leanas an tairseach is infheidhme maidir le beomheáchan na speiceas atá faoi réir an phlean ilbhliantúil, agus ar os a cionn nach mór do shoitheach iascaireachta a gabhálacha a thabhairt i dtír i gcalafort ainmnithe nó in áit atá i ngar don chladach mar atá leagtha amach in Airteagal 43 de Rialachán (CE) 1224/2009:

(a)Grúpa 1: 2 thona;

(b)Grúpaí 2 agus 4: 1 tona;

(c)Grúpa 3: 2 thona;

(d)Grúpa 7: 2 thona.

CAIBIDIL VIII
OBAIR LEANTACH

Airteagal 17

Meastóireacht ar an bplean

Tráth nach déanaí ná cúig bhliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus gach cúig bhliana ina dhiaidh sin, áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar meastóireacht ar thionchar an phlean ar na stoic sin a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo ina leith agus ar na hiascaigh a saothraíonn na stoic sin. Cuirfidh an Coimisiún torthaí na meastóireachtaí sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle.

CAIBIDIL IX
FORÁLACHA NÓS IMEACHTA

Airteagal 18

An tarmligean a fheidhmiú

1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2. Déanfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 9 agus Airteagal 11 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ón dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a ullmhú maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a shíneadh go hintuigthe ar feadh tréimhsí comhfhaid mura gcuirfidh Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle in aghaidh an tsínithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 9 agus Airteagal 11 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh Cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4. Sula ndéanfaidh sé gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016 44 .

5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 9 agus Airteagal 11 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid ina choinne. Déanfar fad dhá mhí a chur leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

CAIBIDIL X
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 19

Aisghairmeacha

1. Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1342/2008 agus Rialachán (CE) Uimh. 676/2007.

2. Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 20

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)

   IO L 354, 28.12.2013, lch. 22.

(2)

   IO L 348, 24.12.2008, lch 20

(3)

   IO L 157, 19.6.2007, lch 1

(4) xxx
(5)

    Meastóireacht a dhéanamh ar phleananna ilbhliantúla le haghaidh trosc i Muir Éireann, Kattegat, sa Mhuir Thuaidh agus i muir thiar na hAlban (STECF-11-07)

(6) Tuarascáil ar Mheastóireacht/ullmhúchán a dhéanamh ar phleananna bainistíochta: Meastóireacht an phlean ilbhliantúil bainistíochta le haghaidh stoic leathóg agus sól sa Mhuir Thuaidh (STECF-14-03).
(7)

   IO L 125, 27.4.1998, lch 1

(8) COM/2016/ 0134 final - 2016/074 (COD)
(9)

   IO L 22, 28.1.2016, lch 1

(10) IO L 343, 22.12.2009, lch. 1
(11) http://www.nsrac.org
(12) http://ec.europa.eu/fisheries/documentation/publications/cfp_factsheets/racs_en.pdf  
(13) Roinntear an tAtlantach Thoir Thuaidh (i measc limistéir farraige eile) ina dronuilleoga staitisticiúla. Déanann CITM teaglamaí éagsúla de na dronuilleoga sin a theaglamú chun limistéir dhifriúla, fo-limistéir, ranna agus fo-ranna a chruthú. Úsáidtear teaglamaí éagsúla de na "limistéir" CITM sin chun stoic éisc a shainiú sa limistéar CITM.
(14) Ceardlann ullmhúcháin maidir le bainistiú iascach measctha le haghaidh na Mara Thuaidh, an Bhruiséil, 27.02.2014. Forléargas. Tag. Ares (2015) 2301118-02/06/2015.
(15) An dara ceardlann ullmhúcháin: iascaigh mheasctha a bhainistiú maidir le stoic ghrinnill sa Mhuir Thuaidh. Forléargas ar an gcomhphlé. Tag. Ares (2015) 2300556-02/06/2015.
(16) http://ec.europa.eu/dgs/maritimeaffairs_fisheries/consultations/north-sea-multiannual/index_en.htm
(17) Cinneadh ón gCoimisiún an 26 Lúnasa 2005 lena mbunaítear Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (2005/629/CE).  
(18) http://www.ices.dk/explore-us/what-we-do/Pages/default.aspx
(19) Tionchair eacnamaíocha agus sóisialta pleananna ilbhliantúla le haghaidh leathóg agus sól sa Mhuir Thuaidh, Tuarascáil Chríochnaitheach maidir le hÉisc/2006/09
(20) Tuarascáil an Fhoghrúpa ar Chuspóirí agus Straitéisí Bainistíochta (SGMOS 10-06). Cuid b) Measúnú tionchair maidir leis an bplean ilbhliantúil le haghaidh stoic leathóg agus sól sa Mhuir Thuaidh.
(21) Tuarascáil ar Ullmhúchán a dhéanamh le haghaidh Measúnuithe Tionchair maidir le trosc i Muir Bhailt agus Meastóireacht ar Throsc in Kattegat, an Mhuir Thuaidh, Muir thiar na hAlban agus Muir Éireann (STECF-11-02).
(22) http://www.europarl.europa.eu/meetdocs/2009_2014/documents/pech/dv/taskfor/taskforce.pdf
(23) Tuarascáil ar Mheastóireacht/ullmhúchán a dhéanamh ar phleananna bainistíochta: Meastóireacht an phlean ilbhliantúil bainistíochta le haghaidh stoic leathóg agus sól sa Mhuir Thuaidh (STECF-14-03).
(24) http://ec.europa.eu/fisheries/reform/impact_assessments_en.htm
(25) Tuarascáil ar an 45ú Cruinniú Iomlánach den Choiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch le haghaidh Iascach (PLEN-14-01).
(26) http://www.europarl.europa.eu/RegData/etudes/etudes/join/2014/529053/IPOL-PECH_ET(2015)540360_EN.pdf
(27) http://ec.europa.eu/fisheries/documentation/studies/socio_economic_dimension/index_en.htm
(28) http://www.socioec.eu/images/SOCIOEC/Media_Centre/Deliverables/SOCIOEC%20Deliverable%  206%208%20Management%20Measures%20North%20Sea%2026%2003%202012.pdf
(29) MRAG et al. (2014) . Staidéar chun tacú le creat nua beartas teicniúil caomhnaithe a fhorbairt laistigh de CBI athchóirithe. Baisc 2: meastóireacht shiarghabhálach agus ionchasach ar an gComhbheartas Iascaigh, gan an ghné idirnáisiúnta a chur san áireamh. An Bhruiséil. 265 lch.
(30) http://www.europarl.europa.eu/RegData/etudes/etudes/join/2014/529053/IPOL-PECH_ET(2014)529053_EN.pdf
(31) http://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/830996/2014-11_STECF+14-19+-+Landing+Obligations+-+part+4_JRC93045.pdf
(32) http://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/364146/2012-07_STECF+12-14+-+Management+plans+II+-+area+definitions_JRC73150.pdf
(33) http://www.myfishproject.eu/project-myfish/deliverables
(34)

    'Poseidon' - Bainistíocht Acmhainní Uisceacha, Staidéar ar Bhaisc 2. An taithí riaracháin ó thaobh bhainistíocht na hiarrachta de maidir leis an Atlantach Thoir Thuaidh (Nollaig 2010) .

(35)

   IO C […], […], lch. […].

(36) Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22)
(37) Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíochtaí Comhphobail i réimse na mbeartas comhshaoil muirí (An Treoir Réime um Straitéis Mhuirí) (IO L 164, 25.6.2008, lch. 19)
(38) Rialachán (CE) Uimh. 1342/2008 ón gComhairle an 18 Nollaig 2008 lena mbunaítear plean fadtéarmach don stoc trosc agus do na hiascaigh siúd a shaothraíonn an stoc sin agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 423/2004 (OI L 348, 24.12.2008, lch. 20).
(39) Rialachán (CE) 676/2007 ón gComhairle an 11 Meitheamh 2007 lena mbunaítear plean ilbhliantúil d'iascaigh a shaothraíonn stoic leathóg agus sól sa Mhuir Thuaidh (IO L 157, 19.6.2007, lch. 1) .
(40)

    Iarrann an tAontas Eorpach ar CITM raonta FUTI a sholáthar i dtaca le rogha de stoic na Mara Thuaidh agus Mhuir Bhailt

(41) Comhthéacs ginearálta na comhairle ón CITM, Iúil 2015.
(42) Plean Bainistíochta fadtéarmach maidir le Nephrops sa Mhuir Thuaidh
(43) Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail d'fhonn comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1).
(44) Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le reachtóireacht níos fearr.
Top

An Bhruiséil,3.8.2016

COM(2016) 493 final

IARSCRÍBHINNÍ

[…]

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na stoic ghrinnill sa Mhuir Thuaidh agus don iascach a shaothraíonn na stoic sin, lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 676/2007 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1342/2008 ón gComhairle

{SWD(2016) 267 final}
{SWD(2016) 272 final}


IARSCRÍBHINNÍ

[…]

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na stoic ghrinnill sa Mhuir Thuaidh agus don iascach a shaothraíonn na stoic sin, lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 676/2007 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1342/2008 ón gComhairle

IARSCRÍBHINN I

Spriocbhásmhaireacht iascaireachta

(dá dtagraítear in Airteagal 4)

1. Grúpa 1

Stoc

Spriocraon básmhaireachta iascaireachta i gcomhréir le huastáirgeacht inbhuanaithe a shroicheadh (FUTI)

Colún A

Colún B

Trosc sa Mhuir Thuaidh

0.22 – 0.33

0.33 – 0.49

Cadóg

0.25 – 0.37

0.37 – 0.52

Leathóg sa Mhuir Thuaidh

0.13 – 0.19

0.19 – 0.27

Liúdar

0.20 – 0.32

0.32 – 0.43

Sól sa Mhuir Thuaidh

0.11 – 0.20

0.20 – 0.37

Sól Kattegat

0.19 – 0.22

0.22 – 0.26

Faoitín sa Mhuir Thuaidh

Gan sainiú

Gan sainiú

2. Grúpa 2

Aonad feidhmiúil (AF) ghliomach na hIorua

Spriocraon básmhaireachta iascaireachta i gcomhréir le huastáirgeacht inbhuanaithe a shroicheadh (FUTI) (mar ráta saothraithe)

Colún A

Colún B

Muircheantar IIIa AF 3 agus 4

0.056 – 0.079

0.079 – 0.079

Farn Deeps AF 6

0.07 – 0.081

0.081 – 0.081

Fladen Ground AF 7

0.066 – 0.075

0.075 – 0.075

Linne Foirthe AF 8

0.106 – 0.163

0.163 – 0.163

Linne Mhoireibh AF 9

0.091 – 0.118

0.118 – 0.118

IARSCRÍBHINN II

Pointí tagartha caomhnúcháin

(dá dtagraítear in Airteagal 7)

1. Grúpa 1

Stoc

Pointe tagartha íosta do bhithmhais stoic sceite (i dtonaí) (UTI Bspreagphointe)

Pointe tagartha don teorainn bhithmhais (i dtonaí) (Bteorainn)

Trosc sa Mhuir Thuaidh

165 000

118 000

Cadóg

88 000

63 000

Leathóg sa Mhuir Thuaidh

230 000

160 000

Liúdar

200 000

106 000

Sól sa Mhuir Thuaidh

37 000

26 300

Sól Kattegat

2 600

1 850

Faoitín sa Mhuir Thuaidh

Gan sainiú

Gan sainiú

2. Grúpa 2

Aonad feidhmiúil ghliomach na hIorua

Pointe tagartha don íosluach flúirse (i milliún) (Flúirsemaolánach)

Pointe tagartha don teorainn flúirse (i milliún) (Flúirseteorainn)

Muircheantar IIIa AF 3 agus 4

neamhbhainteach

neamhbhainteach

Farn Deeps AF 6

999

858

Fladen Ground AF 7

3583

2767

Linne Foirthe AF 8

362

292

Linne Mhoireibh AF 9

262

262

Top